4.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 32/16


CINNEADH (AE) 2020/144 ÓN GCOMHAIRLE

an 3 Feabhra 2020

lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 300(3) agus Airteagal 305 de,

Ag féachaint don Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint do na tograí arna ndéanamh ag Rialtais na Spáinne agus na Fionlainne,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 300(3) den Chonradh gur cheart Coiste na Réigiún a bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 305 den Chonradh go ndéanfadh an Chomhairle comhaltaí Choiste na Réigiún mar aon lena chomhlíon de mhalartaigh a cheapadh go ceann téarma cúig bliana i gcomhréir leis na tograí arna ndéanamh ag gach Ballstát.

(3)

Ós rud é go ndeachaigh téarma oifige chomhaltaí agus chomhaltaí malartacha Choiste na Réigiún in éag ar an 25 Eanáir 2020, ba cheart comhaltaí nua agus comhaltaí malartacha nua a cheapadh.

(4)

Ar an 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2). Leis an gCinneadh sin, ceapadh, don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025, na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha a mhol Rialtais Phoblacht na Seice, na Danmhairge, na hEastóine, na Cipire, na Laitvia, Lucsamburg, na hÍsiltíre, na hOstaire, na Rómáine, na Slóivéine, na Slóvaice agus na Sualainne. Ceapadh le Cinneadh (AE) 2019/2157 chomh maith agus don tréimhse chéanna, triúr comhaltaí arna moladh ag Rialtas na Beilge, 21 chomhalta agus 20 comhalta malartach arna moladh ag Rialtas na Gearmáine, ochtar comhaltaí agus ochtar comhaltaí malartacha arna moladh ag Rialtas na hÉireann, 16 chomhalta agus 16 chomhalta mhalartach arna moladh ag Rialtas na Spáinne, ochtar comhaltaí agus ochtar comhaltaí malartacha arna moladh ag Rialtas na hÉireann, 10 gcomhalta agus 14 chomhalta mhalartach arna moladh ag Rialtas na hIodáile, ceathrar comhaltaí agus ceathrar comhaltaí malartacha arna moladh ag Rialtas Mhálta agus ochtar comhaltaí agus ochtar comhaltaí malartacha arna moladh ag Rialtas na Fionlainne. Níorbh fhéidir comhaltaí agus comhaltaí malartacha nach bhfuair an Chomhairle aon togra ina leith óna mBallstát faoin 15 Samhain 2019 a áireamh i gCinneadh (AE) 2019/2157.

(5)

Ar an 20 Eanáir 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/102 (3). Leis an gCinneadh sin ceapadh, don tréimhse chéanna, ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025, na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha a mhol Rialtais na Gréige, na Fraince, na Cróite, na Liotuáine, na hUngáire agus na Portaingéile, mar aon le ceathrar chomhalta agus ceathrar chomhalta mhalartacha a mhol Rialtas na Beilge, comhalta amháin a mhol Rialtas na Bulgáire, comhalta amháin agus comhalta malartach amháin a mhol Rialtas na hÉireann, comhalta amháin agus comhalta malartach amháin a mhol Rialtas na Spáinne, 14 chomhalta agus 10 gcomhalta mhalartacha a mhol Rialtas na hIodáile, agus 21 chomhalta agus 20 comhalta malartach a mhol Rialtas na Polainne. Níorbh fhéidir comhaltaí agus comhaltaí malartacha nach bhfuair an Comhairle aon togra ina leith óna Bhallstát faoin 20 Nollaig 2019 a áireamh i gCinneadh (AE) 2020/102.

(6)

Mhol an Spáinn agus an Fhionlainn a n‐iarrthóirí ar shuíocháin a gcomhaltaí agus a gcomhaltaí malartacha a bhí fágtha. Ba cheart go gceapfaí na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha sin don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an gCinneadh seo ón 26 Eanáir 2020.

(7)

Is ag céim níos déanaí a cheapfar na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha eile sin nach bhfuil aon togra ina leith faighte ag an gComhairle go fóill,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déantar na daoine a leanas, leis seo, a cheapadh ar Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025:

mar chomhaltaí, na daoine a liostaítear de réir Ballstáit in Iarscríbhinn I;

mar chomhaltaí malartacha, na daoine a liostaítear de réir Ballstáit in Iarscríbhinn II.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón 26 Eanáir 2020.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Feabhra 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.

(2)  Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).

(3)  Cinneadh (AE) 2020/102 ón gComhairle an 20 Eanáir 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 20, 24.1.2020, lch. 2).


IARSCRÍBHINN I

ПРИЛОЖЕНИЕ I - ANEXO I - PŘÍLOHA I - BILAG I - ANHANG I - I LISA - ΠΑΡΑΡΤΗΜΑ Ι - ANNEX I - ANNEXE I - PRILOG I - ALLEGATO I - I PIELIKUMS - I PRIEDAS - I. MELLÉKLET - ANNESS I - BIJLAGE I - ZAŁĄCZNIK I - ANEXO I - ANEXA I - PRÍLOHA I - PRILOGA I - LIITE I - BILAGA I

Членове/Miembros/Členové/Medlemmer/Mitglieder/Liikmed/Μέλη/ Members/Membres/Članovi/Membri/Locekļi/Nariai/Tagok/Membri/Leden/ Członkowie/Membros/Membri/Členovia/Člani/Jäsenet/Ledamöter

ESPAÑA

Mr Jorge Antonio AZCÓN NAVARRO

Member of a Local Executive: Ayuntamiento de Zaragoza

Mr Abel Ramón CABALLERO ÁLVAREZ

Member of a Local Executive: Ayuntamiento de Vigo (Pontevedra)

Mr Juan ESPADAS CEJAS

Member of a Local Executive: Ayuntamiento de Sevilla

Mr José María GARCÍA URBANO

Member of a Local Executive: Ayuntamiento de Estepona (Málaga)

SUOMI

Mr Bert HÄGGBLOM

Member of a Regional Assembly: the Parliament of Åland


IARSCRÍBHINN II

ПРИЛОЖЕНИЕ II - ANEXO II - PŘÍLOHA II - BILAG II - ANHANG II - II LISA - ΠΑΡΑΡΤΗΜΑ ΙΙ - ANNEX II - ANNEXE II - PRILOG II - ALLEGATO II - II PIELIKUMS - II PRIEDAS - II. MELLÉKLET - ANNESS II - BIJLAGE II - ZAŁĄCZNIK II - ANEXO II - ANEXA II - PRÍLOHA II - PRILOGA II - LIITE II - BILAGA II

Заместник-членове/Suplentes/Náhradníci/Suppleanter/Stellvertreter/Asendusliikmed/ Αναπληρωτές/Alternate members/Suppléants/Zamjenici članova/Supplenti/Aizstājēji/ Pakaitiniai nariai/Póttagok/Membri Supplenti/Plaatsvervangers/Zastępcy członków/ Suplentes/Supleanți/Náhradníci/Nadomestni člani/Varajäsenet/Suppleanter

ESPAÑA

Mr José Francisco BALLESTA GERMÁN

Member of a Local Executive: Ayuntamiento de Murcia

Mr Manuel GARCÍA FÉLIX

Member of a Local Executive: Ayuntamiento de La Palma del Condado (Huelva)

Mr Carlos MARTÍNEZ MÍNGUEZ

Member of a Local Executive: Ayuntamiento de Soria

Ms Lidia MUÑOZ CÁCERES

Member of a Local Executive: Ayuntamiento de Sant Feliu de Llobregat (Barcelona)

SUOMI

Ms Annette BERGBO

Member of a Regional Assembly: the Parliament of Åland