|
12.12.2019 |
GA |
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
L 322/1 |
RIALACHÁN (AE) 2019/2099 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE
an 23 Deireadh Fómhair 2019
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i dtaca leis na nósanna imeachta agus na húdaráis a bhaineann le CPLanna a údarú agus na ceanglais maidir le CPLanna tríú tír a aithint
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) leagtar síos nach mór conarthaí díorthach caighdeánaithe thar an gcuntar a imréiteach trí chontrapháirtí lárnach (CPL) i gcomhréir le ceanglais chomhionanna i dtíortha eile de chuid G20. Leis an Rialachán sin freisin tugadh isteach ceanglais dhiana maidir le stuamacht, eagrúchán agus déanamh gnó do CPLanna agus cuireadh ar bun socruithe maidir le maoirseacht stuamachta a dhéanamh orthu chun aon riosca ar úsáideoirí CPLanna a laghdú agus taca a chur faoin gcobhsaíocht airgeadais. |
|
(2) |
Ó glacadh Rialachán(AE) Uimh. 648/2012, tháinig fás as cuimse ar an méid gníomhaíochta a dhéanann CPLanna san Aontas agus ar fud an domhain de réir scála agus raon feidhme. Is dealraitheach go leanfaidh gníomhaíocht CPLanna de bheith ag méadú sna blianta atá romhainn de bharr na n-oibleagáidí imréitigh breise a tugadh isteach agus de bhrí gur tháinig méadú ar an méid imréitigh dheonaigh a dhéanann contrapháirtithe nach bhfuil faoi réir oibleagáid imréitigh. Le Rialachán (AE) 2019/834 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ar dhóigh spriocdhírithe, déantar a éifeachtacht agus a chomhréireacht a fheabhsú, cruthaítear dreasachtaí breise do CPLanna i leith imréiteach díorthach lárnach a thairiscint do chontrapháirtithe, agus déantar rochtain ar imréiteach a éascú do chontrapháirtithe beaga airgeadais agus neamhairgeadais. Na margaí caipitil atá níos doimhne agus níos comhtháite a thagann as an Aontas Margaí Caipitil (CMU), méadófar leo sin an gá imréiteach trasteorann a dhéanamh san Aontas, rud a chuirfidh le tábhacht agus le hidirnascthacht CPLanna i gcomhthéacs an chórais airgeadais. |
|
(3) |
Tá an líon CPLanna atá bunaithe san Aontas agus údaraithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 faoi láthair réasúnta teoranta fós; tá 16 cinn acu ann ó bhí Lúnasa 2019 ann. Tugann an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) aitheantas do 33 cheann de CPLanna tríú tír faoin Rialacháin sin, lena gceadaítear dóibh a gcuid seirbhísí a thairiscint do chomhaltaí imréitigh agus d’ionaid trádála atá bunaithe san Aontas. Tá na margaí imréitigh ar fud an Aontais comhtháite go maith ach tá siad thar a bheith comhchruinnithe in aicmí sócmhainní áirithe agus thar a bheith idirnasctha. De bharr comhchruinniú riosca is beag an dóchúlacht go gclisfidh CPL ach dá dtarlódh sin d’fhéadfadh sé a bheith ina theagmhas tionchair rí-aird. I gcomhréir le comhdhearcadh G20, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna i mí na Samhna 2016 lena áirithiú go mbeidh na húdaráis ullamh go hiomchuí chun aghaidh a thabhairt ar CPL atá i mbéal cliseadh agus, ar an gcaoi sin, an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú agus na costais ar cháiníocóirí a theorannú. |
|
(4) |
D’ainneoin an togra reachtaigh agus i bhfianaise go bhfuil an t-imréiteach ag dul i méid agus i gcastacht san Aontas agus ar fud an domhain, agus go bhfuil an ghné thrasteorann den imréiteach ag méadú san Aontas agus ar fud an domhain, ba cheart na socruithe maoirseachta do CPLanna an Aontais agus tríú tír a athbhreithniú. Trí aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna sainaitheanta go luath agus trí shocruithe maoirseachta comhsheasmhacha soiléire a bhunú do CPLanna an Aontais agus tríú tír, dhéanfaí cobhsaíocht ghinearálta chóras airgeadais an Aontais a atreisiú agus ba cheart gurb ísle fós an baol a bheadh ann go gclisfeadh CPL. |
|
(5) |
I bhfianaise na mbreithnithe sin, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht an 4 Bealtaine 2017 maidir le freagairt ar dhúshláin do bhonneagair margaidh airgeadais chriticiúla agus maidir le forbairt bhreise a dhéanamh ar an Aontas Margaí Caipitil, ina luaitear gur gá tuilleadh athruithe a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 chun an creat atá ann cheana a fheabhsú lena n-áirithítear an chobhsaíocht airgeadais agus lena dtacaítear leis an (CMU) a fhorbairt agus a dhoimhniú a thuilleadh. |
|
(6) |
Braitheann na socruithe maoirseachta faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 den chuid is mó ar an údarás náisiúnta baile. Faoi láthair is iad údaráis inniúla na mBallstát i gcomhar le coláistí arb éard atá iontu maoirseoirí náisiúnta, ESMA, comhaltaí ábhartha an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) agus údaráis ábhartha eile a dhéanann CPLanna a údarú agus a mhaoirsiú. Braitheann na coláistí ar chomhordú agus comhroinnt faisnéise a dhéanann údarás inniúil CLP atá freagrach as forfheidhmiú na bhforálacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. D’fhéadfadh rioscaí arbatráiste rialála agus maoirseachta teacht as cleachtais mhaoirseachta atá éagsúil ó chéile do CPLanna ar fud an Aontais, rud a chuirfeadh an chobhsaíocht airgeadais i mbaol agus ina mbeadh iomaíocht mhíchuí mar thoradh orthu. Tá aird tarraingthe ag an gCoimisiún ar na rioscaí sin atá ag teacht chun cinn agus ar an ngá atá le cóineasú maoirseachta níos mó sa Teachtaireacht uaidh maidir le CMU dar dáta an 14 Meán Fómhair 2016 agus sa chomhairliúchán poiblí maidir le hoibríochtaí na nÚdarás Maoirseachta Eorpach. Faoin réimse freagrachta ginearálta atá ag ESMA cheana chun ról comhordúcháin a chomhlíonadh idir údaráis inniúla agus ar fud na gcoláistí chun cultúr coiteann maoirseachta agus cleachtais mhaoirseachta chomhsheasmhacha a chruthú, nósanna imeachta aonfhoirmeacha agus modhanna cur chuige comhsheasmhacha a áirithiú, agus comhsheasmhacht na dtorthaí maoirseachta a fheabhsú, ba cheart do ESMA díriú go háirithe ar réimsí maoirseachta a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo nó a bhféadfadh tionchar trasteorann a bheith acu. Ba cheart do ESMA, ar bhonn an tsaineolais agus na taithí atá aige i gcur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh 648/2012, na réimsí maoirseachta a chinneadh a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo nó a bhféadfadh tionchar trasteorann a bheith acu. |
|
(7) |
I bhfianaise nádúr domhanda na margaí airgeadais, agus an ghá aghaidh a thabhairt ar neamhréireachtaí sa mhaoirseacht a dhéantar ar CPLanna de chuid an Aontais agus de chuid tríú tír, ba cheart feabhas a chur ar chumas ESMA cóineasú i maoirseacht CPLanna a chur chun cinn. Chun na críche sin, ba cheart coiste inmheánach buan do chontrapháirtithe lárnacha (“an Coiste Maoirseachta do CPLanna”) a bhunú chun cúraimí a láimhseáil a bhaineann le CPLanna a údaraítear laistigh den Aontas agus le CPLanna tríú tír. Ba cheart bunú, feidhmeanna agus comhdhéanamh an Choiste Maoirseachta do CPLanna a bhunófar laistigh de ESMA a bheith ina réiteach uathúil chun saineolas a thabhairt le chéile i réimse na maoirseachta ar CPLanna agus níor cheart gur fasach a bheadh ann do na ÚMEnna. |
|
(8) |
Ba cheart don Choiste Maoirseachta do CPLanna a bheith freagrach as cúraimí sonracha arna sannadh dó de bhun Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus cobhsaíocht airgeadais an Aontais agus na mBallstát a áirithiú. |
|
(9) |
D’fhonn raon iomlán na taithí praiticiúla agus an tsaineolais oibríochtúil maidir le maoirsiú CPLanna a áireamh, ba cheart a bheith sa Choiste Maoirseachta do CPLanna Cathaoirleach, comhaltaí neamhspleácha agus údaráis inniúla na mBallstát a bhfuil CPL údaraithe acu. I gcás ina dtiocfaidh Coiste Maoirseachta do CPLanna le chéile maidir le CPLanna údaraithe, ba cheart go bhféadfadh bainc cheannais eisiúna aon airgeadra de chuid an Aontais, ar sna hairgeadraí sin atá na hionstraimí airgeadais a imréitíonn na CPLanna sin nó atá le himréiteach ag na CPLanna sin, a bheith rannpháirteach ar bhonn deonach sa Choiste Maoirseachta do CPLanna maidir le réimsí na measúnuithe uile-Aontais ar theacht aniar CPLanna i ndáil le forbairtí, bíodh siad dochrach nó ábhartha, sa mhargadh, ar mhaithe le rochtain a éascú ar fhaisnéis a d’fhéadfadh a bheith ábhartha chun a gcúraimí a dhéanamh. I gcás ina dtiocfaidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna le chéile maidir le CPLanna tríú tír, ba cheart go bhféadfadh bainc cheannais eisiúna airgeadra de chuid an Aontais, ar sna hairgeadraí sin atá na hionstraimí airgeadais a imréitíonn CPL tríú tír nó atá le himréiteach ag CPL tríú tír faoi seach, a bheith rannpháirteach, ar bhonn deonach, sa Choiste Maoirseachta do CPLanna chun cinntí maidir le CPLanna tríú tír atá tábhachtach go sistéamach nó ar dóigh dóibh a bheith tábhachtach go sistéamach do chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó do cheann amháin nó níos mó dá Bhallstáit (CPLanna Leibhéal 2) a ullmhú. Comhaltaí den Choiste Maoirseachta do CPLanna, gan ceart vótála acu, ba cheart a bheith sna bainc cheannais eisiúna. Ba cheart do chathaoirleach an Choiste Maoirseachta do CPLanna a bheith in ann cuireadh a thabhairt do chomhaltaí na gcoláistí mar bhreathnóirí le háirithiú go gcuirfidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna tuairimí na n-údarás ábhartha eile san áireamh. |
|
(10) |
Chun leibhéal saineolais agus cuntasachta iomchuí a chur ar fáil, ba cheart don bhord maoirseoirí ESMA (“an Bord Maoirseoirí”) an Cathaoirleach agus comhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna a cheapadh ar bhonn fiúntais, eolas ar imréiteach, iarthrádáil, maoirseacht stuamachta agus cúrsaí airgeadais, chomh maith le taithí ar mhaoirseacht ar CPLanna agus ar iad a rialáil, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte arna eagrú agus arna bhainistiú ag an mBord Maoirseoirí, le cúnamh ón gCoimisiún, i gcomhréir le prionsabal na cothromaíochta inscne. Sula gceapfar an Cathaoirleach agus comhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna agus suas go mí amháin tar éis don bhord maoirseoirí iad a roghnú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa ainmniú na ndaoine a roghnaíodh a fhormheas nó a dhiúltú, tar éis éisteacht a thabhairt dóibh. Ní fhéadfaidh an Bord Maoirseoirí ach na hiarrthóirí a fhormheasfaidh Parlaimint na hEorpa, agus iad sin amháin, a cheapadh. |
|
(11) |
Chun trédhearcacht agus rialú daonlathach a áirithiú, agus chun cearta institiúidí an Aontais a chaomhnú, ba cheart don chathaoirleach agus do chomhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna a bheith freagrach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle in aon chinneadh a dhéanfaidh sé ar bhonn Rialachán (AE) Uimh 648/2012. |
|
(12) |
Ba cheart don Chathaoirleach agus do chomhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna gníomhú go neamhspleách agus go hoibiachtúil chun leas an Aontais. Ba cheart dóibh a áirithiú go dtabharfar aird iomchuí ar fheidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh agus, chomh maith leis sin, ar an gcobhsaíocht airgeadais i ngach Ballstát, bíodh CPLanna údaraithe ann nó ná bíodh, agus san Aontas. |
|
(13) |
Chun próiseas cinnteoireachta iomchuí éifeachtach gasta a áirithiú sa Choiste Maoirseachta do CPLanna, ba cheart cearta vótála a bheith ag an gCathaoirleach, ag na comhaltaí neamhspleácha agus ag údaráis inniúla na mBallstát a bhfuil CPL údaraithe acu. Níor cheart aon cheart vótála a bheith ag ionadaithe na mbanc ceannais ná ag breathnóirí. Ba cheart don Choiste Maoirseachta do CPLanna cinntí a dhéanamh trí thromlach simplí dá chomhaltaí; ba cheart do gach comhalta vótála aon vóta amháin a bheith aige nó aici agus ba cheart don chathaoirleach vóta réitigh a bheith aige nó aici i gcás comhionannais vótaí. Ba cheart an chumhacht deiridh chinnteoireachta a bheith ag an mBord Maoirseoirí i gcónaí. |
|
(14) |
D’fhonn cur chuige comhleanúnach comhsheasmhach maoirseachta a áirithiú laistigh den Aontas, ba cheart don Choiste Maoirseachta do CPLanna a bheith freagrach as cinntí sonracha áirithe a ullmhú agus cúraimí áirithe a chuirtear ar ESMA a dhéanamh. Leis na freagrachtaí sin, neartaítear ról comhordúcháin ESMA idir údaráis inniúla agus ar fud na gcoláistí chun cultúr coiteann maoirseachta agus cleachtais mhaoirseachta chomhsheasmhacha a chruthú, go háirithe maidir le réimsí maoirseachta a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo nó a bhféadfadh tionchar trasteorann a bheith acu. Chuige sin, d’fhéadfaí a áireamh sna cinntí agus sna gníomhaíochtaí ábhartha maoirseachta sin go háirithe réimsí maoirseachta ina bhféadfaí, le cleachtais mhaoirseachta atá éagsúil ó chéile, rioscaí arbatráiste rialála agus maoirseachta a chruthú nó an chobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol. Gach tuairim a ghlacfaidh na coláistí dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ba cheart í a chur in iúl do ESMA, lena n-áirítear bunús na cinnteoireachta a mbaineann tuairim an choláiste leis agus aon mholtaí a gcloítear leo i dtuairimí sin an choláiste. |
|
(15) |
Ina theannta sin, sa Choiste Maoirseachta do CPLanna, ba cheart malartú ex ante agus plé éigeantach a dhéanamh maidir le dréachtchinntí údaráis inniúla na CPLanna i ndáil le réimsí maoirseachta áirithe a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo. Os a choinne sin, ar bhonn deonach agus ar thionscnamh na n-údarás inniúil de chuid na CPLanna, ba cheart gach dréachtchinneadh a bheith in ann a bheith faoi réir malartú ar bhonn ex ante. Níor cheart do ESMA tuairim a thabhairt i gcás nár sainaithníodh aon dearcthaí atá éagsúil de thoradh an phlé sa Choiste Maoirseachta do CPLanna. Ba cheart go n-áiritheofaí, ach an chumhacht a bheith ag ESMA tuairimí a chur ar fáil, go bhfaigheadh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh, ó ghrúpa maoirseoirí atá speisialaithe agus a bhfuil taithí acu sa mhaoirseacht ar CPLanna, freagairt bhreise maidir le dréachtchinntí. Níor cheart go mbeadh aon impleacht ag na tuairimí sin ó ESMA ar fhreagracht údarás inniúil an CPL an cinneadh críochnaitheach a dhéanamh, rud a chiallaíonn gur faoi lánrogha údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh a bheadh ábhar deiridh an chinnidh sin i gcónaí. I gcás nach gcomhaontóidh an t-údarás inniúil leis an tuairim ó ESMA, ba cheart dó barúlacha a chur ar fáil do ESMA maidir le haon imeacht mór ón tuairim sin. Ba cheart don údarás inniúil bheith ábalta barúlacha a chur ar fáil sula nglacfaidh sé cinneadh, tráth a nglacfaidh sé cinneadh nó tar éis dó cinneadh a ghlacadh. I gcás ina gcuirfidh an t-údarás inniúil barúlacha ar fáil tar éis dó cinneadh a ghlacadh áfach, ba cheart dó sin a dhéanamh gan moill mhíchuí. Níor cheart go gcuirfí isteach, leis an tuairim ó ESMA, ar chumhacht na gcoláistí ábhar a dtuairime a chinneadh dá rogha féin, i gcás inarb infheidhme. |
|
(16) |
I gcás ina léireoidh gníomhaíochtaí maoirseachta maidir le CPLanna údaraithe easpa cóineasaithe agus comhsheasmhachta i gcur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, lena n-áirítear ar bhonn an chomhairliúcháin, idir éigeantach agus deonach, a dhéanann na húdaráis inniúla le ESMA agus ar bhonn an phlé sa Choiste Maoirseachta do CPLanna, ba cheart do ESMA an cóineasú agus an chomhsheasmhacht a chur chun cinn a mhéid is gá, lena n-áirítear trí threoirlínte, moltaí nó tuairimí a eisiúint. D’fhonn an próiseas sin a éascú, ba cheart don Choiste Maoirseachta do CPLanna a bheith in ann a iarraidh go smaoineodh an Bord Maoirseoirí ar threoirlínte, moltaí agus tuairimí ó ESMA a ghlacadh. Ba cheart don Choiste Maoirseachta do CPLanna a bheith ábalta tuairimí a chur faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí freisin maidir le cinntí atá le glacadh ag ESMA maidir le cúraimí agus gníomhaíochtaí údaráis inniúla na CPLanna. Ba cheart don Choiste Maoirseachta do CPLanna, mar shampla, tuairimí a chur ar fáil maidir le dréachtchaighdeáin theicniúla nó dréacht-treoirlínte arna gceapadh ag ESMA i réimse údarú agus maoirseacht na CPLanna. |
|
(17) |
Chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh i ndáil le CPLanna tríú tír, ba cheart don Choiste Maoirseachta do CPLanna dréachtchinntí iomlána a ullmhú a dhéanfaidh Bord Maoirseoirí a fhormheas agus na cúraimí a cuireadh ar ESMA a chur i gcrích maidir leis na forálacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a bhaineann le haithint agus maoirseacht CPLanna tríú tír. Ós rud é go bhfuil comhar agus faisnéis bunriachtanach, ba cheart don Choiste Maoirseachta do CPLanna, nuair a thagann sé le chéile maidir le CPLanna tríú tír, faisnéis ábhartha a chomhroinnt leis an gcoláiste do CPLanna tríú tír, lena n-áirítear na dréachtchinntí iomlána a thíolacfaidh sé don bhord maoirseoirí, cinntí críochnaitheacha a ghlacfaidh an Bord Maoirseoirí, cláir oibre agus miontuairiscí na gcruinnithe den Choiste Maoirseachta do CPLanna agus iarratais ar aitheantas a dhéanann CPLanna atá bunaithe i dtríú tír. |
|
(18) |
Lena áirithiú go gcuirfidh sé i bhfeidhm a chuid cúraimí ar bhealach éifeachtach, ba cheart don Choiste Maoirseachta do CPLanna tacaíocht a fháil ó fhoireann thiomnaithe ó ESMA chun a chruinnithe a ullmhú, chun na hanailísí a ullmhú is gá chun a chúraimí a chur i gcrích agus chun tacú leis agus é i mbun a chomhair idirnáisiúnta. |
|
(19) |
Ba cheart do bhainc cheannais eisiúna a bheith páirteach in ullmhú na gcinntí a dhéanfaidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna maidir le rangú CPLanna tríú tír de réir a dtábhachta sistéamaí agus maidir le maoirseacht ar CPLanna Leibhéal 2 chun a áirithiú go ndéanfar a gcúraimí go cuí, ar cúraimí iad a bhaineann leis an mbeartas airgeadaíochta agus oibriú rianúil na gcóras íocaíochta. Ós rud é go bhféadfadh cinntí arna ndéanamh ag ESMA i ndáil le CPLanna Leibhéal 2, maidir le ceanglais chorrlaigh, rialú rioscaí leachtachta, comhthaobhacht, socrú agus formheas socruithe idir-inoibritheachta, a bheith an-ábhartha i leith cúraimí na mbanc ceannais, ba cheart don Choiste Maoirseachta do CPLanna dul i gcomhairle leis na bainc cheannais eisiúna aon airgeadra de chuid an Aontais, ar sna hairgeadraí sin atá na hionstraimí airgeadais a imréitíonn CPLanna tríú tír nó atá le himréiteach ag na CPLanna tríú tír, ar bhonn an phrionsabail “géill nó mínigh”. |
|
(20) |
Ba cheart don Bhord Maoirseoirí na dréachtchinntí a thíolacfaidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna a ghlacadh, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an bpróiseas cinnteoireachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Chun a áirithiú go mbeidh an próiseas cinnteoireachta éifeachtach agus gasta, ba cheart don bhord maoirseoirí cinntí áirithe nach mbaineann le haithint, le haicmiú CPLanna tríú tír, le ceanglais shonracha arna bhforchur ar CPLanna Leibhéal 2, le haitheantas a athbhreithniú nó a aistarraingt, ná le buneilimintí na maoirseachta leanúnaí ar CPLanna tríú tír, ar gá ina leith dul i gcomhairle leis na bainc cheannais eisiúna, ba cheart don bhord na cinntí sin a ghlacadh laistigh de 3 lá oibre. |
|
(21) |
Chun an cóineasú maidir le cinntí maoirseachta a chur chun cinn a thuilleadh, ba cheart do ESMA sainorduithe nua a fháil chun dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a cheapadh maidir le leathnú gníomhaíochtaí agus seirbhísí agus chun na coinníollacha a shonrú faoina bhfuil athruithe ar mhúnlaí agus ar pharaiméadair CPLanna suntasach. Thairis sin, ba cheart do ESMA treoirlínte riachtanacha a eisiúint chun na nósanna imeachta coiteanna a shonrú a thuilleadh le haghaidh an phróisis maoirseachta um athbhreithniú agus meastóireacht i ndáil le contrapháirtithe lárnacha. |
|
(22) |
Tá feidhmiú na gcoláistí a bunaíodh do CPLanna an Aontais ríthábhachtach chun go ndéanfar maoirseacht éifeachtach ar CPLanna. Chun a áirithiú go mbeidh comhleanúnachas ar fud an Aontais sna próisis laistigh de na coláistí, ba cheart na comhaontuithe i scríbhinn, lena gcinntear na socruithe praiticiúla d’fheidhmiú coláistí, a bheachtú agus ba cheart iad a chaighdeánú a thuilleadh. Chun ról chomhaltaí na gcoláistí a chur chun cinn a thuilleadh, ba cheart iad a bheith i dteideal rannchuidiú le socrú chláir oibre chruinnithe na gcoláistí. Chun cur le trédhearcacht na gcoláistí, ba cheart comhdhéanamh na gcoláistí a chur in iúl don phobal. Chun nach mbeidh aon choinbhleachtaí leasa ann, sonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (7) gur cheart cúraimí maoirseachta BCE agus cúraimí a bhaineann leis an mbeartas airgeadaíochta, agus aon chúraimí eile atá air, a dheighilt óna chéile go hiomlán agus iad á gcur i gcrích. Ba cheart an deighilt shonrach sin idir freagrachtaí BCE a aithint. Dá réir sin, i gcásanna ina bhfuil BCE ina chomhalta de choláiste a bunaíodh do CPLanna an Aontais toisc é a bheith ag feidhmiú mar údarás inniúil de chuid comhalta imréitigh faoi chuimsiú an tSásra Maoirseachta Aonair agus toisc é a bheith ag feidhmiú mar bhanc ceannais eisiúna a ionadaíonn don Eurochóras, ba cheart dhá vóta sa choláiste a dhílsiú do BCE. |
|
(23) |
Tá teorainn faoi láthair le líon na mbanc ceannais eisiúna agus na n-údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhaltaí imréitigh na mBallstát a ndéantar ionadaíocht orthu i gcoláistí arna mbunú do CPLanna an Aontais. D’fhonn rochtain ar fhaisnéis a éascú ag raon níos leithne banc ceannais eisiúna agus ag údaráis inniúla na mBallstát eile sin a bhféadfadh a gcobhsaíocht airgeadais a bheith thíos le hanás airgeadais CPL, ba cheart do bhainc cheannais eisiúna agus údaráis inniúla breise a bheith in ann a bheith rannpháirteach i gcoláistí arna iarraidh sin. Chun comhsheasmhacht a chur chun cinn i maoirsiú CPLanna ar fud an Aontais, ba cheart don chathaoirleach, nó do chomhalta neamhspleách, nó don Choiste Maoirseachta do CPLanna a bheith rannpháirteach sna coláistí freisin. D’fhonn próiseas cinnteoireachta iomchuí, éifeachtach agus gasta a áirithiú, níor cheart cead vótála a bheith ag bainc cheannais eisiúna agus údaráis inniúla atá rannpháirteach ar bhonn iarrata ná ag Cathaoirleach nó comhalta neamhspleách an Choiste Maoirseachta do CPLanna. |
|
(24) |
D’fhonn a ról a neartú, ba cheart do choláistí a bheith in ann tuairimí a sholáthar maidir le réimsí breise maoirseachta lena n-imrítear tionchar bunúsach ar oibríochtaí gnó CPL, lena n-áirítear maidir le measúnú a dhéanamh ar scairshealbhóirí agus comhaltaí de chuid CPLanna a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu agus maidir le seachfhoinsiú feidhmeanna, seirbhísí nó gníomhaíochtaí oibríochtúla. Ina theannta sin, arna iarraidh d’aon chomhalta den choláiste, ba cheart an coláiste a bheith in ann moltaí a chuimsiú sna tuairimí uaidh, ar moltaí iad a bheadh dírithe ar aghaidh a thabhairt ar easnaimh i mbainistiú riosca CPL agus ar neartú a dhéanamh ar theacht aniar CPL, faoi réir cinneadh tromlaigh de chuid an choláiste. Ba cheart vótáil an choláiste maidir le cuimsiú na moltaí sin agus vótáil an choláiste ar an tuairim a dhéanamh ar bhonn leithleach. Chun gur treise a bheidh tionchar na dtuairimí agus na moltaí ón gcoláiste, ba cheart do na húdaráis inniúla iad a bhreithniú go cuí agus réasúnú a thabhairt i gcás ina n-imítear go suntasach ó na tuairimí nó ó na moltaí sin. |
|
(25) |
Is gá athbhreithniú a dhéanamh chomh maith ar na socruithe maoirseachta i Rialachán (AE) Uimh 648/2012 maidir le CPLanna tríú tír a thairgeann seirbhísí imréitigh ar chríocha an Aontais. Caithfear feabhas a chur ar an rochtain ar fhaisnéis, ar an gcumas cigireachtaí agus imscrúduithe a dhéanamh ar an láthair agus ar an deis faisnéis maidir le CPLanna tríú tír a chomhroinnt idir na húdaráis ábhartha san Aontas agus sna Ballstáit agus ar an deis cinntí ESMA a chur i bhfeidhm ar CPLanna tríú tír chun impleachtaí tábhachtacha cobhsaíochta airgeadais d’eintitis de chuid an Aontais a sheachaint. Tá baol ann chomh maith nach bhféadfar athruithe ar rialacha CPL tríú tír nó ar chreat rialála tríú tír a chur san áireamh agus go bhféadfaí dochar a dhéanamh do na torthaí rialála agus maoirseachta, rud a d’fhágfadh go mbeadh míchothrom iomaíochta ann idir CPLanna de chuid an Aontais agus CPLanna tríú tír. |
|
(26) |
Déanann CPLanna i dtríú tíortha líon suntasach d’ionstraimí airgeadais, arna n-ainmniú in airgeadraí Aontais, a imréiteach. Tá sé le tuiscint as sin go mbeidh dúshláin mhóra roimh údaráis an Aontais agus na mBallstát i leith an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú. |
|
(27) |
Mar chuid dá thiomantas do mhargaí airgeadais comhtháite, ba cheart don Choimisiún leanúint de bheith ag cinneadh, trí bhíthin cinntí coibhéise, an gcomhlíonann creataí dlíthiúil agus maoirseachta tríú tíortha ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Chun cur chun feidhme an réimis choibhéisigh maidir le CPLanna atá ann cheana a fheabhsú, ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún sonrú a dhéanamh, dá mbeadh sin riachtanach, ar na critéir maidir le réimis choibhéiseacha CPLanna tríú tír a mheas. Ina theannta sin, ní mór a thabhairt de chumhacht do ESMA freisin faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí rialála agus maoirseachta sna réimis CPL tríú tír a mheasann an Coimisiún a bheith coibhéiseach. Áiritheofar leis sin go leanfaidh tríú tíortha de bheith ag comhlíonadh na gcritéar coibhéiseach agus aon choinníollacha sonracha arna socrú lena n-úsáid. Ba cheart do ESMA a thorthaí a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus don Choláiste do CPLanna tríú tír ar bhonn rúnda. |
|
(28) |
Faoi láthair féadfaidh an Coimisiún cinneadh coibhéise a leasú, a chur ar fionraí, a athbhreithniú nó a aisghairm tráth ar bith, go háirithe i gcás ina dtarlóidh forbairtí i dtríú tír a dhéanfaidh difear do na gnéithe a ndearnadh meastóireacht orthu i gcomhréir leis na ceanglais maidir le coibhéis faoi Rialachán (AE) Uimh 648/2012. I gcás nach n-oibreoidh údaráis ábhartha tríú tír a thuilleadh i gcomhar le ESMA nó le maoirseoirí eile de chuid an Aontais de mheon macánta nó nach ndéanfaidh siad na ceanglais is infheidhme maidir le coibhéis a chomhlíonadh ar bhonn leanúnach, féadfaidh an Coimisiún, inter alia, fógra a thabhairt do na húdaráis sin nó moladh sonrach a fhoilsiú. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún tráth ar bith cinneadh coibhéise a aisghairm, féadfaidh sé moill a chur ar dháta chur i bhfeidhm an chinnidh chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí do chobhsaíocht airgeadais agus ar shuaitheadh sa mhargadh. De bhreis ar na cumhachtaí atá ar fáil cheana, ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún a áirithiú go leanfaidh na critéir maidir le coibhéis de bheith á gcomhlíonadh ar bhonn leanúnach ag an tríú tír lena mbaineann cinneadh coibhéise. Ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún coinníollacha a leagan síos lena áirithiú go bhféadfaidh ESMA a fhreagrachtaí a fheidhmiú go héifeachtach i dtaca le CPLanna tríú tír a bhfuil aitheantas acu faoi Rialachán (AE) Uimh 648/2012 nó i dtaca le faireachán ar fhorbairtí rialála agus maoirseachta i dtríú tíortha atá ábhartha i leith cinntí coibhéise. |
|
(29) |
I bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar ghné thrasteorann na CPLanna agus na n-idirnasc i gcóras airgeadais an Aontais, ní mór feabhas a chur ar chumas an Aontais na rioscaí a bhaineann le CPLanna tríú tír agus a d’fhéadfadh a bheith ann a aithint, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a mhaolú. Ba cheart ról ESMA a fheabhsú dá bhrí sin chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar CPLanna tríú tír a iarrann aitheantas chun seirbhísí imréitigh a sholáthar san Aontas. Ní mór feabhas a chur freisin ar an bpáirt a ghlacann bainc cheannais eisiúna an Aontais maidir le CPLanna tríú tír a mhaoirsiú agus a aithint, agus maidir le haithint CPLanna tríú tír a athbhreithniú agus a aistarraingt, ar CPLanna iad sin atá gníomhach san airgeadra a eisíonn siad. Dá bharr sin, ba cheart dul i gcomhairle le bainc cheannais eisiúna maidir le gnéithe áirithe a dhéanann difear dá bhfreagrachtaí maidir leis an mbeartas airgeadaíochta i dtaca le hionstraimí airgeadais arna n-ainmniú in airgeadraí de chuid an Aontais a imréitíonn CPLanna nó atá le himréiteach acu, ar CPLanna iad sin atá lonnaithe lasmuigh den Aontas. |
|
(30) |
Ón uair a gcinnfidh an Coimisiún go bhfuil creat dlíthiúil agus maoirseachta tríú tír coibhéiseach le creat an Aontais, ba cheart na rioscaí a bhaineann leis na CPLanna sin don chobhsaíocht airgeadais san Aontas nó i gceann amháin nó níos mó de Bhallstáit an Aontais a chur san áireamh sa phróiseas chun CPLanna ón tríú tír a aithint. |
|
(31) |
Agus iarratas ar aitheantas CPL tríú tír á mheas aige, ba cheart do ESMA measúnú a dhéanamh ar mhéid an riosca shistéamaigh atá sa CPL sin don chobhsaíocht airgeadais san Aontas nó i gceann amháin nó níos mó de Bhallstáit an Aontais ar bhonn na gcritéar oibiachtúil agus trédhearcach a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart do na critéir sin cur leis an measúnú foriomlán. Níor cheart a mheas go bhfuil aon cheann de na critéir sin cinntitheach leis féin. Agus measúnú á dhéanamh ar phróifíl riosca CPL tríú tír, ba cheart do ESMA na rioscaí uile a mheas, lena n-áirítear rioscaí oibríochtúla, amhail calaois, gníomhaíocht choiriúil agus rioscaí TF nó cibir-rioscaí. Ba cheart na critéir sin a shonrú a thuilleadh i ngníomh tarmligthe ón gCoimisiún. Agus na critéir sin á sonrú, ba cheart cineál na n-idirbheart a imréitíonn an CPL, lena n-áirítear a gcastacht, luaineacht a bpraghsanna agus a meánaibíocht, chomh maith le trédhearcacht agus leachtacht na margaí lena mbaineann agus a mhéid ba cheart gníomhaíochtaí imréitigh an CPL ainmnithe in euro nó in airgeadraí eile de chuid an Aontais a mheas. Chuige sin, i dtaca le gnéithe sonracha maidir le conarthaí díorthach áirithe talmhaíochta a liostaítear agus a dhéantar ar mhargaí rialáilte i dtríú tíortha, a bhaineann le margaí a fhreastalaíonn den chuid is mó ar chontrapháirtithe neamhairgeadais intíre sa tríú tír sin a bhainistíonn a rioscaí tráchtála trí na conarthaí sin, d’fhéadfadh riosca nach fiú trácht air a bheith ag baint leo do chomhaltaí imréitigh agus d’ionaid trádála san Aontas ós rud é gur beag an idirnascthacht shistéamach atá acu leis an gcuid eile den chóras airgeadais. I gcás ina bhfuil creat do théarnamh agus réiteach na CPLanna i bhfeidhm i dtríú tír, ba cheart do ESMA é sin a chur san áireamh freisin ina anailís ar mhéid an riosca shistéamaigh atá ag baint leis an CPL is iarratasóir sin arna mbunú sa tríú tír sin don chobhsaíocht airgeadais san Aontas nó i gceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit. |
|
(32) |
CPLanna nach bhfuil tábhacht shistéamach leo maidir le cobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit, ba cheart iad a mheas mar CPLanna “Leibhéal 1”. CPLanna a bhfuil tábhacht shistéamach leo nó ar dócha go mbeadh tábhacht shistéamach leo i leith chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit, ba cheart a mheas gur CPLanna “Leibhéal 2” iad. I gcás ina gcinnfidh ESMA nach bhfuil tábhacht shistéamach le CPL tríú tír maidir leis an gcobhsaíocht airgeadais san Aontas nó i mBallstát amháin nó níos mó de chuid an Aontais, ba cheart feidhm a bheith ag na coinníollacha aitheantais atá ann cheana faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 maidir leis an CPL sin. I gcás ina gcinnfidh ESMA go bhfuil tábhacht shistéamach le CPL tríú tír, ba cheart ceanglais shonracha a fhorchur ar an CPL sin. Ba cheart do ESMA aitheantas a thabhairt do CPL den chineál sin i gcás ina gcomhlíonfaidh an CPL sin na ceanglais sin agus sa chás sin amháin. Ba cheart ceanglais stuamachta áirithe a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 lena ndírítear ar shábháilteacht agus éifeachtúlacht CPL a mhéadú, ba cheart iad a bheith san áireamh leis na ceanglais sin. Ba cheart do ESMA a bheith freagrach go díreach as a áirithiú go gcomhlíonfaidh CPL tríú tír a bhfuil tábhacht shistéamach leis na ceanglais sin. Le ceanglais ghaolmhara, ba cheart ESMA a chumasú chun maoirseacht iomlán éifeachtach a dhéanamh ar an CPL sin faoi Rialachán (AE) Uimh 648/2012 freisin. |
|
(33) |
D’fhonn rannpháirtíocht chuí bhanc ceannais/bhainc cheannais eisiúna airgeadraí uile an Aontais, ar sna hairgeadraí sin atá na hionstraimí airgeadais a imréitíonn CPLanna tríú tír nó atá le himréiteach ag CPLanna tríú tír agus aitheantas á thabhairt do CPLanna Leibhéal 2 a áirithiú, ba cheart do ESMA, agus aitheantas á thabhairt aige do na CPLanna sin, a chur san áireamh an gcomhlíonann siad na ceanglais shonracha a d’fhéadfadh sé gur fhorchuir na bainc cheannais eisiúna sin agus a gcúraimí i ndáil le beartas airgeadaíochta á ndéanamh acu. Ba cheart baint a bheith ag na ceanglais sin le tíolacadh faisnéise chuig an mbanc ceannais/na bainc cheannais eisiúna arna iarraidh sin go cuí réasúnta, le comhar CPLanna leis an mbanc ceannais/leis na bainc cheannais eisiúna i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar theacht aniar an CPL i leith forbairtí dochracha sa mhargadh arna ndéanamh ag ESMA, le hoscailt cuntais taisce thar oíche sa bhanc ceannais/sna bainc cheannais eisiúna agus le ceanglais i gcásanna eisceachtúla a mheasann an banc ceannais/na bainc cheannais a bheith riachtanach. Critéir agus ceanglais rochtana an bhainc cheannais/na mbanc ceannais eisiúna chun cuntas taisce thar oíche a oscailt, níor cheart gurb ionann iad agus oibleagáid a chur ar sheirbhísí imréitigh uile an CPL, nó cuid díobh, a athshuíomh. |
|
(34) |
Maidir le ceanglais a d’fhéadfadh an banc ceannais/na bainc cheannais a bheith in ann a fhorchur i gcásanna eisceachtúla, d’fhéadfadh forbairtí i margaí arna n-imréiteach go lárnach, amhail struis sna margaí (go háirithe margadh an airgid agus an margadh athcheannaigh) ar a mbíonn an CPL ag brath chun leachtacht a fháil, difear a dhéanamh do tharchur an bheartais airgeadaíochta nó ar fheidhmiú rianúil na gcóras íocaíochta, nó staideanna ina gcuireann oibríochtaí CPLanna le heaspa leachtachta sa mhargadh; mífheidhmiú tromchúiseach i socruithe íocaíochta nó socraíochta a chuireann bac ar chumas an CPL a chuid oibleagáidí íocaíochta a chomhlíonadh nó cur lena riachtanais leachtachta. Cinnfear an ann do na cásanna eisceachtúla sin de réir bhreithnithe an bheartais airgeadaíochta agus de réir na mbreithnithe sin amháin agus ní gá a chinneadh nach ann do na cásanna sin toisc cás éigeandála gan a bheith ann i gcomhthráth, ar cás éigeandála i a bhaineann leis an CPL. Sna cásanna sin, d’fhéadfadh sé nach ndéanfadh an creat stuamachta na rioscaí a bheadh ann ina dhiaidh sin a mhaolú go hiomlán agus, sa chás sin, d’fhéadfadh sé gur gá don bhanc ceannais/do na bainc cheannais eisiúna gníomhaíocht dhíreach a dhéanamh chun a áirithiú go dtarchuirfear an beartas airgeadaíochta nó chun feidhmiú rianúil na gcóras íocaíochta a áirithiú. |
|
(35) |
Sna cásanna eisceachtúla sin, d’fhéadfadh sé gur gá do na bainc cheannais eisiúna, a mhéid a cheadaítear faoina gcreataí institiúideacha faoi seach, ceanglais shealadacha a fhorchur a bhaineann le rioscaí leachtachta, rioscaí socraíochta, ceanglais chorrlaigh, comhthaobhacht nó socruithe idir-inoibritheachta. D’fhéadfadh sé, mura gcomhlíonfaí na ceanglais shealadacha sin, go ndéanfadh ESMA aitheantas CPL Leibhéal 2 a aistarraingt. D’fhéadfaí a áireamh, go háirithe, sna ceanglais sin, feabhsuithe sealadacha ar bhainistiú riosca leachtachta CPL Leibhéal 2, amhail méadú ar an maolán leachtachta, méadú ar a mhinice a bhaileofar corrlaigh ionlae, agus teorainneacha ar neamhchosaintí tras-airgeadra, nó socruithe sonracha chun airgead tirim a chur i dtaisce agus chun íocaíochtaí a shocrú in airgeadra an bhainc ceannais. Níor cheart na ceanglais a shíneadh chuig réimsí eile den mhaoirseacht stuamachta agus níor cheart gurb ionann iad go huathoibríoch agus aitheantas a tharraingt siar. Ina theannta sin, níor cheart cur i bhfeidhm na gceanglas sin a bheith ina choinníoll ach do thréimhse theoranta ama suas le 6 mhí, agus d’fhéadfaí, aon uair amháin, tréimhse bhreise nach faide ná 6 mhí a chur leis an tréimhse sin. Tar éis don tréimhse bhreise sin dul in éag, níor cheart cur i bhfeidhm na gceanglas sin a bheith ina choinníoll a thuilleadh le haghaidh CPL Leibhéal 2 a aithint. Mar sin féin, i gcás nua nó eisceachtúil eile, níor cheart cosc a chur ar na bainc cheannais eisiúna ceanglais shealadacha a fhorchur, a mbeadh a gcur i bhfeidhm ina choinníoll le haghaidh CPL Leibhéal 2 a aithint faoi Rialachán (AE) Uimh 648/2012. |
|
(36) |
Sula gcuirfear na ceanglais i bhfeidhm nó roimh aon síneadh a d’fhéadfadh a bheith i gceist, ba cheart do bhanc ceannais eisiúna míniú a thabhairt do ESMA, do bhainc cheannais eisiúna aon airgeadra de chuid an Aontais, ar sna hairgeadraí sin atá na hionstraimí airgeadais a imréitítear nó atá le himréiteach, agus do chomhaltaí an choláiste do CPLanna tríú tír ar iarmhairtí na gceanglas atá sé beartaithe acu a fhorchur ar éifeachtúlacht, ar fhóntacht agus ar theacht aniar CPLanna agus ba cheart dóibh údar a thabhairt dóibh maidir leis an bhfáth go bhfuil na ceanglais riachtanach agus comhréireach chun tarchur na mbeartas airgeadaíochta nó feidhmiú rianúil córas íocaíochta a áirithiú agus urraim a thabhairt ag an am céanna don ghá faisnéis rúnda agus íogair a chosaint. Chun an dúbláil a sheachaint, ba cheart don bhanc ceannais eisiúna comhoibriú agus faisnéis a chomhroinnt ar bhonn leanúnach le ESMA agus le bainc cheannais eisiúna aon airgeadra de chuid an Aontais, ar sna hairgeadraí sin atá na hionstraimí airgeadais a imréitítear nó atá le himréiteach i ndáil leis na ceanglais shealadacha is infheidhme i gcásanna eisceachtúla. |
|
(37) |
Ba cheart don bhanc ceannais eisiúna/do na bainc cheannais eisiúna a dhearbhú do ESMA cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann CPL Leibhéal 2 aon cheanglais bhreise, chomh tapa agus is féidir agus, in aon chás, laistigh de 30 lá oibre ón gcinneadh gurb amhlaidh nach bhfuil CPL tríú tír ina CPL Leibhéal 1 nó, laistigh de 90 lá oibre tar éis an fhorchurtha má forchuireadh na ceanglais sin tar éis a aithníodh CPL Leibhéal 2. |
|
(38) |
Is athraitheach méid an riosca a bhaineann le CPL a bhfuil tábhacht shistéamach leis don chóras airgeadais agus do chobhsaíocht an Aontais. Ba cheart na ceanglais maidir le CPLanna a bhfuil tábhacht shistéamach leo a chur i bhfeidhm ar bhealach atá comhréireach leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don Aontas i ngeall leis an CPL. I gcás ina gcinnfidh ESMA, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS), agus i gcomhaontú le banc ceannais eisiúna/bainc cheannais eisiúna aon airgeadra de chuid an Aontais, ar sna hairgeadraí sin atá na hionstraimí airgeadais a imréitíonn CPL tríú tír nó atá le himréiteach ag CPL tríú tír, ar bhonn measúnú atá iomlán réasúnaithe, lena n-áirítear measúnú cainníochtúil teicniúil ar na costais agus ar na sochair, go bhfuil tábhacht shistéamach chomh mór sin le CPL tríú tír, nó le cuid dá sheirbhísí imréitigh, nach dtabharfaí aghaidh go leordhóthanach, le comhlíonadh na gceanglas sonrach a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ar an riosca don chobhsaíocht airgeadais san Aontais nó i gceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit, agus i gcás ina measfar nach leor na bearta eile chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí don chobhsaíocht airgeadais, ba cheart do ESMA a mholadh don Choimisiún nár cheart an CPL sin nó cuid dá sheirbhísí imréitigh a aithint. Faoin nós imeachta sin, féadfaidh ESMA a mholadh don Choimisiún gan CPL a aithint, agus an CPL nó cuid dá sheirbhísí á rangú roimh ré mar eintiteas Leibhéal 2, nó gan é á rangú amhlaidh. |
|
(39) |
Ar bhonn an mholta sin, ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh, mar rogha dheiridh, lena sonrófaí nár cheart don CPL tríú tír atá i gceist a bheith in ann roinnt seirbhísí imréitigh nó a chuid seirbhísí imréitigh uile a chur ar fáil do chomhaltaí imréitigh agus d’ionaid trádála atá bunaithe san Aontas, mura mbeidh an CPL sin údaraithe an méid sin a dhéanamh in aon Bhallstát i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh 648/2012. Ba cheart freisin tréimhse oiriúnaithe iomchuí nach faide ná 2 bhliain a shocrú leis an ngníomh cur chun feidhme sin a bhféadfaí, aon uair amháin, síneadh 6 mhí a chur léi, agus ba cheart léiriú a bheith ann ar na cúinsí faoina bhféadfadh CPL leanúint de sheirbhísí nó gníomhaíochtaí áirithe imréitigh a chur ar fáil le linn na tréimhse oiriúnaithe agus aon bheart ba cheart a ghlacadh le linn na tréimhse sin d’fhonn teorainn a chur leis na costais a d’fhéadfadh a bheith ann do na comhaltaí imréitigh agus dá gcliaint, go háirithe iad siúd atá bunaithe san Aontas. |
|
(40) |
Tá sé tábhachtach go rachadh ESMA i gcomhairle leis na bainc cheannais eisiúna sin ceann ar cheann agus go gcuirfeadh siad in iúl go gcomhaontaíonn siad le haon mholadh a d’fhéadfadh aitheantas a shéanadh do CPL tríú tír ós rud é go bhféadfadh cinneadh mar sin tionchar a imirt ar an airgeadra a eisíonn siad agus ar an tuarascáil ó ESMA maidir le cur i bhfeidhm aon ghníomh cur chun feidhme a ghlacfaidh an Coimisiún tar éis an mholta úd. Mar sin féin, i gcás moladh nó tuarascáil den chineál sin, ba cheart baint a bheith ag an gcomhaontú nó ag na hábhair imní a bhféadfadh banc ceannais trácht a dhéanamh air ó bhanc ceannais le hairgeadra a eisíonn an banc sin, agus an t-airgeadra sin amháin, agus ní leis an moladh ina iomláine ná leis an tuarascáil ina hiomláine. |
|
(41) |
Ba cheart do ESMA athbhreithniú a dhéanamh go rialta ar an aitheantas a tugadh do CPLanna tríú tír agus ar an rangú a dhéantar orthu mar CPLanna Leibhéal 1 nó CPLanna Leibhéal 2. I dtaca leis sin de, ba cheart do ESMA, inter alia, na hathruithe i gcineál, i méid agus i gcastacht ghnó CPLanna tríú tír a mheas. Ba cheart na hathbhreithnithe sin a dhéanamh ar a laghad gach 5 bliana agus am ar bith a chuirfidh CPL tríú tír, atá aitheanta, síneadh nó teorainn le réimse a ghníomhaíochtaí agus a chuid seirbhísí san Aontas. I gcás ina gcinnfidh ESMA, tar éis an athbhreithnithe sin, gur cheart CPL Leibhéal 1 a rangú mar CPL Leibhéal 2, ba cheart do ESMA tréimhse oiriúnaithe iomchuí, nach faide ná 18 mí, a shocrú, ar lena linn ba cheart don CPL na ceanglais is infheidhme maidir le CPLanna Leibhéal 2 a chomhlíonadh. |
|
(42) |
Arna iarraidh sin do CPL Leibhéal 2, ba cheart do ESMA a bheith in ann a chur san áireamh a mhéid is féidir comparáid a dhéanamh idir comhlíontacht CPL den sórt sin leis na ceanglais is infheidhme sa tríú tír sin agus comhlíontacht an CPL sin le ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Agus an measúnú sin á dhéanamh, maidir leis an ngníomh cur chun feidhme a ghlac an Coimisiún lena gcinntear go bhfuil socruithe dlíthiúla agus maoirseachta an tríú tír ina bhfuil an CPL bunaithe coibhéiseach leis na cinn i Rialachán (AE) Uimh 648/2012, ba cheart do ESMA an gníomh sin agus aon choinníollacha ar faoina réir a bheidh cur i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme sin, a chur san áireamh. D’fhonn comhréireacht a áirithiú, ba cheart do ESMA a mheas freisin, agus an measúnú sin á dhéanamh, a mhéid atá na hionstraimí airgeadais a imréitíonn an CPL ainmnithe in airgeadraí de chuid an Aontais. Ba cheart don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh lena ndéanfar mionsonraithe ar na modúlachtaí agus na coinníollacha maidir le measúnú a dhéanamh ar a inchomparáide agus atá an chomhlíontacht sin. |
|
(43) |
Ba cheart na cumhachtaí go léir is gá a bheith ag ESMA chun maoirseacht a dhéanamh ar CPLanna tríú tír aitheanta lena áirithiú go ndéanfaidh siad ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a chomhlíonadh go leanúnach. |
|
(44) |
Chun an chomhroinnt faisnéise agus an comhar a éascú idir ESMA, údaráis inniúla na mBallstát atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar CPLanna agus na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar eintitis a bhféadfadh tionchar a bheith ag oibríochtaí na CPLanna tríú tír orthu, ba cheart do ESMA coláiste do CPLanna tríú tír a bhunú. Ba cheart do chomhaltaí an choláiste a bheith in ann a iarraidh go bpléifeadh an Coiste Maoirseachta do CPLanna ábhar sonrach ar bith maidir le CPLanna tríú tír. |
|
(45) |
D’fhonn ESMA a chumasú chun a chuid cúraimí maidir le CPLanna tríú tír a dhéanamh go éifeachtach, ba cheart do CPLanna tríú tír táillí maoirseachta a íoc as cúraimí riaracháin agus maoirseachta ESMA. Ba cheart do na táillí na costais a chumhdach a bhaineann le hiarratais ar aitheantas a dhéanfaidh CPLanna tríú tír agus le maoirseacht na CPLanna sin. Ba cheart don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh lena ndéanfar na cineálacha táillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a n-íocfar iad a shonrú a thuilleadh. |
|
(46) |
Ba cheart do ESMA a bheith in ann imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a sheoladh ar CPLanna Leibhéal 2 agus ar thríú páirtithe gaolmhara a ndearna na CPLanna sin feidhmeanna, seirbhísí nó gníomhaíochtaí oibríochtúla a sheachfhoinsiú chucu. I gcás inarb ábhartha, ba cheart na húdaráis inniúla atá freagrach as an maoirseacht ar na comhaltaí imréitigh atá bunaithe san Aontas, ba cheart iad a chur ar an eolas faoi thorthaí na n-imscrúduithe agus na gcigireachtaí sin ar an láthair. I gcás inarb ábhartha chun a gcúraimí beartais airgeadaíochta a chur i gcrích, ba cheart do bhainc cheannais eisiúna aon airgeadra de chuid an Aontais na n-ionstraimí airgeadais a imréitíonn an CPL nó atá le himréiteach ag an CPL a bheith in ann a iarraidh a bheith páirteach sna cigireachtaí sin ar an láthair. |
|
(47) |
Ba cheart ESMA a bheith in ann íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur chun iallach a chur ar CPLanna tríú tír deireadh a chur le sárú, faisnéis iomlán cheart, arna éileamh ag ESMA, a sholáthar nó géilleadh d’imscrúdú nó cigireacht ar an láthair. |
|
(48) |
Ba cheart ESMA a bheith in ann fíneálacha a ghearradh ar CPLanna Leibhéal 1 agus CPLanna Leibhéal 2 araon, i gcás ina gcinnfidh sé go bhfuil siad tar éis Rialachán (AE) No 648/2012 a shárú d’aon ghnó nó le faillí trí fhaisnéis mhícheart nó mhíthreorach a sholáthar do ESMA. Ina theannta sin, ba cheart ESMA a bheith in ann fíneálacha a ghearradh ar CPLanna Leibhéal 2, i gcás ina gcinnfidh sé go bhfuil siad tar éis sárú a dhéanamh d’aon ghnó nó le faillí ar na ceanglais bhreise is infheidhme maidir leo atá sa Rialachán sin. I gcás ina measfaidh ESMA i gcomhréir le hAirteagal 25a(1) gur féidir a rá, faoi CPL Leibhéal 2 a chomhlíonann creat dlíthiúil infheidhme an tríú tír, go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 16 agus i dTeidil IV agus V de Rialachán (AE) Uimh 648/2012, níor cheart a mheas gur sárú ar an Rialachán sin é iompar an CPL sin sa mhéid go gcomhlíonann sé na ceanglais inchomparáide sin. |
|
(49) |
Ba cheart fíneálacha a ghearradh i gcomhréir le tromchúis na sáruithe. Ba cheart sáruithe a fhoroinnt ina ngrúpaí éagsúla ar cheart fíneálacha sonracha a chionroinnt ina leith. Chun an fhíneáil a bhaineann le sárú sonrach a ríomh, ba cheart do ESMA modheolaíocht dhá chéim a chur i bhfeidhm arb é a bheadh ann méid bunúsach a shocrú agus an méid bunúsach sin a choigeartú, más gá, faoi chomhéifeachtaí áirithe. Ba cheart an méid bunúsach a chinneadh trí láimhdeachas bliantúil na CPLanna tríú tír lena mbaineann a chur san áireamh agus ba cheart na coigeartuithe a dhéanamh tríd an méid bunúsach a mhéadú nó a laghdú trí bhíthin chur i bhfeidhm na gcomhéifeachtaí ábhartha i gcomhréir leis an Rialachán seo. |
|
(50) |
Leis an Rialachán seo, bunaítear comhéifeachtaí a bheidh nasctha le himthosca géaraitheacha agus le himthosca maolaitheacha chun go dtabharfar na huirlisí is gá do ESMA chun fíneáil a fhorchur a bheidh comhréireach le tromchúis an tsáraithe arna dhéanamh ag CPL tríú tír, agus na himthosca faoina ndearnadh an sárú sin á gcur san áireamh. |
|
(51) |
Ba cheart an cinneadh fíneálacha a ghearradh nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur a bhunú ar imscrúdú neamhspleách. |
|
(52) |
Sula ndéanfar cinneadh maidir le fíneálacha a ghearradh nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, ba cheart do ESMA an deis a thabhairt do na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí éisteacht a fháil chun urraim a thabhairt dá gcearta maidir le cosaint. |
|
(53) |
Ba cheart do ESMA staonadh d’fhíneálacha a ghearradh nó d’íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur i gcás ina bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta ag éigiontú nó ciontú a rinneadh roimhe sin a d’éirigh as fíorais chomhionanna nó as fíorais atá comhionann le chéile go substaintiúil. |
|
(54) |
Ba cheart cinntí ESMA, lena ndéantar fíneálacha a ghearradh agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, a bheith in-fhorfheidhmithe agus ba cheart forfheidhmiú na gcinntí sin a bheith faoi réir rialacha nós imeachta shibhialta atá i bhfeidhm sa Stát nó ar an gcríoch ina ndéanfar an forfheidhmiú. Níor cheart rialacha nós imeachta choiriúil a bheith san áireamh i rialacha nós imeachta shibhialta, ach ba cheart rialacha nós imeachta riaracháin a áireamh iontu. |
|
(55) |
I gcás sárú arna dhéanamh ag CPL Leibhéal 2, ba cheart an chumhacht a bheith ag ESMA raon de bhearta maoirseachta a dhéanamh, lena n-áirítear a cheangal ar chontrapháirtí lárnach Leibhéal 2 deireadh a chur leis an sárú, agus, mar rogha dheireanach, an t-aitheantas a tharraingt siar i gcás inar sháraigh an CPL Leibhéal 2 Rialachán (AE) 648/2012 go tromchúiseach nó ina ndearna sé sin arís agus arís eile. Ba cheart do ESMA na bearta maoirseachta a chur i bhfeidhm agus cineál agus tromchúis an tsáraithe á gcur san áireamh, agus ba cheart dó prionsabal na comhréireachta a urramú. Sula ndéanfaidh ESMA cinneadh maidir le bearta maoirseachta, ba cheart dó deis a thabhairt do na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí éisteacht a fháil chun urraim a thabhairt dá gcearta maidir le cosaint. I gcás ina gcinnfidh ESMA aitheantas a tharraingt siar, ba cheart do ESMA teorainn a chur le haon suaitheadh a d’fhéadfadh a bheith sa mhargadh trí thréimhse oiriúnaithe iomchuí nach faide ná 2 bhliain a shainiú. |
|
(56) |
Maidir le bailíochtú a dhéanfaidh údaráis inniúla agus ESMA ar athruithe suntasacha ar mhúnlaí agus paraiméadair a ghlacfar chun ceanglais chorrlaigh, ranníocaíochtaí i leith ciste mainneachtana, ceanglais chomhthaobhachta agus sásraí rialaithe eile riosca a ríomh, ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar ghnéithe nós imeachta agus ar an idirghníomhú idir an bailíochtú agus cinneadh an choláiste. Ba cheart an deis a bheith ann athrú suntasach ar na samhlacha nó na paraiméadair a réamhghlacadh i gcás inar gá sin, go háirithe nuair nach mór athrú gasta a dhéanamh chun fóntacht bainistithe riosca an CPL a áirithiú. |
|
(57) |
Tá maoirseacht éifeachtach ar CPLanna ag brath ar inniúlachtaí, saineolas agus acmhainní a chothú, chomh maith le caidreamh comhoibríoch a chothú agus malartú a dhéanamh idir na hinstitiúidí. Ós rud é gur próisis iad sin uile a thagann chun cinn le himeacht ama agus a mbíonn dinimic ar leith ag baint le gach ceann acu, ba cheart a chur san áireamh, agus córas feidhmiúil éifeachtach éifeachtúil maoirseachta á cheapadh do CPLanna, go bhféadfadh athrú teacht air san fhadtéarma. Níl aon amhras, dá bhrí sin, ach go dtiocfaidh athrú ar chomhroinnt na n-inniúlachtaí arna mbunú leis an Rialachán seo de réir mar a fhorbrófar ról agus acmhainní ESMA, a dtacaíonn an Coiste Maoirseachta do CPLanna leo. D’fhonn cur chuige maoirseachta éifeachtúil athléimneach a cheapadh maidir le CPLanna, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar a éifeachtaí atá cúraimí ESMA, agus cúraimí an Choiste Maoirseachta do CPLanna go háirithe, maidir le féachaint chuige go gcuirtear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i bhfeidhm san Aontas ar bhealach cóineasaithe comhsheasmhach agus go gcomhroinntear freagrachtaí ar institiúidí agus ar chomhlachtaí an Aontais agus na mBallstát. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a thabhairt freisin maidir le tionchar an Rialacháin seo ar an gcothrom iomaíochta i measc CPLanna agus measúnú a dhéanamh ar an gcreat faoina ndéanfar CPLanna tríú tír a aithint agus a mhaoirsiú. Ba cheart don Choimisiún an tuarascáil, agus aon togra iomchuí, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. |
|
(58) |
D’fhonn cur i bhfeidhm éifeachtach na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo i dtaca le CPLanna tríú tír, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na nithe seo: an cineál táillí a shonrú a thuilleadh, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a n-íocfar iad a shonrú a thuilleadh, na critéir a shonrú tuilleadh lena gcinnfear an bhfuil tábhacht shistéamach le CPL nó an dócha go mbeidh tábhacht shistéamach le CPL maidir le cobhsaíocht airgeadais an Aontais nó maidir le ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit; sonrú breise ar na critéir a bheidh le húsáid chun coibhéis tríú tíortha a mheasúnú; sonrú a dhéanamh ar an gcaoi a gcomhlíonfaidh CPLanna tríú tír ceanglais áirithe agus ar na coinníollacha faoina ndéanfaidh siad sin; rialacha nós imeachta eile a bhaineann le fíneálacha a ghearradh nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, lena n-áirítear forálacha maidir le cearta na cosanta, teorainneacha ama, bailiú fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus na tréimhsí teorann i dtaca le híocaíochtaí pionósacha nó fíneálacha a fhorchur agus a fhorfheidhmiú; bearta chun Iarscríbhinn IV a leasú chun forbairtí sna margaí airgeadais a chur san áireamh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (8). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(59) |
D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, agus go háirithe maidir le haitheantas a thabhairt do CPLanna tríú tír agus coibhéis creataí dlíthiúla tríú tíortha, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). |
|
(60) |
D’fhonn comhchuibhiú comhsheasmhach ar rialacha agus ar chleachtas maoirseachta a áirithiú maidir le leathnú gníomhaíochtaí agus seirbhísí, coláistí agus samhlacha a athbhreithniú, tástáil struis agus cúltástáil, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh arna bhforbairt ag ESMA i dtaca leis an méid seo a leanas: na coinníollacha faoi nach bhfuil seirbhísí nó gníomhaíochtaí breise ar mian le CPL a ghnó a leathnú chuige clúdaithe ag an údarú tosaigh; na coinníollacha faoina measfar gurb ábhartha airgeadraí Aontais chun críche ballraíocht banc ceannais eisiúna i gcoláistí agus sonraí na socraíochtaí praiticiúla le haghaidh fheidhmiú na gcoláistí; agus na coinníollacha faoina bhfuil athruithe ar mhúnlaí agus ar pharaiméadair CPLanna suntasach. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán 1095/2010. |
|
(61) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon sábháilteacht agus éifeachtúlacht CPLanna a mhéadú trí cheanglais aonfhoirmeacha a leagan síos maidir lena ngníomhaíochtaí, a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr a fhairsinge agus a iarmhairtí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(62) |
Ba cheart úsáid na cumhachta atá ag ESMA CPL a aithint mar CPL Leibhéal 1 nó CPL Leibhéal 2 a chur siar go dtí go ndéanfar na critéir a shonrú a thuilleadh lenar féidir a mheasúnú (a) an bhfuil, nó an bhféadfaidh go mbeidh, tábhacht shistéamach le CPL maidir le córas airgeadais an Aontais nó maidir le córas airgeadais ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit; agus (b) an bhfuil comhlíonadh inchomparáide á dhéanamh. |
|
(63) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 mar a leanas:
|
(1) |
In Airteagal 6, mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
|
|
(2) |
In Airteagal 15, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:
|
|
(3) |
In Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
|
|
(4) |
Leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:
|
|
(5) |
Leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:
|
|
(6) |
Leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:
|
|
(7) |
Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: “Airteagal 23a Comhar maoirseachta idir na húdaráis inniúla agus ESMA i dtaca le CPLanna údaraithe 1. Comhlíonfaidh ESMA ról comhordúcháin idir údaráis inniúla agus ar fud na gcoláistí chun cultúr coiteann maoirseachta agus cleachtais mhaoirseachta chomhsheasmhacha a chruthú, nósanna imeachta aonfhoirmeacha agus modhanna comhsheasmhacha cur chuige a áirithiú, agus comhsheasmhacht na dtorthaí maoirseachta a fheabhsú, go háirithe maidir le réimsí maoirseachta a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo nó a bhféadfadh tionchar trasteorann a bheith acu. 2. Tíolacfaidh na húdaráis inniúla a gcuid dréachtchinntí chuig ESMA sula ndéanfaidh siad aon ghníomh nó beart a ghlacadh de bhun Airteagail 7, 8, 14, 15, 29 go 33, 35, 36 agus 54. Is ceadmhach freisin do na húdaráis inniúla dréachtchinntí a chur faoi bhráid ESMA sula ndéanfaidh siad aon ghníomh nó beart a ghlacadh i gcomhréir lena ndualgas faoi Airteagal 22(1). 3. Tráth nach déanaí ná 20 lá oibre tar éis do ESMA dréachtchinneadh a fháil, arna chur faoina bhráid i gcomhréir le mír 2 i dtaca le hAirteagal ar leith, tabharfaidh ESMA tuairim uaidh faoin dréachtchinneadh sin don údarás inniúil i gcás inar gá chun go gcuirfí chun feidhme go comhleanúnach comhsheasmhach an tAirteagal sin. I gcás nach mbeidh cóineasú ná comhsheasmhacht le feiceáil i dtaca le cur chun feidhme an Rialacháin seo sa dréachtchinneadh arna chur faoi bhráid ESMA i gcomhréir le mír 2, eiseoidh ESMA treoirlínte nó moltaí ar mhaithe le pé cóineasú nó comhsheasmhacht is gá i gcur chun feidhme an Rialacháin seo a chur chun cinn de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 4. I gcás ina nglacfaidh ESMA tuairim i gcomhréir le mír 3, déanfaidh an t-údarás inniúil a chuí-mharana air sin agus cuirfidh sé ESMA ar an eolas i dtaobh aon ghníomhaíocht nó easpa gníomhaíochta a dhéanfar ina leith. I gcás nach gcomhaontóidh an t-údarás inniúil leis an tuairim ó ESMA, cuirfidh sé ar fáil do ESMA tráchtaireacht maidir leis an áit a n-imítear go mór ón tuairim sin.”; |
|
(8) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24: “Airteagal 24 Cásanna éigeandála Cuirfidh údarás inniúil an CPL nó aon údarás inniúil ábhartha eile ESMA, an coláiste, comhaltaí ábhartha CEBC agus údaráis ábhartha eile ar an eolas gan aon mhoill mhíchuí faoi aon chás éigeandála a bhaineann le CPL, lena n-áirítear forbairtí i margaí airgeadais a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leachtacht an mhargaidh, do tharchur beartas airgeadais, d’oibriú réidh córas íocaíochta nó do chobhsaíocht an chórais airgeadais in aon cheann de na Ballstáit ina bhfuil an CPL nó ceann dá chomhaltaí imréitigh bunaithe.”; |
|
(9) |
Cuirtear isteach an chaibidil seo a leanas: “ CAIBIDIL 3A An Coiste Maoirseachta do CPLanna Airteagal 24a An Coiste Maoirseachta do CPLanna 1. Bunóidh ESMA buanchoiste inmheánach de bhun Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun dréachtchinntí a ullmhú, a ghlacfaidh an Bord Maoirseoirí, agus chun na cúraimí a leagtar amach i míreanna 7, 9 agus 10 den Airteagal seo (‘an Coiste Maoirseachta do CPLanna’) a chur i gcrích. 2. Beidh a leanas ar an gCoiste Maoirseachta do CPLanna:
Tabharfar comhaltacht go huathoibríoch chun críche fhophointe (i) agus fophointe (ii), arna iarraidh sin aon uair amháin i scríbhinn ar an gCathaoirleach. 3. Féadfaidh an Cathaoirleach cuireadh a thabhairt do bhreathnóirí chuig cruinnithe an Choiste Maoirseachta do CPLanna, agus i gcás inarb iomchuí agus inar gá, do chomhaltaí na gcoláistí dá dtagraítear in Airteagal 18. 4. Is é an Cathaoirleach a chomórfaidh cruinnithe an Choiste Maoirseachta do CPLanna ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin nó arna iarraidh sin d’aon duine de chomhaltaí vótála an bhoird. Tiocfaidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna le chéile cúig huaire, ar a laghad, sa bhliain. 5. Gairmithe neamhspleácha lánaimseartha a bheidh i gCathaoirleach agus i gcomhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna. Is tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus ar bhonn fiúntais, scileanna agus eolas ar imréiteach, iarthrádáil, maoirseacht stuamachta agus cúrsaí airgeadais, agus ar bhonn taithí a bhaineann le maoirseacht agus rialáil CPLanna, a cheapfaidh an Bord Maoirseoirí iad. Sula ndéanfar ceapachán an Chathaoirligh agus chomhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna, agus suas go mí amháin tar éis don Bhord Maoirseoirí a ghearrliosta a chur i dtoll a chéile, cuirfidh an Bord Maoirseoirí an gearrliosta sin d’iarratasóirí roghnaithe, lena n-urramaítear an chothromaíocht inscne, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, agus déanfaidh Parlaimint na hEorpa na hiarratasóirí roghnaithe a fhormheas nó a dhiúltú tar éis di éisteacht leo. I gcás nach gcomhlíonfaidh an Cathaoirleach nó aon duine de na comhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna a thuilleadh na coinníollacha a cheanglaítear chun a gcuid dualgas a fheidhmiú nó i gcás go bhfuarthas ciontach iad as mí-iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún arna fhormheas ag Parlaimint na hEorpa, cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh an duine sin a chur as oifig. Is le tromlach cáilithe a ghníomhóidh an Chomhairle. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle scéala a chur chuig an gCoimisiún á rá gur dóigh leo go gcomhlíontar na coinníollacha chun Cathaoirleach nó duine de chomhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna a chur as oifig, agus tabharfaidh an Coimisiún freagra air sin. Cúig bliana a mhairfidh téarma oifige Chathaoirleach agus chomhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna; féadfar síneadh amháin a chur leis an tréimhse sin. 6. Ní bheidh seilbh ag Cathaoirleach ná ag comhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna ar aon oifig ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais ná ar an leibhéal idirnáisiúnta. Gníomhóidh siad go neamhspleách agus go hoibiachtúil chun leas an Aontais ina iomláine agus chun na críche sin amháin agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí ná ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas Ballstáit ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile. Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí nó comhlachtaí an Aontais, ná aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile iarracht tionchar a imirt ar chathaoirleach nó ar dhuine de chomhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh. I gcomhréir leis na Rialacháin Foirne dá dtagraítear in Airteagal 68 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, beidh Cathaoirleach agus comhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna, ach a n-éirí siad as an tseirbhís, fós faoi cheangal iad féin a iompar go hionraic agus go discréideach maidir le ceapacháin nó sochair áirithe. 7. I dtaca le CPLanna údaraithe, nó le CPLanna a bhfuil iarratas ar údarú déanta acu i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán seo, déanfaidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna, chun críche Airteagal 23a(1) den Rialachán seo, cinntí a ullmhú agus na cúraimí sin a leagtar ar ESMA in Airteagal 23a(2) den Rialachán seo agus sna pointí seo a leanas a chur i gcrích:
Chun críocha phointe (a) go pointe (d) sa chéad fhomhír, tabharfaidh na húdaráis inniúla gach faisnéis agus doiciméadacht ábhartha do ESMA gan moill mhíchuí. 8. I gcás ina nochtfar easpa cóineasaithe agus comhsheasmhachta i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo trí na gníomhaíochtaí nó an malartú dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) de mhír 7, eiseoidh ESMA na treoirlínte nó na moltaí is gá de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 nó tuairimí de bhun Airteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. I gcás ina dtabharfar chun solais, le measúnú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 7, go bhfuil easnaimh i dteacht aniar ceann amháin nó níos mó de na contrapháirtithe lárnacha, eiseoidh ESMA na moltaí riachtanacha de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 9. Ina theannta sin, féadfaidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna an méid seo a leanas a dhéanamh:
10. Déanfaidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna, i dtaca le CPLanna tríú tír, dréachtchinntí a ullmhú a ghlacfaidh an Bord Maoirseoirí agus cuirfidh sé i gcrích na cúraimí a leagtar ar ESMA in Airteagail 25, 25a, 25b, 25f go 25q agus 85(6). 11. Déanfaidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna, i dtaca le CPLanna tríú tír, cláir oibre a gcruinnithe a chomhroinnt leis an gcoláiste do CPLanna tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 25c sula reáchtálfar na cruinnithe sin, mar aon le miontuairiscí a chruinnithe, na dréachtchinntí iomlána a chuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí agus na cinntí deireanacha arna nglacadh ag an mBord Maoirseoirí. 12. Gheobhaidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna tacaíocht ó fhoireann thiomnaithe de chuid ESMA, ag a mbeidh a ndóthain eolais, scileanna, agus taithí acu d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:
13. Chun críocha an Rialacháin seo, áiritheoidh ESMA go bhfuil scaradh struchtúrach idir an Coiste Maoirseachta do CPLanna agus na feidhmeanna eile dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Airteagal 24b Comhairliúchán leis na bainc cheannais eisiúna 1. I ndáil le cinntí a bheidh le glacadh de bhun Airteagail 41, 44, 46, 50 agus 54 maidir le CPLanna Leibhéal 2, rachaidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna i gcomhairle leis na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 25(3). Beidh cead freagartha ag gach banc ceannais eisiúna. Pé freagra a gheofar, gheofar é tráth nach déanaí ná 10 lá oibre ó tharchuirfear an dréachtchinneadh. I gcásanna éigeandála, ní rachaidh an tréimhse thuasluaite thar 24 uair. I gcás ina molfaidh banc ceannais eisiúna leasuithe ar dhréachtchinntí nó ina gcuirfidh sé ina gcoinne de bhun Airteagail 41, 44, 46, 50 agus 54, tabharfaidh sé cúiseanna iomlána mionsonraithe leis sin i scríbhinn. Nuair a thiocfaidh deireadh leis an tréimhse chomhairliúcháin, breithneoidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna tríú tír go cuí na leasuithe arna moladh ag na bainc cheannais eisiúna. 2. I gcás nach léireoidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna na leasuithe sin arna moladh ag an mbanc ceannais eisiúna ina dhréachtchinntí, cuirfidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna an banc ceannais eisiúna sin ar an eolas i scríbhinn agus luafaidh sé na cúiseanna iomlána nár cuireadh san áireamh na leasuithe arna moladh ag an mbanc ceannais eisiúna sin, agus míniú á thabhairt ar aon imeacht ó na leasuithe sin. Cuirfidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna na leasuithe arna moladh ag an mbanc ceannais eisiúna faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí, mar aon leis na cúiseanna nár chuir sé san áireamh iad lena dhréachtchinneadh. 3. I ndáil le cinntí a bheidh le glacadh de bhun Airteagal 25(2c) agus Airteagal 85(6), lorgóidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna comhaontú ó na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 25(3) maidir lena mbaineann leis na hairgeadraí a eisíonn siad. Glacfar leis gur chomhaontaigh gach banc ceannais eisiúna, mura molfaidh an banc ceannais eisiúna leasuithe nó mura gcuirfidh sé ina choinne laistigh de 10 lá oibre ón uair a seolfar an dréachtchinneadh. I gcás ina molfaidh banc ceannais eisiúna leasuithe a dhéanamh ar an dréachtchinneadh nó ina gcuireann sé ina aghaidh, tabharfaidh sé cúiseanna iomlána mionsonraithe leis sin i scríbhinn. I gcás ina molfaidh banc ceannais eisiúna leasuithe a bhaineann leis an airgeadra a eisíonn sé, ní fhéadfaidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna a chur faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí ach an dréachtchinneadh arna leasú i dtaca leis na cúrsaí sin. I gcás ina gcuirfidh banc ceannais eisiúna agóid isteach a bhaineann leis an airgeadra a eisíonn sé, ní áireoidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna na cúrsaí sin sa dréachtchinneadh a chuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí lena ghlacadh. Airteagal 24c Cinnteoireacht laistigh den Choiste Maoirseachta do CPLanna Déanfaidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna a chuid cinntí le tromlach glan dá chuid comhaltaí. I gcás comhionannas vótaí, is ag an gCathaoirleach a bheidh an vóta réitigh. Airteagal 24d Cinnteoireacht laistigh den bhord maoirseoirí I gcás ina gcuirfidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna dréachtchinntí faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí de bhun Airteagail 25(2), 25(2a), 25(2b), 25(2c), 25(5), 25p, 85(6), 89(3b) den Rialachán seo agus, ina theannta sin, do CPLanna Leibhéal 2, agus dóibh siúd amháin, i gcomhréir le hAirteagail 41, 44, 46, 50 agus 54 den Rialachán seo, déanfaidh an Bord Maoirseoirí cinneadh maidir leis na dréachtchinntí sin i gcomhréir le hAirteagal 44 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 laistigh de 10 lá oibre. I gcás ina gcuirfidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna tríú tír dréachtchinntí faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí de bhun airteagail nach ionann agus iad siúd dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh an Bord Maoirseoirí cinneadh i ndáil leis na dréachtchinntí sin i gcomhréir le hAirteagal 44 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 laistigh de 3 lá oibre. Airteagal 24e Cuntasacht 1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cuireadh a thabhairt don Chathaoirleach agus do chomhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna, ráiteas a dhéanamh, agus a neamhspleáchas á urramú go hiomlán acu. Déanfaidh an Cathaoirleach agus comhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna an ráiteas sin os comhair Pharlaimint na hEorpa, nuair a iarrfar sin orthu, agus freagróidh siad aon cheisteanna a chuirfidh a comhaltaí air. 2. Tabharfaidh Cathaoirleach agus comhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna tuairisc i scríbhinn don Pharlaimint agus don Chomhairle maidir le príomhghníomhaíochtaí an Choiste Maoirseachta do CPLanna, i gcás ina n-iarrfar sin, 15 lá sula ndéanfaidh siad an ráiteas dá dtagraítear i mír 1. 3. I dtaca le haon fhaisnéis ábhartha a iarrfaidh Parlaimint na hEorpa, is ar bhonn ad hoc rúnda a chuirfidh an Cathaoirleach agus comhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna in iúl í. Ní chumhdófar faisnéis rúnda maidir le CPLanna aonair sa tuarascáil sin.”; |
|
(10) |
Leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:
|
|
(11) |
Cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas: “Airteagal 25a Comhlíonadh inchomparáide 1. Féadfaidh CPL dá dtagraítear in Airteagal 25(2b)(a) iarraidh réasúnaithe a dhéanamh go ndéanfadh ESMA measúnú ar cibé acu is féidir nó nach féidir a mheas gur leor comhlíontacht an CPL sin i dtaca leis an gcreat tríú tír is infheidhme, agus forálacha an ghnímh cur chun feidhme a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 25(6) á gcur san áireamh, mar chomhlíonadh ar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 16 agus i dTeideal IV agus Teideal V. Cuirfidh ESMA an iarraidh faoi bhráid an choláiste do CPLanna tríú tír láithreach. 2. San iarraidh dá dtagraítear i mír 1 beidh an bunús ó thaobh fíoras de a bheadh de dhíth le cinneadh go bhfuil inchomparáideacht ann agus na cúiseanna a shásaítear, leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 16 agus i dTeideal IV agus Teideal V, comhlíonadh na gceanglas is infheidhme sa tríú tír. 3. Chun a áirithiú go mbeidh cuspóirí rialála na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 16 agus i dTeideal IV agus Teideal V agus leasanna an Aontais ar an iomlán curtha san áireamh go héifeachtach sa mheasúnú dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe lena sonrófar an méid seo a leanas:
Glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir le Airteagal 82 faoin 2 Eanáir 2021. Airteagal 25b Comhlíonadh leanúnach na gcoinníollacha aitheantais 1. Is ar ESMA a bheidh na cúraimí a thiocfaidh as an Rialachán seo i dtaca le maoirseacht leanúnach a dhéanamh ar an méid a chomhlíonann CPLanna aitheanta Leibhéal 2 na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 25(2b). Maidir le cinntí de bhun Airteagail 41, 44, 46, 50 agus 54, rachaidh ESMA i gcomhairle leis na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 25(3), i gcomhréir le hAirteagal 24b(1). Iarrfaidh ESMA daingniú ó gach CPL Leibhéal 2 gach bliain ar a laghad go bhfuil na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (c) agus pointe (d) d’Airteagal 25(2b) á gcomhlíonadh fós. I gcás ina measfaidh banc ceannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 25(3) nach bhfuil an choinníoll dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 25(2b) á comhlíonadh ag CPL Leibhéal 2 a thuilleadh, cuirfidh sé fógra faoi sin láithreach chuig ESMA. 2. I gcás nach n-éireoidh le CPL Leibhéal 2 an daingniú dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 a chur ar fáil do ESMA nó i gcás ina bhfaighidh ESMA fógra de bhun na tríú fomhíre de mhír 1, measfar nach gcomhlíonann an CPL sin na coinníollacha a leagtar síos maidir le haitheantas de bhun Airteagal 25(2b), agus beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 25p(2), (3) agus (4). 3. Déanfaidh ESMA, i gcomhar le BERS, measúnuithe ar an teacht aniar atá i CPLanna Leibhéal 2 aitheanta i ndáil le forbairtí dochracha sa mhargadh i gcomhréir le hAirteagal 32(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, i gcomhordú leis na measúnuithe dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 24a(7). I dtaca le bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 25(3), féadfaidh siad rannchuidiú leis na measúnuithe sin mar chuid dá gcúraimí beartais airgeadais. Agus na measúnuithe sin á ndéanamh aige, áireoidh ESMA rioscaí airgeadais agus oibríochtúla mar chuid díobh, ar a laghad, agus áiritheoidh sé go mbeidh comhleanúnachas ann leis an measúnú ar theacht aniar CPLanna de chuid an Aontais a dhéanfar de bhun phointe (b) d’Airteagal 24a(7) den Rialachán seo. Airteagal 25c Coláiste do CPLanna tríú tír 1. Bunóidh ESMA coláiste do CPLanna tríú tír chun comhroinnt faisnéise a éascú. 2. Is éard a bheidh sa choláiste:
3. Féadfaidh comhaltaí an choláiste a iarraidh ar an gCoiste Maoirseachta do CPLanna tríú tír ábhair shonracha a phlé i ndáil le CPL atá bunaithe i dtríú tír. Déanfar an iarraidh sin i scríbhinn agus áireofar leis réasúnú mionsonraithe na hiarrata. Breithneoidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna na hiarrataí sin go cuí agus tabharfaidh sé freagra iomchuí. 4. Beidh bunú agus feidhmiú an choláiste bunaithe ar chomhaontú i scríbhinn idir a chomhaltaí uile. Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla i gcomhréir le hAirteagal 83 maidir le comhaltaí uile an choláiste. Airteagal 25d Táillí 1. Gearrfaidh ESMA na táillí seo a leanas ar CPLanna atá bunaithe i dtríú tír i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 3:
2. Beidh na táillí dá dtagraítear i mír 1 comhréireach le láimhdeachas an CPL lena mbaineann agus cumhdóidh siad gach costas a thabhóidh ESMA as an aitheantas agus as a chuid cúraimí a chur i gcrích i gcomhréir leis an Rialachán seo. 3. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún bearta tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 82, chun an méid seo a leanas a shonrú a thuilleadh:
Airteagal 25e Na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 25f go 25h a fheidhmiú Maidir leis na cumhachtaí a thabharfar do ESMA nó d’aon oifigeach, nó d’aon duine eile a údaróidh ESMA de bhun Airteagail 25f go 25h, ní úsáidfear iad chun nochtadh na faisnéise nó na ndoiciméad atá faoi réir pribhléid dhlíthiúil a éileamh. Airteagal 25f Iarraidh ar fhaisnéis 1. Féadfaidh ESMA, trí bhíthin iarraidh shimplí nó cinnidh, a cheangal ar CPLanna aitheanta, agus ar thríú páirtithe gaolmhara a ndearna na CPLanna sin feidhmeanna nó gníomhaíochtaí oibríochtúla a sheachfhoinsiú chucu, an fhaisnéis uile is gá a sholáthar chun a chúraimí a dhéanamh faoin Rialachán seo. 2. Nuair a bheidh iarraidh shimplí ar fhaisnéis á seoladh aige faoi mhír 1, léireoidh ESMA an méid seo a leanas:
3. Tráth a gceanglaíonn ESMA, trí bhíthin cinnidh, go gcuirfí faisnéis ar fáil faoi mhír 1, léireoidh sé an méid seo a leanas:
4. Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a n-ionadaithe nó, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, déanfaidh na daoine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a mbunreachta an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar thar a gceann. Dlíodóirí a údaraítear go cuí chun gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a sholáthrófar neamhiomlán, mícheart nó míthreorach. 5. I gcás daoine dá dtagraítear i mír 1 lena mbaineann an fhaisnéis, déanfaidh ESMA, gan mhoill, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil ábhartha an tríú tír ina bhfuil siad lonnaithe nó bunaithe. Airteagal 25g Imscrúduithe ginearálta 1. Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ESMA imscrúduithe riachtanacha a dhéanamh ar CPLanna Leibhéal 2 agus ar thríú páirtithe gaolmhara chuig a bhfuil feidhmeanna, seirbhísí nó gníomhaíochtaí oibríochtúla seachfhoinsithe ag na CPLanna sin. Chuige sin, cumhachtófar na hoifigigh agus daoine eile a údaróidh ESMA chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
Féadfaidh na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 25(3) a bheith rannpháirteach sna himscrúduithe sin i gcás inarb ábhartha iad i dtaca lena gcúraimí beartais airgeadais a chur i gcrích, ach iarraidh réasúnaithe a thíolacadh chuig ESMA. Cuirfear an Coláiste do CPLanna tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 25c ar an eolas gan aon mhoill mhíchuí faoi aon chinntí a d’fhéadfadh a bheith ábhartha i bhforfheidhmiú a gcúraimí. 2. Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ESMA chun críocha na n-imscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a sholáthar ina sonraítear ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe. Sonrófar san údarú sin freisin na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 25k i gcás nach soláthrófar na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta, nó aon ábhar eile a iarradh nó freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar CPLanna Leibhéal 2 nó i gcás ina mbeidh na nithe sin neamhiomlán, agus sonrófar ann freisin na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 25j, i dteannta phointe (b) de Roinn V d’Iarscríbhinn III, i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na CPLanna Leibhéal 2 mícheart nó míthreorach. 3. Ní mór do CPLanna Leibhéal 2 géilleadh d’imscrúduithe arna seoladh ar bhonn cinneadh a dhéanann ESMA. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 25k den Rialachán seo, na réitigh dhlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú. 4. Sula dtabharfaidh sé fógra do CPL Leibhéal 2, cuirfidh ESMA údarás inniúil ábhartha an tríú tír ina bhfuil an t-imscrúdú le déanamh ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine údaraithe. Ar iarratas ó ESMA, féadfaidh oifigigh ó údarás inniúil tríú tír cúnamh a thabhairt do na daoine údaraithe sin agus a ndualgais á gcur i gcrích acu. Féadfaidh oifigigh de chuid údarás inniúil an tríú tír lena mbaineann freastal ar na himscrúduithe freisin. I dtaca le cigireachtaí arna ndéanamh i dtríú tír i gcomhréir leis an Airteagal seo, is de bhun na socruithe comhair arna mbunú le húdarás inniúil ábhartha an tríú tír a dhéanfar iad. Airteagal 25h Cigireachtaí ar an láthair 1. Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ESMA gach cigireacht riachtanach ar an láthair a dhéanamh ag aon áitreabh gnó, talamh nó maoin de chuid CPLanna Leibhéal 2 agus ar thríú páirtithe gaolmhara chuig a bhfuil feidhmeanna, seirbhísí nó gníomhaíochtaí oibríochtúla seachfhoinsithe ag na CPLanna sin. Feadfaidh na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 25(3) iarraidh réasúnaithe ar ESMA páirt a ghlacadh sna cigireachtaí sin ar an láthair i gcás inarb ábhartha iad maidir lena gcúraimí beartais airgeadaíochta a dhéanamh. Cuirfear an coláiste do CPLanna tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 25c ar an eolas gan aon mhoill mhíchuí faoi aon chinntí a d’fhéadfadh a bheith ábhartha i bhforfheidhmiú a chúraimí. 2. Féadfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a údaróidh ESMA cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh dul isteach in áitreabh gnó ar bith, ar thalamh ar bith nó ar mhaoin ar bith de chuid na ndaoine dlítheanacha atá faoi réir cinneadh maidir le cigireacht a ghlacfaidh ESMA agus beidh na cumhachtaí go léir a shonraítear in Airteagal 25g(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó nó aon leabhair nó aon taifid a shéalú ar feadh na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht. 3. Tréimhse ama leordhóthanach roimh an gcigireacht, tabharfaidh ESMA fógra faoin gcigireacht sin don údarás inniúil tríú tír ábhartha ina bhfuil an chigireacht le déanamh. Féadfaidh ESMA, tar éis dó an t-údarás inniúil tríú tír a chur ar an eolas, an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt do CPL roimh ré más gá sin ar mhaithe leis na cigireachtaí a dhéanamh go hiomchuí éifeachtúil. I dtaca le cigireachtaí arna ndéanamh i dtríú tír i gcomhréir leis an Airteagal seo, is de bhun na socruithe comhair arna mbunú le húdarás inniúil ábhartha an tríú tír a dhéanfar iad. Déanfaidh na hoifigigh agus daoine eile a bheidh údaraithe ag ESMA cigireacht ar an láthair a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a thaispeáint ina bhfuil ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 25k sonraithe, mura ngéillfidh na daoine lena mbaineann don chigireacht. 4. Géillfidh na CPLanna Leibhéal 2 do chigireachtaí ar an láthair arna n-ordú trí bhíthin cinneadh de chuid ESMA. Sonrófar, sa chinneadh, ábhar agus cuspóir na cigireachta, an dáta a mbeidh sé le tosú, na íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 25k, na réitigh dhlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú. 5. Ar iarratas ó ESMA, féadfaidh oifigigh údarás inniúil an tríú tír ina bhfuil an chigireacht le déanamh, chomh maith leis na daoine sin a bheidh údaraithe nó ceaptha ag údarás inniúil an tríú tír sin, cúnamh gníomhach a thabhairt do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ESMA. Féadfaidh oifigigh ón údarás inniúil ábhartha tríú tír freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin. 6. Féadfaidh ESMA freisin iarraidh ar údaráis inniúla tríú tír cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 25g(1) a dhéanamh thar a cheann. 7. I gcás ina ndéanfaidh na hoifigigh, agus na daoine eile a údaróidh ESMA a bheith leo, amach go bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireachta a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, féadfaidh ESMA a iarraidh ar an údarás inniúil tríú tír lena mbaineann gach cúnamh is gá a thabhairt dóibh agus, lena n-áireofar, más iomchuí, cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin, ionas go mbeidh sé ar a gcumas a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh. Airteagal 25i Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a fhorchur 1. I gcás ina ndéanfaidh ESMA amach, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á gcur i gcrích aige, go bhfuil tásca tromchúiseacha ann a léiríonn go bhféadfadh sé gurbh ann d’fhíorais ar dóigh maidir leo gurb ionann iad agus ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III, ceapfaidh ESMA oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh de ESMA chun an t-ábhar a imscrúdú. Ní oifigeach imscrúdúcháin atá rannpháirteach nó a bhí rannpháirteach go díreach ná go hindíreach i bpróiseas aitheantais ná clárúcháin an CPL lena mbaineann a bheidh san oifigeach sin, agus comhlíonfaidh sé nó sí a chuid feidhmeanna nó a cuid feidhmeanna go neamhspleách ar ESMA. 2. Déanfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, agus aon bharúlacha a chuirfidh na daoine atá faoi imscrúdú á gcur san áireamh agus cuirfidh sé comhad iomlán, ina mbeidh a chinntí nó a cinntí, faoi bhráid ESMA. Chun a chuid nó a cuid cúraimí a chur i gcrích, féadfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin an chumhacht a fheidhmiú chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 25f agus chun imscrúduithe a dhéanamh agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 25g agus le hAirteagal 25h. Nuair a bheidh na cumhachtaí sin á n-úsáid aige, comhlíonfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin Airteagal 25e. Nuair a bheidh a chúraimí nó a cúraimí á gcur i gcrích aige nó aici, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus ar an bhfaisnéis uile atá bailithe ag ESMA ina ghníomhaíochtaí. 3. Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú nó a himscrúdú a chríochnú agus sula gcuirfidh sé an comhad ina bhfuil a chuid cinntí faoi bhráid ESMA, tabharfaidh sé deis do na daoine atá faoi imscrúdú éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á n-imscrúdú. Is ar na fíorais sin a raibh deis ag na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith agus ar na fíorais sin amháin a bhunóidh an t-oifigeach imscrúdúcháin a chuid nó a cuid cinntí. Déanfar cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn na n-imscrúduithe faoin Airteagal seo. 4. Nuair a bheidh an comhad ina bhfuil a chuid nó a cuid cinntí á chur faoi bhráid ESMA ag an oifigeach imscrúdúcháin, tabharfaidh sé fógra faoi sin do na daoine atá faoi imscrúdú. Beidh na daoine atá faoi imscrúdú i dteideal fáil a bheith acu ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile, maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda eile ná doiciméid réamhullmhúcháin inmheánacha ESMA san áireamh sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad. 5. Ar bhonn an chomhaid ina mbeidh cinntí an oifigigh imscrúdúcháin agus, arna iarraidh sin do na daoine lena mbaineann, tar éis na daoine atá faoi imscrúdú a éisteacht i gcomhréir le hAirteagal 25l, cinnfidh ESMA an ndearna na daoine a bhí faoi imscrúdú ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III agus, sa chás sin, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 25q agus forchuirfidh sé fíneáil i gcomhréir le hAirteagal 25j. 6. Ní bheidh an t-oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bplé ESMA ná ní chuirfidh sé isteach ar aon slí eile ar phróiseas cinnteoireachta ESMA. 7. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 82 chun na rialacha nós imeachta a shonrú a thuilleadh maidir le feidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, lena n-áirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, agus fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a bhailiú, agus glacfaidh sé rialacha mionsonraithe maidir leis na tréimhsí teorann i dtaca le pionóis a fhorchur agus a fhorfheidhmiú. 8. Déanfaidh ESMA ábhair a tharchur chuig na húdaráis ábhartha i leith imscrúdú agus ionchúiseamh coiriúil féideartha i gcás ina ndéanfaidh sé amach, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á gcur i gcrích aige, go bhfuil tásca tromchúiseacha ann go bhféadfadh sé go mbeadh fíoras ann arb eol dó gur dócha gurb ionann iad agus cionta coiriúla faoi chreat dlí an tríú tír is infheidhme. Ina theannta sin, staonfaidh ESMA ó fhíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur i gcás inarb eol dó go bhfuil, mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta, feidhm res judicata bainte amach cheana ag éigiontú nó ciontú a rinneadh roimhe sin a tháinig as fíoras comhionann nó as fíorais arb ionann iad beagnach. Airteagal 25j Fíneálacha 1. I gcás ina ndéanfaidh ESMA amach, i gcomhréir le hAirteagal 25i(5), go ndearna CPL ceann de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III, d’aon ghnó nó le faillí, glacfaidh sé cinneadh lena bhforchuirfear fíneáil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo. Measfar go ndearna CPL sárú d’aon ghnó má thagann ESMA ar ghnéithe oibiachtúla lena léirítear gur ghníomhaigh an CPL nó a bhainistíocht shinsearach d’aon ghnó chun an sárú a dhéanamh. 2. Beidh méideanna bunúsacha na bhfíneálacha dá dtagraítear i mír 1 cothrom le dhá oiread mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh de bharr an tsáraithe más féidir iad sin a chinneadh, nó suas le 10 % den láimhdeachas bliantúil iomlán, mar a shainmhínítear i ndlí ábhartha an Aontais, a bhí ag duine dlítheanach sa bhliain ghnó roimhe sin. 3. Déanfar na méideanna bunúsacha a leagtar amach i mír 2, a choigeartú, más gá sin, trí fhachtóirí géaraitheacha nó fachtóirí maolaitheacha a chur san áireamh i gcomhréir leis na comhéifeachtaí ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV. Is ceann ar cheann a dhéanfar na comhéifeachtaí géaraitheacha ábhartha a chur i bhfeidhm ar an méid bunúsach. Más infheidhme níos mó ná comhéifeacht ghéaraitheach amháin, déanfar an difear idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann, mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta géaraithí ar leith, a chur leis an méid bunúsach. Is ceann ar cheann a dhéanfar na comhéifeachtaí maolaitheach ábhartha a chur i bhfeidhm ar an méid bunúsach. Más infheidhme níos mó ná comhéifeacht mhaolaitheach amháin, déanfar an difear idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann, mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta maolaithí ar leith, a dhealú ón méid bunúsach. 4. D’ainneoin mhír 2 agus mhír 3, ní bheidh méid na fíneála níos mó ná 20 % de láimhdeachas bliantúil an CPL lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin ach, i gcás ina bhfuair an CPL tairbhe airgeadais go díreach nó go hindíreach ón sárú, beidh méid na fíneála comhionann, ar a laghad, leis an tairbhe sin. Maidir le gníomh nó neamhghníomh CPL, i gcás ina bhfuil níos mó ná sárú amháin de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III san áireamh ann, ní bheidh feidhm ach ag an bhfíneáil is airde, ar fíneáil í a ríomhtar i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3 agus a bhaineann le ceann amháin de na sáruithe sin. Airteagal 25k Íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis 1. Déanfaidh ESMA, trí bhíthin cinnidh, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur d’fhonn iallach a chur:
2. Beidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach comhréireach. Forchuirfear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil de réir gach lae moille. 3. D’ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na dtráthíocaíochtaí pionósacha 3 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin nó, i gcás daoine nádúrtha, 2 % den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Déanfar é a ríomh ón dáta atá sonraithe sa chinneadh lena bhforchuireadh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil. 4. Déanfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh ar feadh uastréimhse 6 mhí tar éis an fógra faoin gcinneadh ón ESMA a fháil. Tar éis dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh ESMA an beart a athbhreithniú. Airteagal 25l Daoine lena mbaineann a éisteacht 1. Sula ndéanfaidh sé aon chinneadh maidir le fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil faoi Airteagal 25j agus Airteagal 25k, tabharfaidh ESMA an deis do na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí éisteacht a fháil faoina chinntí. Is ar na torthaí sin a raibh deis ag na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh ESMA a chinntí. Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo i gcás ina mbeidh gá le gníomhaíocht phráinneach chun damáiste suntasach agus gar-dhamáiste don chóras airgeadais a chosc. Sa chás sin, féadfaidh ESMA cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé an deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis an chinnidh. 2. Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir na n-imeachtaí a urramú go hiomlán le linn na n-imeachtaí. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad ESMA, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda eile ná doiciméid réamhullmhúcháin inmheánacha ESMA san áireamh sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad. Airteagal 25m Nochtadh, nádúr, forfheidhmiú agus leithdháileadh fíneálacha agus tráthíocaíochtaí pionósacha 1. Déanfaidh ESMA gach fíneáil agus gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil a gearradh de bhun Airteagail 25j agus 25k den Rialachán seo a nochtadh don phobal, mura rud é go gcuirfeadh an nochtadh sin don phobal na margaí airgeadais i mbaol nó go ndéanfadh sé damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann. Sa nochtadh sin, ní bheidh sonraí pearsanta de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 45/2001. 2. Fíneálacha agus íocaíochtaí riaracháin a bheidh sna fíneálacha agus sna híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearrfar de bhun Airteagal 25j agus Airteagal 25k. 3. I gcás ina gcinnfidh ESMA gan aon fhíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha a fhorchur, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus na húdaráis inniúla tríú tír ábhartha lena mbaineann ar an eolas dá réir sin agus leagfaidh sé amach na cúiseanna lena chinneadh. 4. Beidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearrfar de bhun Airteagal 25j agus Airteagal 25k infhorfheidhmithe. Déanfar an forfheidhmiú a rialú leis na rialacha i dtaobh nós imeachta shibhialta atá i bhfeidhm sa Bhallstát nó sa tríú tír ina ndéanfar an forfheidhmiú. 5. Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus méideanna na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leithdháileadh ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Airteagal 25n Athbhreithniú na Cúirte Breithiúnais Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lenar fhorchuir ESMA fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchuirfear a chealú, a ísliú, nó a mhéadú. Airteagal 25o Leasuithe ar Iarscríbhinn IV Chun forbairtí ar mhargaí airgeadais a chur san áireamh, tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 maidir le bearta a ghlacadh chun Iarscríbhinn IV a leasú. Airteagal 25p Aitheantas a tharraingt siar 1. Gan dochar d’Airteagal 25q, agus faoi réir na míreanna seo a leanas, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis agus na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 25(3), tarraingeoidh ESMA siar cinneadh aitheantais arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25 sna cásanna seo a leanas:
Féadfaidh ESMA tarraingt siar an aitheantais a theorannú ionas nach mbainfidh sé ach le seirbhís, gníomhaíocht, nó aicme ionstraimí airgeadais ar leith. Agus dáta theacht i bhfeidhm an chinnidh an t-aitheantas a tharraingt siar á chinneadh aige, déanfaidh ESMA a dhícheall aon suaitheadh a d’fhéadfadh a bheith sa mhargadh a íoslaghdú agus déanfaidh sé foráil do thréimhse oiriúnaithe iomchuí nach mairfidh níos faide ná 2 bhliain. 2. Sula ndéanfar an t-aitheantas a tharraingt siar i gcomhréir le pointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo, cuirfidh ESMA san áireamh an fhéidearthacht bearta a chur i bhfeidhm faoi phointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 25q(1). Má chinneann ESMA nach ndearnadh gníomhaíocht feabhais faoi cheann na huastréimhse 6 mhí a socraíodh faoi phointe (c) den chéad fhomhír den Airteagal seo nó nach bhfuil an beart a rinneadh iomchuí, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 25(3), tarraingeoidh ESMA siar an cinneadh aitheantais. 3. Tabharfaidh ESMA fógra, gan moill mhíchuí, don údarás inniúil ábhartha tríú tír faoi chinneadh aitheantas CPL aitheanta a tharraingt siar. 4. Féadfaidh aon cheann de na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 25(3) a mheasfaidh gur comhlíonadh ceann de na cinntí dá dtagraítear i mír 1, iarraidh ar ESMA scrúdú a dhéanamh chun a dhéanamh amach ar comhlíonadh na coinníollacha maidir le haitheantas an CPL aitheanta a tharraingt siar nó maidir leis an aitheantas atá aige i dtaca le seirbhís, gníomhaíocht nó aicme ionstraimí airgeadais ar leith a tharraingt siar. I gcás ina gcinnfidh ESMA gan aitheantas an CPL lena mbaineann a tharraingt siar, tabharfaidh sé cúiseanna iomlána don údarás is iarrthóir. Airteagal 25q Bearta maoirseachta ag ESMA 1. I gcás ina ndéanfaidh ESMA amach, i gcomhréir le hAirteagal 25i(5), go ndearna CPL Leibhéal 2 ceann de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III, déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na cinntí seo a leanas:
2. Agus na cinntí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, déanfaidh ESMA cineál agus tromchúis an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:
3. Déanfaidh ESMA fógra a thabhairt, gan moill mhíchuí, faoi aon chinneadh a ghlacfar de bhun mhír 1 don CPL lena mbaineann agus cuirfidh sé an cinneadh sin in iúl d’údaráis inniúla an tríú tír ábhartha agus don Choimisiún. Déanfaidh sé aon chinneadh den sórt sin a nochtadh go poiblí ar a shuíomh gréasáin faoi cheann 10 lá oibre ón dáta a glacadh é. Nuair a bheidh a chinneadh, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, á phoibliú aige, poibleoidh ESMA freisin go bhfuil an ceart ag an CPL lena mbaineann achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh, an fíoras, i gcás inarb ábhartha, gur taisceadh achomharc den sórt sin, á shonrú nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag an achomharc sin agus go bhfuil bord achomhairc ESMA ábalta cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuil conspóid ann ina leith a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”; |
|
(12) |
in Airteagal 32(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: “Beidh measúnú an údaráis inniúil maidir leis an bhfógra dá bhforáiltear in Airteagal 31(2) agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 31(3) faoi réir tuairim ón gcoláiste de bhun Airteagal 19.”; |
|
(13) |
In Airteagal 35(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na fomhíre deiridh: “Ní dhéanfaidh CPL mórghníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú riosca a sheachfhoinsiú mura mbeidh an seachfhoinsiú sin formheasta ag an údarás inniúil. Beidh an cinneadh ón údarás inniúil faoi réir tuairim ón gcoláiste de bhun Airteagal 19.”; |
|
(14) |
leasaítear Airteagal 49 mar a leanas:
|
|
(15) |
Leasaítear Airteagal 82 mar a leanas:
|
|
(16) |
in Airteagal 85, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:
|
|
(17) |
in Airteagal 89, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:
|
|
(18) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 90: “Airteagal 90 Foireann agus acmhainní ESMA Faoin 2 Eanáir 2022, déanfaidh ESMA measúnú ar na riachtanais foirne agus ar na riachtanais acmhainní a eascraíonn as a chumhachtaí agus a dhualgas a ghlacadh de láimh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin.”; |
|
(19) |
Cuirtear na téacsanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo isteach mar Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 23 Deireadh Fómhair 2019.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
T. TUPPURAINEN
(1) IO C 385 15.11.2017, lch. 3.
(2) IO C 434, 15.12.2017, lch. 63.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2019.
(4) Rialachán (AE) Uimh 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) 2019/834 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 maidir leis an oibleagáid imréitigh, fionraí na hoibleagáide imréitigh, na ceanglais tuairiscithe, na teicnící maolaithe riosca maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil glanta ag contrapháirtí lárnach, clárú agus maoirseacht stórtha trádála agus na ceanglais do stórtha trádála (IO L 141, 28.5.2019, lch. 42).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(7) Rialachán (AE) Uimhir 1024/2013 an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).
(8) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(9) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
IARSCRÍBHINN
Cuirtear isteach na téacsanna seo a leanas mar Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
“IARSCRÍBHINN III
Liosta de na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 25j(1)
|
I. |
Sáruithe a bhaineann le ceanglais chaipitil:
|
|
II. |
Sáruithe a bhaineann le ceanglais eagraíochtúla nó le coinbhleachtaí leasa:
|
|
III. |
Sáruithe a bhaineann le riachtanais oibríochtúla:
|
|
IV. |
Sáruithe a bhaineann le trédhearcacht faisnéise agus infhaighteacht faisnéise:
|
|
V. |
Sáruithe a bhaineann le bacainní ar ghníomhaíochtaí maoirseachta:
|
IARSCRÍBHINN IV
Liosta de na comhéifeachtaí atá nasctha le himthosca géaraitheacha agus le himthosca maolaitheacha chun Airteagal 25j(3) a chur i bhfeidhm
Beidh na comhéifeachtaí seo a leanas infheidhme go carnach maidir leis na méideanna bunúsacha dá dtagraítear in Airteagal 25j(2):
|
I. |
Comhéifeachtaí um choigeartú a bhaineann le himthosca géaraitheacha:
|
|
II. |
Comhéifeachtaí um choigeartú a bhaineann le fachtóirí maolaitheacha:
|