28.1.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 22/55


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2020/118 ÓN GCOMHAIRLE

an 27 Eanáir 2020

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2017/1775 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2017/1775 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2017 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (1) agus go háirithe Airteagal 3 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid a leanas:

(1)

Ar an 28 Meán Fómhair 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/1775.

(2)

An 14 Eanáir 2020, leasaigh Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe arna bhunú le mír 9 de Rún 2374 (2017) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe liostálacha seachtar atá faoi réir bearta sriantacha.

(3)

Ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/1775 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/1775 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh saBhruiséil, an 27 Eanáir 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. VUČKOVIĆ.


(1)  IO L 251, 29.9.2017, lch. 23.


IARSCRÍBHINN

(1)   

San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/1775, Cuid A (“Liosta na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 1(1)”), cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 1, 3, 4, 5, 6, 7 agus 8:

“1.   AHMOUDOU AG ASRIW (ailias: a) Amadou Ag Isriw b) Ahmedou c) Ahmadou d) Isrew e) Isereoui f) Isriou

Dáta breithe: 1 Ean. 1982

Náisiúntacht: Mailí

Seoladh: a) Mailí b) Amassine, Mailí (iarsheoladh)

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 20 Noll. 2018

Faisnéis eile: Inscne: fireann. Seans gur gabhadh é sa Nígir i mí Dheireadh Fómhair 2016. Liostaithe de bhun mhír 1 go mír 3 de rún 2374 (2017) ón gComhairle Slándála (Toirmeasc Taistil). Leathanach gréasáin: https://www.youtube.com/channel/UCu2efaIUosqEu1HEBs2zJIw

Grianghraf ar fáil lena chur sa Fógra Speisialta ó INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe:

https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals click here

Faisnéis bhreise

Liostaíodh Ahmoudou Ag Asriw ar an 20 Nollaig 2018 de bhun mhír 1 agus mhír 3 de rún 2374 (2017) as dul i mbun cogaíochta de shárú ar an gComhaontú; agus gníomhú ar son nó thar ceann na ndaoine aonair agus na n‐eintiteas a shainaithnítear i bhfomhíreanna (a) agus (b) de mhír 8 de rún 2374 (2017), nó de dheasca gníomhú faoi stiúir na ndaoine aonair agus na n‐eintiteas sin nó de bharr tacaíocht a thabhairt dóibh nó iad a mhaoiniú, lena n-áirítear trí na fáltais ón gcoireacht eagraithe, lena n‐áirítear táirgeadh agus gáinneáil ar dhrugaí támhshuanacha agus a réamhtheachtaithe arna dtionscnamh dóibh i Mailí nó á n‐aistriú tríd, gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil imirceach, smuigleáil agus gáinneáil ar airm agus gáinneáil ar mhaoin chultúrtha.

Is ceannasaí sinsearach é Ahmoudou Ag Asriw ar Groupe autodéfense touareg Imghad et alliés (GATIA) agus sa cháil sin bhí sé i gceannas ar chonbhuanna drugaí i dtuaisceart Mhailí ó mhí Deireadh Fómhair 2016 ar a laghad, agus baint aige chomh maith le sáruithe ar an sos cogaidh i réigiún Kidal i mí Iúil 2017 agus i mí Aibreáin 2018.

I mí Aibreáin 2018, bhí Asriw i gceannas ar chonbhua, i dteannta comhalta de Mouvement Arabe de l'Azawad (MAA) Plateforme, a rinne gáinneáil ar cheithre thonna de roisín cannabais as Tabankort, trí Ammasine, réigiún Kidal, i dtreo na Nígire. D’ionsaigh Coordination des Mouwards de l'Azawad agus ionsaitheoirí neamhaitheanta ón Nígir an conbhua. Maraíodh triúr comhraiceoirí le linn caismirtí a tháinig ina dhiaidh.

Mar sin, de bharr na hiomaíochta ar chonbhuanna drugaí, tá Asriw i mbun cogaíochta de shárú ar Chomhaontú 2015 maidir le Síocháin agus Athmhuintearas i Mailí. Dá réir sin, is rídhócha go maoineoidh rannpháirtíocht Asriw i ngáinneáil ar dhrugaí a chuid oibríochtaí míleata, lena n‐áirítear sáruithe ar an sos comhraic.”

“3.   MOHAMED OUSMANE AG MOHAMEDOUNE (ailias: a) Ousmane Mahamadou b) Mohamed Ousmane)

Teideal: Cheikh

Dáta breithe: 16 Aib. 1972

Áit bhreithe: Mailí

Náisiúntacht: Mailí

Seoladh: Mailí

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 20 Noll. 2018

Faisnéis eile: Inscne: fireann. Cur síos fisiceach: dath na súl: donn; dath gruaige: dubh. Uimhir theileafóin: +223 60 36 01 01. Teanga/teangacha a labhraíonn sé: Araibis agus Fraincis. Comharthaí ar leith: spéaclaí. Liostaithe de bhun mhír 1 go mír 3 de rún 2374 (2017) ón gComhairle Slándála (Toirmeasc Taistil).

Grianghraf ar fáil lena chur sa Fógra Speisialta ó INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe:

https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals click here

Faisnéis bhreise

Liostaíodh Mohamed Ousmane Ag Mohamedoune ar an 20 Nollaig 2018 de bhun mhíreanna 1 agus 3 de rún 2374 (2017) mar gheall ar ghníomhaíochtaí a chuireann bac, nó a chuireann bac trí mhoill fhada ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe, nó ar bagairt iad ar a chur chun feidhme; agus trína rannpháirtíocht i bpleanáil, stiúradh, urraíocht nó ionsaithe a dhéanamh i gcoinne: (i) na heintitis éagsúla dá dtagraítear sa Chomhaontú, lena n‐áirítear institiúidí áitiúla, réigiúnacha agus stáit, patróil chomhpháirteacha agus fórsaí slándála agus cosanta Mhailí; (ii) coimeádaithe síochána MINUSMA agus pearsanra eile de chuid na Náisiún Aontaithe agus pearsanra gaolmhar, lena n‐áirítear comhaltaí den Phainéal saineolaithe; (iii) láithreachtaí slándála idirnáisiúnta, lena n‐áirítear FC-G5S, Misin an Aontais Eorpaigh agus fórsaí na Fraince.

Is é Mohamed Ousmane Ag Mohamedoune (tabhair Mohamed Ousmane air) an t‐ardrúnaí ar Coalition pour le Peuple de l'Azawad (CPA), a cruthaíodh in 2014 mar scoiltghrúpa ón Mouvement Náisiúnta de l'Azawad (MNLA). Ghlac Mohamed Ousmane ceannaireacht an CPA i mí an Mheithimh 2015 agus, ó 2016 i leith, tá roinnt bunáiteanna míleata agus pointí seiceála curtha ar bun aige i réigiún Timbeactú, go háirithe in Soumpi agus Echel.

In 2017 agus 2018, bhí baint ag ceann foirne míleata de chuid Mohamed Ousmane, agus ag dreamanna armtha eile den CPA, le hionsaithe marfacha ar fhórsaí slándála agus armtha Mhailí i gceantar Soumpi. Mhaígh Jamaat Nosrat al Islam wal Muslimin (JNIM), grúpa sceimhlitheoireachta faoi stiúir Iyad Ag Ghali agus a liostaítear ar liosta smachtbhannaí ISIL/Al-Qaida a bunaíodh agus a choimeádtar de bhun rún 1267/1989/2253 ón gComhairle Slándála, gurbh iadsan a rinne na hionsuithe.

In 2017 bhunaigh Mohamed Ousmane comhghuaillíocht níos leithne scoiltghrúpaí freisin agus ghlac ceannasaíocht orthu, an Coalition des Mouvements de l'Entente (CME). D’eagraigh Mohamed Ousmane an chéad choinbhinsiún de chuid CME in Tinaouker (réigiún Gao) ar an 30 Aibreán 2018, tráth ar ceapadh é mar urlabhraí CME. Le linn a chéad tionóil, chuir CME ráiteas oifigiúil amach ina raibh bagairt shoiléir i ndáil le cur chun feidhme an Comhaontaithe maidir le Síocháin agus Athmhuintearas i Mailí.

Bhí CME páirteach freisin i mbacainní a chur ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe, trí bhrú a chur ar rialtas Mhailí agus ar an gcomhphobal idirnáisiúnta chun críocha CME a chur chun tosaigh sna sásraí éagsúla a bunaíodh leis an gComhaontú.”

“4.   AHMED AG ALBACHAR (ailias: Intahmado Ag Albachar)

Ainmniú: Uachtarán ar Choimisiún Daonnúil an Bureau Regional d'Administration et Gestion de Kidal

Dáta breithe: 31 Noll. 1963

Áit bhreithe: Tin-Essako, réigiún Kidal, Mailí

Náisiúntacht: Mailí

Uimhir aitheantais náisiúnta: 1 63 08 4 01 001 005E

Seoladh: Quartier Aliou, Kidal, Mailí

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 10 Iúil 2019 (arna leasú an 19 Noll. 2019)

Faisnéis eile: Fear gnó iomráiteach is ea Ahmed Ag Albachar agus is comhairleoir speisialta é do Ghobharnóir réigiún Kidal ó thús na bliana 2018. Comhalta údarásach den Haut Conseil pour l'unité de l'Azawad (HCUA) agus duine de phobal Ifoghas Tuareg é Ahmed Ag Albachar, a bhíonn ag idirghabháil idir Coordination des Mouvements de l'Azawad (CMA) agus Ansar Dine (QDe.135). Liostaithe de bhun mhír 1 go mír 3 de rún 2374 (2017) ón gComhairle Slándála (Toirmeasc Taistil, Calcadh Sócmhainní).

Grianghraf ar fáil lena chur sa Fógra Speisialta ó INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe:

https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals click here

Faisnéis bhreise

Tá Ahmed Ag Albachar á liostú de bhun mhír 8(b) de Rún 2374 (2017) mar gheall ar ghníomhaíochtaí a chuireann bac, nó a chuireann bac trí mhoill fhada ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe, nó ar bagairt iad ar a chur chun feidhme; agus mhír 8(e) de Rún 2374(2017) mar gheall ar bhac a chur ar chúnamh daonnúil a sheachadadh do Mhailí nó ar an rochtain ar an gcúnamh daonnúil nó ar a dháileadh i Mailí.

In Eanáir, d’úsáid Ag Albachar a thionchar chun na tionscadail dhaonnúla agus forbartha a bhíonn ar siúl i réigiún Kidal a rialú agus a roghnú, agus rogha a dhéanamh faoi cé a chuirfidh chun feidhme iad, cá háit agus cathain. Ní féidir aon ghníomhaíocht dhaonnúil a dhéanamh gan é a bheith ar an eolas faoi agus gan cead a bheith tugtha aige di. Ina ról mar uachtarán féincheaptha ar an gcoimisiún daonnúil, tá Ag Albachar i gceannas ar cheadanna cónaithe agus oibre a dheonú d’oibrithe cabhracha mar mhalairt ar airgead nó ar sheirbhísí. Rialaíonn an coimisiún freisin cé na cuideachtaí agus na daoine aonair ar féidir leo cur isteach ar thairiscintí a fhógraíonn ENRanna in Kidal, rud a chuireann ar chumas Ag Albachar an ghníomhaíocht dhaonnúil sa réigiún a chúbláil agus na daoine a oibríonn do ENRanna a roghnú. Is faoina mhaoirseachtsa amháin is féidir dáileacháin cabhrach a dhéanamh, rud a imríonn tionchar ar cé a bhaineann tairbhe as na dáileacháin sin.

Ina theannta sin, úsáideann Ag Albachar daoine óga dífhostaithe chun na ENRanna a imeaglú agus sracadh a dhéanamh orthu, rud a chuireann bac mór ar a gcuid oibre. Bíonn faitíos ar an bpobal daonnúil i gcoitinne in Kidal, ach go háirithe ar na baill foirne náisiúnta ós rud é go bhfuil siad níos leochailí.

Is comhúinéir chomh maith é Ahmed Ag Albachar ar an gcuideachta iompair Timitrine Voyage; ceann den bheagán cuideachtaí iompair a bhfuil cead ag eagraíochtaí neamhrialtasacha iad a úsáid in Kidal. Déanann Ag Albachar, in éineacht le dosaen cuideachtaí iompair eile ar le grúpa beag daoine mórthionchair de chuid phobal Ifoghas Tuareg iad, sciar suntasach den chabhair dhaonnúil in Kidal a fhorghabháil. Ina theannta sin, leis an staid mhonaplachta atá ag Ag Albachar, tá seachadadh cúnaimh i bpobail áirithe níos deacra ná mar atá i bpobail eile.

Tá an cúnamh daonnúil á ionramháil ag Ag Albachar chun a leasanna pearsanta féin agus leasanna polaitiúla HCUA a chomhlíonadh trí sceimhle a fheidhmiú, ENRanna a chur faoi bhagairt agus a n‐oibríochtaí a rialú, rud ar constaic agus bac é ar an gcúnamh do thairbhithe atá i ngátar i réigiún Kidal. Dá bhrí sin, cuireann Ahmed Ag Albachar bac ar chúnamh daonnúil a sheachadadh do Mhailí nó ar an rochtain ar an gcúnamh daonnúil sin nó ar a dháileadh i Mailí.

Sáraíonn a chuid gníomhaíochtaí Airteagal 49 den Chomhaontú maidir le Síocháin agus Athmhuintearas i Mailí lena gcuirtear de cheangal ar pháirtithe prionsabail na daonnachta, na neodrachta, na neamhchlaontachta agus an neamhspleáchais a threoraíonn gníomhaíochtaí daonnúla a urramú, lena gcuirtear ceangal orthu cosc a chur ar chúnamh daonnúil a úsáid chun críocha polaitiúla, eacnamaíocha, agus míleata, agus rochtain a éascú do ghníomhaireachtaí daonnúla agus slándáil a bpearsanra a ráthú. Dá bhrí sin, cuireann Albachar bac nó bagairt ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe.”

“5.   HOUKA HOUKA AG ALHOUSSEINI (ailias: a) Mohamed Ibn Alhousseyni b) Muhammad Ibn Al-Husayn c) Houka Houka)

Teideal: Cadi

Dáta breithe: a) 1 Ean. 1962 b) 1 Ean. 1963 c) 1 Ean. 1964

Áit bhreithe: Ariaw, réigiún Tombouctou, Mailí

Náisiúntacht: Mailí

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 10 Iúil 2019 (arna leasú an 19 Noll. 2019)

Faisnéis eile: Cheap Iyad Ag Ghaly (QDi.316) Houka Houka Ag Alhousseini ina Cadi i dTimbeactú in Aibreán 2012 tar éis bhunú na cailifeachta jiohádaí i dtuaisceart Mhailí.

D’oibríodh Houka Houka go dlúth leis an Hesbah, na póilíní Ioslamacha faoi cheannas Ahmad Al Faqi Al Mahdi, atá i bpríosún in Ionad Coinneála na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta sa Háig ó Mheán Fómhair 2016. Liostaithe de bhun mhír 1 go mír 3 de rún 2374 (2017) ón gComhairle Slándála (Toirmeasc Taistil, Calcadh Sócmhainní).

Grianghraf ar fáil lena chur sa Fógra Speisialta ó INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe:

https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals click here

Faisnéis bhreise

Tá Houka Houka Ag Alhousseini á liostú de bhun mhír 8(b) de Rún 2374 (2017) mar gheall ar ghníomhaíochtaí a chuireann bac, nó a chuireann bac trí mhoill fhada ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe, nó ar bagairt iad ar a chur chun feidhme.

Tar éis idirghabháil na bhfórsaí Francacha in Eanáir 2013, gabhadh Houka Houka Ag Alhousseini an 17 Eanáir 2014 ach scaoil údaráis Mhailí saor é an 15 Lúnasa 2014, scaoileadh a cháin eagraíochtaí chearta an duine.

Tá Houka Houka Ag Alhousseini lonnaithe ó shin in Ariaw, i gceantar Zouéra, sráidbhaile atá suite siar ó Thimbeactú (ceantar Essakane), ar bhruach Loch Faguibine i dtreo theorainn na Máratáine. An 27 Meán Fómhair 2017, rinne Gobharnóir Thimbeactú, Koina Ag Ahmadou, Ag Alhousseini a ath-insealbhú mar mhúinteoir anseo, tar éis do bhrústocaireacht a bheith déanta ag duine eile a bhfuil smachtbhannaí ann ina leith, Mohamed Ousmane Ag Mohamidoune (MLi.003), ceannaire Coalition du peuple de l'Azawad (CPA), a liostaigh Coiste na Comhairle Slándála do Mhailí é an 20 Nollaig 2018 ar chúiseanna lena n‐áirítear gníomhartha a rinneadh a chuireann bac, nó a chuireann bac trí mhoill fhada ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe, nó ar bagairt iad ar a chur chun feidhme. In 2017 bhunaigh Mohamed Ousmane comhghuaillíocht níos leithne d’fhoghrúpaí, an Coalition des Mouvements de l'Entente (CME). Le linn a chéad tionóil, chuir CME ráiteas oifigiúil amach ina raibh bagairt shoiléir i ndáil le cur chun feidhme an Comhaontaithe maidir le Síocháin agus Athmhuintearas i Mailí. Bhí CME páirteach freisin i mbacainní a chur ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe, trí bhrú a chur ar rialtas Mhailí agus ar an gcomhphobal idirnáisiúnta chun críocha CME a chur chun tosaigh sna sásraí éagsúla a bunaíodh leis an gComhaontú.

Bhí baint mhór ag Houka Houka agus ag Mohamed Ousmane le teacht chun cinn a chéile, agus Ousmane ag éascú cruinnithe le hoifigigh rialtais, agus ról lárnach ag Houka i méadú thionchar Ousmane ar réigiún Thimbeactú. Ghlac Houka Houka páirt sa chuid is mó de na cruinnithe pobail a reáchtáil Mohamed Ousmane ó 2017 i leith, rud a chuir leis an gclú agus an meas atá ar Ousmane sa réigiún, chomh maith le searmanas bunaithe Coalition des Mouvements de l'Entente (CME) dár thug sé tacaíocht phoiblí.

Tá limistéar tionchair Houka Houka tar éis leathnú níos faide soir le déanaí, go dtí réigiún Ber (daingean na nArabach Bérabich suite 50 ciliméadar soir ó Thimbeactú), agus tuaisceart Thimbeactú. Cé nach de ghinealach Cadis é agus nár thosaigh sé ach in 2012, bhí Houka Houka in ann cur lena údarás mar Cadi agus lena chumas slándáil phoiblí a choinneáil i limistéir áirithe trí leas a bhaint as sócmhainní Al-Furqan agus as an eagla a spreagann an eagraíocht sceimhlitheoireachta sin i réigiún Thimbeactú trí ionsaithe casta i gcoinne fhórsaí cosanta agus slándála Mhailí agus idirnáisiúnta agus trí fheallmharuithe dírithe.

Dá bhrí sin, tríd an tacaíocht atá á tabhairt aige do Mohamed Ousmane agus an bac a chuir sé ar an gComhaontú, tá cur chun feidhme an Chomhaontaithe sin á chur i mbaol ag Houka Houka Ag Alhhousseini, maille leis an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht i Mailí i gcoitinne.”

“6.   MAHRI SIDI AMAR BEN DAHA (ailias: a) Yoro Ould Daha b) Yoro Ould Daya c) Sidi Amar Ould Daha d) Yoro)

Ainmniú: Leas-cheann foirne chomhordú réigiúnach an Mécanisme opérationnel de coordination (MOC) in Gao

Dáta breithe: 1 Ean. 1978

Áit bhreithe: Djebock, Mailí

Náisiúntacht: Mailí

Uimhir aitheantais náisiúnta: 11262/1547

Seoladh: Golf Rue 708 Door 345, Gao, Mailí

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 10 Iúil 2019 (arna leasú an 19 Noll. 2019)

Faisnéis eile: Is ceannaire phobal Arabaigh Lehmar de chuid Gao é Mahri Sidi Amar Ben Daha agus tá sé ina cheann foirne míleata ar an eite sin de Mouvement Arab de l'Azawad (MAA) atá ar son an rialtais, bainteach leis an gcomhghuaillíocht Plateforme des mouvements du 14 juin 2014 d'Alger (Plateforme).

Liostaithe de bhun mhír 1 go mír 3 de rún 2374 (2017) ón gComhairle Slándála (Toirmeasc Taistil, Calcadh Sócmhainní).

Grianghraf ar fáil lena chur sa Fógra Speisialta ó INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe:

https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals click here

Faisnéis bhreise

Tá Mahri Sidi Amar Ben Daha á liostú de bhun mhír 8 (b) de rún 2374 (2017) mar gheall ar ghníomhaíochtaí a chuireann bac, nó a chuireann bac trí mhoill fhada ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe, nó ar bagairt iad ar a chur chun feidhme.

Ba oifigeach sinsearach de na póilíní Ioslamacha é Ben Daha, a bhí ag feidhmiú in Gao nuair a bhí an baile faoi rialú an Mouvement pour l'unicité et le jihad en Afrique de l'Ouest (MUJAO) (QDe.134) ó Mheitheamh 2012 go dtí Eanáir 2013. Faoi láthair, tá Ben Daha ina leas-cheann foirne ar chomhordú réigiúnach an Mécanisme opérationnel de coordination (MOC) in Gao.

Ar an 12 Samhain 2018, dhearbhaigh an Plateforme in Bamako nach nglacfadh siad páirt sna comhairliúcháin réigiúnacha a bheadh ar siúl ón 13 go dtí an17 Samhain, i gcomhréir leis an treochlár a chomhaontaigh na páirtithe uile sa Chomhaontú Síochána agus Athmhuintearais i Márta 2018. An lá dar gcionn, thionóil ceann foirne míleata chomhpháirt Ganda Koy de Coordination des mouvements et fronts patriotiques de résistance (CMFPR)-Plateforme, cruinniú in Gao, agus ionadaithe an MAA-Plateforme ag freastal air, chun cosc a chur ar na comhairliúcháin a bheith ar siúl. Rinneadh an t‐imshuí a chomhordú le ceannaireacht an Plateforme in Bamako, le MAA‐Plateforme, agus leis an gComhalta Parlaiminte, Mohamed Ould Mataly.

Ón 14 go dtí an 18 Samhain 2018, chuir na scórtha trodairí MAA-Plateforme i dteannta trodairí de chuid ghrúpaí CMFPR bac ar thionóladh comhairliúchán réigiúnach. Ag gníomhú faoi threoir agus rannpháirtíocht Ben Daha, cuireadh sé fheithicil truiclín as Mouvement Arabe de l'Azawad (MAA‐Plateforme) os comhair ghobharnóireacht Gao agus a comharsanachta. Chonacthas ar an láthair freisin dhá fheithicil MOC de chuid MAA-Plateforme.

Ar an 17 Samhain 2018, tharla teagmhas idir gnéithe armtha a bhí ag cur bac le bealach isteach chuig an ngobharnóireacht agus patról FAMa a bhí faoin gceantar, ach cuireadh deireadh leis sular dtiocfadh leis méadú agus éirí ina shárú ar an sos comhraic. Ar an 18 Samhain 2018, thóg dhá fheithicil déag san iomlán agus eilimintí armtha an t‐imshuí ar an ngobharnóireacht tar éis an bhabhta caibidlíochta is déanaí le gobharnóir Gao.

Ar an 30 Samhain 2018, reáchtáil Ben Daha cruinniú idir-Arabach in Tinfanda chun athstruchtúrú slándála agus riaracháin a phlé. I láthair ag an gcruinniú freisin bhí Ahmoudou Ag Asriw (MLi.001), duine atá faoi smachtbhannaí, agus a bhfuil tacaíocht agus cosaint Ben Daha aige.

Dá bhrí sin, trí chosc a chur go héifeachtach le pléití maidir le príomhfhorálacha an Chomhaontaithe Síochána agus Athmhuintearais a bhaineann leis an athchóiriú ar struchtúr críche thuaisceart Mhailí, chuir Ben Daha bac ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Síochána agus Athmhuintearais. Ina theannta sin, tá tacaíocht tugtha ag Ben Daha do dhuine a sainaithníodh mar bhagairt do chur chun feidhme an Chomhaontaithe trína rannpháirtíocht i sáruithe ar an sos chomhraic agus i ngníomhaíocht choiriúil eagraithe.”

“7.   MOHAMED BEN AHMED MAHRI (ailias: a) Mohammed Rougi b) Mohamed Ould Ahmed Deya c) Mohamed Ould Mahri Ahmed Daya d) Mohamed Rougie e) Mohamed Rouggy f) Mohamed Rouji)

Dáta breithe: 1 Ean. 1979

Áit bhreithe: Tabankort, Mailí

Náisiúntacht: Mailí

Uimhir phas: a) AA00272627 b) AA0263957

Seoladh: Bamako, Mailí

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 10 Iúil 2019 (arna leasú an 19 Noll. 2019)

Faisnéis eile: Is fear gnó ó phobal Lehmar na nArabach i réigiún Gao é Mohamed Ben Ahmed Mahri, a chomhoibrigh roimhe seo leis an Mouvement pour l'unicité et le Jihad en Afrique de l'Ouest (MUJAO) (QDe.134). Liostaithe de bhun mhír 1 go mír 3 de rún 2374 (2017) ón gComhairle Slándála (Toirmeasc Taistil, Calcadh Sócmhainní).

Grianghraf ar fáil lena chur sa Fógra Speisialta ó INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe:

https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals click here

Faisnéis bhreise

Tá Mohamed Ben Ahmed Mahri á liostú de bhun mhír 8 (c) de rún 2374 (2017) de dheasca gníomhú ar son nó thar ceann na ndaoine aonair agus na n‐eintiteas a shainaithnítear i mír 8 (a) agus (b) de rún 2374 (2017), nó de dheasca gníomhú faoi stiúir na ndaoine aonair agus na n‐eintiteas sin nó de bharr tacaíocht a thabhairt dóibh nó iad a mhaoiniú, lena n‐áirítear trí na fáltais ón gcoireacht eagraithe, lena n-áirítear táirgeadh agus gáinneáil ar dhrugaí támhshuanacha agus a réamhtheachtaithe arna dtionscnamh dóibh i Mailí nó á n‐aistriú tríd, gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil imirceach, smuigleáil agus gáinneáil ar airm agus gáinneáil ar mhaoin chultúrtha.

Idir Nollaig 2017 agus Aibreán 2018, d’ordaigh Mohamed Ben Ahmed Mahri oibríocht gháinneála de os cionn 10 dtonna channabas Mharacó, a aistríodh i dtrucailí fuaraithe trí Mauretania, Mailí, Burkina Faso agus an Nígir. Le linn oíche an 13 go dtí an 14 Meitheamh 2018, coigistíodh an ceathrú cuid den lastas in Niamey, agus cuireadh líomhain i leith grúpa comhraic gur ghoid sé na trí cheathrú a bhí fágtha le linn oíche an 12 agus an 13 Aibreán 2018.

Mí na Nollag 2017, bhí Mohamed Ben Ahmed Mahri in Niamey le náisiúnach de chuid Mhailí chun an oibríocht a ullmhú. Gabhadh an náisiúnach sin de chuid Mhailí in Niamey tar éis dó eitilt isteach as Maracó le beirt náisiúnach Mharacacha agus beirt náisiúnach Ailgéireacha ar an 15 agus an 16 Aibreán 2018 chun iarracht a dhéanamh teacht ar channabas goidte. Gabhadh triúr dá chomhpháirtithe freisin, náisiúnach de chuid Maracó, ar gearradh pianbhreith príosúnachta cúig mhí air i Maracó in 2014 as gáinneáil ar dhrugaí.

Tá Mohamed Ben Ahmed Mahri i gceannas ar gháinneáil ar roisín cannabais a iompraítear go Nígir díreach trí thuaisceart Mhailí, trí chonbhuanna a úsáid atá á stiúradh ag comhaltaí den Groupe d'autodéfense des Touaregs Imghad et leurs alliés (GATIA), agus ina measc, Ahmoudou Ag Asriw (MLi.001), a bhfuil smachtbhannaí curtha air. Íocann Mohamed Ben Ahmed Mahri cúiteamh le Asriw as ucht na gconbhuanna sin a úsáid. Is iad na conbhuanna sin is cúis le caismirtí go minic le hiomaitheoirí a bhfuil baint acu le Coordination des Mouvements de l'Azawad(CMA).

Baineann Mohamed Ben Ahmed Mahri úsáid as a chuid ghnóthachain airgeadais ón ngáinneáil ar dhrugaí chun tacú le grúpaí armtha sceimhlitheoireachta, lena n‐áirítear Al Mourabitoun (QDe.141), eintiteas a bhfuil smachtbhannaí air, agus déanann sé iarracht breab a thabhairt d’oifigigh as trodaithe gafa a scaoileadh saor agus as lánpháirtiú na dtrodaithe in Mouvement Arabe pour l'Azawad (MAA) Plateforme a éascú.

Dá bhrí sin, trí na fáltais ón gcoireacht eagraithe, tacaíonn Mohamed Ben Ahmed Mahri le duine sainaitheanta faoi mhír 8(b) de Rún 2374 (2007) mar bhagairt ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir le Síocháin agus Athmhuintearas i Mailí, agus le grúpa sceimhlitheoireachta dá dtagraítear i Rún 1267.”

“8.   MOHAMED OULD MATALY

Ainmniú: Comhalta Parlaiminte

Dáta breithe: 1958

Náisiúntacht: Mailí

Uimhir an phas: D9011156

Seoladh: Golf Rue 708 Door 345, Gao, Mailí

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 10 Iúil 2019 (arna leasú an 19 Noll. 2019)

Faisnéis eile: Tá Mohamed Ould Mataly, iar-Mhéara Bourem, ina chomhalta den Pharlaimint faoi láthair don toghlach Bourem agus tá sé ina chomhalta den Rassamblement pour le Mali (RPM, páirtí polaitiúil an Uachtaráin Ibrahim Boubacar Keita). Is duine de phobal Arabach Lehmar é agus is comhalta é a bhfuil tionchar mór aige ar an eite den Mouvement Arabede l'Azawad (MAA) atá ar son an rialtais, atá nasctha le comhghuaillíocht Plateforme des mouvements du 14 juin 2014 d'Alger (Plateforme). Liostaithe de bhun mhír 1 go mír 3 de rún 2374 (2017) ón gComhairle Slándála (Toirmeasc Taistil, Calcadh Sócmhainní).

Grianghraf ar fáil lena chur sa Fógra Speisialta ó INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe:

https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals click here

Faisnéis bhreise

Tá Mohamed Ould Mataly liostaithe de bhun mhír 8 (b) de Rún 2374 (2017) mar gheall ar ghníomhaíochtaí a chuireann bac, nó a chuireann bac trí mhoill fhada ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe, nó ar bagairt iad ar a chur chun feidhme.

Ar an 12 Samhain 2018, dhearbhaigh an Plateforme in Bamako nach nglacfadh siad páirt sna comhairliúcháin réigiúnacha a bheadh ar siúl ón 13 go dtí an17 Samhain, i gcomhréir leis an treochlár a chomhaontaigh na páirtithe uile sa Chomhaontú Síochána agus Athmhuintearais i Márta 2018. An lá dar gcionn, thionóil ceann foirne míleata chomhpháirt Ganda Koy de Coordination des mouvements et fronts patriotiques de résistance (CMFPR)-Plateforme, cruinniú in Gao, agus ionadaithe an MAA-Plateforme ag freastal air, chun cosc a chur ar na comhairliúcháin a bheith ar siúl. Rinneadh an t‐imshuí sin a chomhordú le ceannaireacht an Plateforme in Bamako, MAA‐Plateforme agus an comhalta parlaiminte Mohamed Ould Mataly.

Ghlac a dhlúthchomhpháirtí Mahri Sidi Amar Ben Daha, ailias Yoro Ould Daha, a bhfuil cónaí air ina theach in Gao, páirt san imshuí ar an áit ina raibh an comhairliúchán in oifig an Ghobharnóra le linn na tréimhse sin.

Ina theannta sin, ar an 12 Iúil 2016 bhí Ould Mataly ar dhuine de ghríosóirí léirsithe a bhí naimhdeach le cur chun feidhme an Chomhaontaithe.

Dá bhrí sin, trí chosc a chur go héifeachtach le pléití maidir le príomhfhorálacha an Chomhaontaithe Síochána agus Athmhuintearais a bhaineann leis an athchóiriú ar struchtúr críche thuaisceart Mhailí, tá bac curtha ag Ould Mataly ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir le Síocháin agus Athmhuintearas.

Ar deireadh, d’agair Ould Mataly go scaoilfí daoine dá phobal a gabhadh in oibríochtaí frithsceimhlitheoireachta. Trína rannpháirtíocht sa choireacht eagraithe agus trí chomhlachas le grúpaí armtha sceimhlitheoireachta, cuireann Mohamed Ould Mataly cur chun feidhme an Chomhaontaithe i mbaol.'

(2)   

San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/1775, Cuid B,(‘B. Liosta na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 2(1)’), cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 1, 2, 3, 4 agus 5:”

“1.   AHMED AG ALBACHAR (ailias: Intahmado Ag Albachar)

Ainmniú: Uachtarán ar Choimisiún Daonnúil an Bureau Regional d'Administration et Gestion de Kidal

Dáta breithe: 31 Noll. 1963

Áit bhreithe: Tin-Essako, réigiún Kidal, Mailí

Náisiúntacht: Mailí

Uimhir aitheantais náisiúnta: 1 63 08 4 01 001 005E

Seoladh: Quartier Aliou, Kidal, Mailí

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 10 Iúil 2019 (arna leasú an 19 Noll. 2019)

Faisnéis eile: Fear gnó iomráiteach is ea Ahmed Ag Albachar agus is comhairleoir speisialta é do Ghobharnóir réigiún Kidal ó thús na bliana 2018. Comhalta údarásach den Haut Conseil pour l'unité de l'Azawad (HCUA) agus duine de phobal Ifoghas Tuareg é Ahmed Ag Albachar, a bhíonn ag idirghabháil idir Comhordú Ghluaiseachtaí Azawad (CMA) agus Ansar Dine (QDe.135). Liostaithe de bhun mhír 1 go mír 3 de rún 2374 (2017) ón gComhairle Slándála (Toirmeasc Taistil, Calcadh Sócmhainní).

Grianghraf ar fáil lena chur sa Fógra Speisialta ó INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe:

https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals click here

Faisnéis bhreise

Tá Ahmed Ag Albachar á liostú de bhun mhír 8(b) de Rún 2374 (2017) mar gheall ar ghníomhaíochtaí a chuireann bac, nó a chuireann bac trí mhoill fhada ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe, nó ar bagairt iad ar a chur chun feidhme; agus mhír 8(e) de Rún 2374(2017) mar gheall ar bhac a chur ar chúnamh daonnúil a sheachadadh do Mhailí nó ar an rochtain ar an gcúnamh daonnúil nó ar a dháileadh i Mailí.

I mí Eanáir, d’úsáid Ag Albachar a thionchar chun na tionscadail dhaonnúla agus forbartha a bhíonn ar siúl i réigiún Kidal a rialú agus a roghnú, agus rogha a dhéanamh faoi cé a chuirfidh chun feidhme iad, cá háit agus cathain. Ní féidir aon ghníomhaíocht dhaonnúil a dhéanamh gan é a bheith ar an eolas faoi agus gan cead a bheith tugtha aige di. Ina ról mar uachtarán féincheaptha ar an gcoimisiún daonnúil, tá Ag Albachar i gceannas ar cheadanna cónaithe agus oibre a dheonú d'oibrithe cabhracha mar mhalairt ar airgead nó ar sheirbhísí. Rialaíonn an coimisiún freisin cé na cuideachtaí agus na daoine aonair ar féidir leo cur isteach ar thairiscintí a fhógraíonn ENRanna in Kidal, rud a chuireann ar chumas d’Ag Albachar an ghníomhaíocht dhaonnúil sa réigiún a chúbláil agus na daoine a oibríonn do ENRanna a roghnú. Is faoina mhaoirseachtsa amháin is féidir dáileacháin cabhrach a dhéanamh, rud a imríonn tionchar ar cé a bhaineann tairbhe as na dáileacháin sin.

Ina theannta sin, úsáideann Ag Albachar daoine óga dífhostaithe chun na ENRanna a imeaglú agus sracadh a dhéanamh orthu, rud a chuireann bac mór ar a gcuid oibre. Bíonn faitíos ar an bpobal daonnúil i gcoitinne in Kidal, ach go háirithe ar na baill foirne náisiúnta ós rud é go bhfuil siad níos leochailí.

Is comhúinéir chomh maith é Ahmed Ag Albachar ar an gcuideachta iompair Timitrine Voyage; ceann den bheagán cuideachtaí iompair a bhfuil cead ag eagraíochtaí neamhrialtasacha iad a úsáid in Kidal. Déanann Ag Albachar, in éineacht le dosaen cuideachtaí iompair eile ar le grúpa beag daoine mórthionchair de chuid phobal Ifoghas Tuareg iad, sciar suntasach den chabhair dhaonnúil in Kidal a fhorghabháil. Ina theannta sin, leis an staid mhonaplachta atá ag Ag Albachar, tá seachadadh cúnaimh i bpobail áirithe níos deacra ná mar atá i bpobail eile.

Tá an cúnamh daonnúil á ionramháil ag Ag Albachar chun a leasanna pearsanta féin agus leasanna polaitiúla HCUA a chomhlíonadh trí sceimhle a fheidhmiú, ENRanna a chur faoi bhagairt agus a n‐oibríochtaí a rialú, rud ar constaic agus bac é ar an gcúnamh do thairbhithe atá i ngátar i réigiún Kidal. Dá bhrí sin, cuireann Ahmed Ag Albachar bac ar chúnamh daonnúil a sheachadadh do Mhailí nó ar an rochtain ar an gcúnamh daonnúil sin nó ar a dháileadh i Mailí.

Sáraíonn a chuid gníomhaíochtaí Airteagal 49 den Chomhaontú maidir le Síocháin agus Athmhuintearas i Mailí lena gcuirtear de cheangal ar pháirtithe prionsabail na daonnachta, na neodrachta, na neamhchlaontachta agus an neamhspleáchais a threoraíonn gníomhaíochtaí daonnúla a urramú, lena gcuirtear ceangal orthu cosc a chur ar chúnamh daonnúil a úsáid chun críocha polaitiúla, eacnamaíocha, agus míleata, agus rochtain a éascú do ghníomhaireachtaí daonnúla agus slándáil a bpearsanra a ráthú. Dá bhrí sin, cuireann Albachar bac nó bagairt ar chur chur chun feidhme an Chomhaontaithe.”

“2.   HOUKA HOUKA AG ALHOUSSEINI (ailias: a) Mohamed Ibn Alhousseyni b) Muhammad Ibn Al-Husayn c) Houka Houka)

Teideal: Cadi

Dáta breithe: a) 1 Ean. 1962 b) 1 Ean. 1963 c) 1 Ean. 1964

Áit bhreithe: Ariaw, réigiún Tombouctou, Mailí

Náisiúntacht: Mailí

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 10 Iúil 2019 (arna leasú an 19 Noll. 2019)

Faisnéis eile: Cheap Iyad Ag Ghaly (QDi.316) Houka Houka Ag Alhousseini ina Cadi i dTimbeactú in Aibreán 2012 tar éis bhunú na cailifeachta jiohádaí i dtuaisceart Mhailí.

D’oibríodh Houka Houka go dlúth leis an Hesbah, na póilíní Ioslamacha faoi cheannas Ahmad Al Faqi Al Mahdi, atá i bpríosún in Ionad Coinneála na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta sa Háig ó Mheán Fómhair 2016. Liostaithe de bhun mhír 1 go mír 3 de rún 2374 (2017) ón gComhairle Slándála (Toirmeasc Taistil, Calcadh Sócmhainní).

Grianghraf ar fáil lena chur sa Fógra Speisialta ó INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe:

https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals click here

Faisnéis bhreise

Tá Houka Houka Ag Alhousseini á liostú de bhun mhír 8(b) de Rún 2374 (2017) mar gheall ar ghníomhaíochtaí a chuireann bac, nó a chuireann bac trí mhoill fhada ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe, nó ar bagairt iad ar a chur chun feidhme.

Tar éis idirghabháil na bhfórsaí Francacha i mí Eanáir 2013, gabhadh Houka Houka Ag Alhousseini ar an 17 Eanáir 2014 ach scaoil údaráis Mhailí saor é ar an 15 Lúnasa 2014, scaoileadh a cháin eagraíochtaí chearta an duine.

Tá Houka Houka Ag Alhousseini lonnaithe ó shin in Ariaw, i gceantar Zouéra, sráidbhaile atá suite siar ó Thimbeactú (ceantar Essakane), ar bhruach Loch Faguibine i dtreo theorainn na Máratáine. Ar an 27 Meán Fómhair 2017, rinne Gobharnóir Thimbeactú, Koina Ag Ahmadou, Ag Alhousseini a ath-insealbhú mar mhúinteoir anseo, tar éis do bhrústocaireacht a bheith déanta ag duine eile a bhfuil smachtbhannaí ann ina leith, Mohamed Ousmane Ag Mohamidoune (MLi.003), ceannaire Coalition du peuple de l'Azawad (CPA), a liostaigh Coiste na Comhairle Slándála do Mhailí é ar an 20 Nollaig 2018 ar chúiseanna lena n‐áirítear gníomhartha a rinneadh a chuireann bac, nó a chuireann bac trí mhoill fhada ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe, nó ar bagairt iad ar a chur chun feidhme. In 2017 bhunaigh Mohamed Ousmane comhghuaillíocht níos leithne d’fhoghrúpaí, an Coalition des Mouvements de l'Entente (CME). Le linn a chéad tionóil, chuir CME ráiteas oifigiúil amach ina raibh bagairt shoiléir i ndáil le cur chun feidhme an Comhaontaithe maidir le Síocháin agus Athmhuintearas i Mailí. Bhí CME páirteach freisin i mbacainní a chur ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe, trí bhrú a chur ar rialtas Mhailí agus ar an gcomhphobal idirnáisiúnta chun críocha CME a chur chun tosaigh sna sásraí éagsúla a bunaíodh leis an gComhaontú.

Bhí baint mhór ag Houka Houka agus ag Mohamed Ousmane le teacht chun cinn a chéile, agus Ousmane ag éascú cruinnithe le hoifigigh rialtais, agus ról lárnach ag Houka i méadú thionchar Ousmane ar réigiún Thimbeactú. Ghlac Houka Houka páirt sa chuid is mó de na cruinnithe pobail a reáchtáil Mohamed Ousmane ó 2017 i leith, rud a chuir leis an gclú agus an meas atá ar Ousmane sa réigiún, chomh maith le searmanas bunaithe Coalition des Mouvements de l'Entente (CME) dár thug sé tacaíocht phoiblí.

Tá limistéar tionchair Houka Houka tar éis leathnú níos faide soir le déanaí, go dtí réigiún Ber (daingean na nArabach Bérabich suite 50 ciliméadar soir ó Thimbeactú), agus tuaisceart Thimbeactú. Cé nach de ghinealach Cadis é agus nár thosaigh sé ach in 2012, bhí Houka Houka in ann cur lena údarás mar Cadi agus lena chumas slándáil phoiblí a choinneáil i limistéir áirithe trí leas a bhaint as sócmhainní Al-Furqan agus as an eagla a spreagann an eagraíocht sceimhlitheoireachta sin i réigiún Thimbeactú trí ionsaithe casta i gcoinne fhórsaí cosanta agus slándála Mhailí agus idirnáisiúnta agus trí fheallmharuithe dírithe.

Dá bhrí sin, tríd an tacaíocht atá á tabhairt aige do Mohamed Ousmane agus an bac a chuir sé ar an gComhaontú, tá cur chun feidhme an Chomhaontaithe sin á chur i mbaol ag Houka Houka Ag Alhhousseini, maille leis an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht i Mailí i gcoitinne.”

“3.   MAHRI SIDI AMAR BEN DAHA (ailias: a) Yoro Ould Daha b) Yoro Ould Daya c) Sidi Amar Ould Daha d) Yoro)

Ainmniú: Leas-cheann foirne chomhordú réigiúnach an Mécanisme opérationnel de coordination (MOC) in Gao

Dáta breithe: 1 Ean. 1978

Áit bhreithe: Djebock, Mailí

Náisiúntacht: Mailí

Uimhir aitheantais náisiúnta: 11262/1547

Seoladh: Golf Rue 708 Door 345, Gao, Mailí

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 10 Iúil 2019 (arna leasú an 19 Noll. 2019)

Faisnéis eile: Is ceannaire ar Lehmar é Mahri Sidi Amar Ben Daha

Pobal Arabach Gao agus ceann foirne míleata na heite atá ar son an rialtais, le Mouvement Arab de l'Azawad (MAA), a bhfuil baint aige le comhghuaillíocht leis an Plateforme des mouvements du 14 juin 2014 d'Alger (Plateforme). Liostaithe de bhun mhír 1 go mír 3 de rún 2374 (2017) ón gComhairle Slándála (Toirmeasc Taistil, Calcadh Sócmhainní).

Grianghraf ar fáil lena chur sa Fógra Speisialta ó INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe:

https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals click here

Faisnéis bhreise

Tá Mahri Sidi Amar Ben Daha á liostú de bhun mhír 8 (b) de rún 2374 (2017) mar gheall ar ghníomhaíochtaí a chuireann bac, nó a chuireann bac trí mhoill fhada ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe, nó ar bagairt iad ar a chur chun feidhme.

Ba oifigeach sinsearach de na póilíní Ioslamacha é Ben Daha, a bhí ag feidhmiú in Gao nuair a bhí an baile faoi rialú an Mouvement pour l'unicité et le jihad en Afrique de l'Ouest (MUJAO) (QDe.134) ó Mheitheamh 2012 go dtí Eanáir 2013. Faoi láthair, tá Ben Daha ina leas-cheann foirne ar chomhordú réigiúnach an Mécanisme opérationnel de coordination (MOC) in Gao.

Ar an 12 Samhain 2018, dhearbhaigh an Plateforme in Bamako nach nglacfadh siad páirt sna comhairliúcháin réigiúnacha a bheadh ar siúl ón 13 go dtí an17 Samhain, i gcomhréir leis an treochlár a chomhaontaigh na páirtithe uile sa Chomhaontú Síochána agus Athmhuintearais i Márta 2018. An lá dar gcionn, thionóil ceann foirne míleata chomhpháirt Ganda Koy de Coordination des mouvements et fronts patriotiques de résistance (CMFPR)-Plateforme, cruinniú in Gao, agus ionadaithe an MAA-Plateforme ag freastal air, chun cosc a chur ar na comhairliúcháin a bheith ar siúl. Rinneadh an t‐imshuí a chomhordú le ceannaireacht an Plateforme in Bamako, le MAA‐Plateforme, agus leis an gComhalta Parlaiminte, Mohamed Ould Mataly.

Ón 14 go dtí an 18 Samhain 2018, chuir na scórtha trodairí MAA-Plateforme i dteannta trodairí de chuid ghrúpaí CMFPR bac ar thionóladh comhairliúchán réigiúnach. Ag gníomhú faoi threoir agus rannpháirtíocht Ben Daha, cuireadh sé fheithicil truiclín as Mouvement Arabe de l'Azawad (MAA‐Plateforme) os comhair ghobharnóireacht Gao agus a comharsanachta. Chonacthas ar an láthair freisin dhá fheithicil MOC de chuid MAA-Plateforme.

Ar an 17 Samhain 2018, tharla teagmhas idir gnéithe armtha a bhí ag cur bac le bealach isteach chuig an ngobharnóireacht agus patról FAMa a bhí faoin gceantar, ach cuireadh deireadh leis sular dtiocfadh leis méadú agus éirí ina shárú ar an sos comhraic. Ar an 18 Samhain 2018, thóg dhá fheithicil déag san iomlán agus eilimintí armtha an t‐imshuí ar an ngobharnóireacht tar éis an bhabhta caibidlíochta is déanaí le gobharnóir Gao.

Ar an 30 Samhain 2018, reáchtáil Ben Daha cruinniú idir-Arabach in Tinanda chun athstruchtúrú slándála agus riaracháin a phlé. I láthair ag an gcruinniú freisin bhí Ahmoudou Ag Asriw (MLi.001), duine atá faoi smachtbhannaí, agus a bhfuil tacaíocht agus cosaint Ben Daha aige.

Dá bhrí sin, trí chosc a chur go héifeachtach le pléití maidir le príomhfhorálacha an Chomhaontaithe Síochána agus Athmhuintearais a bhaineann leis an athchóiriú ar struchtúr críche thuaisceart Mhailí, chuir Ben Daha bac ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Síochána agus Athmhuintearais. Ina theannta sin, tá tacaíocht tugtha ag Ben Daha do dhuine a sainaithníodh mar bhagairt do chur chun feidhme an Chomhaontaithe trína rannpháirtíocht i sáruithe ar an sos chomhraic agus i ngníomhaíocht choiriúil eagraithe.”

“4.   MOHAMED BEN AHMED MAHRI (ailias: a) Mohammed Rougi b) Mohamed Ould Ahmed Deya c) Mohamed Ould Mahri Ahmed Daya d) Mohamed Rougie e) Mohamed Rouggy f) Mohamed Rouji)

Dáta breithe: 1 Ean. 1979

Áit bhreithe: Tabankort, Mailí

Náisiúntacht: Mailí

Uimhir phas: a) AA00272627 b) AA0263957

Seoladh: Bamako, Mailí

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 10 Iúil 2019 (arna leasú an 19 Noll. 2019)

Faisnéis eile: Is fear gnó ó phobal Lehmar na nArabach i réigiún Gao é Mohamed Ben Ahmed Mahri, a chomhoibrigh roimhe seo leis an Mouvement pour l'unicité et le Jihad en Afrique de l'Ouest (MUJAO) (QDe.134). Liostaithe de bhun mhír 1 go mír 3 de rún 2374 (2017) ón gComhairle Slándála (Toirmeasc Taistil, Calcadh Sócmhainní).

Grianghraf ar fáil lena chur sa Fógra Speisialta ó INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe:

https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals click here

Faisnéis bhreise

Tá Mohamed Ben Ahmed Mahri á liostú de bhun mhír 8 (c) de rún 2374 (2017) de dheasca gníomhú ar son nó thar ceann na ndaoine aonair agus na n‐eintiteas a shainaithnítear i mír 8 (a) agus (b) de rún 2374 (2017), nó de dheasca gníomhú faoi stiúir na ndaoine aonair agus na n‐eintiteas sin nó de bharr tacaíocht a thabhairt dóibh nó iad a mhaoiniú, lena n‐áirítear trí na fáltais ón gcoireacht eagraithe, lena n-áirítear táirgeadh agus gáinneáil ar dhrugaí támhshuanacha agus a réamhtheachtaithe arna dtionscnamh dóibh i Mailí nó á n‐aistriú tríd, gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil imirceach, smuigleáil agus gáinneáil ar airm agus gáinneáil ar mhaoin chultúrtha.

Idir Nollaig 2017 agus Aibreán 2018, d’ordaigh Mohamed Ben Ahmed Mahri oibríocht gháinneála de os cionn 10 dtonna channabas Mharacó, a aistríodh i dtrucailí fuaraithe trí Mauretania, Mailí, Burkina Faso agus an Nígir. Le linn oíche an 13 go dtí an 14 Meitheamh 2018, coigistíodh an ceathrú cuid den lastas in Niamey, agus cuireadh líomhain i leith grúpa comhraic gur ghoid sé na trí cheathrú a bhí fágtha le linn oíche an 12 agus an 13 Aibreán 2018.

Mí na Nollag 2017, bhí Mohamed Ben Ahmed Mahri in Niamey le náisiúnach de chuid Mhailí chun an oibríocht a ullmhú. Gabhadh an náisiúnach sin de chuid Mhailí in Niamey tar éis dó eitilt isteach as Maracó le beirt náisiúnach Mharacacha agus beirt náisiúnach Ailgéireacha ar an 15 agus an 16 Aibreán 2018 chun iarracht a dhéanamh teacht ar channabas goidte. Gabhadh triúr dá chomhpháirtithe freisin, náisiúnach de chuid Maracó, ar gearradh pianbhreith príosúnachta cúig mhí air i Maracó in 2014 as gáinneáil ar dhrugaí.

Tá Mohamed Ben Ahmed Mahri i gceannas ar gháinneáil ar roisín cannabais a iompraítear go Nígir díreach trí thuaisceart Mhailí, trí chonbhuanna a úsáid atá á stiúradh ag comhaltaí de Groupe d'autodéfense des Touaregs Imghad et leurs allies (GATIA), agus ina measc, Ahmoudou Ag Asriw (MLi.001), a bhfuil smachtbhannaí curtha air. Íocann Mohamed Ben Ahmed Mahri cúiteamh le Asriw as ucht na gconbhuanna sin a úsáid. Is iad na conbhuanna sin is cúis le caismirtí go minic le hiomaitheoirí a bhfuil baint acu le Comhordú Ghluaiseachtaí Azawad (CMA).

Baineann Mohamed Ben Ahmed Mahri úsáid as a chuid ghnóthachain airgeadais ón ngáinneáil ar dhrugaí chun tacú le grúpaí armtha sceimhlitheoireachta, lena n‐áirítear Al Mourabitoun (QDe.141), eintiteas a bhfuil smachtbhannaí air, agus déanann sé iarracht breab a thabhairt d’oifigigh as trodaithe gafa a scaoileadh saor agus as lánpháirtiú na dtrodaithe in Mouvement Arabe pour l'Azawad (MAA) Plateforme a éascú.

Dá bhrí sin, trí na fáltais ón gcoireacht eagraithe, tacaíonn Mohamed Ben Ahmed Mahri le duine sainaitheanta faoi mhír 8(b) de Rún 2374 (2007) mar bhagairt ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir le Síocháin agus Athmhuintearas i Mailí, agus le grúpa sceimhlitheoireachta dá dtagraítear i Rún 1267.”

“5.   MOHAMED OULD MATALY

Ainmniú: Comhalta Parlaiminte

Dáta breithe: 1958

Náisiúntacht: Mailí

Uimhir an phas: D9011156

Seoladh: Golf Rue 708 Door 345, Gao, Mailí

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 10 Iúil 2019 (arna leasú an 19 Noll. 2019)

Faisnéis eile: Tá Mohamed Ould Mataly, iar-Mhéara Bourem, ina chomhalta den Pharlaimint faoi láthair don toghlach Bourem agus tá sé ina chomhalta den Rassamblement pour le Mali (RPM, páirtí polaitiúil an Uachtaráin Ibrahim Boubacar Keita). Is duine de phobal Arabach Lehmar é agus is comhalta é a bhfuil tionchar mór aige ar an eite den Mouvement Arabe de l'Azawad (MAA) atá ar son an rialtais, atá nasctha le comhghuaillíocht Plateforme des mouvements du 14 juin 2014 d'Alger (Plateforme). Liostaithe de bhun mhír 1 go mír 3 de rún 2374 (2017) ón gComhairle Slándála (Toirmeasc Taistil, Calcadh Sócmhainní).

Grianghraf ar fáil lena chur sa Fógra Speisialta ó INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe:

https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals click here

Faisnéis bhreise

Tá Mohamed Ould Mataly liostaithe de bhun mhír 8 (b) de Rún 2374 (2017) mar gheall ar ghníomhaíochtaí a chuireann bac, nó a chuireann bac trí mhoill fhada ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe, nó ar bagairt iad ar a chur chun feidhme.

Ar an 12 Samhain 2018, dhearbhaigh an Plateforme in Bamako nach nglacfadh siad páirt sna comhairliúcháin réigiúnacha a bheadh ar siúl ón 13 go dtí an17 Samhain, i gcomhréir leis an treochlár a chomhaontaigh na páirtithe uile sa Chomhaontú Síochána agus Athmhuintearais i mí an Mhárta 2018. An lá dar gcionn, thionóil ceann foirne míleata chomhpháirt Ganda Koy de Coordination des mouvements et fronts patriotiques de résistance (CMFPR)-Plateforme, cruinniú in Gao, agus ionadaithe an MAA-Plateforme ag freastal air, chun cosc a chur ar na comhairliúcháin a bheith ar siúl. Rinneadh an t‐imshuí sin a chomhordú le ceannaireacht an Plateforme in Bamako, MAA-Plateforme agus an comhalta parlaiminte Mohamed Ould Mataly.

Ghlac a dhlúthchomhpháirtí Mahri Sidi Amar Ben Daha, ailias Yoro Ould Daha, a bhfuil cónaí air ina theach in Gao, páirt san imshuí ar an áit ina raibh an comhairliúchán in oifig an Ghobharnóra le linn na tréimhse sin.

Ina theannta sin, ar an 12 Iúil 2016 bhí Ould Mataly ar dhuine de ghríosóirí léirsithe a bhí naimhdeach le cur chun feidhme an Chomhaontaithe.

Dá bhrí sin, trí chosc a chur go héifeachtach le pléití maidir le príomhfhorálacha an Chomhaontaithe Síochána agus Athmhuintearais a bhaineann leis an athchóiriú ar struchtúr críche thuaisceart Mhailí, tá bac curtha ag Ould Mataly ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir le Síocháin agus Athmhuintearas.

Ar deireadh, d’agair Ould Mataly go scaoilfí daoine dá phobal a gabhadh in oibríochtaí frithsceimhlitheoireachta. Trína rannpháirtíocht sa choireacht eagraithe agus trí chomhlachas le grúpaí armtha sceimhlitheoireachta, cuireann Mohamed Ould Mataly cur chun feidhme an Chomhaontaithe i mbaol.”