17.1.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 14/1


CINNEADH (AE) 2020/33 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 15 Eanáir 2020

maidir le cúnamh macra-airgeadais breise a sholáthar do Ríocht Haisimíteach na hIordáine

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá forbairt á déanamh i rith an ama i dtaca leis an gcaidreamh idir an tAontas agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine (an Iordáin) faoi chuimsiú Bheartas Comharsanachta na hEorpa (BCE). An 24 Samhain 1997, shínigh an Iordáin an Comhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine den pháirt eile (2) (an “Comhaontú Comhlachais”), comhaontú a tháinig i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2002. Faoin gComhaontú Comhlachais, bhunaigh an tAontas agus an Iordáin Limistéar Saorthrádála de réir a chéile le linn idirthréimhse 12 bhliain. Ina theannta sin, tháinig Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine maidir le bearta léirscaoilte cómhalartacha agus lena leasaítear Comhaontú Comhlachais CE–an Iordáin mar aon le hIarscríbhinní I, II, III agus IV agus Prótacail 1 agus 2 a ghabhann leis an Comhaontú sin a athsholáthar (3) i bhfeidhm in 2007. In 2010, thángthas ar chomhaontú idir an tAontas agus an Iordáin maidir le comhpháirtíocht Ardstádais, comhpháirtíocht arb é atá i gceist leis réimsí comhair a leathnú. Tháinig prótacal idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine lena mbunaítear sásra um réiteach díospóidí faoi fhorálacha trádála an Chomhaontaithe Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine den pháirt eile (4) i bhfeidhm an 1 Iúil 2011, prótacal a insilíodh i mí na Nollag 2009. Rinneadh idirphlé polaitiúil agus comhar eacnamaíoch a fhorbairt tuilleadh faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Comhlachais, na dTosaíochtaí Comhpháirtíochta idir an tAontas agus an Iordáin agus an Chreata Tacaíochta Aonair arna ghlacadh do 2017-2020.

(2)

Ó 2011 i leith, thug an Iordáin faoi líon áirithe athchóirithe polaitiúla chun an daonlathas parlaiminteach agus an smacht reachta a neartú. Bunaíodh Cúirt Bhunreachta agus Coimisiún Toghchán Neamhspleách agus rith Parlaimint na hIordáine líon áirithe dlíthe tábhachtacha, lena n‐áirítear an tAcht Toghcháin agus an tAcht um Páirtithe Polaitiúla chomh maith le dlíthe maidir le dílárú agus bardasachtaí. Ina theannta sin, glacadh feabhsuithe reachtacha i dtaca le neamhspleáchas na mbreithiúna agus cearta na mban.

(3)

Is mór a d’fhulaing geilleagar na hIordáine mar gheall ar na coinbhleachtaí fada sa réigiún, go háirithe sna tíortha comharsanacha, an Iaráic agus an tSiria. De thoradh na corraíola sin sa réigiún, tá laghdú mór tagtha ar an méid airgid atá ag teacht isteach ón gcoigríoch agus tá brú ar an airgeadas poiblí. Tá turasóireacht agus insreafaí d’infheistíocht dhíreach eachtrach thíos leis sin, agus cuireadh bac ar bhealaí trádála ar feadh tréimhsí fada. I gcás ar leithligh, bhí briseadh i sreabhadh an gháis nádúrtha a bhí ag teacht as an Éigipt ar feadh blianta fada, rud ba chúis leis an ngá fuinneamh a aimsiú ó fhoinsí malartacha ar chostas níos airde. Ina theannta sin, de dheasca sreabhadh mór dídeanaithe a bheith ag teacht isteach as an tSiria, imríodh tionchair ar gheilleagar na hIordáine, rud a chuir brú breise ar staid fhioscach na hIordáine, ar a seirbhísí poiblí agus ar a bonneagar.

(4)

I mí Lúnasa 2016, tháinig an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) agus údaráis na hIordáine ar chomhaontú maidir leis an dara clár coigeartaithe eacnamaíoch, clár a fhaigheann tacaíocht ó Shaoráid Fhadaithe Chistiúcháin (SFC) ar luach USD 723 mhilliún, méid a tháinig sna sála ar Chomhshocraíocht Chúltoraic ar luach USD 2 000 milliún ó 2012 go dtí 2015. I mí na Bealtaine 2019, cuireadh síneadh leis an gclár SFC go dtí mí an Mhárta 2020.

(5)

I mí na Nollag 2016, ghlac (5) an tAontas an dara clár de chúnamh macra-airgeadais (MFA-II) ar luach EUR 200 milliún i bhfoirm iasachtaí, mar fhreagra ar iarraidh a fuarthas ón Iordáin i mí an Mhárta 2016 agus tar éis na chéad chláir de chúnamh macra-airgeadais MFA a thabhairt i gcrích, clár arbh fhiú EUR 180 milliún é agus a cuireadh chun feidhme in 2015. Beart leantach ba ea MFA-II ar an ngealltanas a tugadh ag an gcomhdháil dar teideal “Tacú leis an tSiria agus leis an Réigiún” a reáchtáladh i Londain an 4 Feabhra 2016, áit ar chuir an tAontas EUR 2 390 milliún i ngeall sna blianta 2016-2017 mar thacaíocht airgeadais do na tíortha is mó a ndearna géarchéim na ndídeanaithe difear dóibh, an Iordáin san áireamh. An Meabhrán Tuisceana ina sainmhínítear na coinníollacha beartais maidir le MFA-II, tháinig siad i bhfeidhm an 19 Meán Fómhair 2017. An 17 Deireadh Fómhair 2017, scaoileadh an chéad tráthchuid de MFA-II, agus scaoileadh an dara tráthchuid an 21 Meitheamh 2019, tar éis chur chun feidhme na mbeart beartais a comhaontaíodh.

(6)

I gCinneadh (AE) 2016/2371, bhí Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún ina ndearna an Coimisiún, i bhfianaise na ndúshlán fioscach agus na n‐imthosca urghnácha atá roimh an Iordáin mar thoradh ar aíocht a sholáthar do líon mór Siriach (1,3 milliún de réir údaráis na hIordáine), gealltanas a thabhairt togra nua a bheartú, más iomchuí, le haghaidh síneadh a chur le cúnamh macra-airgeadais don Iordáin agus chun é a mhéadú, nuair a thabharfar MFA-II chun críche go rathúil agus ar choinníoll go ndéanfar na réamhchoinníollacha a bhíonn ann de ghnáth i dtaca leis an gcineál sin cúnaimh a chomhlíonadh, lena n‐áirítear go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú nuashonraithe ar riachtanais maoinithe sheachtraigh na hIordáine.

(7)

Idir 2017 agus 2019, an éagobhsaíocht fhada réigiúnach, neamhchosaint mhór an réigiúin ar luaineacht praghsanna ola agus an méadú ar chostais iasachtaí le haghaidh margaí i mbéal forbartha ar bhonn domhanda, chuaigh sin ar fad crua ar gheilleagar na hIordáine. Dá thoradh sin, tháinig moill ar fhás eacnamaíoch athuair, tháinig méadú mór ar dhífhostaíocht, thit ioncam ó chánacha agus tháinig riachtanais nua maoinithe fhioscaigh agus sheachtraigh chun cinn.

(8)

Sa chomhthéacs dúshlánach sin, dhearbhaigh an tAontas agus an pobal idirnáisiúnta a dtiomantas athuair tacú leis an Iordáin go minic ina dhiaidh sin, mar shampla, ag Comhdháil na Bruiséile maidir le tacaíocht do thodhchaí na Siria agus an réigiúin i mí Aibreáin 2017, ag an gComhairle Comhlachais idir an tAontas agus an Iordáin i mí Iúil 2017 agus ag comhdháil na Bruiséile II maidir le tacaíocht do thodhchaí na Siria agus an réigiúin i mí Aibreáin 2018. Ag an gcomhdháil “Tionscnamh Londan” i mí Feabhra 2019, agus ag comhdháil na Bruiséile III i mí an Mhárta 2019, d’athdheimhnigh pobal na ndeontóirí idirnáisiúnta agus réigiúnacha, an tAontas Eorpach san áireamh, go raibh sé beartaithe acu tacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí na hIordáine an chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a chaomhnú agus na hionchais fáis a fheabhsú.

(9)

Ó bhí tús ghéarchéim na Siria ann in 2011, tá breis agus EUR 2 100 milliún curtha ar fáil don Iordáin ag an Aontas faoi ionstraimí éagsúla (lena n‐áirítear EUR 380 milliún faoin dá chlár cúnaimh macra-Airgeadais a bhí ann roimhe) chun cuidiú leis an tír an chobhsaíocht eacnamaíoch a chaomhnú, an t‐athchóiriú polaitiúil agus eacnamaíoch a chothabháil agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais dhaonnúla, forbartha agus slándála na hIordáine. Ina theannta sin, tá thart ar EUR 486 mhilliún leithdháilte mar iasachtaí tionscadail ar an Iordáin.

(10)

I mí Iúil 2019, i bhfianaise na staide eacnamaíche atá deacair go fóill agus an ionchais ina leith, d’iarr an Iordáin cúnamh macra-airgeadais breise ar an Aontas.

(11)

Tar éis gur tugadh an t‐athbhreithniú ar an dara clár CAI i gcrích go sásúil an 6 Bealtaine 2019, chuir CAI agus an Iordáin tús le plé maidir le clár CAI a thiocfaidh i gcomharba ar an gceann reatha ó mhí an Mhárta 2020 ar aghaidh, tráth a thabharfar an socrú faoin SFC i gcrích, faoi mar atá tuartha.

(12)

Ós rud é gur tír í an Iordáin a chumhdaítear faoi BCE, ba cheart a mheas go bhfuil sí incháilithe chun cúnamh macra-airgeadais a fháil ón Aontas.

(13)

Is é ba cheart a bheith i gcúnamh macra-airgeadais an Aontais ionstraim airgeadais eisceachtúil lena dtugtar tacaíocht neamhcheangailte agus neamhshannta ar mhaithe le comhardú na n‐íocaíochtaí, agus é d’aidhm aici aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha maoinithe sheachtraigh an tairbhí, agus ba cheart an cúnamh sin a úsáid mar bhonn le clár beartais a chur chun feidhme faoina gcuirfí bearta láidre práinneacha i bhfeidhm maidir le coigeartú agus leis an athchóiriú struchtúrach, bearta a bheadh ceaptha an staid i dtaca le comhardú na n‐íocaíochtaí a fheabhsú sa ghearrthéarma.

(14)

Ós rud é go bhfuil easnamh maoinithe fós ann maidir le comhardú íocaíochtaí na hIordáine, ar mó é ná na hacmhainní atá á soláthar ag CAI agus ag institiúidí iltaobhacha eile, meastar, sna himthosca eisceachtúla reatha, gur freagairt iomchuí ar iarraidh na hIordáine ar an Aontas tacaíocht a thabhairt do chobhsú gheilleagar na hIordáine cúnamh macra-airgeadais a sholáthar, i gcomhar le clár CAI. Thacódh cúnamh macra-airgeadais an Aontais le cobhsú eacnamaíoch agus le clár um athchóiriú struchtúrach na hIordáine, agus na hacmhainní a cuireadh ar fáil faoi shocrú airgeadais CAI á bhforlíonadh.

(15)

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag cúnamh macra-airgeadais an Aontais staid inbhuanaithe maidir le maoiniú seachtrach a athbhunú san Iordáin, rud a thacódh le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na tíre.

(16)

Déantar méid an chúnaimh macra-airgeadais ón Aontas a chinneadh ar bhonn measúnú cainníochtúil iomlán ar na riachtanais maoinithe sheachtraigh atá fós ag an Iordáin, agus cuirtear san áireamh inniúlacht na tíre sin a hacmhainní dílse, go háirithe na cúlchistí idirnáisiúnta atá ar fáil di, a úsáid chun í féin a mhaoiniú. Ba cheart go gcomhlánódh cúnamh macra-airgeadais an Aontais na cláir agus na hacmhainní atá á soláthar ag CAI agus ag an mBanc Domhanda. Agus méid an chúnaimh á chinneadh, cuirtear san áireamh, freisin, na ranníocaíochtaí airgeadais a bhfuiltear ag súil leo ó dheontóirí déthaobhacha agus iltaobhacha agus an gá atá leis an ualach a roinnt go cothrom idir an tAontas agus deontóirí eile, maille leis an úsáid atá á baint cheana as ionstraimí maoinithe sheachtraigh eile san Iordáin agus an breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais ina hiomláine.

(17)

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil cúnamh macra-airgeadais an Aontais i gcomhréir, ó thaobh dlí agus substainte de, le príomhphrionsabail agus príomhchuspóirí réimsí éagsúla na gníomhaíochta seachtraí, leis na bearta a ghlactar laistigh díobh, agus le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais.

(18)

Ba cheart cúnamh macra-airgeadais an Aontais tacú le beartas seachtrach an Aontais i dtaca leis an Iordáin. Ba cheart do sheirbhísí an Choimisiúin agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) a bheith ag obair i ndlúthchomhar le chéile agus an cúnamh macra-airgeadais á oibriú chun beartas seachtrach an Aontais a chomhordú agus chun comhsheasmhacht an bheartais sin a áirithiú.

(19)

Ba cheart cúnamh macra-airgeadais an Aontais tacú leis an ngealltanas atá tugtha ag an Iordáin luachanna atá i gcoiteann aici leis an Aontas a urramú, amhail an daonlathas, an smacht reachta, an dea-rialachas, urramú chearta an duine, an fhorbairt inbhuanaithe agus laghdú na bochtaineachta, agus leis an ngealltanas atá tugtha aici maidir le prionsabail na trádála oscailte cothroime atá bunaithe ar rialacha a urramú.

(20)

Ba cheart é a bheith ina réamhchoinníoll i dtaca le cúnamh macra-airgeadais an Aontais a dheonú don Iordáin nach mór don Iordáin sásraí éifeachtacha daonlathacha a urramú, lena n‐áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, maille leis an smacht reachta, agus a ráthú go n‐urramófar cearta an duine. Ina theannta sin, ba cheart na cuspóirí sonracha atá le cúnamh macra-airgeadais an Aontais éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistíochta airgeadais phoiblí san Iordáin a neartú agus athchóirithe struchtúracha a chur chun cinn a bhfuil sé d’aidhm acu tacú le fás inbhuanaithe cuimsitheach, cruthú post agus comhdhlúthú fioscach. Ba cheart do SEGS agus don Choimisiún faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar chomhlíonadh na réamhchoinníollacha sin agus ar bhaint amach na gcuspóirí sonracha atá le cúnamh macra-airgeadais an Aontais araon.

(21)

Chun a áirithiú go gcosnaítear ar bhealach éifeachtúil na leasanna airgeadais sin de chuid an Aontais atá nasctha le cúnamh macra-airgeadais an Aontais, ba cheart don Iordáin na bearta iomchuí a dhéanamh a bhaineann le calaois, éilliú agus aon neamhrialtachtaí eile i dtaca le cúnamh macra-airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac. Ina theannta sin, ba cheart a áireamh i gcomhaontú iasachta atá le cur i gcríoch idir an Coimisiún agus údaráis na hIordáine forálacha lena n‐údaraítear don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n‐áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (7) agus lena n‐údaraítear don Choimisiún agus don Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh le linn agus i ndiaidh na tréimhse ina mbeidh cúnamh macra-airgeadais an Aontais ar fáil.

(22)

Ní dochar eisíoc chúnamh macra-airgeadais an Aontais do chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle (ina gcáil mar an t‐údarás buiséadach).

(23)

Ba cheart méideanna an tsoláthair a theastaíonn do chúnamh macra-airgeadais an Aontais a bheith comhsheasmhach leis na leithreasuithe buiséadacha dá bhforáiltear sa chreat airgeadais ilbhliantúil.

(24)

Is é an Coimisiún ar cheart dó cúnamh macra-airgeadais an Aontais a bhainistiú. Chun a áirithiú go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in ann cur chun feidhme an Chinnidh seo a leanúint, ba cheart don Choimisiún iad a chur ar an eolas go rialta faoi aon fhorbairtí a bhaineann leis an gcúnamh sin agus na doiciméid ábhartha a sholáthar dóibh.

(25)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an gCinneadh seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(26)

Ba cheart cúnamh macra-airgeadais an Aontais a bheith faoi réir coinníollacha beartais eacnamaíoch a bheidh le leagan síos i Meabhrán Tuisceana. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i dtaca leis an gcur chun feidhme agus ar chúiseanna a bhaineann le héifeachtúlacht, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún na coinníollacha sin a chaibidliú le húdaráis na hIordáine faoi mhaoirseacht choiste ionadaithe na mBallstát i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Faoi Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, ba cheart feidhm a bheith leis an nós imeachta comhairliúcháin, mar riail ghinearálta, i ngach cás seachas na cásanna dá bhforáiltear sa Rialachán sin. I bhfianaise an tionchair thábhachtaigh a d’fhéadfadh a bheith ag cúnamh de bhreis agus EUR 90 milliún, is iomchuí an nós imeachta scrúdúcháin mar a shonraítear é i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a úsáid le haghaidh oibríochtaí os cionn na tairsí sin. I bhfianaise mhéid an chúnaimh macra-airgeadais atá an tAontas a thabhairt don Iordáin, ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta scrúdúcháin sin maidir le glacadh an Mheabhráin Tuisceana, agus maidir le haon chás ina ndéanfaí an cúnamh sin a laghdú, a chur ar fionraí nó a chur ar ceal,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Cuirfidh an tAontas cúnamh macra-airgeadais EUR 500 milliún ar a mhéid ar fáil don Iordáin (“cúnamh macra-airgeadais an Aontais”), d’fhonn tacú le cobhsú eacnamaíoch na hIordáine agus le clár substainteach um athchóiriú. Beidh an cúnamh sin ina chuidiú chun riachtanais na hIordáine maidir le comhardú na n-íocaíochtaí, mar a aithníodh iad i gclár CAI, a chumhdach.

2.   Is i bhfoirm iasachtaí a sholáthrófar méid iomlán an chúnaimh macra-airgeadais don Iordáin. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, thar ceann an Aontais, an t‐airgead is gá a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais agus an t‐airgead sin a thabhairt ar iasacht don Iordáin. Cúig bliana déag an uastréimhse aibíochta ar an meán a bheidh ag na hiasachtaí sin.

3.   Bainisteoidh an Coimisiún eisíoc chúnamh macra-airgeadais an Aontais ar bhealach atá comhsheasmhach leis na comhaontuithe nó na comhthuiscintí arna dtabhairt i gcrích idir an CAI agus an Iordáin, agus le príomhphrionsabail agus príomhchuspóirí na n‐athchóirithe eacnamaíocha a leagtar amach sa Chomhaontú Comhlachais.

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go tráthrialta faoi aon fhorbairtí maidir le cúnamh macra-airgeadais an Aontais, lena n‐áirítear eisíocaíochtaí an chúnaimh sin, agus soláthróidh sé na doiciméid ábhartha do na hinstitiúidí sin in am trátha.

4.   Cuirfear cúnamh macra-airgeadais an Aontais ar fáil ar feadh tréimhse dhá bhliain go leith, tréimhse a thosóidh an chéad lá tar éis theacht i bhfeidhm an Mheabhráin Tuisceana dá dtagraítear in Airteagal 3(1).

5.   Más rud é, le linn na tréimhse ina mbeidh cúnamh macra-airgeadais an Aontais á eisíoc, go dtiocfaidh laghdú suntasach ar riachtanais mhaoinithe na hIordáine i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin tosaigh, déanfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir le hAirteagal 7(2), méid an chúnaimh a laghdú, cuirfidh sé an cúnamh ar fionraí nó cuirfidh sé é ar ceal.

Airteagal 2

1.   Beidh sé ina réamhchoinníoll i dtaca le cúnamh macra-airgeadais an Aontais a dheonú don Iordáin nach mór don Iordáin sásraí éifeachtacha daonlathacha a urramú, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, maille leis an smacht reachta, agus a ráthú go n-urramóidh sí cearta an duine.

2.   Déanfaidh an Coimisiún agus an SEGS faireachán ar chomhlíonadh an réamhchoinníll a leagtar síos i mír 1 le linn shaolré chúnamh macra-airgeadais an Aontais.

3.   Cuirfear míreanna 1 agus 2 i bhfeidhm i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (9).

Airteagal 3

1.   I gcomhréir le hAirteagal 7(2), comhaontóidh an Coimisiún agus údaráis na hIordáine coinníollacha beartais eacnamaíoch agus airgeadais, a bheidh sainithe go soiléir agus ina mbeidh an bhéim ar athchóirithe struchtúracha agus ar airgeadas poiblí fónta agus a mbeidh cúnamh macra-airgeadais an Aontais faoina réir. Leagfar síos na coinníollacha beartais eacnamaíoch agus airgeadais sin síos i meabhrán tuisceana (“an Meabhrán Tuisceana”) ina mbeidh tráthchlár ar dá réir nach mór na coinníollacha sin a chomhlíonadh. Beidh na coinníollacha beartais eacnamaíoch agus airgeadais a leagtar síos sa Mheabhrán Tuisceana comhsheasmhach leis na comhaontuithe nó na comhthuiscintí dá dtagraítear in Airteagal 1(3), lena n-áirítear an coigeartú macra-eacnamaíoch agus na cláir um athchóiriú struchtúrach arna gcur chun feidhme ag an Iordáin le tacaíocht ó CAI.

2.   Leis na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, féachfar, go háirithe, le héifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistíochta airgeadais phoiblí san Iordáin a fheabhsú, lena n-áirítear i dtaca le cúnamh macra-airgeadais an Aontais a úsáid. Aon dul chun cinn atá déanta i dtaca le margaí na hIordáine agus an Aontais a oscailt dá chéile, trádáil chothrom atá bunaithe ar rialacha a fhorbairt, agus tosaíochtaí eile i gcomhthéacs bheartas seachtrach an Aontais, cuirfear san áireamh go cuí é freisin uair a cheapfar na bearta beartais. Déanfaidh an Coimisiún faireachán go tráthrialta ar an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir leis na cuspóirí sin a bhaint amach.

3.   I gcomhaontú iasachta atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus údaráis na hIordáine, leagfar síos na téarmaí mionsonraithe airgeadais a ghabhann le cúnamh macra-airgeadais an Aontais (an “Comhaontú Iasachta”).

4.   Fíoróidh an Coimisiún go tráthrialta go bhfuiltear ag leanúint de na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 4(3) a chomhlíonadh, lena n-áirítear cibé acu atá nó nach bhfuil beartais eacnamaíocha na hIordáine i gcomhréir leis na cuspóirí atá le cúnamh macra-airgeadais an Aontais. Á dhéanamh sin dó, beidh an Coimisiún ag comhordú go dlúth le CAI agus leis an mBanc Domhanda agus, i gcás inar gá, le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle.

Airteagal 4

1.   Faoi réir na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 3, cuirfidh an Coimisiún cúnamh macra-airgeadais an Aontais ar fáil ina dtrí thráthchuid. Leagfar síos méid gach ceann de na tráthchodanna sin sa Mheabhrán Tuisceana.

2.   Déanfar foráil maidir leis na méideanna de chúnamh macra-airgeadais an Aontais, i gcás inar gá, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (10).

3.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le heisíoc na dtráthchodanna faoi réir gach ceann de na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta:

(a)

an réamhchoinníoll a leagtar síos in Airteagal 2(1);

(b)

teist shásúil leanúnach maidir le clár beartais a chur chun feidhme ina bhfuil bearta láidre maidir le coigeartú agus athchóiriú struchtúrach, clár beartais a fhaigheann tacaíocht ó shocrú creidmheasa le CAI nach socrú réamhchúraim é; agus

(c)

na coinníollacha beartais eacnamaíoch agus airgeadais a socrófar orthu sa Mheabhrán Tuisceana a chur chun feidhme go sásúil.

Ní dhéanfar an dara tráthchuid a eisíoc, i bprionsabal, tráth is luaithe ná 3 mhí tar éis an chéad tráthchuid a eisíoc. Ní dhéanfar an dara tráthchuid a eisíoc, i bprionsabal, tráth is luaithe ná 3 mhí tar éis an dara tráthchuid a eisíoc.

4.   I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 3, déanfaidh an Coimisiún eisíoc chúnamh macra-airgeadais an Aontais a chur ar fionraí go sealadach nó a chur ar ceal. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi na cúiseanna a bhaineann leis an gcur ar fionraí nó leis an gcur ar ceal sin.

5.   Is le Banc Ceannais na hIordáine a eisíocfar cúnamh macra-airgeadais an Aontais. Faoi réir na bhforálacha a socrófar orthu sa Mheabhrán Tuisceana, lena n-áirítear deimhniú na riachtanas maoinithe sheachtraigh atá fós ann, féadfar cistí an Aontais a aistriú chuig Aireacht Airgeadais na hIordáine ina cáil mar an tairbhí deireanach.

Airteagal 5

1.   Na hoibríochtaí iasachtaí a fháil agus iasachtaí a thabhairt a bhaineann le cúnamh macra-airgeadais an Aontais, is in euro a dhéanfar iad agus beidh an dáta luacha céanna orthu agus ní bhéarfaidh siad go mbeidh aon bhaint ag an Aontas leis an gclaochlú aibíochta, ná ní chuirfidh siad an tAontas i mbaol aon riosca ó thaobh ráta malairte nó ráta úis de, ná aon riosca tráchtála eile.

2.   I gcás inar féidir é sna himthosca, agus má iarann an Iordáin amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go n-áireofar clásal luath-aisíocaíochta i dtéarmaí agus coinníollacha na hiasachta agus go mbeidh clásal comhfhreagrach i dtéarmaí agus coinníollacha na n-oibríochtaí iasachtaíochta.

3.   I gcás inar féidir ráta úis níos fabhraí i leith na hiasachta a bheith ann sna himthosca agus má iarrann an Iordáin amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh iomlán a iasachtaí tosaigh, nó páirt díobh, a athmhaoiniú, nó féadfaidh sé na coinníollacha airgeadais comhfhreagracha a athstruchtúrú. Déanfar oibríochtaí athmhaoiniúcháin nó athstruchtúrúcháin i gcomhréir le míreanna 1 agus 4 agus ní bheidh sé mar éifeacht leo síneadh a chur le haibíocht na n-iasachtaí lena mbaineann ná méid an chaipitil atá gan íoc ar dháta an athmhaoiniúcháin nó an athstruchtúrúcháin a mhéadú.

4.   Is ar an Iordáin a bheidh aon chostas a thabhóidh an tAontas i dtaca leis na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtóireachta faoin gCinneadh seo.

5.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi aon fhorbairtí i dtaca leis na hoibríochtaí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3.

Airteagal 6

1.   Cuirfear cúnamh macra-airgeadais an Aontais chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

2.   Is faoi bhainistiú díreach a dhéanfar cúnamh macra-airgeadais an Aontais a chur chun feidhme.

3.   Beidh sa Chomhaontú Iasachta:

(a)

forálacha lena n-áirithítear go ndearbhóidh an Iordáin go tráthrialta gur baineadh úsáid cheart as an maoiniú arna sholáthar ó bhuiséad ginearálta an Aontais, go ndéanfaidh sí bearta iomchuí chun neamhrialtachtaí agus calaois a chosc agus, más gá, go dtabharfaidh sí caingean dlí chun aon chistí míleithreasaithe a soláthraíodh faoin gCinneadh seo a aisghabháil;

(b)

forálacha lena n-áirithítear cosaint leasanna airgeadais an Aontais, agus foráil á déanamh go háirithe maidir le bearta sonracha i dtaca le calaois, éilliú agus aon neamhrialtachtaí eile a dhéanann dochar do chúnamh macra-airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (12) ón gComhairle, le Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013. Chuige sin, údarófar go sainráite d’OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, lena n-áirítear oibríochtaí agus agallaimh fóiréinsice digití;

(c)

forálacha lena n-údaraítear go sainráite don Choimisiún (OLAF), nó dá ionadaithe, seiceálacha a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair;

(d)

forálacha lena n-údaraítear go sainráite don Choimisiún agus don Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh le linn agus i ndiaidh na tréimhse ina mbeidh cúnamh macra-airgeadais an Aontais ar fáil, lena n‐áirítear iniúchtaí ar dhoiciméid agus iniúchtaí ar an láthair, ar nós measúnuithe oibríochtúla;

(e)

forálacha lena n‐áirithítear go bhfuil an tAontas i dteideal luath-aisíoc na hiasachta i gcás inar suíodh, i ndáil le bainistiú chúnamh macra-airgeadais an Aontais, go raibh baint ag an Iordáin le haon ghníomh calaoise nó éillithe nó le haon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh dochar do leasanna airgeadais an Aontais.

(f)

forálacha lena n‐áirithítear gur ar an Iordáin a bheidh aon chostas a thabhóidh an tAontas i dtaca leis na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtóireachta faoin gCinneadh seo.

4.   Sula gcuirfear cúnamh macra-airgeadais an Aontais chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún measúnú, trí bhíthin measúnú oibríochtúil, ar a fhónta atá socruithe airgeadais na hIordáine, na nósanna imeachta riaracháin, agus na sásraí rialaithe inmheánaigh agus sheachtraigh is ábhartha maidir leis an gcúnamh.

Airteagal 7

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 8

1.   Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo sa bhliain roimhe sin, lena n‐áirítear meastóireacht ar an gcur chun feidhme sin. Sa tuarascáil, déanfar an méid seo a leanas:

(a)

scrúdófar an dul chun cinn atá déanta i dtaca le cúnamh macra-airgeadais an Aontais a chur chun feidhme;

(b)

déanfar staid eacnamaíoch agus ionchais na hIordáine a mheasúnú, mar aon leis an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis na bearta beartais dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a chur chun feidhme;

(c)

sonrófar an chomhbhaint idir na coinníollacha beartais eacnamaíoch a leagtar síos sa Mheabhrán Tuisceana, feidhmíocht leanúnach eacnamaíoch agus fhioscach na hIordáine agus cinntí an Choimisiúin maidir le heisíoc na dtráthchodanna atá i gcúnamh macra-airgeadais an Aontais.

2.   Tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis dul in éag don tréimhse ina mbeidh cúnamh macra-airgeadais an Aontais ar fáil, mar a thagraítear di in Airteagal 1(4), cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil meastóireachta ex-post, ina ndéanfar measúnú ar thorthaí agus éifeachtúlacht an chúnaimh macra-airgeadais ón Aontas agus ar a mhéid a rannchuidigh sé i dtaca leis na cuspóirí a bhí leis an gcúnamh sin a bhaint amach.

Airteagal 9

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 15 Eanáir 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D.M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. BRNJAC


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Nollaig 2019.

(2)   IO L 129, 15.5.2002, lch. 3.

(3)   IO L 41, 13.2.2006, lch. 3.

(4)   IO L 177, 6.7.2011, lch. 3.

(5)  Cinneadh (AE)2016/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le cúnamh macra-airgeadais breise a sholáthar do Ríocht Haisimíteach na hIordáine, (IO L 352, 23.12.2016, lch. 18).

(6)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(7)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(9)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).

(10)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 lena mbunaítear Ciste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha (IO L 145, 10.6.2009, lch. 10).

(11)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ón gComhairle (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(12)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).