24.1.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 20/26


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 314 Eagrán Speisialta Gaeilge an 5 Nollaig 2019 )

Ar leathanach 58, in Airteagal 63(4)(e):

in ionad:

“cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

‘7.   Déanfaidh ÚEUM, i gcomhairle le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an fhaisnéis nach mór don ghnólacht tríú tír is iarratasóir a sholáthar san iarratas ar chlárú dá dtagraítear i mír 4 agus an fhaisnéis nach mór a thuairisciú i gcomhréir le mír 6a a shonrú.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Meán Fómhair 2021.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010’.”;

léitear:

“cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

‘7.   Déanfaidh ÚEUM, i gcomhairle le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an fhaisnéis nach mór don ghnólacht tríú tír is iarratasóir a sholáthar san iarratas ar chlárú dá dtagraítear i mír 4 agus an fhaisnéis nach mór a thuairisciú i gcomhréir le mír 6a a shonrú.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Meán Fómhair 2021.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2020’.”.

Ar leathanach 58, in Airteagal 63(4)(f):

in ionad:

“cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘8.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an fhormáid a shonrú ina bhfuil an t iarratas ar chlárú dá dtagraítear i mír 4 le cur isteach agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 6a le tuairisciú.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Meán Fómhair 2021.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010’.”;

léitear:

“cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘8.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an fhormáid a shonrú ina bhfuil an t iarratas ar chlárú dá dtagraítear i mír 4 le cur isteach agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 6a le tuairisciú.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Meán Fómhair 2021.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2020’.”.