25.7.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

105


RIALACHÁN (AE) 2019/1241 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meitheamh 2019

maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2019/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), bunaítear Comhbheartas Iascaigh (CBI) chun acmhainní iascaigh a chaomhnú agus a shaothrú go hinbhuanaithe.

(2)

Is éard is bearta teicniúla ann uirlisí lena dtacaítear le cur chun feidhme CBI. Tá léirithe ag meastóireacht ar an struchtúr rialála atá ann faoi láthair maidir le bearta teicniúla nach dócha go mbainfear spriocanna CBI amach agus gur cheart cur chuige nua a ghlacadh ina leith chun éifeachtacht na mbeart teicniúil a mhéadú, trí bhéim a leagan ar an struchtúr rialachais a oiriúnú.

(3)

Is gá creat a fhorbairt le bearta teicniúla a rialáil. Leis an gcreat sin ba cheart, ar thaobh amháin, rialacha ginearálta a bhunú a bheadh infheidhme maidir le huiscí uile an Aontais agus, ar an taobh eile, foráil a dhéanamh maidir le bearta teicniúla aghlacadh, a gcuirfí sainiúlachtaí réigiúnacha iascach san áireamh iontu trí bhíthin phróiseas an réigiúnaithe a tugadh isteach faoi Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(4)

Ba cheart a chumhdach leis an gcreat acmhainní iascaigh a ghabháil agus a thabhairt i dtír mar aon le hoibriú trealaimh iascaireachta agus idirghníomhú gníomhaíochtaí iascaireachta le héiceachórais mhuirí.

(5)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hoibríochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais a dhéanann soithí de chuid an Aontais, soithí iascaireachta tríú tír agus náisiúnaigh de na Ballstáit – gan dochar don phríomhfhreagracht atá ar an mBratstát – agus maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá ag oibriú in uiscí an Aontais sna réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear sa chéad mhír d’Airteagal 394 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Ba cheart feidhm a bheith aige freisin, i leith soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus náisiúnaigh na mBallstát, in uiscí nach de chuid an Aontais iad maidir le bearta teicniúla arna nglacadh do Limistéar Rialála an Choimisiúin um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC) agus do Limistéar Chomhaontú an Choimisiúin Iascaigh Ghinearálta don Mheánmhuir (CIGM).

(6)

Nuair is ábhartha, ba cheart feidhm a bheith ag bearta teicniúla maidir leis an iascaireacht áineasa a bhféadfadh mórthionchar a bheith aici ar stoic de speicis éisc agus de shliogéisc.

(7)

Leis na bearta teicniúla, ba cheart rannchuidiú le roinnt de spriocanna CBI a bhaint amach, mar atá, iascaireacht a dhéanamh ag leibhéil uastáirgeachta inbhuanaithe, gabhálacha de thaisme a laghdú agus deireadh a chur le hábhair mhuirí aischurtha, agus rannchuidiú leis an dea-stádas comhshaoil a bhaint amach a leagtar amach i dTreoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(8)

Le bearta teicniúla, ba cheart cur go sonrach le cosaint a thabhairt d’éisc óga agus do chomhbhailiúcháin d’éisc sceite de speicis mhuirí trí threalamh iascaireachta roghnaíche a úsáid agus trí bhearta a úsáid maidir le gabhálacha de thaisme a sheachaint. Le bearta teicniúla, ba cheart a laghdú freisin, a oiread is féidir, an tionchar a bhíonn ag trealamh iascaireachta ar éiceachórais mhuirí, agus go háirithe ar speicis íogaire agus gnáthóga íogaire, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí dhreasachtaí a úsáid. Ba cheart dóibh rannchuidiú freisin le bearta bainistíochta a chur ar bun ar mhaithe leis na hoibleagáidí a leagtar síos le Treoir 92/43/CEE ón gComhairle (6) agus Treoracha 2008/56/CE agus 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a chomhlíonadh.

(9)

Chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht beart teicniúil, ba cheart spriocanna maidir leis an leibhéal de ghabhálacha de thaisme, go háirithe maidir le gabhálacha speiceas muirí faoi bhun íosmhéid tagartha caomhnaithe, maidir le leibhéal na ngabhálacha de thaisme de speicis íogaire agus maidir le fairsinge na ngnáthóg sin ar ghrinneall na farraige a ndéanann an iascaireacht dochar dóibh a bhunú. Ba cheart do na spriocanna sin cuspóirí CBI, reachtaíocht chomhshaoil an Aontais – go háirithe Treoir 92/43/CEE agus Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) – agus dea-chleachtais idirnáisiúnta a léiriú.

(10)

Chun aonfhoirmeacht a áirithiú maidir le léiriú agus cur chun feidhme rialacha teicniúla, ba cheart na sainmhínithe ar threalamh iascaireachta agus ar oibríochtaí iascaireachta atá sna rialacháin maidir le bearta teicniúla atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta agus a chomhdhlúthú.

(11)

Maidir le trealamh iascaireachta díobhálach áirithe nó modhanna iascaireachta díobhálacha áirithe ina mbaintear feidhm as pléascáin, nimheanna, substaintí támhaithe, sruth leictreach, casúir neomatacha nó fearais buailte eile, trealamh tarraingthe agus alpairí a úsáidtear chun coiréal dearg a shaothrú nó cineálacha eile coiréil nó speicis atá dealraitheach le coiréal a shaothrú agus ga-ghunnaí áirithe, ba cheart iad a thoirmeasc. Níor cheart a cheadú speiceas muirí ar bith a gabhadh le trealamh den sórt sin nó modhanna den sórt sin sin a dhíol, a chur ar taispeáint ná a chur ar díol i gcás ina bhfuil siad seo toirmeasctha faoin Rialachán seo.

(12)

Ba cheart go bhféadfaí bíogthrál leictreach a úsáid go fóill i rith idirthréimhse go dtí an 30 Meitheamh 2021 agus de réir coinníollacha dochta áirithe.

(13)

I bhfianaise na comhairle ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI), ba cheart rialacha comhchoiteanna áirithe a bhunú lena leagtar amach srianta ar threalamh tarraingthe a úsáid agus ar dhéanamh soc-fhoirceann, chun cosc a chur ar dhroch-chleachtais as a dtagann iascaireacht nach iascaireacht roghnaíoch í.

(14)

Ionas go bhféadfar cosc a chur ar úsáid sruthlíonta, ar féidir feidhm a bhaint astu chun iascaireacht a dhéanamh ar fud limistéir mhóra agus lenar féidir méideanna móra de speicis íogaire a ghabháil, ba cheart comhdhlúthú a dhéanamh ar na srianta atá ann i láthair na huaire ar threalamh iascaireachta den sórt sin a úsáid.

(15)

I bhfianaise na comhairle ó CETEI, iascaireacht a dhéanamh le heangacha éighníomhacha i ranna 3a, 6a, 6b, 7b, 7c, 7j agus 7k de CITM agus i bhforanna 8, 9, 10 agus 11 de CITM soir ó 27 I in uiscí ar mó ná 200 méadar a ndoimhneacht chairte, ba cheart di leanúint de bheith toirmiscthe, chun cosaint a thabhairt do speicis íogaire domhainfharraige, faoi réir maoluithe áirithe.

(16)

I gcás speicis éisc neamhchoitianta áirithe, amhail speicis siorcanna agus speicis roc áirithe, is féidir go mbeadh gníomhaíocht theoranta iascaireachta, dá laghad féin í, ina baol tromchúiseach do chaomhnú na speiceas sin. D’fhonn iad a chosaint ba cheart go dtabharfaí isteach toirmeasc ginearálta ar speicis den sórt sin a iascach.

(17)

Chun dianchosaint a thabhairt do speicis mhuirí íogaire, amhail mamaigh mhuirí, éanlaith mhara agus réiptílí muirí, dá bhforáiltear i dTreoir 92/43/CEE agus Treoir 2009/147/CE, ba cheart do na Ballstáit bearta maolaithe a chur ar bun chun gabhálacha de na speicis sin le trealamh iascaireachta a laghdú a oiread is féidir agus, nuair is féidir, deireadh a chur leo.

(18)

Chun leanúint de bheith ag cosaint gnáthóga muirí íogaire atá suite amach ó chóstaí na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe, agus timpeall ar na hAsóir, Maidéara agus na hOileáin Chanáracha, agus i Limistéar Rialála NEAFC freisin, ba cheart na srianta maidir le trealamh iascaireachta grinnill a úsáid a choinneáil mar atá i láthair na huaire.

(19)

I gcás ina sainaithnítear gnáthóga eile den sórt sin le comhairle eolaíoch, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann srianta dá samhail a thabhairt isteach chun na gnáthóga sin a chosaint.

(20)

I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ba cheart íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a bhunú chun a áirithiú go gcosnófar éisc óga de speicis mhuirí agus chun críche limistéir aisghabhála stoc éisc a bhunú, agus chun críche íosmhéideanna margaíochta.

(21)

Ba cheart an chaoi le méid speiceas muirí a thomhas a shainiú.

(22)

Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann do na Ballstáit treoirthionscadail a dhéanamh agus é mar aidhm bealaí a iniúchadh chun gabhálacha de thaisme a sheachaint, a íoslaghdú agus deireadh a chur leo. I gcásanna ina dtugann torthaí na dtionscadal nó na comhairle eolaíche sin le fios go bhfuil gabhálacha móra de thaisme ann, ba cheart do na Ballstáit féachaint le bearta teicniúla a dhéanamh chun gabhálacha den sórt sin a laghdú.

(23)

Leis an Rialachán seo, ba cheart caighdeáin bhonnlíne a bhunú do gach imchuach farraige. Is ar bhearta teicniúla atá ann cheana atá na caighdeáin bhonnlíne sin bunaithe, agus an chomhairle ó CETEI agus tuairimí na ngeallsealbhóirí á gcur san áireamh. Ba cheart a chuimsiú leis na caighdeáin sin mogallmhéideanna íosta trealaimh tharraingthe agus líonta éighníomhacha, íosmhéideanna tagartha caomhantais, limistéir iata nó shrianta, agus bearta caomhnaithe dúlra chun gabhálacha speiceas íogair a mhaolú i limistéir áirithe agus aon bheart teicniúil eile atá ann cheana a bhaineann le réigiún ar leith.

(24)

Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit moltaí comhpháirteacha a fhorbairt le haghaidh bearta teicniúla iomchuí a bheadh ag imeacht ó na bonnlínte sin i gcomhréir le próiseas an réigiúnaithe a leagtar amachi Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, agus iad bunaithe ar fhianaise eolaíoch.

(25)

Ba cheart é a bheith mar thoradh ar a leithéid de bhearta teicniúla réigiúnacha, ar a laghad, go mbeadh tairbhí ann ar mhaithe le caomhnú acmhainní bitheolaíocha muirí a bheidh coibhéiseach, ar a laghad, leis na cinn a sholáthraítear leis na caighdeáin bhonnlíne, go háirithe a fhad a bhaineann le patrúin saothraithe agus leis an leibhéal cosanta a thugtar do speicis íogaire agus do ghnáthóga íogaire.

(26)

Agus moltaí comhpháirteacha á bhforbairt acu i leith saintréithe trealaimh atá roghnaíoch ó thaobh méide agus speicis agus atá mar rogha ar mhogallmhéideanna íosta, ba cheart do ghrúpaí réigiúnacha Ballstát a áirithiú go mbeidh mar thoradh ar bhearta den sórt sin, ar a laghad, saintréithe roghnaíochta atá ar aon dul leis an trealamh íosta nó níos fearr ná é.

(27)

Agus moltaí comhpháirteacha á bhforbairt acu i leith limistéir shrianta d’fhonn éisc óga agus comhbhailiúcháin d’éisc sceite a chosaint, ba cheart do ghrúpaí réigiúnacha Ballstát na cuspóirí, an fhairsinge gheografach agus fad ama iamh, chomh maith leis na srianta trealaimh agus socruithe rialaithe agus faireacháin a shainiú ina moltaí comhpháirteacha.

(28)

Agus moltaí comhpháirteacha á bhforbairt acu i leith íosmhéideanna tagartha caomhnaithe, ba cheart do ghrúpaí réigiúnacha Ballstát a áirithiú go n-urramaítear cuspóir CBI maidir le héisc óga de speicis mhuirí a chosaint, agus á áirithiú nach saobhtar an margadh ar aon bhealach leo agus nach gcruthaítear margadh le haghaidh éisc atá faoi bhun íosmhéideanna tagartha caomhnaithe.

(29)

Ba cheart go gceadófaí iaimh fhíor-ama a chruthú maille le forálacha maidir le hathrú láithreach anuas orthu sin trí bhíthin réigiúnú d’fhonn speicis íogaire, éisc óga nó comhbhailiúcháin d’éisc sceite a chosaint. Ba cheart go saineofaí sna moltaí iomchuí comhpháirteacha na coinníollacha a bhaineann le limistéir den sórt sin a chur ar bun, lena n-áirítear an fhairsinge gheografach, agus fad ama iamh, chomh maith leis na socruithe rialaithe agus faireacháin.

(30)

Ar bhonn measúnú ar an tionchar a bhíonn ag trealamh nuálach, d’fhéadfaí úsáid trealaimh nuálaigh den sórt sin, nó leathnú na húsáide sin, a bheith ina rogha sna moltaí comhpháirteacha ó ghrúpaí réigiúnacha Ballstát. Níor cheart go gceadófaí trealamh iascaireachta nuálach a úsáid i gcás ina léireoidh measúnú eolaíoch go dtiocfadh den úsáid sin tionchair dhiúltacha shuntasacha ar ghnáthóga íogaire agus ar speicis nach spriocspeicis iad.

(31)

Agus moltaí comhpháirteacha á bhforbairt acu i leith speicis agus gnáthóga íogaire a chosaint, ba cheart a ligean do na Ballstáit bearta breise maolúcháin a fhorbairt ar mhaithe le tionchair na hiascaireachta ar speicis agus ar ghnáthóga den sórt sin a laghdú. I gcás ina léiríonn fianaise eolaíoch gurb ann do bhagairt thromchúiseach ar stádas caomhnaithe na speiceas agus na ngnáthóg íogair sin, ba cheart do na Ballstáit srianta breise a thabhairt isteach ar threalamh iascaireachta áirithe a dhéanamh agus a oibriú nó toirmeasc iomlán ar a n-úsáid i limistéar áirithe a thabhairt isteach. Go háirithe, d’fhéadfaí srianta den sórt sin a chur i bhfeidhm maidir le sruthlíonta a úsáid, ar gabhadh leo i limistéir áirithe méideanna móra de speicis íogaire.

(32)

Ceadaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 pleananna aischuir sealadacha a bhunú le haghaidh chur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, i gcás nach bhfuil aon plean ilbhliantúil i bhfeidhm don iascach atá i dtrácht,. Ba cheart go gceadófaí mar chuid de phleananna den sórt sin bearta teicniúla a bhunú a bhfuil dlúthbhaint acu le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír agus a bhfuil sé mar aidhm leo roghnaíocht a mhéadú agus gabhálacha de thaisme a laghdú, a mhéid is féidir.

(33)

Ba cheart féidearthacht a bheith ann treoirthionscadail a dhéanamh i ndáil le gabhálacha agus ábhar aischurtha a dhoiciméadú ina n-iomláine. Féadfaidh tionscadail den sórt sin maoluithe ó na rialacha maidir le mogallmhéideanna a leagtar síos sa Rialachán seo a áireamh, sa mhéid is go gcabhraíonn siad le cuspóirí agus spriocanna an Rialacháin seo a bhaint amach.

(34)

Ba cheart forálacha áirithe maidir le bearta teicniúla a ghlac NEAFC a bheith san áireamh sa Rialachán seo.

(35)

Ionas nach gcuirfear bac ar thaighde eolaíoch ná athstocáil dhíreach agus trasphlandú, níor cheart feidhm a bheith ag na bearta teicniúla dá bhforáiltear sa Rialacháin seo maidir le hoibríochtaí a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí den sórt sin. Go háirithe, nuair a bhíonn gá ag oibríochtaí iascaireachta le maolú den sórt sin ó na bearta teicniúla faoin rialachán seo ar mhaithe le taighde eolaíoch, ba cheart dóibh a bheith faoi réir coinníollacha iomchuí.

(36)

Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le bearta áirithe a ghlacadh maidir leis an iascaireacht áineasa, srianta ar threalamh tarraingthe, speicis agus gnáthóga íogaire, liosta na n-iasc agus na sliogiasc a bhfuil toirmeasc ar iascaireacht dhírithe a dhéanamh orthu, an sainmhíniú ar iascaireacht dhírithe, treoirthionscadail i ndáil le gabhálacha agus ábhar aischurtha a dhoiciméadú ina n-iomláine, agus bearta teicniúla mar chuid de phleananna aischuir sealadacha, agus maidir le híosmhéideanna tagartha caomhnaithe, mogallmhéideanna, limistéir iata agus bearta teicniúla eile in imchuacha farraige áirithe, bearta maolúcháin do speicis íogaire agus liosta na speiceas atá ina stoic príomhtháscaire. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comharliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (9). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(37)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le sonrú gaireas a bhunú a laghdaíonn caitheamh agus cuimilt, a chuireann le héalú gabhálacha as an gcuid tosaigh den trealamh tarraingthe nó a chuireann srian leis sin; sonraíocht a shainiú i gcomhair na ngaireas roghnúcháin atá ceangailte de threalamh sainithe íosta; sonraíochtaí a shainiú i gcomhair an bhíogthráil leictreonaigh; srianta a shainiú maidir le tógáil trealaimh agus maidir leis na bearta rialaithe agus faireacháin atá le glacadh ag an mBallstát brataí; rialacha a shainiú maidir le: bearta rialaithe agus faireacháin atá le glacadh ag an mBallstát brataí i leith úsáid a bhaint as trealamh éighníomhach ag doimhneacht idir 200 agus 600 m, na bearta rialaithe agus faireacháin atá le glacadh i gcás limistéir iata nó shrianta, agus tréithe comharthaíochta agus cur chun feidhme a bhaineann le gairis a úsáidtear chun céiticigh a choinneáil ó eangacha éighníomhacha agus modhanna a úsáidtear chun gabhálacha de thaisme d’éanlaith mhara, de reiptílí muirí agus de thurtair a laghdú, chun na coinníollacha sin uile a áirithiú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(38)

Faoin 31 Nollaig 2020 agus gach tríú bliain as sin amach, ba cheart don Choimisiún tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ar bhonn na faisnéise a sholáthróidh na Ballstáit agus na Comhairlí Comhairleacha iomchuí agus tar éis do CETEI meastóireacht a dhéanamh air. Leis an tuarascáil sin, ba cheart measúnú a dhéanamh ar a mhéid a rannchuidigh bearta teicniúla ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais araon le cuspóirí agus spriocanna an Rialacháin seo a bhaint amach.

(39)

Chun críche na tuarascála sin, ba cheart táscairí leordhóthanacha roghnaíochta amhail coincheap eolaíoch na roghnaíochta optamaí (Lopt) a úsáid mar uirlis tagartha chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn thar thréimhse ama chun go mbainfear amach cuspóirí reatha CBI gabhálacha de thaisme a íoslaghdú. Sa mhéid sin, ní spriocanna ceangailteacha iad na táscairí sin, ach uirlisí faireacháin a d’fhéadfadh cur le pléití nó cinntí go réigiúnach. Ba cheart na táscairí agus na luachanna a úsáidtear dá gcur chun feidhme a iarraidh ar chomhlachtaí iomchuí eolaíocha maidir le roinnt stoc atá mar phríomhtháscairí, a chuirfeadh san áireamh chomh maith iascaigh mheasctha agus buaiceanna earcaíochta. D’fhéadfadh an Coimisiún na táscairí sin a chur san áireamh sa tuarascáil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart na speicis ghrinnill a bhainistítear de réir na dteorainneacha gabhála a chur san áireamh i liosta na stoc is príomhtháscairí, agus tábhacht choibhéiseach tabhairt i dtír, an ábhair mhuirí aischurtha agus ábharthacht an iascaigh maidir le gach imchuach farraige á gcur san áireamh.

(40)

Ba cheart tagairt a dhéanamh sa tuarascáil ón gCoimisiún chomh maith do chomhairle ó CITM maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag tresalamh nuálach nó tionchar trealaimh nuálaigh. Tiocfar ar thátal freisin sa tuarascáil i dtaca leis na tairbhí d’éiceachórais mhuirí, do ghnáthóga íogaire agus don roghnaíocht agus i dtaca leis na tionchair dhiúltacha orthu sin.

(41)

Ar bhonn na tuarascála ón gCoimisiún, i gcás ina léireofar le fianaise nach bhfuil na cuspóirí agus na spriocanna sin á mbaint amach ar an leibhéal réigiúnach, ba cheart do Bhallstáit laistigh den réigiún sin plean a chur isteach ag leagan amach na mbeart ceartaitheach nach mór a dhéanamh lena áirithiú go mbainfear na cuspóirí agus na spriocanna sin amach. Ba cheart don Choimisiún freisin aon leasú riachtanach ar an Rialachán seo a mholadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar bhonn na tuarascála sin.

(42)

I bhfianaise líon na leasuithe atá le déanamh agus a thábhachtaí atá siad, ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 894/97 (11), (CE) Uimh. 850/98 (12), (CE) Uimh. 2549/2000 (13), (CE) Uimh. 254/2002 (14), (CE) Uimh. 812/2004 (15) agus (CE) Uimh. 2187/2005 (16) ón gComhairle a aisghairm.

(43)

Ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 (17), agus (CE) Uimh. 1224/2009 (18) ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú dá réir sin.

(44)

Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún i láthair na huaire bearta teicniúla a ghlacadh agus a leasú ar an leibhéal réigiúnach faoi Rialacháin (AE) 2016/1139 (19), (AE) 2018/973 (20), (AE) 2019/472 (21) agus (AE) 2019/1022 (22) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena mbunaítear na pleananna ilbhliantúla do Mhuir Bhailt, don Mhuir Thuaidh, d’Uiscí an Iarthair agus don Mheánmhuir Thiar. Chun raon feidhme na gcumhachtuithe faoi seach a shoiléiriú, agus chun a shonrú go gcloífidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoi na cumhachtuithe dá bhforáiltear sna Rialacháin sin le ceanglais áirithe a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart na Rialacháin sin a leasú ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo bearta teicniúla maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

acmhainní bitheolaíocha muirí a ghabháil agus a thabhairt i dtír;

(b)

oibriú trealaimh iascaireachta; agus

(c)

idirghníomhú gníomhaíochtaí iascaireachta le héiceachórais mhuirí.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le gníomhaíochtaí a bhíonn ar bun ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus ag náisiúnaigh de na Ballstáit, gan dochar don phríomhfhreagracht atá ar an mBratstát, sna limistéir iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 5, agus ag soithí iascaireachta a mbíonn bratach tríú tíortha ar foluain acu, agus atá cláraithe i dtríú tíortha, le linn dóibh bheith ag iascaireacht in uiscí an Aontais.

2.   Beidh feidhm freisin ag Airteagail 7, 10, 11 agus 12 maidir leis an iascaireacht áineasa. I gcásanna ina mbíonn tionchar suntasach ag an iascaireacht áineasa i réigiún ar leith, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun Airteagal 15 den Rialachán seo agus i gcomhréir le hAirteagal 29 chun an Rialachán seo a leasú trína fhoráil go mbeidh feidhm ag forálacha ábhartha Airteagal 13 nó ag codanna A nó C d’Iarscríbhinní V go X maidir leis an iascaireacht áineasa chomh maith.

3.   Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagail 25 agus 26, ní bheidh feidhm ag na bearta teicniúla a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéantar chun na gcríoch seo a leanas agus chun na gcríoch sin amháin:

(a)

imscrúduithe eolaíocha; agus

(b)

athstocáil dhíreach nó trasphlandú speiceas muirí.

Airteagal 3

Cuspóirí

1.   Agus iad ina n-uirlisí atá ann le tacú le cur chun feidhme CBI, cuirfidh bearta teicniúla le cuspóirí CBI a leagtar amach i bhforálacha infheidhme Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

2.   Is éard a bheidh mar aidhm ag bearta teicniúla go háirithe cur leis na spriocanna seo a leanas a bhaint amach:

(a)

patrúin saothraithe a bharrfheabhsú d’fhonn cosaint a thabhairt d’éisc óga agus do chomhbhailiúcháin d’éisc sceite d’acmhainní bitheolaíocha muirí;

(b)

a áirithiú go laghdófar gabhálacha de thaisme de na speicis mhuirí íogaire, lena n-áirítear na cinn sin a liostaítear i dTreoracha 92/43/CEE agus 2009/147/CE, a ghabhtar de thoradh iascaireachta agus, nuair is féidir, go gcuirfear deireadh leo sa chaoi nach bagairt ar stádas caomhnaithe na speiceas sin iad;

(c)

a áirithiú, lena n-áirítear trí dhreasachtaí iomchuí a úsáid, go ndéanfar tionchair dhiúltacha comhshaoil an iascaigh ar ghnáthóga muirí a íoslaghdú;

(d)

bearta bainistithe iascach a bheith i bhfeidhm chun críocha cloí le Treoracha 92/43/CEE, 2000/60/CE, 2008/56/CE, go háirithe d’fhonn dea-stádas comhshaoil a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 9(1) den Treoir sin, agus 2009/147/CE.

Airteagal 4

Spriocanna

1.   Is éard a bheidh mar aidhm le bearta teicniúla a áirithiú:

(a)

go ndéanfar gabhálacha speiceas muirí faoi bhun íosmhéid tagartha caomhnaithe a laghdú a mhéid is féidir i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(b)

nach sáróidh gabhálacha de thaisme de mhamaigh mhuirí, de reiptílí muirí, d’éanlaith mhara agus de speicis eile nach ndéantar saothrú tráchtála orthu, na leibhéil dá bhforáiltear le reachtaíocht an Aontais agus le comhaontuithe idirnáisiúnta atá ina gceangal ar an Aontas;

(c)

go mbeidh na tionchair chomhshaoil a bhíonn ag gníomhaíochtaí iascaireachta ar ghnáthóga ar ghrinneall na farraige i gcomhréir le pointe (j) d’Airteagal 2(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

2.   Déanfar athbhreithniú ar a mhéid a rinneadh dul chun cinn i dtreo na spriocanna sin mar chuid den phróiseas tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 31.

Airteagal 5

Sainmhínithe ar limistéir iascaireachta

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe geografacha ar limistéir iascaireachta seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “an Mhuir Thuaidh” uiscí an Aontais i ranna (23) 2a agus 3a de CITM agus i bhfolimistéar 4 de CITM;

(b)

ciallaíonn “Muir Bhailt” uiscí an Aontais i ranna 3b, 3c agus 3d de CITM;

(c)

Ciallaíonn “Uiscí an Iarthuaiscirt” uiscí an Aontais i bhfolimistéir 5, 6 agus 7 de CITM;

(d)

ciallaíonn “Uiscí an Iardheiscirt” folimistéir 8, 9 agus 10 de CITM (uiscí an Aontais) agus limistéir (24) 34.1.1, 34.1.2 agus 34.2.0 CECAF (uiscí an Aontais);

(e)

ciallaíonn “an Mheánmhuir” uiscí farraige na Meánmhara soir ó líne 5°36′ I;

(f)

ciallaíonn “an Mhuir Dhubh” uiscí i bhfolimistéar geografach 29 de CIGM mar atá sainithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25);

(g)

Ciallaíonn “uiscí an Aontais san Aigéan Indiach agus san Atlantach Thiar” uiscí thar timpeall ar Ghuadalúip, Guáin na Fraince, Martinique, La Réunion agus Saint-Martin faoi cheannasacht nó faoi dhlínse Ballstáit;

(h)

ciallaíonn “Limistéar Rialála NEAFC” na huiscí sin de chuid Limistéar Coinbhinsiúin NEAFC atá lasmuigh de na huiscí atá faoi dhlínse iascaigh na bPáirtithe Conarthacha mar a shainítear iad i Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26);

(i)

ciallaíonn “limistéar Chomhaontú CIGM” an Mheánmhuir agus an Mhuir Dhubh agus a n-uiscí cónascacha, mar a shainítear iad i Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Airteagal 6

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, agus sa bhreis ar na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “patrún saothraithe” an chaoi a dháiltear básmhaireacht san iascaireacht thar phróifíl aoise agus faid stoic;

(2)

ciallaíonn “roghnaíocht” cainníocht arna sloinneadh mar dhóchúlacht go ngabhfar acmhainní bitheolaíocha muirí de mhéid áirithe agus/nó de speiceas áirithe;

(3)

ciallaíonn “iascaireacht dhírithe” iarracht iascaireachta a dhírítear ar speiceas nó grúpa speiceas ar leith agus a fhéadfar a shonrú a thuilleadh ar an leibhéal réigiúnach i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 27(7) den Rialachán seo;

(4)

ciallaíonn “dea-stádas comhshaoil” stádas comhshaoil na n-uiscí mara mar a shainmhínítear é i bpointe 5 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/56/CE;

(5)

ciallaíonn “stádas caomhnaithe speicis” iomlán na dtionchar a imrítear ar an speiceas lena mbaineann a fhéadfaidh tionchar a imirt ar dháileadh fadtéarmach agus ar fhlúirse fhadtéarmach a líonta;

(6)

Ciallaíonn “stádas caomhnaithe gnáthóige” iomlán na dtionchar a imrítear ar ghnáthóg nádúrtha agus ar a speicis thipiciúla a fhéadfaidh difear a dhéanamh do dháileadh nádúrtha fadtéarmach, struchtúr nádúrtha fadtéarmach agus feidhmeanna nádúrtha fadtéarmacha na gnáthóige agus do mharthanas fadtéarmach a speiceas tipiciúil;

(7)

ciallaíonn “gnáthóg íogair” gnáthóg a ndéanann an brú a eascraíonn as gníomhaíochtaí daonna, lena n-áirítear gníomhaíochtaí iascaireachta, difear dochrach dá stádas caomhnaithe, lena n-áirítear fairsinge na gnáthóige agus staid (struchtúr agus feidhm) a comhpháirteanna bitheacha agus aibitheacha. Áirítear go sonrach ar na gnáthóga íogaire na cineálacha gnáthóg a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus gnáthóga na speiceas a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 92/43/CEE, gnáthóga na speiceas a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/147/CE, gnáthóga a bhfuil sé riachtanach cosaint a thabhairt dóibh chun dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoi Threoir 2008/56/CE agus éiceachórais leochaileacha mhuirí mar a shainmhínítear iad i bpointe (b) d’Airteagal 2 de Rialachán Uimh. 734/2008 ón gComhairle (27);

(8)

ciallaíonn “speiceas íogair” speiceas a ndéanann an brú a eascraíonn as gníomhaíochtaí daonna, lena n-áirítear gníomhaíochtaí iascaireachta, difear dochrach dá stádas caomhnaithe, lena n-áirítear dá ghnáthóg, dá dháileadh, dá líon nó dá bhail. Áirítear go sonrach ar na speicis íogaire na speicis a liostaítear in Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Treoir 92/43/CEE, na speicis a chumhdaítear le Treoir 2009/147/CE agus speicis a bhfuil sé riachtanach cosaint a thabhairt dóibh chun dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoi Threoir 2008/56/CE;

(9)

ciallaíonn “speicis bheaga pheiligeacha” speicis amhail ronnaigh, scadáin, bolmáin, ainseabhaithe, sairdíní, faoitíní gorma, airgintíní, saláin agus torcéisc;

(10)

ciallaíonn “Comhairlí Comhairleacha” grúpaí geallsealbhóirí a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(11)

ciallaíonn “trál” trealamh iascaireachta a bhíonn á tharraingt go gníomhach ag soitheach iascaireachta amháin nó níos mó agus arb é atá ann líon atá dúnta ar gcúl le mála nó le soc-fhoirceann;

(12)

ciallaíonn “trealamh tarraingthe” aon tráil, saighní Danmhargacha, dreidirí agus trealamh dá samhail a bhíonn á mbogadh go gníomhach san uisce ag soitheach iascaireachta amháin nó níos mó nó le haon chóras meicnithe eile;

(13)

ciallaíonn “trál grinnil”’ trál atá ceaptha agus rigeáilte sa chaoi go n-oibreoidh sé ar ghrinneall na farraige nó in aice leis;

(14)

ciallaíonn “trál grinnill dhá bhád” trál grinnill a bhíonn á tharraingt ag dhá bhád in éineacht, agus leataobh an tráil á tharraingt ag gach bád díobh sin. Is trál é a gcoinnítear a bhéal cothrománach ar oscailt de thoradh an achair idir an dá shoitheach le linn dóibh an trealamh a tharraingt;

(15)

ciallaíonn “trál peiligeach” trál atá ceaptha agus rigeáilte sa chaoi go n-oibreoidh sé ar meándoimhneacht;

(16)

ciallaíonn “trál bíoma” trealamh a bhfuil a líon tráil á choinneáil ar oscailt go cothrománach ag bíoma, ag eiteog nó ag gaireas dá samhail;

(17)

ciallaíonn “bíogthrál leictreach” trál arb é atá ann sruth leictreach a úsáid chun acmhainní bitheolaíocha muirí a ghabháil;

(18)

ciallaíonn “saighean Dhanmhargach” nó “saighean Albanach” trealamh ciorclaithe agus tarraingthe a oibrítear ó bhád amháin le dhá rópa fhada (rópaí saighne) atá ceaptha chun na héisc a thiomáint i dtreo bhéal na saighne. Is éard atá sa trealamh líon atá cosúil le trál grinnill i dtaca le dearadh;

(19)

ciallaíonn “saighní cladaigh” líonta timpeallúcháin agus saighní tarraingthe a shocraítear ó bhád agus a tharraingítear i dtreo an chladaigh fad a oibrítear iad ón gcladach nó ó shoitheach a mhúráiltear nó atá ar ancaire cois cladaigh;

(20)

ciallaíonn “líonta timpeallúcháin” líonta lena ngabhtar éisc trína dtimpeallú ar an dá thaobh agus ón taobh thíos. Féadfaidh braighdeán íochtair a bheith feistithe orthu nó gan a bheith feistithe orthu;

(21)

ciallaíonn “peaslíonta saighne” nó “líonta fáinne” aon líon timpeallúcháin a bhfuil a bhun tarraingthe le chéile ag braighdeán íochtair atá ag bun an lín, agus an braighdeán sin ag dul trí shraith fáinní ar feadh na téide grinnill, rud a fhágann gur féidir an líon a fháscadh agus a dhúnadh;

(22)

ciallaíonn “dreidirí” trealamh a bhíonn á tharraingt go gníomhach ag inneall an phríomhbháid (dreidire báid) nó á tharraingt ag crann tochrais innealta soithigh ar ancaire (dreidirí meicnithe) d’fhonn débhlaoscaigh, gastrapóid nó spúinsí a ghabháil, dreidirí arb é atá iontu mála lín nó ciseán miotail suite ar fhráma nó slat dhocht de mhéideanna agus de chruthanna éagsúla agus a bhféadfaidh lann scríobtha de chineál cruinn, faobhrach nó fiaclach a bheith ar an gcuid íochtair díobh, agus a bhféadfaidh scidí agus cláir tumadóireachta a bheith feistithe orthu nó gan a bheith feistithe orthu. Tá dreidirí áirithe ann, agus tá trealamh hiodrálach (dreidirí hiodrálacha) feistithe orthu. Maidir le dreidirí a tharraingítear de láimh nó le crainn tochrais láimhe in uisce éadomhain le cabhair báid nó dá uireasa d’fhonn débhlaoscaigh, gastrapóid nó spúinsí (dreidirí láimhe) a ghabháil, ní mheasfar gur trealamh tarraingthe iad chun críche an Rialacháin seo;

(23)

ciallaíonn “líonta éighníomhacha” aon chineál lín geolbhaigh, lín fostúcháin nó traimle atá ar ancaire ar ghrinneall na farraige ionas go snámhfaidh éisc isteach iontu agus go rachaidh siad i bhfostú sa líontán nó sa mhogall ann;

(24)

ciallaíonn “sruthlíon” aon líon geolbhaigh a choinnítear ar bharr na mara nó ag fad áirithe thíos faoi le gairis atá ar snámh, agus a ghluaiseann le sruth uaidh féin nó leis an mbád a bhfuil sé ceangailte de, má tá sé ceangailte de bhád. Féadfaidh gairis a bheith feistithe air a bhfuil sé d’aidhm acu an líon a choinneáil cobhsaí nó a ghluaiseacht le sruth a theorannú;

(25)

ciallaíonn “eangach gheolbhaigh” líon éighníomhach atá déanta d’aon bhlúire eangaí amháin a choinnítear go ceartingearach ina ionad san uisce le snámháin agus le tomhais;

(26)

ciallaíonn “líon fostúcháin” líon éighníomhach ina bhfuil blúirí líontáin atá rigeáilte sa chaoi go mbíonn an líontán ar crochadh ar na rópaí d’fhonn níos mó scaoilteachta a bheith sa líontán seachas mar a bheadh i gcás eangach gheolbhaigh;

(27)

ciallaíonn “líon traimil” líon éighníomhach atá comhdhéanta de shraitheanna éagsúla líontáin nó níos mó a bhfuil dhá shraith ar an taobh amuigh di a bhfuil mogallmhéid mhór iontu, agus leathán de mhogall mín beag istigh eatarthu;

(28)

ciallaíonn “eangach gheolbhaigh agus traimil in éineacht” aon eangach gheolbhaigh ghrinneallsocraithe in éineacht le traimil arb í an chuid íochtair den eangach í;

(29)

ciallaíonn “spiléar” trealamh iascaireachta arb é atá ann príomhdhorú ar féidir fad difriúil a bheith ann, agus a bhfuil duáin iomadúla ar fhodhoruithe dá chuid (snúdaí) a bhfuil a spásáil ag brath ar an spriocspeiceas. Is go cothrománach ar ghrinneall na farraige nó in aice le grinneall na farraige, nó go ceartingearach, a bhíonn an príomhdhorú ar ancaire, sin nó bíonn sé ag imeacht le sruth ar bharr an uisce;

(30)

ciallaíonn “potaí agus cléibh” gaistí atá ceaptha le crústaigh, moilisc, nó iasc a ghabháil, atá i bhfoirm cásanna nó ciseanna a bhfuil breis is bealach isteach amháin iontu, a chuirtear ar ghrinneall na farraige nó a chrochtar os a chionn;

(31)

ciallaíonn “dorú láimhe” dorú aonair ar a bhfuil baoite nó duán amháin nó níos mó na ceann amháin díobh sin;

(32)

ciallaíonn “cros San Aindrias” alpaire a dhéanann oibriú mar a bheadh siosúr ann d’fhonn moilisc dhébhlaoscacha nó coiréal dearg ó ghrinneall na farraige a ghabháil;

(33)

ciallaíonn “soc-fhoirceann” an chuid is sia siar den trál, a bhfuil cruth sorcóireach air, a bfuil an imlíne chéanna ar a fhud, nó a bhfuil cruth barrchaolaithe air. Is féidir é a bheith comhdhéanta de phainéal (blúirí líontáin) amháin nó níos mó atá ceangailte dá chéile feadh a sleasa agus d’fhéadfadh an píosa fadaithe a bheith mar chuid de, arb é atá ann painéal amháin nó níos mó painéal atá lonnaithe díreach os comhair an tsoc-fhoircinn sensu stricto;

(34)

ciallaíonn “mogallmhéid”:

(i)

i gcás líontán snaidhmthe: an t-achar is mó idir dhá shnaidhm atá ar aghaidh a chéile amach ar an mogall céanna agus iad sínte go hiomlán;

(ii)

i gcás líontán gan snaidhmeanna: an t-achar istigh idir na hailt atá ar aghaidh a chéile amach sa mhogall céanna agus é sínte go hiomlán feadh na haise is faide is féidir atá ann;

(35)

ciallaíonn “mogall cearnógach” mogall ceathairshleasach arb é atá ann dhá shraith de bharraí comhthreomhara a bhfuil an fad ainmniúil céanna acu, mar a bhfuil sraith amháin comhthreomhar le fad-ais an lín agus a bhfuil an tsraith eile ar dronuillinn léi;

(36)

ciallaíonn “mogall muileatach” mogall atá comhdhéanta de cheithre bharra a bhfuil an fad céanna acu, mar a bhfuil dhá thrasnán an mhogaill ingearach agus a bhfuil ceann amháin de na trasnáin comhthreomhar le fad-ais an lín;

(37)

ciallaíonn “T90” tráil, saighní Danmhargacha nó trealamh tarraingthe dá samhail a bhfuil soc-fhoirceann agus blúire sínidh orthu a dhéantar de líontán mogaill de chineál muileatach snaidhmthe atá iompaithe 90° ionas go mbeidh príomhthreo rith an líontáin comhthreomhar le treo na tarraingthe;

(38)

ciallaíonn “fuinneog éalaithe Bacoma” painéal éalaithe déanta de líontán mogaill de chineál cearnógach, gan snaidhmeanna, atá feistithe ar bharrphainéal soc-fhoircinn agus a bhfuil a ciumhais íochtair ceithre mhogall ar a mhéad ón dorú lásála;

(39)

ciallaíonn “líon criathrúcháin” blúire líontáin atá ceangailte d’imlíne iomlán an tráil séaclaí os comhair an tsoc-fhoircinn nó an phíosa sínidh, agus a dtagann barrchaolú air go dtí rinnphointe, áit a bhfuil sé ceangailte de leathán íochtair an tráil séaclaí. Tá poll éalaithe san áit a bhfuil an líon criathrúcháin agus an soc-fhoirceann ag teacht le chéile, rud a fhágann gur féidir le speicis nó aonáin atá rómhór le dul tríd an gcriathar éalú ach gur féidir le séaclaí dul tríd an gcriathar isteach go dtí an soc-fhoirceann;

(40)

ciallaíonn “titim” suim airde na mogall (snaidhmeanna san áireamh) i líon nuair is fliuch dóibh agus iad sínte go hingearach leis an téad snámhán;

(41)

ciallaíonn “tréimhse thumtha” nó ‘maotham’ an tréimhse ón tráth a chéadchuirtear an trealamh san uisce nó go dtugtar an trealamh uile slán arís ar bord an tsoithigh iascaireachta;

(42)

ciallaíonn “braiteoirí faireacháin trealaimh” cianbhraiteoirí leictreonacha a fheistítear ar threalamh iascaireachta d’fhonn faireachán a dhéanamh ar phríomhpharaiméadair feidhmíochta amhail an t-achar idir doirse an tráil nó toirt na gabhála;

(43)

ciallaíonn “líne ualaithe” líne duán ar a bhfuil baoite chomh maith le meáchan sa bhreis ionas gur tapúla a rachaidh sé go tóin poill, rud a laghdóidh an méid ama a bheidh sé nochta d’éanlaith mhara;

(44)

ciallaíonn “fuaimghaireas bactha” gairis arb é is aidhm leo speicis amhail mamaigh mhuirí a choinneáil ó threalamh iascaireachta trí chomhairceanna fuaimníocha a chur as;

(45)

ciallaíonn “línte scanraithe éan” téada ar a bhfuil sraoilleáin a tharraingítear ó ardphointe in aice dheireadh soithí iascaireachta nuair a bhíonn feidhm á baint chun iascaireachta as duáin ar a bhfuil baoite, agus tá sé d’aidhm ag na téada sin éanlaith mhara a scanrú chun siúil ó na duáin;

(46)

ciallaíonn “athstocáil dhíreach” an ghníomhaíocht arb é atá ann ainmhithe fiáine beo de chuid speicis roghnaithe a scaoileadh saor sna huiscí ina maireann na speicis sin de ghnáth, d’fhonn leas a bhaint as táirgeadh nádúrtha na timpeallachta uiscí ionas go dtiocfaidh méadú ar líon na n-aonán atá ar fáil d’iascaigh agus/nó méadú nádúrtha ar líon na n-iasc óg inghafa;

(47)

ciallaíonn “trasphlandú” an próiseas arb é atá ann daoine speicis a iompar d’aon ghnó agus a scaoileadh saor i limistéir ina bhfuil líon na speiceas sin bunaithe;

(48)

ciallaíonn “táscairí feidhmíochta roghnaíochta” uirlis tagartha lena ndéantar monatóireacht thar thréimhse ama d’fhonn cuspóir CBI gabhálacha de thaisme a laghdú a bhaint amach;

(49)

ciallaíonn “ga-ghunna” gunna neomatach láimhe nó gunna láimhe a chumhachtaítear go meicniúil lena scaoiltear ga chun críoch iascaireachta faoi uisce;

(50)

is éard is “fad na roghnaíochta optamaí (Lopt)” ann fad meánach na gabhála a sholáthraíonn an chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, a chuireann barrfheabhas ar fhás na n-iasc aonair i stoc.

CAIBIDIL II

COMHBHEARTA TEICNIÚLA

ROINN 1

Trealamh iascaireachta agus úsáidí atá faoi thoirmeasc

Airteagal 7

Trealamh iascaireachta agus modhanna atá faoi thoirmeasc

1.   Beidh toirmeasc ar na modhanna seo a leanas a úsáid chun speicis mhuirí a ghabháil nó a shaothrú:

(a)

substaintí tocsaineacha, substaintí támhaithe nó substaintí creimnitheacha;

(b)

sruth leictreach ach amháin an bíogthrál leictreach nach mbeidh ceadaithe ach faoi fhorálacha sonracha Chuid D d’Iarscríbhinn V;

(c)

pléascáin;

(d)

casúir neomatacha nó fearais buailte eile;

(e)

trealamh tarraingthe ar le haghaidh coiréal dearg a shaothrú é nó cineálacha eile coiréil nó orgánaigh atá dealraitheach le coiréal a shaothrú;

(f)

cros San Aindrias nó alpairí dá samhail ar le haghaidh coiréal dearg a shaothrú iad nó cineálacha eile coiréil agus speicis atá dealraitheach le coiréal a shaothrú;

(g)

aon chineál teilgeáin, seachas iad siúd a úsáidtear chun tuinnín i gcás nó i ngaiste a mharú, gathanna agus ga-ghunnaí a úsáidtear san iascaireacht áineasa gan uathscamhóg, ó éirí go luí na gréine;

2.   In ainneoin Airteagal 2, bainfidh an tAirteagal seo le soithí de chuid an Aontais in uiscí idirnáisiúnta agus in uiscí tríú tíortha, ach amháin nuair a fhoráiltear a mhalairt go sonrach sna rialacha a ghlacann eagraíochtaí iltaobhacha iascaigh, faoi chomhaontuithe déthaobhachtach nó iltaobhacha, nó sna rialacha a ghlacann tríú tír.

ROINN 2

Srianta ginearálta ar threalamh iascaireachta agus coinníollacha a úsáide

Airteagal 8

Srianta ginearálta ar threalamh tarraingthe a úsáid

1.   Chun críche Iarscríbhinní V go XI, ciallóidh mogallmhéid gairis tharraingthe mar a leagtar amach sna hIarscríbhinní sin mogallmhéid íosta aon soc-fhoircinn agus aon phíosa sínidh atá ar bord soithigh iascaireachta agus a cheanglaítear d’aon líon tarraingthe nó atá oiriúnach lena cheangal de. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le gairis líontáin a úsáidtear chun braiteoirí faireacháin trealaimh a ghreamú ná nuair a úsáidtear iad i gcomhar le gairis eisiatóra iasc agus turtar. D’fhéadfaí maoluithe sa bhreis chun roghnaíocht ó thaobh méide agus speicis a fheabhsú maidir le speicis mhuirí a fhoráil i ngníomh tarmligthe a ghlacfaí i gcomhréir le hAirteagal 15.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le dreidirí. Mar sin féin, le linn gach turais nuair a iompraítear dreidirí ar bord, beidhm feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

beidh torimeasc ar orgánaigh mhuirí a thrasloingsiú;

(b)

i Muir Bhailt, beidh toirmeasc ar chainníocht ar bith orgánach muirí a choinneáil ar bord nó a thabhairt i dtír ach amháin más ionann moilisc agus/nó Furcellaria lumbricalis 85 % ar a laghad de bheomheáchan na n-orgánach muirí sin.

(c)

i ngach imchuach farraige eile, ach amháin sa Mheánmhuir, áit a bhfuil feidhm ag Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006, beidh toirmeasc ar chainníocht ar bith orgánach muirí a choinneáil ar bord nó a thabhairt i dtír ach amháin más ionann moilisc dhébhlaoscacha, gastrapóid agus spúinsí agus 95 % ar a laghad de mheáchan na n_orgánach muirí sin.

Ní bheidh feidhm ag pointí (b) agus (c) den mhír seo maidir le gabhálacha neamhbheartaithe speiceas atá faoi réir na hoibleagáide maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír atá leagtha amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Tabharfar na gabhálacha neamhbheartaithe sin i dtír agus comhairfear i gcoinne cuótaí iad.

3.   I gcás ina mbeidh níos mó ná aon líon amháin á tharraingt in éineacht ag soitheach iascaireachta nó ag níos mó ná soitheach amháin, beidh an mhogallmhéid ainmniúil chéanna i ngach líon acu. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tairmlighte a ghlacadh de bhun Airteagal 15 agus i gcomhréir le hAirteagal 29 lena maolaítear ón mír seo i gcás ina mbeadh tairbhí ann, ó thaobh caomhnú acmhainní bitheolaíocha muirí, dá n-úsáidfí roinnt líonta a raibh mogallmhéid éagsúil acu, agus ar chomhionann ar a laghad na tairbhí sin agus na tairbhí a bheadh ann dá n-úsáidfí na gnáthmhodhanna iascaireachta.

4.   Beidh toirmeasc ar aon ghaireas a úsáid a chuirfeadh bac ar mhogallmhéid an tsoc-fhoircinn nó ar aon chuid de threalamh tarraingthe, nó a mbeadh sé d’éifeacht aige iad sin a laghdú, agus toirmeasc ar a leithéid de ghaireas atá ceaptha go sonrach don chuspóir sin a bheith ar iompar ar bord. Ní fhágfaidh an mhír seo nach bhféadfar feidhm a bhaint as gairis shonracha a laghdaíonn caitheamh agus cuimilt, a chuireann le héalú gabhálacha as an gcuid tosaigh de threalamh tarraingthe nó a chuireann srian leis sin.

5.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear rialacha mionsonraithe maidir le sonraíocht soc-fhoirceann agus sonraíocht na ngaireas dá dtagraítear i mír 4. Is ar an gcomhairle eolaíoch agus theicniúil is fearr dá bhfuil ar fáil a bhunófar na gníomhartha cur chun feidhme sin agus féadfar an méid seo a leanas a shainiú leo:

(a)

srianta ar thiús téide;

(b)

srianta ar imlíne soc-fhoirceann;

(c)

srianta ar ábhar líontáin a úsáid;

(d)

struchtúr agus greamú soc-fhoirceann;

(e)

gairis cheadaithe a laghdaíonn caitheamh agus cuimilt; agus

(f)

gairis cheadaithe a chuireann srian le héalú gabhálacha.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2).

Airteagal 9

Srianta ginearálta ar úsáid líonta éighníomhacha agus sruthlíonta

1.   Beidh toirmeasc ar shruthlíon amháin nó níos mó a bheith ar bord nó a úsáid ar mó ná 2,5 km a bhfad iomlán nó fad aon cheann acu.

2.   Beidh toirmeasc ar shruthlíonta a úsáid chun na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn III a iascach.

3.   D’ainneoin mhír 1, beidh toirmeasc ar aon sruthlíon a bheith ar bord soithigh i Muir Bhailt dó nó ar aon sruthlíon a úsáid sa Mhuir sin.

4.   Beidh toirmeasc ar eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe, líonta fostúcháin agus traimlí a úsáid d’fhonn na speicis seo a leanas a ghabháil:

(a)

Tuinníní colgacha (Thunnus alalunga),

(b)

Tuinníní gorma (Thunnus thynnus),

(c)

Sáimhíní (Brama brama),

(d)

Colgáin (Xiphias gladius),

(e)

Siorcanna de na speicis nó de na finí seo a leanas Hexanchus griseus; Cetorhinus maximus; gach speiceas de Alopiidae; Carcharhinidae; Sphyrnidae; Isuridae; Lamnidae.

5.   De mhaolú ar mhír 4, féadfar gabhálacha de thaisme sa Mheánmhuir nach mó ná trí eiseamal de na speicis de shiorcanna dá dtagraítear sa mhír sin a choinneáil ar bord nó a thabhairt i dtír ar choinníoll nach speicis chosanta iad faoi dhlí an Aontais.

6.   Beidh toirmeasc ar eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe, líon fostúcháin agus traimlíon a úsáid aon áit a bhfuil an doimhneacht cairte níos mó ná 200 m.

7.   D’ainneoin mhír 6 den Airteagal seo:

(a)

beidh feidhm ag maoluithe sonracha mar a leagtar amach i bpointe 6.1 de Chuid C d’Iarscríbhinn V, pointe 9.1 de Chuid C d’Iarscríbhinn VII agus pointe 4.1 de Chuid C d’Iarscríbhinn VII aon áit a bhfuil an doimhneacht chairte idir 200 agus 600 m;

(b)

Ceadófar eangaigh gheolbhaigh ghrinneallsocraithe, líonta fostúcháin agus traimlí a úsáid aon áit a bhfuil an doimhneacht cairte níos mó ná 200 m sa Mheánmhuir.

ROINN 3

Cosaint speiceas íogair agus gnáthóg íogair

Airteagal 10

Speicis éisc agus sliogéisc atá faoi thoirmeasc

1.   Beidh toirmeasc ar na speicis éisc nó sliogéisc dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 92/43/CEE, a ghabháil, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, nó a thabhairt i dtír, ach amháin i gcás ina ndeonaítear maoluithe faoi Airteagal 16 den Treoir sin.

2.   De bhreis ar na speicis dá dtagraítear i mír 1, i ndáil leis na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn I nó speicis a bhfuil toirmeasc iascaireachta orthu faoi ghníomhartha eile dlí de chuid an Aontais.

3.   Má ghabhtar de thaisme na speicis dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2, ní dhéanfar díobháil dóibh agus cuirfear eiseamail ar ais i bhfarraige go pras ach amháin chun críche taighde a dhéanamh ar eiseamail a maraíodh de thaisme i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme.

4.   Tugtar de chumacht don Choimisiún gníomartha tairmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun leasú a dhéanamh ar an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I, i gcás ina dtugtar le fios leis an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil gur gá leasú a dhéanamh ar an liosta in Iarscríbhinn I.

5.   Le bearta arna nglacadh de bhun mhír 4 den Airteagal seo, díreofar ar an sprioc a bhaint amach a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 4(1) agus féadfar comhaontuithe idirnáisiúnta a bhaineann le cosaint speiceas íogair a chur san áireamh chuige sin.

Airteagal 11

Gabhálacha de mhamaigh mhuirí, d’éanlaith mhara agus de reiptílí muirí

1.   Na mamaigh mhuirí agus na reiptílí muirí dá dtagraítear in Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Treoir 92/43/CEE agus na speicis d’éanlaith mhara a chumhdaítear le Treoir 2009/147/CE, beidh toirmeasc orthu sin a ghabháil, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír.

2.   Má ghabhtar de thaisme speicis dá dtagraítear i mír 1, ní dhéanfar díobháil dóibh agus cuirfear ar ais i bhfarraige go pras iad.

3.   D’ainneoin mhíreanna 1 agus 2, ceadófar eiseamail de na speicis mhuirí dá dtagraítear i mír 1, nuair is gabhálacha de thaisme iad, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír a fhad is atá sin riachtanach chun cúnamh a fháil d’fhonn na hainmhithe aonair sin a choinneáil beo agus chun taighde eolaíoch a dhéanamh ar eiseamail a maraíodh de thaisme, ar choinníoll gur cuireadh na húdaráis inniúla náisiúnta lena mbaineann go hiomlán ar an eolas roimh ré, a luaithe is féidir i ndiaidh na gabhála agus i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme.

4.   Ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil féadfaidh Ballstát bearta maolaithe nó srianta ar threalamh iascaireachta áirithe a chur ar bun i leith soithí a bhfuil a bhratach ar foluain orthu. Le bearta den sórt sin laghdófar a oiread is féidir gabhálacha de na speicis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus, nuair is féidir, cuirfear deireadh leo, agus beidh na bearta sin ag luí leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus beidh siad chomh dian céanna ar a laghad le bearta teicniúla is infheidhme faoi dhlí an Aontais.

5.   Beidh d’aidhm ag bearta arna nglacadh de bhun mhír 4 den Airteagal seo an sprioc a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 4(1) a bhaint amach. Chur críocha rialaithe, tabharfaidh na Ballstáit fógra do na Ballstáit eile lena mbaineann maidir leis na forálacha a glacadh de bhun mhír 4 den Airteagal seo. Cuirfidh siad faisnéis iomchuí ar fáil go poiblí freisin maidir leis na bearta sin.

Airteagal 12

Gnáthóga íogaire a chosaint, lena n-áirítear éiceachórais leochaileacha mhuirí

1.   Beidh toirmeasc ar an trealamh iascaireachta a shonraítear in Iarscríbhinn II a úsáid laistigh de na limistéir iomchuí a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

2.   I gcás ina dtugtar le fios leis an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil gur gá liosta na limistéar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a leasú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán seo agus de bhun an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 11(2) agus Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 chun Iarscríbhinn II a leasú dá réir sin. Agus leasuithe den sórt sin á nglacadh aige tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar na hainiarsmaí a eascróidh as gníomhaíocht iascaireachta a dhíláithriú go dtí limistéir íogaire eile a mhaolú.

3.   I gcás ina bhfuil na gnáthóga dá dtagraítear i mír 1 nó gnáthóga leochaileacha eile, lena n-áirítear éiceachórais mhuirí leochaileacha eile, le fáil in uiscí atá faoi cheannasacht nó faoi dhlínse Ballstáit, féadfaidh an Ballstát sin limistéir iata a bhunú nó bearta caomhnaithe eile a chur ar bun d’fhonn na gnáthóga sin a chosaint, de bhun an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Beidh bearta den sórt sin ag luí leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus beidh siad chomh dian céanna ar a laghad le bearta faoi dhlí an Aontais.

4.   Beidh d’aidhm ag bearta arna nglacadh de bhun mhír 2 agus mhír 3 den Airteagal seo an sprioc a leagtar amach i bpointe (c) d’Airteagal 4(1) a bhaint amach.

ROINN 4

Íosmhéideanna tagartha caomhnaithe

Airteagal 13

Íosmhéideanna tagartha caomhnaithe

1.   Íosmhéideanna tagartha caomhnaithe na speiceas muirí a shonraítear i gCuid A d’Iarscríbhinní V go hIarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán seo, beidh feidhm acu chun na críocha seo a leanas:

(a)

féachaint chuige go gcosnófar éisc óga de speicis mhuirí de bhun Airteagal 15(11) agus 15(12) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(b)

limistéir aisghabhála stoc éisc a bhunú de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(c)

íosmhéideanna margaíochta a leagan síos de bhun Airteagal 47(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28).

2.   Is i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a thomhaisfear méid speicis mhuirí.

3.   I gcás ina ndéantar foráil maidir le níos mó ná aon mhodh amháin le méid speicis mhuirí a thomhas, ní mheasfar an t-eiseamal a bheith faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe má tá an mhéid, de réir aon cheann de na modhanna tomhais sin, cothrom leis an íosmhéid tagartha caomhnaithe nó níos mó ná é.

4.   Gliomaigh, piardóga agus moilisc dhébhlaoscacha agus moilisc ghastrapódacha d’aon speiceas den sórt sin a bhfuil íosmhéid tagartha caomhnaithe bunaithe in Iarscríbhinní V, VI nó VII ina leith, ní fhéadfar iad a choinneáil ar bord ná a thabhairt i dtír ach amháin i bhfoirm iomlán.

ROINN 5

Bearta chun aischur éisc a laghdú

Airteagal 14

Treoirthionscadail chun gabhálacha de thaisme a sheachaint

1.   Gan dochar d’Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, féadfaidh na Ballstáit tabhairt faoi threoirthionscadail a bhfuil sé d’aidhm acu modhanna a aimsiú le gabhálacha de thaisme a sheachaint, a laghdú agus deireadh a chur leo. Tabharfar aird sna treoirthionscadail sin ar thuairimí na gComhairlí Comhairleacha iomchuí agus bunófar iad ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil.

2.   I gcás ina léiríonn torthaí na dtreoirthionscadal sin nó ina léirítear le comhairle eolaíoch eile gurb ann do líon mór gabhálacha de thaisme, féacfaidh na Ballstáit lena mbaineann le bearta teicniúla a bhunú chun na gabhálacha sin de thaisme a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

CAIBIDIL III

RÉIGIÚNÚ

Airteagal 15

Bearta teicniúla réigiúnacha

1.   Leagtar amach sna hIarscríbhinní seo a leanas bearta teicniúla arna mbunú ar an leibhéal réigiúnach:

(a)

in Iarscríbhinn V le haghaidh na Mara Thuaidh;

(b)

in Iarscríbhinn VI le haghaidh Uiscí an Iarthuaiscirt;

(c)

in Iarscríbhinn VII le haghaidh Uiscí an Iardheiscirt;

(d)

in Iarscríbhinn VIII le haghaidh Mhuir Bhailt;

(e)

in Iarscríbhinn IX le haghaidh na Meánmhara;

(f)

in Iarscríbhinn X le haghaidh na Mara Duibhe;

(g)

in Iarscríbhinn XI le haghaidh uiscí an Aontais san Aigéan Indiach agus san Atlantach Thiar;

(h)

in Iarscríbhinn XIII le haghaidh speicis íogaire.

2.   D’fhonn sainiúlachtaí réigiúnacha na n-iascach ábhartha a chur san áireamh, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 29 den Rialachán seo agus le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 chun na bearta teicniúla a leagtar amach sna hIarscríbhinní dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a leasú, a fhorlíonadh, a aisghairm nó a mhaolú, lena n-áirítear nuair atá an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír á cur chun feidhme i gcomhthéacs Airteagal 15(5) agus (6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe den sórt sin ar bhonn moladh comhpháirteach arna thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus i gcomhréir leis na hAirteagail ábhartha de Chaibidil III den Rialachán seo.

3.   Chun críche gníomhartha tarmligthe den chineál sin a ghlacadh, féadfaidh na Ballstáit sin ag a bhfuil leas díreach bainistíochta moltaí comhpháirteacha a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 den chéad uair tráth nach déanaí ná 24 mhí agus ina dhiaidh sin, 18 mhí tar éis gach dáta ar a dtíolacfar an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 31(1) den Rialachán seo. Féadfaidh siad moltaí den chineál sin a thíolacadh, freisin, nuair a mheasfaidh siad gur gá sin.

4.   Maidir leis na bearta teicniúla a ghlacfar de bhun mhír 2 den Airteagal seo:

(a)

beidh sé d’aidhm acu na cuspóirí agus na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 3 agus Airteagal 4 den Rialachán seo a bhaint amach;

(b)

beidh sé d’aidhm acu na cuspóirí a bhaint amach agus na coinníollacha a chomhlíonadh atá leagtha amach sna gníomhartha ábhartha eile de chuid an Aontais arna nglacadh i réimse CBI, go háirithe sna pleananna ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 9 agus in Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(c)

beidh na prionsabail dea-rialachais a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ina dtreoir acu;

(d)

beidh mar thoradh orthu, ar a laghad, tairbhí ar mhaithe le caomhnú acmhainní bitheolaíocha muirí a bheidh coibhéiseach, ar a laghad, leis na bearta dá dtagraítear i mír 1, go háirithe a fhad a bhaineann le patrúin saothraithe agus leis an leibhéal cosanta a thugtar do speicis íogaire agus gnáthóga íogaire. Cuirfear san áireamh freisin an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag gníomhaíochtaí iascaireachta ar an éiceachóras muirí.

5.   Ní bheidh meath ar na caighdeáin roghnaíochta mar thoradh ar chur i bhfeidhm na gcoinníollacha maidir le sonraíochtaí mogallmhéid a leagtar amach in Airteagal 27 agus i gCuid B d’Iarscríbhinní V go XI, go háirithe i dtéarmaí méadú ar ghabhálacha na n-iasc óg, arbh ann dóibh an 14 Lúnasa 2019, agus beidh sé d’aidhm acu na cuspóirí agus na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 3 agus Airteagal 4 a chur i gcrích.

6.   Sna moltaí comhpháirteacha a chuirfear isteach chun críche na bearta dá dtagraítear i mír 2 a ghlacadh, cuirfidh na Ballstáit fianaise eolaíoch ar fáil chun tacú le glacadh na mbeart sin.

7.   Féadfaidh an Coimisiún ceangal a chur ar CETEI measúnú a dhéanamh ar na moltaí comhpháirteacha dá dtagraítear i mír 2.

Airteagal 16

Trealamh iascaireachta atá roghnaíoch ó thaobh méide agus speicis

Aon mholadh comhpháirteach a chuirfear isteach chun críche na bearta a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 15(2) maidir le saintréithe trealaimh atá roghnaíoch ó thaobh méide agus speicis, beidh fianaise eolaíoch ag gabháil leis lena léireofar go mbeidh mar thoradh ar na bearta sin ar a laghad saintréithe roghnaíochta i gcomhair speicis áirithe nó meascán speiceas a bheidh coibhéiseach ar a laghad le saintréithe roghnaíochta an trealaimh a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinní V go X agus i gCuid A d’Iarscríbhinn XI.

Airteagal 17

Limistéir iata nó shrianta chun éisc óga agus comhbhailiúcháin d’éisc sceite a chosaint

Aon mholadh comhpháirteach a chuirfear isteach chun críche na bearta a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 15(2) maidir le Cuid C d’Iarscríbhinní V go VIII agus X agus i gCuid B d’Iarscríbhinn XI nó chun nua-limistéir iata nó shrianta a bhunú, áireofar na nithe seo a leanas maidir leis na limistéir iata nó shrianta sin:

(a)

cuspóir an iaimh;

(b)

fairsinge gheografach agus fad ama an iaimh;

(c)

srianta ar threalamh ar leith; agus

(d)

socruithe rialaithe agus faireacháin.

Airteagal 18

Íosmhéideanna tagartha caomhnaithe

Aon mholadh comhpháirteach a chuirfear isteach chun críche na bearta a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 15(2) maidir le Cuid A d’Iarscríbhinní V go X, urramóidh sé an cuspóir atá ann i dtaca le héisc óga de speicis mhuirí a chosaint.

Airteagal 19

Iaimh fhíor-ama agus forálacha maidir le hathrú láithreach

1.   Aon mholadh comhpháirteach a chuirfear isteach chun críche na bearta a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 15(2) maidir le hiaimh fhíor-ama a chruthú, agus a bhfuil sé d’aidhm aige speicis íogaire nó comhbhailiúcháin d’éisc óga, d’éisc sceite nó de speicis sliogéisc a chosaint, beidh na nithe seo a leanas ar áireamh ann:

(a)

fairsinge gheografach agus fad ama na n-iamh;

(b)

na speicis agus na leibhéil tairsí is siocair leis an iamh;

(c)

úsáid trealaimh ardroghnaíoch d’fhonn cead isteach a fháil ar limistéir iata nach mbeadh cead isteach ann dá uireasa; agus

(d)

socruithe rialaithe agus faireacháin.

(2)   Aon mholadh comhpháirteach a thíolacfar chun críche na bearta a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 15(2), maidir le forálacha i ndáil le hathrú láithreach, beidh na nithe seo a leanas ar áireamh ann:

(a)

na speicis agus na leibhéil tairsí is siocair leis an oibleagáid athrú;

(b)

cé chomh fada atá soitheach le himeacht ón ionad a raibh sé ag iascaireacht ann go dtí sin.

Airteagal 20

Trealamh iascaireachta nuálach

1.   Aon mholadh comhpháirteach a cuireadh isteach chun críche na bearta a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 15(2) maidir le trealamh iascaireachta nuálach a úsáid laistigh d’imchuach ar leith beidh measúnú ann ar an tionchar is dócha a bheidh ag trealamh den sórt sin a úsáid ar na sprioc-speicis agus ar speicis íogaire agus gnáthóga íogaire. Baileoidh na Ballstáit lena mbaineann na sonraí iomchuí atá riachtanach le haghaidh measúnú den sórt sin.

2.   Ní cheadófar trealamh iascaireachta nuálach a úsáid i gcás ina léireoidh na measúnuithe dá dtagraítear i mír 1 go dtiocfaidh dá úsáid ainiarsmaí suntasacha ar ghnáthóga íogaire agus ar speicis nach sprioc-speicis iad.

Airteagal 21

Bearta caomhnaithe dúlra

Aon mholadh comhpháirteach a chuirfear isteach chun críche na bearta a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 15(2), maidir le speicis íogaire agus gnáthóga íogaire a chosaint, féadfaidh sé na nithe seo a leanas a dhéanamh go háirithe:

(a)

liostaí a tharraingt suas de na speicis íogaire agus na gnáthóga íogaire is mó atá i mbaol ag gníomhaíochtaí iascaireachta laistigh den limistéar iomchuí agus na liostaí sin a bhunú ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil;

(b)

sonrú a dhéanamh ar na bearta breise nó malartacha i ndáil leo siúd dá dtagraítear in Iarscríbhinn XIII d’fhonn gabhálacha de thaisme de na speicis sin dá dtagraítear in Airteagal 11 a laghdú;

(c)

faisnéis a thabhairt maidir lena éifeachtaí atá na bearta maoluithe agus na socruithe faireacháin atá ann cheana;

(d)

sonrú a dhéanamh ar na bearta arb é is aidhm leo tionchar trealaimh iascaireachta ar gnáthóga íogaire a laghdú;

(e)

sonrú a dhéanamh ar na srianta ar threalamh áirithe a oibriú nó toirmeasc iomlán ar úsáid trealaimh iascaireachta áirithe a thabhairt isteach i limistéar inar bagairt trealamh den sórt sin ar stádas caomhnaithe na speiceas sa limistéar sin dá dtagraítear in Airteagail 10 agus 11 nó ar ghnáthóga íogaire eile.

Airteagal 22

Bearta réigiúnacha sna pleananna aischuir sealadacha

1.   Nuair a dhéanfaidh na Ballstáit moltaí comhpháirteacha a chur isteach maidir le bunú beart teicniúil i bpleananna aischuir sealadacha dá dtagraítear in Airteagal 15(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, féadfaidh na heilimintí seo a leanas, inter alia, a bheith sna moltaí sin:

(a)

sonraíochtaí trealaimh iascaireachta agus na rialacha maidir le húsáid an trealaimh sin;

(b)

sonraíochtaí modhnuithe ar threalamh iascaireachta nó úsáid trealaimh roghnaíochta chun roghnaíocht ó thaobh méide agus speicis a fheabhsú;

(c)

srianta nó toirmisc ar chineálacha áirithe trealaimh iascaireachta a úsáid, agus ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, i limistéir áirithe nó le linn tréimhsí áirithe;

(d)

íosmhéideanna tagartha chaomhnaithe;

(e)

maoluithe a glacadh de bhun Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

2.   Beidh d’aidhm leis na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach, go sonrach beidh d’aidhm leo éisc óga nó comhbhailiúcháin d’éisc sceite nó de shliogéisc a chosaint.

Airteagal 23

Treoirthionscadail i ndáil le gabhálacha agus ábhar aischurtha a dhoiciméadú ina n-iomláine

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán seo agus Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, lena bhforlíontar an Rialachán seo trí threoirthionscadail a shainiú a fhorbróidh córas chun gabhálacha agus ábhar aischurtha a dhoiciméadú ina n-iomláine bunaithe ar chuspóirí agus spriocanna intomhaiste, chun críche bainistithe iascaigh atá bunaithe ar thorthaí.

2.   Féadfaidh na treoirthionscadail dá dtagraítear i mír 1 maolú ó na bearta a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinní V go dtí XI i ndáil le limistéar sonrach agus ar feadh uastréimhse bliana, ar choinníoll gur féidir a léiriú go gcuireann treoirthionscadail den chineál sin le baint amach na gcuspóirí agus na spriocanna a leagtar amach in Airteagail 3 agus 4 agus, go háirithe, go bhfuil sé mar aidhm acu roghnaíocht an trealaimh iascaireachta nó an chleachtais iascaireachta lena mbaineann a fheabhsú nó a thionchar ar an gcomhshaol a laghdú ar bhealach eile. Féadfar fad bliana breise a chur leis an tréimhse bliana sin faoi na coinníollacha céanna. Beidh na treoirthionscadail sin teoranta do 5 %, ar a mhéad, de shoithí san earnáil sin in aghaidh an Bhallstáit.

3.   I gcás ina ndéanfaidh na Ballstáit moltaí comhpháirteacha a chur isteach maidir leis na treoirthionscadail dá dtagraítear i mír 1 a bhunú, cuirfidh siad fianaise eolaíoch ar fáil chun tacú lena nglacadh. Déanfaidh CETEI na moltaí comhpháirteacha sin a mheasúnú agus poibleoidh sé an measúnú sin. Laistigh de 6 mhí ón tionscadal a thabhairt i gcrích, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina gcuirfear in iúl na torthaí, lena n-áirítear measúnú mionsonraithe ar na hathruithe ó thaobh roghnaíochta agus ar thionchair eile ar an gcomhshaol.

4.   Déanfaidh CETEI an tuarascáil dá dtagraítear i mír 3 a mheasúnú. I gcás ina mbeidh measúnú dearfach ar rannchuidiú an trealaimh nua nó an chleachtais nua leis an gcuspóir i mír 2, féadfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh i gcomhréir le CFAE ionas go gceadófar úsáid ghinearálaithe an trealaimh nó an chleachtais sin. Poibleofar an measúnú sin ó CETEI.

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí na sonraíochta teicniúla a shainiú do chóras chun gabhálacha agus ábhar aischurtha a dhoiciméadú ina n-iomláine dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 24

Gníomhartha cur chun feidhme

1.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

sonraíochtaí na ngaireas roghnúcháin atá ceangailte den trealamh a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinní V go hIarscríbhinn IX;

(b)

rialacha mionsonraithe maidir le sonraíochtaí an trealaimh iascaireachta a thuairiscítear i gCuid D d’Iarscríbhinn V a bhaineann le srianta ar dhéanamh trealaimh agus le bearta rialaithe agus faireacháin atá le glacadh ag an mBallstát brataí;

(c)

rialacha mionsonraithe maidir leis na bearta rialaithe agus faireacháin atá le glacadh ag an mBallstát brataí nuair a bheidh feidhm á baint aige as an trealamh dá dtagraítear i bpointe 6 de Chuid C d’Iarscríbhinn V, i bpointe 9 de Chuid C d’Iarscríbhinn VI, agus i bpointe 4 de Chuid C d’Iarscríbhinn VII;

(d)

rialacha mionsonraithe maidir leis na bearta rialaithe agus faireacháin atá le glacadh i gcás na limistéar iata nó srianta adtugtar tuairisc orthu i bpointe 2 de Chuid C d’Iarscríbhinn V, agus pointí 6 agus 7 de Chuid C d’Iarscríbhinn VI;

(e)

rialacha mionsonraithe maidir le tréithe comharthaíochta agus cur chun feidhme a roinneann leis na fuaimghairis bhactha dá dtagraítear i gCuid A d’Iarscríbhinn XIII;

(f)

rialacha mionsonraithe maidir le dearadh agus úsáid na línte scanraithe éan agus na ndoruithe ualaithe dá dtagraítear i gCuid B d’Iarscríbhinn XIII;

(g)

rialacha mionsonraithe maidir leis an ngaireas eisiatóra turtar dá dtagraítear i gCuid C d’Iarscríbhinn XIII.

2.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30(2).

CAIBIDIL IV

AIGHDE EOLAÍOCH, ATHSTOCÁIL DHÍREACH AGUS TRASPHLANDÚ

Airteagal 25

Taighde eolaíoch

1.   Ní bheidh feidhm ag na bearta teicniúla dá bhforáiltear sa Rialachán seo maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéantar chun críche imscrúduithe eolaíocha faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

is le cead agus faoi údarás an Bhallstáit brataí atá na hoibríochtaí iascaireachta le déanamh;

(b)

An Coimisiún agus an Ballstát a bhfuil na hoibríochtaí iascaireachta á ndéanamh in uiscí atá faoina cheannas agus faoina dhlínse (‘an Ballstát cósta’), tá siad le cur ar an eolas dhá sheachtain roimh ré ar a laghad faoi oibríochtaí iascaireachta den sórt sin atá beartaithe, na soithí a bheidh páirteach iontu agus na himscrúduithe eolaíocha a dhéanfar;

(c)

tá an soitheach nó na soithí atá i mbun na n-oibríochtaí iascaireachta chun údarú bailí iascaireachta a bheith acu i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

(d)

I gcás ina n_iarrfaidh an Ballstát cósta nó an Ballstát brataí é, beidh sé de cheangal ar an máistir soithí breathnadóir de chuid an Bhallstáit cósta a thabhairt ar bord le linn na n-oibríochtaí iascaireachta, ach amháin sa chás nach féidir sin a dhéanamh ar chúiseanna slándála;

(e)

beidh teorainn ama ann d’oibríochtaí iascaireachta a dhéanfaidh soithí tráchtála chun críche taighde eolaíoch. I gcás ina mbeidh níos mó ná sé shoitheach thráchtála páirteach in oibríochtaí iascaireachta le haghaidh taighde áirithe arna dhéanamh ag soithí tráchtála, cuirfidh an Ballstát brataí an Coimisiún ar an eolas 3 mhí roimh ré ar a laghad agus iarrfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, comhairle ó CETEI chun a dheimhniú go bhfuil bonn cirt leis an leibhéal sin rannpháirtíochta ar bhonn eolaíoch; Má mheastar nach bhfuil bonn cirt leis an leibhéal sin rannpháirtíochta de réir na Comhairle ó CETEI, leasóidh an Ballstát lena mbaineann coinníollacha an taighde eolaíoch dá réir sin;

(f)

I gcás bíogthrál leictreach, ní mór do shoithí a bhfuil taighde eolaíoch idir lámha acu prótacal sonrach eolaíoch a leanúint mar chuid de phlean taighde eolaíoch a rinne CITM nó CETEI a athbhreithniú nó a bhailíochtú, chomh maith le córas faireacháin, rialaithe agus meastóireachta.

2.   Féadfar na speicis mhuirí a ghabhfar chun na críocha a shonraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfar iad a dhíol, a stóráil, a thaispeáint nó a chur ar díol, ar choinníoll go ndéanfar iad a áireamh mar chuid de na cuótaí i gcomhréir le hAirteagal 33(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1224/2009, i gcás inarb infheidhme, agus:

(a)

go gcomhlíonfaidh siad na híosmhéideanna tagartha caomhnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinní IV go X den Rialachán seo; nó

(b)

go ndíolfar iad chun críocha eile seachas chun a gcaite ag an duine.

Airteagal 26

Athstocáil dhíreach agus trasphlandú

1.   Ní bheidh feidhm ag na bearta teicniúla dá bhforáiltear sa Rialachán seo maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéanfar chun críche speicis mhuirí a athstocáil go díreach agus a thrasphlandú, agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéanfar na hoibríochtaí sin le cead agus faoi údarás an Bhallstáit nó na mBallstát a bhfuil leas díreach bainistíochta aige nó acu.

2.   I gcás ina ndéanfar an athstocáil dhíreach nó an trasphlandú in uiscí de chuid Ballstáit nó Ballstát eile, cuirfear an Coimisiún agus na Ballstáit sin ar an eolas, 20 lá féilire roimh ré ar a laghad, faoi oibríochtaí iascaireachta den sórt sin atá beartaithe.

CAIBIDIL V

COINNÍOLLACHA I nDÁIL LE SONRAÍOCHTAÍ MOGALLMHÉIDE

Airteagal 27

Coinníollacha i ndáil le sonraíochtaí mogallmhéide

1.   Ciallaíonn na céatadáin gabhála dá dtagraítear in Iarscríbhinn V go hIarscríbhinn VIII an céatadán uasta speiceas a cheadaítear chun cáiliú do na mogallmhéideanna a leagtar amach sna hIarscríbhinní sin. Ní dochar na céatadáin sin don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

2.   Ríomhfar na céatadáin ghabhála mar chion de bheomheáchan na n-acmhainní bitheolaíocha muirí uile a thabharfar i dtír tar éis gach turais iascaireachta.

3.   Féadfar na céatadáin ghabhála dá dtagraítear i mír 2 a ríomh ar bhonn sampla ionadaíoch amháin nó níos mó.

4.   Chun críche an Airteagail seo, gheofar meáchan coibhéiseach ghliomach na hIorua iomlán trí mheáchan eireabaill ghliomach na hIorua a iolrú faoi thrí.

5.   Féadfaidh Ballstáit údaruithe iascaireachta a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 maidir le soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus iad i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta ag baint úsáid as mogallmhéideanna sonracha dá bhforáiltear in Iarscríbhinn V go hIarscríbhinn XI. Féadfar údaruithe den sórt sin a chur ar fionraí i gcás soitheach nár chomhlíon na céatadáin ghabhálacha sainithe dá bhforáiltear in Iarscríbhinn V go hIarscríbhinn VIII.

6.   Ní dochar an tAirteagal seo do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

7.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun Airteagal 15 agus i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán seo chun an téarma “iascaireacht dhírithe” i gcomhair speicis ábhartha a shainiú tuilleadh i gCuid B d’Iarscríbhinní V go X agus Cuid A d’Iarscríbhinn XI. Chun na críche sin, Ballstáit a mbeidh leas díreach bainistíochta acu sna hiascaigh lena mbaineann, tíolacfaidh siad aon mholadh comhpháirteach den chéad uair tráth nach déanaí ná an 15 Lúnasa 2020.

CAIBIDIL VI

BEARTA TEICNIÚLA I Limistéar Rialála NEAFC

Airteagal 28

Bearta teicniúla i Limistéar Rialála NEAFC

Na bearta teicniúla is infheidhme i Limistéar Rialála NEAFC, leagtar amach in Iarscríbhinn XII iad.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA NÓS IMEACHTA

Airteagal 29

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 2(2), Airteagal 8(3) Airteagal 10(4), Airteagal 12(2), Airteagal 15(2), Airteagal 23(1) agus (5), Airteagal 27(7) agus Airteagal 31(4) a ghlacadh go ceann tréimhse 7 mbliana ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Maidir leis an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2), Airteagal 8(3), Airteagal 10(4), Airteagal 12(2), Airteagal 15(2), Airteagal 23(1) agus (5), Airteagal 27(7) agus Airteagal 31(4), féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean sin a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(2), Airteagal 8(3) Airteagal 10(4), Airteagal 12(2), Airteagal 15(2), Airteagal 23(1) agus (5), Airteagal 27(7) agus Airteagal 31(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 30

Nós Imeachta Coiste

1.   Beidh an Coiste um iascach agus dhobharshaothrú a bunaíodh le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ón gComhairle.

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 31

Athbhreithniú agus tuairisciú

1.   Faoin 31 Nollaig 2020 agus gach tríú bliain as sin amach, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na faisnéise a sholáthróidh na Ballstáit agus na Comhairlí Comhairleacha iomchuí agus i ndiaidh do CETEI meastóireacht a dhéanamh, déanfaidh sé tuarascáil a chur faoi bhráid do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin ar a mhéid a rannchuidigh bearta teicniúla ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais araon leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 agus leis na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 4 a bhaint amach. Sa tuarascáil sin, déanfar tagairt freisin do chomhairle ó CITM maidir leis an dul chun cinn atá déanta, nó maidir leis an tionchar a eascraíonn ó threalaimh nuálacha. Beidh conclúidí sa tuarascáil maidir leis na héifeachtaí dearfacha nó diúltacha ar éiceachórais mhuirí, ar ghnáthóga íogaire chomh maith le roghnaíocht.

2.   Sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo beidh, inter alia, measúnú ar rannchuidiú na mbeart teicniúil do phatrúin saothraithe a bharrfheabhsú, mar a fhoráiltear i bpointe (a) d’Airteagal 3(2). Chun na críche sin, féadfar a áireamh sa tuarascáil, inter alia, mar tháscaire feidhmíochta roghnaíochta do na heocharstoic tháscaire do na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn XIV, an fad roghnaíochta optamach (Lopt) i gcomparáid leis an meánfhad éisc a ghabhtar i ngach bliain a chumhdaítear.

3.   Ar bhonn na tuarascála sin, i gcás ina bhfuil fianaise ann ar an leibhéal réigiúnach nár baineadh amach na cuspóirí agus na spriocanna, laistigh de 12 mhí tar éis don Choimisiún an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach, déanfaidh na Ballstáit atá sa réigiún sin plean a chur isteach á leagan amach na bearta a dhéanfar chun rannchuidiú leis na cuspóirí agus na spriocanna sin a bhaint amach.

4.   Féadfaidh an Coimisiún freisin aon leasuithe riachtanacha ar an Rialachán seo a mholadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle de dhroim na tuarascála sin. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun Airteagal 15 agus i gcomhréir le hAirteagal 29 chun an liosta speiceas a leagtar amach in Iarscríbhinn XIV a leasú.

Airteagal 32

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 mar a leanas:

(a)

scriostar Airteagail 3, 8 go 12, 14, 15, 16 agus 25;

(b)

scriostar Iarscríbhinní II, III agus IV.

Déanfar tagairtí do na hAirteagal agus na hIarscríbhinní scriosta a fhorléiriú mar thagairtí d’fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo.

Airteagal 33

Leasuithe ar Rialachán (CE) 1224/2009

I gCaibidil IV de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, leasaítear Teideal IV mar leanas:

(a)

scriostar Roinn 3;

(b)

cuirtear an Roinn seo a leanas léi:

Roinn 4

Próiseáil ar Bord agus Iascaigh Pheiligeacha

Airteagal 54a

Próiseáil ar bord

1.   Beidh toirmeasc ar aon phróiseáil éisc de chineál fisiceach nó ceimiceach a dhéanamh ar bord soithigh ar chun críocha min éisc, ola éisc nó táirgí dá samhail a tháirgeadh í, nó chun críocha gabhálacha éisc a thrasloingsiú.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

scairteach a phróiseáil nó a thrasloingsiú; nó

(b)

suiréime a tháirgeadh ar bord soitheach iascaireachta.

Airteagal 54b

Srianta ar shoithí peiligeacha maidir le láimhseáil agus scaoileadh gabhálacha

1.   Is 10 mm a bheidh san uas-spás idir barraí an deighilteora uisce ar bord soithí peiligeacha iascaireachta atá dírithe ar iascaireacht ronnach, scadán agus bolmán i Limistéar Coinbhinsiúin NEAFC mar a shainítear é in Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010.

Beidh na barraí táite dá n-áit. Más poill seachas barraí a úsáidtear sa deighilteoir uisce, 10 mm ar a mhéad a bheidh i dtrastomhas na bpoll sin. Is 15 mm ar a mhéad a bheidh i dtrastomhas pholl na bhfánán atá os comhair an deighilteora uisce.

2.   I gcás gach soithigh pheiligigh atá ag oibriú i Limistéar Coinbhinsiúin NEAFC, beidh toirmeasc ar éisc a scaoileadh faoi bhun líne uisce an tsoithigh ó umair mhaolánacha nó ó umair sáile chuisnithe.

3.   Seolfaidh máistir an tsoithigh dearaí a bhaineann le cumas láimhseála agus scaoilte soithí peiligeacha atá dírithe ar iascaireacht ronnach, scadán agus bolmán i Limistéar Coinbhinsiúin NEAFC, dearaí atá deimhnithe ag údaráis inniúla na mBallstát brataí, mar aon le haon mhodhnú a dhéanfar orthu sin, seolfaidh sé na dearaí sin chuig údaráis inniúla iascaireachta an Bhallstáit brataí. Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát brataí na soithí cruinneas na ndearaí a chuirtear faoina mbráid a fhíorú go tráthrialta. Beidh cóipeanna de na dearaí sin ar bord an tsoithigh i gcónaí.

Airteagal 54c

Srianta maidir le trealamh grádúcháin uathoibríoch a úsáid

1.   Beidh toirmeasc ar threalamh a d’fhéadfaí a úsáid chun scadáin, ronnaigh nó bolmáin a ghrádú, de réir méide nó gnéis, a bheith ar bord soithigh nó a úsáid ar bord soithigh.

2.   Os a choinne sin, ceadófar trealamh den sórt sin a bheith ar bord soithigh nó a úsáid ar bord ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní bheidh ar bord an tsoithigh aon am ar leith ach trealamh tarraingthe ar lú ná 70 mm a mhogallmhéid nó peaslíon saighne amháin nó níos mó, nó trealamh iascaireachta dá samhail; nó

(b)

maidir le hiomlán na gabhála is féidir a choinneáil ar bord go dleathach:

(i)

déanfar sin a stóráil i riocht reoite;

(ii)

déanfar éisc ghrádaithe a reo go díreach tar éis a ngrádaithe agus ní chuirfear aon éisc ghrádaithe ar ais i bhfarraige; agus

(iii)

beidh an trealamh suiteáilte agus suite ar bord an tsoithigh ar chuma a áiritheoidh go ndéanfar an reo láithreach bonn agus nach féidir speicis mhuirí a chur ar ais i bhfarraige.

3.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, féadfaidh aon soitheach atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh i Muir Bhailt, sna Belts nó in Øresund, trealamh grádúcháin a iompar in Kattegat dó ar choinníoll gur eisíodh údarú iascaireachta ina chomhair i gcomhréir le hAirteagal 7. Saineofar san údarú iascaireachta sin na speicis, na limistéir, na tréimhsí ama agus aon cheanglais riachtanacha eile is infheidhme maidir le trealamh grádúcháin a úsáid ar bord nó a iompar.’

4.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo i Muir Bhailt.’.

Airteagal 34

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013

In Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 12:

‘12.   Maidir leis na speicis nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír mar arna sainiú í i mír 1, ní choinneofar ar bord gabhálacha na speiceas sin atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe, ach cuirfear ar ais i bhfarraige iad láithreach, seachas nuair a úsáidfear iad mar bhaoite beo.’.

Airteagal 35

Leasú ar Rialachán (AE) 2016/1139

I Rialachán (AE) 2016/1139, leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

‘1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo agus Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis na bearta teicniúla seo a leanas, sa mhéid nach gcumhdaítear iad le Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1):

(*1)  Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus le héiceachórais mhara a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1224/2009, (CE) ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch 105. ).’;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Rannchuideoidh na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo a bhaint amach agus comhlíonfaidh siad Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2019/1241.’.

Airteagal 36

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/973

I Rialachán (AE) 2018/973, leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

‘1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo agus Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir leis na bearta teicniúla seo a leanas, sa mhéid nach gcumhdaítear iad le Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2).

(*2)  Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus le héiceachórais mhara a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1224/2009, (CE) ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch 105. ).’;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Rannchuideoidh na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo a bhaint amach agus comhlíonfaidh siad Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2019/1241.’.

Airteagal 37

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 2019/472

I Rialachán (AE) 2019/472, leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

‘1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo agus Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir leis na bearta teicniúla seo a leanas, sa mhéid nach gcumhdaítear iad le Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3):

(*3)  Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus le héiceachórais mhara a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1224/2009 agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComahire agus agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch 105..).’;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Rannchuideoidh na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo a bhaint amach agus comhlíonfaidh siad Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) Uimh. 2019/1241.’.

Airteagal 38

Leasú ar Rialachán (AE) 2019/1022

I Rialachán (AE) 2019/1022, leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na cosa tosaigh:

‘1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo agus Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir leis na bearta teicniúla seo a leanas, sa mhéid nach gcumhdaítear iad le Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4):

(*4)  Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus le héiceachórais mhara a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1224/2009 agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComahire agus agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch 105..).’;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Rannchuideoidh na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo a bhaint amach agus comhlíonfaidh siad Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2019/1241.’.

Airteagal 39

Aisghairmeacha

Aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005.

Déanfar tagairtí a dhéanfar do na Rialacháin aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 40

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 20 Meitheamh 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 389, 21.10.2016, lch. 67.

(2)  IO C 185, 9.6.2017, lch. 82.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Meitheamh 2019.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(5)  Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht chomhphobail i réimse an bheartais muirthimpeallachta (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

(6)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(7)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

(8)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

(9)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 894/97 an 29 Aibreán 1997 lena leagtar síos bearta teicniúla áirithe chun acmhainní iascaigh a chaomhnú (IO L 132, 23.5.1997, lch. 1).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 850/98 ón gComhairle an 30 Márta 1998 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint (IO L 125, 27.4.1998, lch. 1).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 2549/2000 ón gComhairle an 17 Samhain 2000 lena mbunaítear bearta teicniúla breise maidir leis an stoc trosc i muir na hÉireann a aisghabháil (Roinn VIIa de CITM) (IO L 292, 21.11.2000, lch. 5).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 254/2002 ón gComhairle an 12 Feabhra 2002 lena mbunaítear bearta a bheidh infheidhme in 2002 maidir leis an stoc trosc i muir na hÉireann a aisghabháil (roinn VIIa de CITM) (IO L 41, 13.2.2002, lch. 1).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 812/2004 ón gComhairle an 26 Aibreáin 2004 lena leagtar síos bearta a bhaineann le foghabhálacha de chéiticigh in iascaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 88/98 (IO L 150, 30.4.2004, lch. 12).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle an 21 Nollaig 2005 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla i Muir Bhailt, sna Belts agus in Øresund, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1434/98 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 88/98 (IO L 349, 31.12.2005, lch. 1).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistíochta i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (IO L 409, 30.12.2006, lch. 11).

(18)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialachán (CE) 847/96, Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002, Rialachán (CE) Uimh. 811/2004, Rialachán (CE) Uimh. 768/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2115/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2166/2005, Rialachán (CE) Uimh. 388/2006, Rialachán (CE) Uimh. 509/2007, Rialachán (CE) Uimh. 676/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008, Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).

(19)  Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle (IO L 191, 15.7.2016, lch. 1).

(20)  Rialachán (AE) 2018/973 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic ghrinnill sa Mhuir Thuaidh agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír sa Mhuir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 ón gComhairle (IO L 179, 16.7.2018, lch. 1).

(21)  Rialachán (AE) 2019/472 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic a dhéantar a iascach in Uiscí an Iarthair agus sna huiscí máguaird agus d’iascaigh a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/1139 agus (AE) 2018/973 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007 agus (CE) Uimh. 1300/2008 ón gComhairle (IO L 83, 25.3.2019, lch. 1).

(22)  Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil don iascach a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mhuir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 (IO L 172, 26.6.2019, lch.1).

(23)  Is é an sainiú atá ar ranna CITM (an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara) an sainiú atá air i Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach Thoir Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (IO L 87, 31.3.2009, lch. 70).

(24)  Is é an sainiú atá ar limistéir CECAF (an tAtlantach Thoir Láir nó mórlimistéar iascaireachta FAO 34) an sainiú atá air i Rialachán (CE) Uimh. 216/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht i limistéir áirithe seachas i limistéir an Atlantaigh Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (IO L 87, 31.3.2009, lch. 1).

(25)  Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CIGM (An Coimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistithe do shaothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir (IO L 347, 30.12.2011, lch. 44).

(26)  Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 lena leagtar síos scéim um rialú agus um fhorfheidhmiú a mbeidh feidhm aige sa limistéar atá cumhdaithe leis an gCoinbhinsiún um chomhar iltaobhach sa todhchaí in iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2791/1999 ón gComhairle (IO L 348, 31.12.2010, lch. 17).

(27)  Rialachán (CE) Uimh. 734/2008 ón gComhairle an 15 Iúil 2008 maidir le héiceachórais leochaileacha mhuirí ar an mórmhuir a chosaint ar éifeacht dhochrach gléasanna iascaireachta grinnill (IO L 201, 30.7.2008, lch. 8).

(28)  Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

SPEICIS ATÁ FAOI THOIRMEASC

Speicis éisc a bhfuil toirmeasc ar iad a iascaireacht, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, astóráil, a dhíol a chur ar tapseáint nó a thairiscint lena ndíol, dá dtagraítear in Airteagal 10(2),

(a)

Na speicis sábh mara seo a leanas in uiscí uile an Aontais:

(i)

an sábh mara biorach (Anoxypristis cuspidata);

(ii)

an mionsábh mara (Pristis clavata);

(iii)

an sábh mara beagfhiaclach (Pristis pectinata);

(iv)

an sábh mara mórfhiaclach (Pristis pristis);

(v)

an sábh mara glas (Pristis zijsron);

(b)

an liamhán gréine (Cetorhinus maximus) agus an siorc bán mór (Carcharodon carcharias) sna huiscí uile;

(c)

an lóchrannsiorc mín (Etmopterus pusillus) in uiscí de chuid an Aontais i roinn 2a de CITM agus i bhfolimistéar IV agus in uiscí de chuid an Aontais i bhfolimistéir 1, 5, 6, 7, 8, 12 agus 14 de CITM;

(d)

roc sceire (Manta alfredi) in uiscí uile an Aontais;

(e)

roc mór aigéanach (Manta birostris) in uiscí uile an Aontais;

(f)

na speicis roic de chineál Mobula seo a leanas in uiscí uile an Aontais:

(i)

roc an diabhail (Mobula mobular);

(ii)

diabhalroc beag Guineach (Mobula rochebrunei);

(iii)

diabhalroc earrspíonach (Mobula japanica);

(iv)

an roc mínearrach (Mobula thurstoni);

(v)

an diabhalroc fadadharcach (Mobula eregoodootenkee);

(vi)

mionroc an diabhail (Mobula munkiana);

(vii

an diabhalroc Sileach (Mobula tarapacana);

(viii)

an diabhalroc gearreiteach (Mobula kuhlii);

(ix)

diabhalroc Atlantach (Mobula hypostoma);

(g)

an sciata Ioruach (Raja (Dipturus) nidarosiensis) in uiscí de chuid an Aontais i ranna 6a, 6b, 7a, 7b, 7c, 7e, 7f, 7g, 7h agus 7k de CITM;

(h)

an sciata bán (Raja alba) in uiscí de chuid an Aontais atá i bhfolimistéir 6–10 de CITM;

(i)

giotáréisc (Rhinobatidae) in uiscí de chuid an Aontais atá i bhfolimistéir 1–10 agus 12 de CITM;

(j)

an bráthair (Squatina squatina) in uiscí uile an Aontais;

(k)

an bradán (Salmo salar) agus an breac geal (Salmo trutta) agus iascaireacht á déanamh le haon líon tarraingthe in uiscí atá lasmuigh den teorainn 6 mhíle arna thomhas ó bhonnlínte na mBallstát i bhfolimistéir 1, 2 agus 4–10 de CITM (uiscí an Aontais);

(l)

iasc geal géarshocach (Coregonus oxyrhynchus) i roinn 4b de CITM (uiscí an Aontais);

(m)

bradán fearna Aidriadach (Acipenser naccarii) agus bradán fearna coiteann (Acipenser sturio) in uiscí an Aontais;

(n)

an phiardóg eochraí bhaineann (Palinurus spp.) agus an gliomach eochraí baineann (Homarus gammarus) sa Mheánmhuir ach amháin nuair is chun críocha athstocáil dhíreach nó trasphlandú a dhéanamh atá siad á n-úsáid;

(o)

an diúilicín clochtholltach Eorpach (Lithophaga lithophaga), cleiteog an tsíoda (Pinna nobilis) agus an phideog (Pholas dactylus) in uiscí de chuid an Aontais sa Mheánmhuir;

(p)

cuán mara spíonfhada (Centrostephanus longispinus).


IARSCRÍBHINN II

LIMISTÉIR ATÁ IATA CHUN GNÁTHÓGA ÍOGAIRE A CHOSAINT

Chun críocha Airteagal 12, tá na srianta seo a leanas infheidhme sna limistéir a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, a thomhasfar de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

CUID A

Uiscí an Iarthuaiscirt

1.

Beidh toirmeasc ar úsáid a bhaint as tráil ghrinnill nó líonta tarraingthe dá samhail, eangacha geolbhaigh ghrinneallsocraithe, líonta fostúcháin nó traimlí agus as spiléir ghrinneallsocraithe laistigh de na limistéir seo a leanas:

 

Réigiún Mullóige Belgica:

51°29.4′ T, 11°51.6′ I

51°32.4′ T, 11°41.4′ I

51°15.6′ T, 11°33.0′ I

51°13.8′ T, 11°44.4′ I

51°29.4′ T, 11°51.6′ I

 

Réigiún Mullóige Hovlund:

52°16.2′ T, 13°12.6′ I

52°24.0′ T, 12°58.2′ I

52°16.8′ T, 12°54.0′ I

52°16.8′ T, 12°29.4′ I

52°04.2′ T, 12°29.4′ I

52°04.2′ T, 12°52.8′ I

52°09.0′ T, 12°56.4′ I

52°09.0′ T, 13°10.8′ I

52°16.2′ T, 13°12.6′ I

 

Iarthuaisceart Bhanc Porcupine – Limistéar I:

53°30.6′ T, 14°32.4′ I

53°35.4′ T, 14°27.6′ I

53°40.8′ T, 14°15.6′ I

53°34.2′ T, 14°11.4′ I

53°31.8′ T, 14°14.4′ I

53°24.0′ T, 14°28.8′ I

53°30.6′ T, 14°32.4′ I

 

Iarthuaisceart Bhanc Porcupine – Limistéar II:

53°43.2′ T, 14°10.8′ I

53°51.6′ T, 13°53.4′ I

53°45.6′ T, 13°49.8′ I

53°36.6′ T, 14°07.2′ I

53°43.2′ T, 14°10.8′ I

 

Iardheisceart Bhanc Porcupine:

51°54.6′ T, 15°07.2′ I

51°54.6′ T, 14°55.2′ I

51°42.0′ T, 14°55.2′ I

51°42.0′ T, 15°10.2′ I

51°49.2′ T, 15°06.0′ I

51°54.6′ T, 15°07.2′ I

2.

Maidir leis na soithí peiligeacha uile sna limistéir a bhfuil tuairisc orthu i bpointe 1:

beidh siad ar liosta de shoithí údaraithe agus beidh údarú iascaireachta eisithe ina leith i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

ní bheidh de threalamh ar bord acu ach trealamh peiligeach;

déanfaidh siad, aon uair atá rún acu dul isteach i limistéar cosanta gnáthóg domhainfharraige leochaileach, fógra a thabhairt 4 uair an chloig roimh ré d’Ionad Monatóireachta Iascaigh na hÉireann arna shainmhíniú i bpointe 15 d’Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus, san am céanna, tabharfaidh siad fógra faoin méid éisc atá á choinneáil ar bord acu;

beidh acu córas um fhaireachán soithí atá oibríochtúil, lánfheidhmiúil, slán agus i lán-chomhréir leis na rialacha is infheidhme agus iad in aon cheann de na limistéir a thuairiscítear i bpointe 1;

úsáidfidh siad an córas um fhaireachán soithí chun tuairisc a thabhairt gach uair an chloig;

cuirfidh siad Ionad Monatóireachta Iascaigh na hÉireann ar an eolas ar imeacht dóibh as an limistéar, agus san am céanna, tabharfaidh siad fógra faoin méid éisc atá ar bord acu; agus

beidh ar bord acu tráil a bhfuil mogallmhéid a soc-fhoircinn idir 16 mm agus 79 mm.

3.

Beidh toirmeasc ar aon trál grinnill nó aon líon tarraingthe dá samhail a úsáid sna limistéir seo a leanas:

Mullóga Darwin:

59°54′ T, 6°55′ I

59°47′ T, 6°47′ I

59°37′ T, 6°47′ I

59°37′ T, 7°39′ I

59°45′ T, 7°39′ I

59°54′ T, 7°25′ I

CUID B

Uiscí an Iardheiscirt

1.   El Cachucho

1.1.

Beidh toirmeasc ar úsáid a bhaint as tráil ghrinnill, eangacha geolbhaigh ghrinneallsocraithe, líonta fostúcháin nó traimlí agus as spiléir ghrinneallsocraithe laistigh de na limistéir seo a leanas:

44°12′ T, 5°16′ I

44°12′ T, 4°26′ I

43°53′ T, 4°26′ I

43°53′ T, 5°16′ I

44°12′ T, 5°16′ I

1.2.

Soithí a rinne iascaireacht dhírithe ar cholmóirí gabhlacha móra (Phycis blennoides) le spiléir ghrinneallsocraithe in 2006, 2007 agus 2008, féadfaidh siad leanúint den iascaireacht sa limistéar atá laisteas de 44°00.00′ T ar choinníoll go bhfuil údarú iascaireachta acu a eisíodh i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

1.3.

Gach soitheach a bhfuil an t-údarú iascaireachta sin aige, beag beann ar a fhad iomlán, úsáidfidh sé córas um fhaireachán soithí atá oibríochtúil, lánfheidhmiúil, slán agus i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme agus é ag iascaireacht in aon cheann de na limistéir a thuairiscítear i bpointe 1.1.

2.   Maidéara agus na hOileáin Chanáracha

Beidh toirmeasc ar úsáid a bhaint as eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe, líonta fostúcháin agus traimlí ag doimhneacht is mó ná 200 m nó as tráil ghrinnill nó trealamh tarraingthe dá samhail laistigh de na limistéir seo a leanas:

27°00′ T, 19°00′ I

26°00′ T, 15°00′ I

29°00′ T, 13°00′ I

36°00′ T, 13°00′ I

36°00′ T, 19°00′ I

3.   Na hAsóir

Beidh toirmeasc ar úsáid a bhaint as eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe, líonta fostúcháin agus traimlí ag doimhneacht is mó ná 20 m nó as tráil ghrinnill nó trealamh tarraingthe dá samhail laistigh de na limistéir seo a leanas:

36°00′ T, 23°00′ I

39°00′ T, 23°00′ I

42°00′ T, 26°00′ I

42°00′ T, 31°00′ I

39°00′ T, 34°00′ I

36°00′ T, 34°00′ I


IARSCRÍBHINN III

LIOSTA DE SPEICIS A BHFUIL A NGABHÁIL LE SRUTHLÍON FAOI THOIRMEASC

Tuinnín colgach: Thunnus alalunga

Tuinnín gorm Atlantach: Thunnus thynnus

Tuinnín mórshúileach: Thunnus obesus

Boiníotó aigéanach: Katsuwonus pelamis

Boiníotó Atlantach: Sarda sarda

Tuinnín buí: Thunnus albacares

Tuinnín dubheite: Thunnus atlanticus

Tuinnín beag: Euthynnus spp.

Tuinnín gorm deisceartach: Thunnus maccoyii

Tuinnín frigéid: Auxis spp.

Garbhánaigh aigéanacha: Brama rayi

Mairlíní: Tetrapturus spp.; Makaira spp.

Gaithéisc: Istiophorus spp.

Colgáin: Xiphias gladius

Preabairí: Scomberesox spp.; Cololabis spp.

Doráid: Coryphaena spp.

Siorcanna: Hexanchus griseus; Cetorhinus maximus; Alopiidae; Carcharhinidae; Sphyrnidae; Isuridae; Lamnidae

Ceifileapóid: gach speiceas


IARSCRÍBHINN IV

AN MHÉID ATÁ IN ORGÁNACH MUIRÍ A THOMHAS

1.

Is faoi mar a léirítear i Léaráid 1 a dhéanfar an mhéid atá in iasc a thomhas, is é sin, ó bharr an ghoib go deireadh eite an eireabaill.

2.

Is faoi mar a léirítear i Léaráid 2 a dhéanfar an mhéid atá i ngliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) a thomhas, cibé:

fad an charapáis, i gcomhthreo leis an meánlíne, ó chúl ceachtar de na loig súile go meánphointe imeall droma aimhneasach an charapáis, nó

an fad iomlán, ó bharr an rostraim go ceann deiridh an teilsin, gan na séití a áireamh.

I gcás eireabaill scortha ghliomach na hIorua: ó imeall tosaigh na chéad deighleoige den eireaball atá ann go ceann deiridh an teilsin, gan na séití a áireamh. Déanfar an t-eireaball a thomhas agus é leata, neamhshínte agus ar an taobh dromach.

3.

Is faoi mar a léirítear i Léaráid 3 a dhéanfar an mhéid atá i ngliomach (Homarus gammarus) ón Muir Thuaidh seachas Skagerrak nó Kattegat a thomhas, is é sin fad an charapáis, i gcomhthreo leis an meánlíne, ó chúl ceachtar de na loig súile go himeall aimhneasach an charapáis.

4.

Is faoi mar a léirítear i Léaráid 3 a dhéanfar an mhéid atá i ngliomach (Homarus gammarus) ó Skagerrak nó Kattegat a thomhas:

fad an charapáis, i gcomhthreo leis an meánlíne, ó chúl ceachtar de na loig súile go meánphointe imeall droma aimhneasach an charapáis, nó

an fad iomlán, ó bharr an rostraim go ceann deiridh an teilsin, gan na séití a áireamh.

5.

Is faoi mar a léirítear i Léaráid 4 a dhéanfar an mhéid atá i bpiardóg (Palinurus spp.) a thomhas, is é sin fad an charapáis, i gcomhthreo leis an meánlíne, ó bharr an rostraim go meánphointe imeall droma aimhneasach an charapáis.

6.

Is faoi mar a léirítear i Léaráid 5 a dhéanfar méid aon mhoilisc dhébhlaoscaigh a thomhas, is é sin fad an chuid is faide den bhlaosc.

7.

Is faoi mar a léirítear i Léaráid 6 a dhéanfar an mhéid atá i bportán faoilinne spíonach (Maia squinado) a thomhas, is é sin fad an charapáis, feadh na meánlíne, ó imeall an charapáis idir na rostraim go himeall deiridh an charapáis.

8.

Is faoi mar a léirítear i Léaráid 7 a dhéanfar an mhéid atá i bportán dearg (Cancer pagurus) a thomhas, is é sin leithead uasta an charapáis arna thomhas go hingearach le meánlíne tosaigh-deiridh an charapáis.

9.

Is faoi mar a léirítear i Léaráid 8 a dhéanfar an mhéid atá i gcuachma (Buccinum spp.) a thomhas, is é sin fad na blaoisce.

10.

Is faoi mar a léirítear i Léaráid 9 a dhéanfar an mhéid atá i gcolgán (Xiphias gladius) a thomhas, is é sin fad ghabhal an ghialla íochtair (LJFL).

Léaráid 1: Speiceas éisc

Image 1

Léaráid 2: Gliomach na hIorua

(Nephrops norvegicus)

Image 2

Léaráid 3: Gliomach

(Homarus gammarus)

Image 3

Léaráid 4: Piardóg

(Palinurus spp.)

Image 4

Léaráid 5: Moileasc débhlaosach

Image 5

Léaráid 6: Portán faoilinne spíonach

(Maia squinado)

Image 6

Léaráid 7: Portán dearg

(Cancer pagurus)

Image 7

Léaráid 8: Cuachma

(Buccinum spp.)

Image 8

Léaráid 9: Colgán

(Xiphias gladius)

Image 9

IARSCRÍBHINN V

AN MHUIR THUAIDH (1)

CUID A

Íosmhéideanna tagartha caomhnaithe

Speiceas

An Mhuir Thuaidh

Trosc (Gadus morhua)

35 cm

Cadóg (Melanogrammus aeglefinus)

30 cm

Glasán (Pollachius virens)

35 cm

Mangach (Pollachius pollachius)

30 cm

Colmóir (Merluccius merluccius)

27 cm

Scoilteán (Lepidorhombus spp.)

20 cm

Sól (Solea spp.)

24 cm

Leathóg bhallach (Pleuronectes platessa)

27 cm

Faoitín (Merlangius merlangus)

27 cm

Langa (Molva molva)

63 cm

Langa gorm (Molva dypterygia)

70 cm

Gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus)

Fad iomlán 85 mm, Fad an charapáis 25 mm Eireabaill Ghliomach na hIorua 46 mm

Ronnach (Scomber spp.)

30 cm (5)

Scadán (Clupea harengus)

20 cm (5)

Bolmán (Trachurus spp.)

15 cm (5)

Ainseabhaí (Engraulis encrasicolus)

12 cm nó 90 aonán in aghaidh an kg (5)

Doingean mara Eorpach (Dicentrarchus labrax)

42 cm

Sairdín (Sardina pilchardus)

11 cm (5)

Gliomach (Homarus gammarus)

87 mm (fad an charapáis)

Portán faoilinne spíonach (Maia squinado)

120 mm

Cluaisín (Chlamys spp.)

40 mm

Breallach croise eitreach (Ruditapes decussatus)

40 mm

Breallach croise eireogach (Venerupis pullastra)

38 mm

Breallach féithghearr (Venerupis philippinarum)

35 mm

Breallach (Venus verrucosa)

40 mm

Breallach crua (Callista chione)

6 cm

Scian mhara (Ensis spp.)

10 cm

Breallach toinne (Spisula solida)

25 mm

Breallach Donax (Donax spp.)

25 mm

Scianbhreallach pónaire (Pharus legumen)

65 mm

Cuachma (Buccinum undatum)

45 mm

Ochtapas (Octopus vulgaris)

750 g

Piardóg (Palinurus spp.)

95 mm (fad an charapáis)

Rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris)

22 mm (fad an charapáis)

Portán dearg (Cancer pagurus)

140 mm (2)  (3)  (4)

Muirín mór (Pecten maximus)

100 mm

Trosc (Gadus morhua)

30 cm

Cadóg (Melanogrammus aeglefinus)

27 cm

Glasán (Pollachius virens)

30 cm

Mangach (Pollachius pollachius)

Colmóir (Merluccius merluccius)

30 cm

Scoilteán (Lepidorhombus spp.)

25 cm

Sól (Solea spp.)

24 cm

Leathóg bhallach (Pleuronectes platessa)

27 cm

Faoitín (Merlangius merlangus)

23 cm

Langa (Molva molva)

Langa gorm (Molva dipterygia)

Gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus)

Fad iomlán 105 mm

Eireabaill ghliomach na hIorua 59 mm

Fad an charapáis 32 mm

Ronnach (Scomber spp.)

20 cm (5)

Scadán (Clupea harengus)

18 cm (5)

Bolmán (Trachurus spp.)

15 cm (5)

Gliomach (Homarus Gammarus)

Fad iomlán 220 mm

Fad an charapáis 78 mm

CUID B

Mogallmhéideanna

1.   Mogallmhéideanna íosta do threalamh tarraingthe

1.1.

Gan dochar don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, úsáidfidh soithí mogallmhéid 120 mm ar a laghad nó 90 mm ar a laghad in Skagerrak agus Kattegat (6).

1.2.

Gan dochar don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, agus d’ainneoin phointe 1.1, féadfaidh soithí mogallmhéideanna níos lú a úsáid mar a liostaítear sa tábla a leanas don Mhuir Thuaidh, Skagerrak/agus Kattegat ar na coinníollacha seo a leanas:

(i)

comhlíonfar na coinníollacha gaolmhara a leagtar amach sa tábla sin, agus ní sháróidh foghabhálacha trosc, cadóg agus glasán 20 %, de réir beomheáchain, den ghabháil iomlán de na hacmhainní bitheolaíocha muirí uile a thabharfar i dtír tar éis gach turas iascaireachta; nó

(ii)

úsáidfear modhnuithe roghnaíochta a bhfuil measúnú déanta orthu ag CETEI arna iarraidh sin ag Ballstát amháin nó níos mó agus a bheidh formheasta ag an gCoimisiún. De thoradh na modhnuithe roghnaíochta sin beidh na saintréithe roghnaíochta céanna nó níos fearr ann do throsc, cadóg agus glasán is atá do mhogallmhéid 120 mm.

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

100 mm ar a laghad (7)

An Mhuir Thuaidh laisteas de 57°30′ T

Iascaireacht dhírithe leathóg ballach agus sól le tráil dobharchú, le tráil bhíoma agus le saighní. Beidh painéal de mhogall cearnógach 90 mm ar a laghad feistithe.

80 mm ar a laghad (7)

Ranna 4b agus 4c de CITM

Iascaireacht dhírithe sól le tráil bhíoma. Beidh painéal, arb é 180 mm ar a laghad a mhogallmhéid, feistithe ar an leath uachtarach den chuid tosaigh den líon.

Iascaireacht dhírithe faoitíní, ronnach agus speiceas nach bhfuil faoi réir teorainneacha gabhála le tráil ghrinnill. Beidh painéal de mhogall cearnógach 80 mm ar a laghad feistithe.

80 mm ar a laghad

An Mhuir Thuaidh

Iascaireacht dhírithe ghliomach na hIorua (Nephrops norvegicus). Beidh painéal de mhogall cearnógach 120 mm ar a laghad feistithe nó greille shórtála nach mó ná 35 mm an spás idir a barraí nó gaireas roghnaíochta coibhéiseach.

Iascaireacht dhírithe speiceas nach bhfuil faoi réir teorainneacha gabhála agus nach gcumhdaítear in aon áit eile sa tábla. Beidh painéal de mhogall cearnógach 80 mm ar a laghad feistithe.

Iascaireacht dhírithe sciataí agus roc.

80 mm ar a laghad

Roinn 4c de CITM

Iascaireacht dhírithe sól le tráil dobarchú. Beidh painéal de mhogall cearnógach 80 mm ar a laghad feistithe.

70 mm ar a laghad (mogall cearnógach) nó 90 mm ar a laghad (mogall muileatach)

Skagerrak agus Kattegat

Iascaireacht dhírithe ghliomach na hIorua (Nephrops norvegicus). Beidh greille shórtála a bhfuil spás 35 mm ar a mhéad idir a barraí nó gaireas roghnaíochta coibhéiseach feistithe.

40 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe scuideanna (Loliginidae, Ommastrephidae).

35 mm ar a laghad

Skagerrak agus Kattegat

Iascaireacht dhírithe séaclaí Artacha (Pandalus borealis). Beidh greille shórtála a bhfuil spás 19 mm ar a mhéad idir a barraí nó gaireas roghnaíochta coibhéiseach feistithe.

32 mm ar a laghad

An limistéar ar fad seachas Skagerrak agus Kattegat

Iascaireacht dhírithe séaclaí Artacha (Pandalus borealis). Beidh greille shórtála a bhfuil spás 19 mm ar a mhéad idir a barraí nó gaireas roghnaíochta coibhéiseach feistithe.

16 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe speiceas beag peiligeach nach gcumhdaítear in aon áit eile sa tábla.

Iascaireacht dhírithe trosc Ioruach. In iascach an troisc Ioruaigh, beidh greille shórtála a bhfuil spás 35 mm ar a mhéad idir a barraí feistithe.

Iascaireacht dhírithe séaclaí coiteanna agus séaclaí Aesop. Caithfear trál deighilteora nó greille shórtála a fheistiú i gcomhréir le rialacha a bhunaítear go náisiúnta nó réigiúnach.

Níos lú ná 16 mm

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe corr gainimh.

2.   Mogallmhéideanna íosta líonta éighníomhacha agus sruthlíonta

2.1.

Gan dochar don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, úsáidfidh soithí mogallmhéid 120 mm ar a laghad.

2.2.

Gan dochar don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, agus d’ainneoin phointe 2.1, féadfaidh soithí mogallmhéideanna níos lú a úsáid mar a liostaítear iad sa tábla seo a leanas don Mhuir Thuaidh, Skagerrak agus Kattegat ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha gaolmhara a leagtar amach sa tábla sin agus nach sáróidh foghabhálacha trosc, cadóg agus glasán 20 %, de réir beomheáchain, de ghabháil iomlán na n-acmhainní bitheolaíocha muirí go léir a thabharfar i dtír tar éis gach turais iascaireachta.

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

100 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe cadóg, faoitíní, dabaí agus dord

90 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe leathóg nó speiceas nach bhfuil faoi réir teorainneacha gabhála agus nach gcumhdaítear in aon áit eile sa tábla

50 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe speiceas beag peiligeach nach gcumhdaítear in aon áit eile sa tábla

CUID C

Limistéir atá iata nó srianta

1.   Limistéar a iamh i ranna 4a agus 4b de CITM chun corra gainimh a chosaint

1.1.

Beidh toirmeasc ar chorra gainimh a iascach le haon trealamh tarraingthe ar lú ná 32 mm mogallmhéid a shoc-fhoircinn laistigh den limistéar geografach a bhfuil cósta thoir Shasana agus na hAlban mar theorainn aige, agus a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, arna dtomhas de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

cósta thoir Shasana ag domhanleithead 55°30′ T

55°30′ T, 01°00′ I

58°00′ T, 01°00′ I

58°00′ T, 02°00′ I

cósta thoir na hAlban ag domhanfhad 02°00′ I.

1.2.

Ceadófar iascaigh chun críche taighde eolaíoch, chun faireachán a dhéanamh ar an stoc de chorra gainimh sa limistéar agus ar thionchar an iaimh.

2.   Limistéar a iamh chun leathóga óga i bhfolimistéar 4 de CITM a chosaint

2.1.

Beidh toirmeasc ar shoithí is faide ná 8 m san iomlán aon trál grinnill, trál bíoma, saighean Dhanmhargach nó trealamh tarraingthe dá samhail a úsáid laistigh de na limistéir gheografacha a iniatear trí na comhordanáidí seo a leanas, arna dtomhas de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

(a)

an limistéar atá laistigh de 12 mhuirmhíle ó chóstaí na Fraince, lastuaidh de dhomhainleithead 51°00′ T, na Beilge, agus na hÍsiltíre suas go 53°00′ T, arna thomhas ó na bonnlínte;

(b)

an limistéar atá iniata ag líne atá ag ceangal na gcomhordanáidí seo a leanas le chéile:

pointe ar chósta thiar na Danmhairge ag domhanleithead 57°00′ T,

57°00′ T, 7°15′ O

55°00′ T, 7°15′ O

55°00′ T, 7°00′ O

54°30′ T, 7°00′ O

54°30′ T, 7°30′ O

54°00′ T, 7°30′ O

54°00′ T, 6°00′ O

53°50′ T, 6°00′ O

53°50′ T, 5°00′ O

53°30′ T, 5°00′ O

53°00′ T, 4°15′ O

53°00′ T, 4°15′ O

pointe ar chósta thiar na hÍsiltíre ag domhanleithead 53°00′ T

an limistéar atá laistigh de 12 mhuirmhíle ó chósta thiar na Danmhairge ó 57°00′ T ó thuaidh go teach solais Hirtshals, arna thomhas ó na bonnlínte.

2.2.

Ceadaítear do na soithí seo a leanas a bheith ag iascaireacht sa limistéar dá dtagraítear i bpointe 2.1:

(a)

soithí nach mó ná 221 kW a gcumhacht innill agus tráil ghrinnill nó saighní Danmhargacha á n-úsáid acu;

(b)

soithí péireáilte nach mó a gcumhacht innill in éineacht ná 221 kW am ar bith agus tráil ghrinnill dhá bhád á n-úsáid acu;

(c)

soithí ar mó ná 221 kW a gcumhacht innill, ceadófar dóibh tráil ghrinnill nó saighní Danmhargacha a úsáid, agus soithí péireáilte ar mó a gcumhacht innill in éineacht ná 221 kW, ceadófar dóibh tráil ghrinnill dhá bhád a úsáid ar choinníoll nach ndéanann siad iascaireacht dhírithe leathóg agus sól agus go gcomhlíonfaidh siad na rialacha ábhartha maidir le mogallmhéid atá i gCuid B den Iarscríbhinn seo.

2.3.

Nuair a úsáideann soithí dá dtagraítear i bpointe 2.2(a) tráil bhíoma, ní bheidh fad an bhíoma, ná fad iomlán aon tráil, is é sin suim fhad na mbíomaí go léir, níos mó ná 9 méadar, nó ní fhéadfar é a shíneadh thar 9 m, ach amháin nuair a oibríonn siad le trealamh a bhfuil a mhogallmhéid idir 16 agus 31 mm. Soithí iascaireachta arb í an iascaireacht séaclaí coiteanna (Crangon crangon) a bpríomhghníomhaíocht, ceadófar dóibh tráil bhíoma a úsáid ar mó ná 9 m fad iomlán a mbíomaí, is é sin suim fhad na mbíomaí go léir, nuair a oibríonn siad le trealamh a bhfuil a mhogallmhéid idir 80 mm agus 99 mm, ar choinníoll gur eisíodh údarú breise iascaireachta do na soithí sin.

2.4.

Soithí dá gceadaítear iascach sa limistéar dá dtagraítear i bpointe 2.1, áireofar ar liosta iad a sholáthróidh gach Ballstát don Choimisiún. Ní sháróidh cumhacht innill iomlán na soithí dá dtagraítear i bpointe 2.2(a) ar an liosta an chumhacht innill iomlán a bhí á fianú i gcás gach Ballstáit ar an 1 Eanáir 1998. Beidh údarú iascaireachta ag na soithí ceadaithe iascaireachta, arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

3.   Srianta ar úsáid trál bíoma laistigh de 12 mhuirmhíle ó chósta na Ríochta Aontaithe

3.1.

Beidh toirmeasc ar shoithí aon trál bíoma a úsáid laistigh de 12 mhuirmhíle ó chósta na Ríochta Aontaithe, arna dtomhas ó bhonnlínte na n-uiscí críochacha.

3.2.

De mhaolú ar phointe 3.1, ceadófar iascaireacht a dhéanamh le tráil bhíoma laistigh den limistéar sonraithe ar choinníoll:

nach mó ná 221 kW cumhacht innill na soithí agus nach mó ná 24 m an fad iomlán; agus

nach bhfuil fad an bhíoma, nó fad iomlán an bhíoma, is é sin suim fhad na mbíomaí go léir, níos mó ná 9 m, nó nach féidir é a shíneadh thar 9 m, ach amháin nuair atá iascaireacht dhírithe séaclaí coiteanna (Crangon crangon) á déanamh agus mogallmhéid níos lú ná 31 mm á húsáid.

4.   Srianta ar iascaireacht salán, chun scadáin a chosaint i roinn 4b de CITM

Beidh toirmeasc ar iascaireacht a dhéanamh le haon trealamh tarraingthe a bhfuil mogallmhéid a shoc-fhoircinn níos lú ná 32 mm nó le líonta éighníomhacha ar lú ná 30 mm a mogallmhéid laistigh de na limistéir gheografacha a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, arna dtomhas de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte, le linn na dtréimhsí seo a leanas:

ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta, agus ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig, laistigh den limistéar staidrimh CITM 39E8. Chun críocha an Rialacháin seo, is éard a bheidh sa limistéar CITM sin an limistéar atá iniata ag líne atá ag dul soir díreach ó chósta thoir na Ríochta Aontaithe feadh dhomhanleithead 55°00′ T go dtí pointe atá ag domhanfhad 1°00′ I, agus uaidh sin ó thuaidh díreach go pointe atá ag domhanleithead 55°30′ T agus uaidh sin siar díreach go dtí cósta na Ríochta Aontaithe;

ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta agus ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig, laistigh d’uiscí inmheánacha Linne Mhoireibh, siar ó dhomhanfhad 3°30′ I, agus in uiscí inmheánacha Linne Foirthe siar ó dhomhanleithead 3°00′ I,

ón 1 Iúil go dtí an 31 Meán Fómhair, laistigh den limistéar geografach atá iniata ag na comhordanáidí seo a leanas:

cósta thiar na Danmhairge ag domhanleithead 55°30′ T

domhanleithead 55°30′ T, domhanfhad 7°00′ O

domhanleithead 57°00′ T, domhanfhad 7°00′ O

cósta thiar na Danmhairge ag domhanleithead 57°00′ T

5.   Forálacha sonracha maidir le Skagerrak/Kattegat i roinn 3a de CITM

5.1.

Beidh toirmeasc ar iascaireacht a dhéanamh le tráil bhíoma in Kattegat.

5.2.

Beidh toirmeasc ar shoithí an Aontais bradáin agus breaca geala a iascach, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a stóráil, a dhíol agus a thaispeáint nó a thairiscint lena ndíol.

5.3.

Ón 1 Iúil go dtí an 15 Meán Fómhair beidh toirmeasc ar threalamh tarraingthe a bhfuil mogallmhéid a shoc-fhoircinn níos lú ná 32 mm a úsáid sna huiscí atá laistigh de thrí mhuirmhíle ó na bonnlínte in Skagerrak/Kattegat ach amháin má tá iascaireacht dhírithe séaclaí Artacha (Pandalus borealis) á déanamh acu. D’iascaireacht dhírithe puteascann (Zoarces viviparus), mac siobháin (Gobiidae) nó scairpiasc (Cottus spp.) agus é beartaithe na speicis sin a úsáid mar bhaoite, is féidir líonta d’aon mhogallmhéid ar bith a úsáid.

6.   Úsáid líonta éighníomhacha i ranna 3a agus 4a de CITM

6.1.

I gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 9(7) agus de mhaolú ar Chuid B, Pointe 2 den Iarscríbhinn seo, ceadófar na cineálacha trealaimh seo a leanas a úsáid in uiscí ar lú ná 600 m a ndoimhneacht cairte:

Eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe atá á n-úsáid le haghaidh iascaireacht dhírithe colmóirí, a bhfuil mogallmhéid 100 mm ar a laghad acu agus nach bhfuil níos mó ná 100 mogall ar doimhneacht, i gcás nach bhfuil fad iomlán na líonta go léir atá á n-úsáid níos mó ná 25 km in aghaidh an tsoithigh agus gurb é 24 uair an chloig an maotham uasta;

Líonta fostúcháin atá á n-úsáid le haghaidh iascaireacht dhírithe láimhíneach, ar líonta iad a bhfuil mogallmhéid 250 mm acu ar a laghad agus nach bhfuil níos mó ná 15 mhogall ar doimhneacht, i gcás nach bhfuil fad iomlán na líonta go léir atá á n-úsáid níos mó ná 100 km agus gurb é 72 uair an chloig an maotham uasta.

6.2.

Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe na siorcanna domhainfharraige a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/2336 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) i ndoimhneachtaí cairte is lú ná 600 m. Nuair a ghabhtar siorcanna domhainfharraige de thaisme, ar siorcanna iad a aicmítear, sa Rialachán seo agus i reachtaíocht eile de chuid an Aontais, mar éisc a bhfuil toirmeasc orthu, déanfar iad a thaifeadadh, gan iad a ghortú a mhéid is féidir, agus déanfar iad a scaoileadh gan mhoill. Siorcanna domhainfharraige atá faoi réir teorainneacha gabhála, coinneofar ar bord iad. Tabharfar aon ghabháil den saghas sin i dtír agus áireofar mar chuid de na cuótaí í. I gcásanna nach bhfuil cuóta ar fáil nó nach bhfuil cuóta leordhóthanach ar fáil don Bhallstát lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún na forálacha a leagtar síos in Airteagal 105(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle a úsáid. I gcás ina bhfuil na gabhálacha de thaisme de shiorcanna domhainfharraige ag soithí aon Bhallstáit os cionn 10 dtona, ní fhéadfaidh na soithí sin leanúint de bheith ag baint leas as na maoluithe a leagtar amach i bpointe 6.1.

CUID D

Úsáid bíogthrál leictreach i ranna 4b agus 4c de CITM

1.

Beidh toirmeasc ar iascaireacht a dhéanamh le bíogthrál leictreach in uiscí uile an Aontais amhail ón 1 Iúil 2021.

2.

Le linn na hidirthréimhse dar críoch an 30 Meitheamh 2021, leanfar d’iascaireacht le bíogthrál leictreach a cheadú i ranna 4b agus 4c de CITM faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Chuid seo agus aon choinníollacha a shainítear i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 24(1) den Rialachán seo, maidir le saintréithe na bíge a úsáidtear agus na bearta rialaithe faireacháin atá ar bun laisteas de rumlíne a iniatar trí na pointí seo a leanas, arna dtomhas de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile le rumlíne:

pointe ar chósta thoir na Ríochta Aontaithe ag domhanleithead 55°T

soir go domhanleithead 55°T, domhanfhad 5° O

ó thuaidh go domhanfhad 56°T

soir go pointe ar chósta thiar na Danmhairge ag domhanleithead 56°T

Beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní bheidh níos mó ná 5 % den chabhlach trálaer bíoma in aghaidh an Bhallstáit ag baint úsáid as an mbíogthrál leictreach;

(b)

ní mó ná fad an bhíoma i méadair méadaithe faoi 1,25 an uaschumhacht leictreach in aonad kW do gach trál bíoma;

(c)

ní mó ná 15V an voltas éifeachtach idir na leictreoidí;

(d)

beidh an soitheach feistithe le córas uathoibríoch bainistíochta ríomhaireachta a dhéanann taifead ar an uaschumhacht atá á húsáid in aghaidh an bhíoma agus ar an voltas éifeachtach idir leictreoidí don 100 tarraingt dheireanach ar a laghad. Ní fhéadfaidh pearsanra neamhúdaraithe an córas uathoibríoch bainistíochta ríomhaireachta seo a mhodhnú;

(e)

beidh toirmeasc ar shlabhra suaite amháin nó níos mó a úsáid os comhair an téada grinnill.

3.

Ní dheonófar ceadúnais nua do shoitheach ar bith le linn na tréimhse seo.

4.

Go dtí an 30 Meitheamh 2021, sna huiscí suas le 12 mhuirmhíle ó na bonnlínte atá faoina gceannasacht nó faoina ndlínse, féadfaidh na Ballstáit bearta neamh-idirdhealaitheacha a ghlacadh chun srian nó toirmeasc a chur ar úsáid bíogthráil leictrigh. Cuirfidh na Ballstáit na bearta a chuirfear i bhfeidhm faoin bpointe seo in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit lena mbaineann.

5.

Má iarrann an Ballstát cósta nó an Ballstát brataí é, tabharfaidh an máistir soithigh atá ag baint úsáid as bíogthrál leictreach, i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2017/1004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), breathnadóir de chuid an Bhallstáit cósta ar bord le linn na n-oibríochtaí iascaireachta.

(1)  Chun críocha na hIarscríbhinne seo:

Léirítear teorainn thuaidh Kattegat le líne ó Theach Solais Skagen go dtí an teach solais in Tistlarna, agus as sin go dtí an pointe is gaire ar chósta na Sualainne, agus léirítear an teorainn theas le líne ó Cheann Hasenøre go Rinn Gniben, ó Korshage go Spodsbjerg, agus ó Cheann Gilbjerg go dtí Kullen.

Léirítear teorainn thiar Skagerrak le líne ó theach solais Hanstholm go dtí teach solais Lindesnes, agus léirítear an teorainn theas le líne ó Theach Solais Skagen aníos go dtí teach solais Tistlarna, agus as sin go dtí an pointe is gaire ar chósta na Sualainne,

Cuimsítear sa Mhuir Thuaidh folimistéar 4 de CITM, an chuid chóngarach de Roinn 2a de CITM atá suite ó dheas de dhomhanfhaid 64°T, agus an chuid sin de Roinn 3a de CITM nach gcumhdaítear leis an sainmhíniú ar Skagerrak atá sa dara fleasc.

(2)  In uiscí de chuid an Aontais i roinn 4a de CITM. I Ranna 4b agus 4c de CITM, beidh feidhm ag íosmhéid tagartha caomhnaithe 130 mm.

(3)  Beidh feidhm ag íosmhéid tagartha caomhnaithe 115 mm sa limistéar i ranna 4b agus 4c de CITM atá iniata acu seo: pointe atá ag 53°28′22″ T, 0°09′24″ O, ar chósta Shasana, líne dhíreach agus í ag nascadh an phointe sin le 53°28′22″ T, 0°22′24″ O, teorainn 6 mhíle na Ríochta Aontaithe, agus líne dhíreach agus í ag nascadh pointe ag 51°54′06″ T, 1°30′30″ O le pointe ar chósta Shasana ag 51°55′48″ T, 1°17′00″ O.

(4)  I gcás portáin dhearga arna ngabháil i bpota nó i gcléibh, is féidir crúba scortha a bheith in 1 % ar a mhéad, de réir meáchain, den ghabháil iomlán. I gcás portáin dhearga arna ngabháil le haon saghas eile trealaimh iascaireachta, ní féidir níos mó ná 75 kg de chrúba portáin scortha a thabhairt i dtír.

(5)  De mhaolú ar Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní bheidh feidhm ag íosmhéideanna tagartha caomhnaithe na sairdíní, na n-ainseabhaithe, na scadán, na mbolmán agus na ronnach suas go teorainn 10 %, de réir beomheáchain, de na gabhálacha iomlána de na speicis sin arna gcoinneáil ar bord.

Ríomhfar céatadán na sairdíní, na n-ainseabhaithe, na scadán, na mbolmán nó na ronnach faoi bhun íosmhéid tagartha caomhnaithe mar chion de bheomheáchan na n-orgánach muirí uile ar bord tar éis iad a shórtáil nó a thabhairt i dtír.

Féadfar an céatadán a ríomh ar bhonn sampla ionadaíoch amháin nó níos mó. Ní shárófar an teorainn 10 % agus trasloingsiú, tabhairt i dtír, iompar, stóráil, taispeáint nó díolachán á dhéanamh nó á déanamh.

(6)  I bhforanna Skagerrak agus Kattegat, beidh barrphainéal mogaill mhuileataigh a bhfuil mogallmhéid 270 mm ar a laghad ann nó barrphainéal mogaill chearnógaigh a bhfuil mogallmhéid 140 mm ar a laghad ann feistithe. I bhforoinn Kattegat, féadfar painéal de mhogall cearnógach 120 mm ar a laghad a fheistú (ar thráil sa tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig, agus ar shaighní ón 1 Lúnasa go dtí an 31 Deireadh Fómhair).

(7)  Beidh toirmeasc ar shoithí aon trál bíoma a úsáid a bhfuil a mhogallmhéid idir 32 mm agus 99 mm lastuaidh de líne atá ceangailte ag na pointí seo a leanas: ag pointe ar chósta thoir na Ríochta Aontaithe ag domhanleithead 55° T, soir ansin go domhanleithead 55°, domhanfhad 5° O, ó thuaidh ansin go domhanleithead 56° T agus soir go pointe ar chósta thiar na Danmhairge ag domhanleithead 56° T. Tá toirmeasc ar aon trál bíoma a úsáid a bhfuil a mhogallmhéid idir 32 mm agus 119 mm laistigh de roinn 2a de CITM agus an chuid sin de fholimistéar 4 de CITM atá lastuaidh de 56° 00′ T.

(8)  Rialachán (AE) 2016/2336 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 lena mbunaítear coinníollacha sonracha maidir le stoic dhomhainfharraige a iascach san Atlantach Thoir Thuaidh agus forálacha maidir le hiascaireacht i bhfarraigí idirnáisiúnta an Atlantaigh Thoir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002 ón gComhairle (IO L 354, 23.12.2016, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2017/1004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le creat Aontais a bhunú maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíochta a mhéid a bhaineann leis an gComhbheartas Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle (IO L 157, 20.6.2017, lch. 1).


IARSCRÍBHINN VI

UISCÍ AN IARTHUAISCIRT

CUID A

Íosmhéideanna tagartha caomhnaithe

Speiceas

An limistéar ar fad

Trosc (Gadus morhua)

35 cm

Cadóg (Melanogrammus aeglefinus)

30 cm

Glasán (Pollachius virens)

35 cm

Mangach (Pollachius pollachius)

30 cm

Colmóir (Merluccius merluccius)

27 cm

Scoilteán (Lepidorhombus spp.)

20 cm

Sól (Solea spp.)

24 cm

Leathóg bhallach (Pleuronectes platessa)

27 cm

Faoitín (Merlangius merlangus)

27 cm

Langa (Molva molva)

63 cm

Langa gorm (Molva dypterygia)

70 cm

Gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) Eireabaill ghliomach na hIorua

Fad iomlán 85 mm, Fad an charapáis 25 mm (1) 46 mm (2)

Ronnach (Scomber spp.)

20 cm (6)

Scadán (Clupea harengus)

20 cm (6)

Bolmán (Trachurus spp.)

15 cm (6)

Ainseabhaí (Engraulis encrasicolus)

12 cm nó 90 aonán in aghaidh an kg (6)

Doingean mara Eorpach (Dicentrarchus labrax)

42 cm

Sairdín (Sardina pilchardus)

11 cm (6)

Deargán (Pagellus bogaraveo)

33 cm

Gliomach (Hommarus gammarus)

87 mm

Portán faoilinne spíonach (Maia squinado)

120 mm

Cluaisín (Chlamys spp.)

40 mm

Breallach croise eitreach (Ruditapes decussatus)

40 mm

Breallach croise eireogach (Venerupis pullastra)

38 mm

Breallach féithghearr (Venerupis philippinarum)

35 mm

Breallach (Venus verrucosa)

40 mm

Breallach crua (Callista chione)

6 cm

Scian mhara (Ensis spp.)

10 cm

Breallach toinne (Spisula solida)

25 mm

Breallach Donax (Donax spp.)

25 mm

Scianbhreallach pónaire (Pharus legumen)

65 mm

Cuachma (Buccinum undatum)

45 mm

Ochtapas (Octopus vulgaris))

750 g

Piardóg (Palinurus spp.)

95 mm

Rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris)

22 mm (fad an charapáis)

Portán dearg (Cancer pagurus)

140 cm (3)  (4)

Muirín mór (Pecten maximus)

100 mm (5)

Ríomhfar céatadán na sairdíní, na n-ainseabhaithe, na scadán, na mbolmán nó na ronnach faoi bhun íosmhéid tagartha caomhnaithe mar chion de bheomheáchan na n-orgánach muirí uile atá ar bord tar éis iad a shórtáil nó a thabhairt i dtír.

Féadfar an céatadán a ríomh ar bhonn sampla ionadaíoch amháin nó níos mó. Ní shárófar an teorainn 10 % agus trasloingsiú, tabhairt i dtír, iompar, stóráil, taispeáint nó díolachán á dhéanamh nó á déanamh.

CUID B

Mogallmhéideanna

1.   Mogallmhéideanna íosta do threalamh tarraingthe

1.1.

Gan dochar don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, úsáidfidh soithí mogallmhéid 120 mm (7) ar a laghad, nó 100 mm ar a laghad i bhfolimistéar 7b-7k de CITM.

1.2.

Gan dochar don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, agus d’ainneoin phointe 1.1, féadfaidh soithí mogallmhéideanna níos lú a úsáid mar a liostaítear iad sa tábla a leanas d’uiscí an Iarthuaiscirt ar na coinníollacha seo a leanas:

(i)

comhlíonfar na coinníollacha gaolmhara a leagtar amach sa tábla sin, agus ní sháróidh foghabhálacha trosc, cadóg agus glasán 20 %, de réir beomheáchain, den ghabháil iomlán de na hacmhainní bitheolaíocha muirí uile a thabharfar i dtír tar éis gach turais iascaireachta; nó

(ii)

úsáidfear modhnuithe roghnaíochta a bhfuil measúnú déanta orthu ag CETEI arna iarraidh sin ag Ballstát amháin nó níos mó agus a bheidh formheasta ag an gCoimisiún. De thoradh na modhnuithe roghnaíochta sin, beidh na saintréithe roghnaíochta céanna nó níos fearr ann do throsc, cadóg agus glasán agus atá do mhogallmhéid 120 mm nó 100 mm i bhfolimistéar 7b-7k de CITM, faoi seach.

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

80 mm (8) ar a laghad

Folimistéar 7 de CITM

Iascaireacht dhírithe colmóirí, scoilteán agus láimhíneach, nó iascaireacht dhírithe faoitíní, ronnach agus speiceas nach bhfuil faoi réir teorainneacha gabhála agus nach gcumhdaítear áit eile sa tábla, ag baint úsáid as tráil ghrinnill. Beidh painéal de mhogall cearnógach 120 mm ar a laghad feistithe (11)  (14).

Iascaireacht dhírithe sól agus speiceas nach gcumhdaítear faoi theorainneacha gabhála le tráil dobarchú. Beidh painéal de mhogall cearnógach 80 mm ar a laghad feistithe (11).

80 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe ghliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) (10). Beidh painéal de mhogall cearnógach 120 mm ar a laghad nó greille shórtála nach mó ná 35 mm an spás idir a barraí nó gaireas roghnaíochta coibhéiseach feistithe.

80 mm ar a laghad

Ranna 7a, 7b, 7d, 7e, 7f, 7g, 7h agus 7j de CITM

Iascaireacht dhírithe sól le tráil bhíoma. Beidh painéal, arb é 180 mm (13) ar a laghad a mhogallmhéid, feistithe ar an leath uachtarach den chuid tosaigh den líon.

80 mm ar a laghad

Ranna 7d agus 7e de CITM

Iascaireacht dhírithe faoitíní, ronnach agus speiceas nach bhfuil faoi réir teorainneacha gabhála agus nach gcumhdaítear áit eile sa tábla, ag baint úsáid as tráil ghrinnill.

40 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe scuideanna (Lolignidae, Ommastrephidae)

16 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe speiceas beag peiligeach nach gcumhdaítear in aon áit eile sa tábla.

Iascaireacht dhírithe séaclaí coiteanna agus séaclaí Aesop. Caithfear trál deighilteora nó greille shórtála a fheistiú i gcomhréir le rialacha a bhunaítear go náisiúnta

Níos lú ná 16 mm

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe corr gainimh

2.   Mogallmhéideanna íosta líonta éighníomhacha agus sruthlíonta

2.1.

Gan dochar don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, úsáidfidh soithí mogallmhéid 120 mm (15) ar a laghad.

2.2.

Gan dochar don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, agus d’ainneoin phointe 2.1, féadfaidh soithí mogallmhéideanna níos lú a úsáid mar a liostaítear iad sa tábla seo a leanas d’uiscí an Iarthuaiscirt ar choinníoll go gcomlíonfar na coinníollacha gaolmhara a leagtar amach sa tábla sin agus nach sáróidh foghabhálacha trosc, cadóg agus glasán 20 %, de réir beomheáchain, de ghabháil iomlán na n-acmhainní bitheolaíocha muirí go léir a thabharfar i dtír tar éis gach turais iascaireachta.

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

100 mm (16) ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe leathóg nó speiceas nach bhfuil faoi réir teorainneacha gabhála agus nach gcumhdaítear in aon áit eile sa tábla

Iascaireacht dhírithe faoitíní, dabaí agus dord

50 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe speiceas beag peiligeach nach gcumhdaítear in aon áit eile sa tábla

Iascaireacht dhírithe milléad dearg

3.

Ní dochar an Chuid seo do Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/2034 ón gCoimisiún (17), le haghaidh na n-iascach atá cumhdaithe leis an Rialachán Tarmligthe sin.

CUID C

Limistéir atá iata nó srianta

1.   Limistéar atá iata chun trosc a chaomhnú i roinn 6a de CITM

Gach bliain ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta, agus ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig, beidh toirmeasc ar aon ghníomhaíocht iascaireachta a dhéanamh le trealamh tarraingthe nó le líonta éighníomhacha sa limistéar a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, a thomhaisfear de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

55°25′ T, 7°07′ I

55°25′ T, 7°00′ I

55°18′ T, 6°50′ I

55°17′ T, 6°50′ I

55°17′ T, 6°52′ I

55°25′ T, 7°07′ I

2.   Limistéar atá iata chun trosc a chaomhnú i ranna 7f agus 7g de CITM

2.1.

Gach bliain ón 1 Feabhra go dtí an 31 Márta beidh toirmeasc ar aon ghníomhaíocht iascaireachta a dhéanamh sna dronuilleoga staidrimh CITM seo a leanas: 30E4, 31E4, 32E3. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc sin laistigh de 6 mhuirmhíle ón mbonnlíne.

2.2.

Ceadófar gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh le potaí agus cléibh laistigh de na limistéir agus na tréimhsí sonraithe, ar choinníoll:

(i)

nach bhfuil aon trealamh iascaireachta eile seachas potaí agus cléibh ar bord, agus

(ii)

go ndéantar foghabhálacha éisc de speicis atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, go ndéantar iad a thabhairt i dtír agus go n-áirítear iad mar chuid de na cuótaí.

2.3.

Ceadófar iascaireacht dhírithe speiceas beag peiligeach a dhéanamh le trealamh tarraingthe ar lú ná 55 mm a mhogallmhéid, ar choinníoll:

(i)

nach bhfuil aon líon ar bord a bhfuil a mhogallmhéid níos mó ná 55 mm nó cothrom le 55 mm, agus

(ii)

go ndéantar foghabhálacha éisc de speicis atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, go ndéantar iad a thabhairt i dtír agus go n-áirítear iad mar chuid de na cuótaí.

3.   Limistéar atá iata chun trosc a chaomhnú i roinn 7a de CITM

3.1.

Gach bliain le linn na tréimhse ón 14 Feabhra go dtí an 30 Aibreán beidh toirmeasc ar úsáid a bhaint as aon trál grinnill, saighean nó líon tarraingthe dá samhail, eangach gheolbhaigh, líon fostúcháin, traimil nó trealamh iascaireachta ina bhfuil duáin laistigh den chuid sin de roinn 7a de CITM atá iniata ag cósta thoir na hÉireann agus cósta thoir Thuaisceart Éireann agus línte díreacha atá ag ceangal go seicheamhach na gcomhordanáidí geografacha seo a leanas, a thomhaisfear de réir chóras WGS84:

pointe ar chósta thoir na hArda i dTuaisceart Éireann ag 54°30′T

54°30 T, 04°50′ I

53°15 T, 04°50′ I

pointe ar chósta thoir Éireann ag 53°15′ T

3.2.

De mhaolú ar phointe 1, laistigh den limistéar agus den tréimhse ama dá dtagraítear sa phointe sin, ceadófar tráil ghrinnill a úsáid ar choinníoll go bhfuil gairis roghnaíochta feistithe orthu a bhfuil measúnú déanta orthu ag CETEI.

4.   Bosca cadóg Rocal i bhfolimistéar 6 de CITM

Beidh toirmeasc ar gach iascaireacht, seachas le spiléir, sna limistéir a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas a cheangal go seicheamhach le rumlínte, a thomhaisfear de réir chóras WGS84:

57°00′ T, 15°00′ I

57°00′ T, 14°00′ I

56°30′ T, 14°00′ I

56°30′ T, 15°00′ I

57°00′ T, 15°00′ I

5.   Limistéar atá iata chun gliomach na hIorua a chaomhnú i ranna 7c agus 7k de CITM

5.1.

Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe ghliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) agus speiceas atá bainteach leo (eadhon trosc, scoilteáin, láimhínigh, cadóga, faoitíní, colmóirí, leathóga, mangaigh, glasáin, sciataí agus roic, sól coiteann, torscaí, langaí gorma, langa agus fíogach gobach) ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Bealtaine gach bliain laistigh den limistéar geografach a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, a thomhaisfear de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

52°27′ T, 12°19′ I

52°40′ T, 12°30′ I

52°47′ T, 12°39.60′ I

52°47′ T, 12°56′ I

52°13.5′ T, 13°53.83′I

51°22′ T, 14°24′ I

51°22′ T, 14°03′ I

52°10′ T, 13°25′ I

52°32′ T, 13°07.50′ I

52°43′ T, 12°55′ I

52°43′ T, 12°43′ I

52°38.80′ T, 12°37′ I

52°27′ T, 12°23′ I

52°27′ T, 12°19′ I

5.2.

Ceadófar idirthuras a dhéanamh trí Bhanc Porcupine agus na speicis dá dtagraítear i bpointe 5.1 ar bord, ceadófar sin i gcomhréir le hAirteagal 50(3), (4) agus (5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

6.   Rialacha speisialta maidir le langaí gorma a chosaint i roinn 6a de CITM

6.1.

Ón 1 Márta go dtí an 31 Bealtaine gach bliain, beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe langaí gorma sna limistéir de roinn 6a de CITM a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, a thomhaisfear de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

Imeall scairbh ilchríochach na hAlban

59°58′ T, 07°00′ I

59°55′ T, 06°47′ I

59°51′ T, 06°28′ I

59°45′ T, 06°38′ I

59°27′ T, 06°42′ I

59°22′ T, 06°47′ I

59°15′ T, 07°15′ I

59°07′ T, 07°31′ I

58°52′ T, 07°44′ I

58°44′ T, 08°11′ I

58°43′ T, 08°27′ I

58°28′ T, 09°16′ I

58°15′ T, 09°32′ I

58°15′ T, 09°45′ I

58°30′ T, 09°45′ I

59°30′ T, 07°00′ I

59°58′ T, 07°00′ I

Imeall Bhanc Rosemary

60°00′ T, 11°00′ I

59°00′ T, 11°00′ I

59°00′ T, 09°00′ I

59°30′ T, 09°00′ I

59°30′ T, 10°00′ I

60°00′ T, 10°00′ I

60°00′ T, 11°00′ I

Gan an limistéar a áireamh a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, arna dtomhas de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

59°15′ T, 10°24′ I

59°10′ T, 10°22′ I

59°08′ T, 10°07′ I

59°11′ T, 09°59′ I

59°15′ T, 09°58′ I

59°22′ T, 10°02′ I

59°23′ T, 10°11′ I

59°20′ T, 10°19′ I

59°15′ T, 10°24′ I

6.2.

Is féidir foghabháil de langaí gorma suas go teorainn sé thona a choinneáil ar bord agus a thabhairt i dtír. A luaithe a shroichfidh soitheach an teorainn sé thona sin de langaí gorma:

(a)

scoirfidh sé láithreach den iascaireacht agus imeoidh sé ón limistéar ina bhfuil sé;

(b)

ní fhéadfaidh sé dul isteach arís in aon cheann de na limistéir sin go dtí go dtabharfar an ghabháil i dtír;

(c)

ní fhéadfaidh sé aon chuid den ghabháil de langaí gorma a chur ar ais i bhfarraige.

6.3.

Ón 15 Feabhra go dtí an 15 Aibreán gach bliain, beidh toirmeasc ar úsáid trál grinnill, spiléar agus líonta éighníomhacha laistigh de limistéar a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, a thomhaisfear de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

60°58.76′ T, 27°27.32′ I

60°56.02′ T, 27°31.16′ I

60°59.76′ T, 27°43.48′ I

61°03.00′ T, 27°39.41′ I

60°58.76′ T, 27°27.32′ I

7.   Srianta ar iascaireacht ronnach i ranna 7e, 7f, 7g agus 7h de CITM

7.1.

Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe ronnach le trealamh tarraingthe ar lú ná 80 mm mogallmhéid a shoc-fhoircinn nó le peaslíonta saighne ach amháin i gcás nach mó meáchan na ronnach ná 15 % de réir beomheáchan de na cainníochtaí iomlána ronnach agus orgánach eile muirí ar bord a gabhadh, laistigh den limistéar a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, a thomhaisfear de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

pointe ar chósta thoir na Ríochta Aontaithe ag domhanleithead 02°00′ I

49°30′ T, 2°00′ I

49°30′ T, 7°00′ I

52°00′ T, 7°00′ I

pointe ar chósta thoir na Ríochta Aontaithe ag domhanleithead 52°00′ T.

7.2.

Laistigh den limistéar a shainítear i bpointe 7.1, ceadófar iascaireacht a dhéanamh leis na nithe seo:

líonta éighníomhacha agus/nó doruithe láimhe;

tráil ghrinnill, saighní Danmhargacha nó líonta tarraingthe eile dá samhail, ar mó ná 80 mm a mogallmhéid;

7.3.

Soithí nach bhfuil feistithe le haghaidh iascaireachta agus a bhfuil ronnach á dtrasloingsiú chucu, ceadófar iad laistigh den limistéar atá sainithe i bpointe 7.1.

8.   Srianta ar úsáid trál bíoma laistigh de 12 mhuirmhíle ó chósta na Ríochta Aontaithe agus ó chósta na hÉireann

8.1.

Beidh toirmeasc ar úsáid a bhaint as aon trál bíoma ar lú ná 100 mm a mhogallmhéid i roinn 5b de CITM agus i bhfolimistéar 6 de CITM lastuaidh de dhomhanleithead 56° T.

8.2.

Beidh toirmeasc ar shoithí aon trál bíoma a úsáid sna limistéir atá lasmuigh de 12 mhuirmhíle ó chóstaí na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann, arna dtomhas ó na bonnlínte óna dtomhaistear na huiscí críochacha.

8.3.

Ceadófar iascaireacht a dhéanamh le tráil bhíoma laistigh den limistéar sonraithe ar choinníoll:

nach mó ná 221 kW cumhacht innill na soithí agus nach mó ná 24 m a fhad; agus

nach bhfuil fad an bhíoma, nó fad iomlán an bhíoma, is é sin suim fhad na mbíomaí go léir, níos mó ná 9 m, nó nach féidir é a shíneadh thar 9 m, ach amháin nuair atá iascaireacht dhírithe séaclaí coiteanna (Crangon crangon) á déanamh agus mogallmhéid soc-fhoircinn is lú ná 31 mm á húsáid.

9.   Úsáid líonta éighníomhacha i ranna 5b, 6a, 6b, 7b, 7c, 7h, 7j agus 7k de CITM

9.1.

I gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 9(7) agus de mhaolú ar Chuid B, Pointe 2 den Iarscríbhinn seo, ceadófar na cineálacha trealaimh seo a leanas a úsáid in uiscí ar lú ná 600 m a ndoimhneacht cairte:

eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe atá á n-úsáid le haghaidh iascaireacht dhírithe colmóirí, a bhfuil mogallmhéid 100 mm ar a laghad acu agus nach bhfuil níos mó ná 100 mogall ar doimhneacht, i gcás nach bhfuil fad iomlán na líonta go léir atá á n-úsáid níos mó ná 25 km in aghaidh an tsoithigh agus gurb é 24 uair an chloig an maotham uasta.

líonta fostúcháin atá á n-úsáid le haghaidh iascaireacht dhírithe láimhíneach, a bhfuil mogallmhéid 250 mm acu ar a laghad agus nach bhfuil níos mó ná 15 mogall ar doimhneacht, i gcás nach bhfuil fad iomlán na líonta go léir atá á n-úsáid níos mó ná 100 km in aghaidh an tsoithigh agus gurb é 72 uair an chloig an maotham uasta.

9.2.

Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe na siorcanna domhainfharraige a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2016/2336 i ndoimhneachtaí cairte is lú ná 600 m. Nuair a ghabhtar siorcanna domhainfharraige de thaisme, ar siorcanna iad a aicmítear, sa Rialachán seo agus i reachtaíocht eile de chuid an Aontais, mar éisc a bhfuil toirmeasc ar a ngabháil, déanfar iad a thaifeadadh, gan iad a ghortú a mhéid is féidir, agus déanfar iad a scaoileadh gan mhoill. Siorcanna domhainfharraige atá faoi réir teorainneacha gabhála, coinneofar ar bord iad. Tabharfar aon ghabháil den saghas sin i dtír agus áireofar mar chuid de na cuótaí í. I gcásanna nach bhfuil cuóta ar fáil nó nach bhfuil cuóta leordhóthanach ar fáil don Bhallstát lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún na forálacha a leagtar síos in Airteagal 105(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a úsáid. I gcás ina bhfuil na gabhálacha de thaisme de shiorcanna domhainfharraige a dhéanann soithí aon Bhallstáit os cionn 10 dtona, ní fhéadfaidh na soithí sin leanúint de bheith ag baint leasa as na maoluithe a leagtar amach i bpointe 9.1.

(1)  I ranna 6a agus 7a de CITM beidh feidhm ag íosmhéid tagartha caomhnaithe d’fhad iomlán 70 mm agus d’fhad an charapáis 20 mm.

(2)  I ranna 6a agus 7a de CITM beidh feidhm ag íosmhéid tagartha caomhnaithe 37 mm.

(3)  In uiscí de chuid an Aontais atá i bhfolimistéir 5, 6 laisteas de 56° T agus 7 de CITM, cé is moite de ranna 7d, 7e agus 7f de CITM, beidh feidhm ag íosmhéid tagartha caomhnaithe 130 mm.

(4)  I gcás portáin dhearga arna ngabháil i bpota nó i gcléibh, is féidir crúba scortha a bheith in 1 % ar a mhéad, de réir meáchain, den ghabháil iomlán. I gcás portáin dhearga arna ngabháil le haon saghas eile trealaimh iascaireachta, ní féidir níos mó ná 75 kg de chrúba portáin scortha a thabhairt i dtír.

(5)  I roinn 7a de CITM lastuaidh de 52° 30′ T, agus i roinn 7d de CITM, beidh feidhm ag íosmhéid tagartha caomhnaithe 110 mm.

(6)  De mhaolú ar Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní bheidh feidhm ag na híosmhéideanna tagartha caomhnaithe do shairdíní, ainseabhaithe, scadáin, bolmáin agus ronnaigh laistigh de theorainn 10 %, de réir beomheáchain, de na gabhálacha iomlána de gach ceann de na speicis sin a choinneofar ar bord.

(7)  Le céimniú isteach thar thréimhse 2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(8)  Ní dochar an méid seo d’Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 494/2002 (9) ón gCoimisiún.

(9)  Ní dochar an méid seo d’Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 494/2002 ón gCoimisiún

(10)  Beidh mogallmhéid de 70 mm ar a laghad i bhfeidhm i gcás soithí aon rige i roinn 7a de CITM.

(11)  Ní dochar an méid seo d’Airteagal 2(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 737/2012 (12) ón gCoimisiún.

(12)  Beidh mogallmhéid de 70 mm ar a laghad i bhfeidhm i gcás soithí aon rige i roinn 7a de CITM.

(13)  Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo maidir le roinn 7d de CITM.

(14)  Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo i gcás iascaireacht dhírithe faoitíní, ronnach agus speiceas nach bhfuil faoi réir teorainneacha gabhála i ranna 7d agus 7e de CITM.

(15)  Úsáidfear mogallmhéid 220 mm ar a laghad nuair a bheifear ag iascaireacht le haghaidh láimhíneach. Úsáidfear mogallmhéid 110 mm in iascaireacht dhírithe mangach agus colmóirí i ranna 7d agus 7e de CITM.

(16)  I roinn 7d, beidh mogallmhéid de 90 mm ar a laghad i bhfeidhm.

(17)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/2034 ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2018 lena mbunaítear plean maidir le hábhar muirí aischurtha d’iascaigh ghrinnill áirithe in uiscí an Iarthuaiscirt don tréimhse 2019-2021 (IO L 327, 21.12.2018, lch. 8).


IARSCRÍBHINN VII

UISCÍ AN IARDHEISCIRT

CUID A

Íosmhéideanna tagartha caomhnaithe

Speiceas

An limistéar ar fad

Trosc (Gadus morhua)

35 cm

Cadóg (Melanogrammus aeglefinus)

30 cm

Glasán (Pollachius virens)

35 cm

Mangach (Pollachius pollachius)

30 cm

Colmóir (Merluccius merluccius)

27 cm

Scoilteán (Lepidorhombus spp.)

20 cm

Sól (Solea spp.)

24 cm

Leathóg bhallach (Pleuronectes platessa)

27 cm

Faoitín (Merlangius merlangus)

27 cm

Langa (Molva molva)

63 cm

Langa gorm (Molva dypterygia)

70 cm

Gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus)

Fad iomlán 70 mm,

Fad an charapáis 20 mm

Eireabaill ghliomach na hIorua

37 mm

Ronnach (Scomber spp.)

20 cm (6)

Scadán (Clupea harengus)

20 cm (6)

Bolmán (Trachurus spp.)

15 cm (1)  (6)  (7)

Ainseabhaí (Engraulis encrasicolus)

12 cm nó 90 aonán in aghaidh an kg (2)  (6)

Doingean mara Eorpach (Dicentrarchus labrax)

36 cm

Sairdín (Sardina pilchardus)

11 cm (6)

Deargán (Pagellus bogaraveo)

33 cm

Gliomach (Hommarus gammarus)

87 mm

Portán faoilinne spíonach (Maia squinado)

120 mm

Cluaisín (Chlamys spp.)

40 mm

Breallach croise eitreach (Ruditapes decussatus)

40 mm

Breallach croise eireogach (Venerupis pullastra)

38mm

Breallach féithghearr (Venerupis philippinarum)

35 mm

Breallach (Venus verrucosa)

40 mm

Breallach crua (Callista chione)

6 cm

Scian mhara (Ensis spp.)

10 cm

Breallach toinne (Spisula solida)

25 mm

Breallach Donax (Donax spp.)

25 mm

Scianbhreallach pónaire (Pharus legumen)

65 mm

Cuachma (Buccinum undatum)

45 mm

Ochtapas (Octopus vulgaris)

750 g (3)

Piardóg (Palinurus spp.)

95 mm

Rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris)

22 mm (fad an charapáis)

Portán dearg (Cancer pagurus)

140 mm (4)  (5)

Muirín mór (Pecten maximus)

100 mm

CUID B

Mogallmhéideanna

1.   Mogallmhéideanna íosta do threalamh tarraingthe

1.1.

Gan dochar don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, úsáidfidh soithí mogallmhéid 70 mm (8)(9) ar a laghad, nó 55 mm ar a laghad i roinn 9a de CITM lastoir de dhomhanfhad 7°23′48″I.

1.2.

Gan dochar don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, agus d’ainneoin phointe 2.1, féadfaidh soithí mogallmhéideanna níos lú a úsáid mar a liostaítear sa tábla a leanas d’Uiscí an Iardheiscirt ar na coinníollacha seo a leanas:

(i)

comhlíonfar na coinníollacha gaolmhara a leagtar amach sa tábla sin, agus nach sáróidh foghabhálacha de cholmóir 20 %, de réir beomheáchain, den ghabháil iomlán de na hacmhainní bitheolaíocha muirí uile a thabharfar i dtír tar éis gach turas iascaireachta; nó

(ii)

úsáidfear modhnuithe roghnaíochta eile a bhfuil measúnú déanta orthu CETEI arna iarraidh sin do Bhallstát amháin nó níos mó agus a bheidh formheasta ag an gCoimisiún. Mar thoradh air na modhnuithe roghnaíochta sin, beidh na saintréithe roghnaíochta céanna nó níos fearr ann don cholmóir is atá do mhogallmhéid 70 mm, nó 55 mm i roinn 9a de CITM, lastoir de dhomhanfhad 7°23 ′48″I faoi seach.

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

55 mm ar a laghad

An limistéar ar fad seachas roinn 9a de CITM, lastoir de dhomhanfhad 7°23′48″ I

Iascaireacht dhírithe speiceas nach bhfuil faoi réir teorainneacha gabhála agus nach gcumhdaítear in aon áit eile sa tábla

Iascaireacht dhírithe deargán

Iascaireacht dhírithe ronnach, bolmán agus faoitíní gorma le tráil ghrinnill

35 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe sól dinge

55 mm ar a laghad

Roinn 9a de CITM, laistiar de dhomhanfhad 7°23′48″ I

Iascaireacht dhírithe crústach

16 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe speiceas beag peiligeach nach gcumhdaítear in aon áit eile sa tábla

Iascaireacht dhírithe séaclaí (Palaemon serratus, Crangon crangon), agus portán (Polybius henslowii)

Níos lú ná 16 mm

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe corra gainimh

2.   Mogallmhéideanna íosta líonta éighníomhacha agus sruthlíonta

2.1.

Gan dochar don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, úsáidfidh soithí mogallmhéid 100 mm (10), ar a laghad, nó 80 mm ar a laghad i roinn 8c de CITMagus folimistéar 9 de CITM.

2.2.

Gan dochar don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, agus d’ainneoin phointe 2.1, féadfaidh soithí mogallmhéideanna níos lú a úsáid mar a liostaítear iad sa tábla seo a leanas d’Uiscí an Iardheiscirt ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha gaolmhara a leagtar amach sa tábla sin agus nach sáróidh foghabhálacha de cholmóir 20 % de bheomheáchan ghabháil iomlán na n-acmhainní bitheolaíocha muirí go léir a thabharfar i dtír tar éis gach turais iascaireachta.

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

80 mm ar a laghad

An limistéar ar fad seachas roinn 8c de CITM agus folimistéar 9 de CITM

Iascaireacht dhírithe doingean mara, faoitíní, turbard, leitheanna agus mangach

60 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe speiceas nach bhfuil faoi réir teorainneacha gabhála agus nach gcumhdaítear in aon áit eile sa tábla

50 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe speiceas (11) beag peiligeach nach gcumhdaítear in aon áit eile sa tábla

40 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe milléad dearg, séaclaí (Penaeus spp), séaclaí maintise, sól dinge agus ballaigh

CUID C

Limistéir atá iata nó srianta

1.   Limistéar atá iata chun colmóirí a chaomhnú i roinn 9a de CITM

Beidh toirmeasc ar iascaireacht a dhéanamh le haon trál, saighean Dhanmhargach nó líon tarraingthe dá samhail sna limistéir gheografacha a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, a thomhaisfear de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

(a)

ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Eanáir den chéad bhliain eile:

43°46.5′T, 07°54.4′I

44°01.5′T, 07°54.4′I

43°25.0′T, 09°12.0′I

43°10.0′T, 09°12.0′I

(b)

ón 1 Nollaig go dtí an lá deireanach de mhí Feabhra den chéad bhliain eile:

pointe ar chósta thiar na Portaingéile ag domhanleithead 37°50′ T

37°50′T, 09°08′I

37°00′T, 9°07′I

pointe ar chósta thiar na Portaingéile ag domhanleithead 37°00′ T

2.   Limistéir atá iata chun gliomach na hIorua a chaomhnú i roinn 9a de CITM

2.1.

Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe ghliomach na hIorua (Nephrops norevgicus) a dhéanamh le haon trál grinnill, aon saighean Dhanmhargach nó líon tarraingthe dá samhail, nó le cléibh sna limistéir gheografacha a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, a thomhaisfear de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

(a)

ón 1 Meitheamh go dtí an 31 Lúnasa:

42°23′ T, 08°57′ I

42°00′ T, 08°57′ I

42°00′ T, 09°14′ I

42°04′ T, 09°14′ I

42°09′ T, 09°09′ I

42°12′ T, 09°09′ I

42°23′ T, 09°15′ I

42°23′ T, 08°57′ I

(b)

ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa:

37°45′ T, 09°00′ I

38°10′ T, 09°00′ I

38°10′ T, 09°15′ I

37°45′ T, 09°20′ I

2.2.

Ceadófar iascaireacht a dhéanamh le tráil ghrinnill nó le líonta tarraingthe dá samhail nó le cléibh sna limistéir gheografacha agus le linn na tréimhse a thuairiscítear i bpointe 2.1(b) ar choinníoll go ndéantar gach foghabháil de ghliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) a thabhairt i dtír agus a áireamh mar chuid de na cuótaí.

2.3.

Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe ghliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) sna limistéir gheografacha agus lasmuigh de na tréimhsí dá dtagraítear i mír 2.1. Déanfar foghabhálacha de ghliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) a thabhairt i dtír agus a áireamh mar chuid de na cuótaí.

3.   Srianta ar ainseabhaithe a iascach i roinn 8c de CITM

3.1.

Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe ainseabhaithe a dhéanamh le tráil pheiligeacha i roinn 8c de CITM.

3.2.

Beidh toirmeasc ar thráil pheiligeacha agus peaslíonta saighne a bheith ar bord soithigh san am céanna laistigh de roinn 8c de CITM.

4.   Úsáid líonta éighníomhacha i bhfolimistéir 8, 9, 10, agus 12 de CITM lastoir de 27°I

4.1.

I gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 9(7) agus de mhaolú ar Chuid B, Pointe 2 den Iarscríbhinn seo, ceadófar na cineálacha trealaimh seo a leanas a úsáid in uiscí ar lú ná 600 méadar a ndoimhneacht cairte:

Eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe atá á n-úsáid le haghaidh iascaireacht dhírithe colmóirí, a bhfuil mogallmhéid 80 mm ar a laghad acu i roinn 8c de CITM agus i bhfolimistéar 9 de CITM agus 100 mm i ngach limistéar atá fágtha agus nach bhfuil níos mó ná 100 mogall ar doimhneacht, i gcás nach bhfuil fad iomlán na líonta go léir atá á n-úsáid níos mó ná 25 km in aghaidh an tsoithigh agus gurb é 24 uair an chloig an maotham uasta.

líonta fostúcháin atá á n-úsáid le haghaidh iascaireacht dhírithe láimhíneach, ar líonta iad a bhfuil mogallmhéid 250 mm acu ar a laghad agus nach bhfuil níos mó ná 15 mhogall ar doimhneacht, i gcás nach bhfuil fad iomlán na líonta go léir atá á n-úsáid níos mó ná 100 km in aghaidh an tsoithigh agus gurb é 72 uair an chloig an maotham uasta.

traimlí atá á n-úsáid i bhfolimistéar 9 de CITM le haghaidh iascaireacht dhírithe láimhíneach, a bhfuil mogallmhéid 220 mm acu ar a laghad agus nach bhfuil níos mó ná 30 mogall ar doimhneacht, i gcás nach bhfuil fad iomlán na líonta go léir atá á n-úsáid níos mó ná 20 km in aghaidh an tsoithigh agus gurb é 72 uair an chloig an maotham uasta.

4.2.

Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe na siorcanna domhainfharraige a liostaítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 2016/2336 i ndoimhneachtaí cairte is lú ná 600 m. Nuair a ghabhtar siorcanna domhainfharraige de thaisme, ar siorcanna iad a aicmítear, sa Rialachán seo agus i reachtaíocht eile de chuid an Aontais, mar éisc a bhfuil toirmeasc orthu, déanfar iad a thaifeadadh, gan iad a ghortú a mhéid is féidir, agus déanfar iad a scaoileadh gan mhoill. Siorcanna domhainfharraige atá faoi réir teorainneacha gabhála, coinneofar ar bord iad. Tabharfar aon ghabháil den saghas sin i dtír agus áireofar mar chuid de na cuótaí í. I gcásanna nach bhfuil cuóta ar fáil nó nach bhfuil cuóta leordhóthanach ar fáil don Bhallstát lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún Airteagal 105(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a úsáid. I gcás ina bhfuil na gabhálacha de thaisme de shiorcanna domhainfharraige ag soithí aon Bhallstáit os cionn 10 dtona, ní fhéadfaidh na soithigh sin leanúint de bheith ag baint leasa as na maoluithe a leagtar amach i bpointe 4.1.

4.3.

Coinníollacha d’iascaigh a úsáideann gléasanna tarraingthe áirithe atá údaraithe i mBá na Bioscáine.

De mhaolú ar na forálacha atá leagtha síos in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 494/2002 ón gCoimisiún lena mbunaítear bearta teicniúla breise chun stoc colmóirí i bhfolimistéir 3-7 de CITM agus Ranna 8a, 8b, 8d agus 8e de CITM a athshlánú, ceadófar gníomhaíochtaí iascaireachta ag baint úsáide as tráil, líonta saighne Danmhargacha agus gléasanna cosúla, seachas tráil bhíoma, a bhfuil méid a mogall sa réimse 70-99 milliméadar sa limistéar atá sainmhínithe i bpointe (b) d’Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 494/2002 má tá an gléas feistithe le painéal ina bhfuil mogaill chearnógacha 100 mm.


(1)  Ní bheidh aon íosmhéid tagartha caomhnaithe i bhfeidhm maidir le bolmáin (Trachurus picturatus) arna ngabháil in uiscí atá cóngarach do na hAsóir agus faoi cheannasacht nó faoi dhlínse na Portaingéile.

(2)  I bhfolimistéar 9 de CITM agus i limistéar 34.1.2 de CECAF beidh feidhm ag íosmhéid tagartha caomhnaithe 9 cm.

(3)  In uiscí an chuid sin den Atlantach Thoir Láir a chuimsíonn ranna 34.1.1, 34.1.2 agus 34.1.3 agus folimistéar 34.2.0 de limistéar iascaireachta 34 den réigiún CECAF, beidh feidhm ag meáchan glanta 450 g.

(4)  In uiscí de chuid an Aontais i bhfolimistéir 7 agus 9 de CITM beidh feidhm ag íosmhéid tagartha caomhnaithe 130 mm.

(5)  I gcás portáin dhearga arna ngabháil i bpota nó i gcléibh, is féidir crúba scortha a bheith in 1 % ar a mhéad, de réir meáchain, den ghabháil iomlán. I gcás portáin dhearga arna ngabháil le haon saghas eile trealaimh iascaireachta, ní féidir níos mó ná 75 kg de chrúba portáin scortha a thabhairt i dtír.

(6)  De mhaolú ar Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní bheidh feidhm ag íosmhéideanna tagartha caomhnaithe na sairdíní, na n-ainseabhaithe, na scadán, na mbolmán agus na ronnach suas go teorainn 10 %, de réir beomheáchain, de na gabhálacha iomlána arna gcoinneáil ar bord.

Ríomhfar céatadán na sairdíní, na n-ainseabhaithe, na scadán, na mbolmán nó na ronnachr faoi bhun íosmhéid tagartha caomhnaithe mar chion de bheomheáchan na n-orgánach muirí uile ar bord tar éis iad a shórtáil nó a thabhairt i dtír.

Féadfar an céatadán a ríomh ar bhonn sampla ionadaíoch amháin nó níos mó. Ní shárófar an teorainn 10 % agus trasloingsiú, tabhairt i dtír, iompar, stóráil, taispeáint nó díolachán á dhéanamh nó á déanamh.

(7)  Ní fhéadfaidh níos mó ná 5 % a bheith ina bholmáin idir 12 agus 15 cm. Chun críche an chainníocht sin a sheiceáil, is é 1,20 an fachtóir coinbhéartachta a chuirfear i bhfeidhm ar mheáchan na ngabhálacha. Ní bheidh feidhm ag na forálacha seo maidir le gabhálacha atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír.

(8)  Beidh an fhoráil seo gan dochar d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 494/2002 ón gCoimisiún.

(9)  Maidir le hiascaireacht dhírithe ghliomach na hIorua (Nephrops norvegicus), beidh painéal de mhogall cearnógach 100 mm ar a laghad nó gaireas roghnaíochta coibhéiseach feistithe nuair atáthar ag iascaireacht i ranna 8a, 8b, 8d agus 8e de CITM. Maidir le hiascaireacht dhírithe sól le tráil bhíoma, beidh painéal, arb é 180 mm ar a laghad a mhogallmhéid, feistithe ar an leath uachtarach den chuid tosaigh den líon.

(10)  Is féidir mogallmhéid níos lú ná 40 mm a úsáid do shairdíní.

(11)  D’iascaireacht dhírithe láimhíneach úsáidtear mogallmhéid 220 mm ar a laghad.


IARSCRÍBHINN VIII

MUIR BHAILT

CUID A

Íosmhéideanna tagartha caomhnaithe

Speiceas

Limistéir Gheografacha

Íosmhéid Tagartha Chaomhnaithe

Trosc (Gadus morhua)

Foranna 22-32

35cm

Leathóg bhallach (Pleuronectes platessa)

Foranna 22–32

25 cm

Bradán (Salmo salar)

Foranna 22–30 agus 32

60 cm

Foroinn 31

50 cm

Leith (Platichthys flesus)

Foranna 22–25

23 cm

Foranna 26, 27 agus 28

21 cm

Foranna 29–32, laisteas de 59

18 cm

Turbard (Scophtalmus maximus)

Foranna 22 go 32

30 cm

Broit (Scophthalmus rhombus)

Foranna 22 go 32

30 cm

Eascann (Anguilla anguilla)

Foranna 22 go 32

35 cm

Breac geal (Salmo trutta)

Foranna 22–25 agus 29–32

40 cm

Foranna 26, 27 agus 28

50 cm

CUID B

Mogallmhéideanna

1.   Mogallmhéideanna íosta do threalamh tarraingthe

1.1.

Gan dochar don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, úsáidfidh soithí mogallmhéid 120 mm ar a laghad arna dhéanamh le T90 nó 105 mm ar a laghad a bhfuil fuinneog éalaithe Bacoma 120 mm feistithe leis.

1.2.

Gan dochar don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, agus d’ainneoin phointe 1.1, féadfaidh soithí mogallmhéideanna níos lú a úsáid mar a liostaítear sa tábla a leanas do Mhuir Bhailt ar na coinníollacha seo a leanas:

(i)

comhlíonfar na coinníollacha gaolmhara a leagtar amach sa tábla sin, agus nach sáróidh foghabhálacha de throsc 10 %, de réir beomheáchain, den ghabháil iomlán de na hacmhainní bitheolaíocha muirí uile a thabharfar i dtír tar éis gach turas iascaireachta; nó

(ii)

úsáidfear modhnuithe roghnaíochta a bhfuil measúnú déanta orthu ag CETEI arna iarraidh sin ag Ballstát amháin nó níos mó agus a bheidh formheasta ag an gCoimisiún. De thoradh na modhnuithe roghnaíochta sin, beidh na saintréithe roghnaíochta céanna nó níos fearr ann do throsc is atá do mhogallmhéid 120 mm T90, nó 105 mm a bhfuil fuinneog éalaithe Bacoma 120 mm feistithe leo, faoi seach.

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

90 mm ar a laghad

I bhforanna 22 agus 23

Iascaireacht dhírithe leathóg (1)

Iascaireacht dhírithe faoitíní

32 mm ar a laghad

I bhforanna 22-27

Iascaireacht dhírithe scadán, ronnach, bolmán agus faoitíní gorma

16 mm ar a laghad

I bhforanna 22-27

Iascaireacht dhírithe salán (2)

16 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe speiceas nach gcuimsítear an leathóg iontu agus nach bhfuil faoi réir teorainneacha gabhála agus nach gcumhdaítear in aon áit eile sa tábla

16 mm ar a laghad

I bhforanna 28-32

Iascaireacht dhírithe speiceas beag peiligeach nach gcumhdaítear in aon áit eile sa tábla

Níos lú ná 16 mm

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe corra gainimh

2.   Mogallmhéideanna íosta líonta éighníomhacha

2.1.

Gan dochar don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, úsáidfidh soithí mogallmhéid 110 mm ar a laghad, nó 157 mm ar a laghad nuair a bhítear ag iascaireacht bradáin.

2.2.

Gan dochar don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, agus d’ainneoin phointe 2.1, féadfaidh soithí mogallmhéideanna níos lú a úsáid mar a liostaítear iad sa tábla seo a leanas i Muir Bhailt ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha gaolmhara a leagtar amach sa tábla sin agus nach sáróidh foghabhálacha de throsc 10 % de bheomheáchan ghabháil iomlán na n-acmhainní bitheolaíocha muirí go léir a thabharfar i dtír tar éis gach turais iascaireachta ná cúig eiseamal bradáin.

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha (3)

90 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe speiceas leathógach

Níos lú ná 90 mm

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe speiceas beag peiligeach

16 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe speiceas nach bhfuil faoi réir teorainneacha gabhála agus nach gcumhdaítear in aon áit eile sa tábla

CUID C

Limistéir atá iata nó srianta

1.

Srianta ar iascaireacht a dhéanamh le trealamh tarraingthe

Beidh toirmeasc, ó thús deireadh na bliana, ar iascaireacht a dhéanamh le haon trealamh tarraingthe sa limistéar geografach a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, a thomhaisfear de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

54°23′ T, 14°35′ O

54°21′ T, 14°40′ O

54°17′ T, 14°33′ O

54°07′ T, 14°25′ O

54°10′ T, 14°21′ O

54°14′ T, 14°25′ O

54°17′ T, 14°17′ O

54°24′ T, 14°11′ O

54°27′ T, 14°25′ O

54°23′ T, 14°35′ O

2.   Srianta ar bhradáin agus bric gheala a iascach

2.1.

Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe bradán (Salmo salar) nó breac geal (Salmo trutta):

(a)

ón 1 Meitheamh go dtí an 15 Meán Fómhair gach bliain in uiscí fhoranna 22–31;

(b)

ón 15 Meitheamh go dtí an 30 Meán Fómhair gach bliain in uiscí fhoroinn 32.

2.2.

Is éard a bheidh sa limistéar iata le linn an tséasúir iata an limistéar atá ceithre mhuirmhíle amach ó na bonnlínte.

2.3.

Ceadófar bradáin (Salmo salar) nó bric gheala (Salmo trutta) arna ngabháil le líonta gaiste a choinneáil ar bord.

3.   Bearta sonracha do mhurascaill Riga

3.1.

Chun iascaireacht a dhéanamh i bhforoinn 28-1, ní mór údarú iascaireachta a bheith ag soithí, arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

3.2.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na soithí ar eisíodh ina leith an t-údarú dá dtagraítear i bpointe 3.1 a chur ar liosta, agus ainm agus uimhir chlárúcháin inmheánach na soithí sin ag dul leo, agus go gcuirfear an liosta sin ar fáil don phobal ar shuíomh gréasáin idirlín, suíomh a dtabharfaidh gach Ballstát a sheoladh don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.

3.3.

Na soithí atá ar an liosta, comhlíonfaidh siad na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní bheidh a gcumhacht innill (kW) iomlán níos mó ná an chumhacht a taifeadadh do gach Ballstáit le linn na mblianta 2000–2001 i bhfolimistéar 28-1; agus

(b)

ní bheidh cumhacht innill aon soithigh níos mó ná 221 kW am ar bith.

3.4.

Is féidir soitheach nó soithí a chur in ionad aon soithigh atá ar an liosta dá dtagraítear i bpointe 3.2, ar choinníoll:

(a)

nach méadaíonn, mar thoradh air sin, an chumhacht innill iomlán a luaitear in Airteagal 3.3(a) don Bhallstát lena mbaineann; agus

(b)

nach mó ná 221 kW am ar bith cumhacht innill aon soithigh a chuirtear in ionad soithigh atá ar an liosta.

3.5.

Is féidir inneall a chur in ionad inneall aon soithigh atá ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 3.2, ar choinníoll:

(a)

nach dtéann cumhacht innill an tsoithigh os cionn 221 kW am ar bith mar thoradh air sin; agus

(b)

nach méadaíonn, mar thoradh air sin, an chumhacht innill iomlán a luaitear in Airteagal 3.3(a) don Bhallstát lena mbaineann.

3.6.

I bhforoinn 28-1, beidh toirmeasc ar iascaireacht a dhéanamh le tráil in uiscí ar lú na 20 m a ndoimhneacht.

4.   Limistéir atá srianta ó thaobh iascaireachta de

4.1.

Beidh toirmeasc ar aon ghníomhaíocht iascaireachta ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Deireadh Fómhair gach bliain laistigh de na limistéir a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, a thomhaisfear de réir chóras comhordanáidí WGS84, a cheangal go seicheamhach le rumlínte:

(a)

Limistéar 1:

55°45′ T, 15°30′ O

55°45′ T, 16°30′ O

55°00′ T, 16°30′ O

55°00′ T, 16°00′ O

55°15′ T, 16°00′ O

55°15′ T, 15°30′ O

55°45′ T, 15°30′ O

(b)

Limistéar 2:

55°00′ T, 19°14′ O

54°48′ T, 19°20′ O

54°45′ T, 19°19′ O

54°45′ T, 18°55′ O

55°00′ T, 19°14′ O

(c)

Limistéar 3:

56°13′ T, 18°27′ O

56°13′ T, 19°31′ O

55°59′ T, 19°13′ O

56°03′ T, 19°06′ O

56°00′ T, 18°51′ O

55°47′ T, 18°57′ O

55°30′ T, 18°34′ O

56°13′ T, 18°27′ O

4.2.

Ceadófar iascaireacht dhírithe bradán a dhéanamh le heangacha geolbhaigh, le líonta fostúcháin agus le traimlí ar mó ná 157 mm nó ar cothrom le 157 mm a mogallmhéid, nó le doruithe ar fuaidreamh. Ní choimeádfar aon trealamh eile ar bord.

4.3.

Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe trosc a dhéanamh leis an trealamh a shonraítear i bpointe 5.2.

5.   Srianta ar iascaireacht leitheanna agus turbard

5.1.

Beidh toirmeasc ar na speicis éisc seo a leanas a choinneáil ar bord i gcás ina ngabhtar iad laistigh de na limistéir gheografacha agus le linn na dtréimhsí thíosluaite:

Speiceas

Limistéir Gheografacha

Tréimhse

Leith

Foranna 26–29, laisteas de 59° 30′ T

15 Feabhra go 15 Bealtaine

Foroinn 32

15 Feabhra go 31 Bealtaine

Turbard

Foranna 25, 26 agus 28, laisteas de 56° 50′ T

1 Meitheamh go 31 Iúil

5.2.

Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe a dhéanamh le tráil, saighní Danmhargacha nó trealamh dá samhail ar mó ná 90 mm nó ar cothrom le 90 mm mogallmhéid a shoc-fhoircinn, nó le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin nó traimlí ar mó ná 90 mm nó ar cothrom le 90 mm a mogallmhéid. Féadfar foghabhálacha leitheanna agus turbard a choinneáil ar bord agus a thabhairt i dtír suas go teorainn 10 %, de réir beomheáchain, den ghabháil iomlán arna coinneáil ar bord le linn na dtréimhsí dá dtagraítear i bpointe 6.1.

6.   Srianta ar iascaireacht eascann

Beidh toirmeasc ar eascanna arna ngabháil le haon trealamh gníomhach a choinneáil ar bord. Aon eascanna a ghabhtar de thaisme, ní dhéanfar aon díobháil dóibh agus cuirfear ar ais i bhfarraige go pras iad.


(1)  Ní dhéanfar úsáid trál bíoma a údarú.

(2)  Ní fhéadfaidh níos mó ná 45 % den ghabháil a bheith ina scadán de réir beomheáchain.

(3)  Beidh toirmeasc ar úsáid a bhaint as eangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin nó traimlí is faide ná 9 km i gcás soithí ar lú ná 12 m a bhfad iomlán, agus is faide ná 21 km i gcás soithí ar mó ná 12 m a bhfad iomlán. Is é 48 uair an chloig an uastréimhse thumtha a bheidh ceadaithe do threalamh den sórt sin, ach amháin i gcás iascaireacht faoi oighear.


IARSCRÍBHINN IX

AN MHEÁNMHUIR

CUID A

Íosmhéideanna tagartha caomhnaithe

Speiceas

An Limistéar ar fad

Doingean mara Eorpach (Dicentrarchus labrax)

25 cm

Garbhánach fáinneach (Diplodus annularis)

12 cm

Garbhánach géarshocach (Diplodus puntazzo)

18 cm

Garbhánach bán (Diplodus sargus)

23 cm

Garbhánach débhandach (Diplodus vulgaris)

18 cm

Ainseabhaí Eorpach (Engraulis encrasicolus)

9 cm (1)

Garúpaigh (Epinephelus spp.)

45 cm

Garbhánach stríocach (Lithognathus mormyrus)

20 cm

Colmóir (Merluccius merluccius)

20 cm

Milléid dhearga (Mullus spp.)

11 cm

Garbhánach ascailleach (Pagellus acarne)

17 cm

Deargán (Pagellus bogaraveo)

33 cm

Garbhánach coiteann(Pagellus erythrinus)

15 cm

Deargán(Pagrus pagrus)

18 cm

Breac raice (Polyprion americanus)

45 cm

Sairdín Eorpach (Sardina pilchardus)

11 cm (2), (4)

Ronnach (Scomber spp.)

18 cm

Sól coiteann (Solea vulgaris)

20 cm

Garbhánach órcheannach (Sparus aurata)

20 cm

Bolmáin (Trachurusspp.)

15 cm

Gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus)

20 mm FC (3)

70 mm FI (3)

Gliomach (Homarus gammarus)

105 mm FC (3)

300 mm FI (3)

Piardóga (Palinuridae)

90 mm FC (3)

Rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris)

20 mm FC (3)

Muirín (Pecten jacobeus)

10 cm

Breallaigh chroise (Venerupis spp.)

25 mm

Breallaigh mhaighdeogacha (Venus spp.)

25 mm

CUID B

Mogallmhéideanna

1.

Mogallmhéideanna íosta do threalamh tarraingthe

Beidh feidhm ag na mogallmhéideanna seo a leanas sa Mheánmhuir.

Mogallmhéid (5)

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

Soc-fhoirceann mogaill chearnógaigh 40 mm ar a laghad (6)

An limistéar ar fad

Féadfar soc-fhoirceann mogaill mhuileataigh 50 mm2 a úsáid de rogha ar an soc-fhoirceann mogaill chearnógaigh 40 mm ach úinéir an tsoithigh iarraidh chuí-réasúnaithe a dhéanamh

20 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe sairdíní agus ainseabhaithe

2.

Mogallmhéid íosta líonta timpeallúcháin

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

14 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Níl aon choinníoll ann

3.

Mogallmhéideanna íosta líonta éighníomhacha

Beidh feidhm ag na mogallmhéideanna seo a leanas maidir le eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe sa Mheánmhuir.

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

16 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Níl aon choinníoll ann

4.

Maoluithe atá ann cheana ar na forálacha a leagtar síos i bpointí 1, 2 agus 3 le haghaidh saighní báid agus saighní cladaigh atá faoi thionchar plean bainistithe dá dtagraítear in Airteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 agus a eisíodh faoi chuimsiú Airteagal 9 den Rialachán sin, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu mura gcinntear a mhalairt faoi Airteagal 15 den Rialachán seo.

CUID C

Srianta ar úsáid trealaimh iascaireachta

1.   Srianta ar úsáid dreidirí

3 m an t-uasleithead a bheidh i ndreidirí, ach amháin i gcás dreidirí a úsáidtear le haghaidh iascaireacht dhírithe spúinsí.

2.   Srianta ar úsáid peaslíonta saighne

Beidh fad peaslíonta saighne agus fad saighne gan pheaslíonta teoranta do 800 m agus titim 120 m, ach amháin i gcás peaslíonta saighne a úsáidtear le haghaidh iascaireacht dhírithe tuinnín.

3.   Srianta ginearálta ar úsáid líonta éighníomhacha

3.1.

Beidh toirmeasc ar na líonta éighníomhacha seo a leanas a úsáid:

(a)

Traimil ar mó ná 4 m a titim

(b)

Eangach gheolbhaigh ghrinneallsocraithe nó eangach gheolbhaigh agus traimil in éineacht ar mó ná 10 m a thitim ach amháin nuair is giorra ná 500 m iad; sa chás sin ceadaítear titim nach faide ná 30 m.

3.2.

Beidh toirmeasc ar úsáid a bhaint as aon eangach gheolbhaigh, líon fostúcháin nó traimil ar mó ná 0,5 mm tiús a théada.

3.3.

Beidh toirmeasc ar níos mó ná 2 500 m d’eangaí geolbhaigh agus traimlí in éineacht agus níos mó ná 6 000 m d’aon eangach geolbhaigh, líon fostúcháin nó traimil a bheith ar bord nó a shocrú.

4.

Srianta ar úsáid spiléar

4.1.

Beidh toirmeasc ar níos mó ná 5 000 duán a bheith ar bord soithí atá ag iascach le spiléir ghrinneallsocraithe, ach amháin i gcás soithí atá ag dul i mbun turas iascaireachta a mhairfidh níos faide ná 3 lá; sa chás sin féadfaidh na soithí sin 7 000 duán ar a mhéad a bheith ar bord acu nó a úsáid.

4.2.

Beidh toirmeasc ar shoithí iascaireachta atá ag iascach le spiléir bharrshocraithe an líon duán seo a leanas a bheith ar bord acu nó a úsáid:

(a)

2 500 duán in aghaidh an tsoithigh agus iascaireacht dhírithe colgán á déanamh; agus

(b)

5 000 duán in aghaidh an tsoithigh agus iascaireacht dhírithe tuinníní colgacha á déanamh.

4.3.

Gach soitheach atá i mbun turas iascaireachta a mhairfidh níos faide ná dhá lá, féadfaidh sé a oiread eile de dhuáin bhreise a bheith ar bord aige.

5.

Srianta ar úsáid potaí agus cliabh

Beidh toirmeasc ar níos mó ná 250 pota nó cliabh a bheith ar bord aon soithigh nó níos mó ná 250 pota nó cliabh a chur chun crústaigh dhomhainfharraige a ghabháil.

6.

Srianta ar iascaireacht dhírithe deargán

Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe deargán (Pagellus bogaraveo) a dhéanamh leis an trealamh seo a leanas:

eangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin, nó traimlí ar lú ná 100 mm a mogallmhéid;

spiléir ar a bhfuil duáin ar lú ná 3,95 cm a bhfad iomlán agus ar lú ná 1,65 cm a leithead.

7.

Srianta ar iascaireacht a dhéanamh le ga-ghunnaí

Beidh toirmeasc ar iascaireacht le ga-ghunnaí i gcás ina mbaintear úsáid astu in éineacht le gaireas análaithe faoi uisce (uathscamhóg) nó istoíche ó dhul faoi na gréine go breacadh an lae.


(1)  Féadfaidh na Ballstáit an íosmhéid tagartha caomhnaithe a athrú go 110 eiseamal in aghaidh an chileagraim.

(2)  Féadfaidh na Ballstáit an íosmhéid tagartha caomhnaithe a athrú go 55 eiseamal in aghaidh an chileagraim.

(3)  FC — fad an charapáis; FI — fad iomlán.

(4)  Ní bheidh feidhm ag an íosmhéid tagartha caomhnaithe sin maidir le gealóga sairdíní a thugtar i dtír chun a gcaite ag an duine má gabhadh le saighní báid nó saighní cladaigh iad agus má údaraíodh i gcomhréir le forálacha náisiúnta arna mbunú i bplean bainistithe dá dtagraítear in Airteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006, ar choinníoll go bhfuil an stoc sairdíní lena mbaineann laistigh de theorainneacha bitheolaíocha sábháilte.

(5)  Beidh toirmeasc ar líontáin ar mó ná 3 mm tiús a dtéide nó a bhfuil iltéad ann; agus ar líontáin ar mó ná 6 mm tiús a dtéide in aon chuid de thrál grinnill.

(6)  Ní ceadmhach ach an t aon chineál amháin lín (mogall cearnógach 40 mm nó mogall muileatach 50 mm) a bheith ar bord nó a úsáid.


IARSCRÍBHINN X

AN MHUIR DHUBH

CUID A

Íosmhéideanna tagartha caomhnaithe

Speiceas

Íosmhéid Tagartha Chaomhnaithe

Turbard (Scophtalmus maximus)

45 cm

CUID B

Mogallmhéideanna

1.   Mogallmhéideanna íosta do threalamh tarraingthe do stoic ghrinnill

Beidh feidhm ag na mogallmhéideanna seo a leanas sa Mhuir Dhubh:

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

40 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Féadfar soc-fhoirceann mogaill mhuileataigh 50 mm (1) a úsáid de rogha ar an soc-fhoirceann mogaill chearnógaigh 40 mm ach úinéir an tsoithigh iarraidh chuí-réasúnaithe a dhéanamh

2.   Mogallmhéideanna íosta líonta éighníomhacha

Sa Mhuir Dhubh, beidh feidhm ag na mogallmhéideanna seo a leanas maidir le líonta éighníomhacha:

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

400 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Líonta geolbhaigh grinneallsocraithe nuair a úsáidtear iad chun turbaird a ghabháil

3.   Srianta ar úsáid trál agus dreidirí

Beidh toirmeasc ar thráil agus dreidirí a úsáid ag doimhneachtaí is mó ná 1 000 m.


(1)  Ní ceadmhach ach an t-aon chineál amháin lín (mogall cearnógach 40 mm nó mogall muileatach 50 mm) a choinneáil ar bord nó a úsáid.


IARSCRÍBHINN XI

UISCÍ AN AONTAIS SAN AIGÉAN INDIACH AGUS SAN ATLANTACH THIAR

CUID A

1.   Mogallmhéideanna íosta do threalamh tarraingthe

Beidh feidhm ag na mogallmhéideanna seo a leanas in uiscí an Aontais san Aigéan Indiach agus san Atlantach Thiar.

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

100 mm ar a laghad

Na huiscí uile amach ó chósta na roinne Francaí an Ghuáin, atá faoi cheannasacht nó faoi dhlínse na Fraince

Níl aon choinníoll ann

45 mm ar a laghad

Na huiscí uile amach ó chósta na roinne Francaí an Ghuáin, atá faoi cheannasacht nó faoi dhlínse na Fraince

Iascaireacht dhírithe séaclaí (Penaeus subtilis, Penaeus brasiliensis, Xiphopenaeus kroyeri).

2.   Mogallmhéid íosta líonta timpeallúcháin

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

14 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Níl aon choinníoll ann

CUID B

Limistéir atá iata nó srianta

Srianta ar ghníomhaíochtaí iascaireachta sa limistéar 24 mhíle atá mórthimpeall Mayotte

Beidh toirmeasc ar shoithí aon pheaslíon saighne a úsáid ar thuinníní agus ar aon scoil éisc atá cosúil le tuinnín laistigh de 24 mhuirmhíle amach ó chósta Mayotte, achar arna thomhas ó bhonnlínte na n-uiscí críochacha.


IARSCRÍBHINN XII

LIMISTÉAR RIALÁLA NEAFC

CUID A

Íosmhéideanna tagartha caomhnaithe

Speiceas

NEAFC

Cadóg (Melanogrammus aeglefinus)

30 cm

Langa (Molva molva)

63 cm

Langa gorm (Molva dipterygia)

70 cm

Ronnach (Scomber spp.)

30 cm

Scadán (Clupea harengus)

20 cm

CUID B

Mogallmhéideanna

1.   Mogallmhéideanna íosta do threalamh tarraingthe

Beidh feidhm ag na mogallmhéideanna soc-fhoircinn seo a leanas i limistéar rialála NEAFC.

Mogallmhéid soc-fhoircinn

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

100 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Níl aon choinníoll ann

35 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe faoitíní gorma

32 mm ar a mhéad

Folimistéir 1 agus 2 de CITM

Iascaireacht dhírithe séaclaí Artacha (Pandalus borealis)

Beidh greille shórtála a mbeidh spás 22 mm ar a mhéad idir a barraí feistithe

16 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe ronnach, caibeallán agus airgintíní

2.   Mogallmhéideanna íosta líonta éighníomhacha

Beidh feidhm ag na mogallmhéideanna seo a leanas maidir le líonta éighníomhacha i limistéar rialála NEAFC.

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

220 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Níl aon choinníoll ann

CUID C

Limistéir atá iata nó srianta

1.   Bearta maidir le hiascach na bpéirsí mara i Muir Irminger agus sna huiscí taobh léi

1.1.

Beidh toirmeasc ar phéirsí mara a ghabháil in uiscí idirnáisiúnta fholimistéar 5 de CITM agus uiscí an Aontais i bhfolimistéir 12 agus 14 de CITM.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ceadófar gabháil péirsí mara ón 11 Bealtaine go dtí an 31 Nollaig sa limistéar atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a a thomhaisfear de réir chóras WGS84 (“Limistéar caomhnaithe na bpéirsí mara”):

64°45′ T, 28°30′ I

62°50′ T, 25°45′ I

61°50′ T, 26°45′ I

61°00′ T, 26°30′ I

59°00′ T, 30°00′ I

59°00′ T, 34°00′ I

61°30′ T, 34°00′ I

62°50′ T, 36°00′ I

64°45′ T, 28°30′ I.

1.2.

D’ainneoin phointe 1.1, féadfar iascach a cheadú do phéirsí mara, trí ghníomh dlíthiúil de chuid an Aontais, lasmuigh de limistéar caomhnaithe na bpéirsí mara i Muir Irminger agus sna huiscí taobh léi ón 11 Bealtaine go dtí an 31 Nollaig gach bliain ar bhonn comhairle eolaíche agus ar an gcoinníoll go bhfuil plean athshlánaithe ag NEAFC do na péirsí mara sa limistéar geografach sin. Ní bheidh páirteach san iascach sin ach amháin soithí de chuid an Aontais a bhfuil an t-údarú cuí faighte acu óna mBallstát agus a bhfuil fógra tugtha don Choimisiún ina leith mar a cheanglaítear faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010.

1.3.

Beidh toirmeasc ar úsáid trál a bhfuil mogallmhéid níos lú ná 100 mm acu.

1.4.

Is é 1,70 an ráta coinbhéartachta a bheidh le cur i bhfeidhm ar phéirsí gorma atá glanta agus dícheannta, lena n-áirítear gearradh Seapánach ar phéirsí mara agus a gabhadh san iascach seo.

1.5.

Déanfaidh máistrí na soithí iascaireachta atá i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta lasmuigh de Limistéar Caomhnaithe na bPéirsí Mara an tuarascáil gabhála dá bhforáiltear i bpointe (b) d’Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010 a tharchur ar bhonn laethúil nuair a bheidh gníomhaíochtaí iascaireachta an lae féilire sin curtha i gcrích. Léireofar sa tuarascáil sin na gabhálacha a tugadh ar bord ón uair dheireanach a rinneadh na gabhálacha a thuairisc.

1.6.

I dteannta Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010, ní bheidh údarú le haghaidh iascaireachta péirsí mara bailí ach amháin má dhéantar na tuarascálacha a tharchuireann na soithí i gcomhréir le hAirteagal 9(1) den Rialachán sin a thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 9(3) de.

1.7.

Déanfar na tuarascálacha dá dtagraítear i bpointe 1.6 i gcomhréir leis na rialacha ábhartha 1.

2.   Rialacha speisialta maidir le langaí gorma a chosaint

2.1.

Ón 1 Márta go dtí an 31 Bealtaine de gach bliain, beidh toirmeasc ar aon chainníocht de langa gorm a choinneáil ar bord ar mó í ná 6 thonna do gach turas iascaireachta sna limistéir sin de roinn 6a de CITM atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras WGS84:

(a)

Imeall scairbh ilchríochach na hAlban

59°58′ T, 07°00′ I

59°55′ T, 06°47′ I

59°51′ T, 06°28′ I

59°45′ T, 06°38′ I

59°27′ T, 06°42′ I

59°22′ T, 06°47′ I

59°15′ T, 07°15′ I

59°07′ T, 07°31′ I

58°52′ T, 07°44′ I

58°44′ T, 08°11′ I

58°43′ T, 08°27′ I

58°28′ T, 09°16′ I

58°15′ T, 09°32′ I

58°15′ T, 09°45′ I

58°30′ T, 09°45′ I

59°30′ T, 07°00′ I

59°58′ T, 07°00′ I;

(b)

Imeall Bhanc Rosemary

60°00′ T, 11°00′ I

59°00′ T, 11°00′ I

59°00′ T, 09°00′ I

59°30′ T, 09°00′ I

59°30′ T, 10°00′ I

60°00′ T, 10°00′ I

60°00′ T, 11°00′ I

Gan an limistéar a áireamh a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, a thomhaisfear de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

59°15′ T, 10°24′ I

59°10′ T, 10°22′ I

59°08′ T, 10°07′ I

59°11′ T, 09°59′ I

59°15′ T, 09°58′ I

59°22′ T, 10°02′ I

59°23′ T, 10°11′ I

59°20′ T, 10°19′ I

59°55′ T, 10°24′ I.

2.2.

I gcás ina bhfuil langaí gorma faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní bheidh feidhm ag pointe 2.1.

Toirmiscfear iascaireacht ar langaí gorma le trealamh iascaireachta ar bith laistigh den tréimhse agus de na limistéir gheografacha dá dtagraítear i bpointe 2.1.

2.3.

Agus é ag dul isteach sna limistéir dá dtagraítear i bpointe 2.1 nó ag imeacht uathu, déanfaidh máistir an tsoithigh iascaireachta an dáta, an t-am, agus an áit iontrála agus imeachta a thaifeadadh sa logleabhar.

2.4.

Má ghabhann soitheach 6 thonna de langa gorm i gceachtar den dá limistéar dá dtagraítear i bpointe 2.1:

(a)

scoirfidh sé láithreach den iascaireacht agus imeoidh sé ón limistéar ina bhfuil sé;

(b)

ní fhéadfaidh sé dul isteach arís in aon cheann de na limistéir sin go dtí go dtabharfar an ghabháil i dtír;

(c)

ní fhéadfaidh sé aon chuid den ghabháil de langaí gorma a chur ar ais i bhfarraige.

2.5.

Déanfaidh na breathnóirí dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2016/2336 atá sannta do shoithí iascaireachta atá i láthair i gceann de na limistéir dá dtagraítear i bpointe 1, déanfaidh na breathnóirí sin, i dteannta na cúraimí dá dtagraítear i bpointe 4 d’Airteagal 8(4) den Rialachán sin, i gcás líon samplaí iomchuí de ghabhálacha langaí gorma, na héisc sna samplaí a thomhas agus aibíocht ghnéasach iasc a nglactar foshampla díobh a chinneadh. Ar bhonn comhairle ó CETEI, bunóidh na Ballstáit prótacail maidir le sampláil mhionsonraithe agus le comhthiomsú torthaí.

2.6.

Gach bliain ón 15 Feabhra go dtí an 15 Aibreán, beidh toirmeasc ar úsáid trál grinnill, spiléar agus eangacha geolbhaigh laistigh de limistéar atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras WGS84:

60°58.76′ T, 27°27.32′ I

60°56.02′ T, 27°31.16′ I

60°59.76′ T, 27°43.48′ I

61°03.00′ T, 27°39.41′ I

60°58.76′ T, 27°27.32′ I.

3.   Bearta maidir le hiascach na bpéirsí mara in uiscí idirnáisiúnta fholimistéir 1 agus 2 de CITM

3.1.

Ní cheadófar iascaireacht dhírithe ar phéirsí mara in uiscí idirnáisiúnta fholimistéir 1 agus 2 de CITM ach amháin sa tréimhse idir an 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig gach bliain ag soithí a bhí páirteach san iascach péirsí mara roimhe sin i limistéar rialála an Choimisiúin um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC).

3.2.

Cuirfidh soithí teorainn lena bhfoghabhálacha de phéirsí mara in iascaigh eile sa dóigh is nach mbeidh níos mó ná 1 % den ghabháil iomlán a choinnítear ar bord ina fhoghabháil den sórt sin.

3.3.

Is é 1,70 an ráta coinbhéartachta a bheidh le cur i bhfeidhm ar phéirsí gorma atá glanta agus dícheannta, lena n-áirítear gearradh Seapánach ar phéirsí mara agus a gabhadh san iascach seo.

3.4.

De mhaolú ar phointe (b) d’Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010, tabharfaidh máistrí soithí iascaireachta atá i mbun gníomhaíochta san iascach sin tuairisc laethúil ar a ngabhálacha.

3.5.

I dteannta Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010, ní bheidh údarú le haghaidh iascaireachta péirsí mara bailí ach amháin má dhéantar na tuarascálacha a tharchuireann na soithí i gcomhréir le hAirteagal 9(1) den Rialachán sin a thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 9(3) de.

3.6.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbaileoidh breathnóirí eolaíocha faisnéis eolaíoch ar bord soithí a bhfuil a mbrat ar foluain acu. Ar a laghad, beidh san fhaisnéis a bhaileofar sonraí ionadaíocha ar a bhfuil sa ghabháil maidir le gnéas, aois agus fad, de réir doimhneachta. Cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát an fhaisnéis sin in iúl do CITM.

3.7.

Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoin dáta a thugann Rúnaíocht NEAFC fógra do pháirtithe conarthacha NEAFC gur úsáideadh an ghabháil iomlán is incheadaithe (TAC) ina hiomláine. Cuirfidh na Ballstáit toirmeasc ar iascaireacht dhírithe péirsí mara ag soithí a bhfuil a mbrat ar foluain acu ón dáta.

4.   Bosca cadóg Rocal i bhfolimistéar 6 de CITM

Toirmiscfear gach iascaireacht, seachas le spiléir, sna limistéir atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras WGS84:

57°00′ T, 15°00′ I

57°00′ T, 14°00′ I

56°30′ T, 14°00′ I

56°30′ T, 15°00′ I

57°00′ T, 15°00′ I.

CUID D

Limistéir atá iata chun gnáthóga íogaire a chosaint

1.

Toirmeascfar trál grinnill a dhéanamh nó iascaireacht a dhéanamh le gléas iascaireachta éighníomhach, lena n-áirítear eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe agus spiléir ghrinneallsocraithe, laistigh de na limistéir seo a leanas a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, a thomhaisfear de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

Cuid d’Iomaire Reykjanes:

55°04.5327′ T, 36°49.0135′ I

55°05.4804′ T, 35°58.9784′ I

54°58.9914′ T, 34°41.3634′ I

54°41.1841′ T, 34°00.0514′ I

54°00′ T, 34°00′ I

53°54.6406′ T, 34°49.9842′ I

53°04.5327′ T, 36°49.0135′ I

55°04.5327′ T, 36°49.0135′ I

Limistéar Thuaidh MAR:

59°45′ T, 33°30′ I

57°30′ T, 27°30′ I

56°45′ T, 28°30′ I

59°15′ T, 34°30′ I

59°45′ T, 33°30′ I

Lárlimistéar MAR (Brischrios Charlie-Gibbs agus Réigiún Tosaigh Fopholaigh):

53°00′ T, 38°00′ I

53°30′ T, 36°49′ I

55°04.5327′ T, 36°49.0135′ I

54°58.9914′ T, 34°41.3634′ I

54°41.1841′ T, 34°00′ I

53°00′ T, 30°00′ I

51°00′ T, 28°00′ I

49°00′ T, 26°30′ I

49°00′ T, 30°30′ I

51°00′ T, 32°00′ I

51°00′ T, 38°00′ I

53°00′ T, 38°00′ I

Limistéar Theas MAR:

44°30′ T, 30°30′ I

44°00′ T, 27°00′ I

43°15′ T, 27°15′ I

43°15′ T, 31°00′ I

44°30′ T, 30°30′ I

Tuláin Ghrinnill Altair:

45°00′ T, 34°35′ I

45°00′ T, 33°45′ I

44°25′ T, 33°45′ I

44°25′ T, 34°35′ I

45°00′ T, 34°35′ I

Tuláin Ghrinnill Antialtair:

43°45′ T, 22°50′ I

43°45′ T, 22°05′ I

43°25′ T, 22°05′ I

43°25′ T, 22°50′ I

43°45′ T, 22°50′ I

Banc Hatton:

59°26′ T, 14°30′ I

59°12′ T, 15°08′ I

59°01′ T, 17°00′ I

58°50′ T, 17°38′ I

58°30′ T, 17°52′ I

58°30′ T, 18°22′ I

58°03′ T, 18°22′ I

58°03′ T, 17°30′ I

57°55′ T, 17°30′ I

57°45′ T, 19°15′ I

58°11.15′ T, 18°57.51′ I

58°11.57′ T, 19°11.97′ I

58°27.75′ T, 19°11.65′ I

58°39.09′ T, 19°14.28′ I

58°38.11′ T, 19°01.29′ I

58°53.14′ T, 18°43.54′ I

59°00.29′ T, 18°01.31′ I

59°08.01′ T, 17°49.31′ I

59°08.75′ T, 18°01.47′ I

59°15.16′ T, 18°01.56′ I

59°24.17′ T, 17°31.22′ I

59°21.77′ T, 17°15.36′ I

59°26.91′ T, 17°01.66′ I

59°42.69′ T, 16°45.96′ I

59°20.97′ T, 15°44.75′ I

59°21′ T, 15°40′ I

59°26′ T, 14°30′ I

Rocal Thiar Thuaidh:

57°00′ T, 14°53′ I

57°37′ T, 14°42′ I

57°55′ T, 14°24′ I

58°15′ T, 13°50′ I

57°57′ T, 13°09′ I

57°50′ T, 13°14′ I

57°57′ T, 13°45′ I

57°49′ T, 14°06′ I

57°29′ T, 14°19′ I

57°22′ T, 14°19′ I

57°00′ T, 14°34′ I

56°56′ T, 14°36′ I

56°56′ T, 14°51′ I

57°00′ T, 14°53′ I

Rocal Thiar Theas (Banc Bhanimpire na Breataine):

Limistéar 1

56°24′ T, 15°37′ I

56°21′ T, 14°58′ I

56°04′ T, 15°10′ I

55°51′ T, 15°37′ I

56°10′ T, 15°52′ I

56°24′ T, 15°37′ I

Limistéar 2

55°56.90 T -16°11.30 I

55°58.20 T -16°11.30 I

55°58.30 T -16°02.80 I

55°56.90 T -16°02.80 I

55°56.90 T -16°11.30 I

Limistéar 3

55°49.90 T -15°56.00 I

55°48.50 T -15°56.00 I

55°48.30 T -15°50.60 I

55°49.60 T -15°50.60 I

55°49.90 T -15°56.00 I

Banc Edora

56°26.00 T -22°26.00 I

56°28.00 T -22°04.00 I

56°16.00 T -21°42.00 I

56°05.00 T -21°40.00 I

55°55.00 T -21°47.00 I

55°45.00 T -22°00.00 I

55°43.00 -23°14.00 I

55°50.00 T -23°16.00 I

56°05.00 T -23°06.00 I

56°18.00 T -22°43.00 I

56°26.00 T -22°26.00 I

Banc Rocal Thiar Theas

Limistéar 1

55°58.16 T -16°13.18 I

55°58.24 T -16°02.56 I

55°54.86 T -16°05.55 I

55°58.16 T -16°13.18 I

Limistéar 2

55°55.86 T -15°40.84 I

55°51.00 T -15°37.00 I

55°47.86 T -15°53.81 I

55°49.29 T -15°56.39 I

55°55.86 T -15°40.84 I

Imchuach Hatton Rocal

Limistéar 1

58°00.15 T -15°27.23 I

58°00.15 T -15°38.26 I

57°54.19 T -15°38.26 I

57°54.19 T -15°27.23 I

58°00.15 T -15°27.23 I

Limistéar 2

58° 06.46 T -16° 37.15 I

58° 15.93 T -16° 28.46 I

58° 06.77 T -16° 10.40 I

58° 03.43 T -16° 10.43 I

58° 01.49 T -16° 25.19 I

58° 02.62 T -16° 36.96 I

58° 06.46 T -16° 37.15 I

Banc Hatton 2

Limistéar 1

57°51.76 T -18°05.87 I

57°55.00 T -17°30.00 I

58°03.00 T -17°30.00 I

57°53.10 T -16°56.33 I

57°35.11 T -18°02.01 I

57°51.76 T -18°05.87 I

Limistéar 2

57°59.96 T -19°05.05 I

57°45.00 T -19°15.00 I

57°50.07 T -18°23.82 I

57°31.13 T -18°21.28 I

57°14.09 T -19°28.43 I

57°02.21 T -19°27.53 I

56°53.12 T -19°28.97 I

56°50.22 T -19°33.62 I

56°46.68 T -19°53.72 I

57°00.04 T -20°04.22 I

57°10.31 T -19°55.24 I

57°32.67 T -19°52.64 I

57°46.68 T -19°37.86 I

57°59.96 T -19°05.05 I

Mullóg Logachev:

55°17′ T, 16°10′ I

55°34′ T, 15°07′ I

55°50′ T, 15°15′ I

55°33′ T, 16°16′ I

55°17′ T, 16°10′ I

Mullóg Rocal Thiar:

57°20′ T, 16°30′ I

57°05′ T, 15°58′ I

56°21′ T, 17°17′ I

56°40′ T, 17°50′ I

57°20′ T, 16°30′ I

2.

Más rud é, le linn oibriúcháin iascaireachta i limistéir nua agus reatha iascaireachta grinnill, laistigh de Limistéar Rialála NEAFC, go sáraítear in aon ghabháil amháin 60 kg de choiréalach beo agus/nó 800 kg de spúinse beo in aghaidh gach gléas, beidh ar an soitheach an méid sin a chur in iúl dá bhratstát, beidh orthu stopadh ó bheith ag iascaireacht san áit sin agus beidh orthu bogadh ar a laghad 2 mhuirmhíle ón ionad is giorra don áit go beacht, de réir na fianaise, ina ndearnadh an ghabháil.

IARSCRÍBHINN XIII

BEARTA MAOLAITHE ATÁ CEAPTHA CHUN GABHÁLACHA DE THAISME DE SPEICIS ÍOGAIRE A LAGHDÚ

Beidh feidhm ag na bearta seo a leanas chun faireachán a dhéanamh ar ghabhálacha de thaisme de speicis íogaire agus d’fhonn iad a laghdú:

1.

Na bearta a leagtar amach i gCuid A, Cuid B agus Cuid C.

2.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun sonraí eolaíocha a bhailiú i ndáil le gabhálacha de thaisme de speicis íogaire.

3.

Mar thoradh ar fhianaise eolaíoch, arna bailíochtú ag CITM, CETEI, nó faoi chuimsiú CIGM, ar an tionchar diúltach a bhíonn ag trealamh iascaireachta ar speicis leochaileacha, cuirfidh na Ballstáit moltaí comhpháirteacha isteach maidir le bearta maolaithe breise chun gabhálacha de thaisme de na speicis i dtrácht a laghdú nó i limistéar lena mbaineann ar bhonn Airteagal 15 den Rialachán seo.

4.

Déanfaidh na Ballstáit faireachán agus measúnú ar éifeachtacht na mbeart maolaithe a bhunaítear faoin Iarscríbhinn seo.

CUID A

Céiticigh

1.   Iascaigh ina bhfuil úsáid fuaimghaireas bactha éigeantach

1.1.

Beidh toirmeasc ar shoithí arb é 12 m nó níos mó a bhfad iomlán trealamh iascaireachta a úsáid i limistéir shonracha mar a shainítear thíos iad gan fuaimghaireas bactha gníomhach a úsáid san am céanna.

Limistéar

Trealamh

Limistéar Mhuir Bhailt treormharcáilte le líne ó chósta na Sualainne ag an bpointe domhanfhaid 13° O, as sin ó dheas díreach go domhanleithead 55° T, as sin soir díreach go domhanfhad 14° O, as sin ó thuaidh díreach go cósta na Sualainne; Agus limistéar treormharcáilte le líne ó chósta thoir na Sualainne ag an bpointe domhanleithid 55° 30′ T, as sin soir díreach go domhanfhad 15°O, as sin ó thuaidh díreach go domhanleithead 56° T, as sin soir díreach go domhanfhad 16° O as sin ó thuaidh díreach go cósta na Sualainne

Aon líon geolbhaigh grinneallsocraithe nó líon fostúcháin

Foroinn Mhuir Bhailt 24 (seachas an limistéar a chumhdaítear thuas)

Aon líon geolbhaigh grinneallsocraithe nó líon fostúcháin

Folimistéar 4 de CITM agus roinn 3a de CITM (ón 1 Lúnasa go dtí an 31 Deireadh Fómhair amháin)

Aon líon geolbhaigh grinneallsocraithe nó líon fostúcháin nó comhcheangal den dá líon, nach mó a bhfad iomlán ná 400 mr

Aon líon geolbhaigh grinneallsocraithe nó líon fostúcháin ≥ 220 mm

Ranna 7e, 7f, 7g, 7h agus 7j de CITM

Aon líon geolbhaigh grinneallsocraithe nó líon fostúcháin

Roinn 7d de CITM

Aon líon geolbhaigh grinneallsocraithe nó líon fostúcháin

1.2.

Ní bheidh feidhm ag pointe 1.1 maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéantar chun críche taighde eolaíoch, agus chun na críche sin amháin, le cead agus faoi údarás an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, agus arb é is aidhm leo bearta teicniúla a cheapadh chun gabháil nó marú céiticeach de thaisme a laghdú.

1.3.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun faireachán agus measúnú a dhéanamh, trí bhíthin staidéir eolaíocha nó treoirthionscadal, ar éifeachtaí an fhuaimghairis bhactha sna hiascaigh agus sna limistéir lena mbaineann.

2.   Iascaigh a ndéanfar faireachán orthu

2.1.

Gabhfar scéimeanna faireachán de lámh ar bhonn bliantúil agus socrófar iad le haghaidh soithigh a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus arb é 15 m nó níos mó a bhfad foriomlán chun faireachán a dhéanamh ar foghabhálacha de chéiticigh, i gcomhair na n-iascach agus faoi na coinníollacha a shainítear thíos.

Limistéar

Trealamh

Folimistéir 6, 7 agus 8 de CITM

Tráil pheiligeacha (singil agus péire)

An Mheánmhuir (lastoir de líne 5°36′ thiar)

Tráil pheiligeacha (singil agus péire)

Ranna 6a, 7a, 7b, 8a, 8b, 8c agus 9a de CITM

Líon geolbhaigh grinneallsocraithe nó líonta fostúcháin ar mó ná 80 mm nó ar cothrom le 80 mm a mogallmhéid

Folimistéar 4 de CITM, roinn 6a de CITM, agus folimistéar 7 de CITM seachas ranna 7c agus 7k de CITM

Sruthlíonta

Ranna 3a, 3b, 3c, 3d laisteas de 59° T, 3d lastuaidh ó 59° de CITM (idir an 1 Meitheamh agus an 30 Meán Fómhair amháin) agus folimistéir 4 agus 9 de CITM

Tráil pheiligeacha (singil agus péire)

Folimistéir 6, 7, 8 agus 9 de CITM

Tráil ardoscailte

Ranna 3b, 3c agus 3d de CITM

Líon geolbhaigh grinneallsocraithe nó líonta fostúcháin ar mó ná 80mm nó ar cothrom le 80 mm a mogallmhéid

2.2.

Ní bheidh feidhm ag pointe 2.1 maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéantar chun críche taighde eolaíoch, agus chun na críche sin amháin, le cead agus faoi údarás an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, agus arb é is aidhm leo bearta teicniúla a cheapadh chun gabháil nó marú céiticeach de thaisme a laghdú.

CUID B

Éanlaith mhara

I gcás ina léir ó na sonraí dá dtagraítear i bpointe 2 den mhír réamhráiteach den Iarscríbhinn seo go bhfuil líon sin na gabhálacha de thaisme d’éanlaith mhara in iascaigh shonracha ina bhagairt tromchúiseach do stádas caomhantais na n-éanlaithe sin, úsáidfidh na Ballstáit línte scanraithe éan agus/nó línte ualaithe, má chruthaítear go heolaíoch go bhfuil leas caomhantais sa limistéar sin de dhroim na húsáide sin, agus más praiticiúil agus tairbhiúil, is nuair atá an dorchadas ann, agus gan de shoilsiú deice ach a laghad is gá le haghaidh sábháilteachta, socróidh siad spiléir.

CUID C

Turtair mhara

1.   Iascaigh ina bhfuil úsáid gaireas eisiatóra turtar éigeantach.

1.1.

Beidh toirmeasc ar shoithí trealamh iascaireachta a shonraítear thíos a úsáid i limistéir shonracha gan gaireas eisiatóra turtar a úsáid san am céanna.

Limistéar

Speiceas

Trealamh

Uiscí an Aontais san Aigéan Indiach agus san Atlantach Thiar

Séaclaí (Penaeus spp., Xiphopenaeus kroyeri)

Aon tráil séaclaí

1.2.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear rialacha mionsonraithe maidir le sonraíocht an ghairis dá dtagraítear i bpointe 1.1.

IARSCRÍBHINN XIV

TÁSCAIRÍ FEIDHMÍOCHTA ROGHNAÍOCHTA SPEICEAS

An Mhuir Thuaidh

Uiscí an Iarthuaiscirt

Uiscí an Iardheiscirt

Muir Bhailt

An Mheánmhuir

Trosc

Trosc

Colmóir

Trosc

Colmóir

Cadóg

Cadóg

Faoitín

Leathóg bhallach

Milléad dearg

Liúdar

Liúdar

Scoilteán

 

 

Faoitín

Faoitín

 

 

 

Leathóg bhallach

Leathóg bhallach