25.7.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

202


RIALACHÁN (AE) 2019/1242 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meitheamh 2019

lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gComhaontú Pháras leagtar amach, inter alia, sprioc fhadtéarmach i gcomhréir leis an gcuspóir an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus leanúint de na hiarrachtaí é a choimeád faoi bhun 1,5 °C. Deimhnítear drochthionchair an athraithe aeráide go neamh-dhéchiallach sna torthaí eolaíocha is déanaí a thuairiscigh an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) ina thuarascáil speisialta ar na tionchair a ghabhann le téamh domhanda atá 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus faoi na conairí laghdaithe gaolmhara maidir le hastaíochtaí domhanda na ngás ceaptha teasa. Is é conclúid na tuarascála speisialta sin ná go bhfuil géarghá le laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí i ngach earnáil chun teorainn a chur leis an athrú aeráide.

(2)

Chun rannchuidiú le cuspóirí Chomhaontú Pháras, is gá dlús a chur le claochlú na hearnála iompair ar fad i dtreo astaíochtaí nialasacha, i bhfianaise theachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Samhain 2018 dar teideal “A Clean Planet for alla European strategic long-term vision for a prosperous, modern, competitive and climate neutral economy” (“Pláinéad Glan do Chách — fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach ar mhaithe le geilleagar rachmasach, nua-aimseartha, iomaíoch atá neodrach ó thaobh na haeráide de”), ina dtugtar achoimre ar an bhfís is gá ar mhaithe le claochluithe eacnamaíocha agus sochaíocha, ina bhfuil gach earnáil sa gheilleagar agus sa tsochaí rannpháirteach, chun an t-aistriú chuig glan-astaíochtaí nialasacha gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2050. Ina theannta sin, ní mór astaíochtaí truailleán aeir ón earnáil iompair a dhéanann dochar suntasach dár sláinte agus don chomhshaol a laghdú go mór gan mhoill.

(3)

Ghlac an Coimisiún pacáistí soghluaisteachta an 31 Bealtaine 2017 (“Europe on the Move: An agenda for a socially fair transition towards clean, competitive and connected mobility for all” (“An Eoraip ag Gluaiseacht: Clár le haghaidh aistriú atá cothrom go sóisialta i dtreo soghluaisteacht ghlan iomaíoch nasctha”) agus 8 Samhain 2017 (“Delivering on low-emission mobilityA European Union that protects the planet, empowers its consumers and defends its industry and workers” (“Soghluaisteacht íseal-astaíochtaí a chur chun feidhme: Aontas Eorpach a chosnaíonn an domhain, a thugann cumhacht dá thomhaltóirí agus a chosnaíonn a thionscal agus a oibrithe”). Leagtar amach clár oibre dearfach sna pacáistí sin agus dírítear freisin ar aistriú rianúil i dtreo soghluaisteacht ghlan iomaíoch nasctha do chách a áirithiú.

(4)

Is cuid de tríú pacáiste soghluaisteachta ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2018 dar teideal “Europe on the MoveSustainable Mobility for Europe: safe, connected and clean” (“An Eoraip ag Gluaiseacht — Soghluaisteacht Inbhuanaithe don Eoraip: slán, nasctha agus glan”) an Rialachán seo, ar cuid é den obair a lean teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2017 dar teideal “Investing in a smart, innovative and sustainable Industry: A renewed EU Industrial Policy Strategy” (“Infheistíocht a dhéanamh ar mhaithe le tionscal cliste, nuálach, inbhuanaithe: Straitéis athnuaite Beartais Tionsclaíochta AE”). Tá an Rialachán seo ceaptha freisin an próiseas a chríochnú chun cur ar chumas an Aontais lántairbhe a bhaint as nuachóiriú agus dícharbónú na soghluaisteachta. Is é is aidhm don tríú pacáiste sin an tsoghluaisteacht san Eoraip a dhéanamh níos sábháilte agus níos inrochtana, an tionscal san Eoraip a dhéanamh níos iomaíche, na poist san Eoraip a dhéanamh níos sábháilte, agus an córas soghluaisteachta a dhéanamh níos glaine agus níos oiriúnaí chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Teastóidh leis sin tiomantas iomlán ó thaobh an Aontais, ó thaobh na mBallstát agus na ngeallsealbhóirí de, go háirithe má táthar chun cur leis na hiarrachtaí astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin (CO2) agus truailliú aeir a laghdú.

(5)

Leis an Rialachán seo, chomh maith le Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) , réitítear an bealach le haghaidh laghduithe ar astaíochtaí CO2 i gcás na hearnála iompair de bhóthar agus cuidíonn sé an sprioc cheangailteach a bhaint amach maidir le laghdú 40 % ar a laghad a bhaint amach i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa intíre ar fud an gheilleagair faoi 2030, i gcomparáid le 1990, faoi mar a formhuiníodh i gConclúidí na Comhairle Eorpaí an 23-24 Deireadh Fómhair 2014, agus arna fhormheas ag an gComhairle an 6 Márta 2015 mar “Rannchuidiú Beartaithe an Aontais arna Chinneadh go Náisiúnta faoi Chomhaontú Pháras”.

(6)

Formhuiníodh i gconclúidí ón gComhairle Eorpach an 23-24 Deireadh Fómhair 2014, laghdú 30 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 i gcomparáid le 2005 do na hearnálacha nach cuid de chóras trádála astaíochtaí an Aontais iad. Is iad astaíochtaí gás ceaptha teasa ón earnáil iompair de bhóthar is cúis le cuid mhór d’astaíochtaí na n-earnálacha sin. Bhí an earnáil iompair de bhóthar freagrach as tuairim is ceathrú cuid d’astaíochtaí iomlána an Aontais in 2016. Tá astaíochtaí na hearnála sin ag méadú, agus tá siad i bhfad os cionn leibhéil 1990 go fóill. Má thagann méadú breise ar astaíochtaí ó iompar de bhóthar, déanfaidh siad na laghduithe ar astaíochtaí atá déanta in earnálacha eile chun an t-athrú aeráide a chomhrac a chur ar ceal.

(7)

Leagadh béim sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 23-24 Deireadh Fómhair 2014 ar an tábhacht a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus na rioscaí a bhaineann le bheith spleách ar bhreosla iontaise in earnáil an iompair a laghdú trí bhíthin cur chuige cuimsitheach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de chun an laghdú ar astaíochtaí agus an éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn in earnáil an iompair, le haghaidh iompar leictreach agus foinsí in-athnuaite fuinnimh in earnáil an iompair freisin tar éis 2020.

(8)

Chun fuinneamh atá slán, inbhuanaithe, iomaíoch agus inacmhainne a chur ar fáil do thomhaltóirí san Aontas, tá rannchuidiú na héifeachtúlachta fuinnimh leis an éileamh a mhaolú ar cheann de na cúig ghné a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2015 dar teideal “A Framework Strategy for a Resilient Energy Union with a Forward-Looking Climate Change Policy”(“Creatstraitéis maidir le hAontas Fuinnimh Buanseasmhach maille le Beartas Réamhbhreathnaitheach don Athrú Aeráide”), ar gnéithe iad a bhfuil dlúthbhaint acu le chéile agus a neartaíonn a chéile. Luaitear sa teachtaireacht sin, cé gur gá bearta a dhéanamh sna hearnálacha eacnamaíocha ar fad chun éifeachtúlacht an ídithe fuinnimh sna hearnálacha sin a mhéadú, go bhfuil cumas ollmhór san earnáil iompair ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh de.

(9)

Is iad astaíochtaí CO2 ó fheithiclí tromshaothair, lena n-áirítear leoraithe, busanna agus cóistí, is cúis le thart ar 6 % de na hastaíochtaí CO2 san Aontas ina n-iomláine agus thart ar 25 % de na hastaíochtaí CO2 ó iompar de bhóthar ina n-iomláine. Mura ndéantar aon bheart ina leith sin, meastar go dtiocfaidh méadú thart ar 9 % ar an sciar d’astaíochtaí CO2 ó fheithiclí tromshaothair idir 2010 agus 2030. Faoi láthair, ní leagtar síos le dlí an Aontais aon cheanglais maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 d’fheithiclí tromshaothair, agus mar sin, beidh gá le bearta sonracha d’fheithiclí den sórt sin gan mhoill.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, spriocanna maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 a shocrú do 2025 agus 2030 le haghaidh flíteanna feithiclí nua tromshaothair ar fud an Aontais, agus an t-am is gá chun an flít feithiclí a athnuachan agus an gá don earnáil iompair de bhóthar rannchuidiú le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach do 2030 agus ina dhiaidh sin á chur san áireamh. Comhartha luath agus soiléir is ea an cur chuige céim ar chéim sin freisin don tionscal dlús a chur le teicneolaíocht atá éifeachtúil ó thaobh an fhuinnimh de agus feithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a thabhairt isteach ar an margadh. Ba cheart gur rannchuidiú é feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha a imlonnú chun dul i ngleic le fadhbanna soghluaisteachta uirbeacha. Cé go bhfuil sé riachtanach chun astaíochtaí CO2 a laghdú san earnáil iompair de bhóthar, tá cur chun cinn feithiclí tromshaothair den sórt sin ag monaróirí tábhachtach freisin le haghaidh laghdú iarbhír ar thruailleáin aeir agus ar leibhéil torainn iomarcacha i gcathracha agus i limistéir uirbeacha.

(11)

Chun an cumas ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh de a bhaint amach ina iomláine agus chun a áirithiú go rannchuidíonn an earnáil iompair de bhóthar ina hiomláine leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a aontaíodh a bhaint amach, is iomchuí na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 atá i bhfeidhm cheana féin i dtaca le gluaisteáin nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua a chomhlánú trí chaighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 i dtaca le feithiclí nua tromshaothair a leagan síos. A bhuí leis na caighdeáin feidhmíochta sin, spreagfar an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí lena gcuirfear an éifeachtúlacht bhreosla chun cinn, rud a chuirfidh le ceannaireacht theicneolaíoch mhonaróirí agus sholáthraithe an Aontais, agus le cruthú post ardoilte san fhadtéarma.

(12)

Ag cur san áireamh gur fadhb thrasteorann é an t-athrú aeráide agus gur gá margadh aonair dea-fheidhmiúil a chosaint do sheirbhísí iompair de bhóthar agus, ina theannta sin, d’fheithiclí tromshaothair agus ilroinnt ar an margadh a sheachaint ag an am céanna, is iomchuí caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 i dtaca le feithiclí tromshaothair a leagan síos ar leibhéal an Aontais. Ba cheart na caighdeáin feidhmíochta sin a bheith gan dochar do dhlí iomaíochta an Aontais.

(13)

Agus na leibhéil laghdúcháin i dtaobh astaíochtaí CO2 á sainiú ba cheart do fhlít feithiclí tromshaothair an Aontais a bhaint amach, ba cheart go gcuirfí san áireamh éifeachtacht na leibhéal laghdúcháin sin chun cuidiú ar bhealach costéifeachtach astaíochtaí CO2 na n-earnálacha arna gcumhdach le Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a laghdú faoi 2030, na costais agus na coigiltis a bheadh ann don tsochaí, do mhonaróirí, d’oibreoirí iompair agus do thomhaltóirí agus, ina theannta sin, na himpleachtaí díreacha agus indíreacha a bheadh ag na leibhéil laghdúcháin sin don fhostaíocht, don nuálaíocht agus don na tairbhí indíreacha arna nginiúint i dtéarmaí truailliú aeir a laghdú agus slándáil an tsoláthair fuinnimh a fheabhsú.

(14)

Ba cheart aistriú chuig soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha, arb aistriú é a bheidh inghlactha go sóisialta agus cóir, a áirithiú. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go gcuirfí san áireamh éifeachtaí sóisialta an aistrithe ar fud an tslabhra luacha ar fad sa tionscal mótarfheithiclí agus go dtabharfaí aghaidh ghníomhach ar na himpleachtaí fostaíochta. Ba cheart féachaint ar chláir spriocdhírithe, dá bhrí sin, ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach le haghaidh athsciliú, uas-sciliú agus ath-imlonnú oibrithe, mar aon le tionscnaimh oideachais agus cuardaithe poist i bpobail agus réigiúin atá thíos leis an aistriú, ar tionscnaimh iad a reáchtálfar i ndlúth-idirphlé leis na comhpháirtithe sóisialta agus na húdaráis inniúla. Mar chuid den aistriú sin, ba cheart fostaíocht na mban mar aon le comhionannas deiseanna san earnáil sin a neartú.

(15)

Chun go mbeidh rath ar an aistriú chuig soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha, is gá cur chuige comhtháite agus an timpeallacht cheart chumasúcháin chun an nuálaíocht a spreagadh agus chun go leanfaidh an tAontas de bheith ina cheannaire teicneolaíochta san earnáil iompair de bhóthar. Áirítear leis sin infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha sa taighde agus sa nuálaíocht, méadú ar sholáthar na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus ísle, leathadh amach an bhonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe, an comhtháthú leis na córais fuinnimh, mar aon le soláthar inbhuanaithe ábhar le haghaidh ceallraí san Eoraip agus táirgeadh inbhuanaithe ceallraí, agus athúsáid agus athchúrsáil ceallraí san Eoraip. Is gá gníomhaíocht chomhleanúnach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil chuige sin, lena n-áirítear trí dhreasachtaí chun tacú le glacadh feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus ísle.

(16)

Tugadh isteach nós imeachta nua chun astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí tromshaothair ar leith a chinneadh mar chuid de Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a chur chun feidhme. Le Rialachán (AE) 2017/2400 ón gCoimisiún (6), déantar foráil maidir le modheolaíocht, bunaithe ar an uirlis ríofa um ídiú fuinnimh feithicle (VECTO), lenar féidir astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla fhlít iomlán na bhfeithiclí tromshaothair a ionsamhlú. Leis an modheolaíocht sin, féadtar éagsúlacht na hearnála feithiclí tromshaothair agus ardleibhéal oiriúnaithe feithiclí tromshaothair ar leith a chur san áireamh. Ar dtús, ón 1 Iúil 2019, déanfar astaíochtaí CO2 a chinneadh do cheithre ghrúpa feithiclí tromshaothair arb iad is cúis le thart ar 65 % go 70 % d’astaíochtaí uile CO2 ó fhlít feithiclí tromshaothair an Aontais.

(17)

I bhfianaise na nuálaíochta agus chun cur chun feidhme teicneolaíochtaí nua lena gcuirtear feabhas ar éifeachtúlacht breosla feithiclí tromshaothair a chur san áireamh, déanfar uirlis ionsamhlúcháin VECTO agus Rialachán (AE) 2017/2400 a nuashonrú ar bhonn leanúnach agus go tráthrialta.

(18)

Is faoi Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a dhéanfar faireachán ar na sonraí i leith astaíochtaí CO2 arna gcinneadh de bhun Rialachán (AE) 2017/2400. Ba cheart na sonraí sin a bheith mar bhonn chun a chinneadh cad iad na spriocanna maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 atá le baint amach ag na ceithre ghrúpa de na feithiclí tromshaothair is mó astaíochtaí san Aontas agus, lena chois sin, chun meánastaíochtaí sonracha monaróra i dtréimhse tuairiscithe ar leith a chinneadh.

(19)

Ba cheart sprioc maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 a shocrú do 2025 a bheadh ina laghdú coibhneasta bunaithe ar mheánastaíochtaí CO2 de chuid na bhfeithiclí tromshaothair sin a nuachláraíodh le linn na tréimhse ón 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020, lena léirítear imlonnú gnáthfheithiclí teicneolaíochtaí costéifeachtacha ar féidir teacht orthu go héasca. Ba cheart sprioc maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 a shocrú don bhliain 2030 ar aghaidh. Ba cheart feidhm a bheith ag an sprioc sin mura gcinnfear a mhalairt de bhun an athbhreithnithe atá le déanamh in 2022. Is i gcomhréir le gealltanais an Aontais Eorpaigh faoi Chomhaontú Pháras ba cheart measúnú ar sprioc 2030 a dhéanamh.

(20)

Chun stóinseacht na n-astaíochtaí tagartha CO2 i leith astaíochtaí CO2 méadaithe feithiclí tromshaothair a áirithiú, trí bhíthin nós imeachta míchuí, nach léireodh cás ina bhfuil na hastaíochtaí CO2 faoi rialáil cheana féin, is iomchuí modheolaíocht ceartúcháin chun na hastaíochtaí tagartha CO2 a chur ar fáil.

(21)

Breosla malartach atá ar fáil d’fheithiclí tromshaothair is ea an gás nádúrtha leachtaithe (GNL) in áit díosail. De bhíthin teicneolaíochtaí níos nuálaí atá ann cheana nó atá ag teacht chun cinn i réimse GNL a bheith á n-imlonnú, rannchuideofar le spriocanna i leith laghduithe ar astaíochtaí CO2 a bhaint amach sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma toisc gurb ísle astaíochtaí CO2 de thoradh theicneolaíochtaí GNL a bheith á n-úsáid i gcomparáid le feithiclí díosail. Léirítear go cuimsitheach in VECTO cheana féin, an cumas atá ag feithiclí GNL astaíochtaí CO2 a laghdú. Ina theannta sin, agus a bhuí sin le teicneolaíochtaí GNL, áirithítear go mbeidh leibhéal íseal astaíochtaí truailleán aeir ann, amhail astaíochtaí NOx agus astaíochtaí ábhair cháithnínigh. Tá bonneagar athbhreoslaithe leordhóthanach íosta ann freisin agus tá tuilleadh imlonnaithe á dhéanamh air mar chuid de chreataí beartais náisiúnta le haghaidh bonneagar breoslaí malartacha.

(22)

Nuair a bheidh astaíochtaí tagartha CO2 á ríomh, arb astaíochtaí iad a úsáidfear mar bhunús chun spriocanna 2025 agus 2030 i leith astaíochtaí sonracha CO2 a shocrú, ba cheart an cumas laghdúcháin maidir le hastaíochtaí CO2 a bhfuiltear ag súil leis ón bhflít feithiclí tromshaothair a chur san áireamh. Is iomchuí, dá bharr sin, feithiclí seirbhíse, amhail feithiclí bailithe bruscair nó feithiclí láithreáin tógála, a eisiamh ón ríomh sin. Bíonn míleáiste réasúnta íseal ag na feithiclí sin, agus i ngeall ar a bpatrún tiomána sonrach, dealraíonn sé nach bhfuil bearta teicniúla atá ceaptha astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla a laghdú costéifeachtach sa dóigh chéanna agus atá siad i gcás feithiclí tromshaothair a úsáidtear chun earraí a sheachadadh.

(23)

Ba cheart na ceanglais maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 a shloinneadh i ngraim CO2 in aghaidh tona-ciliméadar chun fóntas na bhfeithiclí tromshaothair a léiriú.

(24)

Ní mór a áirithiú go leithdháilfear go cothrom na ceanglais fhoriomlána maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 ar na monaróirí, agus an éagsúlacht a bhaineann le feithiclí tromshaothair ó thaobh a ndeartha agus a bpatrúin tiomána de, agus a míleáiste bliantúil, pálasta agus cumraíocht leantóra á gcur san áireamh. Is iomchuí, dá bhrí sin, dealú a dhéanamh idir feithiclí tromshaothair de réir foghrúpaí feithicle difriúla agus ar leith lena léirítear gnáthphatrún úsáide na bhfeithiclí agus a n-airíonna teicniúla sonracha. Trí spriocanna bliantúla i leith astaíochtaí sonracha CO2 a shocrú do mhonaróirí a chomhfhreagraíonn do mheán ualaithe na spriocanna a shainítear do gach ceann de na foghrúpaí sin, tugtar freisin an deis do mhonaróirí cothromaíocht a bhaint amach ar bhealach éifeachtach idir feithiclí i bhfoghrúpaí áirithe nach n-éiríonn leo na spriocanna a bhaint amach agus feithiclí i bhfoghrúpaí eile a sháraíonn na spriocanna, agus meánastaíochtaí CO2 na bhfeithiclí sna foghrúpaí difriúla le linn a saolré á gcur san aíreamh.

(25)

Is ar bhonn a mheánastaíochtaí CO2 ba cheart a mheas an bhfuil ag éirí le monaróir a spriocanna bliantúla i leith astaíochtaí sonracha CO2 a chomhlíonadh. Chun na meánastaíochtaí sonracha CO2 a shocrú, ba cheart na sonraíochtaí a léirítear sna foghrúpaí feithiclí éagsúla a mheas chomh maith. Mar thoradh air sin, ba cheart na meánastaíochtaí sonracha CO2 atá ag monaróir a bheith bunaithe ar na meánastaíochtaí CO2 a chinntear do gach foghrúpa feithiclí, lena n-áirítear ualú atá bunaithe ar an meánmhíleáiste bliantúil agus ar an meán-phálasta atá toimhdithe maidir leis na foghrúpaí sin, lena léirítear astaíochtaí iomlána CO2 le linn na saolré iomláine. De bharr cumas teoranta feithiclí seirbhíse maidir le hastaíochtaí CO2, níor cheart na feithiclí sin a chur san áireamh chun meánastaíochtaí sonracha a ríomh.

(26)

Chun aistriú rianúil chuig soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha a áirithiú agus chun dreasachtaí a sholáthar chun feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus feithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle a fhorbairt agus a imlonnú ar mhargadh an Aontais a chomhlánódh ionstraimí a imríonn tionchar ar an éileamh, amhail Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), ba cheart sásra tiomnaithe i bhfoirm sár-chreidmheasanna a thabhairt isteach le haghaidh na dtréimhsí tuairiscithe roimh 2025 agus ba cheart tagarmharc do sciar na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus ísle i bhflít monaróra a shocrú do na treimhsí tuairiscithe ó 2025 ar aghaidh.

(27)

Ba cheart an córas dreasachta a dhearadh chun cinnteacht infheistíochta do sholáthraithe agus monaróirí bonneagair luchtaithe a áirithiú chun imlonnú gasta ar mhargadh an Aontais d’fheithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus ísle a chur chun cinn, agus solúbthacht áirithe á ceadú san am céanna do mhonaróirí a n-amlíne infheistíochta a chinneadh.

(28)

Chun críche meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra a ríomh, sna tréimhsí tuairiscithe roimh 2025, ba cheart feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha uile agus feithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle uile a chomhaireamh níos mó ná uair amháin. Do na treimhsí tuairiscithe ó 2025 ar aghaidh, ba cheart meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra a ríomh agus a fheidhmiú i gcomparáid le tagarmharc na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus ísle á chur san áireamh. Ba cheart an leibhéal dreasachtaí a athrú ag brath ar astaíochtaí iarbhír CO2 na feithicle. Chun a áirithiú nach ndéanfaí cuspóirí comhshaoil a lagú, ba cheart an laghdú a dhéanfaí dá bharr ar astaíochtaí CO2 a bheith faoi réir uasteorann.

(29)

Níor cheart feithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle a dhreasú ach amháin i gcás inar lú a n-astaíochtaí CO2 ná leath d’astaíochtaí tagartha CO2 na bhfeithiclí ar fad san fhoghrúpa feithiclí lena mbaineann an fheithicil tromshaothair. Thabharfadh sé sin spreagadh don nuálaíocht sa réimse sin.

(30)

Agus an sásra dreasachta á cheapadh le haghaidh feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha a imlonnú, ba cheart leoraithe beaga nach bhfuil faoi réir spriocanna i leith laghduithe ar astaíochtaí CO2 faoin Rialachán seo a áireamh freisin. Ina theannta sin, baineann tairbhí móra leis na feithiclí sin ó thaobh aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna truaillithe aeir i gcathracha. Chun a áirithiú go mbeidh cothromaíocht mhaith ann idir na cineálacha difriúla feithicle ó thaobh dreasachtaí de, ba cheart an laghdú ar mheánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra, de thoradh leoraithe beaga astaíochtaí nialasacha a bheith faoi réir uasteorann freisin.

(31)

Chun cur chun feidhme costéifeachtach na gceanglas maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 a chur chun cinn, agus na hathruithe ar chomhdhéanamh fhlít na bhfeithiclí tromshaothair agus ar na hastaíochtaí CO2 le himeacht na mblianta á gcur san áireamh, ba cheart an deis a bheith ag monaróirí cothromaíocht a bhaint amach idir an bhliain ina sáraíonn siad an sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2 is gá dóibh a chomhlíonadh agus an bhliain nach n-éiríonn leo an sprioc sin a chomhlíonadh.

(32)

Chun laghduithe luatha ar astaíochtaí CO2 a dhreasú, monaróir, ar lú a mheánastaíochtaí sonracha CO2 ná an chonair laghduithe astaíochtaí CO2 a shainítear trí bhíthin na n-astaíochtaí tagartha CO2 agus sprioc 2025 maidir le hastaíochtaí CO2, ba cheart go mbeadh sé in ann na creidmheasanna astaíochtaí sin a shábháil chun críche an sprioc a chomhlíonadh in 2025. Ar an dóigh chéanna, monaróir, ar lú a mheánastaíochtaí sonracha CO2 ná an chonair laghduithe astaíochtaí CO2 idir sprioc 2025 agus an sprioc is infheidhme ó 2030 ar aghaidh, ba cheart go mbeadh sé in ann na creidmheasanna astaíochtaí sin a shábháil chun críche na spriocanna maidir le hastaíochtaí CO2 a chomhlíonadh ón 1 Iúil 2025 go dtí 30 Meitheamh 2030.

(33)

I gcás neamhchomhlíonadh a sprice i leith astaíochtaí sonracha CO2 in aon cheann de na tréimhsí tuairiscithe dhá mhí dhéag dar tús 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2030, ba cheart an deis a bheith ag an monaróir fiach astaíochta teoranta a fháil. Mar sin féin, ba cheart do mhonaróirí aon fhiach astaíochta atá fós ann i dtréimhse tuairiscithe na bliana 2029 dar críoch 30 Meitheamh 2030 a ghlanadh.

(34)

Níor cheart féachaint ar chreidmheasanna astaíochta agus fiacha astaíochta ach amháin chun críche cinneadh a dhéanamh an bhfuil ag éirí le monaróir a sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2 a chomhlíonadh agus ní mar shócmhainní atá inaistrithe nó faoi réir bearta fioscacha.

(35)

Ba cheart don Choimisiún pionós airgeadais a fhorchur, i bhfoirm préimhe astaíochtaí CO2 iomarcacha, i gcás inar léir go bhfuil astaíochtaí iomarcacha ag monaróir, agus creidmheasanna astaíochta agus fiacha astaíochta á gcur san áireamh. Ba cheart go gcuirfí faisnéis faoi astaíochtaí CO2 iomarcacha monaróirí ar fáil go poiblí. Chun dreasacht leordhóthanach a thabhairt do mhonaróirí chun bearta a ghlacadh lena laghdófar astaíochtaí sonracha CO2 ó fheithiclí tromshaothair, tá sé tábhachtach go mbeadh an phréimh níos mó ná meánchostais imeallacha na dteicneolaíochtaí is gá chun na spriocanna maidir le hastaíochtaí CO2 a bhaint amach. Ba cheart an mhodheolaíocht i dtaca le bailiú préimheanna a shocrú trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, agus an mhodheolaíocht arna glacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) á cur san áireamh. Maidir leis an bpréimh, ba cheart go measfaí gur ioncam le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais í. Mar chuid den mheasúnú atá le déanamh de bhun Rialachán (AE) 2019/631, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh arbh fhéidir na méideanna sin a leithdháileadh ar chiste sonrach nó ar chlár ábhartha a bhfuil sé mar aidhm leis aistriú cothrom i dtreo soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha a áirithiú agus tacú le hathsciliú agus uas-sciliú na n-oibrithe san earnáil mótarfheithiclí agus le hoiliúint na n-oibrithe sin i scileanna eile.

(36)

Is gá sásra láidir um chomhlíonadh chun a áirithiú go gcomhlíonfar na spriocanna maidir le hastaíochtaí CO2 faoin Rialachán seo. I ngeall ar an oibleagáid ar mhonaróirí de bhun Rialachán (AE) 2018/956 sonraí atá cruinn a chur ar fáil agus na fíneálacha riaracháin a fhéadfar a fhorchur sa chás nach gcomhlíonfar an oibleagáid sin, déantar deimhin de go mbainfear úsáid as sonraí stóinseacha chun a áirithiú go gcomhlíontar na spriocanna faoin Rialachán seo.

(37)

Chun laghduithe ar astaíochtaí CO2 a bhaint amach de bhun an Rialacháin seo, ba cheart astaíochtaí CO2 feithiclí tromshaothair atá in úsáid a bheith i gcomhréir leis na luachanna arna socrú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus a bhearta cur chun feidhme. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag an gCoimisiún, dá bhrí sin, aon neamh-chomhlíonadh córasach a aimsíonn na húdaráis cineálcheadaithe maidir le hastaíochtaí CO2 na bhfeithiclí tromshaothair atá in úsáid a chur san áireamh agus é ag ríomh meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra.

(38)

Chun go mbeidh sé inniúil ar na bearta sin a dhéanamh, ba cheart na cumhachtaí a bheith ag an gCoimisiún nós imeachta a ullmhú agus a bhunú chun a fhíorú go bhfuil astaíochtaí CO2 na bhfeithiclí tromshaothair inseirbhíse, arna gcinneadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009, agus a bhearta cur chun feidhme, i gcomhréir leis na luachanna astaíochta CO2 atá taifeadta sna deimhnithe comhréireachta, sna deimhnithe um cheadú aonair nó sna comhaid faisnéise custaiméara. Agus an nós imeacht sin á fhorbairt, ba cheart aird ar leith a dhíriú ar mhodhanna a shainaithint, lena n-áirítear úsáid a bhaint as sonraí ó fheistí infheithicle lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh, chun teacht ar straitéisí lena gcuirtear feabhas saorga ar fheidhmíocht CO2 feithicle sa nós imeachta deimhniúcháin. I gcás ina n-aimsítear neamhréireachtaí nó straitéisí lena gcuirtear feabhas saorga ar fheidhmíocht CO2 feithicle le linn na bhfíoruithe sin, tá na torthaí sin le meas mar chúiseanna leordhóthanacha a cheapadh gur ann do riosca tromchúiseach neamhchomhlíonta maidir leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), agus ba cheart do na Ballstáit, ar an mbonn sin, na bearta is gá a dhéanamh de bhun Chaibidil XI de Rialachán (AE) 2018/858.

(39)

I bhfírinne, maidir leis na spriocanna i leith astaíochtaí CO2 a leagtar amach sa Rialachán seo, braitheann a n-éifeachtacht go mór ar fhíorionadaíochas na modheolaíochta a úsáidtear chun astaíochtaí CO2 a chinneadh. I gcomhréir leis an Tuairim ón Sásra um Chomhairle Eolaíoch (SAM) i dtaca le feithiclí saothair éadroim, agus an moladh ó Pharlaimint na hEorpa tar éis di tomhais astaíochtaí san earnáil mótarfheithiclí a fhiosrú, is iomchuí freisin i gcás feithiclí tromshaothair sásra a chur i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar fhíorionadaíochas luachanna astaíochtaí CO2 agus ídithe fuinnimh arna gcinneadh de bhun Rialachán (AE) 2017/2400. Is é an bealach is iontaofa chun fíorionadaíochas na luachanna sin a áirithiú ná trí úsáid a bhaint as sonraí ó fheistí infheithicle lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh. Ba cheart na cumhachtaí a bheith ag an gCoimisiún dá bhrí sin na nósanna imeachta a fhorbairt is gá chun sonraí maidir le hídiú breosla agus fuinnimh, a bhfuil gá leo chun na measúnuithe sin a dhéanamh, a bhailiú agus a phróiseáil agus a áirithiú go mbeidh na sonraí sin ar fáil don phobal, fad a fhoráiltear don chosaint a thugtar d’aon sonraí pearsanta.

(40)

Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh sonraí faoi ídiú breosla agus fuinnimh a bheith ina gcuidiú lena áirithiú go mbeidh astaíochtaí CO2 feithiclí arna gcinneadh le huirlis VECTO i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena bhearta cur chun feidhme ionadaíoch i gcónaí ar fhíorastaíochtaí CO2 le himeacht ama do na monaróirí ar fad agus, go sonrach, ar an gcaoi ar féidir na sonraí sin a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar an mbearna idir luachanna astaíochtaí CO2 arna gcinneadh le huirlis VECTO agus fíorastaíochtaí CO2 agus, i gcás inar gá, cosc a chur ar mhéadú na bearna sin.

(41)

In 2022, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na gcaighdeán feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 a leagtar síos sa Rialachán seo agus, go háirithe, leibhéal na sprice i leith laghduithe ar astaíochtaí CO2 atá le baint amach faoi 2030 agus tar éis sin, na módúlachtaí ar cheart teacht a bheith orthu chun an sprioc sin a bhaint amach agus, lena chois sin, na spriocanna maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 a shocrú i gcás cineálacha eile feithiclí tromshaothair, amhail leoraithe beaga, feithiclí seirbhíse, busanna, cóistí agus leantóirí. Anuas air sin, ba cheart a chur san áireamh leis an measúnú sin, chun críche an Rialacháin seo agus chun na críche sin amháin, breithnithe ar fheithiclí tromshaothair agus cónaisc feithiclí, agus na meáchain agus toisí is infheidhme i dtaobh iompar náisiúnta á gcur san áireamh, mar shampla, iompar modúlach agus iompar idirmhódach, agus measúnú á dhéanamh ag an am céanna ar ghnéithe slándála agus éifeachtúlachta a d’fhéadfadh a bheith ann, ar éifeachtaí idirmhódacha, comhshaoil, bonneagair agus athphreibe chomh maith le suíomh geografach na mBallstát.

(42)

Tá sé tábhachtach go ndéanfaí measúnú ar na hastaíochtaí CO2 ar feadh shaolré na bhfeithiclí tromshaothair ar leibhéal an Aontais. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún, tráth nach déanaí ná 2023, meastóireacht a dhéanamh ar an bhféidearthacht modheolaíocht chomhchoiteann de chuid an Aontais a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar na hastaíochtaí CO2 ar feadh shaolré iomlán na bhfeithiclí tromshaothair a chuirtear ar mhargadh an Aontais, agus chun tuairisciú a dhéanamh ar shonraí na n-astaíochtaí sin i rith an ama. Ba cheart don Choimisiún bearta leantacha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha, a ghlacadh.

(43)

Chun a áirithiú go bhfanann astaíochtaí sonracha CO2 feithiclí tromshaothair ionadaíoch agus go hiomlán cothrom le dáta, is gá leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus ar a bhearta cur chun feidhme a dhéanann difear do na hastaíochtaí sonracha CO2 sin a léiriú sa Rialachán seo. Chun na críche sin, ba cheart na cumhachtaí a bheith ag an gCoimisiún modheolaíocht a chinneadh lena sainítear feithicil tromshaothair ionadaíoch do gach foghrúpa feithiclí, ar ar a bhonn ba cheart athruithe ar astaíochtaí sonracha CO2 a mheas.

(44)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le liosta de shonraí áirithe agus d’fheidhmíocht monaróirí a fhoilsiú.

(45)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le feithiclí atá deimhnithe mar fheithiclí seirbhíse a shainaithint agus ceartúcháin a chur i bhfeidhm maidir le meánastaíochtaí sonracha bliantúla CO2 monaróra, le préimheanna astaíochtaí CO2 iomarcacha a bhailiú, le neamhréireachtaí i luachanna astaíochtaí CO2 a thuairisciú agus iad a chur san áireamh agus meánastaíochtaí sonracha bliantúla CO2 á ríomh, le measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcoinníollacha faoinar cinneadh astaíochtaí tagartha CO2 agus na critéir chun a chinneadh an ndearnadh na hastaíochtaí sin a mhéadú go míchuí agus, más amhlaidh go ndearnadh, conas a cheartófar iad, lena áirithiú go gcuirtear paraiméadair áirithe a bhaineann le fíorastaíochtaí CO2 agus ídiú fuinnimh feithiclí tromshaothair ar fáil don Choimisiún, le fíoruithe a dhéanamh go gcomhfhreagraíonn luachanna astaíochtaí CO2 agus luachanna ídithe breosla sna comhaid faisnéise custaiméara d’astaíocht CO2 ó fheithiclí tromshaothair inseirbhíse agus straitéis a bheith ann chun feabhas saorga a chur ar fheidhmíocht na feithicle i dtástálacha a dhéantar nó i ríomhanna a dhéantar, agus le feithicil ionadaíoch amháin nó níos d’fhoghrúpa feithiclí mó a shainiú ar ar a bonn atá coigeartaithe pálasta le cinneadh. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le gnéithe áirithe d’fheidhmíocht chomhshaoil feithiclí de chatagóirí M2, M3, N2, N3, O3 agus O4. Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme dá dtagraítear san aithris seo a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(46)

Chun eilimintí neamhriachtanacha fhorálacha an Rialacháin seo a leasú nó a fhorlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na hastaíochtaí tagartha CO2 a choigeartú, i dtaca leis na treoirphrionsabail agus treoirchritéir a leagan amach chun na nósanna imeachta a shainiú chun astaíochtaí CO2 feithiclí tromshaothair inseirbhíse a fhíorú agus i dtaca leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú maidir le paraiméadair theicniúla áirithe, lena n-airítear ualuithe na bpróifílí misin, na luachanna pálasta, na luachanna an mhíleáiste bhliantúil agus na fachtóirí coigeartaithe pálasta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (12). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile a fháil ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(47)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 ó fheithiclí nua tromshaothair a ghnóthú go leordhóthanach ach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(48)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle (13) a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóir

Chun cur le sprioc an Aontais a bhaint amach maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú 30 % faoi bhun leibhéil na bliana 2005 in 2030 sna hearnálacha sin a chumhdaítear le hAirteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh 2018/842 agus le cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach, agus chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 i dtaca le feithiclí nua tromshaothair lena ndéanfar astaíochtaí sonracha CO2 ó fhlít feithiclí tromshaothair an Aontais a laghdú i gcomparáid le hastaíochtaí tagartha CO2 mar a leanas:

(a)

15 % do thréimhsí tuairiscithe na bliana 2025 amach;

(b)

30 % do thréimhsí tuairiscithe na bliana 2030 amach, mura gcinnfear a mhalairt de bhun an athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 15.

Beidh astaíochtaí tagartha CO2 bunaithe ar na sonraí faireacháin arna dtuairisciú de bhun Rialachán (AE) 2018/956 don tréimhse ón 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020 (“an tréimhse thagartha”), ach gan feithiclí seirbhíse san áireamh, agus déanfar iad a ríomh i gcomhréir le pointe 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le feithiclí nua tromshaothair de chatagóirí N2 agus N3 a bhfuil na hairíonna seo a leanas acu:

(a)

leoraithe dochta a bhfuil cumraíocht acastóirí 4x2 acu agus uasmhais ualaithe atá incheadaithe go teicniúil a sháraíonn 16 thona;

(b)

leoraithe dochta a bhfuil cumraíocht acastóirí 6x2 acu;

(c)

tarracóirí a bhfuil cumraíocht acastóirí 4x2 acu agus uasmhais ualaithe atá incheadaithe go teicniúil a sháraíonn 16 thona; agus

(d)

tarracóirí a bhfuil cumraíocht acastóirí 6x2 acu.

Beidh feidhm ag an Rialachán freisin, chun críocha Airteagal 5 den Rialachán seo agus phointe 2.3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis, maidir le feithiclí nua tromshaothair de chatagóir N nach dtagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus nach bhfuil na hairíonna a leagtar amach i bpointí (a) go (d) den chéad fhomhír á gcomhlíonadh acu.

Tagraítear leis na catagóirí feithiclí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo do na catagóirí feithiclí a shainmhínítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, measfar gur feithiclí nua tromshaothair i dtréimhse ar leith 12 mhí dar tús an 1 Iúil na feithiclí dá dtagraítear i mír 1 má chláraítear iad san Aontas den chéad uair sa tréimhse sin agus nár cláraíodh roimhe sin lasmuigh den Aontas iad.

Ní dhéanfar clárú roimhe sin, arna dhéanamh lasmuigh den Aontas tráth nach faide ná trí mhí roimh chlárú san Aontas, a chur san áireamh.

3.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, nós imeachta sonrach chun feithiclí tromshaothair atá deimhnithe mar fheithiclí seirbhíse a shainaithint de bhun Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus na mbeart cur chun feidhme a ghabhann leis, nach bhfuil cláraithe mar sin, agus déanfaidh sé ceartúcháin a chur i bhfeidhm maidir le meánastaíochtaí sonracha bliantúla CO2 monaróra chun na feithiclí sin a chur san áireamh, ó thréimhse tuairiscithe na bliana 2021 amach agus do gach tréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2) den Rialachán seo.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “astaíochtaí tagartha CO2” meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 sa tréimhse thagartha dá dtagraítear sa dara mír d’Airteagal 1 i gcomhair na bhfeithiclí nua tromshaothair uile i ngach foghrúpa feithiclí, ach gan feithiclí seirbhíse san áireamh, arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 3 d’Iarscríbhinn I;

(2)

ciallaíonn “astaíochtaí sonracha CO2” astaíochtaí CO2 feithicle tromshaothair ar leith arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 2.1 d’Iarscríbhinn I;

(3)

ciallaíonn “tréimhse tuairiscithe na bliana Y” an tréimhse ón 1 Iúil na bliana Y go dtí an 30 Meitheamh na bliana Y+1;

(4)

ciallaíonn “meánastaíochtaí sonracha CO2” meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 i gcomhair feithiclí nua tromshaothair monaróra i dtréimhse tuairiscithe ar leith arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 2.7 d’Iarscríbhinn I;

(5)

ciallaíonn “sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2” sprioc astaíochtaí CO2 de chuid monaróra aonair, arna sloinneadh in g/tkm agus arna cinneadh ar bhonn bliantúil don tréimhse tuairiscithe roimhe sin i gcomhréir le pointe 4 d’Iarscríbhinn I;

(6)

ciallaíonn “leoraí docht” leoraí nach bhfuil deartha nó déanta chun leathleantóir a tharraingt;

(7)

ciallaíonn “tarracóir” aonad tarracóra atá deartha agus déanta go heisiach nó go príomha chun leathleantóirí a tharraingt;

(8)

ciallaíonn “foghrúpa feithiclí” grúpa feithiclí mar a shainítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I, a bhfuil tacar comhchoiteann sainiúil critéar teicniúil mar shaintréith acu atá ábhartha chun astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla na bhfeithiclí sin a chinneadh;

(9)

ciallaíonn “feithicil seirbhíse” feithicil tromshaothair ar ina leith a cinneadh astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus a bhearta cur chun feidhme, do phróifílí misin eile seachas na cinn sin a shainítear i bpointe 2.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, agus do na próifílí misin sin amháin;

(10)

ciallaíonn “monaróir” an duine nó an comhlacht atá freagrach as na sonraí a bhaineann le feithiclí nua tromshaothair a thíolacadh de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2018/956 nó, i gcás feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha, an duine nó an comhlacht atá freagrach don údarás ceadaithe as gach gné de nós imeachta cineálcheadaithe CE nó as an nós imeachta aonair ceadaithe i gcomhréir le Treoir 2007/46/CE agus as comhréireacht na táirgeachta a áirithiú;

(11)

ciallaíonn “feithicil tromshaothair astaíochtaí nialasacha” feithicil tromshaothair nach bhfuil inneall dócháin inmheánaigh aici, nó a bhfuil inneall dócháin inmheánaigh aici a astaíonn níos lú ná 1 g CO2/kWh arna chinneadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus a bhearta cur chun feidhme, nó a astaíonn níos lú ná 1 g CO2/km arna chinneadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus a bhearta cur chun feidhme;

(12)

ciallaíonn “feithicil tromshaothair astaíochtaí ísle” feithicil tromshaothair, seachas feithicil tromshaothair astaíochtaí nialasacha, a bhfuil astaíochtaí sonracha CO2 aici is lú ná a leath d’astaíochtaí tagartha CO2 na bhfeithiclí ar fad san fhoghrúpa feithiclí lena mbaineann an fheithicil tromshaothair, arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 2.3.3 d’Iarscríbhinn I;

(13)

ciallaíonn “próifíl mhisin” meascán de sprioc maidir le timthriall luais, luach pálasta, cumraíocht chabhlach nó leantóra agus paraiméadair eile, más infheidhme, lena léirítear an úsáid shonrach a bhaintear as feithicil, ar ar a bhonn a chinntear astaíochtaí oifigiúla CO2 agus ídiú oifigiúil breosla feithicle tromshaothair;

(14)

ciallaíonn “sprioc maidir le timthriall luais” an tuairisc ar threoluas na feithicle is mian leis an tiománaí a bhaint amach nó ag a bhfuil sé teoranta i ngeall ar dhálaí tráchta, mar fheidhm den fhad arna thaisteal le linn turais;

(15)

ciallaíonn “pálasta” meáchan na n-earraí nó na ndaoine a iompraíonn feithicil faoi dhálaí difriúla.

Airteagal 4

Meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra

Cinnfidh an Coimisiún, ón 1 Iúil 2020 den chéad uair, agus gach tréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin, meánastaíochtaí sonracha CO2 gach monaróra in g/tkm don tréimhse tuairiscithe roimhe sin, trí na nithe seo a leanas a chur san áireamh:

(a)

na sonraí arna dtuairisciú de bhun Rialachán (AE) 2018/956 i dtaca le feithiclí nua tromshaothair an mhonaróra arna gclárú sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin, ach gan feithiclí seirbhíse san áireamh; agus

(b)

an fachtóir astaíochtaí nialasacha agus an fachtóir astaíochtaí ísle arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 5.

Déanfar na meánastaíochtaí sonracha CO2 a chinneadh i gcomhréir le pointe 2.7 d’Iarscríbhinn I.

Airteagal 5

Feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus feithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle

1.   Cinnfidh an Coimisiún, ón 1 Iúil 2020 den chéad uair agus gach tréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin do gach monaróir an fachtóir astaíochtaí nialasacha agus an fachtóir astaíochtaí ísle don tréimhse tuairiscithe roimhe sin.

Leis an bhfachtóir astaíochtaí nialasacha agus leis an bhfachtóir astaíochtaí ísle, cuirfear san áireamh líon na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle, mar aon lena n-astaíochtaí CO2, i bhflít an mhonaróra i dtréimhse tuairiscithe, lena n-áirítear feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 2(1), chomh maith le feithiclí seirbhíse astaíochtaí nialasacha agus feithiclí seirbhíse astaíochtaí ísle, agus cinnfear na fachtóirí sin i gcomhréir le pointe 2.3 d’Iarscríbhinn I.

2.   I gcás thréimhsí tuairiscithe 2019 go 2024, déanfar líon na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle a chomhaireamh mar a leanas chun críche mhír 1:

(a)

comhairfear feithicil astaíochtaí nialasacha mar dhá fheithicil; agus

(b)

comhairfear feithicil astaíochtaí ísle mar suas le dhá fheithicil de réir feidhm de chuid a hastaíochtaí sonracha CO2 agus thairseach astaíochtaí ísle an fhoghrúpa feithiclí lena mbaineann an fheithicil, mar a shainítear i bpointe 2.3.3 d’Iarscríbhinn I.

Déanfar an fachtóir astaíochtaí nialasacha agus an fachtóir astaíochtaí ísle a chinneadh i gcomhréir le pointe 2.3.1 d’Iarscríbhinn I.

3.   I gcás na dtréimhsí tuairiscithe ón mbliain 2025 ar aghaidh, is ar bhonn thagarmharc 2 % a chinnfear an fachtóir astaíochtaí nialasacha agus an fachtóir astaíochtaí ísle, i gcomhréir le pointe 2.3.2 d’Iarscríbhinn I.

4.   I ngeall ar an bhfachtóir astaíochtaí nialasacha agus ar an bhfachtóir astaíochtaí ísle, laghdófar meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra faoi 3 % ar a mhéad. De thoradh rannchuidiú na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 2(1) leis an bhfachtóir sin, laghdófar meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra faoi 1,5 % ar a mhéad.

Airteagal 6

Spriocanna monaróra i leith astaíochtaí sonracha CO2

Cinnfidh an Coimisiún, ón 1 Iúil 2026 den chéad uair agus i ngach tréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin, do gach monaróir sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2 don tréimhse tuairiscithe roimhe sin. Is é a bheidh sa sprioc sin i leith astaíochtaí sonracha CO2 suim na dtorthaí, as measc na bhfoghrúpaí feithiclí uile, ar na luachanna seo a leanas:

(a)

an sprioc maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) den chéad mhír d’Airteagal 1, de réir mar is infheidhme;

(b)

astaíochtaí tagartha CO2;

(c)

sciar feithiclí an mhonaróra i ngach foghrúpa feithiclí;

(d)

na fachtóirí bliantúla míleáiste agus ualaithe pálasta a chuirtear i bhfeidhm maidir le gach foghrúpa feithiclí.

Déanfar an sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2 a chinneadh i gcomhréir le pointe 4 d’Iarscríbhinn I.

Airteagal 7

Creidmheasanna astaíochta agus fiacha astaíochta

1.   Chun a chinneadh an bhfuil a spriocanna i leith astaíochtaí sonracha CO2 á gcomhlíonadh ag monaróir le linn thréimhsí tuairiscithe na mbliana 2025 go 2029, cuirfear san áireamh na creidmheasanna astaíochta agus na fiacha astaíochta atá aige arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 5 d’Iarscríbhinn I, a chomhfhreagraíonn do líon na bhfeithiclí nua tromshaothair de chuid an mhonaróra, gan feithiclí seirbhíse san áireamh, i dtréimhse tuairiscithe, arna iolrú faoi na nithe seo a leanas:

(a)

an difríocht idir conair laghdaithe astaíochtaí CO2 an mhonaróra sin dá dtagraítear i mír 2 agus a mheánastaíochtaí sonracha CO2, má tá an difríocht sin dearfach (“creidmheasanna astaíochta”); nó

(b)

an difríocht idir meánastaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra sin agus an sprioc atá aige i leith astaíochtaí sonracha CO2, má tá an difríocht sin dearfach (“fiacha astaíochta2”).

Gheofar creidmheasanna astaíochta i dtréimhsí tuairiscithe na mbliana 2019 go 2029. Mar sin féin, ní chuirfear na creidmheasanna astaíochta a gheofar i dtréimhsí tuairiscithe na mbliana 2019 go 2024 san áireamh ach amháin chun a chinneadh an bhfuil a spriocanna i leith astaíochtaí sonracha CO2 do thréimhse tuairiscithe na bliana 2025 á gcomhlíonadh ag an monaróir.

Gheofar fiacha astaíochta i dtréimhsí tuairiscithe na mbliana 2025 go 2029. Mar sin féin, ní rachaidh an fiach astaíochta iomlán monaróra thar 5 % de sprioc an mhonaróra i leith astaíochtaí sonracha CO2 i dtréimhse tuairiscithe na bliana 2025 arna iolrú faoi líon na bhfeithiclí tromshaothair de chuid an mhonaróra sa tréimhse sin (“an teorainn maidir le fiach astaíochta”).

Aistreofar, i gcás ina mbeidh fáil orthu, creidmheasanna astaíochta agus fiacha astaíochta a gheofar i dtréimhsí tuairiscithe na mbliana 2025 go 2028, ó thréimhse tuairiscithe féilire amháin go dtí an chéad tréimhse tuairiscithe eile. Glanfar aon fhiacha astaíochta a bheidh fágtha i dtréimhse tuairiscithe na bliana 2029.

2.   Socrófar an chonair laghdaithe astaíochtaí CO2 do gach monaróir i gcomhréir le pointe 5.1 d’Iarscríbhinn I, bunaithe ar chonair líneach idir astaíochtaí tagartha CO2 dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 1 agus an sprioc i leith astaíochtaí CO2 do thréimhse tuairiscithe na bliana 2025 mar a shonraítear i bpointe (a) den chéad mhír den Airteagal sin, agus idir an sprioc i leith astaíochtaí CO2 do thréimhse tuairiscithe na bliana 2025 agus an sprioc i leith astaíochtaí CO2 do thréimhsí tuairiscithe na bliana 2030 ar aghaidh mar a shonraítear i bpointe (b) den chéad mhír den Airteagal sin.

Airteagal 8

Spriocanna i leith astaíochtaí sonracha CO2 a chomhlíonadh

1.   I gcás ina bhfaightear go bhfuil astaíochtaí iomarcacha CO2 ag monaróir de bhun mhír 2 i dtréimhse tuairiscithe ar leith ó 2025 ar aghaidh, forchuirfidh an Coimisiún préimh astaíochtaí CO2 iomarcacha, arna ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

(a)

ó 2025 go 2029,

(Préimh astaíochtaí CO2 iomarcacha) = (Astaíochtaí CO2 iomarcacha x EUR 4 250/gCO2/tkm)

(b)

ó 2030 ar aghaidh,

(Préimh astaíochtaí CO2 iomarcacha) = (Astaíochtaí CO2 iomarcacha x EUR 6 800/gCO2/tkm).

2.   Measfar astaíochtaí CO2 iomarcacha a bheith ag monaróir in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás, le linn aon cheann de thréimhsí tuairiscithe na mbliana 2025 go 2028, ina sáróidh suim na bhfiach astaíochta arna laghdú le méid na gcreidmheasanna astaíochta an teorainn maidir le fiach astaíochta dá dtagraítear sa tríú fomhír d’Airteagal 7(1);

(b)

i gcás, le linn thréimhse tuairiscithe na bliana 2029, gur dearfach suim na bhfiach astaíochta arna laghdú le méid na gcreidmheasanna astaíochta nialas;

(c)

i gcás, ó thréimhse tuairiscithe na bliana 2030 ar aghaidh, ina sáróidh meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra a sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2.

Déanfar na hastaíochtaí CO2 iomarcacha i dtréimhse tuairiscithe ar leith a ríomh i gcomhréir le pointe 6 d’Iarscríbhinn I.

3.   Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na modhanna maidir le préimheanna astaíochtaí CO2 iomarcacha a bhailiú faoi mhír 1 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

4.   Measfar, maidir leis na préimheanna astaíochtaí CO2 iomarcacha, gur ioncam iad do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 9

Sonraí faireacháin a fhíorú

1.   Tabharfaidh na húdaráis cineálcheadaithe tuairisc don Choimisiún gan mhoill i dtaca le haon neamhréireacht a aimsítear i luachanna astaíochtaí CO2 feithiclí tromshaothair inseirbhíse i gcomparáid leis na luachanna sin a léirítear i ndeimhnithe comhréireachta nó i gcomhad faisnéise an chustaiméara dá dtagraítear in Airteagal 9(4) de Rialachán (AE) 2017/2400 de thoradh fíoruithe arna ndéanamh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 13 den Rialachán seo.

2.   Cuirfidh an Coimisiún na neamhréireachtaí dá dtagraítear i mír 1 san áireamh chun meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra a ríomh.

3.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta chun na neamhréireachtaí sin a thuairisciú agus chun iad a chur san áireamh i ríomh na meánastaíochtaí sonracha CO2. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

Airteagal 10

Measúnú ar astaíochtaí tagartha CO2

Chun stóinseacht agus ionadaíochas astaíochtaí tagartha CO2 a áirithiú mar bhonn chun na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha CO2 fhlít an Aontais ina iomláine a chinneadh, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na ndálaí faoinar cinneadh astaíochtaí tagartha CO2, agus na critéir a bhunú chun a chinneadh an ndearnadh na hastaíochtaí sin a mhéadú go míchuí agus, más amhlaidh go ndearnadh, conas a cheartófar iad.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

Airteagal 11

Sonraí agus feidhmíocht monaróra a fhoilsiú

1.   Faoin 30 Aibreán gach bliain, foilseoidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta ina léireofar an méid seo a leanas:

(a)

ón 1 Iúil 2020, i gcás gach monaróra, a mheánastaíochtaí sonracha CO2 sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin, dá dtagraítear in Airteagal 4;

(b)

ón 1 Iúil 2020, i gcás gach monaróra, a fhachtóir astaíochtaí nialasacha agus a fhachtóir astaíochtaí ísle, sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin, dá dtagraítear in Airteagal 5(1);

(c)

ón 1 Iúil 2026, i gcás gach monaróra, a sprioc maidir le meánastaíochtaí sonracha CO2 don tréimhse tuairiscithe roimhe sin, dá dtagraítear in Airteagal 6;

(d)

ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Iúil 2031, i gcás gach monaróra, a chonair laghdaithe astaíochtaí CO2, a chreidmheasanna astaíochta agus, ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Iúil 2031, a fhiacha astaíochta sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin, dá dtagraítear in Airteagal 7;

(e)

ón 1 Iúil 2026, i gcás gach monaróra, a astaíochtaí CO2 iomarcacha sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin, dá dtagraítear in Airteagal 8(1);

(f)

ón 1 Iúil 2020 ar aghaidh, an meán d’astaíochtaí sonracha CO2 i gcomhair na bhfeithiclí nua tromshaothair uile a cláraíodh san Aontas sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin.

Sa liosta atá le foilsiú faoin 30 Aibreán 2021, áireofar astaíochtaí tagartha CO2 dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 1.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 17 chun astaíochtaí CO2 a choigeartú i gcomhréir leis na nithe seo a leanas:

(a)

i gcás ina ndearnadh ualuithe na bpróifílí misin nó na luachanna pálasta a choigeartú de bhun phointe (b) nó phointe (c) d’Airteagal 14(1), tríd an nós imeachta a leagtar amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn II a chur i bhfeidhm;

(b)

i gcás inar cinneadh fachtóirí coigeartaithe de bhun Airteagal 14(2), trí na fachtóirí coigeartaithe sin a chur i bhfeidhm maidir le hastaíochtaí tagartha CO2;

(c)

i gcás inar cinneadh, i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10, gur ann do mhéadú míchuí ar astaíochtaí tagartha CO2, trí astaíochtaí tagartha CO2 ceartaithe a cheartú faoin 30 Aibreán 2022.

Foilseoidh an Coimisiún na luachanna coigeartaithe i dtaca le hastaíochtaí tagartha CO2 agus cuirfidh sé na luachanna sin i bhfeidhm chun spriocanna i leith astaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra a ríomh sna tréimhsí tuairiscithe ag tosú ó dháta chur i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe lena gcoigeartaítear na luachanna.

Airteagal 12

Fíorastaíochtaí CO2 agus fíorídiú fuinnimh

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus measúnú ar fhíorionadaíochas luachanna astaíochtaí CO2 agus ídithe fuinnimh arna gcinneadh faoi chuimsiú Rialachán (CE) Uimh. 595/2009.

Thairis sin, déanfaidh an Coimisiún bailiú tráthrialta ar shonraí maidir le fíorastaíochtaí CO2 agus fíorídiú fuinnimh feithiclí tromshaothair ina n-úsáidtear feistí infheithicle lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh, ag tosú le feithiclí nua tromshaothair arna gclárú ó dháta chur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5c de Rialachán (CE) Uimh. 595/2009.

Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an pobal ar an eolas faoi aon fhorbairt a thagann ar an ionadaíochas sin le himeacht ama.

2.   Chun críche mhír 1 den Airteagal seo, áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfidh na monaróirí nó na húdaráis náisiúnta ar fáil dó, nó go ndéanfar sin le haistriú díreach sonraí ó na feithiclí féin, de réir mar a bheidh, na paraiméadair seo a leanas a bhaineann le fíorastaíochtaí CO2 agus le fíorídiú fuinnimh feithiclí tromshaothair go tráthrialta ag tosú ó dháta chur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5c de Rialachán (CE) Uimh. 595/2009:

(a)

uimhir aitheantais na feithicle;

(b)

ídiú breosla agus ídiú fuinnimh leictrigh;

(c)

an fad iomlán a thaistealaítear;

(d)

pálasta;

(e)

i gcás feithiclí leictreacha hibrideacha tromshaothair atá in-athluchtaithe ón taobh amuigh, an breosla agus an fuinneamh leictreach a ídíodh, agus an fad a taistealaíodh arna dháileadh i measc na modhanna tiomána éagsúla;

(f)

paraiméadair eile a bhfuil gá leo chun a áirithiú gur féidir na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh.

Déanfaidh an Coimisiún na sonraí arna bhfáil faoin gcéad fhomhír den mhír seo a phróiseáil chun tacar sonraí anaithnidithe comhiomlánaithe a chruthú, lena n-áirítear in aghaidh an mhonaróra, chun críocha mhír 1. Ní bhainfear úsáid as uimhreacha aitheantais na bhfeithiclí ach chun críche na próiseála sonraí sin ná ní choinneofar iad níos faide ná mar is gá chun na críche sin.

3.   Chun cosc a chur ar fhás bhearna na bhfíorastaíochtaí, déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 2 bhliain agus 5 mhí i ndiaidh dháta chur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5c de Rialachán (CE) Uimh. 595/2009, measúnú ar conas is féidir sonraí maidir le hídiú breosla agus fuinnimh a úsáid chun a áirithiú go mbeidh luachanna astaíochtaí CO2 agus ídithe fuinnimh feithiclí arna gcinneadh de bhun an Rialacháin sin fós ionadaíoch ar fhíorastaíochtaí le himeacht ama do gach monaróir.

Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus tuairisciú bliantúil ar conas mar a fhorbróidh an bhearna dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus, d’fhonn cosc a chur le méadú sa bhearna sin, déanfaidh sé measúnú, in 2027, ar a indéanta atá sásra chun coigeartú a dhéanamh ar mheánastaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra amhail ó 2030, agus, más iomchuí, déanfaidh sé togra reachtach a thíolacadh chun sásra den sórt sin a chur ar bun.

4.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an nós imeachta mionsonraithe chun na sonraí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a bhailiú agus a phróiseáil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

Airteagal 13

Fíorú ar astaíochtaí CO2 feithiclí tromshaothair inseirbhíse

1.   Áiritheoidh monaróirí go mbeidh luachanna astaíochtaí CO2 agus an ídithe breosla arna dtaifeadadh sa chomhad faisnéise custaiméara dá dtagraítear in Airteagal 9(4) de Rialachán (AE) 2017/2400 ag freagairt d’astaíochtaí CO2 agus ídiú fuinnimh feithiclí tromshaothair inseirbhíse mar a chinntear i gcomhréir leis an Rialachán sin.

2.   I ndiaidh theacht i bhfeidhm na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 4, fíoróidh na húdaráis cineálcheadaithe, i gcás na monaróirí sin dar dheonaigh siad ceadúnas chun an uirlis ionsamhlúcháin a oibriú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena mbearta cur chun feidhme, ar bhonn sampláil iomchuí agus ionadaíoch feithiclí, go bhfuil luachanna astaíochtaí CO2 agus an ídithe breosla arna dtaifeadadh sna comhaid faisnéise custaiméara ag freagairt d’astaíochtaí CO2 agus ídiú fuinnimh na bhfeithiclí tromshaothair inseirbhíse arna gcinneadh i gcomhréir leis an Rialachán sin agus lena mbearta cur chun feidhme, agus breithniú á dhéanamh, inter alia, ar úsáid a bhaint as sonraí atá ar fáil ó fheistí infheithicle lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh.

Fíoróidh na húdaráis cineálcheadaithe freisin an ann d’aon straitéisí infheithicle nó d’aon straitéisí a bhaineann leis na feithiclí arna sampláil a fheabhsaíonn feidhmíocht na feithicle go saorga sna tástálacha nó sna ríomhanna chun astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla a dheimhniú trí, inter alia, úsáid a bhaint as sonraí ó fheistí infheithicle lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh.

3.   I gcás ina n-aimsítear easpa comhréireachta maidir le luachanna astaíochtaí CO2 agus ídithe breosla nach féidir a shannadh ar mhífheidhmiú na huirlise ionsamhlúcháin, nó aon straitéisí atá ann lena bhfeabhsaítear feidhmíocht feithicle ar bhonn saorga mar thoradh ar na fíoruithe a dhéantar de bhun mhír 2, áiritheoidh an t-údarás cineálcheadaithe atá freagrach, sa bhreis ar na bearta riachtanacha a leagtar amach i gCaibidil XI de Rialachán (AE) 2018/858 a dhéanamh, go gceartófar na comhaid faisnéise custaiméara, na deimhnithe comhréireachta agus na deimhnithe um cheadú aonair, de réir mar a bheidh.

4.   Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na nósanna imeachta chun na fíoruithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a dhéanamh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

Tugtar de chumhacht don Choimisiún, sula nglacfaidh sé na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír, gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na treoirphrionsabail agus na critéir a leagan amach chun na nósanna imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shainiú.

Airteagal 14

Leasuithe ar Iarscríbhinní I agus II

1.   Chun a áirithiú go gcuirfear san áireamh an dul chun cinn teicniúil agus an forás ar lóistíocht iompair lastais leis na paraiméadair theicniúla a úsáidtear chun meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra de bhun Airteagal 4 agus na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha CO2 de bhun Airteagal 6 a ríomh, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun na forálacha seo a leanas a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II a leasú:

(a)

na hiontrálacha maidir leis an gcineál cábáin agus leis an gcumhacht innill a leagtar amach i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I agus na sainmhínithe ar “chábán codlata” agus “cábán lae” dá dtagraítear sa tábla sin;

(b)

ualuithe na bpróifílí misin a leagtar amach i dTábla 2 d’Iarscríbhinn I;

(c)

na luachanna pálasta a leagtar amach i dTábla 3 d’Iarscríbhinn I, agus na fachtóirí coigeartaithe pálasta a leagtar amach i dTábla 1 d’Iarscríbhinn II;

(d)

luachanna an mhíleáiste bhliantúil a leagtar amach i dTábla 4 d’Iarscríbhinn I.

2.   I gcás ina ndéanfar nósanna imeachta a bhaineann le cineálcheadú a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus bearta cur chun feidhme an Rialacháin sin a mhodhnú trí leasuithe eile seachas na cinn dá bhforáiltear i bpointí (b) agus (c) de mhír 1 den Airteagal seo ar dhóigh a thiocfaidh méadú nó laghdú is mó ná 5 g CO2/km ar leibhéal astaíochtaí CO2 na bhfeithiclí ionadaíocha arna sainiú de bhun na míre seo, cuirfidh an Coimisiún, i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 11(2) fachtóir coigeartaithe i bhfeidhm ar astaíochtaí tagartha CO2 atá le ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn II.

3.   Cuirfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, modheolaíocht ar bun chun feithicil ionadaíoch amháin nó níos mó d’fhoghrúpa feithiclí a shainiú, lena n-áirítear a n-ualuithe staidrimh, ar ar a mbonn a chinnfear an coigeartú sin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, agus na sonraí faireacháin arna dtuairisciú de bhun Rialachán (AE) 2018/956 agus airíonna teicniúla na bhfeithiclí a liostaítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2017/2400 á gcur san áireamh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2) den Rialachán seo.

Airteagal 15

Athbhreithniú agus tuairisciú

1.   Faoin 31 Nollaig 2022, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i dtaobh a éifeachtaí atá an Rialachán seo, an sprioc maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 agus leibhéal an tsásra dreasachta le haghaidh feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus feithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle is infheidhme ó 2030, i dtaobh spriocanna maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 a shocrú le haghaidh cineálacha eile feithiclí tromshaothair, lena n-áirítear leantóirí, busanna agus cóistí, agus feithiclí seirbhíse, agus i dtaobh spriocanna ceangailteacha maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 a thabhairt isteach do 2035 agus do 2040 ar aghaidh. Is i gcomhréir le gealltanais an Aontais Eorpaigh faoi Chomhaontú Pháras a dhéanfar measúnú ar sprioc 2030.

2.   Áireofar go háirithe sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo an méid seo a leanas freisin:

(a)

measúnú ar éifeachtacht chóras na gcreidmheasanna astaíochta agus na bhfiach astaíochta dá dtagraítear in Airteagal 7 agus a iomchuí atá sé síneadh a chur le cur i bhfeidhm an chórais sin in 2030 agus ar aghaidh;

(b)

measúnú ar imlonnú feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus feithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle, agus aird á tabhairt ar na spriocanna a leagtar amach i dTreoir 2009/33/CE, chomh maith le paraiméadair agus coinníollacha ábhartha a dhéanann difear do chur ar an margadh feithiclí tromshaothair den sórt sin;

(c)

measúnú sa ar éifeachtacht an tsásra dreasachta le haghaidh na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle a leagtar amach in Airteagal 5 agus ar a iomchuí atá eilimintí éagsúla an tsásra dreasachta, d’fhonn é a choigeartú don tréimhse i ndiaidh 2025 faoi chomhair difreáil a d’fhéadfaí a dhéanamh trí raon tiomána astaíochtaí nialasacha agus foghrúpa feithiclí, in éineacht le fachtóirí míleáiste agus fachtóirí ualaithe pálasta, lena ngabhfadh dáta cur i bhfeidhm a dtiocfadh aga tionscanta de thrí bliana ar a laghad roimhe;

(d)

measúnú ar leathadh amach an bhonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe is gá, ar an bhféidearthacht caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO2 innill a thabhairt isteach, go háirithe le haghaidh feithiclí seirbhíse, agus ar fhíorionadaíochas luachanna astaíochtaí CO2 agus an ídithe breosla arna gcinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2400;

(e)

chun críche an Rialacháin seo agus chun na críche sin amháin, breithnithe ar fheithiclí tromshaothair agus cónaisc feithiclí, agus na meáchain agus toisí is infheidhme i dtaobh iompar náisiúnta á gcur san áireamh, mar shampla, iompar modúlach agus iompar idirmhódach, agus measúnú á dhéanamh ag an am céanna ar ghnéithe slándála agus éifeachtúlachta a d’fhéadfadh a bheith ann, ar éifeachtaí idirmhódacha, comhshaoil, bonneagair agus athphreibe chomh maith le suíomh geografach na mBallstát;

(f)

measúnú ar uirlis ionsamhlúcháin VECTO chun a áirithiú go ndéanfar an uirlis sin a nuashonrú go leanúnach agus ar bhonn tráthúil;

(g)

measúnú ar an bhféidearthacht modheolaíocht shonrach a fhorbairt chun go gcuirfí san áireamh an rannchuidiú a d’fhéadfaí a dhéanamh le hastaíochtaí CO2 a laghdú trí bhreoslaí sintéiseacha agus ardbhreoslaí inathnuaite leachtacha agus gásacha malartacha a úsáid, lena n-áirítear ríomhbhreoslaí, arna dtáirgeadh le fuinneamh inathnuaite agus lena gcomhlíontar na critéir maidir leis an inbhuanaitheacht agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17);

(h)

measúnú ar a indéanta atá sé sásra comhthiomsaithe oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a thabhairt isteach idir monaróirí;

(i)

measúnú ar leibhéal na préimhe astaíochtaí CO2 iomarcacha chun a áirithiú gur mó an phréimh sin ná meánchostais imeallacha na dteicneolaíochtaí is gá chun na spriocanna maidir le hastaíochtaí CO2 a bhaint amach.

3.   I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach chun leasú a dhéanamh ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1.

4.   Mar chuid den mheastóireacht de bhun Airteagal 15(5) de Rialachán (AE) 2019/631, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an bhféidearthacht na hioncaim ó phréimheanna astaíochtaí sonracha CO2 a shannadh ar chiste sonrach nó ar chlár ábhartha, agus é mar chuspóir leis sin aistriú cóir a áirithiú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach dá dtagraítear in Airteagal 4.1 de Chomhaontú Pháras, go háirithe chun tacú le hathsciliú, uas-sciliú agus oiliúint i scileanna eile agus athdháileadh oibrithe san earnáil mótarfheithiclí i ngach Ballstát a ndéanfar difear dó, go háirithe sna réigiúin agus sna pobail is mó a ndéanfaidh an t-aistriú difear dóibh. Más iomchuí, tíolacfaidh an Coimisiún togra reachtach chuige sin faoi 2027 ar a dhéanaí.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 2023, meastóireacht ar an bhféidearthacht modheolaíocht chomhchoiteann de chuid an Aontais a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ar feadh shaolré iomlán na bhfeithiclí nua tromshaothair a chuirtear ar mhargadh an Aontais, agus chun tuairisciú a dhéanamh ar shonraí na n-astaíochtaí sin. Déanfaidh an Coimisiún an mheastóireacht sin, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tograí le haghaidh bearta leantacha, amhail tograí reachtacha, a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Airteagal 16

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um Athrú Aeráide, dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 44(1) de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 17

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 11(2), an dara fomhír d’Airteagal 13(4) agus Airteagal 14(1) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse 5 bliana amhail ón 14 Lúnasa 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 11(2), sa dara fomhír d’Airteagal 13(4) agus in Airteagal 14(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 11(2), an dara fomhír d’Airteagal 13(4) agus Airteagal 14(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid ina choinne curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 18

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 595/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear an abairt seo a leanas leis an gcéad fhomhír:

“Beidh feidhm aige freisin, chun críocha Airteagal 5a, Airteagal 5b agus Airteagal 5c, maidir le feithiclí chatagóir O3 agus chatagóir O4.”;

(2)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 5a

Ceanglais shonracha ar mhonaróirí maidir le feidhmíocht chomhshaoil feithiclí chatagóirí M2, M3, N2, N3, O3 agus O4

1.   Áiritheoidh na monaróirí go gcomhlíonfar na ceanglais a leanas le feithiclí nua chatagóir O3 agus chatagóir O4 a dhíolfar, a chlárófar nó a chuirfear i seirbhís:

(a)

déanfar tionchar na bhfeithiclí sin ar na hastaíochtaí CO2, ídiú fuinnimh, ídiú leictreachais agus raon tiomána astaíochtaí nialasacha mótarfheithiclí a chinneadh i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 5c;

(b)

feisteofar iad le feistí infheithicle chun faireachán agus taifeadadh a dhéanamh ar an bpálasta i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5c.

2.   Áiritheoidh na monaróirí go ndéanfar feithiclí nua chatagóirí M2, M3, N2 agus N3 a dhíolfar, a chlárófar nó a chuirfear i seirbhís a fheistiú le feistí infheithicle chun faireachán agus taifeadadh a dhéanamh ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh, pálasta agus míleáiste i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5c.

Áiritheoidh siad freisin go ndéanfar raon tiomána astaíochtaí nialasacha agus ídiú leictreachais na bhfeithiclí sin a chinneadh i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5(c).

Airteagal 5b

Ceanglais shonracha ar na Ballstáit maidir le feidhmíocht chomhshaoil fheithiclí chatagóirí M2, M3, N2, N3, O3 agus O4

1.   I gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5c, diúltóidh na húdaráis náisiúnta cineálcheadú CE nó cineálcheadú náisiúnta a dheonú i dtaca le cineálacha feithiclí nua chatagóirí M2, M3, N2, N3, O3 agus O4 nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach sna bearta cur chun feidhme sin leo.

2.   I gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5c, toirmeascfaidh na húdaráis náisiúnta díol, clárú nó teacht i seirbhís feithiclí nua chatagóirí M2, M3, N2, N3, O3 agus O4 nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach sna bearta cur chun feidhme sin leo.

Airteagal 5c

Bearta i gcomhair gnéithe áirithe chun feidhmíocht chomhshaoil feithiclí chatagóirí M2, M3, N2, N3, O3 agus O4 a chinneadh

Faoin 31 Nollaig 2021, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta a leanas a ghlacadh:

(a)

modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht feithiclí chatagóir O3 agus chatagóir O4 maidir lena dtionchar ar astaíochtaí CO2, ídiú breosla, ídiú leictreachais agus raonta tiomána astaíochtaí nialasacha mótarfheithiclí;

(b)

ceanglais theicniúla maidir le feistí infheithicle a fheistiú chun faireachán agus taifeadadh a dhéanamh ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh agus míleáiste mótarfheithiclí chatagóirí M2, M3, N2 agus N3, agus chun pálasta nó meáchan iomlán feithiclí lena gcomhlíontar na saintréithe a leagtar amach i bpointe (a), (b), (c) nó (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) agus a gcónaisc le feithiclí chatagóir O3 agus chatagóir O4, lena n-áirítear tarchur sonraí idir feithiclí laistigh de chónasc, a chinneadh agus a thaifeadadh, de réir mar is gá;

(c)

modheolaíocht chun raon tiomána astaíochtaí nialasacha agus ídiú fuinnimh feithiclí nua chatagóirí M2, M3, N2 agus N3 a chinneadh.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13a.

(*1)  Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956agus Treoir 96/53/CE (IO L 198, 25.7.2019, lch. 202).”;"

(3)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 13a

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste Teicniúil maidir le Mótarfheithiclí, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás nach dtugann an Coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(*2)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1). ”."

Airteagal 19

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/956

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/956 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

“Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach i dTreoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), i Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus i Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4)

(*3)  Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat chun mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá beartaithe le haghaidh feithiclí den sórt sin a cheadú (Treoir Réime) (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1)."

(*4)  Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956agus Treoir 96/53/CE (IO L 198, 25.7.2019, lch. 202).”;"

(2)

in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Ón 1 Eanáir 2019 ar aghaidh, déanfaidh na Ballstáit faireachán ar na sonraí a shonraítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I maidir le feithiclí nua tromshaothair a chláraítear san Aontas den chéad uair.

Faoin 30 Meán Fómhair gach bliain, ó 2020 ar aghaidh, tuairisceoidh údaráis inniúla na mBallstát sonraí na tréimhse tuairiscithe roimhe sin (an 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh) don Choimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta tuairiscithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

I ndáil le 2019, áireofar sna sonraí a thuairisceofar faoin 30 Meán Fómhair 2020 na sonraí a ndearnadh faireachán orthu ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020.

Ní dhéanfar faireachán ná tuairisciú ar shonraí maidir le feithiclí nua tromshaothair a cláraíodh roimhe lasmuigh den Aontas, ach amháin i gcás ina ndearnadh an clárú sin tráth is lú ná 3 mhí roimh an gclárú san Aontas.”;

(3)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Ó na túsbhlianta a leagtar amach i bpointe 1 de Chuid B d’Iarscríbhinn I amach, déanfaidh monaróirí feithiclí tromshaothair faireachán ar na sonraí a shonraítear i bpointe 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn I, i gcás gach feithicle nua tromshaothair.

Faoin 30 Meán Fómhair gach bliain, ó na túsbhlianta a leagtar amach i bpointe 1 de Chuid B d’Iarscríbhinn I amach, déanfaidh monaróirí feithiclí tromshaothair na sonraí sin a thuairisciú, i gcás gach feithicle nua tromshaothair le dáta ionsamhlúcháin sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin (an 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh), don Choimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta tuairiscithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

I ndáil le 2019, tuairisceoidh monaróirí na sonraí maidir le gach feithicil nua tromshaothair lena ngabhfaidh dáta ionsamhlúcháin a bheidh sa tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020.

Is é an dáta ionsamhlúcháin an dáta a thuairisceofar i gcomhréir le hiontráil sonraí 71 i bpointe 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn I.”;

(4)

in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Faoin 30 Aibreán gach bliain, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil lena anailís ar na sonraí a tharchuir na Ballstáit agus na monaróirí don tréimhse tuairiscithe roimhe sin.”;

(5)

in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.2:

“3.2.

Cuirfear na sonraí maidir le feithiclí tromshaothair arna gclárú sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin agus arna dtaifeadadh sa Chlár ar fáil don phobal faoin 30 Aibreán gach bliain, ó 2021 amach, cé is moite de na hiontrálacha sonraí sin a shonraítear in Airteagal 6(1).”.

Airteagal 20

Leasuithe ar Threoir 96/53/CE

Leasaítear Treoir 96/53/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear an sainmhíniú seo a leanas isteach i ndiaidh an tsainmhínithe ar “fheithicil a úsáideann breoslaí malartacha”:

“—

ciallaíonn ‘feithicil astaíochtaí nialasacha’ feithicil tromshaothair astaíochtaí nialasacha mar a shainmhínítear i bpointe (11) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5),

(*5)  Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 agus Treoir 96/53/CE (IO L 198, 25.7.2019, lch. 202).”;"

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10b:

“Airteagal 10b

Is iad meáchain údaraithe uasta na bhfeithiclí a úsáideann breoslaí malartacha nó na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha iad sin a leagtar amach i bpointí 2.2.1, 2.2.2, 2.2.3, 2.2.4, 2.3.1, 2.3.2 agus 2.4 d’Iarscríbhinn I.

Leis na feithiclí a úsáideann breoslaí malartacha nó na feithiclí astaíochtaí nialasacha, comhlíonfar freisin na teorainneacha maidir le meáchain údaraithe uasta na n-acastóirí a leagtar amach i bpointe 3 d’Iarscríbhinn I.

Is ar bhonn na doiciméadachta arna soláthar ag an monaróir tráth a fhormheasfar an fheithicil lena mbaineann a shaineofar an meáchan breise a bhfuil gá leis ag feithiclí a úsáideann breoslaí malartacha nó feithiclí astaíochtaí nialasacha. Léireofar an meáchan breise sin sa chruthúnas oifigiúil atá ag teastáil i gcomhréir le hAirteagal 6.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10h chun an liosta de bhreoslaí malartacha dá dtagraítear in Airteagal 2 a bhfuil gá le meáchan breise acu a nuashonrú, chun críocha na Treorach seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go leanfaidh an Coimisiún dá ghnáthchleachtas agus go rachaidh sé i mbun comhairliúcháin le saineolaithe, lena n-áirítear saineolaithe ó na Ballstáit, sula nglacfaidh sé na gníomhartha tarmligthe sin.”;

(3)

leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

cuirtear an fhomhír seo a leanas leis an dara colún de phointí 2.2.1, 2.2.2, 2.2.3 agus 2.2.4 agus lena bhfophointí chomh maith:

“I gcás cónaisc feithiclí, lena n-áirítear feithiclí a úsáideann breoslaí malartacha nó feithiclí astaíochtaí nialasacha, méadófar na meáchain údaraithe uasta dá bhforáiltear sa roinn seo faoi mheáchan breise an bhreosla mhalartaigh nó na teicneolaíochta astaíochtaí nialasacha le huasmhéid 1 tonna agus 2 thonna faoi seach.”;

(b)

cuirtear an fhomhír a leanas leis an dara colún de phointe 2.3.1:

“Feithiclí astaíochtaí nialasacha: méadaítear an meáchan údaraithe uasta 18 dtonna faoi mheáchan breise na teicneolaíochta astaíochtaí nialasacha le huasmhéid 2 thonna.”;

(c)

cuirtear an fhomhír seo a leanas leis an tríú colún de phointe 2.3.2:

“Feithiclí astaíochtaí nialasacha trí acastóir: méadaítear an meáchan údaraithe uasta 25 thonna, nó 26 thonna i gcás inar feistíodh an t-acastóir tiomána le boinn dhúbailte agus aerchrochadh nó crochadh a aithnítear mar a chomhionann laistigh den Aontas mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II, nó i gcás inar feistíodh gach acastóir tiomána le boinn dhúbailte agus nach mó ná 9.5 tonna meáchan uasta gach ceann de na hacastóirí, faoi mheáchan breise na teicneolaíochta astaíochtaí nialasacha le huasmhéid 2 thonna.”;

(d)

cuirtear an fhomhír seo a leanas leis an tríú colún de phointe 2.4:

“Busanna trí acastóir ar feithiclí astaíochtaí nialasacha iad: méadaítear an meáchan údaraithe uasta 28 dtonna faoi mheáchan breise theicneolaíocht na n-astaíochtaí nialasacha le huasmhéid 2 thonna.”.

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 20 Meitheamh 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 286.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Meitheamh 2019.

(3)  Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13).

(4)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le mótarfheithiclí agus innill a chineál-cheadú i leith astaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi fheithiclí a dheisiú agus a chothabháil agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Treoir 2007/46/EC agus lena n-aisghairtear Treoir 80/1269/CEE, Treoir 2005/55/CE agus Treoir 2005/78/CE (IO L 188, 18.7.2009, lch. 1).

(6)  Rialachán (CE) 2017/2400 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2017 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (EC) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cinneadh a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ar ídiú breosla feithiclí tromshaothair agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún (IO L 349, 29.12.2017, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí nua tromshaothair (IO L 173, 9.7.2018, lch. 1).

(8)  Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le feithiclí iompair ar an mbóthar atá glan agus éifeachtúil ó thaobh an fhuinnimh de a chur chun cinn (IO L 120, 15.5.2009, lch. 5).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí do ghluaisteáin nua paisinéirí mar chuid de chur chuige comhtháite an Chomhphobail chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 140, 5.6.2009, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú agus faireachas margaidh ar mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus ar chórais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(12)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(13)  Treoir 96/53/CE ón gComhairle an 25 Iúil 1996 lena leagtar síos toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus meáchan údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí bóthair áirithe ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (IO L 235, 17.9.1996, lch. 59).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2011 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta d’astaíochtaí ó fheithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 145, 31.5.2011, lch. 1).

(15)  Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat chun mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá beartaithe le haghaidh feithiclí den sórt sin a cheadú (Treoir Réime) (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 171, 29.6.2007, lch. 1).

(17)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(18)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Meánastaíochtaí sonracha CO2, an spriocanna i leith astaíochtaí sonracha CO2 agus na hastaíochtaí CO2 iomarcacha

1.   FOGHRÚPAÍ FEITHICLE

Déanfar gach feithicil nua tromshaothair a shannadh chuig ceannde na foghrúpaí feithiclí arna sainmhíniú i dTábla 1 i gcomhréir leisna coinníollacha a leagtar amach sa tábla sin.

Tábla 1

Foghrúpaí feithicle (sg)

Feithiclí tromshaothair

Cineál cábáin

Cumhacht innill

Foghrúpa feithicle (sg)

Leoraithe dochta a bhfuil cumraíocht acastóirí4x2 acu agus uasmhais ualaithe atá incheadaithe go teicniúil > 16thonna

Gach ceann

< 170 kW

4-UD

Cábán lae

≥ 170 kW

4-RD

Cábán codlata

≥ 170 kW agus < 265 kW

Cábán codlata

≥ 265 kW

4-LH

Leoraithe dochta a bhfuil cumraíocht acastóirí6x2 acu

Cábán lae

Gach ceann

9-RD

Cábán codlata

9-LH

Tarracóirí a bhfuil cumraíocht acastóirí4x2 acu agus uasmhais ualaithe atá incheadaithe go teicniúil > 16thonna

Cábán lae

Gach ceann

5-RD

Cábán codlata

< 265 kW

Cábán codlata

≥ 265 kW

5-LH

Tarracóirí a bhfuil cumraíocht acastóirí6x2 acu

Cábán lae

Gach ceann

10-RD

Cábán codlata

10-LH

Ciallaíonn “cábán codlata” cineál cábáin a bhfuil urrann taobh thiar de shuíochán an tiománaíatá ceaptha lena húsáid don chodladh i gcomhréir le Rialachán (AE)2018/956.

Ciallaíonn “cábán lae” cineálcábáin nach cábán codlata é.

Mura féidir feithicil nua tromshaothair a shannadh chuig foghrúpafeithicle toisc nach bhfuil faisnéis faoin gcineál cábáin nó faoichumhacht an innill ar fáil, sannfar é don fhoghrúpa cianaistir (LH)a fhreagraíonn dá chineál fonnaidh (leoraí docht nó tarracóir) aguscumraíocht acastóirí (4x2 nó 6x2).

I gcás ina sanntar feithicil nua tromshaothair d’fhoghrúpa feithiclí4-UD, ach nach bhfuil sonraí faoi na hastaíochtaí CO2 in g/km ar fáil don phróifíl mhisin UDL nó UDR a shainmhíníteari dTábla 2 de pointe 2.1, sannfar an fheithicil nua tromshaothaird’fhoghrúpa feithiclí 4-RD.

2.   MEÁNASTAÍOCHTAÍ SONRACHA CO2 MONARÓRA

2.1.   Astaíochtaí sonracha CO2 feithicle nua tromshaothair

Déanfar na hastaíochtaí sonracha CO2 in g/kmatá ag feithicil nua tromshaothair v (CO2v ) atá sannta d’fhoghrúpafeithiclí sg a ríomh mar a leanas:

Formula

i gcás inarb é:

Formula

mp

an tsuim thar gach próifíl mhisin mp a liostaítear i dTábla 2;

sg

an foghrúpa feithiclí dár sannadh an+ fheithicil nuatromshaothair v i gcomhréir le pointe 1 denIarscríbhinn seo;

W sg,mp

ualú na próifíle misin a shonraítear i dTábla 2;

CO2 v,mp

astaíochtaí CO2 in g/km feithiclenua tromshaothair v arna gcinneadh do phróifílmhisin mp agus arna tuairisciú i gcomhréirle Rialachán (AE) 2018/956.

Socrófar astaíochtaí sonracha CO2 feithicletromshaothair astaíochtaí nialasacha ag 0 g CO2/km.

Beidh astaíochtaí sonracha CO2 feithicle seirbhísecothrom le meán na n-astaíochtaí CO2 in g/km arnadtuairisciú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/956.

Tábla 2

Ualaí na bpróifílí misin (Wsg,mp)

Foghrúpa feithicle (sg)

Próifíl mhisin (1) (mp)

RDL

RDR

LHL

LHR

UDL

UDR

REL, RER, LEL, LER

4-UD

0

0

0

0

0,5

0,5

0

4-RD

0,45

0,45

0,05

0,05

0

0

0

4-LH

0,05

0,05

0,45

0,45

0

0

0

9-RD

0,27

0,63

0,03

0,07

0

0

0

9-LH

0,03

0,07

0,27

0,63

0

0

0

5-RD

0,27

0,63

0,03

0,07

0

0

0

5-LH

0,03

0,07

0,27

0,63

0

0

0

10-RD

0,27

0,63

0,03

0,07

0

0

0

10-LH

0,03

0,07

0,27

0,63

0

0

0


Sainmhínithe ar phróifílí misin

RDL

Seachadadh réigiúnach le pálasta íseal

RDR

Seachadadh réigiúnach le pálasta ionadaíoch

LHL

Cianaistear le pálasta íseal

LHR

Cianaistear le pálasta ionadaíoch

UDL

Seachadadh uirbeach le pálasta íseal

UDR

Seachadadh uirbeach le pálasta ionadaíoch

REL

Seachadadh réigiúnach (EMS) le pálasta íseal

RER

Seachadadh réigiúnach (EMS) le pálasta ionadaíoch

LEL

Cianaistear (EMS) le pálasta íseal

LER

Cianaistear (EMS) le pálasta ionadaíoch

2.2.   Meánastaíochtaí sonracha CO2 gach feithiclenua tromshaothair i bhfoghrúpa feithiclí le haghaidh monaróra

Le haghaidh gach monaróra agus gach tréimhse tuairiscithe, déanfarmeánastaíochtaí sonracha CO2 in g/tkm atá ag gachfeithicil nua tromshaothair i bhfoghrúpa feithiclí sg (avgCO2sg ) a ríomhmar seo a leanas:

Formula

i gcás inarb é:

Formula

v

suim thar gach feithicil nua tromshaothair an mhonarórai bhfoghrúpa feithiclí sg seachas gach feithicilseirbhíse, i gcomhréir le pointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 4;

CO2 v

astaíochtaí sonracha CO2 feithiclenua tromshaothair v arna gcinneadh i gcomhréirle pointe 2.1;

Vsg

líon na bhfeithiclí nua tromshaothair atá ag an monaróiri bhfoghrúpa feithiclí sg, seachas feithiclíseirbhíse, i gcomhréir le pointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 4;

PL sg

meán-phálasta na bhfeithiclí i bhfoghrúpa sg mar a chinntear i bpointe 2.5 é.

2.3.   An fachtóir astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle dá dtagraítearin Airteagal 5

2.3.1.   Tréimhsí tuairiscithe 2019 go 2024

Le haghaidh gach monaróra agus gach tréimhse tuairiscithe ó 2019go dtí 2024, déanfar an fachtóir astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaíísle (ZLEV) dá dtagraítear in Airteagal 5 a ríomh mar seo a leanas:

Formula le híosluach 0.97

i gcás inarb é,

V

líon na bhfeithiclí nua tromshaothair atá ag an monaróira chomhlíonann na saintréithe a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal2(1), seachas feithiclí seirbhíse, i gcomhréir le pointe (a) den chéadmhír d’Airteagal 4;

Vconv

líon na bhfeithiclí nua tromshaothair atá ag an monaróira chomhlíonann na saintréithe a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal2(1), seachas feithiclí seirbhíse, i gcomhréir le pointe (a) den chéadmhír d’Airteagal 4 agus diomaite de gach feithicil tromshaothair astaíochtaínialasacha agus astaíochtaí ísle;

Vzlev

suim Vin agus Vout,

i gcás inarb é:

Vin Formula

agus Formula cothrom leis an tsuim thar gach feithicle tromshaothairastaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle nua a chomhlíonann nasaintréithe a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 2(1);

CO2v

astaíochtaí sonracha CO2 in g/kmfeithicle v tromshaothair astaíochtaí nialasachanó astaíochtaí ísle arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 2.1;

LETsg

tairseach astaíochtaí ísle fhoghrúpa feithiclí sg lena mbaineann an fheithicil v mar a shainmhínítear i bpointe 2.3.3;

Vout

líon iomlán na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaínialasacha atá nuachláraithe dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal2(1), iolraithe faoi 2, agus le huasmhéid 1,5 % de Vconv.

2.3.2.   Tréimhsí tuairiscithe ó 2025 ar aghaidh

Le haghaidh gach monaróra agus gach tréimhse tuairiscithe, déanfaran fachtóir astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle (ZLEV) dádtagraítear in Airteagal 5 a ríomh mar a leanas:

Formula ach amháin más mó an tsuim sin ná 1 nó más lú ná 0,97í agus, sa chás sin, socrófar an fachtóir ZLEV ag 1 nó 0,97, de réirmar is cuí

i gcás inarb é,

x

0.02

y

suim Vin agus Vout, arna roinnt ar Vtotal, i gcásinarb é:

Vin

líon iomlán na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaíísle agus astaíochtaí nialasacha nuachláraithe a comhlíonann na saintréithea leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 2(1), i gcás ina gcomhairteariad mar ZLEVsonrach i gcomhréir leis an bhfoirmle anseo thíos:

Formula

i gcás inarb é:

CO2v

astaíochtaí sonracha CO2 in g/kmfeithicle v tromshaothair astaíochtaí nialasachanó astaíochtaí ísle arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 2.1.;

LETsg

tairseach astaíochtaí ísle fhoghrúpa feithiclí sg lena mbaineann an fheithicil v mar a shainmhínítear i bpointe 2.3.3;

Vout

líon iomlán na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaínialasacha dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 2(1), agus lehuasmhéid 0.035 % de Vtotal;

Vtotal

líon iomlán na bhfeithiclí nua tromshaothairchláraitheatá ag an monaróir sa tréimhse sin.

I gcás inar lú Vin/Vtotal ná 0.0075, socrófar an fachtóirZLEV ag 1.

2.3.3.   Tairseach na n-astaíochtaí ísle

Sainítear tairseach astaíochtaí ísle LET sg fhoghrúpa feithiclí sg mar a leanas:

Formula

i gcás inarb é,

rCO2 sg

astaíochtaí tagartha CO2 fhoghrúpafeithiclí sg, mar a chinntear i bpointe 3 é;

PLsg

meán-phálasta na bhfeithiclí fhoghrúpa feithiclí sg, mar a chinntear i bpointe 2.5 é.

2.4.   Sciar an mhonaróra d’fheithiclí nua tromshaothair i bhfoghrúpafeithiclí

Le haghaidh gach monaróra agus gach tréimhse tuairiscithe, déanfarsciar na bhfeithiclí nua tromshaothair i bhfoghrúpa feithiclí sg (sharesg ) a ríomh mar a leanas:

Formula

i gcás inarb é:

Vsg

líon na bhfeithiclí nua tromshaothair atá ag an monaróiri bhfoghrúpa feithiclí sg seachas gach feithicilseirbhíse i gcomhréir le pointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 4;

V

líon na bhfeithiclí nua tromshaothair atá ag an monaróir,seachas feithiclí seirbhíse, i gcomhréir le pointe (a) den chéad mhírd’Airteagal 4.

2.5.   Meánluachanna pálasta gach feithicle i bhfoghrúpa feithiclí

Déanfar meánluach pálasta feithicle i bhfoghrúpa feithiclí sg (PLsg ) a ríomh mar a leanas:

Formula

i gcás inarb é:

Formula

mp

an tsuim thar gach próifíl mhisin mp;

W sg,mp

ualú na próifíle misin a shonraítear i dTábla 2 faoiphointe 2.1;

PL sg,mp

an luach pálasta arna shannadh do na feithiclí i bhfoghrúpafeithiclí sg don phróifíl mhisin mp, mar a shonraítear i dTábla 3.

Tábla 3

Luachanna pálasta PL sg, mp (i dtonnaí)

Foghrúpa feithicle sg

Próifíl mhisin (2) (mp)

RDL

RDR

LHL

LHR

UDL

UDR

REL

RER

LEL

LER

4-UD

0,9

4,4

1,9

14

0,9

4,4

3,5

17,5

3,5

26,5

4-RD

4-LH

5-RD

2,6

12,9

2,6

19,3

2,6

12,9

3,5

17,5

3,5

26,5

5-LH

9-RD

1,4

7,1

2,6

19,3

1,4

7,1

3,5

17,5

3,5

26,5

9-LH

10-RD

2,6

12,9

2,6

19,3

2,6

12,9

3,5

17,5

3,5

26,5

10-LH

2.6.   Fachtóir an mhíleáiste agus an ualaithe pálasta

Sainmhínítear fachtóir míleáiste agus ualaithe pálasta (MPWsg) fhoghrúpa feithiclí sg marthoradh ar an míleáiste bliantúil a shonraítear i dTábla 4 agus anluach pálasta de réir foghrúpa feithiclí a shonraítear i dTábla 3de phointe 2.5, arna normalú go dtí an luach faoi seach d’fhoghrúpafeithiclí 5-LH, agus déanfar é a ríomh mar seo a leanas:

Formula

i gcás inarb é:

AMsg

an míleáiste bliantúil arna sonrú i dTábla 4 do na feithiclísan fhoghrúpa feithiclí faoi seach;

AM 5-LH

an míleáiste bliantúil arna sonrú d’fhoghrúpa feithiclí5-LH i dTábla 4;

PLsg

an meánluach pálasta mar a chinntear i bpointe 2.5 é;

PL 5-LH

an meánluach pálasta d’fhoghrúpa feithiclí 5-LH mara chinntear i bpointe 2.5 é.

Tábla 4

Míleáistí bliantúla

Foghrúpa feithicle sg

Míleáiste bliantúil AM sg (in km)

4-UD

60 000

4-RD

78 000

4-LH

98 000

5-RD

78 000

5-LH

116 000

9-RD

73 000

9-LH

108 000

10-RD

68 000

10-LH

107 000

2.7.   Meánastaíochtaí sonracha CO2 in g/tkm monaróradá dtagraítear in Airteagal 4

Le haghaidh gach monaróra agus gach tréimhsetuairiscithe, déanfar meánastaíochtaí sonracha (CO2 ) in g/tkm (CO2)a ríomh mar a leanas:

Formula

i gcás inarb é:

Formula

an tsuim thar gach foghrúpa feithiclí;

ZLEV

an fachtóir astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaíísle mar a chinntear i bpointe 2.3 í

share,sg

an sciar d’fheithiclí nua tromshaothair i bhfoghrúpafeithiclí sg mar a chinntear i bpointe 2.4é;

MPWsg

fachtóir an mhíleáiste agus an ualaithe pálasta mara chinntear i bpointe 2.6 é;

avgCO2sg

meánastaíochtaí sonracha CO2 ing/tkm mar a chinntear i bpointe 2.2 iad.

3.   NA hASTAÍOCHTAÍ TAGARTHA CO2 DÁ dTAGRAÍTEARSA DARA FOMHÍR D’AIRTEAGAL 1

Déanfar na hastaíochtaí tagartha CO2 (rCO2sg ) a ríomh do gach foghrúpafeithiclí sg ar bhonn gach feithicle nua tromshaothairatá ag gach monaróir sa tréimhse tuairiscithe mar a leanas:

Formula

i gcás inarb é:

Formula

an tsuim thar gach feithicil nua tromshaothair arnaclárú sa tréimhse tuairiscithe i bhfoghrúpa feithiclí sg, seachas feithiclí seirbhíse, i gcomhréir leis an dara fomhírd’Airteagal 1;

CO2v

astaíochtaí sonracha CO2 na feithiclenua tromshaothair v arna gcinneadh i gcomhréirle pointe 2.1, arna gcoigeartú, más infheidhme, de bhun IarscríbhinnII;

rVsg

líon na bhfeithiclí nua tromshaothair arna gclárú satréimhse tuairiscithe i bhfoghrúpa feithiclí sg, seachas feithiclí seirbhíse, i gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal1;

PLsg

meán-phálasta na bhfeithiclí i bhfoghrúpa feithiclí sg mar a chinntear i bpointe 2.5 é.

4.   SPRIOC I LEITH ASTAÍOCHTAÍ SONRACHA CO2 MONARÓRA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 6

Le haghaidh gach monaróra agus gach tréimhse tuairiscithe, ón 1 Iúil 2025 ar aghaidh, déanfar an sprioc ileith astaíochtaí sonracha CO2 T á ríomh mar seo a leanas:

Formula

i gcás inarb é,

Formula

an tsuim thar gach foghrúpa feithiclí;

share,sg

sciar na bhfeithiclí nua tromshaothair i bhfoghrúpafeithiclí sg mar a chinntear i bpointe 2.4é;

MPWsg

fachtóir an mhíleáiste agus an ualaithe pálasta mara chinntear i bpointe 2.6 é;

rf

an sprioc maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 (in %) is infheidhme don tréimhse tuairiscithe ar leith sin;

rCO2sg

na hastaíochtaí tagartha CO2 mara chinntear i pointe 3 iad.

5.   CREIDMHEASANNA ASTAÍOCHTA AGUS FIACHA ASTAÍOCHTA DÁ dTAGRAÍTEARIN AIRTEAGAL 7

5.1.   An chonair laghdaithe astaíochtaí CO2 lehaghaidh creidmheasanna astaíochta

Le haghaidh gach monaróra agus gach thréimhse tuairiscithe na mbliantaY ó 2019 go 2030, sainítear conair laghdaithe astaíochtaí CO2 (ETY) mar a leanas:

Formula

i gcás inarb é:

Formula

an tsuim thar gach foghrúpa feithiclí;

sharesg.

sciar na bhfeithiclí nua tromshaothair i bhoghrúpa feithiclí sg mar a chinntear i bpointe 2.4 é;

MPWsg

an fachtóir mileáiste agus ualaithe pálasta mar a chinnteari bpointe 2.6 é;

rCO2sg

na hastaíochtaí tagartha CO2 mara chinntear i pointe 3 iad;

R-ETY

sainítear R-ETY mar a leanas:

le haghaidh thréimhsí tuairiscithena mblianta Y ó 2019 go 2025:

Formula

agus, le haghaidh thréimhsí tuairiscithe na mbliantaY ó 2026 go 2030:

Formula

is iad rf2025 agus rf2030

na spriocanna maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 (in %) is infheidhme le haghaidh thréimhsí tuairiscithena mblianta 2025 agus 2030, faoi seach.

5.2.   Creidmheasanna astaíochta agus fiacha astaíochta i ngach tréimhsetuairiscithe

Le haghaidh gach monaróra agus gach thréimhse tuairiscithe na mbliantaY ó 2019 go 2029, déanfar na creidmheasanna astaíochta (cCO2Y ) agus na fiacha astaíochta (dCO2Y) a ríomh mar a leanas:

Má tá CO2Y < ETY:

Formula

dCO2Y = 0

Má tá CO2Y > TY do na blianta2025 go 2029:

Formula

cCO2Y = 0

I ngach cás eile socraítear dCO2Y agus cCO2Y ag 0.

i gcás inarb é,

ETY.

conair laghdaithe astaíochtaí CO2 an mhonaróra i dtréimhse tuairiscithe na bliana Y arna cinneadhi gcomhréir le pointe 5.1;

CO2Y.

na meánastaíochtaí sonracha CO2 anmhonaróra i dtréimhse tuairiscithe na bliana Y arna gcinneadh i gcomhréirle pointe 2.7;

TY.

sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra sa tréimhse tuairiscithe don bhliain Y arna cinneadhi gcomhréir le pointe 4;

VY.

líon na bhfeithiclí nua tromshaothair atá ag an monaróirsa tréimhse tuairiscithe don bhliain Y, seachas feithiclí seirbhíse,i gcomhréir le pointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 4.

5.3.   An teorainn maidir le fiach astaíochta

Le haghaidh gach monaróra, sainítear an teorainn maidir le fiachastaíochta (limCO2) mar a leanas:

Formula

i gcás inarb é,

T2025.

sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra i dtréimhse tuairiscithe na bliana 2025 arnacinneadh i gcomhréir le pointe 4;

V2025.

líon na bhfeithiclí nua tromshaothair atá ag an monaróiri dtréimhse tuairiscithe na bliana 2025, seachas gach feithicil seirbhíse,i gcomhréir le pointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 4.

5.4.   Creidmheasanna astaíochta arna bhfáil roimh an mbliain 2025

Na fiacha astaíochta arna bhfáil do thréimhse tuairiscithe na bliana2025, laghdófar iad faoi mhéid (redCO2) a fhreagraíonndo na creidmheasanna astaíochta arna bhfáil roimh an tréimhse tuairiscithesin, a chinntear le haghaidh gach monaróra mar a leanas:

Formula

i gcás inarb é,

min

an ceann is lú den dá luach atá tugtha idir na lúibíní;

Formula

suim thar thréimhsí tuairiscithe na mblianta Y ó 2019go 2024;

dCO22025

na fiacha astaíochta do thréimhse tuairiscithe na bliana2025 arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 5.2;

cCO2Y.

na creidiúintí astaíochta do thréimhse tuairiscithena bliana Y arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 5.2;

6.   ASTAÍOCHTAÍ CO2 IOMARCACHA MONARÓRADÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 8(2)

Le haghaidh gach monaróra agus gach tréimhse tuairiscithe ón mbliain2025 ar aghaidh, ríomhfar luach na n-astaíochtaí CO2 iomarcacha (exeCO2Y ) mar a leanas, más luach dearfach atá ann:

 

Le haghaidh thréimhse tuairiscithe na bliana 2025

Formula

 

Le haghaidh thréimhsí tuairiscithe na mblianta Y ó 2026 go 2028

Formula

 

Le haghaidh thréimhse tuairiscithe na bliana 2029

Formula

 

Le haghaidh thréimhsí tuairiscithe na mblianta Y ó 2030 ar aghaidh

Formula

i gcás inarb é,

Formula

an tsuim thar thréimhsí tuairiscithe na mblianta Y ó2019 go 2025;

Formula

an tsuim thar thréimhsí tuairiscithe na mblianta Ió 2025 go dtí an bhliain Y;

Formula

an tsuim thar thréimhsí tuairiscithe na mblianta Jó 2025 go dtí an bhliain (Y-1);

Formula

an tsuim thar thréimhsí tuairiscithe na mblianta Jó 2025 go 2028;

Formula

an tsuim thar thréimhsí tuairiscithe na mblianta Ió 2025 go 2029;

dCO2Y.

na fiacha astaíochta do thréimhse tuairiscithe na blianaY arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 5.2;

cCO2Y.

na creidiúintí astaíochta do thréimhse tuairiscithena bliana Y arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 5.2;

limCO2.

teorainn an fhéich astaíochta arna cinneadh i gcomhréirle pointe 5.3;

redCO2.

an laghdú ar fhiacha astaíochta thréimhse tuairiscithena bliana 2025 arna chinneadh i gcomhréir le pointe 5.4.

I ngach cás eile socrófar luach na n-astaíochtaí CO2 iomarcacha exeCO2Y ag 0.


(1)  Féach na sainmhínithe ar na próifílí misin faoin Tábla seo.

(2)  Féach na sainmhínithe ar na próifílí misin faoi Thábla 2 de phointe2.1


IARSCRÍBHINN II

Nósanna imeachta do choigeartuithe

1.   NA FACHTÓIRÍ COIGEARTAITHE PÁLASTA DÁ DTAGRAÍTEAR I BPOINTE (C) D’AIRTEAGAL 14(1)

Faoi réir phointe (a) d’Airteagal 11(2), chun críocha astaíochtaí tagartha CO2 dá dtagraítear sa dara mír d’Airteagal 1 a ríomh, úsáidfear ualuithe na bpróifílí misin agus na luachanna pálasta is infheidhme don uair sa tréimhse tuairiscithe nuair a thiocfaidh éifeacht leis na hathruithe dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 14(1) le haghaidh gach feithicle nua tromshaothair, agus déanfar astaíochtaí CO2 in g/km feithicle tromshaothair v arna gcinneadh le haghaidh próifíl mhisin mp dá dtagraítear i dTábla 2 i bpointe 2.1 d’Iarscríbhinn I a choigeartú mar a leanas:

Formula

i gcás inarb é,

sg =

an foghrúpa feithiclí lena mbaineann an fheithicil v;

CO2(RP)v,mp.=

astaíochtaí sonracha CO2 na feithicle v in g/km, de réir mar a chinntear ar phróifíl mhisin mp agus bunaithe ar na sonraí faireacháin le haghaidh na tréimhse tagartha arna dtuairisciú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/956;

PL(RP)sg, mp.=

an luach pálasta, a sannadh d’fheithicil v i bhfoghrúpa feithiclí sg ar phróifíl mhisin mp sa tréimhse tuairiscithe, i gcomhréir le Tábla 3 de phointe 2.5 d’Iarscríbhinn I, chun críocha na sonraí faireacháin le haghaidh na tréimhse tagartha a bhunú, sonraí arna dtuairisciú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/956;

PLsg, mp.=

an luach pálasta, a sannadh do na feithiclí i bhfoghrúpa feithiclí sg ar phróifíl mhisin mp sa tréimhse tuairiscithe nuair a thiocfaidh éifeacht leis na hathruithe dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 14(1) le haghaidh gach feithicle nua tromshaothair, i gcomhréir le Tábla 3 i bpointe 2.5 d’Iarscríbhinn I;

PLasg, mp.=

an fachtóir coigeartaithe pálasta a shainmhínítear i dTábla 5.

Tábla 5

Fachtóirí coigeartaithe pálasta PLasg, mp

PLasg,mp

(in 1/tonna)

Próifílí misin mp  (1)

RDL, RDR

REL, RER

LHL, LHR

LEL, LER

UDL, UDR

Foghrúpaí feithiclí sg

4-UD

0,026

N.A.

0,015

N.A.

0,026

4-RD

4-LH

5-RD

0,022

0,022

0,017

0,017

0,022

5-LH

9-RD

0,026

0,025

0,015

0,015

0,026

9-LH

10-RD

0,022

0,021

0,016

0,016

0,022

10-LH

2.   NA FACHTÓIRÍ COIGEARTAITHE PÁLASTA DÁ dTAGRAÍTEAR I bPOINTE (B) D’AIRTEAGAL 11(2)

Faoi réir phointe (b) d’Airteagal 11(2), chun críocha astaíochtaí tagartha CO2 dá dtagraítear sa dara mír d’Airteagal 1 a ríomh, úsáidfear ualuithe na bpróifílí misin agus na luachanna pálasta is infheidhme don uair sa tréimhse tuairiscithe nuair a thiocfaidh éifeacht leis na hathruithe dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 14(1) le haghaidh gach feithicle nua tromshaothair, agus déanfar astaíochtaí CO2 in g/km feithicle tromshaothair v arna gcinneadh le haghaidh próifíl mhisin mp dá dtagraítear i dTábla 2 i bpointe 2.1 d’Iarscríbhinn I a choigeartú mar seo a leanas:

Formula

i gcás inarb é,

Formula

an tsuim thar gach feithicil ionadaíoch r d’fhoghrúpa feithiclí sg;

sg.=

an foghrúpa feithiclí lena mbaineann an fheithicil v;

s r,sg.=

ualú staidrimh na feithicle ionadaíche r i bhfoghrúpa feithiclí sg;

CO2(RP)v,mp.=

astaíochtaí sonracha CO2 na feithicle v in g/km, de réir mar a chinntear ar phróifíl mhisin mp agus bunaithe ar na sonraí faireacháin le haghaidh na tréimhse tagartha arna dtuairisciú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/956;

CO2(RP)r,mp.=

astaíochtaí sonracha CO2 na feithicle ionadaíche r in g/km, de réir mar a chinntear ar phróifíl mhisin mp i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus a bhearta cur chun feidhme sa tréimhse tuairiscithe nuair a cinneadh CO2(RP)v,mp;

CO2r,mp =

astaíochtaí sonracha CO2 na feithicle ionadaíche r, de réir mar a chinntear ar phróifíl mhisin mp i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus a bhearta cur chun feidhme sa tréimhse tuairiscithe nuair a thiocfaidh éifeacht leis na hathruithe dá dtagraítear in Airteagal 14(2) den Rialachán seo le haghaidh gach feithicle nua tromshaothair.

Déanfar an fheithicil ionadaíoch a shainmhíniú i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 14(3) den Rialachán seo.


(1)  Féach na sainmhínithe ar na próifílí misin i bpointe 2.1 d’Iarscríbhinn I.