10.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 83/66


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí AE a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 170 an 25 Meitheamh 2019 )

1.

Ar leathanach 50, Iarscríbhinn I, Cuid II, PFC 1(C)(II)(a): LEASACHÁN NEAMHORGÁNACH MICREACHOTHAITHEACH AONÁBHAIR, pointe 2, séú sraith den tábla:

in ionad:

“Leasachán micreachothaitheach crágach

Leasachán neamhorgánach micreachothaitheach aonábhair uiscethuaslagtha ina gcuirtear an micreachothaitheach dearbhaithe le chéile go ceimiceach le hoibreán crágtha/oibreáin chrágtha a chomhlíonann ceanglais CMC 1 i gCuid II d’Iarscríbhinn II

Micreachothaitheach uiscethuaslagtha a bheidh in 5 % de réir maise den leasachán Leasachán micreachothaitheach crágach , agus

déanfar ar a laghad 80 % den mhicreachothaitheach uiscethuaslagtha a chrágadh le hoibreán crágtha a chomhlíonann ceanglais CMC 1 i gCuid II d’Iarscríbhinn II”,

léitear:

“Leasachán micreachothaitheach crágtha

Leasachán neamhorgánach micreachothaitheach aonábhair uiscethuaslagtha ina gcuirtear an micreachothaitheach dearbhaithe le chéile go ceimiceach le hoibreán crágtha/oibreáin chrágtha a chomhlíonann ceanglais CMC 1 i gCuid II d’Iarscríbhinn II

Micreachothaitheach uiscethuaslagtha a bheidh in 5 % de réir maise den leasachán micreachothaitheach crágtha, agus

déanfar ar a laghad 80 % den mhicreachothaitheach uiscethuaslagtha a chrágadh le hoibreán crágtha a chomhlíonann ceanglais CMC 1 i gCuid II d’Iarscríbhinn II”.

2.

Ar leathanach 50, Iarscríbhinn I, Cuid II, PFC 1(C)(II)(a): LEASACHÁN NEAMHORGÁNACH MICREACHOTHAITHEACH AONÁBHAIR, pointe 2, sraith dheireanach den tábla:

in ionad:

“Leasachán micreachothaitheach coimpléascach

Leasachán neamhorgánach micreachothaitheach aonábhair uiscethuaslagtha ina gcuirtear an micreachothaitheach dearbhaithe le chéile go ceimiceach le hoibreán coimpléascúcháin/oibreáin choimpléascúcháin a chomhlíonann ceanglais CMC 1 i gCuid II d’Iarscríbhinn II

Micreachothaitheach uiscethuaslagtha a bheidh in 5 % de réir maise denleasachán, micreachothaitheach coimpléascach agus

déanfar ar a laghad 80 % den mhicreachothaitheach uiscethuaslagtha a choimpléascú le hoibreán coimpléascúcháin a chomhlíonann ceanglais CMC 1 i gCuid II d’Iarscríbhinn II”,

léitear:

“Leasachán micreachothaitheach coimpléascaithe

Leasachán neamhorgánach micreachothaitheach aonábhair uiscethuaslagtha ina gcuirtear an micreachothaitheach dearbhaithe le chéile go ceimiceach le hoibreán coimpléascúcháin/oibreáin choimpléascúcháin a chomhlíonann ceanglais CMC 1 i gCuid II d’Iarscríbhinn II

Micreachothaitheach uiscethuaslagtha a bheidh in 5 % de réir maise den leasachán micreachothaitheach coimpléascaithe agus

déanfar ar a laghad 80 % den mhicreachothaitheach uiscethuaslagtha a choimpléascú le hoibreán coimpléascúcháin a chomhlíonann ceanglais CMC 1 i gCuid II d’Iarscríbhinn II”.