25.7.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2019/1238 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meitheamh 2019

maidir le Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá teaghlaigh de chuid an Aontais ar na coigilteoirí is airde ar domhan, ach coinnítear méid mór den choigilteas sin i gcuntais bhainc a bhfuil aibíochtaí gearra acu. Trí níos mó infheistíochta a dhéanamh i margaí caipitil, is féidir cuidiú le dul i ngleic leis na dúshláin a thagann as aosú an phobail agus rátaí úis ísle.

(2)

Is cuid riachtanach d’ioncam duine atá ar scor iad pinsin seanaoise, agus, i gcás go leor daoine, is ionann soláthar leormhaith pinsin agus an difríocht idir compord sa tseanaois agus an bhochtaineacht. Is réamhchoinníoll iad sin d’fheidhmiú na gceart bunúsach a leagtar síos i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear in Airteagal 25 maidir le cearta daoine scothaosta, ina sonraítear an méid seo a leanas: “Aithníonn agus urramaíonn an tAontas cearta daoine scothaosta chun saol faoi dhínit agus neamhspleáchas a bheith acu agus chun páirt a ghlacadh sa saol sóisialta agus cultúrtha”.

(3)

Tá roinnt dúshlán ann nach mór don Aontas aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear dúshláin dhéimeagrafacha sa mhéid go bhfuil daonra mhór-roinn na hEorpa ag dul in aois. Sa bhreis air sin, tá athruithe radacacha ag teacht ar phatrúin ghairme, ar an margadh saothair agus ar dháileadh an rachmais, go háirithe mar thoradh ar an réabhlóid dhigiteach.

(4)

Soláthraítear cuid shuntasach de phinsin seanaoise faoi scéimeanna poiblí. D’ainneoin na hinniúlachta eisiaiche náisiúnta i ndáil le córais phinsin a eagrú, mar a chinntear sna Conarthaí í, tá leormhaitheas ioncaim agus inbhuanaitheacht airgeadais na gcóras pinsin náisiúnta ríthábhachtach do chobhsaíocht an Aontais ina iomláine. Trí níos mó de choigilteas na nEorpach a threorú ó airgead tirim agus taiscí bainc go táirgí infheistíochta fadtéarmacha, amhail táirgí pinsin deonacha de chineál scoir fhadtéarmaigh, ba thairbheach, dá bhrí sin, an tionchar do dhaoine aonair (a bhainfeadh sochar as torthaí níos airde agus as leormhaitheas feabhsaithe pinsin) agus don gheilleagar i gcoitinne.

(5)

In 2015, bhí 11,3 milliún saoránach de chuid an Aontais a bhí in aois oibre (20 bliain d’aois go 64 bliana d’aois) ina gcónaí i mBallstát nárbh é sin an Ballstát a bhfuil siad ina saoránach de agus bhí 1,3 milliún saoránach de chuid an Aontais ag obair i mBallstát nárbh é a mBallstát cónaithe é.

(6)

Le Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach (TPPU) iniompartha de chineál scoir fhadtéarmaigh, méadófar a tharraingteacht mar tháirge, go háirithe do dhaoine óga agus oibrithe soghluaiste, agus cuideofar le ceart shaoránaigh an Aontais cónaí agus oibriú ar fud an Aontais a éascú tuilleadh.

(7)

Is tábhachtach iad na pinsin phearsanta sa mhéid is go nascann siad coigilteoirí fadtéarmacha le deiseanna infheistíochta fadtéarmacha. Má bhíonn margadh Eorpach níos mó i leith pinsin phearsanta ann, tacóidh sé sin le cistí a sholáthar d’infheisteoirí institiúideacha agus le hinfheistíocht a dhéanamh san fhíorgheilleagar.

(8)

Leis an Rialachán seo, féadfar táirge pinsin phearsanta a chruthú, a mbeidh cineál scoir fhadtéarmaigh aige agus a chuirfidh tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG) san áireamh, amhail dá dtagraítear sna Prionsabail um Infheistíocht Fhreagrach lena dtacaíonn na Náisiúin Aontaithe, agus ar táirge é a bheidh, a mhéid is féidir, simplí, sábháilte, ar phraghas réasúnach, trédhearcach, tairbhiúil don tomhaltóir agus iniompartha ar fud an Aontais, agus a bheidh ina chomhlánú ar na córais atá cheana ann sna Ballstáit.

(9)

Faoi láthair, níl an margadh inmheánach le haghaidh táirgí pinsin phearsanta ag feidhmiú go rianúil. I mBallstáit áirithe, ní ann fós do mhargadh le haghaidh táirgí pinsin phearsanta. I mBallstáit eile, tá táirgí pinsin phearsanta ar fáil, ach tá ilroinnt sách mór ann idir na margaí náisiúnta. Mar thoradh air sin, tá iniomparthacht táirgí pinsin phearsanta teoranta. Dá dheasca sin, d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ag daoine aonair úsáid a bhaint as a saoirsí bunúsacha. Mar shampla, b’fhéidir go gcuirfí cosc orthu dul i mbun poist nó dul ar scor i mBallstát eile. Sa bhreis air sin, tá an easpa caighdeánaithe i leith táirgí pinsin phearsanta atá ann cheana ina constaic maidir leis an bhféidearthacht atá ag soláthraithe úsáid a bhaint as an tsaoirse bhunaíochta agus as an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar.

(10)

Ós rud é go bhfuil an margadh inmheánach do tháirgí pinsin phearsanta ilroinnte agus ilchineálach, d’fhéadfadh tionchar TPPUnna a bheith an-éagsúil ar fud na mBallstát, agus d’fhéadfadh an spriocphobal a bheith chomh héagsúil céanna. I mBallstáit áirithe, d’fhéadfadh TPPUnna a bheith ina réiteach do dhaoine nach bhfuil rochtain acu faoi láthair ar sholáthar leormhaith. I mBallstáit eile, d’fhéadfadh TPPUnna leathnú a dhéanamh ar an rogha don tomhaltóir, nó réitigh a sholáthar do shaoránaigh shoghluaiste. Níor cheart, áfach, go mbeadh sé mar aidhm ag TPPUnna teacht in ionad na gcóras pinsin náisiúnta atá cheana ann, ós rud é gur táirge pinsin phearsanta breise agus comhlántach is ea é.

(11)

Trí aontas na margaí caipitil (CMU), cuideofar le caipiteal a chur i gcúrsaíocht san Eoraip agus é a dhíriú ar gach cuideachta, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus tionscadail bhonneagair agus tionscadail inbhuanaithe fhadtéarmacha a bhfuil gá acu leis chun leathnú agus chun poist a chruthú Tá sé ar cheann de phríomhchuspóirí CMU méadú a dhéanamh ar an infheistíocht agus ar roghanna le haghaidh infheisteoirí miondíola trí úsáid níos fearr a bhaint as coigiltis Eorpacha. Chun na críche sin, beidh TPPU ina chéim chun tosaigh ó thaobh feabhas a chur ar chomhtháthú na margaí caipitil toisc go dtacaítear le maoiniú fadtéarmach an fhíorgheilleagair trína bhíthin, agus cineál scoir fhadtéarmaigh an táirge agus inbhuanaitheacht infheistíochtaí á gcur san áireamh.

(12)

Mar a fógraíodh i bPlean Gníomhaíochta an Choimisiúin chun CMU a Thógáil an 30 Meán Fómhair 2015, “déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcás i gcomhair creat beartais chun margadh Eorpach rathúil a bhunú do phinsin phearsanta shimplí éifeachtacha agus iomaíocha, agus chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh gá a bheith ann le reachtaíocht AE chun tacú leis an margadh sin.”

(13)

I rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Eanáir 2016 maidir leis an measúnú ar Rialachán Seirbhísí Airgeadais an Aontais agus na dúshláin a ghabhann leis: tionchar agus an bealach chun tosaigh i dtreo chreat AE i gcomhair Rialáil Airgeadais agus Aontas Margaí Caipitil (3), d’áitigh Parlaimint na hEorpa nach “mór timpeallacht a chothú ina gcothófar nuálaíocht táirgí airgeadais agus ina gcruthófar níos mó éagsúlachta agus sochar don fhíorgheilleagar agus ina gcuirfear dreasachtaí méadaithe i gcomhair infheistíochtaí ar fáil, agus timpeallacht a d’fhéadfadh rannchuidiú le pinsin leordhóthanacha shábháilte inbhuanaithe a sholáthar freisin, amhail, mar shampla, Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU) a fhorbairt a mbeidh dearadh trédhearcach simplí aige”.

(14)

Ina conclúidí an 28 Meitheamh 2016, d’iarr an Chomhairle Eorpach go ndéanfaí “dul chun cinn gasta agus diongbháilte chun rochtain níos éasca ar mhaoiniú a áirithiú do ghnólachtaí agus chun tacú le hinfheistíocht san fhíorgheilleagar trí bhogadh ar aghaidh leis an gclár oibre le haghaidh Aontas na Margaí Caipitil”.

(15)

I dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2016, dar teideal Aontas na Margaí Caipitil — Dlús a chur leis an Athchóiriú, d’fhógair an Coimisiún go ndéanfadh sé “breithniú ar thograí le haghaidh táirge pinsin phearsanta de chuid an Aontais a bheadh simplí, éifeachtúil agus iomaíoch […] Ar na roghanna atá á mbreithniú tá togra reachtach féideartha a d’fhéadfaí a chur síos in 2017”.

(16)

I dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2017, dar teideal Athbhreithniú Meántéarma ar Phlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil, d’fhógair an Coimisiún “togra reachtach maidir le Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach (TPPU) faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2017. Leagfar bonn do mhargadh a bheidh níos sábháilte, níos costéifeachtaí agus níos trédhearcaí, ar margadh coigiltis pinsin phearsanta dheonaigh é a fhéadfar a bhainistiú ar bhonn uile-Eorpach. Beidh sé ag freastal ar riachtanais na ndaoine atá ag iarraidh cur le leormhaitheas a gcoigiltis scoir, aghaidh a thabhairt ar an dúshlán déimeagrafach, na táirgí agus na scéimeanna pinsin atá ann cheana a chomhlánú, agus tacú le cost-éifeachtúlacht pinsean pearsanta trí dheiseanna maithe a thairiscint le haghaidh infheistíocht fhadtéarmach coigiltis phearsanta”.

(17)

Trí TPPU a fhorbairt, rannchuideofar leis na roghanna maidir le coigilteas scoir a mhéadú, go háirithe d’oibrithe soghluaiste, agus bunófar margadh de chuid an Aontais i gcomhair soláthraithe TPPUnna. Níor cheart, áfach, go mbeadh sé ina chomhlánú ach amháin ar chórais pinsin phoiblí.

(18)

Is féidir leis an oideachas airgeadais tacú leis an tuiscint agus leis an bhfeasacht ar roghanna coigiltis teaghlach i réimse na dtáirgí pinsin phearsanta deonacha. Ba cheart, freisin, go mbeadh deis chothrom ag coigilteoirí tuiscint iomlán a fháil ar na rioscaí agus ar na gnéithe a bhaineann le TPPU.

(19)

I gcreat reachtach do TPPU, leagfar síos an dúshraith do mhargadh rathúil in infheistíochtaí scoir inacmhainne agus deonacha is féidir a bhainistiú ar scála uile-Eorpach. Trí na scéimeanna agus táirgí pinsin reachtúla agus ceirde atá cheana ann a chomhlánú, rannchuideoidh sé le freastal ar riachtanais na ndaoine atá ag iarraidh cur le leordhóthanacht a gcoigilteas scoir, le haghaidh a thabhairt ar an dúshlán déimeagrafach, agus le sárfhoinse nua chaipitil phríobháidigh a sholáthar don infheistíocht fhadtéarmach. Ní thiocfaidh an creat sin in ionad táirgí ná scéimeanna pinsin phearsanta náisiúnta atá cheana ann ná ní dhéanfaidh sé iad a chomhchuibhiú, ná ní dhéanfaidh sé difear do scéimeanna agus táirgí pinsin reachtúla agus ceirde atá cheana ann.

(20)

Is táirge pinsin neamh-cheirde aonair é TPPU, a shuibscríobhann coigilteoir TPPU leis go deonach ag féachaint don scor. Toisc gur cheart go ndéanfaí foráil le TPPU i gcomhair carnadh caipitil fadtéarmach, ba cheart teorainn a chur le deiseanna i dtaca le haistarraingt luath caipitil agus d’fhéadfaí pionós a ghearradh i gcás mar sin.

(21)

Leis an Rialachán seo, déantar sraith de chroíghnéithe don TPPU a chomhchuibhiú a bhaineann le príomheilimintí amhail dáileadh, inneachar íosta conarthaí, beartas infheistíochta, malartú soláthraithe, nó soláthar agus iniomparthacht trasteorann. Trí na croíghnéithe sin a chomhchuibhiú, cuirfear feabhas ar chothroime iomaíochta do sholáthraithe pinsin phearsanta i gcoitinne agus cuideofar le dlús a chur le cur i gcrích CMU agus le comhtháthú an mhargaidh inmheánaigh do phinsin phearsanta. Is é a leanfaidh as sin ná go gcruthófar táirge uile-Eorpach atá caighdeánaithe den chuid is mó, a bheidh ar fáil sna Ballstáit ar fad, agus a chumasóidh tomhaltóirí chun lánúsáid a bhaint as an margadh inmheánach trína gcearta pinsin a aistriú thar lear agus go dtairgfear rogha níos leithne idir cineálacha difriúla soláthraithe, lena n-áirítear ar bhealach trasteorann. Toisc go laghdófar na bacainní a bheidh ann roimh sholáthar seirbhísí pinsin thar theorainneacha, déanfaidh TPPU an iomaíocht idir soláthraithe a mhéadú ar bhonn uile-Eorpach agus cruthóidh sé barainneachtaí scála ar cheart go rachaidís chun sochair do choigilteoirí.

(22)

Faoi Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), is féidir gníomhartha a ghlacadh i bhfoirm rialachán nó treoracha araon. Ba é rogha na tosaíochta rialachán a ghlacadh mar go mbeadh sé sin infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Dá bhrí sin, bhainfí úsáid as TPPU níos gasta i ngeall ar rialachán agus chuirfeadh sé dlús le haghaidh a thabhairt ar an ngá atá le breis coigiltis agus infheistíochtaí pinsin i gcomhthéacs CMU. Ós rud é go bhfuil croíghnéithe TPPUnna á gcomhchuibhiú leis an Rialachán seo, ní gá iad a bheith faoi réir rialacha náisiúnta sonracha agus dealraíonn sé, dá réir, gurb oiriúnaí rialachán ná treoir sa chás seo. Os a choinne sin, tá na gnéithe atá lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo (e.g, coinníollacha chéim an charntha) faoi réir rialacha náisiúnta.

(23)

Leis an Rialachán seo, ba cheart go leagfaí síos rialacha aonfhoirmeacha maidir le clárú, soláthar, dáileadh agus maoirseacht i leith TPPUnna. Ba cheart go mbeadh TPPUnna faoi réir na bhforálacha atá sa Rialachán seo, dhlí earnálach ábhartha an Aontais agus gníomhartha comhfhreagracha tarmligthe agus cur chun feidhme freisin. Sa bhreis air sin, ba cheart feidhm a bheith ag na dlíthe arna nglacadh ag na Ballstáit i gcur chun feidhme dhlí earnálach an Aontais. Mura gcumhdaítear iad cheana leis an Rialachán seo nó le dlí earnálach an Aontais, ba cheart feidhm a bheith ag dlíthe faoi seach na mBallstát. Ba cheart freisin go mbeadh TPPU faoi réir conradh arna chur i gcrích idir an coigilteoir TPPU agus an soláthraí TPPUnna (an “conradh TPPU”). Tá tacar príomhghnéithe an táirge ar cheart iad a chur san áireamh sa chonradh TPPU. Ba cheart nár dhochar an Rialachán seo do rialacha an Aontais maidir leis an dlí príobháideach idirnáisiúnta, go háirithe rialacha a bhaineann le dlínse cúirteanna agus an dlí is infheidhme. Ina theannta sin, ba cheart nár dhochar an Rialachán seo don dlí náisiúnta conarthach, sóisialta, saothair agus cánach.

(24)

Ba cheart go mbeadh sé soiléir ón Rialachán seo gur gá do chonradh TPPU gach riail is infheidhme a chomhlíonadh. Thairis sin, ba cheart go ndéanfaí cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe a shocrú agus tacar príomhghnéithe den táirge a áireamh leis an gconradh TPPU. D’fhéadfadh ionadaí ghrúpa coigilteoirí TPPU conradh TPPU a chur i gcrích freisin, amhail comhlachas neamhspleách coigilteoirí, ag gníomhú dó thar ceann an ghrúpa sin, ar choinníoll go ndéantar sin i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme agus go bhfaigheann coigilteoirí TPPU a shuibscríobhann leis ar an mbealach sin an fhaisnéis agus an chomhairle chéanna le coigilteoirí TPPU a thugann conradh TPPU i gcrích go díreach le soláthraí TPPUnna nó trí dháileoir TPPUnna.

(25)

Ba cheart go mbeadh soláthraithe TPPUnna in ann margadh iomlán an Aontais a rochtain le clárúchán táirge aonair amháin atá le deonú ar bhonn tacar aonair de rialacha. Chun táirge a mhargú faoin ainmníocht “TPPU”, ba cheart do sholáthraithe TPPUnna is iarratasóirí iarratas ar chlárúchán a dhéanamh lena n-údaráis inniúla. Ní chuireann an Rialachán seo cosc ar chlárú táirge pinsin phearsanta atá ann cheana agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos leis an Rialachán seo. Ba cheart do na húdaráis inniúla cinneadh maidir le clárú a dhéanamh má tá an fhaisnéis uile is gá tugtha ag an soláthraí TPPUnna is iarratasóir agus má tá socruithe oiriúnacha i bhfeidhm chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh. Tar éis do na húdaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir le clárú, ba cheart dóibh fógra a thabhairt don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) (ÚEÁPC), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), dá réir sin chun an soláthraí TPPUnna agus an TPPU a chlárú ar an gclár lárnach poiblí. Ba cheart clárú den chineál sin a bheith bailí ar fud an Aontais trí chéile. Chun maoirseacht éifeachtach ar chomhlíonadh na gceanglas aonfhoirmeach arna leagan síos sa Rialachán seo a áirithiú, ba cheart aon mhodhnú ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis agus ar na doiciméid arna soláthar sa nós imeachta clárúcháin a chur in iúl láithreach do na húdaráis inniúla agus do ÚEÁPC, i gcás inarb infheidhme.

(26)

Ba cheart do ÚEÁPC clár lárnach poiblí a chruthú ina mbeidh faisnéis faoi na TPPUnna ar cláraíodh iad agus a bhféadfaí iad a sholáthar agus a dháileadh san Aontas, mar aon le faisnéis faoi na soláthraithe TPPUnna agus liosta de na Ballstáit ina dtairgtear an TPPU. I gcás nach ndáileann soláthraithe TPPUnna TPPU laistigh de chríoch Bhallstáit ach gur féidir leo fochuntas a oscailt don Bhallstát sin chun iniomparthacht a áirithiú dá gcustaiméirí TPPU, ba cheart go mbeadh faisnéis sa chlár sin freisin maidir leis na Ballstáit dá dtairgeann an soláthraí TPPUnna fo-chuntais.

(27)

Tá éagsúlacht shuntasach idir na Ballstáit maidir leis an mbealach ina n-eagraítear agus a rialáiltear institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). I mBallstáit áirithe, ní cheadaítear do na hinstitiúidí sin ach amháin gníomhaíochtaí pinsin cheirde a dhéanamh ach, i mBallstáit eile, ceadaítear do na hinstitiúidí sin, lena n-áirítear na heintitis údaraithe atá freagrach as a n-oibriú agus as gníomhú ar a son, i gcás nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil ag IORPanna, gníomhaíochtaí pinsin cheirde agus phearsanta a dhéanamh. Ní hamháin go bhfuil strúchtúir eagrúcháin dhifriúla do IORPanna tagtha as sin ach gabhann maoirseacht dhifriúil leis freisin ar an leibhéal náisiúnta. Go háirithe, tá maoirseacht stuamachta IORPanna atá údaraithe chun gníomhaíochtaí pinsin cheirde agus phearsanta a dhéanamh níos leithne ná maoirseacht stuamachta na IORPanna sin nach ndéanann ach gníomhaíochtaí pinsin cheirde.

Chun nach gcuirfí cobhsaíocht airgeadais i mbaol agus go gcuirfí san áireamh an struchtúr eagrúcháin difriúil agus an mhaoirseacht dhifriúil, níor cheart go gceadófaí ach amháin do na IORPanna sin atá údaraithe freisin chun táirgí pinsin phearsanta a sholáthar de bhun an dlí náisiúnta, agus a ndéantar maoirseacht orthu dá bhun sin freisin, TPPUnna a sholáthar. Ina theannta sin, agus chun an chobhsaíocht airgeadais a choimirciú tuilleadh, ba cheart na sócmhainní agus na dliteanais go léir a chomhfhreagraíonn do ghnólacht a sholáthraíonn TPPUnna a imfhalú, gan aon fhéidearthacht a bheith ann iad a aistriú chuig gnólacht soláthair scoir eile na hinstitiúide. Maidir le IORPanna a sholáthraíonn TPPUnna, ba cheart dóibh na caighdeáin ábhartha arna socrú le Treoir (AE) 2016/2341 a chomhlíonadh i gcónaí, lena n-áirítear na rialacha infheistíochta níos mionsonraithe arna leagan síos ag na Ballstáit ina bhfuil siad cláraithe nó údaraithe i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/2341 agus an Treoir sin á trasuí, agus forálacha a gcórais rialaithe. Mar a bhíonn i gcás soláthraithe eile TPPUnna, nuair a leagtar síos forálacha níos déine leis an Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha sin.

(28)

Áiritheofar leis an bpas TPPU aonair go gcruthófar margadh inmheánach le haghaidh TPPU.

(29)

Ba cheart go mbeadh dáileoirí TPPUnna in ann TPPUnna a mhonaraigh siad agus TPPU nár mhonaraigh siad a dháileadh ar choinníoll go mbeadh sé sin i gcomhréir leis an dlí earnálach ábhartha. Ba cheart go mbeadh dáileoirí TPPUnna i dteideal TPPUnna nár mhonaraigh siad a dháileadh. Níor cheart go ndéanfadh dáileoirí TPPUnna ach na táirgí sin ar ina leith atá an t-eolas agus an inniúlacht iomchuí acu a dháileadh i gcomhréir leis an dlí earnálach ábhartha.

(30)

Ba cheart do sholáthraithe TPPUnna nó dáileoirí TPPUnna comhairle a thabhairt do choigilteoirí TPPU sula ndéanfar conradh TPPU a thabhairt i gcrích agus cineál scoir fhadtéarmaigh an táirge, éilimh agus riachtanais aonair an choigilteora TPPU agus an infhuascailteacht theoranta á gcur san áireamh. Ba cheart go mbeadh an chomhairle dírithe go háirithe ar choigilteoir TPPU a chur ar an eolas faoi ghnéithe na roghanna infheistíochta, faoi leibhéal na cosanta caipitil agus faoi fhoirmeacha na n-eisíocaíochtaí.

(31)

Faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar nó faoin tsaoirse bhunaíochta, is féídir le soláthraithe TPPUnna TPPU a sholáthar, agus is féídir le dáileoirí TPPUnna é a dháileadh, laistigh de chríoch an Bhallstáit óstaigh sin tar éis fochuntas a oscailt don Bhallstát óstach sin. Chun seirbhís ar ardcháilíocht agus cosaint éifeachtach do thomhaltóirí a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit bhaile agus óstacha oibriú i ndlúthchomhar le chéile agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo á bhforfheidhmiú. I gcás ina dtéann soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna i mbun gnó i mBallstáit éagsúla faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, ba cheart d’údaráis inniúla an Bhallstáit baile a bheith freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo, mar go bhfuil naisc níos dlúithe acu leis an soláthraí TPPUnna. Chun comhroinnt chothrom na bhfreagrachtaí idir údaráis inniúla na mBallstát baile agus óstach a áirithiú, más rud é go bhfaigheann údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh fios i dtaobh aon sáraithe ar oibleagáidí a bheith ag tarlú laistigh dá gcríoch, ba cheart dóibh é sin a chur in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit baile agus ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar an mBallstát sin bearta iomchuí a dhéanamh ansin. Thairis sin, ba cheart d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh a bheith i dteideal idirghabháil a dhéanamh má mhainníonn údaráis inniúla an Bhallstáit bhaile bearta iomchuí a dhéanamh nó mura bhfuil na bearta a dhéantar leordhóthanach.

(32)

Ba cheart go mbeadh na hacmhainní uile is gá ar fáil d’údaráis inniúla na mBallstát chun a áirithiú go mbeadh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna ag dul i mbun gnó go rianúil ar fud an Aontais, cibé acu atáthar á dhéanamh i gcomhréir leis an tsaoirse bhunaíochta nó i gcomhréir leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar. Chun éifeachtacht na maoirseachta a áirithiú, ba cheart do gach gníomhaíocht a dhéanann na húdaráis inniúla a bheith comhréireach le cineál, scála agus castacht na rioscaí a bhaineann le gnó soláthraí nó dáileora ar leith.

(33)

Is féidir an ghné uile-Eorpach den TPPU a fhorbairt, ní hamháin ar leibhéal an tsoláthraí, trí bhíthin na ndeiseanna dá ghníomhaíocht trasteorann, ach ar leibhéal an choigilteora TPPU freisin trí bhíthin iniomparthacht an TPPU agus na seirbhíse malartaithe, agus rannchuideofar ar an gcaoi sin le coimirciú a dhéanamh ar chearta pinsin phearsanta na ndaoine atá ag feidhmiú a gceart chun saorghluaiseachta faoi Airteagal 21 agus Airteagal 45 CFAE. Is é atá i gceist le hiniomparthacht gur féidir leis an gcoigilteoir TPPU áit chónaithe a athrú go Ballstát eile gan soláthraithe TPPUnna a athrú agus, os a choinne sin, ní gá go mbeadh athrú áit chónaithe i gceist le malartú soláthraithe TPPUnna.

(34)

Ba cheart go gcuimseodh TPPU fochuntais náisiúnta, gach ceann acu ag riar ar ghnéithe táirge pinsin phearsanta lenar féidir ranníocaíochtaí chuig an TPPU nó eisíocaíochtaí a bheith incháilithe chun dreasachtaí a fháil má tá fáil orthu sna Ballstáit ar i ndáil leo a dhéanann an soláthraí TPPUnna fochuntas a chur ar fáil. Ba cheart leas a bhaint as an bhfochuntas chun taifead a choimeád ar na ranníocaíochtaí arna ndéanamh le linn chéim an carntha agus na heisíocaíochtaí arna ndéanamh le linn chéim an dícharntha i gcomhréir le dlí an Bhallstáit dár osclaíodh an fochuntas. Ar leibhéal an choigilteora TPPU aonair, ba cheart an chéad fhochuntas a chruthú nuair a thabharfar conradh TPPU chun críche.

(35)

Chun gur féidir le soláthraithe TPPUnna aistriú go rianúil, ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid TPPUnna ina gcuimsítear fochuntais a sholáthar do dhá Bhallstát laistigh de 3 bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tráth TPPU a sheoladh, ba cheart don soláthraí TPPUnna faisnéis a sholáthar faoi na fochuntais atá ar fáil láithreach, chun go seachnófaí an fhéidearthacht coigilteoirí TPPU ar chur ar míthreoir. Má aistríonn coigilteoir TPPU go Ballstát eile agus mura bhfuil fochuntas ar fáil don Bhallstát sin, ba cheart go gcuirfeadh an soláthraí TPPUnna ar chumas an choigilteora TPPU malartú gan mhoill agus saor in aisce go soláthraí TPPUnna eile a sholáthraíonn fochuntas don Bhallstát sin. Ina theannta sin, bheadh an coigilteoir TPPU in ann leanúint de ranníocaíochtaí a dhéanamh leis an bhfochuntas i gcás ina ndearnadh ranníocaíochtaí sular athraíodh áit chónaithe.

(36)

Agus cineál scoir fhadtéarmaigh an TPPU agus an t-ualach riaracháin lena mbaineann á gcur san áireamh, ba cheart do sholáthraithe TPPUnna agus do dháileoirí TPPUnna faisnéis shoiléir, shothuigthe, agus leormhaith a sholáthar do choigilteoirí TPPU ionchasacha agus do thairbhithe TPPU chun tacú leo nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh acu faoina dtréimhse scoir féin. Ar an gcúis chéanna, ba cheart do sholáthraithe TPPUnna agus do dháileoirí TPPUnna ardleibhéal trédhearcachta a áirithiú freisin ar feadh na gcéimeanna éagsúla de TPPU, lena n-áirítear an chéim réamhchonarthach, críochnú an chonartha, céim an charntha (lena n-áirítear an tréimhse réamhscoir) agus chéim an dícharntha a mhéid a bhaineann leis an gconradh. Go háirithe, ba cheart faisnéis maidir le teidlíochtaí fabhraithe scoir, leibhéil réamh-mheasta sochar scoir TPPU, rioscaí agus ráthaíochtaí, comhtháthú thosca ESG agus costais a thabhairt. I gcás ina mbeidh leibhéil réamh-mheasta sochar scoir TPPU bunaithe ar chásanna eacnamaíocha, ba cheart go n-áireofaí freisin san fhaisnéis sin cás den mheastachán is fear agus cás mífhabhrach a bheadh thar meán ach réadúil.

(37)

Sula ndéanfaidh siad conradh TPPU a thabhairt i gcrích, ba cheart gach faisnéis atá riachtanach chun cinneadh eolasach a dhéanamh a thabhairt do choigilteoirí TPPU ionchasacha. Sula ndéanfar conradh TPPU a thabhairt i gcrích, ba cheart éilimh agus riachtanais a bhaineann le scor a shonrú agus ba cheart comhairle a thabhairt.

(38)

Chun trédhearcacht táirge optamach a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe TPPUnna doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a tharraingt suas do na TPPUnna a mhonaraíonn siad sular féidir na TPPUnna sin a dháileadh ar choigilteoirí TPPU. Ina theannta sin, ba cheart dóibh a bheith freagrach as an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a bheith cruinn. Ba cheart an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a theacht in ionad an doiciméid faisnéise bunriachtanaí do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe agus é a oiriúnú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) nach mbeadh gá é a sholáthar, dá thoradh sin, do TPPUnna. Ba cheart doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU neamhspleách a tharraingt suas don TPPU Bunúsach. I gcás ina dtairgeann an soláthraí TPPU roghanna infheistíochta malartacha, ba cheart go soláthrófaí doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU cineálach do na roghanna infheistíochta malartacha a bhféadfadh tagairtí do dhoiciméid eile a bheith ann freisin. De rogha air sin, i gcás nach féidir an fhaisnéis is gá maidir leis na roghanna infheistíochta malartacha a sholáthar laistigh de dhoiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU neamhspleách aonair, ba cheart go soláthrófaí doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU neamhspleách do gach rogha infheistíochta malartach. Níor cheart, áfach, gurbh amhlaidh an cás ach amháin mura mbeadh soláthar doiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU chineálaigh do na roghanna infheistíochta malartacha chun leasa chustaiméirí TPPU. Dá bhrí sin, agus measúnú á dhéanamh ag na húdaráis inniúla ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ag an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, ba cheart dóibh inchomparáideacht optamach roghanna infheistíochta éagsúla a áirithiú, más infheidhme, agus aird á tabhairt go háirithe ar eolas cothrom le dáta faoi anailís ar iompraíocht chun go seachnófaí aon chlaonadh cognaíoch de dheasca chur i láthair na faisnéise.

(39)

Chun a áirithiú go scaipfear doiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU go forleathan agus go mbeidh siad ar fáil go forleathan, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo go bhfoilseoidh an soláthraí TPPUnna na doiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU ar a shuíomh gréasáin féin. Ba cheart go bhfoilseodh an soláthraí TPPUnna an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU do gach Ballstát ina ndáiltear an TPPU faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar nó faoin tsaoirse bhunaíochta, ina mbeidh an fhaisnéis shonrach i dtaobh na gcoinníollacha a bhaineann le céim an charntha agus céim an dícharntha i gcás an Bhallstáit sin.

(40)

Tá áireamháin do tháirgí pinsin phearsanta á bhforbairt cheana ar an leibhéal náisiúnta. Chun na háireamháin sin a bheith chomh húsáideach agus is féidir do thomhaltóirí, áfach, ba cheart go gcumhdóidís na costais agus na táillí a fhorchuireann soláthraithe TPPUnna éagsúla, mar aon le haon chostais nó táillí breise a fhorchuireann idirghabhálaithe nó aon chodanna eile den slabhra infheistíochta nach bhfuil curtha san áireamh cheana ag na soláthraithe TPPUnna.

(41)

Ba cheart mionsonraí na faisnéise a bheidh le cur san áireamh sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU agus cur i láthair na faisnéise sin a chomhchuibhiú tuilleadh trí bhíthin caighdeáin theicniúla rialála agus taighde atá ann cheana agus taighde atá ar siúl faoi láthair ar iompraíocht tomhaltóirí, lena n-áirítear torthaí ar éifeachtacht na mbealaí éagsúla chun faisnéis a chur i láthair na dtomhaltóirí a thástáil, á gcur san áireamh. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeánacha teicniúla rialála a ghlacadh. Ba cheart don ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a fhorbairt tar éis dó dul i gcomhairle le húdaráis mhaoirseachta Eorpacha (ÚMEnna) eile — leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Údarás Maoirseachta Eorpacha (Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ÚEUM) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcás inarb infheidhme mar aon leis an mBanc Ceannais Eorpach, údaráis inniúla agus tar éis tástáil tomhaltóirí agus tástáil tionscail dá bhforáiltear sa Rialachán seo, lena sonraítear mionsonraí an chur i láthair á sonrú, lena n-áirítear fad agus inneachar na faisnéise a bheidh le cur san áireamh sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU; na coinníollacha faoinar cheart athbhreithniú agus athcheartú a dhéanamh ar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU; na rialacha lena gcinntear na toimhdí ar réamh-mheastacháin sochair pinsin; mionsonraí maidir le cur i láthair na faisnéise a bheidh sa Ráiteas Sochair TPPU; agus na critéir íosta atá le comhlíonadh ag na theicnící maolaithe riosca. Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á bhforbairt aige, ba cheart go gcuirfeadh ÚEÁPC san áireamh na cineálacha éagsúla TPPUnna a d’fhéadfadh a bheith ann, cineál fadtéarmach TPPUnna, acmhainneachtaí coigilteoirí TPPU, agus gnéithe TPPUnna. Sula ndéanfar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a thíolacadh don Choimisiún, ba cheart go ndéanfaí tástáil tomhaltóirí agus tástáil tionscail le fíorshonraí, i gcás inarb iomchuí. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010. Chomh maith leis sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna bhforbairt ag an ÚEÁPC maidir leis na mionsonraí le haghaidh comhair agus malartú faisnéise a ghlacadh, mar aon leis na ceanglais is gá chun an fhaisnéis sin a chur i láthair i bhformáid caighdeánach lena bhféadfaí comparáid a dhéanamh, agus tar éis dul i gcomhairle le hUMEnna eile agus na húdaráis inniúla agus tar éis tástáil tionscail, i dtaca le formáid na tuairisciú maoirseachta trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

(42)

Ba cheart an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a bheith inaitheanta go soiléir ó aon ábhar margaíochta agus ba cheart é a bheith ar deighilt ón ábhar sin.

(43)

Ba cheart do sholáthraithe TPPUnna ráiteas sochair TPPU, a bheidh dírithe ar choigilteoirí TPPU, a tharraingt suas, chun sonraí bunriachtanacha pearsanta agus sonraí cineálacha faoin TPPU a chur faoina mbráid agus chun faisnéis chothrom le dáta air a áirithiú. Ba cheart don ráiteas sochair TPPU a bheith soiléir agus cuimsitheach agus ba cheart faisnéis ábhartha agus iomchuí a bheith ann ionas go n-éascófar tuiscint ar theidlíochtaí pinsin le himeacht ama agus thar tháirgí pinsin agus ba cheart dó freastal ar shoghluaisteacht lucht saothair. Ba cheart go n-áireofaí freisin sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU faisnéis faoin mbeartas infheistíochta a bhaineann le tosca ESG agus ba cheart go léireofaí ann an áit agus an dóigh ar féidir le coigilteoirí TPPU teacht ar fhaisnéis fhorlíontach maidir le comhtháthú tosca ESG. Ba cheart go ndéanfaí an ráiteas sochair TPPU a sholáthar do choigilteoirí TPPU ar bhonn bliantúil.

(44)

Ba cheart do sholáthraithe TPPUnna coigilteoirí TPPU a chur ar an eolas, 2 mhí roimh na dátaí ar a mbeidh deis ag coigilteoirí TPPU a roghanna eisíocaíochta a mhodhnú, faoin tús a chuirfear go gairid le céim an dícharntha, faoi chineálacha féideartha na n-eisíocaíochtaí agus faoin bhféidearthacht go bhféadfaí modhnú a dhéanamh ar chineál na n-eisíocaíochtaí. I gcás ina bhfuil níos mó ná fochuntas amháin oscailte, ba cheart coigilteoirí TPPU a chur ar an eolas faoin tús a d’fhéadfaí a chur le céim dícharntha gach fochuntais.

(45)

Le linn chéim an dícharntha, ba cheart do thairbhithe TPPU leanúint de bheith ag fáil faisnéise faoina sochair TPPU agus faoina roghanna eisíocaíochta comhfhreagracha. Tá tábhacht ar leith leis sin toisc gur suntasach an leibhéal riosca infheistíochta a bhíonn le hiompar ag tairbhithe TPPU ag céim na heisíocaíochta.

(46)

Chun cearta coigilteoirí TPPU agus tairbhithe TPPU a chosaint go leormhaith, ba cheart do sholáthraithe TPPUnna a bheith in ann leithdháileadh sócmhainní a roghnú a oireann do chineál beacht agus tréimhse bheacht a ndliteanas, lena n-áirítear iad sin lena mbaineann ionchas fadtéarmach. Dá bhrí sin, is gá maoirseacht éifeachtúil a dhéanamh agus is gá cur chuige i leith rialacha infheistíochta lena dtugtar go leor solúbthachta do sholáthraithe TPPUnna chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an mbeartas infheistíochta is sláine agus is éifeachtúla, agus lena gcuirtear d’oibleagáid orthu, ag an am céanna, gníomhú go stuama agus ar mhaithe le leas fadtéarmach is fearr coigilteoirí TPPU i gcoitinne. I dtaca le riail an duine stuama a chomhlíonadh, tá gá, dá bhrí sin, le beartas infheistíochta atá dírithe ar struchtúr custaiméirí an tsoláthraí TPPUnna.

(47)

Trí riail an duine stuama a shocrú mar an bunphrionsabal don infheistíocht chaipitil agus trína chumasú do sholáthraithe TPPUnna feidhmiú thar theorainneacha, déantar atreorú an choigiltis chuig earnáil soláthair scoir phearsanta a spreagadh, rud a chuireann leis an dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta. Ina theannta sin, le riail an duine stuama, ba cheart go gcuirfí san áireamh go follasach an ról atá ag tosca ESG sa phróiseas infheistíochta.

(48)

Ba cheart don Rialachán seo leibhéal iomchuí saoirse infheistíochta a áirithiú do sholáthraithe TPPUnna. Mar infheisteoirí an-fhadtéarmacha a bhfuil rioscaí ísle leachtachta acu, tá soláthraithe TPPUnna in ann cur le forbairt CMU trí infheistiú i sócmhainní neamhleachtacha amhail scaireanna agus in ionstraimí eile a bhfuil próifíl eacnamaíoch fhadtéarmach acu agus nach ndéantar iad a thrádáil ar mhargaí rialáilte, saoráidí trádála iltaobhacha (MTFanna) nó saoráidí trádála eagraithe (OTFanna) laistigh de theorainneacha stuama. Is féidir leo freisin leas a bhaint as na buntáistí a bhaineann leis an éagsúlú idirnáisiúnta. I gcomhréir le riail an duine stuama, níor cheart srian a chur le hinfheistíochtaí i scaireanna in airgeadraí cé is moite díobh sin a bhaineann leis na dliteanais, agus le hinfheistíochtaí in ionstraimí eile a bhfuil próifíl eacnamaíoch fhadtéarmach acu agus nach ndéantar iad a thrádáil ar mhargaí rialáilte, MTFanna ná OTFanna ionas go ndéanfar leas coigilteoirí TPPU agus tairbhithe TPPU a chosaint, seachas ar fhorais stuamachta.

(49)

I gcomhthéacs CMU a dhoimhniú, is ar bhealach leathan a thuigtear cad is ionstraimí ann a bhfuil próifíl eacnamaíoch fhadtéarmach acu. Is urrúis dho-aistrithe iad na hionstraimí sin agus dá bhrí sin ní bhíonn rochtain acu ar leachtacht na margaí tánaisteacha. Is minic a éilíonn siad gealltanais téarma sheasta lena gcuirtear srian lena n-indíoltacht agus ba cheart a thuiscint ina dtaobh go gcuimsíonn siad rannpháirtíocht i ngnóthais neamhliostaithe chomh maith le hionstraimí fiachais sna gnóthais sin agus iasachtaí a thugtar do na gnóthais sin. Áirítear ar ghnóthais neamhliostaithe tionscadail bhonneagair, cuideachtaí neamhliostaithe atá ag iarraidh fás, eastát réadach nó sócmhainní eile a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach do chuspóirí na hinfheistíochta fadtéarmaí. Is minic gur sócmhainní neamhliostaithe iad tionscadail bhonneagair ísealcharbóin atá athléimneach ó thaobh na haeráide de agus bíonn siad ag brath ar chreidmheasanna fadtéarmacha do mhaoiniú tionscadail. I bhfianaise chineál fadtéarmach a ndliteanas, tugtar spreagadh do sholáthraithe TPPUnna cuid leordhóthanach dá bpunann sócmhainní a shannadh d’infheistíochtaí inbhuanaithe san fhíorgheilleagar a bhfuil sochair fhadtéarmacha eacnamaíocha acu, go háirithe do thionscadail bhonneagair agus do chorparáidí bonneagair.

(50)

Is tábhachtach iad tosca ESG don bheartas infheistíochta agus do chórais bhainistithe riosca soláthraithe TPPUnna. Ba cheart soláthraithe TPPUnna a spreagadh chun aird a thabhairt ar na tosca sin i gcinntí infheistíochta agus an chaoi a bhfuil siad ina gcuid dá gcóras bainistithe riosca a chur san áireamh chun “sócmhainní tréigthe” a sheachaint. Ba cheart an fhaisnéis maidir le tosca ESG a bheith ar fáil do ÚEÁPC, do na húdaráis inniúla agus do choigilteoirí TPPU.

(51)

Ceann de na cuspóirí a bhaineann le TPPUnna a rialú is ea táirge coigiltis scoir sábháilte, cost-éifeachtach agus fadtéarmach a chruthú. De bhrí gur infheistíochtaí fadtéarmacha iad na hinfheistíochtaí a bhaineann le táirgí pinsin phearsanta, ba cheart aird faoi leith a thabhairt ar iarmhairtí fadtéarmacha leithdháileadh na sócmhainní. Go háirithe, ba cheart tosca ESG a chur san áireamh. Ba cheart coigilteas TPPU a infheistiú agus tosca ESG á gcur san áireamh amhail iad siúd a leagtar amach i gcuspóirí aeráide agus inbhuanaitheachta an Aontais amhail mar a leagtar amach i gComhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide (Comhaontú Pháras), i Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, agus i bPrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine.

(52)

Agus iad ag áirithiú go gcomhlíonfar a n-oibleagáid maidir le beartas infheistíochta a fhorbairt i gcomhréir le riail an duine stuama, ba cheart cosc a chur ar sholáthraithe TPPUnna infheistíocht a dhéanamh i ndlínsí neamh-chomhoibríocha arna sainaithint i gconclúidí is infheidhme na Comhairle maidir leis an liosta de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críocha cánach, ná i dtríú tír ardriosca ina bhfuil easnaimh straitéiseacha arna sainaithint ag an Rialachán Tarmligthe is infheidhme ón gCoimisiún arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(53)

I bhfianaise chuspóir scoir fhadtéarmaigh TPPU, ba cheart na roghanna infheistíochta a thabharfar do choigilteoirí TPPU a cheapadh ar chaoi a fhágfaidh go gcumhdófar na heilimintí lena gceadaítear d’infheisteoirí cinneadh infheistíochta a dhéanamh, lena n-áirítear líon na roghanna infheistíochta as a bhféadfaidh siad rogha a dhéanamh. I ndiaidh na rogha tosaí a dhéanamh ar shuibscríobh TPPU, ba cheart an deis a bheith ag an gcoigilteoir TPPU an rogha sin a mhodhnú tar éis 5 bliana ar a laghad ó TPPU a shuibscríobh, nó i gcás modhnú a rinneadh ina dhiaidh sin, ón modhnú is deireanaí a rinneadh ar an rogha infheistíochta, ionas go dtabharfar cobhsaíocht leordhóthanach do sholáthraithe le haghaidh a straitéise infheistíochta fadtéarmaí agus ionas go n-áiritheofar cosaint infheisteoirí ag an am céanna. Ba cheart, áfach, go bhféadfadh soláthraithe TPPUnna a cheadú do choigilteoirí TPPU an rogha infheistíochta arna roghnú a mhodhnú níos minice.

(54)

Ba cheart gur tháirge sábháilte é an TPPU Bunúsach, agus ba cheart go mbeadh sé ina rogha infheistíochta réamhshocraithe. D’fhéadfadh sé a bheith ina theicníc maolaithe riosca atá comhsheasmhach leis an gcuspóir atá ann maidir le ceadú don choigilteoir TPPU an caipiteal a fhorchúiteamh, nó ina ráthaíocht ar an gcaipiteal arna infheistiú. D’fhéadfadh sé gurbh ionann teicníc maolaithe riosca atá comhsheasmhach leis an gcuspóir atá ann maidir le ceadú don choigilteoir TPPU an caipiteal a fhorchúiteamh agus straitéis infheistíochta choimeádach nó straitéis saolré lena laghdaítear, de réir a chéile, riosca foriomlán neamhchosanta le himeacht aimsire. Leis na ráthaíochtaí a sholáthraítear faoin rogha infheistíochta réamhshocraithe, ba cheart go gcumhdófaí ar a laghad na ranníocaíochtaí le linn chéim an charntha tar éis gach táille agus muirear a aisbhaint. Ina theannta sin, ba cheart go gcumhdófaí na táillí agus na muirir leis na ráthaíochtaí agus d’fhéadfaidís foráil a dhéanamh do chuimsiú iomlán nó páirteach an bhoilscithe. Ba cheart ráthaíocht ar an gcaipiteal arna infheistiú a bheith dlite ag tús chéim an dícharntha agus le linn chéim an dícharntha, i gcás inarb infheidhme.

(55)

Chun cost-éifeachtúlacht agus feidhmíocht leordhóthanach a áirithiú i gcás coigilteoirí TPPU, ba cheart na costais agus na táillí don TPPU Bunúsach a bheith teoranta do chéatadán seasta den chaipiteal carntha. Cé gur cheart an teorainn sin a shocrú ag 1 % den chaipiteal carntha, b’iomchuí tuilleadh sonraithe a dhéanamh ar na cineálacha costas agus táillí a bheidh le cur san áireamh le caighdeáin theicniúla rialála, chun cothroime iomaíochta a áirithiú idir soláthraithe éagsúla TPPUnna agus cineálacha éagsúla TPPUnna lena struchtúir áirithe costas agus táillí. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeánacha teicniúla rialála den sórt sin, ar cheart dóibh a bheith forbartha ag EIOPA, a ghlacadh. Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á dtarraingt suas aige, ba cheart go ndéanfadh ÚEÁPC, go háirithe, breithniú i dtaobh chineál fadtéarmach an TPPU, i dtaobh na gcineálacha éagsúla TPPUnna agus i dtaobh na dtosca is ábhartha do chostais atá nasctha lena ngnéithe sonracha, ionas go n-áiritheofar cóir chothrom agus chomhionann na soláthraithe éagsúla TPPUnna agus a dtáirgí agus go gcuirfear san áireamh, ag an am céanna, gné an TPPU Bhunúsaigh mar tháirge simplí, cost-éifeachtúil agus trédhearcach lena soláthraítear toradh leordhóthanach réadach ar infheistíocht fhadtéarmach. Thairis sin, chun cineál fadtéarmach agus scoir an táirge a chaomhnú, ba cheart foirm na n-eisíocaíochtaí, go háirithe i ndáil le blianachtaí saoil, a mheasúnú go cúramach. Faoina chuimsiú sin, chun a áirithiú go rachaidh cothroime iomaíochta le soláthraithe eile chun sochair do sholáthraithe TPPUnna a thairgeann ráthaíocht chaipitil, ba cheart do ÚEÁPC aird chuí a thabhairt ar struchtúr na gcostas agus na dtáillí. De bhreis air sin, ba cheart athbhreithniú rialta a dhéanamh ar na luachanna céatadáin le haghaidh costas agus táillí chun a leormhaitheas leantach a áirithiú agus aon athruithe ar leibhéal na gcostas á gcur san áireamh. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

Chun cost-éifeachtúlacht leantach a áirithiú agus chun custaiméirí TPPU a chosaint ar struchtúir chostais ró-achrannacha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis an luach céatadáin a leasú, agus a athbhreithnithe á gcur san áireamh, go háirithe an leibhéal iarbhír agus athruithe ar leibhéal iarbhír na gcostas agus na dtáillí agus tionchar na huasteorann costais ar infhaighteacht TPPUnna, agus rochtain iomchuí ar an margadh atá ag soláthraithe éagsúla TPPUnna a sholáthraíonn cineálacha éagsúla TPPUnna.

(56)

Ba cheart do na húdaráis inniúla a gcumhachtaí a fheidhmiú agus é de phríomhchuspóirí acu cearta coigilteoirí TPPU agus tairbhithe TPPU a chosaint agus cobhsaíocht agus fóntacht soláthraithe TPPUnna a áirithiú.

(57)

I gcás inar IORP nó Bainisteoir Cistí Infheistíochta Malartacha AE (AE AIFM) é an soláthraí TPPUnna, ba cheart dó taisclann a cheapadh i dtaca leis na sócmhainní a chomhfhreagraíonn don ghnólacht a sholáthraíonn TPPUnna a choinneáil slán. Tá gá le coimircí breise i dtaca leis an eintiteas atá ag gníomhú mar thaisclann agus lena feidhmeanna óir, faoi láthair, tá na rialacha i dtaca leis an taisclann a leagtar amach i dTreoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) dírithe ar chistí a mhargaítear le hinfheisteoirí gairmiúla, agus leo siúd amháin, cé is moite de chistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha faoi Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) arna margú le hinfheisteoirí miondíola agus maidir leis an dlí earnálach is infheidhme i leith IORPanna, ní gá taisclann a cheapadh ina leith siúd i ngach cás. Chun an leibhéal is airde cosanta do thomhaltóirí a áirithiú i dtaca le sócmhainní a chomhfhreagraíonn don ghnólacht a sholáthraíonn TPPUnna a choinneáil slán, leis an Rialachán seo, ceanglaítear ar IORPanna agus ar AIFM AE a sholáthraíonn TPPU go gcomhlíonfaidís rialacha Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) a mhéid a bhaineann le ceapadh na taisclainne, le forghníomhú a cúraimí agus lena dualgais formhaoirseachta.

(58)

Tá trédhearcacht agus cothroime costas agus táillí bunriachtanach chun muinín coigilteoirí TPPU a fhorbairt agus chun a cheadú dóibh roghanna eolasacha a dhéanamh. Dá réir sin, ba cheart úsáid modhanna praghsála neamh-thrédhearcacha a thoirmeasc.

(59)

Chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na coinníollacha le haghaidh fheidhmiú na gcumhachtaí idirghabhála ag ÚEÁPC agus ag na húdaráis inniúla a shonrú agus na critéir agus na gnéithe atá le glacadh ag EIOPA chun a dheimhniú nuair atá ábhar imní suntasach maidir le cosaint do choigilteoirí TPPU. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (13). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(60)

Gan dochar do cheart custaiméirí TPPU caingean a thionscnamh sna cúirteanna, ba cheart nósanna imeachta maidir le réiteach malartach díospóide (ADR) atá inrochtana go héasca, leormhaith, neamhspleách, neamhchlaonta, trédhearcach agus éifeachtach a bhunú idir soláthraithe TPPUnna nó dáileoirí TPPUnna agus custaiméirí TPPU chun díospóidí a réiteach a eascraíonn as na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo.

(61)

D’fhonn nós imeachta éifeachtúil agus éifeachtach maidir le réiteach díospóidí a bhunú, ba cheart do sholáthraithe TPPUnna agus do dháileoirí TPPUnna nós imeachta éifeachtach gearán a chur i bhfeidhm a fhéadfaidh a gcustaiméirí a leanúint sula ndéanfar an díospóid a atreorú lena réiteach i nós imeachta ADR nó os comhair cúirte. Ba cheart tréimhsí ama atá gearr agus sainithe go soiléir a bheith sa nós imeachta gearán, ar laistigh díobh ba cheart don soláthraí TPPUnna nó don dáileoir TPPUnna freagra a thabhairt ar ghearán. Ba cheart go mbeadh acmhainneacht leordhóthanach ag comhlachtaí ADR dul i mbun comhoibriú trasteorann ar bhealach leordhóthanach agus éifeachtúil maidir le díospóidí a bhaineann le cearta agus oibleagáidí de bhun an Rialacháin seo.

(62)

Chun dálaí níos fearr a aimsiú le haghaidh a n-infheistíochtaí, agus ar an gcaoi sin iomaíocht a spreagadh freisin i measc soláthraithe TPPUnna, ba cheart an ceart a bheith ag coigilteoirí TPPU athrú go soláthraí TPPU difriúil, atá lonnaithe sa Bhallstát céanna nó i mBallstát eile, le linn chéim an charntha trí bhíthin nós imeachta soiléir, tapa agus sábháilte. Níor cheart, áfach, go mbeadh sé d’oibleagáid ar sholáthraithe TPPUnna an tseirbhís malartaithe a sholáthar le haghaidh TPPUnna, i gcás ina bhfuil eisíocaíochtaí á bhfáil ag coigilteoirí i bhfoirm blianachtaí saoil. Le linn an mhalartaithe, ba cheart go n-aistreodh soláthraithe aistritheacha TPPUnna na méideanna comhfhreagracha nó, i gcás inarb infheidhme, sócmhainní comhchineáil ón gcuntas TPPU agus é a dhúnadh. Ba cheart do choigilteoirí TPPU conarthaí a thabhairt i gcrích le soláthraithe TPPUnna is faighteoirí maidir le hoscailt chuntais TPPU nua. Ba cheart an struchtúr fochuntais céanna leis an iarchuntas TPPU a bheith ag an gcuntas TPPU nua.

(63)

Le linn na seirbhíse malartaithe, féadfaidh coigilteoirí TPPU a roghnú nach n-aistreoidh siad ach sócmhainní comhchineáil agus an malartú á dhéanamh idir soláthraithe TPPUnna, amhail gnólachtaí infheistíochta nó soláthraithe incháilithe eile a bhfuil ceadúnas breise acu atá ag gabháil do bhainistiú punainne do choigilteoirí TPPU. Sa chás sin, is gá toiliú i scríbhinn ón soláthraí is faighteoir. I gcás comhbhainistiú ar infheistíochtaí, ní féidir sócmhainní comhchineáil a mhalartú ar an ábhar nach ann do scaradh sócmhainní i gcás gach coigilteora TPPU.

(64)

Ba cheart don phróiseas malartaithe a bheith sách simplí don choigilteoir TPPU. Dá réir sin, ba cheart don soláthraí TPPUnna is faighteoir a bheith freagrach as an bpróiseas a thionscnamh agus a bhainistiú thar ceann an choigilteora TPPU agus arna iarraidh sin aige. Ba cheart do sholáthraithe TPPUnna a bheith in ann úsáid a bhaint as acmhainní breise, amhail réiteach teicniúil, ar bhonn deonach agus an tseirbhís malartaithe á bunú acu. I ngeall ar chineál uile-Eorpach an táirge, ba cheart go mbeadh coigilteoirí TPPU in ann malartú gan mhoill agus saor in aisce i gcás nach mbeidh fáil ar fhochuntas ar bith sa Bhallstát a n-aistreoidh an coigilteoir TPPU chuige.

(65)

Sula ndéantar an malartú a údarú, ba cheart an coigilteoir TPPU a chur ar an eolas maidir le gach céim den nós imeachta agus na costais is gá chun an malartú a chur i gcrích, chun go bhféadfaidh an coigilteoir TPPU cinneadh eolasach a dhéanamh maidir leis an tseirbhís malartaithe.

(66)

Tá comhoibriú an tsoláthraí TPPUnna aistrithigh riachtanach chun go mbeidh rath ar an malartú. Dá bhrí sin, ba cheart don soláthraí TPPUnna aistritheach gach faisnéis is gá a thabhairt don soláthraí TPPUnna is faighteoir chun go gcuirfear na híocaíochtaí ar ais sa chuntas TPPU eile. Níor cheart, áfach, go rachadh an fhaisnéis sin thar a bhfuil riachtanach chun an malartú a chur i gcrích.

(67)

Níor cheart do choigilteoirí TPPU a bheith faoi réir caillteanais airgeadais, lena n-áirítear muirir agus ús, a tharlaíonn de dheasca aon bhotún a dhéanfaidh ceachtar de na soláthraithe TPPUnna atá rannpháirteach sa phróiseas malartaithe. Go háirithe, níor cheart do choigilteoirí TPPU aon chaillteanas airgeadais a iompar a eascraíonn as táillí breise, ús nó muirir eile a íoc, mar aon le fíneálacha, pionóis nó aon chineál aimhleasa airgeadais de dheasca moill a bheith ar fhorghníomhú an mhalartaithe. Ar an ábhar gur cheart cosaint chaipitil a áirithiú ag tús chéim an dícharntha agus le linn chéim an dícharntha, i gcás inarb infheidhme, níor cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar an soláthraí TPPUnna aistritheach an chosaint chaipitil nó an ráthaíocht chaipitil a áirithiú tráth an mhalartaithe. B’fhéidir freisin go gcinnfeadh an soláthraí TPPUnna an chosaint chaipitil a áirithiú nó an ráthaíocht a sholáthar tráth an mhalartaithe.

(68)

Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag an gcoigilteoir TPPU cinneadh eolasach a dhéanamh sula ndéanfaidh sé an malartú. Ba cheart go gcomhlíonfadh an soláthraí TPPUnna is faighteoir na ceanglais dáileacháin agus faisnéise uile, lena n-áirítear soláthar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU, comhairle agus faisnéise leormhaith maidir leis na costais a bhaineann leis an malartú agus na himpleachtaí dochracha a d’fhéadfadh a bheith ar an gcosaint chaipitil agus TPPU lena ngabhann ráthaíocht á mhalartú. Ba cheart na costais don mhalartú a ghearrfaidh an soláthraí TPPUnna aistritheach a choimeád ag méid nach bhfuil ina bhac ar shoghluaisteacht agus in aon chás a bheith teoranta do 0,5 % de na méideanna comhfhreagracha nó luach airgeadaíochta na sócmhainní comhchineáil a bheidh le haistriú.

(69)

Tar éis TPPU a shuibscríobh agus nuair atá fochuntas nua á oscailt acu, ba cheart an tsaoirse a thabhairt do choigilteoirí TPPU cinneadh a dhéanamh faoina rogha eisíocaíochta (blianachtaí, cnapshuim, nó eile) le linn chéim an dícharntha, ach an fhéidearthacht a bheith acu a rogha a athbhreithniú bliain amháin sula gcuirfidh siad tús le céim an dícharntha, ag tús chéim an dícharntha agus tráth an mhalartaithe, chun gur féidir leo a rogha eisíocaíochta a oiriúnú ar an mbealach is fearr dá riachtanais nuair a bhíonn an t-am scoir ag druidim leo. Dá ndéanfadh an soláthraí TPPUnna níos mó ná cineál amháin eisíocaíochta a chur ar fáil, ba cheart go mbeadh an coigilteoir TPPU in ann rogha eisíocaíochta éagsúil a roghnú i gcás gach fochuntais arna oscailt ina chuntas TPPU.

(70)

Ba cheart cead a bheith ag soláthraithe TPPUnna réimse leathan d’fhoirmeacha eisíocaíochta a chur ar fáil do choigilteoirí TPPU. Leis an gcur chuige sin, bhainfí an sprioc amach maidir le húsáid mhéadaithe a bhaint as an TPPU trí sholúbthacht agus rogha mhéadaithe do choigilteoirí TPPU. Cheadófaí do sholáthraithe a TPPUnna a dhearadh ar an gcaoi is cost-éifeachtaí. Tá sé comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais agus indéanta ó thaobh na polaitíochta de mar go gcoimeádtar dóthain solúbthachta ann do na Ballstáit cinneadh a dhéanamh i dtaobh cé na foirmeacha eisíocaíochta atá siad ag iarraidh a spreagadh. I gcomhréir le cineál scoir fhadtéarmaigh an táirge, ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit bearta iomchuí a ghlacadh chun tosaíocht a thabhairt do chineálacha ar leith eisíocaíochtaí amhail teorainneacha cainníochtúla le haghaidh íocaíochtaí cnapshuime chun blianachtaí saoil agus íocaíochtaí íostarraingthe a spreagadh tuilleadh.

(71)

I bhfianaise ghné uile-Eorpach an TPPU, tá gá le hardleibhéal comhsheasmhach cosanta do choigilteoirí TPPU ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Éilítear uirlisí leormhaithe leis sin chun sáruithe a chomhrac go héifeachtach agus díobháil do thomhaltóirí a chosc. Dá bhrí sin, ba cheart go ndéanfaí cumhachtaí ÚEÁPC agus na n-údarás inniúil a chomhlánú le sásra sainráite chun cosc nó srian a chur ar mhargú, ar dháileadh agus ar dhíol aon TPPU is cionsiocair le húdair imní thromchúiseacha maidir le cosaint do choigilteoirí TPPU, lena n-áirítear i dtaca le cineál scoir fhadtéarmaigh an táirge, le feidhmiú ordúil agus sláine an mhargaidh airgeadais, nó le cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine, nó cuid de, mar aon le cumhachtaí comhordaithe agus teagmhasachta iomchuí do ÚEÁPC.

Ba cheart cumhachtaí ÚEÁPC a bheith bunaithe ar Airteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ionas go n-áiritheofar go bhféadfar sásraí idirghabhála den sórt sin a chur i bhfeidhm i gcás údair imní shuntasacha maidir le cosaint do choigilteoirí TPPU, lena n-áirítear i dtaca le gné scoir fhadtéarmaigh an TPPU. I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha, ba cheart go mbeadh na húdaráis inniúla in ann toirmeasc nó srian a fhorchur ar bhonn réamhchúraim sula ndéanfar TPPU a mhargú, a dháileadh nó a dhíol le coigilteoirí TPPU. Ní shaorann na cumhachtaí sin an soláthraí TPPUnna óna fhreagracht na ceanglais ábhartha uile faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

(72)

Ba cheart trédhearcacht iomlán maidir le costais agus táillí a bhaineann le hinfheistíocht in TPPU a ráthú. Bhunófaí cothroime iomaíochta idir soláthraithe, agus d’áiritheofaí cosaint do thomhaltóirí ag an am céanna. Bheadh faisnéis chomparáideach ar fáil do tháirgí éagsúla agus spreagfaí praghsáil iomaíoch dá réir.

(73)

Cé gurb iad na húdaráis inniúla faoi seach a fheidhmeoidh an mhaoirseacht leanúnach a dhéanfar ar sholáthraithe TPPUnna, ba cheart do ÚEÁPC an mhaoirseacht maidir le TPPUnna a chomhordú, chun a ráthú go gcuirfear modheolaíocht chomhaontaithe mhaoirseachta i bhfeidhm go comhsheasmhach, rud a rannchuideoidh ar an mbealach sin le cineál uile-Eorpach agus scoir fhadtéarmaigh na TPPUnna.

(74)

Chun cearta tomhaltóirí a neartú agus chun rochtain ar nós imeachta gearán a éascú, ba cheart go mbeadh coigilteoirí TPPU in ann, ar bhonn aonair nó ar bhonn comhchoiteann, gearáin a thíolacadh d’údaráis inniúla a mBallstáit chónaithe, gan beann ar an áit inar tharla an sárú.

(75)

Ba cheart do ÚEÁPC comhoibriú le húdaráis inniúla agus comhoibriú agus comhsheasmhacht eatarthu a éascú. I ndáil leis sin, ba cheart do ÚEÁPC ról a imirt i gcumhacht na n-údarás inniúil chun bearta maoirseachta a chur i bhfeidhm trí fhianaise a sholáthar faoi sháruithe a bhaineann le TPPUnna. Ba cheart do ÚEÁPC idirghabháil cheangailteach a sholáthar freisin i gcás easaontas idir na húdaráis inniúla i gcásanna trasteorann.

(76)

Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna an Rialachán seo agus chun a áirithiú go mbeidh siad faoi réir cóireáil chomhchosúil ar fud an Aontais, ba cheart pionóis riaracháin agus bearta eile atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a sholáthar.

(77)

I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2010 dar teideal “Córais smachtbhannaí a dhaingniú in earnáil na seirbhísí airgeadais” agus chun comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo a áirithiú, tá sé tábhachtach go ndéanfadh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfear sáruithe ar an Rialachán seo faoi réir pionóis riaracháin iomchuí agus bearta eile.

(78)

Cé go bhféadfaidh na Ballstáit rialacha maidir le pionóis riaracháin agus choiriúla a leagan síos i ndáil leis na sáruithe céanna, níor cheart go gcuirfí de cheangal ar na Ballstáit rialacha maidir le pionóis riaracháin a leagan síos i gcomhair sáruithe ar an Rialachán seo atá faoi réir an dlí choiriúil náisiúnta. Níor cheart, áfach, a bheith mar thoradh ar phionóis choiriúla a choimeád ar bun in ionad pionóis riaracháin i gcomhair sáruithe ar an Rialachán seo, go laghdófaí ná go n-athrófaí ar shlí eile cumas na n-údarás inniúil a bheith ag comhoibriú nó faisnéis a rochtain nó a mhalartú go tráthúil le húdaráis inniúla i mBallstáit eile chun críocha an Rialacháin seo, lena n-áirítear tar éis sáruithe ábhartha a chur ar aghaidh chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla le haghaidh ionchúiseamh coiriúil.

(79)

Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag údaráis inniúla pionóis airgid a fhorchur atá ard go leor chun na brabúis iarbhír nó ionchasacha a fhritháireamh, agus atá athchomhairleach fiú do na gnóthais mhóra airgeadais agus dá mbainisteoirí.

(80)

Chun a áirithiú go gcuirfear pionóis i bhfeidhm go comhleanúnach ar fud an Aontais, ba cheart do na húdaráis inniúla na himthosca ábhartha uile a chur san áireamh nuair a bheidh cineál an phionóis riaracháin nó na mbeart eile agus leibhéal na bpionós airgid á gcinneadh acu.

(81)

Chun a áirithiú, mar thoradh ar chinntí arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla faoi sháruithe agus faoi phionóis go mbeidh éifeacht athchomhairleach ar an bpobal i gcoitinne agus chun an chosaint do thomhaltóirí a neartú trí rabhadh a thabhairt dóibh faoi TPPUnna arna ndáileadh de shárú ar an Rialachán seo, ba cheart na cinntí sin a fhoilsiú mura ndéanfadh an nochtadh sin cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdú atá ar siúl a chur i mbaol.

(82)

Chun sáruithe ionchasacha a bhrath, ba cheart go mbeadh na cumhachtaí imscrúdúcháin is gá ag na húdaráis inniúla, agus ba cheart dóibh sásraí éifeachtacha a bhunú chun gur féidir leo sáruithe ionchasacha nó iarbhír a thuairisciú.

(83)

Ba cheart nár dhochar an Rialachán seo d’aon fhorálacha i ndlíthe na mBallstát maidir le cionta cóiriúla.

(84)

Maidir le haon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo, amhail malartú nó tarchur sonraí pearsanta arna dhéanamh ag na húdaráis inniúla nó próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag soláthraithe TPPUnna nó dáileoirí TPPUnna, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus le Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). Maidir le haon mhalartú nó tarchur faisnéise arna dhéanamh ag na ÚMEnna, ba cheart é a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16).

(85)

I bhfianaise go bhfuil sonraí airgeadais pearsanta ina sonraí íogaire, tá sé ríthábhachtach go mbeadh cosaint sonraí dhaingean ann. Dá bhrí sin, moltar go mbeadh dlúthbhaint ag údaráis cosanta sonraí le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus maoirseacht air.

(86)

Níor cheart go dtiocfadh an nós imeachta clárúcháin agus um fhógra a thabhairt a leagtar síos sa Rialachán seo in ionad aon nós imeachta náisiúnta breise atá i bhfeidhm chun an fhéidearthacht a bheith ann tairbhe a bhaint as na buntáistí agus na dreasachtaí arna socrú ar an leibhéal náisiúnta.

(87)

Déanfar meastóireacht ar an Rialachán seo, inter alia, trí fhorbairtí sa margadh a mheasúnú, amhail teacht ann do chineálacha nua TPPUnna, chomh maith le forbairtí i réimsí eile de dhlí an Aontais agus i dtaithí na mBallstát. Ní mór go dtabharfadh meastóireacht den chineál sin aird ar na haidhmeanna agus na cuspóirí difriúla a bhaineann le margadh TPPU a fheidhmíonn go cuí a bhunú, agus go háirithe go ndéanfaí meastóireacht inti ar cé acu atá nó nach bhfuil níos mó saoránaigh Eorpacha ag coigilt do phinsin inbhuanaithe agus leormhaithe mar thoradh air sin. Mar gheall ar a thábhachtaí is atá íoschaighdeáin Eorpacha le haghaidh maoirseacht ar sholáthraithe TPPUnna, tá gá freisin le meastóireacht ar na soláthraithe TPPUnna ó thaobh chomhlíonadh an Rialacháin seo agus an dlí earnálaigh is infheidhme.

(88)

I bhfianaise na n-impleachtaí fadtéarmacha a ghabhann leis an Rialachán seo, tá sé bunriachtanach go ndéanfaí dlúthfhaireachán ar fhorbairtí le linn na chéad chéime den chur i bhfeidhm. Agus an mheastóireacht á déanamh aige, ba cheart don Choimisiún a mhachnamh a dhéanamh freisin ar thaithí ÚEÁPC, taithí geallsealbhóirí, agus taithí saineolaithe, agus aon bharúlacha a d’fhéadfadh a bheith aige a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

(89)

Leis an Rialachán seo, ba cheart go n-áiritheofaí urraim do chearta bunúsacha agus go gcomhlíonfaí ann na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe cearta daoine scothaosta chun saol faoi dhínit agus neamhspleáchas a bheith acu agus chun páirt a ghlacadh sa saol sóisialta agus cultúrtha, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun maoine, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, prionsabal an chomhionannais idir fir agus mná agus an prionsabal maidir le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí.

(90)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon cosaint do choigilteoirí TPPU agus a muinín i TPPUnna a fheabhsú, lena n–áirítear i gcás ina ndáiltear na táirgí sin thar theorainneacha, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha aonfhoirmeacha maidir le clárú, monarú, dáileadh agus maoirsiú táirgí pinsin phearsanta a dháiltear san Aontas faoin ainmníocht “táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach” nó “TPPU”.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “táirge pinsin phearsanta” táirge:

(a)

atá bunaithe ar chonradh idir coigilteoir aonair agus eintiteas ar bhonn deonach agus atá ina chomhlánú ar aon táirge pinsin reachtúil nó cheirde;

(b)

ina ndéantar foráil do charnadh caipitil fadtéarmach leis an gcuspóir sainráite ioncam a sholáthar tráth scoir agus lena ngabhann féidearthachtaí teoranta chun aistarraingt luath a dhéanamh roimh an tráth sin;

(c)

nach táirge pinsin reachtúil ná cheirde é;

(2)

ciallaíonn “Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach” nó “TPPU” táirge pinsin phearsanta coigiltis fhadtéarmaigh, arna sholáthar faoi chonradh TPPU ag gnóthas airgeadais rialáilte atá incháilithe de réir Airteagal 6(1), agus a shuibscríobhann coigilteoir TPPU leis, nó comhlachas neamhspleách coigilteoirí TPPU thar ceann a chomhaltaí, ar mhaithe le dul ar scor, a bhfuil infhuascailteacht luath an-teoranta nó nach bhfuil aon infhuascailteacht luath ag baint leis, agus atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(3)

ciallaíonn “coigilteoir TPPU” duine nádúrtha a bhfuil conradh tugtha i gcrích aige le soláthraí TPPUnna;

(4)

ciallaíonn “conradh TPPU” conradh idir coigilteoir TPPU agus soláthraí TPPUnna lena gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4;

(5)

ciallaíonn “cuntas TPPU” cuntas pinsin phearsanta atá á choinneáil in ainm coigilteora TPPU nó tairbhí TPPU a úsáidtear chun idirbhearta a thaifeadadh lena gceadaítear don choigilteoir ranníocaíochtaí a dhéanamh go tréimhsiúil i ndáil lena dhul ar scor agus don tairbhí TPPU sochair TPPU a fháil;

(6)

ciallaíonn “tairbhí TPPU” duine nádúrtha a fhaigheann sochair TPPU;

(7)

ciallaíonn “custaiméir TPPU” coigilteoir TPPU, coigilteoir TPPU ionchasach nó tairbhí TPPU;

(8)

ciallaíonn “dáileadh TPPU2” comhairle a thabhairt i dtaobh, moladh a dhéanamh i dtaobh, nó dul d’obair eile is ullmhúchán do chonarthaí maidir le soláthar TPPU a thabhairt i gcrích, na conarthaí sin a thabhairt i gcrích, nó cuidiú leis na conarthaí sin a riar agus a fheidhmiú, lena n-áirítear faisnéis a sholáthar maidir le conradh TPPU amháin nó níos mó i gcomhréir leis na critéir arna roghnú ag custaiméirí TPPU trí shuíomh gréasáin nó trí mheán eile agus liosta rangaithe TPPU a thiomsú, lena n-áirítear comparáid idir praghsanna agus táirgí, nó lascaine ar phraghas TPPU, i gcás ina bhfuil sé ar chumas an chustaiméara TPPU conradh TPPU a thabhairt i gcrích go díreach nó go hindíreach trí úsáid a bhaint as suíomh gréasáin nó meán eile;

(9)

ciallaíonn “sochair scoir TPPU” sochair a íoctar de bharr aois scoir a bhaint amach, nó de bharr an ionchais go mbainfear é sin amach, i gceann de na foirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 58(1);

(10)

ciallaíonn “sochair TPPU” sochair scoir TPPU agus sochair bhreise eile a bhfuil tairbhí TPPU ina dteideal i gcomhréir leis an gconradh TPPU, go háirithe maidir leis na cásanna atá teoranta go docht d’fhuascailt luath nó má sholáthraítear cumhdach rioscaí bithmhéadracha leis an gconradh TPPU;

(11)

ciallaíonn “céim an charntha” an tréimhse ina ndéantar sócmhainní a charnadh i gcuntas TPPU agus arb iondúil go leanann sé ar aghaidh go dtí go dtosóidh céim an dícharntha;

(12)

ciallaíonn “céim an dícharntha” an tréimhse ina bhféadfar tarraingt ar na sócmhainní i gcuntas TPPU chun riachtanais scoir nó riachtanais ioncaim eile a chistiú;

(13)

ciallaíonn “blianacht” suim is féidir a íoc ag eatraimh shonraithe thar thréimhse, amhail saol thairbhí an TPPU nó líon áirithe blianta, i gcomaoin infheistíochta;

(14)

ciallaíonn “íocaíochtaí íostarraingthe” méideanna lánroghnacha a bhféadfaidh tairbhithe TPPU iad a tharraingt faoi réir teorainn áirithe ar bhonn tréimhsiúil;

(15)

ciallaíonn “soláthraí TPPUnna” gnóthas airgeadais amhail dá dtagraítear in Airteagal 6(1) atá údaraithe chun TPPU a mhonarú agus an TPPU sin a dháileadh;

(16)

ciallaíonn “dáileoir TPPUnna” gnóthas airgeadais amhail dá dtagraítear in Airteagal 6(1) atá údaraithe chun TPPUnna nár mhonaraigh sé féin a dháileadh, gnólacht infheistíochta a sholáthraíonn comhairle infheistíochta, nó idirghabhálaí árachais mar a shainmhínítear é i bpointe (3) d’Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17);

(17)

ciallaíonn “meán marthanach” aon ionstraim:

(a)

lena gcuirtear de chumas ar chustaiméir TPPU faisnéis a seoladh chuig an gcustaiméir sin go pearsanta a stóráil ar bhealach inrochtana mar phointe tagartha amach anseo agus go ceann tréimhse atá leordhóthanach chun críocha na faisnéise; agus

(b)

lenar féidir an fhaisnéis atá stóráilte a atáirgeadh gan í a athrú;

(18)

ciallaíonn “údaráis inniúla” údaráis náisiúnta arna n-ainmniú ag Ballstát chun maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe TPPUnna nó ar dháileoirí TPPUnna, de réir mar a bheidh, nó chun na dualgais dá bhforáiltear sa Rialachán seo a dhéanamh;

(19)

ciallaíonn “Ballstát baile an tsoláthraí TPPUnna” Ballstát baile mar a shainmhínítear é sa ghníomh reachtach ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 6(1);

(20)

ciallaíonn “Ballstát baile an dáileora TPPUnna” an méid seo a leanas:

(a)

i gcás inar duine nádúrtha é an dáileoir, an Ballstát ina bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi;

(b)

i gcás inar duine dlítheanach é an dáileoir, an Ballstáit ina bhfuil a oifig chláraithe lonnaithe nó, i gcás nach bhfuil oifig chláraithe ag an dáileoir faoina dhlí náisiúnta, an Ballstát ina bhfuil a cheannoifig lonnaithe;

(21)

ciallaíonn “Ballstát óstach an dáileora TPPUnna” Ballstát, seachas an Ballstát baile, ina ndéanann an dáileoir TPPUnna TPPUnna a sholáthar faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar nó faoin tsaoirse bhunaíochta nó ar ina leith atá fochuntas oscailte ag an dáileoir TPPUnna;

(22)

ciallaíonn “Ballstát óstach an dáileora TPPUnna” Ballstát, seachas Ballstát baile an dáileora TPPUnna, ina ndéanann dáileoir an TPPUnna TPPUnna a dháileadh faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar nó faoin tsaoirse bhunaíochta;

(23)

ciallaíonn “fochuntas” rannán náisiúnta a osclaítear laistigh de gach aon chuntas TPPU agus a chomhfhreagraíonn do na ceanglais agus coinníollacha dlí chun úsáid a bhaint as dreasachtaí féideartha arna socrú ar an leibhéal náisiúnta maidir le hinfheistiú in TPPU ag an mBallstát ina bhfuil áit chónaithe an choigilteora TPPU; dá réir sin, féadfaidh duine aonair a bheith ina choigilteoir TPPU nó ina thairbhí TPPU i ngach fochuntas, ag brath ar na ceanglais dlí faoi seach do chéim an charntha agus do chéim an dícharntha;

(24)

ciallaíonn “caipiteal” ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána, arna ríomh ar bhonn méideanna in-infheistithe tar éis na táillí, na muirir agus na speansais uile a iompraíonn coigilteoirí TPPU go díreach nó go hindíreach a asbhaint;

(25)

ciallaíonn “ionstraimí airgeadais” na hionstraimí sin a shonraítear i Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18);

(26)

ciallaíonn “taisclann” institiúid a bhfuil sé de chúram uirthi sócmhainní a choimeád slán agus comhlíonadh na rialacha maidir le cistí agus an dlí is infheidhme a fhormhaoirsiú:

(27)

ciallaíonn “TPPU bunúsach” rogha infheistíochta mar a leagtar síos in Airteagal 45;

(28)

ciallaíonn “teicnící maolaithe riosca” teicnící chun méid na neamhchosanta ar riosca agus/nó ar an dóchúlacht go dtarlódh sé a mhaolú go córasach;

(29)

ciallaíonn “rioscaí bithmhéadracha” rioscaí atá nasctha le bás, le míchumas agus/nó le fad saoil;

(30)

ciallaíonn “soláthraithe a mhalartú” na méideanna comhfhreagracha, nó i gcás inarb infheidhme na sócmhainní comhchineáil a aistriú, arna iarraidh sin ag coigilteoir TPPU, ó sholáthraí TPPUnna amháin go soláthraí TPPUnna eile i gcomhréir le hAirteagal 52(4), ó chuntas TPPU amháin chuig an gcuntas eile, agus an t-iarchuntas TPPU a dhúnadh gan dochar d’fhorálacha phointe (e) d’Airteagal 53(4);

(31)

ciallaíonn “comhairle” moladh pearsanta arna sholáthar ag an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna do chustaiméir TPPU, i dtaca le conradh TPPU amháin nó níos mó;

(32)

ciallaíonn “comhpháirtíocht” comhar idir soláthraithe TPPUnna chun fochuntais a thairiscint i mBallstáit éagsúla i gcomhthéacs na seirbhíse iniomparthachta, amhail dá dtagraítear in Airteagal 19(2);

(33)

ciallaíonn “tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais” nó “tosca ESG” tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais amhail iad siúd dá dtagraítear i gComhaontú Pháras, i Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, i bPrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus sna Prionsabail um Infheistíocht Fhreagrach lena dtacaíonn na Náisiúin Aontaithe.

Airteagal 3

Rialacha is infheidhme

Beidh clárú, monarú, daileadh agus maoirsiú TPPUnna faoi réir an méid seo a leanas:

(a)

an Rialachán seo; agus

(b)

i gcás nithe nach rialáiltear leis an Rialachán seo:

(i)

dlí earnálach ábhartha an Aontais lena n-áirítear na gníomhartha comhfhreagracha tarmligthe agus cur chun feidhme;

(ii)

dlíthe arna nglacadh ag na Ballstáit tráth dlí earnálach ábhartha an Aontais a bheith á chur chun feidhme agus tráth bearta a bhaineann go sonrach le TPPUnna a bheith á gcur chun feidhme;

(iii)

dlíthe náisiúnta eile a bhfuil feidhm acu maidir le TPPUnna.

Airteagal 4

Conradh TPPU

1.   Leagfar síos sa chonradh TPPU na forálacha sonracha le haghaidh an TPPU i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 3.

2.   Áireofar an méid seo a leanas go háirithe sa chonradh TPPU:

(a)

tuairisc ar an TPPU Bunúsach, amhail dá dtagraítear in Airteagal 45, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an ráthaíocht ar chaipiteal arna infheistiú nó leis an straitéis infheistíochta atá dírithe ar gcosaint chaipitil a áirithiú;

(b)

tuairisc ar na roghanna infheistíochta malartacha, amhail dá dtagraítear in Airteagal 42(2), i gcás inarb infheidhme;

(c)

na coinníollacha a bhaineann le modhnú na rogha infheistíochta amhail dá dtagraítear in Airteagal 44;

(d)

i gcás ina dtairgtear cumhdach rioscaí bithmhéadracha leis an TPPU, mionsonraí an chumhdaigh sin, lena n-áirítear na cúinsí lena dtionscnófaí é;

(e)

tuairisc ar shochair scoir an TPPU, go háirithe na cineálacha féideartha eisíocaíochtaí agus an ceart chun athrú a dhéanamh ar an gcineál eisíocaíochta amhail dá dtagraítear in Airteagal 59;

(f)

na coinníollacha a bhaineann leis an tseirbhís iniomparthachta amhail dá dtagraítear in Airteagail 17 go 20 lena n-áirítear faisnéis faoi na Ballstáit a bhfuil fochuntas ar fáil ina leith;

(g)

na coinníollacha a bhaineann leis an tseirbhís mhalartaithe amhail dá dtagraítear in Airteagial 52 go 55;

(h)

na catagóirí costas agus iomlán na gcostas comhiomlán arna sloinneadh i dtéarmaí céatadáin agus i dtéarmaí airgeadaíochta, i gcás inarb infheidhme;

(i)

na coinníollacha a bhaineann le céim an charntha don fhochuntas a chomhfhreagraíonn do Bhallstát cónaithe an choigilteora TPPU amhail dá dtagraítear in Airteagal 47;

(j)

na coinníollacha a bhaineann le céim an dícharntha don fhochuntas a chomhfhreagraíonn do Bhallstát cónaithe an choigilteora TPPU amhail dá dtagraítear in Airteagal 57;

(k)

i gcás inarb infheidhme, na coinníollacha faoina mbeidh buntáistí agus dreasachtaí arna ndeonú le haisíoc le Ballstát cónaithe an choigilteora TPPU.

CAIBIDIL II

CLÁRÚ

Airteagal 5

Clárú

1.   Ní fhéadfar TPPU a sholáthar agus a dháileadh san Aontas ach amháin i gcás ina mbeidh sé cláraithe sa chlár lárnach poiblí a choimeádann ÚEÁPC i gcomhréir le hAirteagal 13.

2.   Beidh clárú TPPU bailí sna Ballstáit uile. Leis sin, tugtar teidlíocht don soláthraí TPPUnna an TPPU a sholáthar agus don dáileoir TPPUnna an TPPU atá cláraithe sa chlár lárnach poiblí dá dtagraítear in Airteagal 13 a dháileadh.

Is i gcomhréir le Caibidil IX a dhéanfar maoirseacht ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ar bhonn leanúnach.

Airteagal 6

Iarratas ar TPPU a chlárú

1.   Ní fhéadfaidh ach na gnóthais airgeadais seo a leanas, arna n-údarú nó arna gclárú faoi dhlí an Aontais, iarratas a dhéanamh ar TPPU a chlárú:

(a)

institiúidí creidmheasa arna n-údarú i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19);

(b)

gnóthais árachais arna n-údarú i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), atá i mbun árachas saoil díreach de réir Airteagal 2(3) de Threoir 2009/138/CE agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin;

(c)

institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) atá údaraithe nó cláraithe i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/2341 agus atá, de bhun an dlí náisiúnta, údaraithe agus faoi mhaoirseacht chun táirgí pinsin phearsanta a sholáthar freisin. Sa chás sin, déanfar na sócmhainní agus na dliteanais go léir a chomhfhreagraíonn do ghnólacht a sholáthraíonn TPPUnna a imfhalú, gan aon fhéidearthacht a bheith ann iad a aistriú chuig gnólacht soláthair scoir eile na hinstitiúide;

(d)

gnólachtaí infheistíochta arna n-údarú i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE; a sholáthraíonn bainistiú punainne;

(e)

cuideachtaí infheistíochta nó cuideachtaí bainistíochta arna n-údarú i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE;

(f)

bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha AE (AIFM AE) arna n-údarú i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE.

2.   Déanfaidh gnóthais airgeadais a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo an t-iarratas ar chlárú TPPU a thíolacadh dá n-údaráis inniúla. Beidh an méid seo a leanas san iarratas:

(a)

téarmaí conartha caighdeánacha an chonartha TPPU, a bheidh le moladh do choigilteoirí TPPU, amhail dá dtagraítear in Airteagal 4;

(b)

faisnéis faoi chéannacht an iarratasóra;

(c)

faisnéis faoi shocruithe maidir le bainistiú agus riar punainne agus riosca a mhéid a bhaineann leis an TPPU, lena n-áirítear socruithe amhail dá dtagraítear in Airteagail 19(2), 42(5) agus 49(3);

(d)

liosta de na Ballstáit ina bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí TPPUnna is iarratasóir an TPPU a mhargú, i gcás inarb infheidhme;

(e)

faisnéis faoi chéannacht na taisclainne, i gcás inarb infheidhme;

(f)

faisnéis bhunriachtanach TPPU amhail dá dtagraítear in Airteagal 26;

(g)

liosta de na Ballstáit ar ina leith a bheidh an soláthraí TPPUnna is iarratasóir in ann oscailt láithreach fochuntais a áirithiú.

3.   Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú i dtaobh an t-iarratas dá dtagraítear i mír 2 a bheith críochnaithe ina iomláine laistigh de 15 lá oibre ón iarratas a fháil.

Déanfaidh na húdaráis inniúla teorainn ama a shocrú faoina mbeidh breis faisnéise le soláthar ag an iarratasóir, mura mbeidh an t-iarratas críochnaithe ina iomláine. Tar éis a mheas go bhfuil an t-iarratas críochnaithe ina iomláine, tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra don iarratasóir dá réir.

4.   Laistigh de 3 mhí ón dáta a thíolacfar an t-iarratas críochnaithe faoi mhír 3, glacfaidh na húdaráis inniúla cinneadh maidir le TPPU a chlárú ach ní dhéanfaidh siad sin, ach amháin má bhíonn an t-iarratasóir incháilithe chun TPPUnna a sholáthar de réir mhír 1 agus má dhéanann an fhaisnéis agus na doiciméid arna dtíolacadh san iarratas ar chlárúchán amhail dá dtagraítear i mír 2 an Rialachán seo a chomhlíonadh.

5.   Laistigh de 5 lá oibre ó chinneadh a ghlacadh maidir leis an TPPU a chlárú, déanfaidh na húdaráis inniúla an cinneadh a chur in iúl do ÚEÁPC mar aon leis an bhfaisnéis agus na doiciméid dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (d), (f) agus (g) de mhír 2 agus cuirfidh siad an soláthraí TPPU is iarratasóir ar an eolas faoi dá réir.

Ní bheidh ÚEÁPC freagrach as cinneadh maidir le clárúchán ag údaráis inniúil, ná ní bheidh sé faoi dhliteanas ina leith.

I gcás ina ndiúltóidh na húdaráis inniúla clárúchán a dheonú, déanfaidh siad cinneadh réasúnaithe a eisiúint a bheidh faoi réir ceart achomhairc.

6.   I gcás ina mbeidh níos mó ná aon údarás inniúil amháin ann i mBallstát do chineál sonrach gnóthais airgeadais dá dtagraítear i mír 1, ainmneoidh an Ballstát sin údarás aonair inniúil do gach cineál gnóthais airgeadais dá dtagraítear i mír 1 atá le bheith freagrach as an nós imeachta clárúcháin agus as an gcumarsáid le ÚEÁPC.

Aon mhodhnuithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an bhfáisnéis agus ar na doiciméid arna soláthar san iarratas dá dtagraítear i mír 2, tabharfar fógra láithreach do na húdaráis inniúla ina dtaobh. I gcás ina mbainfidh na modhnuithe leis an bhfaisnéis agus na doiciméid dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (d), (f) agus (g) de mhír 2, déanfaidh na húdaráis inniúla na modhnuithe sin a chur in iúl do ÚEÁPC gan moill mhíchuí.

Airteagal 7

Clárú TPPU

1.   Laistigh de 5 lá oibre ón dáta a dhéanfar an cinneadh maidir le clárúchán mar aon leis an bhfaisnéis agus na doiciméid a chur in iúl i gcomhréir le hAirteagal 6(5), déanfaidh ÚEÁPC an TPPU a chlárú sa chlár lárnach poiblí amhail dá dtagraítear in Airteagal 13 agus tabharfaidh sé fógra ina thaobh dá réir sin do na húdaráis inniúla gan moill mhíchuí.

2.   Laistigh de 5 lá oibre ón bhfógra maidir le clárú an TPPU amhail dá dtagraítear i mír 1 a fháil, cuirfidh na húdaráis inniúla an soláthraí TPPUnna is iarratasóir ar an eolas faoi dá réir.

3.   Féadfaidh an soláthraí TPPUnna an TPPU a sholáthar agus féadfaidh an dáileoir TPPUnna an TPPU a dháileadh amhail ón dáta a chlárófar an TPPU sa chlár lárnach poiblí amhail dá dtagraítear in Airteagal 13.

Airteagal 8

Coinníollacha le haghaidh díchlárú TPPU

1.   Eiseoidh na húdaráis inniúla cinneadh maidir le díchlárú an TPPU nuair is amhlaidh:

(a)

go ndéanann an soláthraí TPPUnna an clárúchán a thréigean go sainráite;

(b)

go ndearna an soláthraí TPPUnna an clárúchán a fháil trí ráitis bhréige a dhéanamh nó trí aon mhodhanna neamhrialta eile;

(c)

go ndéanann an soláthraí TPPUnna an Rialachán seo a shárú go tromchúiseach nó go córasach; nó

(d)

nach ndéanann an soláthraí TPPUnna nó an TPPU na coinníollacha faoinar deonaíodh an clárúchán a chomhlíonadh a thuilleadh.

2.   Laistigh de 5 lá oibre ó chinneadh a ghlacadh maidir le díchlárú an TPPU, déanfaidh na húdaráis inniúla an cinneadh sin a chur in iúl do ÚEÁPC agus cuirfidh siad an soláthraí TPPUnna ar an eolas faoi dá réir.

3.   Laistigh de 5 lá oibre ón gcinneadh maidir le díchlárú amhail dá dtagraítear i mír 2 a fháil, déanfaidh ÚEÁPC an TPPU a dhíchlárú agus tabharfaidh sé fógra ina thaobh dá réir sin do na húdaráis inniúla.

4.   Laistigh de 5 lá oibre ón bhfógra maidir le díchlárú an TPPU amhail dá dtagraítear i mír 3 a fháil, lena n-áirítear dáta an díchláraithe, cuirfidh na húdaráis inniúla an soláthraí TPPUnna is iarratasóir ar an eolas faoi dá réir.

5.   Ní dhéanfaidh an soláthraí TPPUnna an TPPU a sholáthar a thuilleadh agus ní dhéanfaidh an dáileoir TPPUnna an TPPU a dháileadh a thuilleadh amhail ón dáta a dhíchlárófar an TPPU sa chlár lárnach poiblí amhail dá dtagraítear in Airteagal 13.

6.   I gcás ina mbeidh faisnéis faighte ag ÚEÁPC maidir le ceann de na himthosca dá dtagraítear i bpointí (b) nó (c) de mhír 1 den Airteagal seo a bheith ann, i gcomhréir leis an dualgas comhair idir na húdaráis inniúla agus ÚEÁPC dá dtagraítear in Airteagal 66, iarrfaidh ÚEÁPC ar údaráis inniúla an tsoláthraí TPPUnna a fhíorú gurb ann do na himthosca sin agus déanfaidh na húdaráis inniúla a dtátail agus an fhaisnéis chomhfhreagrach a thíolacadh do ÚEÁPC.

7.   Sula ndéanfaidh siad cinneadh maidir leis an TPPU a dhíchlárú, déanfaidh na húdaráis inniúla agus ÚEÁPC a ndícheall chun a áirithiú go ndéanfar leasanna na gcoigilteoirí TPPU a choimirciú.

Airteagal 9

Ainmniú

Ní fhéadfar an ainmníocht “Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach” nó “TPPU” i dtaca le táirge pinsin phearsanta a úsáid ach amháin i gcás ina mbeidh an táirge pinsin phearsanta cláraithe ag ÚEÁPC lena dháileadh faoin ainmníocht “TPPU” i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 10

Dáileadh TPPUnna

1.   Féadfaidh gnóthais airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6(1) TPPUnna a mhonaraigh siad féin a dháileadh. Féadfaidh siad TPPUnna nár mhonaraigh siad féin a dháileadh freisin, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad an dlí earnálach ábhartha ar i gcomhréir leis a fhéadfaidh siad táirgí nár mhonaraigh siad féin a dháileadh.

2.   Idirghabhálaithe árachais arna gclárú i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/97 agus gnólachtaí infheistíochta arna n-údarú i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE chun comhairle infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe 4 d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE a sholáthar, féadfaidh siad TPPUnna nár mhonaraigh siad féin a dháileadh.

Airteagal 11

An córas stuamachta is infheidhme maidir le cineálacha éagsúla soláthraithe

Déanfaidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna an Rialachán seo a chomhlíonadh, chomh maith leis an gcóras stuamachta ábhartha is infheidhme maidir leo i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagail 6(1) agus 10(2).

Airteagal 12

Forálacha náisiúnta a fhoilsiú

1.   I gcás inarb infheidhme, maidir le téacsanna na ndlíthe náisiúnta, na rialachán náisiúnta agus na bhforálacha riaracháin náisiúnta lena rialaítear na coinníollacha a bhaineann le céim an charntha amhail dá dtagraítear in Airteagal 47 agus na coinníollacha a bhaineann le céim an dícharntha amhail dá dtagraítear in Airteagal 57, lena n-áirítear faisnéis maidir le nósanna imeachta náisiúnta breise arna gcur i bhfeidhm chun buntáistí agus dreasachtaí arna socrú ar an leibhéal náisiúnta a chur i bhfeidhm, déanfaidh an t-údarás náisiúnta ábhartha iad a chur ar fáil don phobal agus a choimeád cothrom le dáta.

2.   Déanfaidh gach údarás inniúil i mBallstát nasc chuig na téacsanna dá dtagraítear i mír 1 a choinneáil agus a choimeád cothrom le dáta ar a shuíomh gréasáin.

3.   Is chun críocha faisnéise, agus chun na gcríoch sin amháin, a bheidh foilsiú na dtéacsanna dá dtagraítear i mír 1, agus ní chruthóidh sé oibleagáidí ná dliteanais dhlíthiúla do na húdaráis náisiúnta ábhartha.

Airteagal 13

Clár lárnach poiblí

1.   Coinneoidh ÚEÁPC clár lárnach poiblí ina sainaithneofar gach TPPU a chlárófar faoin Rialachán seo, uimhir chlárúcháin an TPPU, soláthraí TPPUnna an TPPU sin, údaráis inniúla an tsoláthraí TPPUnna, dáta cláraithe an TPPU, liosta iomlán de na Ballstáit ina dtairgtear an TPPU sin agus liosta iomlán de na Ballstáit ar ina leith a dhéanann an soláthraí TPPUnna fochuntas a thairiscint. Beidh an clár ar fáil go poiblí i bhformáid leictreonach agus coinneofar cothrom le dáta é.

2.   Cuirfidh na húdaráis inniúla ÚEÁPC ar an eolas faoi na naisc dá dtagraítear in Airteagal 12(2) agus coinneoidh siad an fhaisnéis sin cothrom le dáta.

3.   Déanfaidh ÚEÁPC na naisc dá dtagraítear i mír 2 a fhoilsiú agus a choinneáil cothrom le dáta sa chlár lárnach poiblí dá dtagraítear i mír 1.

CAIBIDIL III

SOLÁTHAR TRASTEORANN AGUS INIOMPARTHACHT TPPU

ROINN I

An tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus an tsaoirse bhunaíochta

Airteagal 14

An tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus an tsaoirse bhunaíochta a fheidhmiú ag soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna

1.   Féadfaidh soláthraithe TPPUnna TPPUnna a sholáthar, agus féadfaidh dáileoirí TPPUnna é a dháileadh, laistigh de chríoch Ballstáit óstaigh faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar nó faoin tsaoirse bhunaíochta, ar choinníoll go ndéanfaidh siad é sin i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta ábhartha arna mbunú le dlí sin an Aontais, nó faoi dhlí sin an Aontais, is infheidhme maidir leo dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (d) agus (e) d’Airteagal 6(1) nó in Airteagal 10(2) agus tar éis dóibh fógra a thabhairt go bhfuil rún acu fochuntas a oscailt don Bhallstát óstach sin i gcomhréir le hAirteagal 21.

2.   Déanfaidh soláthraithe TPPUnna amhail dá dtagraítear i bpointí (c) agus (f) d’Airteagal 6(1) na rialacha a leagtar amach in Airteagal 15 chomhlíonadh.

Airteagal 15

An tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus an tsaoirse bhunaíochta a fheidhmiú ag IORPanna agus AIFM AE

1.   Maidir le soláthraithe TPPUnna amhail dá dtagraítear i bpointí (c) agus (f) d’Airteagal 6(1) a bhfuil rún acu TPPUnna a sholáthar do choigilteoirí TPPU laistigh de chríoch Ballstáit óstaigh den chéad uair faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus tar éis dóibh fógra a thabhairt go bhfuil rún acu fochuntas a oscailt don Bhallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 21, déanfaidh siad an fhaisnéis seo a leanas a chur in iúl d’údaráis inniúla a mBallstáit baile:

(a)

ainm agus seoladh an tsoláthraí TPPUnna;

(b)

an Ballstát ina bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí TPPUnna TPPUnna a sholáthar do choigilteoirí TPPU nó a dháileadh orthu.

2.   Laistigh de 10 lá oibre ón dáta a gheobhaidh siad í, déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile an fhaisnéis a tharchur chuig an mBallstát óstach maille le deimhniú go ndéanann an soláthraí TPPUnna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 6(1) a chomhlíonadh. Déanfar an fhaisnéis a chur in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh mura mbeidh cúis ag údaráis inniúla an Bhallstáit baile a bheith in amhras i dtaobh leormhaitheas an struchtúir riaracháin i ndáil le soláthar an TPPU nó i dtaobh staid airgeadais an tsoláthraí TPPUnna amhail dá dtagraítear i bpointí (c) agus (f) d’Airteagal 6(1).

I gcás ina ndiúltóidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile an fhaisnéis a chur in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh, tabharfaidh siad na cúiseanna leis an diúltú sin don soláthraí TPPUnna lena mbaineann laistigh de mhí amháin tar éis dóibh an fhaisnéis agus na doiciméid uile a fháil. Beidh an diúltú nó aon mhainneachtain freagra a thabhairt faoi réir an chirt achomharc a dhéanamh chun na gcúirteanna i mBallstát baile an tsoláthraí TPPUnna.

3.   Laistigh de 10 lá oibre, admhóidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh go bhfuarthas an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile in iúl don soláthraí TPPUnna ina dhiaidh sin go bhfuil an fhaisnéis faighte ag údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh agus gur féidir leis an soláthraí TPPUnna tosú ar TPPU a sholáthar do choigilteoirí TPPU sa Bhallstát sin.

4.   In éagmais admháil fála amhail dá dtagraítear i mír 3 laistigh de 10 lá oibre ó dháta tharchur na faisnéise amhail dá dtagraítear i mír 2, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile in iúl don soláthraí TPPUnna gur féidir leis an soláthraí TPPUnna tosú ar sheirbhísí a sholáthar sa Bhallstát óstach sin.

5.   I gcás athrú ar aon chuid den fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh an soláthraí TPPUnna fógra d’údaráis inniúil an Bhallstáit baile maidir leis an athrú sin mí amháin ar a laghad sula gcuirfidh sé an t-athrú chun feidhme. Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh a chur ar eolas faoin athrú a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 1 mí amháin tar éis dóibh an fógra a fháil.

6.   Féadfaidh na Ballstáit óstacha, chun críocha an nós imeachta sin, údaráis inniúla eile a ainmniú seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe 18 d’Airteagal 2 chun na cumhachtaí a thugtar d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh a fheidhmiú. Cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún agus do ÚEÁPC, agus léireoidh siad aon chionroinnt ar na dualgais sin.

Airteagal 16

Cumhachtaí údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh

1.   I gcás ina mbeidh cúis ag údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh lena cheapadh go ndáiltear TPPU laistigh dá chríoch nó gur osclaíodh fochuntas don Bhallstát sin de shárú ar aon oibleagáidí a eascraíonn as na rialacha is infheidhme, amhail dá dtagraítear in Airteagal 3, déanfaidh siad a dtátail a tharchur chuig údaráis inniúla Bhallstát baile an tsoláthraí TPPUnna nó an dáileora TPPUnna.

2.   Tar éis measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a bheidh faighte de bhun mhír 1, i gcás inarb infheidhme, déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile bearta iomchuí gan mhoill chun an staid a leigheas. Cuirfidh siad údaráis inniúla an Bhallstáit baile ar an eolas faoi aon bhearta den sórt sin.

3.   I gcás, d’ainneoin na mbeart a bheidh glactha ag údaráis inniúla an Bhallstáit baile nó mar gheall ar na bearta sin a bheith neamhleor nó ar díth, agus ina leanfaidh an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna de bheith ag dáileadh an TPPU ar bhealach ar léir é a bheith díobhálach do leasanna choigilteoirí TPPU an Bhallstáit óstaigh nó d’fheidhmiú ordúil an mhargaidh i gcomhair táirgí pinsin phearsanta sa Bhallstát sin, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh, tar éis údaráis inniúla an Bhallstáit baile a chur ar an eolas, bearta iomchuí a dhéanamh chun tuilleadh neamhrialtachtaí a chosc, lena n-áirítear, a mhéid a bheidh fíorghá leis, cosc a chur ar an soláthraí TPPUnna nó ar an dáileoir TPPUnna leanúint de TPPUnna a dháileadh laistigh dá gcríoch.

Sa bhreis air sin, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile nó údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh an t-ábhar a tharchur chuig ÚEÁPC agus cúnamh a iarraidh air i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

4.   Ní dhéanfaidh mír 1 go mír 3 difear do chumhacht an Bhallstáit óstaigh bearta iomchuí agus neamh-idirdhealaitheacha a dhéanamh chun neamhrialtachtaí arna ndéanamh laistigh dá chríoch a chosc nó a phionósú, i gcásanna ina bhfuil sé fíor-riachtanach gníomhú láithreach chun cearta na dtomhaltóirí sa Bhallstát óstach a chosaint, agus i gcás ina bhfuil bearta coibhéiseacha an Bhallstáit baile neamhleor nó ar díth, nó i gcásanna ina bhfuil na neamhrialtachtaí contrártha d’fhorálacha náisiúnta dlí lena gcosnaítear an leas coiteann, a mhéid is fíorghá sin. Sna cásanna sin, beidh an fhéidearthacht ag na Ballstáit óstaigh cosc a chur ar an soláthraí TPPUnna nó ar an dáileoir TPPUnna gnó nua a sheoladh laistigh dá gcríoch.

5.   Aon bheart a ghlacfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh faoin Airteagal seo, cuirfear in iúl é don soláthraí TPPUnna nó don dáileoir TPPUnna i ndoiciméad dea-réasúnaithe agus tabharfar fógra faoi d’údaráis inniúla an Bhallstáit baile gan moill mhíchuí.

ROINN II

Iniomparthacht

Airteagal 17

An tseirbhís iniomparthachta

1.   Agus a n-áit chónaithe á haistriú go Ballstát eile acu, beidh sé de cheart ag coigilteoirí TPPU úsáid a bhaint as seirbhís iniomparthachta trína dtugtar dóibh an ceart leanúint de ranníocaíochtaí a dhéanamh lena gcuntas TPPU reatha.

2.   Agus úsáid á baint acu as an tseirbhís iniomparthachta, tá coigilteoirí TPPU i dteideal seilbh a choimeád ar na buntáistí agus na dreasachtaí uile arna ndeonú ag an soláthraí TPPUnna agus a bhfuil nasc idir iad agus infheistíocht leanúnach ina TPPU féin.

Airteagal 18

An tseirbhís iniomparthachta a sholáthar

1.   Déanfaidh soláthraithe TPPUnna an tseirbhís iniomparthachta dá dtagraítear in Airteagal 17 a sholáthar do choigilteoirí TPPU a bhfuil cuntas TPPU acu leo agus a iarrfaidh an tseirbhís sin.

2.   Agus TPPU á mholadh aige, déanfaidh an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna faisnéis a sholáthar do choigilteoirí TPPU ionchasacha maidir leis an tseirbhís iniomparthachta agus maidir le cé na fochuntais atá ar fáil láithreach.

3.   Laistigh de 3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh gach soláthraí TPPU fochuntais náisiúnta a thairiscint le haghaidh dhá Bhallstát ar a laghad arna iarraidh sin ar an soláthraí TPPUnna.

Airteagal 19

Fochuntais an TPPU

1.   I gcás ina ndéanfaidh soláthraithe TPPUnna seirbhís iniomparthachta a sholáthar do choigilteoirí TPPU i gcomhréir le hAirteagal 17, áiritheoidh soláthraithe TPPUnna, i gcás ina n-osclófar fochuntas nua laistigh de chuntas TPPU, go gcomhfhreagróidh sé do na ceanglais agus coinníollacha dlí, amhail dá dtagraítear in Airteagail 47 agus 57, arna gcinneadh ar an leibhéal náisiúnta i leith an TPPU ag Ballstát cónaithe nua an choigilteora TPPU. Déanfar gach idirbheart sa chuntas TPPU a iontráil i bhfochuntas comhfhreagrach. Na ranníocaíochtaí a dhéanfar leis an bhfochuntas, agus na haistarraingtí as an bhfochuntas, féadfaidh siad a bheith faoi réir téarmaí conartha ar leithligh.

2.   Gan dochar don dlí earnálach is infheidhme, féadfaidh soláthraithe TPPUnna a áirithiú freisin go gcomhlíonfar na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 trí chomhpháirtíocht a bhunú le soláthraí TPPUnna cláraithe eile (an “comhpháirtí”).

Ag féachaint do raon feidhme na bhfeidhmeanna a bheidh le déanamh ag an gcomhpháirtí, beidh an comhpháirtí cáilithe agus in inmhe tabhairt faoi na feidhmeanna tarmligthe. Déanfaidh an soláthraí TPPUnna comhaontú i scríbhinn leis an gcomhpháirtí. Beidh an comhaontú infheidhme le dlí agus saineofar go soiléir ann cearta agus oibleagáidí an tsoláthraí TPPUnna agus an chomhpháirtí. Comhlíonfaidh an comhaontú na rialacha agus na nósanna imeachta ábhartha maidir le tarmligean agus le seachfhoinsiú arna mbunú le dlí sin an Aontais, nó faoi dhlí sin an Aontais, is infheidhme maidir leo, amhail dá dtagraítear in Airteagal 6(1). D’ainneoin an chomhaontú sin, is é an soláthraí TPPUnna, agus eisean amháin, a bheidh faoi dhliteanas i leith a fhreagrachtaí faoin Rialachán seo.

Airteagal 20

Fochuntas nua a oscailt

1.   Gan mhoill tar éis é a bheith curtha ar an eolas go bhfuil áit chónaithe an choigilteora TPPU aistrithe ag an gcoigilteoir TPPU chuig Ballstát eile, cuirfidh an soláthraí TPPU an coigilteoir TPPU ar an eolas faoin bhféidearthacht fochuntas nua a oscailt laistigh de chuntas TPPU an choigilteora TPPU agus faoin gcreat ama ar laistigh de a d’fhéadfaí an fochuntas sin a oscailt.

Sa chás sin, déanfaidh an soláthraí TPPUnna an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a sholáthar saor in aisce don choigilteoir TPPU, ina mbeidh na ceanglais shonracha dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 28(3) maidir leis an bhfochuntas a chomhfhreagraíonn do Bhallstát cónaithe nua an choigilteora TPPU.

I gcás nach mbeidh fochuntas nua ar fáil, cuirfidh an soláthraí TPPUnna an coigilteoir TPPU ar an eolas faoin gceart soláthraithe a mhalartú gan mhoill agus saor in aisce, agus faoin bhféidearthacht leanúint de bheith ag coigilt san fhochuntas is deireanaí a osclaíodh.

2.   Má bhíonn rún ag an gcoigilteoir TPPU leas a bhaint as an bhféidearthacht fochuntas nua a oscailt, cuirfidh an coigilteoir TPPU an soláthraí TPPUnna ar an eolas faoin méid seo a leanas:

(a)

Ballstát cónaithe nua an choigilteora TPPU;

(b)

an dáta óna ndéanfar na ranníocaíochtaí a dhíriú chuig an bhfochuntas nua;

(c)

aon fhaisnéis ábhartha maidir le coinníollacha eile don TPPU.

3.   Féadfaidh an coigilteoir TPPU leanúint de bheith ag ranníoc leis an bhfochuntas is deireanaí a osclaíodh.

4.   Tairgfidh an soláthraí TPPUnna moladh pearsantaithe a sholáthar don choigilteoir TPPU ina míneofar arbh fhabhraí fochuntas nua a oscailt laistigh de chuntas TPPU an choigilteora TPPU agus ranníocaíochtaí a dhéanamh leis an bhfochuntas nua ná leanúint de bheith ag ranníoc leis an bhfochuntas is deireanaí a osclaíodh.

5.   I gcás nach mbeidh an soláthraí TPPUnna in ann a áirithiú go n-osclófar fochuntas nua a chomhfhreagróidh do Bhallstát Cónaithe nua an choigilteora TPPU, beidh an coigilteoir TPPU in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

soláthraí TPPUnna a mhalartú gan mhoill agus saor in aisce d’ainneoin cheanglais Airteagal 52(3) maidir lena mhinice is féidir malartú; nó

(b)

leanúint de bheith ag ranníoc leis an bhfochuntas is deireanaí a osclaíodh.

6.   Osclófar an fochuntas nua tríd an gconradh TPPU atá ann cheana idir an coigilteoir TPPU agus an soláthraí TPPUnna a leasú, i gcomhréir leis an dlí conarthach is infheidhme. Déanfar dáta na hoscailte a shainiú sa chonradh.

Airteagal 21

Faisnéis maidir le hiniomparthacht a sholáthar do na húdaráis inniúla

1.   An soláthraí TPPUnna ar mian leis fochuntas nua a oscailt do Bhallstát óstach den chéad uair, tabharfaidh sé fógra d’údaráis inniúla an Bhallstáit baile ina thaobh sin.

2.   Déanfaidh an soláthraí TPPUnna an fhaisnéis agus na doiciméid seo a leanas a áireamh san fhógra:

(a)

téarmaí conartha caighdeánacha an chonartha TPPU, amhail dá dtagraítear in Airteagal 4, lena n-áirítear an iarscríbhinn a ghabhann leis an bhfochuntas nua;

(b)

an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, ina bhfuil na ceanglais shonracha le haghaidh an fhochuntais a chomhfhreagraíonn don fhochuntas nua i gcomhréir le pointe (g) d’Airteagal 28(3);

(c)

an Ráiteas Sochair TPPU amhail dá dtagraítear in Airteagal 36;

(d)

faisnéis maidir le socruithe conarthacha amhail dá dtagraítear in Airteagal 19(2), i gcás inarb infheidhme.

3.   Fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu atá nó nach bhfuil an doiciméadacht arna soláthar comhlánaithe agus déanfaidh siad í a tharchur chuig údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh laistigh de 10 lá oibre ón doiciméadacht chríochnaithe a fháil.

4.   Gan mhoill, admhóidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh, go bhfuarthas an fhaisnéis agus na doiciméid dá dtagraítear i mír 2.

5.   Cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile in iúl don soláthraí TPPUnna ina dhiaidh sin go bhfuil an fhaisnéis faighte ag údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh agus gur féidir leis an soláthraí TPPUnna an fochuntas a oscailt don Bhallstát sin.

In éagmais admháil fála amhail dá dtagraítear i mír 4 laistigh de 10 lá oibre ó dháta tharchur na doiciméadachta amhail dá dtagraítear i mír 3, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile in iúl don soláthraí TPPUnna gur féidir an fochuntas don Bhallstát sin a oscailt.

6.   I gcás athrú ar aon chuid den fhaisnéis nó ar aon doiciméid dá dtagraítear i mír 2, tabharfaidh an soláthraí TPPUnna fógra d’údaráis inniúil an Bhallstáit baile maidir leis an athrú sin 1 mhí amháin ar a laghad sula gcuirfidh sé an t-athrú chun feidhme. Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh a chur ar eolas faoin athrú a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis dóibh an fógra a fháil.

CAIBIDIL IV

CEANGLAIS DÁILEACHÁIN AGUS FAISNÉISE

ROINN I

Forálacha ginearálta

Airteagal 22

Prionsabal ginearálta

Agus gníomhaíochtaí dáileacháin á ndéanamh acu le haghaidh TPPUnna, gníomhóidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna go macánta, go cothrom agus go gairmiúil i gcónaí i gcomhréir le leas is fearr a gcustaiméirí TPPU.

Airteagal 23

Córas dáileacháin is infheidhme maidir le cineálacha éagsúla soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna

1.   I gcás dáileadh TPPUnna, déanfaidh na cineálacha éagsúla soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna na rialacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

gnóthais árachais amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 6(1) den Rialachán seo agus idirghabhálaithe árachais amhail dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Rialachán seo, comhlíonfaidh siad an dlí náisiúnta is infheidhme lena dtugtar éifeacht do na rialacha a leagtar amach i gCaibidil V agus i gCaibidil VI de Threoir (AE) 2016/97, cé is moite d’Airteagail 20, 23, 25 agus Airteagal 30(3) den Treoir sin, maidir le táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe a dháileadh, aon dlí de chuid an Aontais is infheidhme go díreach arna glacadh faoi na rialacha sin i ndáil le dáileadh na dtáirgí sin agus an Rialachán seo, cé is moite d’Airteagal 34(4);

(b)

gnólachtaí infheistíochta amhail dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Rialachán seo, comhlíonfaidh siad an dlí náisiúnta is infheidhme lena dtugtar éifeacht do na rialacha maidir le margú agus dáileadh ionstraimí airgeadais a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 16(3) agus in Airteagail 23, 24 agus 25 de Threoir 2014/65/AE, cé is moite d’Airteagal 24(2) agus Airteagal 25(3) agus (4) den Treoir sin, aon dlí de chuid an Aontais is infheidhme go díreach arna ghlacadh faoi na forálacha sin, agus an Rialacháin seo, cé is moite d’Airteagal 34(4);

(c)

comhlíonfaidh gach soláthraí TPPUnna agus dáileoir TPPUnna eile an dlí náisiúnta is infheidhme lena dtugtar éifeacht do na rialacha maidir le margú agus dáileadh ionstraimí airgeadais a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 16(3) agus in Airteagail 23, 24 agus 35 de Threoir 2014/65/AE, cé is moite d’Airteagal 24(2) agus Airteagal 25(2), (3) agus (4) den Treoir sin, aon dlí de chuid an Aontais is infheidhme go díreach arna glacadh faoi na forálacha sin agus an Rialachán seo.

2.   Ní bheidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach i bpointe (a) de mhír 1 ach sa mhéid nach bhfuil aon fhoráil níos déine sa dlí náisiúnta is infheidhme lena dtugtar éifeacht do na rialacha a leagtar amach i gCaibidil V agus i gCaibidil VI de Threoir (AE) 2016/97.

Airteagal 24

Dáileadh leictreonach agus meáin inbhuanaithe eile

Déanfaidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna na doiciméid agus an fhaisnéis uile faoin gCaibidil seo a sholáthar go leictreonach agus saor in aisce do chustaiméirí TPPU, ar choinníoll go mbeidh an custaiméir in ann an fhaisnéis sin a stóráil ar bhealach inrochtana lena húsáid amach anseo agus go ceann tréimhse ama is leormhaith chun críocha na faisnéise agus gur féidir an fhaisnéis a stórálfar a atáirgeadh leis an uirlis, gan an fhaisnéis sin a athrú.

Arna iarraidh sin, déanfaidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna na doiciméid agus an fhaisnéis sin a sholáthar saor in aisce ar mheán marthanach eile freisin, lena n-áirítear páipéar. Cuirfidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna custaiméirí TPPU ar an eolas faoin gceart atá acu a iarraidh go soláthrófaí cóip de na cáipéisí sin ar mheán marthanach eile, lena n-áirítear páipéar, saor in aisce.

Airteagal 25

Ceanglais maidir le formhaoirseacht agus rialachas táirgí

1.   Déanfaidh soláthraithe TPPUnna próiseas a chothabháil, a fheidhmiú agus a athbhreithniú chun gach TPPU a fhormheas, nó chun oiriúnuithe suntasacha a dhéanamh do TPPU atá ann cheana, sula ndéanfar é a dháileadh ar chustaiméirí TPPU.

Beidh an próiseas chun táirge a fhormheas comhréireach agus comhoiriúnach le cineál an TPPU.

Leis an bpróiseas chun táirge a fhormheas sonrófar spriocmhargadh aitheanta do gach TPPU, áiritheofar go ndéanfar measúnú ar na rioscaí ábhartha uile ar an spriocmhargadh aitheanta sin agus go mbeidh an straitéis dáilte a bheartófar comhsheasmhach leis an spriocmhargadh aitheanta, agus déanfar bearta réasúnacha lena áirithiú go ndéanfar an TPPU a dháileadh ar an spriocmhargadh sainaitheanta.

Tuigfidh an soláthraí TPPUnna na TPPUnna a sholáthróidh sé agus déanfaidh sé iad a athbhreithniú go rialta, agus aon teagmhas a d’fhéadfadh difear ábharach a dhéanamh don riosca ionchasach ar an spriocmhargadh sainaitheanta á chur san áireamh, chun a mheasúnú ar a laghad an leanfaidh na TPPUnna de bheith comhsheasmhach le riachtanais an spriocmhargaidh shainaitheanta agus an leanfaidh an straitéis dáilte a bheartófar de bheith iomchuí.

Cuirfidh soláthraithe TPPUnna an fhaisnéis go léir is iomchuí faoin TPPU ar fáil do dháileoirí TPPUnna agus faoin bpróiseas chun táirge a fhormheas, lena n-áirítear spriocmhargadh sainaitheanta an TPPU.

Déanfaidh dáileoirí TPPUnna socruithe leordhóthanacha a chur i bhfeidhm chun an fhaisnéis a fháil dá dtagraítear i bhfomhír 5 agus chun tréithe agus spriocmhargadh sainaitheanta gach TPPU a thuiscint.

2.   Ní dochar na beartais, próisis agus socruithe dá dtagraítear san Airteagal seo do na ceanglais eile go léir faoin Rialachán seo nó is infheidhme dá bhua, lena n-áirítear iad sin a bhaineann le nochtadh, oiriúnacht nó iomchuibheas, coinbhleachtaí leasa a shainaithint agus a bhainistiú, dreasachtaí agus tosca ESG.

ROINN II

Faisnéis réamhchonarthach

Airteagal 26

An doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU

1.   Sula molfar TPPU do choigilteoirí TPPU, déanfaidh an soláthraí TPPUnna doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a tharraingt suas don táirge TPPU sin i gcomhréir le ceanglais na Roinne seo agus foilseoidh sé an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU ar a shuíomh gréasáin.

2.   Is éard a bheidh sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU ná faisnéis réamhchonarthach. Beidh sé cruinn, cothrom, soiléir agus ní bheidh sé míthreorach. Soláthrófar faisnéis bhunriachtanach ann agus beidh sé i gcomhréir le haon doiciméid cheangailteacha chonarthacha, leis na codanna ábhartha de na doiciméid tairisceana agus le téarmaí agus coinníollacha an TPPU.

3.   Doiciméad neamhspleách a bheidh sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, agus beidh sé soiléir go bhfuil sé ar leithligh ó ábhair mhargaíochta. Ní bheidh aon chrostagairtí ann d’ábhair mhargaíochta. Féadfaidh crostagairtí a bheith ann do dhoiciméid eile, lena n-áirítear réamheolaire i gcás inarb infheidhme, ach amháin i gcás ina mbaineann na crostagairtí sin leis an bhfaisnéis a cheanglaítear a bheith san áireamh sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU leis an Rialachán seo.

Déanfar doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU ar leith a tharraingt suas don TPPU Bunúsach.

4.   I gcás ina ndéanfaidh soláthraí TPPUnna réimse roghanna infheistíochta malartacha a thairiscint do choigilteoir TPPU sa dóigh nach bhféadfar an fhaisnéis uile a cheanglaítear in Airteagal 28(3) maidir leis na roghanna foluiteacha infheistíochta sin a sholáthar laistigh de dhoiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU aonair, gonta agus neamhspleách, déanfaidh soláthraithe TPPUnna ceann amháin díobh seo a leanas a tháirgeadh:

(a)

doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU neamhspleách do gach rogha infheistíochta mhalartach;

(b)

doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU cineálach ina soláthrófar tuairisc chineálach ar a laghad ar na roghanna infheistíochta malartacha agus ina luafar cá háit agus cén chaoi ar féidir teacht ar fhaisnéis réamhchonarthach níos mionsonraithe a bhaineann leis na hinfheistíochtaí atá mar thaca leis na roghanna infheistíochta sin.

5.   I gcomhréir le hAirteagal 24, déanfar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a tharraingt suas mar dhoiciméad gearr a bheidh scríofa ar bhealach gonta. Beidh sé:

(a)

curtha i láthair agus leagtha amach ar bhealach a bheidh éasca lena léamh, ag úsáid carachtar a bheidh inléite ó thaobh méide de;

(b)

ag díriú ar an bhfaisnéis bhunriachtanach atá ag teastáil ó chustaiméirí TPPU;

(c)

léirithe go soiléir agus scríofa i bhfriotal agus i stíl lena bhféadfar an fhaisnéis a thuiscint go héasca agus, go háirithe i bhfriotal a bheidh soiléir, gonta agus sothuigthe.

6.   I gcás ina n-úsáidfear dathanna sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, ní chuirfidh siad isteach ar a shothuigthe atá an fhaisnéis má dhéantar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a chló nó a fhótachóipeáil i ndubh agus bán.

7.   I gcás ina n-úsáidfear brandáil chorparáideach nó lógó an tsoláthraí TPPUnna nó an ghrúpa lena mbaineann sé sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, ní bhainfidh an méid sin aire den fhaisnéis atá sa doiciméad ná ní dhéanfaidh sé aon chuid den téacs a cheilt.

8.   De bhreis ar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, déanfaidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna tagairtí d’aon tuarascálacha atá ar fáil go poiblí maidir le staid airgeadais an tsoláthraí TPPUnna, lena n-áirítear a shócmhainneacht, a sholáthar do choigilteoirí TPPU ionchasacha, rud a thabharfaidh rochtain éasca do choigilteoirí TPPU ionchasacha ar an bhfaisnéis sin.

9.   Soláthrófar do choigilteoirí TPPU ionchasacha freisin faisnéis maidir le feidhmíocht rogha infheistíochtaí an choigilteora TPPU roimhe sin, lena gcumhdófar feidhmíocht in imeacht 10 mbliana ar a laghad nó, i gcásanna inar soláthraíodh an TPPU ar feadh tréimhse is lú ná 10 mbliana, lena gcumhdófar na blianta go léir inar soláthraíodh an TPPU. Beidh an ráiteas “ní léiriú í feidhmíocht roimhe seo ar fheidhmíocht amach anseo” ag gabháil leis an bhfaisnéis maidir le feidhmíocht roimhe sin.

Airteagal 27

Friotal an doiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU

1.   Déanfar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a scríobh sna teangacha oifigiúla, nó i gceann amháin de na teangacha oifigiúla ar a laghad, a úsáidtear sa chuid den Bhallstát ina leithdháiltear an TPPU, nó i dteanga eile a nglacann údaráis inniúla an Bhallstáit sin léi, nó, i gcás inar scríobhadh i dteanga eile é, aistreofar go ceann amháin de na teangacha sin é.

Léireoidh an t-aistriúchán inneachar an bhundoiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU go dílis agus go cruinn.

2.   Má dhéantar TPPU a mhargú i mBallstát trí bhíthin ábhair mhargaíochta i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Bhallstáit sin, beidh an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU ar a laghad sna teangacha oifigiúla comhfhreagracha.

3.   Arna iarraidh sin, déanfar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a chur ar fáil i bhformáid iomchuí do choigilteoirí TPPU a bhfuil lagú amhairc orthu.

Airteagal 28

Inneachar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU

1.   Beidh an teideal “Doiciméad Faisnéise Bunriachtanaí TPPU” le feiceáil go soiléir ar bharr an chéad leathanaigh den doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU.

Cuirfear an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU i láthair san ord a leagtar síos i mír 2 agus i mír 3.

2.   Beidh ráiteas míniúcháin go díreach faoin teideal. Is é a bheidh ann ná:

“Sa doiciméad seo, tugtar duit faisnéis bhunriachtanach faoin Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach (TPPU) seo. Ní ábhar margaíochta atá ann. Ceanglaítear leis an dlí an fhaisnéis a thabhairt chun cabhrú leat cineál an táirge, na rioscaí, na costais, na gnóthachain agus na caillteanais fhéideartha a bhaineann leis an táirge pinsin phearsanta seo a thuiscint agus chun cabhrú leat comparáid a dhéanamh idir an táirge sin agus TPPUnna eile.”

3.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU:

(a)

ag tús an doiciméid: ainm an TPPU, cibé acu an TPPU Bunúsach é nó nach ea, céannacht agus sonraí teagmhála an tsoláthraí TPPUnna, faisnéis faoi údaráis inniúla an tsoláthraí TPPUnna, uimhir chlárúcháin an TPPU sa chlár lárnach poiblí agus dáta an doiciméid;

(b)

an ráiteas: “Táirge fadtéarmach ag a bhfuil infhuascailteacht theoranta nach féidir a fhoirceannadh am ar bith is ea an táirge scoir ar a bhfuil tuairisc sa doiciméad seo.”;

(c)

faoi roinn dar teideal “Cad é an táirge seo?”, cineál an TPPU agus a phríomhghnéithe, lena n-áirítear:

(i)

a chuspóirí fadtéarmacha agus na modhanna lena mbaint amach, go háirithe cibé an mbaintear na cuspóirí amach trí bhíthin neamhchosaint dhíreach nó indíreach ar na sócmhainní foluiteacha infheistíochta, lena n-áirítear tuairisc ar na hionstraimí nó na luachanna tagartha foluiteacha, lena n-áirítear sonrú ar na margaí a ndéanann an soláthraí TPPUnna infheistíocht iontu, chomh maith le míniú ar an mbealach a gcinntear an toradh;

(ii)

tuairisc ar an gcineál coigilteora TPPU dá bhfuil sé beartaithe an TPPU a mhargú, go háirithe ó thaobh chumas an choigilteora TPPU caillteanas infheistíochta a sheasamh agus ó thaobh na tréimhse infheistíochta ionchasaí;

(iii)

ráiteas i dtaobh

an soláthraítear ráthaíocht ar an gcaipiteal leis an TPPU bunúsach nó an teicníc maolaithe riosca atá ann atá i gcomhréir leis an gcuspóir atá ann maidir le cead a thabhairt don choigilteoir TPPU an caipiteal a fhorchúiteamh; nó

an soláthraítear agus a mhéid a sholáthraítear le haon rogha infheistíochta mhalartach, más infheidhme, ráthaíocht nó teicníc maolaithe riosca;

(iv)

tuairisc ar shochair scoir an TPPU, go háirithe na cineálacha féideartha eisíocaíochtaí agus an ceart modhnú a dhéanamh ar chineál na n-eisíocaíochtaí amhail dá dtagraítear in Airteagal 59(1);

(v)

i gcás ina gcumhdaítear riosca bithmhéadrach leis an TPPU: mionsonraí faoi na rioscaí a chumhdaítear agus faoi na sochair árachais, lena n-áirítear na himthosca ina bhféadfar na sochair sin a éileamh;

(vi)

faisnéis maidir leis an tseirbhís iniomparthachta, lena n-áirítear tagairt don chlár lárnach poiblí dá dtagraítear in Airteagal 13 ina bhfuil faisnéis maidir leis na coinníollacha le haghaidh chéim an charntha agus chéim an dícharntha arna socrú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagail 47 agus 57;

(vii)

ráiteas maidir leis na hiarmhairtí a bheadh ann don choigilteoir TPPU i gcás aistarraingt luath ón TPPU, lena n-áirítear na táillí uile is infheidhme, na pionóis, agus an fhéidearthacht go gcaillfí cosaint chaipitil agus buntáistí agus dreasachtaí féideartha eile;

(viii)

ráiteas maidir leis na hiarmhairtí don choigilteoir TPPU má stadann an coigilteoir TPPU de bheith ag ranníoc leis an TPPU;

(ix)

faisnéis faoi na fochuntais a bheidh ar fáil agus faoi chearta an choigilteora TPPU dá dtagraítear in Airteagal 20(5);

(x)

faisnéis faoin gceart atá ag an gcoigilteoir TPPU malartú agus an ceart faisnéis a fháil faoin tseirbhís malartaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 56;

(xi)

na coinníollacha le haghaidh mhodhnú na rogha infheistíochta arna roghnú dá dtagraítear in Airteagal 44;

(xii)

faisnéis, i gcás go bhfuil sí ar fáil, a bhaineann le feidhmíocht infheistíochtaí an tsoláthraí TPPUnna ó thaobh tosca ESG de;

(xiii)

an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh TPPU i gcás nach mbíonn saor-rogha dlí ag na páirtithe nó, i gcás ina bhfuil sé de shaoirse ag na páirtithe an dlí is infheidhme a roghnú, an dlí a bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí TPPUnna a roghnú;

(xiv)

i gcás inarb infheidhme, an bhfuil tréimhse mharana nó tréimhse chealúcháin ann maidir leis an gcoigilteoir TPPU;

(d)

faoi roinn dar teideal “Cad iad na rioscaí agus cad a d’fhéadfainn a fháil i gcomaoin orthu?”, tuairisc ghearr ar an bpróifíl riosca-luaíochta, ina mbeidh na gnéithe seo a leanas:

(i)

táscaire achomair riosca, a fhorlíonfar le míniú insinte faoin táscaire sin, na príomhtheorainneacha a bhaineann leis agus míniú insinte faoi na rioscaí atá ábhartha don TPPU agus nach n-áirítear go leormhaith faoin táscaire achomair riosca;

(ii)

uaschaillteanas féideartha an chaipitil infheistithe, lena n-áirítear, faisnéis maidir leis an méid seo a leanas:

an bhféadfaidh an coigilteoir TPPU an caipiteal infheistithe uile a chailleadh; nó

an iompróidh an coigilteoir TPPU an riosca maidir le gealltanais nó oibleagáidí breise airgeadais a thabhú;

(iii)

cásanna feidhmíochta iomchuí, agus na boinn tuisceana ar a bhfuil siad bunaithe;

(iv)

i gcás inarb infheidhme, na coinníollacha i leith torthaí do choigilteoirí TPPU nó uasteorainneacha feidhmíochta ionsuite;

(v)

ráiteas go bhféadfadh tionchar a bheith ag dlí cánach Bhallstát baile an choigilteora TPPU ar an eisíocaíocht iarbhír;

(e)

faoi roinn dar teideal “Cad a tharlaíonn mura bhfuil [ainm an tsoláthraí TPPUnna] in ann an íocaíocht a thabhairt?”, beidh tuairisc ghearr ar cibé acu atá nó nach bhfuil an caillteanas gaolmhar cumhdaithe le cúiteamh infheisteora nó le scéim ráthaíochta agus, más rud é go bhfuil, cén scéim atá i gceist, cad is ainm don ráthóir agus cad iad na rioscaí a chumhdaítear leis an scéim agus na cinn nach gcumhdaítear;

(f)

faoi roinn dar teideal “Cad iad na costais?”, na costais a bhaineann le hinfheistíocht sa TPPU, lena gcuimseofar costais dhíreacha agus indíreacha a bheidh le híoc ag an gcoigilteoir TPPU, lena n-áirítear costais aonuaire agus athfhillteacha, a chuirtear i láthair trí tháscairí achoimre ar na costais sin agus, chun inchomparáideacht a áirithiú, iomlán na gcostas comhiomlán a léireofar i dtéarmaí airgeadaíochta agus céatadáin, chun éifeachtaí iolraithe na gcostas iomlán ar an infheistíocht a léiriú.

Léireofar go soiléir sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU go ndéanfaidh an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna faisnéis a sholáthar ina mionsonrófar aon chostas dáileacháin nach bhfuil san áireamh cheana sna costais a shonraítear thuas, ionas go mbeidh an coigilteoir TPPU in ann iarmhairt charnach na gcostas comhiomlán sin ar thoradh na hinfheistíochta a thuiscint;

(g)

faoi roinn dar teideal “Cad iad na ceanglais shonracha don fhochuntas a chomhfhreagraíonn do [mo Bhallstát cónaithe]?”:

(i)

faoi fhoroinn dar teideal: “Ceanglais do chéim na híocaíochta isteach”:

tuairisc ar na coinníollacha do chéim an charntha, arna gcinneadh ag Ballstát cónaithe an choigilteora TPPU i gcomhréir le hAirteagal 47;

(ii)

faoi fhoroinn dar teideal: “Ceanglais do chéim na híocaíochta amach”:

tuairisc ar na coinníollacha do chéim an dícharntha, arna gcinneadh ag Ballstát cónaithe an choigilteora TPPU i gcomhréir le hAirteagal 57;

(h)

faoi roinn dar teideal “Conas is féidir liom gearán a dhéanamh?”: faisnéis faoin mbealach inar féidir le coigilteoir TPPU gearán a dhéanamh agus cé leis a fhéadfaidh sé gearán a dhéanamh maidir leis an TPPU nó le hiompraíocht an tsoláthraí TPPUnna nó an dáileora TPPUnna.

4.   Ceadófar srathú na faisnéise a éilítear faoi mhír 3 i gcás ina soláthrófar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU i bhformáid leictreonach, lenar féidir codanna mionsonraithe den fhaisnéis a chur i láthair trí mhíreanna aníos nó trí naisc chuig sraitheanna a ghabhann léi. Sa chás sin, beifear in ann an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a phriontáil mar aon doiciméad amháin.

5.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEÁPC, tar éis dó dul i gcomhairle leis na ÚMEnna eile agus tar éis dó tástáil tomhaltóirí agus tástáil tionscail a dhéanamh, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)

mionsonraí an chur i láthair, lena n-áirítear cineál agus fad an doiciméid, agus inneachar gach ceann de na gnéithe faisnéise dá dtagraítear i mír 3;

(b)

an mhodheolaíocht atá mar bhonn le cur i láthair an riosca agus na luaíochta amhail dá dtagraítear i bpointí (d)(i) agus (iii) de mhír 3;

(c)

an mhodheolaíocht chun na costais a ríomh, lena n-áirítear sonrú na dtáscairí achoimre, amhail dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 3;

(d)

i gcás ina gcuirfear faisnéis i láthair i bhformáid leictreonach trí shrathú faisnéise, cén fhaisnéis a bheidh sa chéad sraith, agus cén fhaisnéis a fhéadfar a sholáthar i sraitheanna breise an mhionsonraithe.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á bhforbairt aige, cuirfidh ÚEÁPC san áireamh na cineálacha éagsúla TPPUnna a d’fhéadfadh a bheith ann, cineál fadtéarmach an TPPU, acmhainneachtaí coigilteoirí TPPU, agus gnéithe na TPPUnna, chun a cheadú don choigilteoir TPPU rogha a dhéanamh idir roghanna infheistíochtaí éagsúla agus roghanna eile dá bhforáiltear leis an TPPU, lena n-áirítear i gcás ina bhféadfar an rogha sin a dhéanamh ag pointí éagsúla ama, nó ina bhféadfar an rogha a athrú amach anseo.

Déanfaidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 15 Lúnasa 2020.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

Airteagal 29

Ábhair mhargaíochta

Maidir le haon ábhar margaíochta ina bhfuil faisnéis shonrach a bhaineann leis an TPPU, ní áireofar ann aon ráiteas atá contrártha don fhaisnéis atá sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU nó a bhaineann de thábhacht an doiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU. Cuirfear in iúl le hábhair mhargaíochta go bhfuil doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU ar fáil agus soláthrófar faisnéis leo maidir le conas is féidir teacht air agus cá háit ar féidir teacht air, lena n-áirítear suíomh gréasáin an tsoláthraí TPPUnna.

Airteagal 30

Athcheartú ar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU

1.   Déanfaidh an soláthraí TPPUnna an fhaisnéis atá sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a athbhreithniú ar bhonn bliantúil ar a laghad agus déanfaidh sé athcheartú ar an doiciméad go pras i gcás ina léirítear san athbhreithniú gur gá athruithe a dhéanamh. Déanfar an leagan athcheartaithe a chur ar fáil go pras.

2.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEÁPC, tar éis dó dul i gcomhairle leis na ÚMEnna eile agus tar éis dó tástáil tomhaltóirí agus tástáil tionscail a dhéanamh, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na coinníollacha faoina ndéanfar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a athbhreithniú agus a athcheartú.

Déanfaidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a thíolacadh chuig an gCoimisiún faoin 15 Lúnasa 2020.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

Airteagal 31

Dliteanais shibhialta

1.   Ní thabhóidh an soláthraí TPPUnna aon dliteanas sibhialta ar bhonn an doiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU amháin, lena n-áireofar aon aistriúchán de, mura bhfuil sé míthreorach, míchruinn nó neamhréireach leis na codanna ábhartha de dhoiciméid réamhchonarthacha agus chonarthacha atá ceangailteach ó thaobh an dlí de nó leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 28.

2.   Maidir le coigilteoir TPPU a léiríonn gur bhain caillteanas dó mar gheall ar é a bheith ag brath ar dhoiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU faoi na cúinsí dá dtagraítear i mír 1, agus conradh TPPU á thabhairt i gcrích aige ar táirgeadh an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU sin lena aghaidh, féadfaidh sé damáistí a éileamh ón soláthraí TPPUnna i leith an chaillteanais sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

3.   Maidir le gnéithe amhail “caillteanas” nó “damáistí” amhail dá dtagraítear i mír 2 nach sainmhínítear, léirmhíneofar agus cuirfear i bhfeidhm iad i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme mar a chinntear le rialacha ábhartha an dlí phríobháidigh idirnáisiúnta.

4.   Leis an Airteagal seo, ní dhéantar éilimh bhreise maidir le dliteanas sibhialta a eisiamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

5.   Ní dhéanfar na hoibleagáidí faoin Airteagal seo a theorannú ná a tharscaoileadh le clásail chonarthacha.

Airteagal 32

Conarthaí TPPU lena gcumhdaítear rioscaí bithmhéadracha

I gcás ina mbaineann an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU le conradh TPPU lena gcumhdaítear rioscaí bithmhéadracha, is i leith an choigilteora TPPU, agus ina leith siúd amháin, a bheidh oibleagáidí an tsoláthraí TPPUnna faoin roinn seo.

Airteagal 33

An doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a sholáthar

1.   Agus comhairle á tabhairt acu maidir le TPPU nó TPPU á thairiscint lena dhíol acu, déanfaidh soláthraí TPPU nó dáileoir TPPU gach doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 26 a sholáthar do choigilteoirí TPPU ionchasacha, in am trátha sula mbeidh na coigilteoirí TPPU sin faoi cheangal ag aon chonradh TPPU nó ag aon tairiscint a bhaineann leis an gconradh TPPU sin.

2.   Féadfaidh soláthraí TPPU nó dáileoir TPPU ceanglais mhír 1 a chomhlíonadh tríd an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a sholáthar do dhuine nádúrtha agus é údaraithe i scríbhinn go bhféadfaidh sé cinntí infheistíochta a dhéanamh thar ceann an choigilteora TPPU i ndáil leis na hidirbhearta a thugtar i gcrích faoin údarás i scríbhinn sin.

3.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEÁPC, tar éis dó dul i gcomhairle leis na ÚMEnna eile i gcás inarb infheidhme, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na coinníollacha chun an ceanglas a chomhlíonadh maidir leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a sholáthar mar a leagtar síos i mír 1.

Cuirfidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 15 Lúnasa 2020.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

ROINN III

Comhairle

Airteagal 34

Éilimh agus riachtanais a shonrú agus comhairle a sholáthar

1.   Sula dtabharfar conradh TPPU chun críche, déanfaidh an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna, ar bhonn na faisnéise a éilíodh ar an gcoigilteoir TPPU ionchasach, agus a fuarthas uaidh, éilimh agus riachtanais an choigilteora TPPU ionchasaigh sin a bhaineann le scor a shonrú, lena n-áirítear an gá a d’fhéadfadh a bheith le táirge a fháil lena dtairgtear blianachtaí, agus soláthróidh sé don choigilteoir TPPU ionchasach faisnéis oibiachtúil maidir leis an TPPU i bhfoirm shothuigthe chun go mbeidh an coigilteoir TPPU in ann cinneadh eolasach a dhéanamh.

Beidh aon chonradh TPPU a mholfar comhsheasmhach le héilimh agus riachtanais an choigilteora TPPU a bhaineann le scor, agus a theidlíochtaí nó a teidlíochtaí fabhraithe scoir á gcur san áireamh.

2.   Déanfaidh an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna comhairle a thabhairt don choigilteoir TPPU ionchasach sula ndéanfar an conradh TPPU a thabhairt i gcrích agus soláthrófar moladh pearsantaithe don choigilteoir TPPU ionchasach ina míneofar cén fáth ar fearr a chomhlíonfadh TPPU ar leith, lena n-áirítear rogha infheistíochta ar leith, más infheidhme, éilimh agus riachtanais an choigilteora TPPU.

Ina theannta sin, soláthróidh an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna réamh-mheastacháin sochair pinsin phearsanta don choigilteoir TPPU ionchasach i leith an táirge arna mholadh bunaithe ar an dáta is luaithe ar a bhféadfar tús a chur le céim an dícharntha agus mar aon le séanadh go bhféadfaidh na meastacháin sin a bheith éagsúil le luach deiridh na sochar a gheofar. Má bhíonn na réamh-mheastacháin sochair pinsin bunaithe ar chásanna eacnamaíocha, áireofar san fhaisnéis sin freisin an cás is fearr de réir na meastachán agus cás neamhfhabhrach, agus cineál sonrach an chonartha TPPU á chur san áireamh;

3.   Má thairgtear TPPU Bunúsach d’uireasa, ar a laghad, ráthaíocht ar an gcaipiteal, míneoidh an soláthraí TPPU nó an dáileoir TPPUnna go soiléir gur ann do TPPUnna lena ngabhann ráthaíocht ar an gcaipiteal, na cúiseanna le TPPU a mholadh bunaithe ar theicníc maolaithe riosca atá comhsheasmhach leis an gcuspóir atá ann maidir le ceadú don choigilteoir TPPU an caipiteal a fhorchúiteamh agus léireoidh sé go soiléir aon rioscaí breise a d’fhéadfadh a bheith i gceist le TPPUnna den chineál sin i gcomparáid le TPPU Bunúsach atá bunaithe ar ráthaíocht chaipitil lena soláthraítear ráthaíocht ar an gcaipiteal. Is i bhformáid scríofa a thabharfar an míniú sin.

4.   Agus comhairle tabhairt aige, iarrfaidh an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 23(1) den Rialachán seo ar an gcoigilteoir TPPU ionchasach faisnéis a sholáthar maidir le heolas agus taithí an duine sin sa réimse infheistíochta atá ábhartha don TPPU arna thairiscint nó arna éileamh agus le staid airgeadais an duine sin, lena n-áirítear a chumas nó a cumas caillteanais a iompar, agus a chuspóirí nó a cuspóirí infheistíochta, lena n-áirítear a lamháltas riosca, ionas go mbeidh an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna in ann TPPU amháin nó níos mó a bheidh oiriúnach don duine sin a mholadh don choigilteoir TPPU ionchasach agus, go háirithe, TPPU amháin nó níos mó a bheidh i gcomhréir lena lamháltas nó lena lamháltas riosca agus lena chumas nó a cumas caillteanais a iompar.

5.   Ní laghdófar freagrachtaí an tsoláthraí TPPUnna nó an dáileora TPPUnna mar gheall ar chomhairle a bheith tugtha go hiomlán nó go páirteach trí chóras uathoibrithe nó leath-uathoibríoch.

6.   Gan dochar don dlí earnálach is infheidhme atá níos déine, áiritheoidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna go mbeidh an t-eolas agus an inniúlacht is gá ag daoine nádúrtha a thugann comhairle maidir le TPPUnna chun a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus léireoidh siad an méid sin do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin. Foilseoidh na Ballstáit na critéir a bheidh le húsáid chun measúnú a dhéanamh ar an gcineál sin eolais agus inniúlachta.

ROINN IV

Faisnéis le linn thréimhse an chonartha

Airteagal 35

Forálacha ginearálta

1.   Déanfaidh soláthraithe TPPUnna doiciméad achomair pearsanta a tharraingt suas, a bheidh le soláthar le linn chéim an charntha, ina mbeidh faisnéis bhunriachtanach do gach coigilteoir TPPU agus aird á tabhairt ar chineál sonrach na gcóras pinsin náisiúnta agus aon dlí ábhartha, lena n-áirítear an dlí náisiúnta sóisialta, saothair agus cánachais (Ráiteas Sochair TPPU). Beidh na focail “Ráiteas Sochair TPPU” i dteideal an doiciméid.

2.   Déanfar an dáta cruinn dá dtagraíonn an fhaisnéis sa Ráiteas Sochair TPPU a lua go feiceálach.

3.   Beidh an fhaisnéis sa Ráiteas Sochair TPPU cruinn agus cothrom le dáta.

4.   Gach bliain, déanfaidh an soláthraí TPPUnna an Ráiteas Sochair TPPU a chur ar fáil do gach coigilteoir TPPU.

5.   Léireofar go soiléir aon athrú ábharach ar an bhfaisnéis sa Ráiteas Sochair TPPU i gcomparáid leis an ráiteas roimhe sin.

6.   Sa bhreis ar an Ráiteas Sochair TPPU, cuirfear an coigilteoir TPPU ar an eolas go pras le linn théarma iomlán an chonartha maidir le haon athrú a bhaineann leis an bhfaisnéis seo a leanas:

(a)

téarmaí an chonartha, lena n-áirítear coinníollacha beartais ginearálta agus speisialta;

(b)

ainm an tsoláthraí TPPUnna, a chineál dlíthiúil nó seoladh a cheannoifige agus, i gcás inarb iomchuí, an brainse inar tugadh an conradh i gcrích;

(c)

faisnéis faoin gcaoi a gcuirfear tosca ESG san áireamh sa bheartas infheistíochta.

Airteagal 36

Ráiteas Sochair TPPU

1.   Beidh sa Ráiteas Sochair TPPU an fhaisnéis bhunriachtanach seo a leanas ar a laghad do choigilteoirí TPPU:

(a)

sonraí pearsanta an choigilteora TPPU agus an dáta is luaithe ar a bhféadfar tús a chur le céim an dícharntha i gcás aon fhochuntais;

(b)

ainm agus seoladh teagmhála an tsoláthraí TPPUnna agus sainaithint an chonartha TPPU;

(c)

an Ballstát ina bhfuil an soláthraí TPPUnna údaraithe nó cláraithe agus ainmneacha na n-údarás inniúil;

(d)

faisnéis maidir le réamh-mheastacháin sochair pinsin bunaithe ar an dáta dá dtagraítear i bpointe (a), agus séanadh go bhféadfadh na réamh-mheastacháin sin a bheith éagsúil le luach deiridh na sochar TPPU a gheofar. Má bhíonn na réamh-mheastacháin sochair pinsin bunaithe ar chásanna eacnamaíocha, áireofar san fhaisnéis sin freisin an cás is fearr de réir na meastachán agus cás neamhfhabhrach, agus cineál sonrach an chonartha TPPU á chur san áireamh;

(e)

faisnéis maidir leis na ranníocaíochtaí a d’íoc an coigilteoir TPPU nó aon tríú páirtí isteach sa chuntas TPPU le linn na tréimhse 12 mhí roimhe sin;

(f)

miondealú ar na costais uile a thabhaigh an coigilteoir TPPU, go díreach agus go hindíreach, le linn na tréimhse 12 mhí roimhe sin, lena léireofar na costais riaracháin, na costais a bhaineann le sócmhainní a choinneáil slán, na costais a bhaineann le hidirbhearta punainne agus costais eile, mar aon le meastachán ar thionchar na gcostas ar na sochair deiridh TPPU; ba cheart na costais sin a shloinneadh i dtéarmaí airgeadaíochta agus mar chéatadán de na ranníocaíochtaí le linn na tréimhse 12 mhí roimhe sin;

(g)

i gcás inarb infheidhme, cineál agus córas na ráthaíochta nó na dteicnící maolaithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 46;

(h)

i gcás inarb infheidhme, líon agus luach na n-aonad a chomhfhreagraíonn do ranníocaíochtaí an choigilteora TPPU le linn na tréimhse 12 mhí roimhe sin;

(i)

an tsuim iomlán i gcuntas TPPU an choigilteora TPPU ar dháta an ráitis dá dtagraítear in Airteagal 35;

(j)

faisnéis maidir le feidhmíocht rogha infheistíochta an choigilteora TPPU roimhe sin lena gcumhdaítear feidhmíocht in imeacht 10 mbliana ar a laghad nó, i gcásanna inar soláthraíodh an TPPU ar feadh tréimhse is lú ná 10 mbliana, faisnéis lena gcumhdaítear na blianta go léir inar soláthraíodh an TPPU. Beidh an ráiteas “ní léiriú í feidhmíocht roimhe seo ar an bhfeidhmíocht amach anseo” ag gabháil leis an bhfaisnéis maidir le feidhmíocht roimhe sin;

(k)

i gcás cuntais TPPU ag a bhfuil níos mó ná aon fhochuntas amháin, déanfar an fhaisnéis sa Ráiteas Sochair TPPU a mhiondealú le haghaidh na bhfochuntas uile atá ann cheana;

(l)

faisnéis achomair faoin mbeartas infheistíochta a bhaineann le tosca ESG.

2.   Déanfaidh ÚEÁPC, i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach agus leis na húdaráis inniúla, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na rialacha chun na toimhdí i leith réamh-mheastacháin sochair pinsin dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo agus in Airteagal 34(2) a chinneadh. Cuirfidh soláthraithe TPPUnna na rialacha sin i bhfeidhm, i gcás inarb ábhartha, chun ráta bliantúil torthaí infheistíochta ainmniúla, an ráta boilscithe bliantúil agus treocht na dtuarastal todhchaíoch a chinneadh.

Cuirfidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 15 Lúnasa 2020. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

Airteagal 37

Faisnéis fhorlíontach

1.   Sonrófar sa Ráiteas Sochair TPPU cén áit ar féidir teacht ar fhaisnéis fhorlíontach agus an chaoi ar féidir teacht uirthi lena n-áirítear:

(a)

tuilleadh faisnéis phraiticiúil faoi chearta agus roghanna an choigilteora TPPU, lena n-áirítear faisnéis maidir le hinfheistíochtaí, céim an dícharntha, an tseirbhís malartaithe agus an tseirbhís iniomparthachta;

(b)

cuntais bhliantúla agus tuarascálacha bliantúla an tsoláthraí TPPUnna atá ar fáil go poiblí;

(c)

ráiteas i scríbhinn maidir le prionsabail bheartas infheistíochta an tsoláthraí TPPUnna ina bhfuil, ar a laghad, faisnéis maidir leis na modhanna le riosca infheistíochta a thomhas, na próisis bainistithe riosca a chuirfear i bhfeidhm agus an leithdháileadh straitéiseach sócmhainní i dtaca le cineál agus tréimhse dliteanas TPPU, mar aon leis an gcaoi a gcuirfear tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais (EGS) san áireamh sa bheartas infheistíochta;

(d)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi na toimhdí a úsáidfear do mhéideanna a shloinnfear i mblianachtaí, go háirithe i ndáil leis an ráta blianachtaí, an cineál soláthraí TPPUnna agus fad na blianachta;

(e)

leibhéal na sochar TPPU, i gcás fuascailte roimh an dáta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 36(1).

2.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach Airteagal 36 agus an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEÁPC, tar éis dó dul i gcomhairle leis na ÚMEnna eile agus tar éis dó tástáil tomhaltóirí agus tástáil tionscail a dhéanamh, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar na mionsonraí i dtaobh chur i láthair na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 36 agus san Airteagal seo. I ndáil le cur i láthair na faisnéise maidir le feidhmíocht roimhe sin dá dtagraítear i bpointe (j) d’Airteagal 36(1), déanfar na difríochtaí idir na roghanna infheistíochta a chur san áireamh, go háirithe má iompraíonn an coigilteoir TPPU riosca infheistíochta nó má tá an rogha infheistíochta spleách ar aois nó má tá comhoiriúnú marthanachta ar áireamh inti.

Cuirfidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 15 Lúnasa 2020.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

3.   Gan dochar d’Airteagal 34(2) ná do phointe (d) d’Airteagal 36(1), chun go bhféadfaí comparáid a dhéanamh le táirgí náisiúnta, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar sholáthraithe TPPUnna breis réamh-mheastacháin sochair pinsin a sholáthar do choigilteoirí TPPU i gcás ina socróidh na Ballstáit faoi seach na rialacha chun na toimhdí a chinneadh.

Airteagal 38

Faisnéis a bheidh le tabhairt do choigilteoirí TPPU le linn na céime réamhscoir agus do thairbhithe TPPU le linn chéim an dícharntha

1.   Sa bhreis ar an Ráiteas Sochair TPPU, soláthróidh soláthraithe TPPUnna do gach coigilteoir TPPU, 2 mhí roimh na dátaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) d’Airteagal 59(1) nó arna iarraidh sin ag an gcoigilteoir TPPU, faisnéis maidir leis an tús a chuirfear go gairid le céim an dícharntha, maidir le cineálacha féideartha na n-eisíocaíochtaí agus maidir leis an bhféidearthacht go bhféadfadh an coigilteoir TPPU modhnú a dhéanamh ar chineál na n-eisíocaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 59(1).

2.   Le linn chéim an dícharntha, déanfaidh soláthraithe TPPUnna, ar bhonn bliantúil, faisnéis maidir leis na sochair TPPU a bheidh dlite agus leis an bhfoirm eisíocaíochtaí comhfhreagracha a sholáthar do thairbhithe TPPU.

I gcás ina leanfaidh an coigilteoir TPPU de ranníocaíochtaí a dhéanamh nó de riosca infheistíochta a iompar le linn chéim an dícharntha, leanfaidh an soláthraí de bheith ag soláthar an Ráitis Sochair TPPU ina mbeidh an fhaisnéis ábhartha.

Airteagal 39

Faisnéis a bheidh le tabhairt do choigilteoirí TPPU agus do thairbhithe TPPU, arna iarraidh sin acu

Ar iarraidh ó choigilteoir TPPU, ó thairbhí TPPU nó óna n-ionadaithe, soláthróidh an soláthraí TPPUnna an fhaisnéis fhorlíontach dá dtagraítear in Airteagal 37(1) agus faisnéis fhorlíontach maidir leis na toimhdí a úsáidfear chun na meastacháin dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 36(1) a ghiniúint.

ROINN V

Tuairisciú chuig údaráis náisúnta

Airteagal 40

Forálacha ginearálta

1.   Déanfaidh soláthraithe TPPUnna an fhaisnéis is gá chun críocha maoirseachta a thíolacadh dá n-údaráis inniúla, sa bhreis ar an bhfaisnéis a sholáthraítear faoin dlí earnálach ábhartha. San fhaisnéis bhreise sin beidh, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis is gá chun na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh agus próiseas athbhreithnithe maoirseachta ar siúl:

(a)

measúnú a dhéanamh ar an gcóras rialála a chuirfidh soláthraithe TPPUnna i bhfeidhm, an gnó a bhfuil siad ina bhun, na prionsabail luachála a chuirfear i bhfeidhm chun críche sócmhainneachta, na rioscaí a rachfar i ngleic leo agus na córais bainistithe riosca, agus a strúchtúr caipitil, a riachtanais chaipitil agus a mbainistíocht chaipitil;

(b)

cinntí oiriúnacha a dhéanamh a thiocfaidh as feidhmiú a gceart agus a gcúraimí maoirseachta.

2.   Sa bhreis ar na cumhachtaí a tharmligtear chucu de réir an dlí náisiúnta, beidh na cumhachtaí seo a leanas ag na húdaráis inniúla:

(a)

cineál, raon feidhme agus formáid na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 a chinneadh, ar faisnéis í a chuireann siad de cheangal ar sholáthraithe TPPUnna í a thíolacadh ag eatraimh réamhshainithe, tráth a tharlódh teagmhais réamhshainithe nó le linn fiosruithe maidir le staid soláthraí TPPUnna;

(b)

chun aon fhaisnéis a fháil ó na soláthraithe TPPUnna maidir le conarthaí atá á gcoinneáil ag soláthraithe TPPUnna nó maidir le conarthaí a dhéanfar le tríú páirtithe; agus

(c)

faisnéis a éileamh ó shaineolaithe seachtracha, amhail iniúchóirí agus achtúirí.

3.   Beidh an méid seo a leanas san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2:

(a)

gnéithe cáilíochtúla agus cainníochtúla, nó aon teaglaim iomchuí díobh sin;

(b)

gnéithe stairiúla, reatha nó ionchasacha, nó aon teaglaim iomchuí díobh sin;

(c)

sonraí ó fhoinsí inmheánacha nó seachtracha, nó aon teaglaim iomchuí díobh sin;

4.   Maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2:

(a)

déanfaidh sí cineál, scála agus castacht ghnó an tsoláthraí TPPUnna lena mbaineann a léiriú, go háirithe na rioscaí a bhaineann leis an ngnó sin;

(b)

beidh sí inrochtana, iomlán ó thaobh na ngnéithe ábhartha de, inchomparáide agus comhleanúnach thar am;

(c)

beidh sí ábhartha iontaofa agus intuigthe.

5.   Déanfaidh soláthraithe TPPUnna an fhaisnéis seo a leanas a thíolacadh chuig na húdaráis inniúla ar bhonn bliantúil:

(a)

cad iad na Ballstáit a ndéanfaidh an soláthraí TPPUnna fochuntais a thairiscint ina leith;

(b)

líon na bhfógraí i gcomhréir le hAirteagal 20(1) a gheofar ó choigilteoirí TPPU a bhfuil a n-áit chónaithe athraithe acu go Ballstát eile;

(c)

líon na n-iarrataí ar fhochuntas a oscailt agus líon na bhfochuntas arna n-oscailt i gcomhréir le hAirteagal 20(2);

(d)

líon na n-iarrataí ó choigilteoirí TPPU ar mhalartú agus líon na n-aistrithe iarbhír a dhéanfar i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 20(5);

(e)

líon na n-iarrataí ó choigilteoirí TPPU ar mhalartú agus líon na n-aistrithe iarbhír a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 52(3).

Déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis a chur ar aghaidh chuig ÚEÁPC.

6.   Beidh córais agus struchtúir iomchuí i bhfeidhm ag soláthraithe TPPUnna chun na ceanglais a leagtar síos i míreanna 1 go 5 a chomhlíonadh, mar aon le beartas i scríbhinn, a bheidh formheasta ag comhlacht bainistíochta, maoirseachta nó riaracháin an tsoláthraí TPPUnna, ar córais agus struchtúir iad lena n-áiritheofar, ar bhonn leanúnach, a iomchuí atá an fhaisnéis a thíolacfar.

7.   Arna iarraidh sin ag na húdaráis inniúla agus chun na dualgais a shanntar dó faoin Rialachán seo a chur i gcrích, beidh rochtain ag ÚEÁPC ar an bhfaisnéis arna tíolacadh ag soláthraithe TPPUnna.

8.   I gcás ina mbeidh ranníocaíochtaí agus sochair TPPUnna incháilithe do bhuntáistí nó do dhreasachtaí, déanfaidh an soláthraí TPPUnna, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta ábhartha, an fhaisnéis uile is gá chun na buntáistí agus na dreasachtaí sin a fuarthas maidir leis na ranníocaíochtaí agus na sochair sin a sholáthar nó a aisghabháil, a thíolacadh chuig an údarás náisiúnta ábhartha, i gcás inarb infheidhme.

9.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 72 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an bhfaisnéis bhreise dá dtagraítear i míreanna 1 go dtí 5 den Airteagal seo a shonrú, d’fhonn cóineasú sa tuairisciú maoirseachta a áirithiú a mhéid is iomchuí.

Déanfaidh ÚEÁPC, tar éis dó dul i gcomhairle leis na ÚMEnna eile agus leis na húdaráis inniúla agus tar éis tástáil tionscail a bheith déanta, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt maidir le formáid an tuairiscithe maoirseachta.

Déanfaidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 15 Lúnasa 2020.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

CAIBIDIL V

CÉIM AN CHARNTHA

ROINN I

Rialacha infheistíochta do sholáthraithe TPPUnna

Airteagal 41

Rialacha infheistíochta

1.   Déanfaidh soláthraithe TPPUnna na sócmhainní a chomhfhreagraíonn don TPPU a infheistiú i gcomhréir le riail “an duine stuama” agus go háirithe i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:

(a)

déanfar na sócmhainní a infheistiú chun leasanna fadtéarmacha is fearr na gcoigilteoirí TPPU i gcoitinne. I gcás coinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann, áiritheoidh an soláthraí TPPUnna, nó an t-eintiteas a bhainistíonn a phunann, go ndéanfar an infheistíocht chun leasa na gcoigilteoirí TPPU agus chun an leasa sin amháin;

(b)

laistigh de riail an duine stuama, cuirfidh soláthraithe TPPUnna san áireamh na rioscaí a bhaineann le cinntí infheistíochta agus an tionchar fadtéarmach a d’fhéadfadh a bheith acu maidir le tosca ESG;

(c)

déanfar na sócmhainní a infheistiú sa chaoi go n-áiritheofar slándáil, cáilíocht, leachtacht agus brabúsacht na punainne ina hiomláine;

(d)

déanfar na sócmhainní a infheistiú go príomha i margaí rialáilte. Déanfar an infheistíocht i sócmhainní nach ligtear isteach lena dtrádáil ar mhargadh airgeadais rialáilte a choinneáil ar leibhéil stuama;

(e)

féadfar infheistiú a dhéanamh in ionstraimí díorthacha a mhéid is a rannchuidíonn ionstraimí den chineál sin le rioscaí infheistíochta a laghdú nó le bainistiú punainne éifeachtúil a éascú. Déanfar na hionstraimí sin a luacháil ar bhonn stuama, agus an tsócmhainn fholuiteach á cur san áireamh, agus áireofar iad i luacháil sócmhainní soláthraí TPPUnna. Déanfaidh soláthraithe TPPUnna riosca neamhchosanta iomarcach ar chontrapháirtí aonair agus ar oibríochtaí díorthacha eile a sheachaint freisin;

(f)

déanfar na sócmhainní a éagsúlú go cuí chun go seachnófar an spleáchas iomarcach ar aon sócmhainn, eisitheoir nó grúpa gnóthas ar leith agus carnadh riosca sa phunann ina hiomláine. Ní dhéanfaidh infheistíochtaí i sócmhainní a eiseoidh an t-eisitheoir céanna nó eisitheoirí a bhaineann leis an ngrúpa céanna soláthraí TPPUnna a neamhchosaint ar chomhchruinniú riosca iomarcacha;

(g)

ní dhéanfar na sócmhainní a infheistiú i ndlínse neamh-chomhoibríoch chun críocha cánach arna sainaithint i gconclúidí is infheidhme na Comhairle maidir leis an liosta de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críocha cánach, ná i dtríú tír ardriosca ina bhfuil easnaimh straitéiseacha arna sainaithint ag an Rialachán Tarmligthe is infheidhme ón gCoimisiún arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849;

(h)

ní dhéanfaidh an soláthraí TPPUnna é féin ná na sócmhainní a chomhfhreagraíonn don TPPU a chur ar neamhchosaint ar rioscaí a thagann as luamhánú iomarcach agus as claochlú aibíochta iomarcach.

2.   Ní bheidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach i bpointí (a) go (h) de mhír 1 ach amháin sa mhéid nach bhfuil aon fhoráil níos déine sa dlí earnálach ábhartha is infheidhme maidir leis an soláthraí TPPUnna.

ROINN II

Roghanna infheistíochta do choigilteoirí TPPU

Airteagal 42

Forálacha ginearálta

1.   Féadfaidh soláthraithe TPPUnna suas le sé rogha infheistíochta a thairiscint do choigilteoirí TPPU.

2.   Beidh an TPPU bunúsach san áireamh sna roghanna infheistíochta agus féadfaidh roghanna infheistíochta malartacha a bheith san áireamh iontu freisin.

3.   Déanfaidh soláthraithe TPPUnna na roghanna infheistíochta uile a cheapadh ar bhonn ráthaíochta nó teicníc maolaithe riosca lena n-áiritheofar cosaint leordhóthanach do choigilteoirí TPPU.

4.   Beidh soláthar na ráthaíochtaí faoi réir an dlí earnálaigh ábhartha is infheidhme maidir leis an soláthraí TPPUnna.

5.   Ní fhéadfaidh soláthraithe TPPUnna dá dtagraítear i bpointí (c), (d), (e) agus (f) d’Airteagal 6(1) TPPU a bhfuil ráthaíocht ag gabháil leis a thairiscint ach amháin trí chomhoibriú le hinstitiúidí creidmheasa nó le gnóthais árachais ar féidir leo ráthaíochtaí den sórt sin a sholáthar de réir an dlí earnálaigh is infheidhme maidir leo. Is iad na hinstitiúidí nó na gnóthais sin, agus iad sin amháin, a bheidh faoi dhliteanas i leith na ráthaíochta.

Airteagal 43

Roghnú na rogha infheistíochta ag an gcoigilteoir TPPU

Tar éis don choigilteoir TPPU an fhaisnéis agus an chomhairle ábhartha a fháil, roghnóidh sé nó sí rogha infheistíochta, agus an conradh TPPU á thabhairt i gcrích aige nó aici.

Airteagal 44

Coinníollacha maidir le modhnú na rogha infheistíochta a roghnaíodh

1.   Má chuireann an soláthraí TPPUnna roghanna infheistíochta malartacha ar fáil, beidh an coigilteoir TPPU, agus carnadh á dhéanamh aige nó aici sa TPPU, in ann rogha infheistíochta éagsúil a roghnú tar éis íostréimhse 5 bliana ó thabhairt i gcrích an chonartha TPPU agus, i gcás ina ndéanfar athruithe ina dhiaidh sin, tar éis 5 bliana ón athrú is déanaí ar an rogha infheistíochta. Féadfaidh an soláthraí TPPUnna a cheadú don choigilteoir TPPU an rogha infheistíochta arna roghnú a mhodhnú níos minice.

2.   Déanfar an modhnú ar an rogha infheistíochta saor in aisce don choigilteoir TPPU.

Airteagal 45

An TPPU Bunúsach

1.   Is táirge sábháilte a bheidh sa TPPU bunúsach, arb ionann é agus an rogha infheistíochta réamhshocraithe. Déanfaidh soláthraithe TPPUnna é a cheapadh ar bhonn ráthaíocht ar an gcaipiteal a bheidh dlite ag tús chéim an dícharntha agus le linn chéim an dícharntha, i gcás inarb infheidhme, nó ar bhonn teicníc maolaithe riosca a bheidh comhsheasmhach leis an gcuspóir i dtaca le ceadú don choigilteoir TPPU an caipiteal a fhorchúiteamh.

2.   Ní rachaidh na costais agus na táillí don TPPU Bunúsach thar 1 % den chaipiteal carntha in aghaidh na bliana.

3.   Chun cothrom iomaíochta a áirithiú idir soláthraithe TPPUnna éagsúla agus cineálacha éagsúla TPPUnna, déanfaidh ÚEÁPC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na cineálacha costas agus táillí dá dtagraítear i mír 2, tar éis dó dul i gcomhairle leis na ÚMEnna eile i gcás inarb infheidhme.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á bhforbairt aige, déanfaidh ÚEÁPC cineálacha féideartha éagsúla TPPUnna, cineál scoir fhadtéarmaigh an TPPU agus gnéithe éagsúla féideartha na TPPUnna a chur san áireamh, go háirithe eisíocaíochtaí a dhéanfar i bhfoirm blianachtaí fadtéarmacha nó íostarraingtí bliantúla go dtí go mbeidh an aois ar a laghad ag an gcoigilteoir TPPU a fhreagraíonn do mheánionchas saoil an choigilteora TPPU. Déanfaidh ÚEÁPC measúnú freisin ar chineál ar leith na cosanta caipitil ag féachaint go sonrach don ráthaíocht chaipitil. Déanfaidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a thíolacadh don Choimisiún faoin 15 Lúnasa 2020.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

4.   Gach 2 bhliain ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEÁPC agus, i gcás inarb infheidhme, leis na ÚMEnna eile, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar leormhaitheas an luacha céatadáin dá dtagraítear i mír 2. Déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, leibhéal iarbhír agus athruithe ar leibhéal iarbhír na gcostas agus na dtáillí, agus an tionchar ar infhaighteacht na TPPUnna a chur san áireamh.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 72 chun an luach céatadáin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a leasú i bhfianaise a chuid athbhreithnithe d’fhonn rochtain iomchuí ar an margadh a cheadú do sholáthraithe TPPUnna.

Airteagal 46

Teicnící maolaithe riosca

1.   Trí theicnící maolaithe riosca a úsáid, áiritheofar go ndéanfar an straitéis infheistíochta i gcomhair an TPPU a cheapadh chun ioncam scoir aonair don todhchaí, ar ioncam é a bheidh cobhsaí agus leormhaith, a thiomargadh ón TPPU agus chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom le gach glúin de choigilteoirí TPPU.

Na teicnící maolaithe riosca uile, cibé acu más faoin TPPU Bunúsach nó le haghaidh na roghanna infheistíochta malartacha a chuirfear i bhfeidhm iad, beidh siad fónta, stóinseach agus comhsheasmhach le próifíl riosca na rogha infheistíochta comhfhreagraí.

2.   Féadfar na forálacha seo a leanas, inter alia, a áireamh sna teicnící maolaithe riosca:

(a)

forálacha maidir le leithdháileadh infheistíochta a oiriúnú de réir a chéile chun na rioscaí airgeadais a bhaineann le hinfheistíochtaí a mhaolú le haghaidh na gcohórt a chomhfhreagraíonn don tréimhse atá fágtha (saolré);

(b)

forálacha lena mbunófar cúlchistí ó ranníocaíochtaí nó ó thorthaí infheistíochta, a leithdháilfear ar choigilteoirí TPPU ar bhealach cothrom agus trédhearcach chun caillteanais infheistíochta a mhaolú; nó

(c)

forálacha maidir le ráthaíochtaí iomchuí a úsáid chun cosaint a thabhairt i gcoinne caillteanais infheistíochta.

3.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEÁPC, tar éis dó dul i gcomhairle leis na ÚMEnna eile, agus tar éis dó tástáil tionscail a dhéanamh, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na critéir íosta nach mór a shásamh leis na teicnící maolaithe riosca, agus na cineálacha éagsúla TPPU agus a ngnéithe sonracha, chomh maith leis na cineálacha éagsúla soláthraithe TPPUnna agus na difríochtaí idir a gcóras stuamachta á gcur san áireamh.

Déanfaidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a thíolacadh chuig an gCoimisiún faoin 15 Lúnasa 2020.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

ROINN III

Gnéithe eile de chéim an charntha

Airteagal 47

Coinníollacha a bhaineann le céim an charntha

1.   Déanfaidh na Ballstáit na coinníollacha a bhaineann le céim an charntha, i gcás na bhfochuntas náisiúnta, a chinneadh mura ndéanfar iad a shonrú sa Rialachán seo.

2.   Féadfar teorainneacha aoise maidir le céim an charntha a thosú, íosré chéim an charntha, uasmhéideanna agus íosmhéideanna ranníocaíochtaí agus a leanúnachas a áireamh go háirithe ar na coinníollacha sin.

CAIBIDIL VI

COSAINT INFHEISTEOIRÍ

Airteagal 48

Taisclann

1.   Déanfaidh na soláthraithe TPPUnna dá dtagraítear i bpointí (c), (e) agus (f) d’Airteagal 6(1) taisclann amháin nó níos mó a cheapadh chun sócmhainní a choimeád slán i ndáil le gnó soláthartha agus cúraimí maoirseachta TPPUnna.

2.   Chun an taisclann a cheapadh, a cúraimí a fhorghníomhú i ndáil le sócmhainní a choimeád slán agus dliteanas na taisclainne, agus le haghaidh cúraimí maoirseachta na taisclainne, déanfar Caibidil IV de Threoir 2009/65/CE a chur i bhfeidhm dá réir.

Airteagal 49

Rioscaí bithmhéadracha a chumhdach

1.   Féadfaidh soláthraithe TPPUnna TPPUnna a thairiscint ag a mbeidh rogha lena n-áiritheofar go gcumhdófar rioscaí bithmhéadracha.

2.   Beidh cumhdach na rioscaí bithmhéadracha faoi réir an dlí earnálaigh ábhartha is infheidhme maidir leis an soláthraí TPPUnna. D’fhéadfadh cumhdach na rioscaí bithmhéadracha a bheith éagsúil idir fochuntais éagsúla.

3.   Féadfaidh soláthraithe TPPUnna dá dtagraítear i bpointí (a), (c), (d), (e) agus (f) d’Airteagal 6(1) TPPUnna a thairiscint ag a mbeidh rogha lena n-áiritheofar go gcumhdófar rioscaí bithmhéadracha. Sa chás sin, ní thabharfar an cumhdach ach trí chomhoibriú le gnóthais árachais ar féidir leo na rioscaí sin a chumhdach de réir an dlí earnálaigh is infheidhme maidir leo. Beidh an gnóthas árachais faoi dhliteanas iomlán i leith chumhdach na rioscaí bithmhéadracha.

Airteagal 50

Gearáin

1.   Déanfaidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna nósanna imeachta leormhaithe agus éifeachtacha a chur ar bun agus a chur i bhfeidhm chun teacht ar réiteach ar ghearáin a thaiscfidh custaiméirí TPPU maidir lena gcearta agus a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo.

2.   Déanfar na nósanna imeachta sin a chur i bhfeidhm i ngach Ballstát ina dtairgfidh an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna a sheirbhísí agus beidh siad ar fáil i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit ábhartha, ar teanga í a roghnóidh an custaiméir TPPU, nó i dteanga eile má thagann an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna agus an custaiméir TPPU ar chomhaontú faoi sin.

3.   Déanfaidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna gach iarracht is féidir chun freagra a thabhairt, cibé acu go leictreonach nó i meán marthanach eile i gcomhréir le Airteagal 24, ar ghearáin na gcustaiméirí TPPU. Leis an bhfreagra, tabharfar aghaidh ar na pointí go léir a luafar, laistigh de thréimhse ama leordhóthanach agus ar a dhéanaí faoi cheann 15 lá oibre ón uair a gheofar an gearán. I gcásanna eisceachtúla, mura féidir an freagra a thabhairt laistigh de 15 lá oibre ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna orthu, ceanglófar air freagra fóille a sheoladh, ina gcuirfear in iúl go soiléir na cúiseanna atá leis an moill ar fhreagra a thabhairt ar an ngearán agus ina sonrófar an sprioc-am faoina bhfaighidh an custaiméir TPPU an freagra deiridh. Ar aon chaoi, ní rachaidh an sprioc-am faoina bhfaighfear an freagra deiridh thar 35 lá oibre.

4.   Cuirfidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna an custaiméir TPPU ar an eolas faoi chomhlacht amháin um réiteach malartach díospóide (ADR) ar a laghad a bhfuil sé d’inniúlacht aige déileáil le díospóidí i dtaca le cearta agus oibleagáidí custaiméirí TPPU faoin Rialachán seo.

5.   Déanfar an fhaisnéis faoi na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 a lua ar bhealach a bheidh soiléir, cuimsitheach agus éasca a rochtain ar shuíomh gréasáin an tsoláthraí TPPUnna nó an dáileora TPPUnna, ag an mbrainse, agus i dtéarmaí agus coinníollacha ginearálta an chonartha idir an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna agus an custaiméir TPPU. Sonrófar ann an chaoi ar féidir tuilleadh eolais a rochtain faoin gcomhlacht ADR lena mbaineann agus faoi na coinníollacha maidir lena úsáid.

6.   Déanfaidh na húdaráis inniúla nósanna imeachta a chur ar bun lenar féidir le custaiméirí TPPU agus le páirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear comhlachais tomhaltóirí, gearáin a thíolacadh chuig na húdaráis inniúla i dtaca le sáruithe líomhnaithe ar an Rialachán seo ag soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna. I ngach cás, gheobhaidh gearánaigh freagraí.

7.   I gcásanna a bhaineann le níos mó ná Ballstát amháin, féadfaidh an gearánach a roghnú a ghearán nó a gearán a thaisceadh trí údaráis inniúla a Bhallstáit cónaithe nó a Ballstáit cónaithe, gan beann ar an áit ina ndearnadh an sárú.

Airteagal 51

Sásamh lasmuigh den chúirt

1.   Maidir le nósanna imeachta ADR atá leormhaith, neamhspleách, neamhchlaonta, trédhearcach agus éifeachtach chun díospóidí idir custaiméirí TPPU agus soláthraithe TPPUnna nó dáileoirí TPPUnna maidir le cearta agus oibleagáidí a thagann chun cinn faoin Rialachán seo a réiteach, bunófar iad i gcomhréir le Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), agus leas á bhaint as comhlachtaí inniúla atá ann cheana i gcás inarb iomchuí. Beidh na nósanna imeachta ADR sin infheidhme, agus leathnóidh inniúlacht an chomhlachta ábhartha ADR amach go héifeachtach, maidir leis na soláthraithe TPPUnna nó na dáileoirí TPPUnna a ndéanfar na nósanna imeachta a thionscnamh ina gcoinne.

2.   Oibreoidh na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 i gcomhar le chéile go héifeachtach chun díospóidí trasteorann maidir le cearta agus oibleagáidí a thagann chun cinn faoin Rialachán seo a réiteach.

CAIBIDIL VII

SOLÁTHRAITHE TPPUnna A MHALARTÚ

Airteagal 52

An tseirbhís malartaithe a sholáthar

1.   Déanfaidh soláthraithe TPPUnna seirbhís malartaithe a sholáthar lena ndéanfar, arna iarraidh sin ag an gcoigilteoir TPPU, na méideanna comhfhreagracha nó, i gcás inarb infheidhme, sócmhainní comhchineáil i gcomhréir le mír 4, a aistriú ó chuntas TPPU atá á choinneáil ag an soláthraí TPPUnna aistritheach chuig cuntas TPPU nua leis na fochuntais chéanna arna n-oscailt leis an soláthraí TPPUnna is faighteoir, agus an t-iarchuntas TPPU á dhúnadh.

Agus an tseirbhís malartaithe á húsáid, déanfaidh an soláthraí TPPUnna aistritheach an fhaisnéis uile atá nasctha le gach fochuntas de chuid an chéad chuntais TPPU, lena n-áirítear ceanglais tuairiscithe, a aistriú chuig an soláthraí TPPUnna is faighteoir. Déanfaidh an soláthraí TPPUnna is faighteoir an fhaisnéis sin a chlárú sna fochuntais chomhfhreagracha.

Féadfaidh coigilteoir TPPU a iarraidh aistriú go soláthraí TPPUnna atá bunaithe sa Bhallstát céanna (malartú intíre) nó i mBallstát eile (athrú trasteorann). Féadfaidh an coigilteoir TPPU an ceart a fheidhmiú chun soláthraithe a athrú le linn chéim an charntha agus le linn chéim an dícharntha den TPPU.

2.   D’ainneoin mhír 1, le linn chéim an dícharntha, ní bheidh sé d’oibleagáid ar sholáthraithe TPPUnna seirbhís malartaithe a sholáthar le haghaidh TPPUnna, i gcás ina bhfuil eisíocaíochtaí á bhfáil ag coigilteoirí TPPUanna i bhfoirm blianachtaí saoil.

3.   Féadfaidh an coigilteoir TPPU soláthraithe TPPUnna a mhalartú tar éis íostréimhse 5 bliana ó thabhairt i gcrích an chonartha TPPU, agus, i gcás malartú a dhéanfar ina dhiaidh sin, tar éis 5 bliana ón malartú is déanaí, gan dochar do phointe (a) d’Airteagal 20(5). Féadfaidh an soláthraí TPPUnna a cheadú don choigilteoir TPPU soláthraithe TPPUnna a mhalartú níos minice.

4.   I gcás ina mbeidh an malartú idir soláthraithe TPPUnna atá i mbun bainistíocht punainne aonair do choigilteoirí TPPU, féadfaidh coigilteoirí TPPU a roghnú sócmhainní comhchineáil nó méideanna comhfhreagracha a aistriú. I ngach cás eile, ní cheadófar ach méideanna comhfhreagracha a aistriú.

Beidh gá le toiliú i scríbhinn ón soláthraí TPPUnna is faighteoir i gcás ina n-iarrfaidh an coigilteoir TPPU aistriú sócmhainní comhchineáil.

Airteagal 53

An tseirbhís malartaithe

1.   Arna iarraidh sin ag an gcoigilteoir TPPU, tar éis don choigilteoir TPPU cinneadh eolasach a dhéanamh bunaithe ar an bhfaisnéis a gheofar ó na soláthraithe TPPUnna mar a shainítear in Airteagal 56, déanfaidh an soláthraí TPPUnna is faighteoir an tseirbhís malartaithe a thionscnamh.

2.   Déanfar an iarraidh ón gcoigilteoir TPPU a tharraingt suas i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit ina mbeidh an tseirbhís malartaithe á tionscnamh nó in aon teanga eile a bheidh comhaontaithe idir na páirtithe. San iarraidh, déanfaidh an coigilteoir TPPU an méid seo a leanas:

(a)

a thoiliú nó a toiliú a thabhairt go sonrach i dtaobh gach ceann de na cúraimí dá dtagraítear i mír 4 a bheith á bhfeidhmiú ag an soláthraí TPPUnna aistritheach agus déanfaidh sé a thoiliú nó a toiliú a thabhairt go sonrach i dtaobh gach ceann de na cúraimí dá dtagraítear i mír 5 a bheith á bhfeidhmiú ag an soláthraí TPPUnna is faighteoir;

(b)

i gcomhaontú leis an soláthraí TPPUnna is faighteoir, dáta a shonrú óna mbeidh íocaíochtaí le forghníomhú chuig an gcuntas TPPU a osclófar leis an soláthraí TPPUnna is faighteoir.

Beidh an dáta sin coicís ar a laghad tar éis an dáta a gheobhaidh an soláthraí TPPUnna is faighteoir na doiciméid a aistreoidh an soláthraí TPPUnna aistritheach de bhun mhír 4.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeadh an iarraidh ón gcoigilteoir TPPU i scríbhinn agus go ndéanfaí cóip den iarraidh a nglacfar léi a sholáthar don choigilteoir TPPU.

3.   Laistigh de 5 lá oibre ón iarraidh dá dtagraítear i mír 2 a fháil, iarrfaidh an soláthraí TPPUnna is faighteoir ar an soláthraí TPPUnna aistritheach na cúraimí amhail dá dtagraítear i mír 4 a chur i gcrích.

4.   A luaithe a bheidh iarraidh ón soláthraí TPPUnna is faighteoir faighte aige, déanfaidh an soláthraí TPPUnna aistritheach an méid seo a leanas:

(a)

laistigh de 5 lá oibre, an Ráiteas Sochair TPPU don tréimhse ó dháta an Ráitis Sochair TPPU deiridh arna tharraingt suas go dtí dáta na hiarrata a sheoladh chuig an gcoigilteoir TPPU agus chuig an soláthraí TPPUnna is faighteoir;

(b)

laistigh de 5 lá oibre, liosta de na sócmhainní atá ann cheana atá á n-aistriú i gcás aistriú sócmhainní comhchineáil amhail dá dtagraítear in Airteagal 52(4) a sheoladh chuig an soláthraí TPPUnna is faighteoir;

(c)

scor de ghlacadh le híocaíochtaí isteach ar an gcuntas TPPU le héifeacht ón dáta a bheidh sonraithe ag an gcoigilteoir TPPU san iarraidh dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2;

(d)

na méideanna comhfhreagracha, nó i gcás inarb infheidhme, na sócmhainní comhchineáil a aistriú i gcomhréir le hAirteagal 52(4), ón gcuntas TPPU chuig an gcuntas TPPU nua a osclófar leis an soláthraí TPPUnna is faighteoir ar an dáta arna shonrú ag an gcoigilteoir TPPU san iarraidh;

(e)

an cuntas TPPU a dhúnadh ar an dáta a bheidh sonraithe ag an gcoigilteoir TPPU mura mbeidh aon oibleagáidí gan chomhlíonadh ag an gcoigilteoir TPPU. Déanfaidh an soláthraí TPPUnna aistritheach an coigilteoir TPPU a chur ar an eolas láithreach i gcás ina gcuirfidh oibleagáidí gan chomhlíonadh den sórt sin cosc ar dhúnadh chuntas an choigilteora TPPU.

5.   Déanfaidh an soláthraí TPPUnna is faighteoir, mar a fhoráiltear san iarraidh agus a mhéid a chumasóidh an fhaisnéis a chuirfidh an soláthraí TPPUnna aistritheach nó an coigilteoir TPPU ar fáil don soláthraí TPPUnna is faighteoir déanamh amhlaidh, aon ullmhúcháin is gá chun glacadh leis na híocaíochtaí isteach agus chun glacadh leo le héifeacht ón dáta a bheith sonraithe ag an gcoigilteoir TPPU san iarraidh.

Airteagal 54

Táillí agus muirir a bhaineann leis an tseirbhís malartaithe

1.   Beidh coigilteoirí TPPU in ann rochtain a fháil saor in aisce ar a sonraí pearsanta atá á gcoinneáil ag an soláthraí TPPUnna aistritheach nó ag an soláthraí TPPUnna is faighteoir.

2.   Déanfaidh an soláthraí TPPUnna aistritheach an fhaisnéis a iarrfaidh an soláthraí TPPUnna is faighteoir de bhun phointe (a) d’Airteagal 53(4) a sholáthar gan muirear a ghearradh ar an gcoigilteoir TPPU ná ar an soláthraí TPPUnna is faighteoir.

3.   Na táillí agus na muirir iomlána a ghearrfaidh an soláthraí TPPUnna aistritheach ar an gcoigilteoir TPPU as an gcuntas TPPU atá á choinneáil aige a dhúnadh, beidh siad teoranta do na costais riaracháin iarbhír arna dtabhú ag an soláthraí TPPUnna agus ní bheidh siad os cionn 0,5 % de na méideanna comhfhreagracha nó luach airgeadúil na sócmhainní comhchineáil a bheidh le haistriú chuig an soláthraí TPPUnna is faighteoir.

Féadfaidh na Ballstáit céatadán níos ísle de na táillí agus na muirir a shocrú amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus céatadán difriúil a shocrú i gcás ina gceadóidh an soláthraí TPPU do choigilteoirí TPPU a soláthraí TPPU a mhalartú níos minice amhail dá dtagraítear in Airteagal 52(3).

Ní ghearrfaidh an soláthraí TPPUnna aistritheach aon táillí ná muirir bhreise ar an soláthraí TPPUnna is faighteoir.

4.   Ní fhéadfaidh an soláthraí TPPUnna is faighteoir ach costais riaracháin agus idirbhirt iarbhír na seirbhíse malartaithe a ghearradh.

Airteagal 55

Coigilteoirí TPPU a chosaint ar chaillteanas airgeadais

1.   Aon chaillteanas airgeadais, lena n-áirítear táillí, muirir agus ús, a thabhóidh an coigilteoir TPPU agus a eascróidh go díreach as neamhchomhlíonadh oibleagáidí faoi Airteagal 53 ag soláthraí TPPUnna atá páirteach sa phróiseas malartaithe, déanfaidh an soláthraí TPPUnna sin iad a aisíoc gan mhoill.

2.   Ní bheidh feidhm ag dliteanas faoi mhír 1 i gcás imthosca neamhghnácha nach bhféadfaí a thuar, nach bhfuil neart ag an soláthraí TPPUnna orthu agus ina ndéanfaidh sé iarratas go gcuirfear na himthosca sin i bhfeidhm, nach bhféadfaí a n-iarmhairtí a sheachaint d’ainneoin gach iarracht a dhéanfaí maidir leis sin, nó i gcás ina mbeidh soláthraí TPPUnna faoi cheangal ag oibleagáidí dlíthiúla eile atá cumhdaithe ag dlí an Aontais nó dlí náisiúnta.

3.   Déanfar dliteanas faoi mhír 1 a shuí i gcomhréir leis na ceanglais dlí is infheidhme ar an leibhéal náisiúnta.

4.   Iompróidh an coigilteoir TPPU aon riosca caillteanais airgeadais a bhaineann le fuascailt chomhchineáil na sócmhainní atá á gcoinneáil sa chuntas TPPU ar mhaithe lena n-aistriú ón soláthraí TPPUnna aistritheach chuig an soláthraí TPPUnna is faighteoir, amhail dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

5.   Ní bheidh oibleagáid ar an soláthraí TPPUnna aistritheach cosaint chaipitil a áirithiú ná ráthaíocht a sholáthar tráth an mhalartaithe.

Airteagal 56

Faisnéis faoin tseirbhís malartaithe

1.   Déanfaidh soláthraithe TPPUnna an fhaisnéis seo a leanas faoin tseirbhís malartaithe a thabhairt do choigilteoirí TPPU chun go mbeidh an coigilteoir TPPU in ann cinneadh eolasach a dhéanamh:

(a)

ról an tsoláthraí aistrithigh agus ról an tsoláthraí is faighteoir maidir le gach céim den phróiseas malartaithe, mar a léirítear in Airteagal 53;

(b)

an tréimhse ama faoina dtabharfar na céimeanna faoi seach chun críche;

(c)

na táillí agus na muirir a ghearrfar ar an bpróiseas malartaithe;

(d)

na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an malartú, go háirithe na himpleachtaí ar an gcosaint chaipitil nó ar an ráthaíocht, agus faisnéis eile a bhaineann leis an tseirbhís malartaithe;

(e)

faisnéis faoin bhféidearthacht i dtaobh aistriú sócmhainní comhchineáil, más infheidhme.

Déanfaidh an soláthraí TPPUnna is faighteoir ceanglais Chaibidil IV a chomhlíonadh.

Déanfaidh an soláthraí TPPUnna is faighteoir, i gcás inarb infheidhme, an coigilteoir TPPU a chur ar an eolas maidir le haon scéim ráthaíochta a bheith ann, lena n-áirítear scéim ráthaíochta taisce, scéim cúitimh d’infheisteoirí nó scéim ráthaíochta árachais, lena gcumhdaítear an coigilteoir TPPU sin.

2.   Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar fáil ar shuíomh gréasáin an tsoláthraí TPPUnna. Déanfar í a sholáthar do choigilteoirí TPPU freisin arna iarraidh sin acu, i gcomhréir le ceanglais Airteagal 24.

CAIBIDIL VIII

CÉIM AN DÍCHARNTHA

Airteagal 57

Coinníollacha a bhaineann le céim an dícharntha

1.   Is iad na Ballstáit a chinnfidh na coinníollacha a bhaineann le céim an charntha agus leis na heisíocaíochtaí as na fochuntais náisiúnta mura rud é go ndéanfar iad a shonrú sa Rialachán seo.

2.   Féadfar a áireamh ar na coinníollacha sin go háirithe go socrófaí aois íosta le haghaidh tús chéim an dícharntha, uastréimhse sula mbainfear an aois scoir amach chun dul isteach in TPPU, chomh maith le coinníollacha maidir le fuascailt sula mbainfear an aois íosta le haghaidh tús chéim an dícharntha amach, go sonrach i gcás cruatan ar leith.

Airteagal 58

Cineálacha eisíocaíochtaí

1.   Féadfaidh soláthraithe TPPUnna ceann amháin de na cineálacha eisíocaíochtaí a leanas nó níos mó a chur ar fáil do choigilteoirí TPPU:

(a)

blianachtaí;

(b)

cnapshuim;

(c)

íocaíochtaí íostarraingthe;

(d)

teaglamaí de na cineálacha thuas.

2.   Déanfaidh coigilteoirí TPPU cineál na n-eisíocaíochtaí a roghnú do chéim an dícharntha nuair a dhéanfaidh siad conradh TPPU a thabhairt i gcrích agus nuair a iarrfaidh siad oscailt fochuntais nua. D’fhéadfadh cineál na n-eisíocaíochtaí a bheith éagsúil idir fochuntais éagsúla.

3.   Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo nó d’Airteagal 57 nó 59, féadfaidh na Ballstáit bearta a ghlacadh chun tús áite a thabhairt do chineálacha áirithe eisíocaíochtaí. D’fhéadfaí a áireamh ar na bearta sin teorainneacha cainníochtúla le haghaidh íocaíochtaí cnapshuime chun na cineálacha eile d’eisíocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a spreagadh tuilleadh. Ní bheidh feidhm ag teorainneacha cainníochtúla den sórt sin ach amháin maidir leis na heisíocaíochtaí a chomhfhreagraíonn don chaipiteal atá carntha san fhochuntas TPPU atá nasctha leis na Ballstáit a bhfuil foráil déanta ina ndlí náisiúnta do theorainneacha cainníochtúla ar íocaíochtaí cnapshuime.

4.   Féadfaidh na Ballstáit coinníollacha a shonrú faoina ndéanfar buntáistí agus dreasachtaí arna ndeonú a aisíoc leo.

Airteagal 59

Modhnuithe ar chineálacha na n-eisíocaíochtaí

1.   Má sholáthraíonn an soláthraí TPPUnna cineálacha éagsúla eisíocaíochtaí, ceadófar don choigilteoir TPPU cineál na n-eisíocaíochtaí ó gach fochuntas a osclaíodh a mhodhnú:

(a)

bliain amháin roimh thús chéim an dícharntha;

(b)

ag tús chéim an dícharntha;

(c)

tráth an mhalartaithe.

Beidh an modhnú ar chineál na n-eisíocaíochtaí saor in aisce don choigilteoir TPPU.

2.   A luaithe a gheobhaidh sé iarraidh ón gcoigilteoir TPPU chun cineál a eisíocaíochtaí nó a heisíocaíochtaí a mhodhnú, déanfaidh an soláthraí TPPUnna faisnéis a sholáthar don choigilteoir TPPU i bhformáid a bheidh soiléir agus intuigthe maidir leis na himpleachtaí airgeadais ar an gcoigilteoir TPPU nó ar an tairbhí TPPU a bhaineann le hathrú den sórt sin, go háirithe a mhéid a bhaineann le haon tionchar a bheadh ann ar na dreasachtaí náisiúnta a d’fhéadfadh a bheith infheidhme maidir leis na fochuntais a bheadh ag gabháil cheana le TPPU an choigilteora TPPU.

Airteagal 60

Pleanáil scoir agus comhairle maidir le heisíocaíochtaí

1.   I gcás an TPPU Bhunúsaigh, ag tús chéim an dícharntha, déanfaidh an soláthraí TPPUnna pleanáil scoir phearsanta a thairiscint don choigilteoir TPPU maidir le húsáid inbhuanaithe a bhaint as an gcaipiteal arna charnadh sna fochuntais TPPU, agus an méid seo a leanas ar a laghad á chur san áireamh:

(a)

luach an chaipitil arna charnadh sna fochuntais TPPU;

(b)

méid iomlán na dteidlíochtaí scoir eile arna bhfabhrú; agus

(c)

éilimh agus riachtanais an choigilteora TPPU, ar éilimh agus riachtanais iad a bhaineann le scor fadtéarmach.

2.   Áireofar leis an bpleanáil scoir dá dtagraítear i mír 1 moladh pearsanta don choigilteoir TPPU maidir le cineál optamach a eisíocaíochtaí nó a heisíocaíochtaí ach amháin mura soláthraítear ach aon chineál amháin d’eisíocaíochtaí. Mura mbeidh íocaíocht chnapshuime i gcomhréir le riachtanais scoir an choigilteora TPPU, beidh rabhadh ag gabháil leis an gcomhairle chuige sin.

CAIBIDIL IX

MAOIRSEACHT

Airteagal 61

Maoirseacht ag na húdaráis inniúla agus faireachán ag ÚEÁPC

1.   Déanfaidh údaráis inniúla an tsoláthraí TPPUnna maoirseacht ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ar bhonn leanúnach agus i gcomhréir leis an gcóras earnálach ábhartha maoirseachta agus na caighdeáin earnálacha ábhartha mhaoirseachta. Beidh siad freagrach freisin as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach sna rialacha nó in ionstraimí ionchorpraithe an tsoláthraí TPPUnna, agus as leormhaitheas a shocruithe agus a eagrúcháin maidir leis na cúraimí atá le comhlíonadh aige agus TPPU á sholáthar.

2.   Déanfaidh ÚEÁPC agus údaráis inniúla faireachán ar tháirgí pinsin phearsanta a sholáthrófar nó a dháilfear chun a fhíorú nach dtabharfar an t-ainm “TPPU” ar na táirgí den chineál sin ná nach dtabharfar le tuiscint gur TPPUnna iad ach tráth a gcláraithe faoin Rialachán seo.

Airteagal 62

Cumhachtaí na n-údarás inniúil

Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe ar fad is gá ag na húdaráis inniúla chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú de bhun an Rialacháin seo.

Airteagal 63

Cumhachtaí idirghabhála táirgí na n-údarás inniúil

1.   Féadfaidh údaráis inniúla margú nó dáileadh TPPU ina Bhallstát nó óna Bhallstát a thoirmeasc nó a shrianadh faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá na húdaráis inniúla sásta go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go dtiocfadh ábhair imní shuntasacha nó athdhearbhaithe maidir le cosaint coigilteoirí as an TPPU nó go bhfuil riosca ag baint leis d’fheidhmiú rianúil agus do shláine margaí airgeadais nó do chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine nó i bpáirt laistigh de Bhallstát amháin ar a laghad;

(b)

tá an ghníomhaíocht comhréireach, ag cur san áireamh cineál na rioscaí arna sainaithint, leibhéal sofaisticiúlachta na gcoigilteoirí TPPU lena mbaineann agus an éifeacht is dócha a bheidh ag an ngníomhaíocht ar choigilteoirí TPPU a bhfuil conradh TPPU tugtha i gcrích acu;

(c)

tá na húdaráis inniúla tar éis dul i gcomhairle go cuí le húdaráis inniúla i mBallstáit eile a bhféadfaidh an ghníomhaíocht difear suntasach a dhéanamh dóibh; agus

(d)

níl tionchar idirdhealaitheach ag an ngníomhaíocht ar sheirbhísí ná ar ghníomhaíochtaí a sholáthraítear ó Bhallstát eile.

I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, féadfaidh údaráis inniúla an toirmeasc nó an srian a fhorchur ar bhonn réamhchúraim sula ndéanfar TPPU a mhargú nó a dháileadh do choigilteoirí TPPU. Féadfaidh feidhm a bheith ag toirmeasc nó srian i dtosca, nó a bheith faoi réir eisceachtaí, a bheidh sonraithe ag na húdaráis inniúla.

2.   Ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla toirmeasc nó srian a fhorchur faoin Airteagal seo ach amháin más rud é, tráth nach luaithe ná 1 mí amháin roimh an am a bheartófar go ngabhfaidh éifeacht leis an mbeart, go mbeidh fógra tugtha acu do na húdaráis inniúla eile lena mbaineann agus do ÚEÁPC, ar fógra é a tugadh i scríbhinn nó trí mheán eile a bheidh aontaithe idir na húdaráis, maidir leis na mionsonraí faoi na nithe seo a leanas:

(a)

an TPPU lena mbaineann an ghníomhaíocht atá beartaithe;

(b)

cineál beacht an toirmisc nó an tsriain atá beartaithe agus an dáta a bhfuil sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis; agus

(c)

an fhianaise ar a mbeidh a gcinneadh bunaithe acu agus ar a bhfuil forais réasúnacha acu lena chreidiúint go bhfuil gach ceann de na coinníollacha i mír 1 comhlíonta.

3.   I gcásanna eisceachtúla ina measfaidh na húdaráis inniúla go bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach a dhéanamh faoin Airteagal seo ionas nach dtiocfaidh dochar as an TPPU, féadfaidh na húdaráis inniúla gníomhaíocht a dhéanamh ar bhonn sealadach tar éis dó fógra 24 uair an chloig ar a laghad a thabhairt i scríbhinn, roimh an am a bheartaítear éifeacht a bheith leis an mbeart, do na húdaráis inniúla eile go léir agus do ÚEÁPC, ar choinníoll go gcomhlíonfar na critéir ar fad atá san Airteagal seo agus, sa bhreis air sin, go suífear go soiléir nach mbeadh tréimhse fógra de 1 mhí amháin leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní nó bagairt shonrach. Ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla gníomhaíocht ar bhonn sealadach ar feadh tréimhse is faide ná 3 mhí.

4.   Foilseoidh na húdaráis inniúla ar a suímh ghréasáin fógra maidir le haon chinneadh chun aon toirmeasc nó srian dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur. Saineofar san fhógra sin mionsonraí an toirmisc nó an tsriain, am tar éis fhoilsiú an fhógra óna ngabhfaidh éifeacht leis na bearta agus an fhianaise ar ina leith atá sé sásta go mbeidh gach ceann de na coinníollacha i mír 1 comhlíonta. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc ná ag an srian ach maidir le gníomhaíocht a dhéanfar tar éis an fógra a fhoilsiú.

5.   Déanfaidh na húdaráis inniúla toirmeasc nó srian a chúlghairm mura mbeidh feidhm a thuilleadh ag na coinníollacha i mír 1.

Airteagal 64

Éascú agus comhordú

1.   Déanfaidh ÚEÁPC ról éascaithe agus comhordaithe a chomhlíonadh maidir le gníomhaíocht a dhéanfaidh údaráis inniúla faoi Airteagal 63. Go háirithe, áiritheoidh ÚEÁPC go mbeidh bonn cirt le gníomhaíocht a dhéanfaidh údarás inniúil agus go mbeidh sí comhréireach agus go nglacfaidh na húdaráis inniúla cur chuige comhsheasmhach i gcás inarb iomchuí.

2.   Tar éis fógra a fháil faoi Airteagal 63 maidir le haon toirmeasc nó srian a bheidh le forchur faoin Airteagal sin, eiseoidh ÚEÁPC tuairim i dtaobh bonn cirt a bheith leis an toirmeasc nó an srian agus i dtaobh toirmeasc nó srian a bheith comhréireach. I gcás ina measfaidh ÚEÁPC go bhfuil gá le beart ó údaráis inniúla eile chun aghaidh a thabhairt ar an riosca, tabharfaidh sé an méid sin le fios freisin sa tuairim uaidh. Foilseofar an tuairim ar shuíomh gréasáin ÚEÁPC.

3.   I gcás ina mbeartóidh údarás inniúil gníomhaíocht a dhéanamh nó i gcás ina ndéanfaidh sé an ghníomhaíocht agus go bhfuil sí contrártha do thuairim a d’eisigh ÚEÁPC faoi mhír 2 nó i gcás ina ndiúltóidh an t-údarás sin gníomhaíocht a dhéanamh atá contrártha don tuairim sin, cuirfidh sé fógra ar a shuíomh gréasáin láithreach lena míneofar go beacht na cúiseanna atá aige le déanamh amhlaidh.

Airteagal 65

Cumhachtaí idirghabhála táirgí ÚEÁPC

1.   I gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, déanfaidh ÚEÁPC faireachán ar an margadh do TPPUnna a dhéanfar a chur ar an margadh, a dháileadh, nó a dhíol san Aontas.

2.   I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, féadfaidh ÚEÁPC, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha i mír 3 agus i mír 4 den Airteagal seo, toirmeasc nó srian sealadach a chur ar mhargaíocht, dáileadh nó díolachán TPPUnna áirithe nó TPPUnna a bhfuil gnéithe sonraithe áirithe acu.

Féadfaidh sé go mbeidh feidhm ag toirmeasc nó ag srian i dtosca, nó go mbeidh siad faoi réir eisceachtaí, atá le sonrú ag ÚEÁPC.

3.   Déanfaidh ÚEÁPC cinneadh faoi mhír 2 den Airteagal seo tar éis dó dul i gcomhairle leis na ÚMEnna eile, i gcás inarb iomchuí, agus ní dhéanfaidh sé amhlaidh ach amháin má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

leis an ngníomhaíocht atá beartaithe, tabharfar aghaidh ar ábhar imní suntasach maidir le cosaint do choigilteoirí TPPU, lena n-áirítear i ndáil le cineál scoir fhadtéarmaigh an táirge, nó bagairt ar fheidhmiú rianúil agus ar shláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas;

(b)

ní bheidh aghaidh á tabhairt ar an mbagairt le ceanglais rialála faoi dhlí an Aontais is infheidhme maidir le TPPUnna;

(c)

ní bheidh údarás inniúil ná údaráis inniúla tar éis gníomhaíocht a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt nó ní leor na gníomhaíochtaí a bheidh déanta chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin.

I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, féadfaidh ÚEÁPC an toirmeasc nó an srian dá dtagraítear i mír 2 a fhorchur ar bhonn réamhchúraim sula ndéanfar TPPU a mhargú, a dháileadh nó a dhíol le custaiméirí TPPU.

4.   Agus gníomhaíocht á déanamh faoin Airteagal seo, áiritheoidh ÚEÁPC an méid seo a leanas faoin ngníomhaíocht:

(a)

ní bheidh éifeacht dhíobhálach aici ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais ná ar choigilteoirí TPPU, ar éifeacht í a bheadh díréireach le sochair na gníomhaíochta; nó

(b)

ní chruthófar riosca arbatráiste rialála léi.

I gcás ina mbeidh beart déanta ag údarás inniúil nó ag údaráis inniúla faoi Airteagal 63, féadfaidh ÚEÁPC aon cheann de na bearta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a dhéanamh gan an tuairim dá bhforáiltear in Airteagal 64 a eisiúint.

5.   Sula gcinnfidh sé aon ghníomhaíocht a dhéanamh faoin Airteagal seo, tabharfaidh ÚEÁPC fógra do na húdaráis inniúla maidir leis an ngníomhaíocht a bheidh beartaithe aige.

6.   Foilseoidh ÚEÁPC fógra ar a shuíomh gréasáin faoi aon chinneadh a ghlacfar chun aon ghníomhaíocht a dhéanamh faoin Airteagal seo. Saineofar san fhógra sin mionsonraí an toirmisc nó an tsriain agus sonrófar ann tráth i ndiaidh fhoilsiú an fhógra óna ngabhfaidh éifeacht leis na bearta. Ní bheidh feidhm ag toirmeasc ná srian ach amháin maidir le gníomhaíocht a dhéanfar tar éis gabháil éifeacht leis na bearta.

7.   Déanfaidh ÚEÁPC athbhreithniú ar thoirmeasc nó srian arna fhorchur faoi mhír 2 ag eatraimh iomchuí agus ar a laghad gach 3 mhí. Mura ndéanfar an toirmeasc nó an srian a athnuachan tar éis na tréimhse 3 mhí sin, rachaidh sé in éag.

8.   Beidh tosaíocht ag aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh ÚEÁPC i gcomhréir leis an Airteagal seo ar aon ghníomhaíocht a rinne údarás inniúil roimhe sin.

9.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 72 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le critéir agus tosca a bheidh le cur i bhfeidhm ag ÚEÁPC agus cinneadh á dhéanamh aige an bhfuil ábhar imní suntasach ann maidir le cosaint do choigilteoirí TPPU, lena n-áirítear maidir le cineál scoir fhadtéarmaigh an táirge, nó bagairt ar fheidhmiú rianúil agus ar shláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3 den Airteagal seo.

Áireofar ar na critéir agus na tosca sin:

(a)

leibhéal castachta an TPPU agus an gaol le cineál an choigilteora TPPU dá ndéanfar é a mhargú nó lena ndíolfar é;

(b)

leibhéal nuálaíochta TPPU, gníomhaíochta nó cleachtais;

(c)

an luamhánú a sholáthrófar le TPPU nó le cleachtas;

(d)

i ndáil le feidhmiú rianúil agus sláine na margaí airgeadais, méid nó suim iomlán chaipitil charntha an TPPU.

Airteagal 66

Comhar agus comhsheasmhacht

1.   Rannchuideoidh gach údarás inniúil le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo ar fud an Aontais.

2.   Oibreoidh na húdaráis inniúla i gcomhar le chéile i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE, 2011/61/AE, 2014/65/AE, (AE) 2016/97 agus (AE) 2016/2341.

3.   Oibreoidh údaráis inniúla agus ÚEÁPC i gcomhar le chéile chun a gcuid dualgas féin a dhéanamh faoin Rialachán seo i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

4.   Malartóidh na húdaráis inniúla agus ÚEÁPC gach faisnéis agus doiciméad is gá chun a gcuid dualgas féin faoin Rialachán seo a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, go háirithe chun sáruithe ar an Rialachán seo a shainaithint agus a leigheas.

5.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEÁPC dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt ina sonrófar mionsonraí an chomhair agus an mhalartaithe faisnéise, mar aon leis na ceanglais is gá chun an fhaisnéis thuas a chur i láthair i bhfoirm chaighdeánaithe lena bhféadfar comparáid a dhéanamh.

Déanfaidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 15 Lúnasa 2020.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

CAIBIDIL X

PIONÓIS

Airteagal 67

Pionóis riaracháin agus bearta eile

1.   Gan dochar do chumhachtaí maoirseachta na n-údarás inniúil ná do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh do smachtbhannaí coiriúla agus iad a fhorchur, déanfaidh na Ballstáit na rialacha a leagan síos maidir le pionóis riaracháin iomchuí agus bearta eile a bheidh infheidhme maidir le cásanna arb ionann iad agus sárú ar an Rialachán seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis riaracháin agus na bearta eile sin dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan rialacha le haghaidh pionóis riaracháin dá dtagraitear sá chéad fhomhír a leagan síos maidir le sáruithe atá faoi réir smachtbhannaí coiriúla faoina ndlí náisiúnta.

Faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do ÚEÁPC maidir leis na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír. Tabharfaidh siad fógra gan mhoill don Choimisiún agus do ÚEÁPC faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin orthu.

2.   Beidh feidhm ag na pionóis riaracháin agus na bearta eile a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo ar a laghad maidir leis na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina mbeidh clárúchán TPPU faighte ag gnóthas airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6(1) trí ráitis bhréagacha nó mhíthreoracha a thabhairt nó ar aon mhodh neamhrialta eile de shárú ar Airteagail 6 agus 7;

(b)

i gcás ina ndéanfaidh gnóthas airgeadais amhail dá dtagraítear in Airteagal 6(1) táirgí a bhfuil an t-ainmniú “Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpaigh” nó “TPPU” orthu a sholáthar nó a dháileadh faoi seach gan an clárúchán is gá a bheith acu;

(c)

i gcás nach mbeidh an tseirbhís iniomparthachta soláthartha ag soláthraí TPPUnna de shárú ar Airteagal 18 nó Airteagal 19 nó nach mbeidh an fhaisnéis faoin tseirbhís sin a cheanglaítear faoi Airteagal 20 agus Airteagal 21 soláthartha aige, nó nach mbeidh na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar amach i gCaibidil IV, i gCaibidil V, in Airteagail 48 agus 50, agus i gCaibidil VII comhlíonta aige;

(d)

i gcás nach mbeidh a cúraimí maoirseachta faoi Airteagal 48 comhlíonta ag taisclann.

3.   Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, foráil don chumhacht a bheith ag údaráis inniúla na pionóis riaracháin agus bearta eile seo a leanas ar a laghad a fhorchur i ndáil leis na cásanna dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo:

(a)

ráiteas poiblí, ina léireofar céannacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh agus cineál an tsáraithe i gcomhréir le hAirteagal 69;

(b)

ordú lena gceanglófar ar an duine nádúrtha nó dlítheanach scor den iompraíocht agus staonadh ón iompraíocht sin a dhéanamh an athuair;

(c)

toirmeasc sealadach ar aon chomhalta de chomhlacht bainistíochta, maoirseachta nó riaracháin an ghnóthais airgeadais, nó ar aon duine nádúrtha eile, a chinnfear a bheith freagrach, ó fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú i ngnóthais den sórt sin;

(d)

i gcás duine dlítheanach, fíneálacha riaracháin uasta de EUR 5 000 000 ar a laghad nó, sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 14 Lúnasa 2019;

(e)

i gcás duine dlítheanach, féadfaidh na fíneálacha riaracháin uasta dá dtagraítear i bpointe (d) a bheith chomh hard le 10 % den láimhdeachas bliantúil iomlán de réir na gcuntas is déanaí a bheidh ar fáil agus a bheidh formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta, maoirseachta nó riaracháin; i gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid an mháthairghnóthais é an duine dlítheanach ar gá dó cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), is éard a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha ná an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim chomhfhreagraigh i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha cuntasaíochta ábhartha de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil agus atá formheasta ag comhlacht bainistíochta, maoirseachta nó riaracháin an mháthairghnóthais deiridh;

(f)

i gcás duine nádúrtha, fíneálacha riaracháin airgid uasta de EUR 700 000 ar a laghad nó, i gcás na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 14 Lúnasa 2019;

(g)

fíneálacha riaracháin uasta de suas le dhá oiread mhéid an tsochair a díorthaíodh ón sárú, i gcás inar féidir an sochar sin a chinneadh, fiú más rud é gur mó é sin ná na uasmhéideanna i bpointe (d), (e) nó (f) faoi seach.

4.   Aon chinneadh lena bhforchuirfear pionóis riaracháin nó bearta eile a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 1 agus i mír 3, beidh sé réasúnaithe agus beidh sé faoi réir an chirt achomharc a dhéanamh os comhair binse.

5.   I bhfeidhmiú a gcumhachtaí faoin gcéad fhomhír de mhír 1 agus faoi mhír 3, oibreoidh údaráis inniúla i ndlúthchomhar le chéile chun a áirithiú go mbeidh na torthaí arna saothrú leis an Rialachán seo ag teacht as na pionóis riaracháin agus na bearta eile agus déanfaidh siad a ngníomhaíocht a chomhordú chun dúbláil agus forluí féideartha a sheachaint, agus pionóis riaracháin agus bearta eile á gcur i bhfeidhm maidir le cásanna trasteorann.

Airteagal 68

Feidhmiú na cumhachta pionóis riaracháin agus bearta eile a fhorchur

1.   Feidhmeoidh údaráis inniúla na cumhachtaí i dtaca le pionóis riaracháin agus bearta eile dá dtagraítear in Airteagal 67 a fhorchur i gcomhréir lena gcreataí dlíthiúla náisiúnta:

(a)

go díreach;

(b)

i gcomhar le húdaráis eile;

(c)

trí iarratas a dhéanamh chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.

2.   Agus cineál agus leibhéal an phionóis riaracháin nó an bhirt eile a fhorchuirfear faoi Airteagal 67(3) á gcinneadh acu, déanfaidh údaráis inniúla na cúinsí ábhartha go léir a chur san áireamh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, iad seo a leanas:

(a)

ábharthacht, tromchúis agus fad an tsáraithe;

(b)

leibhéal freagrachta an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú;

(c)

acmhainn airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach, mar a léirítear go háirithe le láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach nó le hioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach;

(d)

an tábhacht a bhaineann leis na brabúis a ghnóthaigh nó na caillteanais a sheachain an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach, a mhéid is féidir iad a chinneadh;

(e)

na caillteanais do thríú páirtithe de dheasca an tsáraithe, a mhéid is féidir iad a chinneadh;

(f)

leibhéal comhair an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh leis na húdaráis inniúla, gan dochar don ghá le haisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;

(g)

sáruithe roimhe sin ag an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach.

Airteagal 69

Pionóis riaracháin agus bearta eile a fhoilsiú

1.   Déanfaidh údaráis inniúla aon chinneadh lena bhforchuirfear pionós riaracháin nó beart eile as sárú ar an Rialachán seo a fhoilsiú gan aon mhoill mhíchuí ar a suíomhanna gréasáin oifigiúla tar éis dóibh seolaí an phionóis riaracháin nó an bhirt eile a chur ar an eolas maidir leis an gcinneadh sin.

2.   San fhoilseachán dá dtagraítear i mír 1 beidh faisnéis faoi shaghas agus cineál an tsáraithe agus faoi chéannacht na ndaoine atá freagrach agus faoi na pionóis riaracháin nó na bearta eile arna bhforchur.

3.   I gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil go bhfuil sé neamhréireach céannacht an duine, i gcás daoine dlítheanacha, nó céannacht agus sonraí pearsanta an duine, i gcás daoine nádúrtha, a fhoilsiú tar éis dó measúnú de réir an cháis a dhéanamh, nó i gcás ina measfaidh na húdaráis inniúla go gcuirfeadh an foilsiú cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdú reatha i mbaol, déanfaidh na húdaráis inniúla ceann de na nithe a leanas:

(a)

foilsiú an chinnidh lena bhforchuirfear an pionós riaracháin nó an beart eile a chur siar go dtí nach ann a thuilleadh do na cúiseanna atá ann gan é a fhoilsiú;

(b)

an cinneadh lena bhforchuirfear an pionós riaracháin nó an beart eile a fhoilsiú, agus céannacht agus sonraí pearsanta an tseolaí a fhágáil ar lár ar feadh tréimhse ama réasúnta, i gcás ina measfar go mbeidh deireadh leis na cúiseanna atá leis an bhfoilsiú gan ainm le linn na tréimhse sin agus ar choinníoll go n-áiritheofar le foilsiú gan ainm den sórt sin cosaint éifeachtach na sonraí pearsanta lena mbaineann; nó

(c)

gan an cinneadh maidir leis an bpionós riaracháin nó an beart eile a fhorchur a fhoilsiú, i gcás ina measfar nach leor na roghanna a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(i)

nach gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol;

(ii)

go bhfuil foilsiú na gcinntí sin comhréireach a mhéid a bhaineann le bearta a meastar gur bearta miona ó thaobh a gcineáil iad.

4.   I gcás ina ndéanfar cinneadh pionós riaracháin nó beart eile a fhoilsiú ar bhonn gan ainm mar a thagraítear dó i bpointe (b) de mhír 3, féadfar foilsiú na sonraí ábhartha a chur ar atráth. I gcás ina mbeidh an cinneadh lena bhforchuirfear pionós riaracháin nó beart eile faoi réir achomharc os comhair na n-údarás breithiúnach ábhartha, déanfaidh údaráis inniúla an fhaisnéis sin, agus aon fhaisnéis a bheidh ann ina dhiaidh sin maidir le toradh an achomhairc sin, a chur gan mhoill ar a suíomh gréasáin oifigiúil. Foilseofar freisin aon chinneadh breithiúnach lena gcuirfear ar neamhní cinneadh lena bhforchuirtear pionós riaracháin nó beart eile.

5.   Áiritheoidh údaráis inniúla go bhfanfaidh aon fhoilseachán dá dtagraítear i mír 1 go mír 4, ar a suíomh gréasáin oifigiúil go ceann 5 bliana i ndiaidh a fhoilsithe. Ní dhéanfar sonraí pearsanta a bheidh san fhoilsiú a choinneáil ar shuíomhanna gréasáin na n-údarás inniúil ach ar feadh na tréimhse atá riachtanach i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme.

Airteagal 70

Dualgas faisnéis a thíolacadh do ÚEÁPC i dtaca le pionóis riaracháin agus bearta eile

1.   Cuirfidh údaráis inniúla ÚEÁPC ar an eolas faoi na pionóis riaracháin agus na bearta eile go léir a fhorchuirfear ach nach bhfoilseofar, i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 69(3), lena n-áirítear aon achomharc i ndáil leo sin agus an toradh a bheidh orthu.

2.   Déanfaidh údaráis inniúla, ar bhonn bliantúil, faisnéis chomhiomlán a thabhairt do ÚEÁPC maidir leis na pionóis riaracháin agus na bearta eile go léir a fhorchuirfear i gcomhréir le hAirteagal 67.

Foilseoidh ÚEÁPC an fhaisnéis sin i dtuarascáil bhliantúil.

3.   I gcás ina mbeidh sé roghnaithe ag na Ballstáit, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 67(1), smachtbhannaí coiriúla a leagan síos i leith sáruithe ar an Rialachán seo, déanfaidh a n-údaráis inniúla sonraí a bheidh i ndíth ainm agus comhiomlánaithe a thabhairt do ÚEÁPC, ar bhonn bliantúil, maidir leis na himscrúduithe coiriúla uile a dtabharfar fúthu agus leis na smachtbhannaí coiriúla uile a fhorchuirfear. Déanfaidh ÚEÁPC sonraí i ndíth ainm maidir leis na smachtbhannaí coiriúla a fhorchuirfear a fhoilsiú i dtuarascáil bhliantúil.

4.   I gcás ina mbeidh pionós riaracháin, beart eile nó smachtbhanna coiriúil nochta don phobal ag na húdaráis inniúla, déanfaidh siad an pionós, beart nó smachtbhanna sin a thuairisciú ag an am céanna do ÚEÁPC.

CAIBIDIL XI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 71

Sonraí pearsanta a phróiseáil

A mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil faoi chuimsiú an Rialacháin seo, déanfaidh soláthraithe TPPUnna, dáileoirí TPPUnna agus údaráis inniúla a gcúraimí chun críche an Rialacháin seo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE. I dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag ÚEÁPC faoi chuimsiú an Rialacháin seo, comhlíonfaidh ÚEÁPC Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 72

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 40(9), 45(4) agus 65(9) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 4 bliana ón 14 Lúnasa 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 4 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 40(9), 45(4) agus 65(9) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Maidir le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 40(9), 45(4) agus 65(9), ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 3 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 73

Meastóireacht agus tuairisciú

1.   Cúig bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo, agus tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEÁPC agus leis na ÚMEnna eile i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.

2.   Sa Tuarascáil, cumhdófar na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

feidhmiú an nós imeachta maidir le TPPUnna a chlárú i gcomhréir le Caibidil II;

(b)

inaistritheacht, go háirithe maidir leis na fochuntais a bheidh ar fáil do choigilteoirí TPPU agus an fhéidearthacht go leanfadh an coigilteoir de ranníocaíochtaí a dhéanamh leis an bhfochuntas deireanach arna oscailt i gcomhréir le hAirteagal 20(3) agus (4);

(c)

comhpháirtíochtaí a fhorbairt;

(d)

feidhmiú na seirbhíse malartaithe agus leibhéal na dtáillí agus na muirear;

(e)

a mhéid a rachaidh an TPPU i bhfód ar an margadh agus an éifeacht a bheidh ag an Rialachán seo ar sholáthar pinsin ar fud na hEorpa, lena n-áirítear táirgí atá ann cheana a ionadú agus glacadh leis an TPPU Bunúsach;

(f)

an nós imeachta gearán;

(g)

comhtháthú thosca ESG i mbeartas infheistíochta TPPU;

(h)

leibhéal na dtáillí, na muirear agus na gcostas a iompraíonn coigilteoirí TPPU go díreach nó go hindíreach, lena n-áirítear measúnú ar chliseadh sa mhargadh a d’fhéadfadh a bheith ann;

(i)

comhlíonadh an Rialacháin seo agus na gcaighdeán a shocraítear leis an dlí earnálach is infheidhme ag soláthraithe TPPUnna;

(j)

cur i bhfeidhm teicnící éagsúla maolaithe riosca arna n-úsáid ag na soláthraithe TPPUnna;

(k)

TPPU a sholáthar faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus faoin tsaoirse bhunaíochta;

(l)

fiúntas a bheith ag baint le faisnéis a nochtadh do choigilteoirí TPPU ionchasacha faoi fheidhmíocht an táirge roimhe sin, ag cur san áireamh an fhaisnéis faoi na cásanna feidhmíochta a áireofar sa TPPU;

(m)

an chomhairle a thugtar do choigilteoirí TPPU a bheith leormhaith, go háirithe maidir le cineálacha féideartha eisíocaíochtaí.

Leis an measúnú dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír seo, cuirfear san áireamh cúiseanna gan fochuntais a oscailt i mBallstáit áirithe agus déanfar measúnú ar an dul chun cinn agus ar an iarracht atá déanta ag soláthraithe TPPUnna maidir le réitigh theicniúla a fhorbairt le haghaidh fochuntais a oscailt.

3.   Déanfaidh an Coimisiún painéal a chur ar bun leis na geallsealbhóirí ábhartha chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt agus cur chun feidhme TPPUnna ar bhonn leanúnach. Áireofar ar an bpainéal sin ar a laghad ÚEÁPC, na húdaráis inniúla, ionadaithe tionscail agus ionadaithe tomhaltóirí agus saineolaithe neamhspleácha.

Is é ÚEÁPC an rúnaíocht a bheidh ag an bpainéal.

Airteagal 74

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo 12 mhí tar éis na gníomhartha tarmligthe arna mbeartú leis an Rialachán seo a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagail 28(5), 30(2), 33(3), 36(2), 37(2), 45(3) agus 46(3).

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Meitheamh 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 81, 2.3.2018, lch. 139.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Meitheamh 2019.

(3)  IO C 11, 12.1.2018, lch. 24.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).

(5)  Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirsiú institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid faisnéise bunriachtanaí do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (IO L 352, 9.12.2014, lch. 1);

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(9)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(10)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le Cistí Infheistíochta Fadtéarmaí Eorpacha IO L 123, 19.5.2015, lch. 98).

(12)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comh-infheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

(13)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(14)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(15)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(16)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(17)  Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19).

(18)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(19)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(20)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

(21)  Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóide le haghaidh díospóidí tomhaltais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 63).

(22)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(23)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara ó chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).