|
7.6.2019 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
RIALACHÁN (AE) 2019/876 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Bealtaine 2019
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tar éis na géarchéime airgeadais a tháinig chun cinn le linn na mblianta 2007-2008, chuir an tAontas athchóiriú mór chun feidhme ar chreat rialála na seirbhísí airgeadais chun athléimneacht a chuid institiúidí airgeadais a fheabhsú. Bunaíodh an t-athchóiriú sin go mór ar na caighdeáin idirnáisiúnta a chomhaontaigh Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) in 2010, comhaontú ar a dtugtar Creat Basel III. Ar na bearta iomadúla a bhí sa phacáiste athchóiriúcháin, bhí glacadh Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), reachtaíocht lenar daingníodh na ceanglais stuamachta maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (institiúidí). |
|
(2) |
Cé go bhfuil an córas airgeadais níos cobhsaí agus níos athléimní i gcoinne cuid mhór cineálacha suaite agus géarchéime a d'fhéadfadh bheith ann sa todhchaí, a bhuí leis an athchóiriú, ní dheachaigh an t-athchóiriú i ngleic go cuimsitheach fós leis na fadhbanna uile a sainaithníodh. Cúis thábhachtach leis sin nach raibh a gcuid oibre ar réitigh a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta chun dul i ngleic leis na fadhbanna sin an tráth sin críochnaithe ag lucht socraithe na gcaighdeán idirnáisiúnta, amhail CBMB agus an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais (FSB). Ós rud é go bhfuil an obair ar athchóirithe tábhachtacha breise críochnaithe anois, ba cheart dul i ngleic leis na fadhbanna atá ann fós. |
|
(3) |
I dteachtaireacht uaidh an 24 Samhain 2015 dar teideal “Towards the completion of the Banking Union” (I dtreo chomhlánú an Aontais Baincéireachta), d'aithin an Coimisiún go raibh gá le tuilleadh laghdaithe priacail agus gheall sé go gcuirfeadh sé togra reachtach chun cinn a bheadh bunaithe ar chaighdeán a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta. D'aithin an Chomhairle sna conclúidí uaithi an 17 Meitheamh 2016 agus d'aithin Parlaimint na hEorpa sa rún uaithi an 10 Márta 2016 maidir leis an Aontas Baincéireachta - Tuarascáil Bhliantúil 2015 (6) gur ghá tuilleadh céimeanna reachtacha nithiúla a thabhairt ó thaobh priacal a laghdú. |
|
(4) |
Ní hamháin gur cheart go neartódh na bearta laghdaithe priacail athléimneacht chóras baincéireachta na hEorpa agus muinín na margaí ann, ach ba cheart dóibh freisin bonn a sholáthar chun tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an Aontas Baincéireachta a thabhairt chun críche. Lena chois sin, ba cheart dearcadh ar na bearta sin ar chúlra na ndúshlán níos leithne atá roimh gheilleagar an Aontais, go háirithe an gá atá ann fás agus poist a chur chun cinn nuair nach mbíonn cinnteacht maidir leis an ionchas eacnamaíochta. Ina fhianaise sin, seoladh mórthionscnaimh bheartais éagsúla, amhail an Plean Infheistíochta don Eoraip agus Aontas na Margaí Caipitil d'fhonn geilleagar an Aontais a neartú. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go n-idiroibreodh na bearta laghdaithe priacail ar fad go réidh leis na tionscnaimh bheartais sin uile agus le hathchóirithe níos leithne a rinneadh le déanaí san earnáil airgeadais chomh maith. |
|
(5) |
Ba cheart forálacha an Rialacháin seo a bheith coibhéiseach le caighdeáin idirnáisiúnta a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta agus ba cheart a áirithiú leo go leanfaí den choibhéis idir Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar thaobh amháin agus Creat Basel III ar an taobh eile. Ba cheart teorainn réime agus ama a bheith leis na coigeartaithe spriocdhírithe a dhéanfar chun bheith ag teacht le sonraíochtaí an Aontais agus le ceisteanna beartais níos leithne d'fhonn nach gcuirfear isteach ar fhónamh fhoriomlán an chreata stuamachta. |
|
(6) |
Ba cheart bearta laghdaithe priacail atá ann cheana agus, go háirithe, ceanglais tuairiscithe agus nochta a fheabhsú freisin chun a áirithiú gur féidir iad a chur i bhfeidhm ar chaoi níos comhréirí agus nach gcruthóidh siad ualach comhlíonta rómhór, go háirithe i gcás institiúidí atá níos lú agus nach bhfuil a oiread castachta ag baint leo. |
|
(7) |
Teastaíonn sainmhíniú beacht maidir le hinstitiúidí beaga neamhchasta ionas gur féidir simpliú dírithe a dhéanamh i ndáil le cur i bhfeidhm phrionsabal na comhréireachta. Agus tairseach absalóideach amháin ann ina aonar, ní chuirtear san áireamh sainiúlachtaí na margaí náisiúnta baincéireachta. Is gá mar sin go mbeidh na Ballstáit in ann feidhmiú de réir a mbreithiúnas féin chun an tairseach a thabhairt i gcomhréir le himthosca intíre agus í a choigeartú trína hísliú de réir mar is iomchuí. Ós amhlaidh nach í méid na hinstitiúide féin fachtóir sainiúil a próifíle priacail, is gá freisin critéir cháilíochtúla bhreise a chur i bhfeidhm lena áirithiú nach measfar ach i gcás ina gcomhlíonfaidh sí na critéir ábhartha go léir gur institiúid bheag neamhchasta í institiúid, a bheidh in ann tairbhe a bhaint as rialacha níos comhréirí. |
|
(8) |
Cuidíonn cóimheasa luamhánaithe le cobhsaíocht airgeadais a choimeád trí bheith ina gcúlstop ag ceanglais chaipitil atá bunaithe ar phriacal agus trí shrian a chur le luamhánú iomarcach le linn cora chun feabhais sa gheilleagar. D'athbhreithnigh CBMB an caighdeán idirnáisiúnta maidir leis an gcóimheas luamhánaithe chun gnéithe áirithe eile de dhearadh an chóimheasa sin a shonrú. Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a ailíniú leis an gcaighdeán athbhreithnithe chun cothroime iomaíochta idirnáisiúnta le haghaidh institiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh, a bunaíodh laistigh den Aontas ach a fheidhmítear lasmuigh den Aontas a áirithiú, agus chun a áirithiú go leanfaidh an cóimheas luamhánaithe sin de bheidh ina chomhlánú éifeachtach ar na ceanglais phriacal-bhunaithe maidir le cistí dílse. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglas cóimheasa luamhánaithe a thabhairt isteach chun córas tuairiscithe agus nochta an chóimheasa luamhánaithe a chomhlánú. |
|
(9) |
Chun nach gcuirfear srian nach bhfuil gá leis le hiasachtú ó institiúidí do chorparáidí agus do theaghlaigh phríobháideacha agus chun drochthionchar nach bhfuil gá leis ar leachtacht an mhargaidh a chosc, ba cheart an ceanglas cóimheasa luamhánaithe a shocrú ar leibhéal ar a ngníomhóidh sé mar chúlstop inchreidte ag an bpriacal go mbeidh luamhánú iomarcach ann gan bac a chur ar fhás eacnamaíoch. |
|
(10) |
Is é an chonclúid a bhí ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) sa tuarascáil a thíolaic sé an 3 Lúnasa 2016 maidir leis an gceanglas cóimheasa luamhánaithe gur feidhm chúlstop inchreidte a bheadh i gcóimheas luamhánaithe caipitil Leibhéal 1 arna chalabrú ag 3 % le haghaidh aon chineál institiúide creidmheasa. Lena chois sin, chomhaontaigh CBMB ar leibhéal idirnáisiúnta go mbeadh ceanglas cóimheasa luamhánaithe ag 3 % ann. Dá bhrí sin, ba cheart an ceanglas cóimheasa luamhánaithe a chalabrú ag 3 %. |
|
(11) |
Mar sin féin, dá mbeadh ceanglas cóimheasa luamhánaithe ag 3 % ann, is mó an srian a chuirfí le samhlacha gnó áirithe ná leis an gcuid eile. Go háirithe, d'imreofaí tionchar míréireach ar an iasachtú poiblí a dhéantar ó bhainc forbartha poiblí agus le creidmheasanna onnmhairiúcháin a fhaighdeann tacaíocht oifigiúil. Dá bhrí sin, ba cheart an cóimheas luamhánaithe a choigeartú le haghaidh na gcineálacha sin risíochtaí. Dá bhrí sin, ba cheart critéir shoiléire a leagan amach lena gcuideofar le sainordú poiblí d'institiúidí creidmheasa den sórt sin a fháil amach agus gnéithe amhail a mbunú, na gníomhaíochtaí a dhéanann siad, a gcuspóir agus na socruithe ráthaíochta ó chomhlachtaí poiblí agus teorainneacha ar ghníomhaíochtaí glactha taiscí a chumhdach. Ba cheart, áfach, go mbeadh foirm agus modh bhunú institiúidí creidmheasa den chineál sin faoi rogha rialtas lárnach, rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil an Bhallstáit, agus d'fhéadfadh bunú institiúide creidmheasa nua, nó eintiteas atá ann cheana a fháil nó a tháthcheangal ag údaráis phoiblí, lena n-áirítear trí lamháltais agus i gcomhthéacs na nósanna imeachta réitigh, a bheith i gceist. |
|
(12) |
Níor cheart go mbainfí d'éifeacht soláthair seirbhísí imréitigh lárnacha a chuireann na hinstitiúidí ar fáil do chliaint mar gheall ar chóimheas luamhánaithe. Dá bhrí sin, na corrlaigh thosaigh ar idirbhearta arna n-imréiteach go lárnach a fhaigheann institiúidí óna gcliaint agus a chuireann siad ar aghaidh chuig contrapháirtithe lárnacha (CPLanna), ba cheart iad a eisiamh ón tomhas risíochta iomlán. |
|
(13) |
In imthosca eisceachtúla ina mbíonn bonn le risíochtaí ar bhainc cheannais a eisiamh ón gcóimheas luamhánaithe agus d'fhonn cur chun feidhme beartas airgeadaíochta a éascú, ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann risíochtaí den sórt sin a eisiamh, ar bhonn sealadach, ón tomhas risíochta iomlán. Chun na críche sin, ba cheart dóibh a fhógairt go poiblí, tar éis dul i gcomhairle leis an mbanc ceannais ábhartha, go bhfuil imthosca eisceachtúla den sórt sin ann. Ba cheart an ceanglas cóimheasa luamhánaithe a athchalabrú go comhréireach chun tionchar an eisiata a fhritháireamh. Ba cheart a áirithiú, le hathchalabrú den sórt sin, go n-eisiafaí priacail do chobhsaíocht airgeadais a dhéanann difear do na hearnálacha baincéireachta ábhartha, agus go gcoinneofaí an athléimneacht a thugtar leis an gcóimheas luamhánaithe. |
|
(14) |
Is cuí ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe a chur chun feidhme i ndáil le hinstitiúidí a aithnítear gur institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo (G-SIInna) iad i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE agus caighdeán CBMB maidir le maolán cóimheasa luamhánaithe le haghaidh bainc dhomhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo (G-SIBanna) a foilsíodh i mí na Nollag 2017. Rinne CBMB an maolán cóimheasa luamhánaithe a chalabrú leis an aidhm shonrach na priacail inchomparáide níos mó ar an gcobhsaíocht airgeadais mar gheall ar G-SIBanna a mhaolú agus, i bhfianaise an mhéid sin, níor cheart é a chur i bhfeidhm ach amháin ar G-SIInna ag an bpointe seo. Mar sin féin, ba cheart tuilleadh anailíse a dhéanamh chun a chinneadh arbh iomchuí an ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe a chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí eile a bhfuil tábhacht shistéamach leo (O-SIInna), mar a shainítear i dTreoir 2013/36/AE, agus, más amhlaidh atá, an bealach ar cheart an calabrú a chur in oiriúint do ghnéithe sonracha na n-institiúidí sin. |
|
(15) |
Ar 9 Samhain 2015, d'fhoilsigh FSB Bileog Téarmaí (“caighdeán TLAC”) an chumais iomlán ionsúcháin caillteanas (TLAC) agus d'fhormhuinigh G-20 é ag cruinniú mullaigh mhí na Samhna 2015 sa Tuirc. De réir chaighdeán TLAC, ní mór do G-SIBanna méid leordhóthanach de dhliteanais ardionsúcháin caillteanas (intarrthála) chun a áirithiú go n-ionsófar na caillteanais agus go ndéanfar athchaipitliú go mín agus go tapúil i gcás réitigh. Ba cheart caighdeán TLAC a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. |
|
(16) |
Nuair a bheifear ag cur caighdeán TLAC chun feidhme i ndlí an Aontais, ní mór an t-íoscheanglas institiúid-sonrach atá ann cheana le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI) a chur san áireamh, íoscheanglas a leagtar amach i dTreoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Ós rud é go bhfuil an t-aon chuspóir amháin ag caighdeán TLAC agus ag ICDI, mar atá a áirithiú go mbeidh cumas leordhóthanach ionsúcháin caillteanas ag na hinstitiúidí, ba cheart don dá cheanglas a bheith ina ngnéithe comhlántacha de chomhchreat. Ó thaobh na hoibríochta, ba cheart íosleibhéal comhchuibhithe TLAC a thabhairt isteach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le ceanglas nua go mbeidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe ann, agus ba cheart an forlíontán institiúid -sonrach maidir le G-SIInna agus an ceanglas institiúid -sonrach maidir le heintitis nach G-SIInna iad a thabhairt isteach le leasuithe spriocdhírithe ar Threoir 2014/59/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Ba cheart na forálacha lena dtugtar isteach caighdeán TLAC i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a léamh in éineacht leis na forálacha a thugtar isteach i dTreoir 2014/59/AE agus i Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, agus le Treoir 2013/36/AE. |
|
(17) |
I gcomhréir le caighdeán TLAC, caighdeán nach gcumhdaíonn ach G-SIBanna, níor cheart feidhm a bheith ag an íoscheanglas maidir le méid leordhóthanach de chistí dílse agus de dhliteanais ardionsúcháin caillteanas a thugtar isteach sa Rialachán seo, níor cheart feidhm a bheith aige ach maidir le G-SIInna. Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha maidir le dliteanais incháilithe a thugtar isteach sa Rialachán seo maidir leis na hinstitiúidí uile, i gcomhréir leis na coigeartuithe agus na ceanglais chomhlántacha a leagtar amach i dTreoir 2014/59/AE. |
|
(18) |
I gcomhréir le caighdeán TLAC, ba cheart feidhm a bheith ag an gceanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe maidir le heintitis réitigh ar G-SII iad féin nó ar cuid de ghrúpa a sainaithníodh mar G-SII iad. Ba cheart feidhm a bheith ag an gceanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite, ag brath ar cé acu institiúidí neamhspleácha gan aon fhochuideachtaí nó máthairghnóthais iad na heintitis réitigh sin. |
|
(19) |
Tá cead tugtha i dTreoir 2014/59/AE uirlisí réitigh a úsáid, ní hamháin i gcás institiúidí ach i gcás cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha. Dá bhrí sin, ba cheart cumas ionsúcháin caillteanas leordhóthanach a bheith ag máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha ar nós máthairinstitiúidí. |
|
(20) |
Chun a áirithiú go mbeidh an ceanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe éifeachtach, tá sé ríthábhachtach go mbeidh ardchumas ionsúcháin caillteanas ag na hionstraimí a shealbhófar chun an ceanglas sin a chomhlíonadh. Níl an cumas sin ag dliteanais atá eisiata ón uirlis tarrthála dá dtagraítear i dTreoir 2014/59/AE agus ní mó na sin atá an cumas sin ag dliteanais eile arbh fhéidir go mbeadh deacrachtaí praiticiúla lena dtarrtháil cé go bhfuil siad intarrthála i bprionsabal. Dá bhrí sin, níor cheart a mheas go bhfuil na dliteanais sin incháilithe don cheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe. Ar an taobh eile, tá ardchumas ionsúcháin caillteanas ag ionstraimí caipitil, agus ag dliteanais fho-ordaithe chomh maith. Lena chois sin, ba cheart an poitéinseal ionsúcháin caillteanas atá ag dliteanais atá ar an leibhéal pari passu le dliteanais eisiata áirithe, ba cheart é a aithint go pointe áirithe, i gcomhréir le caighdeán TLAC. |
|
(21) |
Chun nach gcomhairfear dliteanais faoi dhó chun críocha an cheanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, ba cheart rialacha a thabhairt isteach le haghaidh asbhaint sealúchas ítimí dliteanas incháilithe amhail an cur chuige asbhainte a forbraíodh cheana i Rialacha (AE) Uimh. 575/2013 le haghaidh ionstraimí caipitil. Faoin gcur chuige sin, ba cheart sealúchais ionstraimí dliteanas incháilithe a asbhaint ar dtús as dliteanais incháilithe agus, a mhéid nach bhfuil dliteanais leordhóthanacha ann, ba cheart na hionstraimí dliteanas incháilithe sin a bhaint as ionstraimí Leibhéal 2. |
|
(22) |
I gcaighdeán TLAC tá roinnt critéar incháilitheachta i leith dliteanas agus tá siad níos déine ná na critéir incháilitheachta i leith ionstraimí caipitil atá ann faoi láthair. Chun an chomhsheasmhacht a áirithiú, ba cheart na critéir incháilitheachta i leith ionstraimí caipitil a ailíniú a mheid a bhaineann le neamh-incháilitheacht ionstraimí arna n-eisiúint trí eintitis sainchuspóireacha amhail ón 1 Eanáir 2022. |
|
(23) |
Is gá foráil do phróiseas soiléir, trédhearcach formheasa le haghaidh ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, próiseas ar féidir leis cuidiú le hardchaighdeán na n-ionstraimí sin a choinneáil. Chun na críche sin, ba cheart é a bheith de chúram ar na húdaráis inniúla na hionstraimí sin a fhormheas sula mbeidh cead ag institiúidí iad a aicmiú mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1. Mar sin féin, níor cheart gur gá réamhchead a bheith ag údaráis inniúla d'ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 a eisítear ar bhonn doiciméadacht dhlíthiúil a ndearna an t-údarás inniúil formheas uirthi cheana féin agus a rialaítear, a bheag nó a mhór, leis na forálacha céanna lena rialaítear ionstraimí caipitil a bhfuair an institiúid réamhchead ón údarás inniúil a aicmiú mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1. I gcás den sórt sin, in ionad formheas a iarraidh roimh ré, ba cheart an deis a bheith ag institiúidí fógra a thabhairt dá n-údaráis inniúla go bhfuil sé beartaithe acu ionstraimí den sórt sin a eisiúint. Ba cheart dóibh sin a dhéanamh luath go leor roimh aicmiú na n-ionstraimí mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 ionas go mbeidh an t-am ag na húdaráis inniúla na hionstraimí sin a athbhreithniú, más gá. I bhfianaise ról ÚBE cleachtais mhaoirseachta a chóineasú tuilleadh agus feabhas a chur ar cháilíocht na n-ionstraimí cistí dílse, ba cheart do na húdaráis inniúla dul i gcomhairle le ÚBE sula bhformheastar aon fhoirm nua d'ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1. |
|
(24) |
Ní bheidh ionstraimí caipitil incháilithe mar ionstraimí breise Leibhéal 1 nó mar ionstraimí Leibhéal 2 ach amháin a mhéid a chomhlíontar na critéir incháilitheachta ábhartha leo. D'fhéadfadh sé gur cothromas nó dliteanais, lena n-áirítear iasachtaí fo-ordaithe lena gcomhlíontar na critéir sin, a bheadh sna hionstraimí caipitil sin. |
|
(25) |
Níor cheart ionstraimí caipitil ná páirteanna ionstraimí caipitil a bheith i dteideal a bheith cáilithe mar ionstraimí cistí dílse ach a mhéid atá siad íoctha. A fhad is nach bhfuil páirteanna ionstraime íoctha, níor cheart do na páirteanna sin a bheith i dteideal a bheith cáilithe mar ionstraimí cistí dílse. |
|
(26) |
Níor cheart na hionstraimí cistí dílse ná dliteanais incháilithe a bheith faoi réir socruithe fritháirimh nó socruithe glanluachála a chuirfeadh isteach ar a gcumas ionsúcháin caillteanas i gcás réitigh. Níor cheart tuiscint uaidh sin gur cheart clásal a bheith sna forálacha conartha lena rialaítear na dliteanais ina luafar go sainráite nach mbeidh an ionstraim faoi réir cearta fritháirimh nó cearta glanluachála. |
|
(27) |
Tá tábhacht an bhogearra mar chineál sócmhainne ag dul i méid de thairbhe ascnamh earnáil na baincéireachta i dtimpeallacht atá ag éirí níos digití. Níor cheart bogearraí, a luacháiltear go stuama agus nach mbíonn tionchar diúltach ag réiteach, ag dócmhainneacht nó ag leachtú na hinstitiúide ar a luach, a bheith faoi réir asbhaint sócmhainní doláimhsithe ó ítimí de Ghnáthchothromas Leibhéal 1. Tá an tsonraíocht sin tábhachtach cionn is gur coincheap leathan é bogearra lena gcumhdaítear a lán cineálacha éagsúla sócmhainní nach gcoimeádann iomlán na gcineálacha sin a luach i gcás gnóthas éagtha. Sa chomhthéacs sin, ba cheart éagsúlachtaí maidir le luacháil agus amúchadh sócmhainní bogearra agus díolacháin réadaithe na sócmhainní sin a chur san áireamh. Ina theannta sin, ba cheart aird a thabhairt ar fhorbairtí idirnáisiúnta agus ar dhifríochtaí maidir le láimhseáil rialála na n-infheistíochtaí i mbogearraí, ar rialacha stuamachta éagsúla a bhfuil feidhm acu maidir le hinstitiúidí agus gnóthais árachais, agus ar éagsúlacht na hearnála airgeadais san Aontas, lena n-áirítear eintitis neamhrialáilte amhail cuideachtaí teicneolaíochta airgeadais. |
|
(28) |
D'fhonn éifeachtaí aille a sheachaint, is gá na hionstraimí atá ann cheana a mharthanú i ndáil le critéir incháilitheachta áirithe. I gcás dliteanais arna n-eisiúint roimh 27 Meitheamh 2019, ba cheart critéir incháilitheachta áirithe le haghaidh ionstraimí cistí dílse agus le haghaidh dliteanais incháilithe a tharscaoileadh. Ba cheart feidhm a bheith ag marthanú den sórt sin maidir le dliteanais a chuirtear san áireamh, i gcás inarb infheidhme, le haghaidh na coda fo-ordaithe de TLAC agus le haghaidh na coda fo-ordaithe de ICDI faoi Threoir 2014/59/AE, agus maidir le dliteanas a chuirtear san áireamh, i gcás inarb infheidhme, le haghaidh na coda neamh-fho-ordaithe de TLAC agus le haghaidh na coda neamh-fho-ordaithe de ICDI faoi Threoir 2014/59/AE. I gcás ionstraimí cistí dílse, ba cheart an marthanú a theacht chun deiridh 28 Meitheamh 2025. |
|
(29) |
Ní féidir ionstraimí dliteanas incháilithe, lena n-áirítear iad siúd ag a bhfuil aibíocht iarmhair faoi bhun bliain amháin, a fhuascailt ach amháin tar éis réamhchead a fháil ón údarás réitigh. D'fhéadfadh réamhchead den sórt sin a bheith ina réamhchead ginearálta, agus sa chás sin bheadh ar an bhfuascailt tarlú faoi cheann na tréimhse teoranta ama agus le haghaidh méid réamhshocraithe a chumhdófaí leis an réamhchead ginearálta sin. |
|
(30) |
Ó glacadh Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, rinneadh leasú ar an gcaighdeán idirnáisiúnta maidir le láimhseáil stuamachta risíochtaí institiúidí ar CPLanna chun feabhas a chur ar láimhseáil risíochtaí institiúidí ar CPLanna cáilitheacha (CPLCanna). Ar na hathbhreithnithe suntasacha a rinneadh ar an gcaighdeán sin tá úsáid aon mhodha amháin chun an ceanglas cistí dílse maidir le risíochtaí atá dlite de dheasca ranníocaíochtaí ciste mainneachtana, uasteorainn fhollasach ar na ceanglais cistí dílse foriomlána a chuirtear i bhfeidhm ar risíochtaí ar CPLCanna, agus cur chuige níos íogaire ó thaobh priacail de chun luach díorthach a ghabháil i ríomh acmhainní hipitéiseacha de chudi CPLC. San am céanna, fágadh gan athrú láimhseáil risíochtaí ar CPLanna neamhcháilitheacha. Ós rud é gur thug na caighdeáin idirnáisiúnta athbhreithnithe isteach láimhseáil a oireann níos fearr don timpeallacht imréitigh lárnach, ba cheart dlí an Aontais a leasú chun na caighdeáin sin a ionchorprú. |
|
(31) |
Chun a áirithiú go mbainisteoidh na hinstitiúidí a risíochtaí go leordhóthanach i bhfoirm aonad nó scaireanna i ngnóthais chomhinfheistíochta (GCanna), ba cheart na rialacha lena leagtar síos láimhseáil na risíochtaí sin a bheith íogair ó thaobh priacail de agus ba cheart dóibh trédhearcacht a chur chun cinn i leith risíochtaí foluiteacha GCanna. Dá bhrí sin, ghlac CBMB caighdeán athbhreithnithe lenar socraíodh ord tosaíochta soiléir de chineálacha cur chuige chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh i gcás na risíochtaí sin. Tá an leibhéal trédhearcachta maidir leis na risíochtaí foluiteacha léirithe san ord tosaíochta sin. Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a ailíniú leis na rialacha sin a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta. |
|
(32) |
Maidir le hinstitiúid a thugann gealltanas íosluacha ar mhaithe, sa deireadh, le cliaint miondíola le haghaidh infheistíocht i bhfoirm aonad nó scaireanna in GC lena n-áirítear mar chuid de scéim pinsin rialtas-urraithe phríobháideach, ní cheanglaítear ar an institiúid ná ar an ngnóthas a áirítear i raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta céanna aon íocaíocht a dhéanamh ach amháin i gcás ina dtitfidh luach scaireanna nó aonaid an chustaiméara in GC faoi bhun an mhéid faoi ráthaíocht ag ceann amháin nó níos mó de na pointí ama a shonraítear sa chonradh. Ní dócha, dá bhrí sin, go bhfeidhmeofar an gealltanas i gcleachtas. I gcás ina bhfuil gealltanas íosluacha institiúide teoranta do chéatadán den mhéid a rinne cliaint a infheistiú i dtosach i scaireanna nó aonad in GC (gealltanas seasta íosluacha) nó do mhéid a bhraitheann ar fheidhmíocht na táscairí airgeadais nó innéacsanna margaidh a fhad le ham áirithe, maolán a bheidh in aon difríocht dhearfach idir luach scaireanna nó aonaid an chustaiméara agus luach an mhéid faoi ráthaíocht ar dháta ar leith agus is leis an maolán sin a laghdófar an priacal don institiúid an méid faoi ráthaíocht a íoc amach. Is údar na cúiseanna sin uile le fachtóir coinbhéartaithe laghdaithe. |
|
(33) |
Agus iad ag ríomh luach risíochta idirbheart díorthach faoin gcreat priacail creidmheasa contrapháirtí, tá rogha ag na hinstitiúidí idir trí chur chuige chaighdeánaithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: an Modh Caighdeánaithe (SM), an Modh um Marcáil ón Margadh (MMM) agus Modh na Risíochta Tosaigh (MNB). |
|
(34) |
Mar sin féin, ní aithnítear go hiomchuí sna trí chur chuige sin go laghdaíonn comhthaobhacht priacal sna risíochtaí. Tá a gcalabruithe as dáta agus ní léiríonn siad an t-ardleibhéal luaineachta a braitheadh le linn na géarchéime airgeadais. Ní aithnítear go hiomchuí iontu sochar na glanluachála ach oiread. Chun dul i ngleic leis na heasnaimh sin, chinn CBMB cur chuige nua caighdeánaithe chun luach risíochta risíochtaí díorthach a ríomh a chur in ionad SM agus MMM, cur chuige darb ainm an Cur Chuige Caighdeánaithe le haghaidh Priacal Creidmheasa Contrapháirtí (CCC-PCC). Ós rud é gur thug na caighdeáin idirnáisiúnta athbhreithnithe isteach cur chuige caighdeánaithe nua a oireann níos fearr don timpeallacht imréitigh lárnach, ba cheart dlí an Aontais a leasú chun na caighdeáin sin a ionchorprú. |
|
(35) |
Tá CCC-PCC níos íogaire ó thaobh priacail de ná SM agus MMM agus ba cheart, dá bhrí sin, ceanglais cistí dílse teacht as is fearr a léireoidh na priacail a bhaineann le hidirbhearta díorthach na n-institiúidí. Ag an am céanna, i gcás roinnt de na hinstitiúidí a úsáideann MMM faoi láthair, d'fhéadfadh sé go mbeadh CCC-PCC róchasta agus ualach róthrom ag baint leis, lena chur chun feidhme. Ba cheart leagan simplithe de CCC-PCC (“CCC-PCC simplithe”) a thabhairt isteach d'institiúidí a chomhlíonann critéir cháilitheachta réamhshainithe agus d'institiúidí ar cuid de ghrúpa iad a chomhlíonann na critéir s in ar bhonn comhdhlúite. Ós rud é gur lú an íogaireacht ó thaobh priacail de a bheidh ag an leagan simplithe sin ná atá ag CCC-PCC, ba cheart é a chalabrú chun a áirithiú nach ndéanfar gannmheastachán ar luach risíochta na n-idirbheart díorthach leis. |
|
(36) |
I gcás institiúidí ar beag na risíochtaí díorthach atá acu agus a úsáideann MMM nó MNB faoi láthair, d'fhéadfadh sé go mbeadh CCC-PCC agus CCC-PCC simplithe araon róchasta lena gcur chun feidhme. Dá bhrí sin, ba cheart MNB a choinneáil mar chur chuige malartach do na hinstitiúidí sin a chomhlíonann critéir cháilitheachta réamhshainithe agus d'institiúidí ar cuid de ghrúpa iad a chomhlíonann na critéir sin ar bhonn comhdhlúite, ach ba cheart é a athbhreithniú chun dul i ngleic lena phríomheasnaimh. |
|
(37) |
Chun treoir a thabhairt d'institiúid agus ceann de na cineálacha cur chuige atá ceadaithe á roghnú aici, ba cheart critéir shoiléire a thabhairt isteach. Ba cheart na critéir sin a bhunú ar an méid gníomhaíochtaí díorthach a dhéanann institiúid, rud a léiríonn an leibhéal sofaisticiúlachta ba cheart d'institiúid a bhaint amach chun luach na risíochta a ríomh. |
|
(38) |
Le linn na géarchéime airgeadais, ba mhór na caillteanais leabhair trádála a bhí i gceist i gcás roinnt institiúidí a bhí bunaithe san Aontas. I gcás cuid acu, níor leor an leibhéal caipitil a raibh sé de cheangal acu a bheith acu chun na caillteanais sin a fhritháireamh. Ar na cúiseanna sin, chuir CBMB deireadh le roinnt laigí sa láimhseáil stuamachta le haghaidh suíomhanna leabhair trádála, mar atá na ceanglais cistí dílse maidir le priacal margaidh. |
|
(39) |
In 2009, tugadh an chéad tacar athchóirithe chun críche ar an leibhéal idirnáisiúnta agus trasuíodh isteach i ndlí an Aontais iad trí bhíthin Threoir 2010/76/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Mar sin féin, ní dheachaigh athchóiriú 2009 i ngleic leis na laigí struchtúracha sna ceanglais cistí dílse maidir le caighdeáin priacail margaidh. Mar gheall ar an easpa soiléireachta ó thaobh na teorann idir na leabhair thrádála agus na leabhair bhaincéireachta, bhí deiseanna ann arbatráiste rialála a dhéanamh, ach, mar gheall ar easpa íogaireachta sna ceanglais cistí dílse maidir le priacal margaidh, níorbh fhéidir raon iomlán na priacail ar a bhfuil institiúidí risíochta a ghabháil. |
|
(40) |
Chuir CBMB tús leis an athbhreithniú ó bhun ar an leabhar trádála (FRTB) chun aghaidh a thabhairt ar laigí struchtúracha na gceanglas cístí dílse maidir le caighdeáin priacail margaidh. Mar thoradh ar an obair sin foilsíodh, i mí Eanáir 2016, creat priacail margaidh athbhreithnithe. I mí na Nollag 2017, chomhaontaigh Grúpa na nGobharnóirí Banc Ceannais agus na gCeann Maoirseachta dáta cur chun feidhme an chreata priacail margaidh athbhreithnithe a shíneadh, d'fhonn am breise a thabhairt d'institiúidí an bonneagar córais riachtanach a fhorbairt agus do CBMB chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna áirithe a bhaineann leis an gcreat. Áirítear air sin athbhreithniú ar chalabrú an chur chuige chaighdeánaithe agus ar chalabrú chur chuige na samhla inmheánaí chun comhsheasmhacht a áirithiú le hionchais CBMB ar dtús báire. Tar éis bailchríoch a chur ar an athbhreithniú sin, agus sula ndéanfar measúnú tionchair chun tionchar na n-athbhreithnithe ar chreat BLT ar institiúidí san Aontas a mheas, ba cheart do na hinstitiúidí uile a bheadh faoi réir chreat BLT san Aontas tús a chur le tuairisciú na ríomhanna a dhíorthaítear ón gcur chuige caighdeánaithe athbhreithnithe. Chun na críche sin, d'fhonn na ríomhanna le haghaidh ceanglais tuairiscithe a dhéanamh lán-oibríochtúil i gcomhréir le forbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta, ba cheart an chumhacht chun gníomh a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (TFEU) a tharmligean chuig an gCoimisiún. Ba cheart don Choimisiún an gníomh tarmligthe sin a ghlacadh faoin 31 Nollaig 2019. Ba cheart d'institiúidí tús a chur le tuairisciú an ríomha sin tráth nach déanaí ná bliain amháin i ndiaidh ghlacadh an ghnímh tharmligthe. Ina theannta sin, na hinstitiúidí a fuair formheas cur chuige na samhla inmheánaí athbhreithnithe i gcreat BLT a úsáid chun críocha tuairiscithe, ba cheart dóibh an ríomh faoi chur chuige na samhla inmheánaí a thuairisciú trí bliana tar éis a chur i bhfeidhm iomláin. |
|
(41) |
Ba cheart tabhairt isteach ceanglais tuairiscithe do chineálacha cur chuige BLT a mheas mar chéad chéim i dtreo creat BLT a chur chun feidhme go hiomlán san Aontas. Agus athbhreithnithe deiridh ar chreat BLT a rinne CBMB, agus torthaí thionchar na n-athbhreithnithe sin ar institiúidí san Aontas agus ar chineálacha cur chuige BLT atá leagtha amach cheana féin sa Rialachán seo i ndáil le ceanglais tuairiscithe, á gcur san áireamh, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 30 Meitheamh 2020 maidir leis an tslí ina bhféadfaí creat BLT a chur chun feidhme san Aontas chun ceanglais cistí dílse le haghaidh priacail mhargaidh a bhunú. |
|
(42) |
Ba cheart feidhm a bheith ag láimhseáil chomhréireach le haghaidh priacal margaidh freisin maidir le hinstitiúidí ag a bhfuil gníomhaíochtaí leabhair trádála teoranta, sa chaoi gur féidir le tuilleadh institiúidí ag a bhfuil gníomhaíochtaí beaga leabhair trádála an creat pracail creidmheasa a chur i bhfeidhm i gcás suíomhanna leabhair baincéireachta mar a leagtar amach faoi leagan athbhreithnithe den mhaolú le haghaidh gnó beag leabhair trádála. Ba cheart prionsabal na comhréireachta a chur san áireamh nuair a dhéanann an Coimisiún athmheasúnú ar an mbealach is ceart d'institiúidí le gnó meánmhéide leabhair trádála an ceanglas cistí dílse le haghaidh priacail mhargaidh a ríomh. Go háirithe, i bhfianaise na bhforbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar chalabrú na gceanglas cistí dílse le haghaidh priacal margaidh d'institiúidí le gnó meánmhéide leabhair trádála. Idir an dá linn, ba cheart na hinstitiúidí sin le gnó meánmhéide leabhair trádála, mar aon le hinstitiúidí le gnó beag leabhar trádála, a dhíolmhú ó na ceanglais tuairiscithe faoi BLT. |
|
(43) |
Ba cheart an creat risíochtaí móra a dhaingniú chun gur fearr a bheidh institiúidí in ann caillteanais a ionsú agus caighdeáin idirnáisiúnta a chomhlíonadh. Chun na críche sin, ba cheart cáilíocht níos fearr caipitil a úsáid mar bhonn caipitil chun teorainn na risíochtaí móra agus risíochtaí ar dhíorthaigh chreidmheasa a ríomh i gcomhréir le CCC-PCC. Ina theannta sin, ba cheart an teorainn leis na risíochtaí a d'fhéadfadh G-SIInna a bheith i leith G-SIInna eile a ísliú chun priacail shistéamacha a laghdú a bhaineann le hidirnaisc idir institiúidí móra agus leis an tionchar a d'fhéadfadh contrapháirtí G-SIInna a bheith acu ar an gcobhsaíocht airgeadais. |
|
(44) |
Cé go n-áirithíonn an cóimheas cumhdaigh ar leachtacht (“LCR”) go mbeidh institiúidí in ann strus mór a sheasamh go gearrthéarmach, ní áirithíonn sé go mbeidh struchtúr maoinithe cobhsaí ag na hinstitiúidí sin nuair a bheidh tréimhse níos faide i gceist. Is léir ar an gcaoi sin gur cheart ceanglas maoiniúcháin chobhsaí ceangailtí mionsonraithe a fhorbairt ar leibhéal an Aontais agus gur cheart é a chomhlíonadh i gcónaí chun nach mbeidh neamhréir aibíochta ró-thromchúiseacha idir sócmhainní agus dliteanais agus chun nach mbeifear ag brath go rómhór ar mhaoiniú mórdhíola gearrthéarmach. |
|
(45) |
Chun bheith comhsheasmhach le caighdeán mhaoinithe CBMB, ba cheart,mar sin, rialacha a ghlacadh chun an ceanglas maoiniúcháin chobhsaí a shainmhíniú mar chóimheas idir an méid maoiniúcháin chobhsaí atá ar fáil ag institiúid agus an méid cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá aici in imeacht bliana. Ba cheart an ceanglas cóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí (“CGCC”) a thabhairt ar an gceanglas ceangailteach sin. Ba cheart méid an chistiúcháin chobhsaí atá ar fáil a ríomh trí dhliteanais agus cistí dílse na hinstitiúide a iolrú faoi fhachtóirí iomchuí a léiríonn a leibhéil iontaofachta thar thréimhse aon bhliana CGCC. Ba cheart méid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a ríomh trí shócmhainní agus risíochtaí na hinstitiúid lasmuigh den chlár comhardaithe e a iolrú faoi fhachtóirí iomchuí a léiríonn a dtréithe leachtachta agus a n-aibíochtaí iarmhair thar thréimhse aon bhliana CGCC. |
|
(46) |
Ba cheart CGCC a shloinneadh mar chéatadán agus a shocrú ar íosleibhéal 100 %, rud a thugann le fios go sealbhaíonn institiúid maoiniú cobhsaí leordhóthanach chun a riachtanais maoiniúcháin a riar thar thréimhse aon bhliana faoi ghnáthdhálaí agus faoi strus. Dá dtitfeadh a CGCC faoi bhun 100 %, ba cheart don institiúid na ceanglais shonracha a chomhlíonadh a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun go dtabharfar a CGCC ar ais go dtí an t-íosleibhéal go tráthúil. Níor cheart cur i bhfeidhm na mbeart maoirseachta i gcás neamh-chomhlíonadh cheanglas CGCC a bheith uathoibríoch. Ba cheart do na húdaráis inniúla na cúiseanna atá le neamh-chomhlíonadh cheanglas CGCC a mheas sula saineoidh siad bearta maoirseachta. |
|
(47) |
I gcomhréir leis na moltaí a rinne ÚBE sa tuarascáil uaidh an 15 Nollaig 2015 maidir le ceanglais glanchistiúcháin chobhsaí faoi Airteagal 510 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ba cheart na rialacha maidir le CGCC a ríomh a ailíniú go dlúth le caighdeáin CBMB, lena n-airítear forbairtí sna caighdeáin sin i ndáil le láimhseáil idirbheart díorthach. Ós rud é gur gá roinnt sonraíochtaí Eorpacha a chur san áireamh chun a áirithiú nach mbeidh ceanglas CGCC ina chonstaic roimh mhaoiniú fhíorgheilleagar na hEorpa, áfach, tá údar maith ann roinnt coigeartaithe ar CGCC a cheap CBMB a ghlacadh chun ceanglas CGCC na hEorpa a shainiú. Molann ÚBE na coigeartuithe sin a thagann as an gcomhthéacs Eorpach, ar coigeartuithe iad a bhaineann den chuid is mó le láimhseáil shonrach le haghaidh: samhlacha faoi bhealach go ginearálta agus eisiúint bannaí cumhdaithe go háirithe; gníomhaíochtaí maoinithe trádála; coigilteas rialáilte lárnach; iasachtaí ráthaithe áite chónaithe; comhair chreidmheasa; CPLanna agus taisclanna lárnacha urrús (CSDanna) nach ndéanann aon chlaochlú aibíochta suntasach. Léiríonn an láimhseáil shonrach sin atá molta an chóir fhabhrach a chuirtear ar na gníomhaíochtaí sin i LCR na hEorpa, seachas mar a chuirtear i LCR a cheap CBMB. Ós rud é go gcomhlánaíonn CGCC an LCR, ba cheart an dá chóimheas sin a bheith comhsheasmhach le chéile ó thaobh sainiú agus calabrú de. Is fíor sin go háirithe i gcás fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a chuirtear i bhfeidhm ar shócmhainní leachtachta ardcháilíochta LCR chun CGCC a ríomh ar cheart dóibh na sainithe agus na caolchorrlaigh atá i LCR na hEorpa a léiriú, beag beann ar chomhlíonadh na gceanglas ginearálta agus oibríochtúla sin a leagtar amach do ríomh an LCR agus nach bhfuil iomchuí i dtréimhse aon bhliana ríomh CGCC. |
|
(48) |
Lasmuigh de na sonraíochtaí Eorpacha, b'fhéidir go mbeadh tionchar mór ag láimhseáil idirbheart díorthach i CGCC a cheap CBMB ar ghníomhaíochtaí díorthach institiúidí agus, mar gheall air sin, ar mhargaí airgeadais na hEorpa agus ar rochtain ar roinnt oibríochtaí d'úsáideoirí deiridh. D'fhéadfadh sé go mbeadh tionchar míchuí míréireach ag tabhairt isteach CGCC a cheap CBMB ar idirbhearta díorthach agus ar roinnt idirbheart idirnasctha, lena n-áirítear gníomhaíochtaí imréitigh, mura ndéanfaí staidéir tionchair cainníochtúil leitheadacha agus comhairliúchán poiblí maidir leis an tabhairt isteach sin. An ceanglas breise gur gá idir 5 % agus 20 % de mhaoiniú cobhsaí a shealbhú i gcoinne dliteanais chomhlána díorthach, meastar go forleathan gur garbh an beart é chun priacail maoiniúcháin bhreise a ghabháil a bhaineann leis an méadú ar dhliteanais díorthach a d'fhéadfadh a bheith ann thar thréimhse aon bhliana, agus tá sé faoi bhreithniú ar leibhéal CBMB. D'fhéadfaí an ceanglas sin, a thabharfaí isteach ar leibhéal 5 % i gcomhréir leis an rogha a d'fhág CBMB ag dlínse an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh ar dhliteanais chomhlána díorthach a ísliú, a leasú ina dhiaidh sin, chun forbairtí ar leibhéal CBMB a chur san áireamh agus chun iarmhairtí neamhbheartaithe a d'fhéadfadh a bheith ann a sheachaint, amhail constaic a chur roimh dhea-fheidhmiú mhargaí airgeadais na hEorpa agus roimh sholáthar uirlisí fálaithe priacail d'institiúidí agus d'úsáideoirí deiridh, corparáidí san áireamh, chun a maoiniú a áirithiú mar chuspóir de chuid aontas na margaí caipitil. |
|
(49) |
Is é atá beartaithe leis an láimhseáil neamhshiméadrach a dhéanann CBMB ar chistiú gearrthéarmach, amhail comhaontuithe athcheannaigh (nuair nach dtugtar aitheantas do chistiú cobhsaí) agus iasachtú gearrthéarmach, amhail comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais (nuair a cheanglaítear roinnt cistiúcháin chobhsaí a bheith ann – 10 % má chomhthaobhaítear é le sócmhainní leachtachta ardcháilíochta (SLAL) leibhéal 1 de réir an tsainmhínithe sa LCR agus 15 % i gcás idirbhearta eile) le cliaint airgeadais, naisc chistiúcháin ghearrthéarmaigh fhairsinge a dhíspreagadh idir cliaint airgeadais, toisc gur foinse idirnasctha iad na naisc sin agus gur deacra a bhíonn sé, mar thoradh orthu, institiúid áirithe a réiteach gan priacal gabhála a bheith ar an gcuid eile den chóras airgeadais i gcás cliseadh. Mar sin féin, tá calabrú na neamhshiméadrachta róchoimeádach agus d'fhéadfadh sé difear a dhéanamh do leachtacht urrús a úsáidtear de ghnáth mar chomhthaobhacht in idirbhearta gearrthéarmacha, go háirithe i ndáil le bannaí ceannasacha, mar gur dócha go laghdóidh na hinstitiúidí méid a n-oibríochtaí ar na margaí athcheannaigh. D'fhéadfadh sé freisin go mbainfeadh sé d'éifeacht na ngníomhaíochtaí cruthaithe margaidh, mar go n-éascaíonn na margaí athcheannaigh bainistiú an fhardail is gá, rud a thiocfadh salach ar chuspóirí aontas na margaí caipitil. D'fhonn go leor ama a chur ar fáil do na hinstitiúidí iad féin a chur in oiriúint de réir a chéile don chalabrú coimeádach sin, ba cheart idirthréimhse a thabhairt isteach ar lena linn a dhéanfaí fachtóirí an ghlanchistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a laghdú go sealadach. Ba cheart méid an laghdaithe shealadaigh i bhfachtóirí an ghlanchistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a bheith ag brath ar chineálacha na n-idirbheart agus ar chineál na comhthaobhachta a úsáidtear sna hidirbhearta sin. |
|
(50) |
Le cois chalabrú sealadach fhachtóir an ghlanchistiúcháin chobhsaí cheangailtigh de chuid CBMB a bhfuil feidhm aige maidir le hidirbhearta gearrthéarmacha athcheannaigh droim ar ais le cliaint airgeadais a urrúsaítear le bannaí ceannasacha, léiríodh gur gá roinnt coigeartuithe eile a dhéanamh chun a áirithiú nach gcuirfidh tabhairt isteach cheanglas CGCC bac ar leachtacht mhargaí na mbannaí ceannasacha. Le fachtóir an ghlanchistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 5 % de chuid CBMB a bhfuil feidhm aige maidir le SLAL leibhéal 1, lena n-áirítear bannaí ceannasacha, chaithfeadh na hinstitiúidí cistiú fadtéarmach neamhurrúsaithe a bheadh ar fáil a bheith faoi réir acu ag an gcéatadán sin, is cuma cén fad a bhfuil siad ag súil na bannaí ceannasacha a bheith acu. D'fhéadfadh sé gur dreasú breise a bheadh ansin d'institiúidí airgead tirim a thaisceadh i mbainc lárnacha seachas gníomhú mar phríomhdhéileálaithe agus leachtacht a sholáthar i margaí bannaí ceannasacha. Lena chois sin, níl sé comhsheasmhach leis an LCR a aithníonn leachtacht iomlán na sócmhainní sin, fiú nuair a bhíonn dianstrus leachtachta ann (caolchorrlach 0 %). Ba cheart, mar sin fachtóir an ghlanchistiúcháin chobhsaí cheangailtigh SLAL leibhéal 1 de réir an tsainmhínithe i LCR na hEorpa, lasmuigh de bhannaí cumhdaithe ardcháilíochta, a laghdú ó 5 % go 0 %. |
|
(51) |
Thairis sin, ba cheart SLAL leibhéal 1 uile, mar a shainmhínítear i LCR na hEorpa iad, seachas bannaí cumhdaithe sárcháilíochta, a fhaightear mar chorrlaigh athrúcháin i gconarthaí díorthacha, ba cheart dóibh sócmhainní díorthach a fhritháireamh, ach ní ghlacann CGCC arna fhorbairt ag CBMB ach airgead tirim a chomhlíonann coinníollacha an chreata giarála chun sócmhainní díorthach a fhritháireamh. Le haitheantas níos leithne sin do shócmhainní a fhaightear mar chorrlaigh athrúcháin, cuirfear le leachtacht na margaí bannaí ceannasacha, seachnófar pionósú na n-úsáideoirí deiridh a shealbhaíonn méideanna móra de bhannaí ceannasacha ach ar beag bannaí airgid tirim (ar nós cistí pinsin) a shealbhaíonn siad, agus seachnófar cur leis an teannas san éileamh ar airgead tirim sna margaí athcheannaigh. |
|
(52) |
Ba cheart feidhm a bheith ag ceanglas CGCC maidir leis na hinstitiúidí ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite araon, mura dtarscaoilfidh na húdaráis inniúla cur i bhfeidhm ceanglas CGCC ar bhonn aonair. Murar tarscaoileadh cur i bhfeidhm ceanglas CGCC ar bhonn aonair, ba cheart, i bprionsabal, d'idirbhearta idir dhá institiúid atá san aon ghrúpa amháin nó san aon scéim cosanta institiúidí amháin fachtóirí siméadracha a fháil i ndáil le cistiú cobhsaí atá ar fáil agus cistiú cobhsaí ceangailteach chun nach mbeidh caillteanas cistiúcháin ann sa mhargadh aonair agus nach gcuirfear bac ar bhainistiú éifeachtach leachtachta i ngrúpaí Eorpacha ina mbainistítear leachtacht go lárnach. Níor cheart an láimhseáil shiméadrach fhabhrach sin a thabhairt ach i gcás idirbhearta laistigh de ghrúpa nuair a bheidh na cosaintí uile is gá ar bun, ar bhonn critéir bhreise i gcás idirbhearta trasteorann, agus níor cheart sin a dhéanamh ach má d'fhormheas na húdaráis inniúla lena mbaineann é mar nach féidir a thoimhdiú go bhfaighidh institiúidí ar deacair dóibh a n-oibleagáidí íocaíochta a chomhlíonadh tacaíocht chistiúcháin i gcónaí ó ghnóthais eile sa ghrúpa céanna leo nó sa scéim cosanta institiúidí céanna leo. |
|
(53) |
Ba cheart an deis a thabhairt d'institiúidí beaga neamhchasta úsáid a bhaint as leagan simplithe de cheanglas CGCC. Ba cheart, leis an leagan simplithe nach bhfuil chomh mionsonraithe céanna de CGCC, gan an oiread céanna pointí sonraí a bhailiú, rud a laghdódh castacht an ríomha do na hinstitiúidí sin i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ach a áiritheodh ag an am céanna go gcoinneodh na hinstitiúidí sin fós fachtóir cistiúcháin chobhsaí leordhóthanaí trí bhíthin calabrú a bheadh chomh coimeádach le, nó níos coimeádaí ná, calabrú cheanglas CGCC lánfheidhme. Ba cheart d'údaráis inniúla bheith ábalta, áfach, a cheangal ar institiúidí beaga neamhchasta go gcuirfeadh siad ceanglas CGCC lánfheidhme i bhfeidhm in ionad an leagain shimplithe. |
|
(54) |
Ba cheart aird chuí a thabhairt ar na ceanglais cistiúcháin chobhsaí is infheidhme i dtríú tíortha agus comhdhlúthú á dhéanamh ar fhochuideachtaí sna tíortha sin. Dá réir sin, níor cheart do rialacha comhdhlúthaithe san Aontas láimhseáil níos fabhraí a thabhairt isteach le haghaidh cistiú cobhsaí atá ar fáil agus cistiú cobhsaí ceangailteach i bhfochuideachtaí tríú tír ná an láimhseáil atá le fáil faoi dhlí náisiúnta na dtríú tíortha sin. |
|
(55) |
Ba cheart é a bheith de cheangal ar na hinstitiúidí tuairisciú chuig a n-údaráis inniúla san airgeadra tuairiscithe faoin CGCC ceangailteach le haghaidh na n-ítimí uile agus, ar leithligh, le haghaidh ítimí arna n-ainmniú i ngach airgeadra suntasacha chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht iomchuí ar neamhréir féideartha airgeadraí. Níor cheart do cheanglas CGCC aon cheanglais tuairiscithe dhúbailte, nó ceanglais tuairiscithe, nach bhfuil i gcomhréir leis na rialacha atá i bhfeidhm, a chur ar na hinstitiúidí agus ba cheart go leor ama a thabhairt do na hinstitiúidí chun iad féin a ullmhú le haghaidh teacht i bhfeidhm ceanglais tuairiscithe nua. |
|
(56) |
Ós rud é gur bunphrionsabal ag aon chóras baincéireachta fónta é soláthar faisnéise fiúntaí inchomparáide ar chomh-mhéadracht phríomhphriacal, tá sé ríthábhachtach an neamhshiméadracht faisnéise a laghdú a mhéid is féidir agus an inchomparáideacht a éascú idir próifílí priacail institiúidí creidmheasa laistigh de dhlínse agus ó dhlínse go dlínse. D'fhoilsigh CBMB caighdeáin athbhreithnithe Cholún 3 ar nochtadh in Eanáir 2015 chun inchomparáideacht, cáilíocht agus comhsheasmhacht nochtadh rialála na n-institiúidí don mhargadh a fheabhsú. Dá bhrí sin, is iomchuí na ceanglais nochta atá ann faoi láthair a leasú chun na caighdeáin nua sin a chur chun feidhme. |
|
(57) |
Dar le freagróirí ar Ghlao an Choimisiún ar fhianaise ar chreat rialála seirbhísí airgeadais an Aontais Eorpaigh, tá na ceanglais maidir le nochtadh atá ann faoi láthair míréireach agus cuireann siad ualach rómhór ar institiúidí beaga. Gan dochar do nochtadh a ailíniú níos dlúithe le caighdeáin idirnáisiúnta, ní mór é a bheith de cheangal ar institiúidí beaga neamhchasta, nochtadh a dhéanamh ina mbeidh níos lú mionsonraithe ná mar a bheadh i nochtadh a dhéanfadh na hinstitiúidí móra agus gan an nochtadh sin a bheith le déanamh acu chomh minic sin, agus ar an gcaoi sin laghdófar an t-ualach riaracháin atá orthu. |
|
(58) |
Ba cheart roinnt soiléirithe a dhéanamh maidir le nochtadh aisíocaíochta. Ba cheart na ceanglais nochta i dtaca leis an luach saothair a leagtar amach sa Rialachán seo a bheith comhoiriúnach leis na rialacha maidir le luach saothair, is é sin, beartais agus cleachtais luacha saothair a bhunú agus a chothabháil le haghaidh na gcatagóirí foirne sin a mbíonn tionchar iarbhír ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl priacail na hinstitiúide agus atá i gcomhréir le bainistiú priacail éifeachtach. Thairis sin, na hinstitiúidí a fuair maolú ar rialacha aisíocaíochta áirithe, ba cheart é a bheith de cheanglas orthu faisnéis a nochtadh ar an maolú sin. |
|
(59) |
Tá fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) ar cheann de cholúin taca gheilleagar an Aontais mar gheall ar an ról bunúsach atá acu i leith fás eacnamaíoch a chruthú agus fostaíocht a sholáthar. Ós rud é gur lú an priacal sistéamach a iompraíonn FBManna ná corparáidí eile, ba cheart gur ísle na ceanglais chaipitil a bheadh ar FBManna ná mar a bheadh ar chorparáidí móra, chun a áirithiú go ndéanfaidh na bainc an cistiú is fearr is féidir ar na FBManna. Faoi láthair, tá risíochtaí FBManna suas le EUR 1,5 milliún faoi réir laghdú 23,81 % i méid risíochta atá ualaithe de réir priacail. Ós rud é nach léiríonn an tairseach sin EUR 1,5 milliún do risíocht FBManna athrú ar an bpriacal a bhaineann le FBM, ba cheart an laghdú ar cheanglais chaipitil a leathnú go gcumhdóidh sé risíochtaí FBManna a fhad le EUR 2,5 milliún agus ba cheart an chuid sin de risíocht FBM atá thar EUR 2,5 milliún a bheith faoi réir laghdú 15 % i gceanglais chaipitil. |
|
(60) |
Tá infheistíochtaí sa bhonneagar ríthábhachtach chun iomaíocht na hEorpa a neartú agus chun cruthú post a spreagadh. Tá téarnamh gheilleagar an Aontais agus an fás a thiocfaidh air amach anseo ag brath cuid mhór ar chaipiteal a bheith ar fáil le haghaidh infheistíochtaí straitéiseach ar an mbonneagar atá suntasach ar scála Eorpach, lena n-áirítear líonraí leathanbhanda agus fuinnimh chomh maith leis an mbonneagar iompair lena n-áirítear bonneagar leictrea-shoghluaisteachta, go háirithe i láir thionsclaíochta; oideachas, taighde agus nuálaíocht; fuinneamh in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh. Tá an Plean Infheistíochta don Eoraip dírithe ar chistiú breise a spreagadh le haghaidh tionscadail bhonneagair atá inmharthana trí, inter alia, foinsí príobháideacha cistiúcháin breise a chur i gcúrsaíocht. Is an t-ábhar imní atá ag roinnt infheisteoirí ionchasacha go síltear nach bhfuil tionscadail inmharthana ann agus gur beag an cumas atá ann priacal a mheas mar is ceart mar gheall ar iad a bheith casta ó nádúr. |
|
(61) |
Chun infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí i dtionscadail bhonneagair a spreagadh, tá sé ríthábhachtach timpeallacht rialála a leagan síos lenar féidir tionscadail bhonneagair ardcháilíochta a chur chun cinn agus priacail d'infheisteoirí a laghdú. Go háirithe, ba cheart ceanglais cistí dílse le haghaidh risíochtaí ar thionscadail bhonneagair a laghdú ar choinníoll go gcomhlíonann siad tacar critéar lenar féidir a bpróifíl priacail a laghdú agus intuarthacht na sreabh airgid thirim a fheabhsú. Ba cheart don Choimisiún an fhoráil maidir le tionscadail bonneagair ardcháilíochta a athbhreithniú chun measúnú a dhéanamh ar: tionchar na forála ar an méid infheistíochtaí bonneagair a rinne institiúidí agus cáilíocht na n-infheistíochtaí i dtaca leis an gcuspóir atá ag an Aontas dul i dtreo geilleagar ísealcharbóin a bheidh seasmhach ó thaobh na haeráide de agus ciorclach; agus a leordhóthanaí atá an fhoráil ó thaobh stuamachta de. Lena chois sin, ba cheart don Choimisiún a fhiafraí de féin ar cheart raon na bhforálacha sin a leathnú go gcumhdóidh sé infheistíochtaí bonneagair a dhéanann corparáidí. |
|
(62) |
Mar a mhol ÚBE, an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ESMA), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus an Banc Ceannais Eorpach, ba cheart CLanna, mar gheall ar an tsamhail ghnó ar leith atá acu, a dhíolmhú ón gcóimheas luamhánaithe, toisc go bhfuil sé de cheanglas orthu ceadúnas baincéireachta a fháil chun rochtain a fháil ar shaoráidí bainc ceannais thar oíche agus chun a róil a chomhlíonadh mar phríomhéascaitheoirí cuspóirí tábhachtacha polaitiúla agus rialála in earnáil an airgeadais. |
|
(63) |
Ina theannta sin, risíochtaí TLUanna a údaraítear mar institiúidí creidmheasa agus risíochtaí institiúidí creidmheasa a ainmnítear i gcomhréir le Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), amhail iarmhéideanna airgid thirim a thagann as cuntais airgid a sholáthar do rannpháirtithe i gcóras socraíochta urrús agus do shealbhóirí cuntais urrús, nó a thagann as cuntais airgid a ghlacadh ó na rannpháirtithe agus na sealbhóirí sin, ba cheart iad a eisiamh ó thomhas iomlán risíochtaí de dheasca nach gcruthaítear leo priacal luamhánaithe iomarcaigh mar úsáidtear na hiarmhéideanna airgid thirim sin chun idirbhearta a shocrú i gcórais socraíochta urrús. |
|
(64) |
Ós rud é gur sprioc-chaipitil ina léirítear ionchais mhaoirseachta í an treoir maidir le cistí breise dílse dá dtagraítear i dTreoir 2013/36/AE, níor cheart í a bheith faoi réir nochtadh éigeantach ná toirmeasc ar nochtadh arna dhéanamh ag údaráis inniúla faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó faoin Treoir sin. |
|
(65) |
Chun a áirithiú go saineofar go hiomchuí roinnt forálacha teicniúla sonracha de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus chun go gcuirfear san áireamh forbairtí féideartha áirithe sna caighdeáin ar an leibhéal idirnáisiúnta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún: i dtaca leis an liosta de na táirgí nó na seirbhísí ar féidir a mheas go bhfuil a sócmhainní agus a ndliteanais idirspleách a leasú; i dtaca leis an liosta de na bainc forbartha iltaobhacha a leasú; i dtaca leis na ceanglais maidir le priacal margaidh a thuairisciú a leasú; agus i dtaca le ceanglais bhreise leachtachta a shonrú. Sula nglacfar na gníomhartha sin, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúcháin ar leibhéal saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (13). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(66) |
Ba cheart comhchuibhiú comhsheasmhach na gceanglas a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a áirithiú leis na caighdeáin theicniúla. Ós rud é gur comhlacht é ÚBE a bhfuil saineolas an-speisialaithe aige, ba cheart sainordú a thabhairt dó dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a dhréachtú, nach mbeadh roghanna beartais ag baint leo, le cur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart caighdeáin rialála teicniúla a fhorbairt sna réimsí seo a leanas: comhdhlúthú stuamachta, cistí dílse, TLAC, láimhseáil risíochtaí a urraítear le morgáistí ar mhaoin dhochorraithe, infheistíochtaí cothromais i gcistí, ríomh an chaillteanais i gcás mainneachtana faoin gCur Chuige Inmheánach Bunaithe ar Rátálacha maidir le priacal creidmheasa, priacal margaidh, risíochtaí móra agus leachtacht. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Ba cheart don Choimisiún agus do ÚBE a áirithiú go bhféadfaidh na hinstitiúidí go léir lena mbaineann na caighdeáin agus na ceanglais sin a chur i bhfeidhm ar bhealach atá comhréireach le cineál, scála agus castacht na n-institiúidí sin agus a ngníomhaíochtaí. |
|
(67) |
Chun gur fusa nochtadh a chur i gcomparáid le nochtadh eile, ba cheart sainordú a thabhairt do ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a cheapadh lena mbunófar teimpléid chaighdeánaithe nochta lena gcumhdófaí na ceanglais nochta shubstaintiúla uile a leagtar amach i Rialachán (AE) 575/2013. Agus é ag forbairt na gcaighdeán sin, ba cheart do ÚBE méid agus castacht na n-institiúidí chomh maith le nádúr agus leibhéal an phriacail a bhaineann lena ngníomhaíochtaí a chur san áireamh. Ba cheart do ÚBE tuairisciú ar an áit is féidir feabhas a chur ar phacáiste tuairiscithe maoirseachta an Aontais ó thaobh raoin, gráinneachta nó minicíochta de agus moltaí nithiúla, ar a laghad, a dhéanamh, maidir leis an dóigh chun meánchostais chomhlíonta na n-institiúidí beaga a laghdú 20 % nó níos mó agus iad a laghdú 10 %, ar a laghad, trí na ceanglais a shimpliú go hiomchuí. Ba cheart sainordú a thabhairt do ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt a ghabhfaidh leis an tuarascáil sin. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. |
|
(68) |
Chun gur fusa do na hinstitiúidí na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE a chomhlíonadh, agus na caighdeáin rialála teicniúla, na rialacha teicniúla cur chun feidhme, na treoirlínte agus na teimpléid arna nglacadh chun na rialacha sin a chur chun feidhme a chomhlíonadh chomh maith, ba cheart do ÚBE uirlis TF a fhorbairt a bheidh dírithe ar institiúidí a stiúradh trí na forálacha ábhartha, na caighdeáin, na treoirlínte agus na teimpléid de réir a méide agus a samhla gnó. |
|
(69) |
Chomh maith le tuairisc a dhéanamh maidir le laghduithe costais féideartha, faoi cheann 28 Meitheamh 2020, ba cheart do ÚBE - i gcomhar leis na húdaráis uile ábhartha, is é sin na húdaráis sin atá freagrach as maoirseacht stuamachta, as réiteach agus as scéimeanna ráthaithe taiscí agus go háirithe an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) — tuarascáil féidearthachta a chur i dtoll a chéile maidir le córas comhsheasmhach comhtháite a cheapadh le haghaidh sonraí staidrimh, sonraí réitigh agus sonraí stuamachta a bhailiú. Agus aird á tabhairt ar an obair a rinne CEBC roimhe seo maidir le bailiú sonraí, ba cheart, sa tuarascáil sin, anailís costas agus sochar a chur ar fáil maidir le pointe bailithe sonraí lárnach a chruthú do chóras tuairiscithe sonraí comhtháite a mhéid a bhaineann le sonraí staidrimh agus rialála le haghaidh na n-institiúidí uile atá lonnaithe san Aontas. Ba cheart, sa chóras sin, i measc rudaí eile, sainmhínithe agus caighdeáin chomhsheasmhacha a úsáid maidir leis na sonraí atá le bailiú, agus malartú faisnéise iontaofa buan idir na húdaráis inniúla a ráthú, lena n-áiritheofar rúndacht dhian na sonraí a bhaileofar, deimhniú láidir agus bainistiú ceart na rochtana ar an gcóras agus an a chibearshlándáil, chomh maith. Is é is aidhm leis an lárú agus an comhchuibhiú sin ar an bpróiseas tuairiscithe Eorpach, gan iarrataí iolracha atá comhchosúil nó comhionann a bheith á ndéanamh ag údaráis éagsúla agus leis sin, an t-ualach riaracháin agus airgeadais a laghdú go suntasach do na húdaráis inniúla agus do na hinstitiúidí araon. Ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, agus an tuarascáil féidearthachta le ÚBE á cur san áireamh, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. |
|
(70) |
Ba cheart é a bheith mar aidhm ag na húdaráis ábhartha inniúla nó ainmnithe go seachnófaí aon fhoirm d'úsáid dhúbailteach nó neamh-chomhsheasmhach na gcumhachtaí macrastuamachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 575/2013 agus i dTreoir 2013/36/AE. Go háirithe, ba cheart do na húdaráis inniúla nó ainmnithe ábhartha a mheas go cuí an bhfuil na bearta a dhéanann siad faoi Airteagal 124, 164 nó 458 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 dúbailteach nó neamh-chomhsheasmhach le bearta eile atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo faoi Airteagal 133 de Threoir 2013/36/AE. |
|
(71) |
Dá bhrí sin, i bhfianaise na leasuithe ar láimhseáil risíochtaí ar CPLCanna, go sonrach na leasuithe ar láimhseáil ranníocaíochtaí institiúidí le cistí mainneachtana CPLCanna, a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart leasú a dhéanamh dá réir sin ar na forálacha ábhartha i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (14), forálacha a tugadh isteach sa Rialachán sin leis an Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus ina leagtar amach go mionsonraithe ríomh caipitil hipitéisigh CPLanna a úsáideann na hinstitiúidí ansin chun a gceanglais cistí dílse a ríomh. |
|
(72) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon gníomhartha dlí de chuid an Aontais atá ann cheana lena n-áirithítear ceanglais stuamachta atá i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta ar fud an Aontais a dhaingniú agus a athscagadh, a bhaint amach go leordhóthanach ach gur féidir, mar gheall ar a bhfairsinge agus ar a n-éifeachtaí, na cuspóirí sin a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach. |
|
(73) |
D'fhonn go mbeifear in ann dídhílsiú ordúil a dhéanamh ó shealúchais árachais nach bhfuil faoi réir maoirseacht fhorlíontach, ba cheart leagan leasaithe de na forálacha idirthréimhseacha i ndáil leis an díolúine ó shealúchais árachais a asbhaint i gcuideachtaí árachais a chur i bhfeidhm le héifeacht chúlghabhálach ón 1 Eanáir 2019. |
|
(74) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 1 agus 2: “Airteagal 1 Raon feidhme Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha maidir le ceanglais stuamachta ghinearálta nach mór d'institiúidí, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha atá faoi mhaoirsiú Threoir 2013/36/AE a chomhlíonadh i ndáil leis na nithe seo a leanas:
Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha maidir leis na ceanglais cistí dílse agus dliteanas incháilithe a chomhlíonfaidh eintitis réitigh ar institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo (G-SIInna) iad nó cuid de G-SIInna agus fochuideachtaí suntasacha de G-SIInna neamh-AE. Ní rialaítear leis an Rialachán seo na ceanglais atá ar údaráis inniúla maidir le nochtadh i réimse na rialála stuamachta agus na maoirseachta institiúidí mar a leagtar amach i dTreoir 2013/36/AE. Airteagal 2 Cumhachtaí maoirseachta 1. D'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, beidh na cumhachtaí ag na húdaráis inniúla a leagtar amach i dTreoir 2013/36/AE agus leanfaidh siad na nósanna imeachta atá inti agus sa Rialachán seo. 2. D'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, beidh na cumhachtaí ag na húdaráis réitigh a leagtar amach i dTreoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) agus leanfaidh siad na nósanna imeachta atá inti agus sa Rialachán seo. 3. Chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanas incháilithe, oibreoidh údaráis inniúla agus údaráis réitigh i gcomhar le chéile. 4. Chun críocha comhlíonadh a áirithiú laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach, áiritheoidh an Bord Aonair Réitigh, arna bhunú ag Airteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), agus an Banc Ceannais Eorpach, i ndáil le hábhair a bhaineann leis na cúraimí a thugtar dó le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 (*3) ón gComhairle, go ndéanfar faisnéis ábhartha a mhalartú go rialta iontaofa. (*1) Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat um théarnamh agus réiteach na n-institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a aisghairm (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190)." (*2) Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1)." (*3) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).”;" |
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
|
|
(3) |
leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
|
|
(4) |
leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:
|
|
(5) |
in Airteagal 10(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhrása thosaigh na chéad fhomhíre: “1. Féadfaidh údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, cur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar amach i gCodanna a Dó go hOcht den Rialachán seo agus i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402 a tharscaoileadh go páirteach nó go hiomlán d'institiúid chreidmheasa amháin nó níos mó atá suite sa Bhallstát céanna agus atá cleamhnaithe go buan le comhlacht lárnach a dhéanann maoirseacht orthu agus atá bunaithe sa Bhallstát céanna, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:”; |
|
(6) |
leasaítear Airteagal 11 mar seo a leanas:
|
|
(7) |
scriostar Airteagal 12; |
|
(8) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 12a Ríomh comhdhlúite le haghaidh G-SIInna ag a bhfuil il-eintitis réitigh I gcás inar eintiteas réitigh dhá eintiteas G-SII ar a laghad ar leis an aon G-SII iad, ríomhfaidh máthairinstitiúid AE an G-SII sin an méid cistí dílse agus dliteanas incháilithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 92a(1) den Rialachán seo. Déanfar an ríomh sin ar bhonn chás comhdhlúite mháthairinstitiúid AE amhail dá mba é an t-aon eintiteas réitigh amháin de chuid an G-SII sin é. I gcás ina mbeidh an méid a ríomhadh i gcomhréir leis an gcéad mhír den Rialachán seo níos lú ná suim na méideanna cistí dílse agus dliteanas incháilithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 92a(1) den Rialachán seo atá ag na heintitis uile ar leis an G-SII sin iad, gníomhóidh na húdaráis réitigh i gcomhréir le hAirteagail 45d(3) agus 45h(2) de Threoir 2014/59/AE. I gcás ina mbeidh an méid a ríomhadh i gcomhréir leis an gcéad mhír den Airteagal seo níos mó ná suim na méideanna cistí dílse agus dliteanas incháilithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 92a(1) den Rialachán seo atá ag na heintitis uile ar leis an G-SII sin iad, féadfaidh na húdaráis réitigh gníomhú i gcomhréir le hAirteagail 45d(3) agus 45h(2) de Threoir 2014/59/AE.”; |
|
(9) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 13 agus 14: “Airteagal 13 Cur i bhfeidhm ceanglais maidir le nochtadh ar bhonn comhdhlúite 1. Comhlíonfaidh máthairinstitiúidí AE Cuid a hOcht ar bhonn a gcáis chomhdhlúite. Nochtfaidh fochuideachtaí móra máthairinstitiúidí AE an fhaisnéis a shonraítear in Airteagail 437, 438, 440, 442, 450, 451, 451a agus 453 ar bhonn aonair nó, más infheidhme i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Treoir 2013/36/AE, ar bhonn fo-chomhdhlúite. 2. Déanfaidh institiúidí a sainaithníodh mar eintitis réitigh ar G-SIInna nó atá mar chuid de G-SII Airteagal 437a agus pointe (h) d'Airteagal 447 a chomhlíonadh ar bhonn cás comhdhlúite a ngrúpa réitigh. 3. Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír de mhír 1 maidir le máthairinstitiúidí AE, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais AE, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha AE, nó eintitis réitigh má áirítear iad laistigh de nochtaí coibhéiseacha ar bhonn comhdhlúite ag máthairghnóthas atá bunaithe i dtríú tír. Beidh feidhm ag an dara fomhír de mhír 1 maidir le fochuideachtaí máthairghnóthas atá suite i dtríú tír ina bhfuil na fochuideachtaí sin cáilithe mar fhochuideachtaí móra. 4. I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 10, comhlíonfaidh an comhlacht lárnach dá dtagraítear san Airteagal sin rialacha Chuid a hOcht ar bhonn chás comhdhlúite an chomhlachta lárnaigh. Beidh feidhm ag Airteagal 18(1) maidir leis an gcomhlacht lárnach agus láimhseálfar na hinstitiúidí cleamhnaithe mar fhochuideachtaí de chuid an chomhlachta lárnaigh. Airteagal 14 Ceanglais Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2017/2402 a chur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite 1. Cuirfear de cheangal ar mháthairghnóthais agus a bhfochuideachtaí atá faoi réir an Rialacháin seo na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2017/2402 a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn fo-chomhdhlúite, lena áirithiú go bhfuil na socruithe, na próisis agus na sásraí a cheanglaítear leis na forálacha sin comhsheasmhach agus comhtháite agus gur féidir aon sonraí agus aon fhaisnéis atá ábhartha do chuspóir na maoirseachta a chur ar fáil. Go háirithe, áiritheoidh siad go gcuireann fochuideachtaí nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo socruithe, próisis agus sásraí chun feidhme lena áirithiú go gcomhlíonfar na forálacha sin. 2. Cuirfidh institiúidí ualú priacail breise i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 270a den Rialachán seo nuair a bheidh Airteagal 92 den Rialachán seo á chur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite nó fo-chomhdhlúite, má sháraítear na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2017/2402 ag leibhéal eintitis atá bunaithe i dtríú tír agus a áirítear sa chomhdhlúthú de réir Airteagal 18 den Rialachán seo má tá an sárú ábhartha de réir phróifíl priacail foriomlán an ghrúpa.”; |
|
(10) |
in Airteagal 15(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhrása thosaigh na chéad fhomhíre: “1. Féadfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe, ar bhonn an cháis, cur i bhfeidhm Chuid a Trí agus na ceanglais tuairiscithe ghaolmhara i gCuid a Seacht A den Rialachán seo agus Chaibidil 4 de Theideal VII de Threoir 2013/36/AE, cé is moite de phointe (d) d'Airteagal 430(1) den Rialachán seo a tharscaoileadh ar bhonn comhdhlúite, ar an gcoinníoll go bhfuil na coinníollacha seo a leanas ann:”; |
|
(11) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16: “Airteagal 16 Maolú ar chur i bhfeidhm cheanglais an chóimheasa luamhánaithe ar bhonn comhdhlúite maidir le grúpaí gnólachtaí infheistíochta I gcás inar gnólachtaí infheistíochta atá díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos i gCuid a Seacht a chur i bhfeidhm ar bhonn aonair i gcomhréir le hAirteagal 6(5) iad gach eintiteas i ngrúpa de ghnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear an máthaireintiteas, féadfaidh an máthairghnólacht infheistíochta a shocrú gan na ceanglais a leagtar síos i gCuid a Seacht agus ceanglais ghaolmhara um chóimheas luamhánaithe a thuairisciú a chur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite.” |
|
(12) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18: “Airteagal 18 Modhanna comhdhlúthaithe stuamachta 1. Na hinstitiúidí, na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha nach mór dóibh na ceanglais dá dtagraítear i Roinn 1 a chomhlíonadh, ar bhonn a gcáis chomhdhlúite, déanfaidh siad comhdhlúthú iomlán ar gach institiúid agus institiúid airgeadais atá ina bhfochuideachtaí aige, nó, nuair is ábhartha, ina bhfochuideachtaí ag an máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais chéanna nó ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha. Ní bheidh feidhm ag míreanna 3 go 6 agus mír 9 den Airteagal seo i gcás ina mbeidh feidhm ag Cuid a Sé agus pointe (d) d'Airteagal 430(1) ar bhonn cás comhdhlúite institiúide, cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha, nó ar bhonn cás fo-chomhdhlúite foghrúpa leachtachta mar a leagtar amach in Airteagail 8 agus 10. Chun críocha Airteagal 11(3a), na hinstitiúidí nach mór dóibh na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 92a nó 92b a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite, déanfaidh siad comhdhlúthú ar na hinstitiúidí agus na hinstitiúidí airgeadais uile arb iad a bhfochuideachtaí iad sna grúpaí réitigh ábhartha. 2. Áireofar gnóthais seirbhísí coimhdeachta sa chomhdhlúthú sna cásanna a leagtar síos san Airteagal seo agus de réir na modhanna a leagtar síos san Airteagal seo. 3. I gcás ina bhfuil baint ag gnóthais lena chéile de réir bhrí Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/CE, socróidh na húdaráis inniúla conas a dhéanfar comhdhlúthú. 4. Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe de cheangal go ndéanfar an comhdhlúthú comhréireach de réir na scaire caipitil a shealbhaíonn rannpháirtíochtaí in institiúidí agus in institiúidí airgeadais a bhainistíonn gnóthas a áirítear sa chomhdhlúthú mar aon le gnóthas amháin nó níos mó nach n-áirítear sa chomhdhlúthú, i gcás ina mbeidh dliteanas na ngnóthas sin teoranta don scair den chaipiteal atá ina seilbh. 5. I gcás rannpháirtíochtaí nó naisc chaipitiúla seachas iad sin dá dtagraítear i míreanna 1 agus 4, cinnfidh na húdaráis inniúla an bhfuil comhdhlúthú le déanamh agus conas a dhéanfar é. Go háirithe, féadfaidh siad úsáid an mhodha cothromais a cheadú nó a cheangal. Mar sin féin, ní hionann an modh sin a úsáid agus na gnóthais lena mbaineann a bheith ar áireamh faoin maoirseacht ar bhonn comhdhlúite. 6. Cinnfidh na húdaráis inniúla an bhfuil comhdhlúthú le déanamh agus conas a dhéanfar é sna cásanna seo a leanas:
Go háirithe, féadfaidh na húdaráis inniúla úsáid an mhodha a ndéantar foráil dó in Airteagal 22(7), (8) agus (9) de Threoir 2013/34/CEE a cheadú nó a éileamh. Ní hionann an modh sin a úsáid agus na gnóthais lena mbaineann a bheith ar áireamh faoin maoirseacht ar bhonn comhdhlúite. 7. I gcás ina bhfuil fochuideachta ag institiúid ar gnóthas é nach institiúid, institiúid airgeadais nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha an gnóthas sin, nó i gcás ina bhfuil rannpháirtíocht ag institiúid i ngnóthas den sórt sin, beidh feidhm ag an modh cothromais leis an bhfochuideachta sin nó leis an rannpháirtíocht sin. Mar sin féin, ní hionann an modh sin a úsáid agus na gnóthais lena mbaineann a bheith ar áireamh faoin maoirseacht ar bhonn comhdhlúite. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh údaráis inniúla a cheadú d'institiúidí nó a éileamh orthu modh éagsúil a chur i bhfeidhm ar fhochuideachtaí nó rannpháirtíochtaí den chineál sin, lena n-áirítear an modh a cheanglaítear faoin gcreat cuntasaíochta infheidhme, ar choinníoll go ndéanfar an méid a leanas:
8. Féadfaidh údaráis inniúla comhdhlúthú iomlán nó cionmhar a cheangal ar fhochuideachta nó ar ghnóthas ina bhfuil rannpháirtíocht ag institiúid i gcás nach institiúid, institiúid airgeadais nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha é agus i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
9. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na coinníollacha a shonrú ar dá réir a gcuirfear an comhdhlúthú i bhfeidhm sna cásanna dá dtagraítear i míreanna 3 go 6 agus mír 8. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2020. Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.”; |
|
(13) |
Cuirtear an tAirteagal seo a leanas in ionad Airteagal 22 “Airteagal 22 Fo-chomhdhlúthú i gcás eintitis i dtríú tíortha 1. Déanfaidh fo-institiúidí na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 89, 90 agus 91 agus i gCodanna a Trí, a Ceathair agus a Seacht agus na ceanglais ghaolmhara tuairiscithe a leagtar síos i gCuid a Seacht A a chur i bhfeidhm ar bhonn a gcáis fho-chomhdhlúite má tá institiúid nó institiúid airgeadais mar fhochuideachta i dtríú tír acu nó má tá rannpháirtíocht i ngnóthas den chineál sin ina seilbh. 2. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh fo-institiúidí a roghnú gan na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 89, 90 agus 91 agus i gCodanna a Trí, a Ceathair agus a Seacht agus na ceanglais ghaolmhara tuairiscithe a leagtar síos i gCuid a Seacht A a chur i bhfeidhm ar bhonn a gcáis fho-chomhdhlúite más lú ná 10 % de mhéid iomlán na sócmhainní agus na n-ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe atá ag an bhfo-institiúid méid iomlán na sócmhainní agus na n-ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe atá ag a bhfochuideachta agus ag a rannpháirtíochtaí sna tríú tíortha.”; |
|
(14) |
i gCuid a Dó, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: “ CISTÍ DÍLSE AGUS DLITEANAIS INCHÁILITHE ”; |
|
(15) |
in Airteagal 26, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. Déanfaidh na húdaráis inniúla meastóireacht ar a bhfuil na critéir a leagtar síos in Airteagal 28, nó, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 29 á gcomhlíonadh ag eisiúintí ionstraimí caipitil. Ní aicmeoidh na hinstitiúidí eisiúintí ionstraimí caipitil mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 ach amháin tar éis cead a fháil ó na húdaráis inniúla. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh na hinstitiúidí eisiúintí a dhéanfar ina dhiaidh sin i bhfoirm ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 dár tugadh cead don institiúid cheana féin, a aicmiú mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, ar choinníoll go gcomhlíontar ar dá choinníoll seo a leanas:
Rachaidh na húdaráis inniúla i gcomhairle le ÚBE sula dtabharfaidh siad an cead sin le haghaidh cineálacha nua ionstraimí caipitil a aicmiú mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1. Tabharfaidh na húdaráis inniúla aird chuí ar thuairim ÚBE agus, i gcás ina gcinnfidh siad imeacht uaithi, scríobhfaidh siad chuig ÚBE laistigh de thrí mhí ón dáta a bhfaighidh siad tuairim ÚBE, d'fhonn an réasúnaíocht ba bhun leis an imeacht sin uaithi a leagan amach. Níl feidhm ag an bhfomhír seo maidir leis na hionstraimí caipitil dá dtagraítear in Airteagal 31. Ar bhonn na faisnéise a bhailítear ó na húdaráis inniúla, déanfaidh ÚBE liosta d'fhoirmeacha uile ionstraimí caipitil a bhunú, a chothabháil agus a fhoilsiú i ngach Ballstát, ar ionstraimí iad a cháilíonn mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1. I gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, féadfaidh ÚBE aon fhaisnéis a bhailiú i ndáil le hionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 a mheasann sé is gá chun a bhunú go gcomhlíonfar na critéir a leagtar amach in Airteagal 28, nó i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 29 den Rialachán seo, agus d'fhonn an liosta dá dtagraítear san fhomhír seo a chothabháil agus a nuashonrú. I ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh de réir an phróisis a leagtar amach in Airteagal 80, agus i gcás ina bhfuil fianaise leordhóthanach nach gcomhlíonann na hionstraimí caipitil ábhartha na critéir a leagtar amach in Airteagal 28, nó, i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 29, nó gur scoir siad den chomhlíonadh sin, is ceadmhach do ÚBE a chinneadh gan na hionstraimí dá dtagraítear sa cheathrú fomhír a chur leis an liosta sin nó iad a bhaint den liosta, de réir an cháis. Tabharfaidh ÚBE fógra chun na críche sin ina dtagrófar freisin do sheasamh an údaráis inniúil ábhartha i leith an ábhair féin. Níl feidhm ag an bhfomhír seo maidir leis na hionstraimí caipitil dá dtagraítear in Airteagal 31.”; |
|
(16) |
leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:
|
|
(17) |
in Airteagal 33(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
|
|
(18) |
leasaítear Airteagal 36 mar a leanas:
|
|
(19) |
cuirtear an pointe seo a leanas le hAirteagal 37:
|
|
(20) |
in Airteagal 39(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití sa chéad fhomhír: “Beidh na sócmhainní cánach iarchurtha nach bhfuil ag brath ar bhrabúsacht todhchaí teoranta do shócmhainní cánach iarchurtha a cruthaíodh roimh 23 Samhain 2016 agus a eascraíonn as difríochtaí sealadacha, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:”; |
|
(21) |
in Airteagal 45, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(i):
|
|
(22) |
leasaítear Airteagal 49 mar a leanas:
|
|
(23) |
leasaítear Airteagal 52(1) mar a leanas:
|
|
(24) |
cuirtear an pointe seo a leanas le hAirteagal 54(1):
|
|
(25) |
in Airteagal 59, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(i):
|
|
(26) |
in Airteagal 62, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
|
(27) |
leasaítear Airteagal 63 mar a leanas:
|
|
(28) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 64: “Airteagal 64 Ionstraimí de Chaipiteal Leibhéal 2 a amúchadh 1. Measfar gur ítimí Leibhéal 2 méid iomlán ionstraimí Leibhéal 2 ag a bhfuil aibíocht iarmhair os cionn cúig bliana. 2. Déantar an méid a cháilíonn ionstraimí Leibhéal 2 mar ítimí Leibhéal 2 sna cúig bliana deireanacha d'aibíocht na n-ionstraimí a ríomh tríd an toradh a dhíorthaítear ón ríomh dá dtagraítear i bpointe (a) a iolrú faoin méid dá dtagraítear i bpointe (b) mar seo a leanas:
|
|
(29) |
in Airteagal 66, cuirtear an pointe seo a leanas leis:
|
|
(30) |
in Airteagal 69, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(i):
|
|
(31) |
cuirtear an Chaibidil seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 72: “ CAIBIDIL 5a Dliteanais incháilithe
Airteagal 72a Ítimí dliteanas incháilithe 1. Is iad na nithe seo a leanas a bheidh ina n-ítimí dliteanas incháilithe, mura bhfuil siad in aon cheann de na catagóirí de dhliteanais eisiata a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo, agus a mhéid a shonraítear in Airteagal 72c:
2. Eisiafar na dliteanais seo a leanas ó ítimí dliteanas incháilithe:
Chun críocha phointe (l) den chéad fhomhír, ionstraimí fiachais ina bhfuil roghanna ar luathfhuascailt is féidir a fheidhmiú de réir rogha an eisitheora nó an tsealbhóra, agus ionstraimí fiachais ag a bhfuil ús athraitheach a dhíorthaítear ó ráta tagartha a úsáidtear go leitheadach amhail Euribor nó Libor, ní mheasfar gur ionstraimí fiachais ag a bhfuil díorthaigh leabaithe iad ar bhonn gnéithe den sórt sin amháin. Airteagal 72b Ionstraimí dliteanas incháilithe 1. Cáileoidh dliteanais mar ionstraimí dliteanas incháilithe ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo agus a mhéid a shonraítear san Airteagal seo. 2. Cáileoidh dliteanais mar ionstraimí dliteanas incháilithe ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas uile:
Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, ní bheidh ach na codanna sin de na dliteanais atá íoctha go hiomlán i dteideal a gcáilithe mar ionstraimí dliteanais incháilithe. Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír den Airteagal seo, i gcás ina bhfuil roinnt de na dliteanais eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) fo-ordaithe maidir le gnáthéilimh neamhurraithe faoin dlí dócmhainneachta náisiúnta, ar an ábhar, inter alia, go bhfuil siad á sealbhú ag creidiúnaí a bhfuil dlúthnaisc aige leis an bhféichiúnaí, go bhfuil, nó go raibh, an creidiúnaí ina scairshealbhóir, i ngaolmhaireacht rialaithe nó grúpa, gur comhalta den chomhlacht bainistíochta an creidiúnaí nó go bhfuil an creidiúnaí bainteach le haon duine de na daoine sin, ní dhéanfar an fo-ordú a mheas trí thagairt d'éilimh a éiríonn as dliteanais eisiata den sórt sin. 3. Le cois na ndliteanas dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an t-údarás réitigh ligean do dhliteanais a bheith incháilithe mar ionstraimí dliteanas go dtí méid comhiomlán nach mó ná 3,5 % de mhéid iomlán na risíochta ar phriacal arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) agus (4), ar choinníoll:
4. Féadfaidh an t-údarás réitigh ligean do dhliteanais a bheith incháilithe mar ionstraimí dliteanais incháilithe sa bhreis ar na dliteanais dá dtagraítear i mír 2 ar choinníoll go ndéantar an méid a leanas:
5. Ní fhéadfaidh údarás réitigh a cheadú d'institiúid ach na dliteanais sin dá dtagraítear i mír 3 nó 4, agus iad sin amháin, a áireamh mar ítimí dliteanas incháilithe. 6. Rachaidh an t-údarás réitigh i gcomhairle leis an údarás inniúil agus é ag déanamh scrúdú féachaint an bhfuil coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo comhlíonta. 7. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
Déanfar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a ailíniú go hiomlán leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 28(5) agus i bpointe (a) d'Airteagal 52(2). Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Nollaig 2019. Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Airteagal 72c Ionstraimí dliteanas incháilithe a amúchadh 1. Ionstraimí dliteanas incháilithe ag a bhfuil aibíocht iarmhair bliana amháin ar a laghad, cáileoidh siad go hiomlán mar ítimí dliteanas incháilithe. Ionstraimí dliteanas incháilithe ag a bhfuil aibíocht iarmhair faoi bhun bliain amháin, ní cháileoidh siad go mar ítimí dliteanas incháilithe. 2. Chun críocha mhír 1, i gcás ina gcuimsíonn ionstraim dliteanas incháilithe rogha fuascailte don sealbhóir is infheidhmithe roimh thráth aibíochta na hionstraime mar a sonraíodh é ar dtús, saineofar tráth aibíocht na hionstraime mar an dáta is luaithe is féidir leis an sealbhóir an rogha fuascailte a fheidhmiú agus fuascailt nó aisíoc na hionstraime a iarraidh. 3. Chun críocha mhír 1, má chuimsíonn ionstraim dliteanas incháilithe dreasacht don eisitheoir an ionstraim a cheannach, a fhuascailt, a athcheannach nó a aisíoc roimh thráth aibíochta na hionstraime mar a sonraíodh é ar dtús, saineofar tráth aibíocht na hionstraime mar an dáta is luaithe is féidir leis an eisitheoir an rogha sin a fheidhmiú agus fuascailt nó aisíoc na hionstraime a iarraidh. 4. Chun críocha mhír 1, má chuimsíonn ionstraim dliteanas incháilithe luathroghanna ar fhuascailt is infheidhmithe de réir lánrogha iomlán an eisitheora roimh thráth aibíochta na hionstraime mar a sonraíodh é ar dtús, ach nach gcuimsíonn na forálacha lena rialaítear an ionstraim dreasacht ar bith an ionstraim a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach roimh thráth a haibíochta agus nach gcuimsíonn siad rogha ar bith fuascailte nó aisíoctha de réir lánrogha na sealbhóirí, saineofar tráth aibíochta na hionstraime mar an tráth aibíochta a sonraíodh ar dtús. Airteagal 72d Na hiarmhairtí le deireadh a bheith le comhlíonadh na gcoinníollacha incháilitheachta Más rud é, i gcás ionstraim dliteanas incháilithe, gur stadadh de chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 72b, stadfaidh na dliteanais láithreach de cháiliú mar ionstraimí dliteanas incháilithe. Féadfar glacadh le dliteanais dá dtagraítear in Airteagal 72b(2) mar ionstraimí dliteanas incháilithe ar choinníoll go gcáilíonn siad mar ionstraimí dliteanas incháilithe faoi Airteagal 72b(3) nó (4).
Airteagal 72e Asbhaintí as ítimí dliteanas incháilithe 1. Asbhainfidh institiúidí atá faoi réir Airteagal 92a an méid seo a leanas as ítimí dliteanas incháilithe:
2. Chun críocha na Roinne seo, láimhseálfar na hionstraimí uile a rangaítear pari passu le hionstraimí dliteanas incháilithe mar ionstraimí dliteanas incháilithe, cé is moite d'ionstraimí a rangaítear pari passu le hionstraimí a aithnítear mar ionstraimí dliteanas incháilithe de bhun Airteagal 72b(3) agus (4). 3. Chun críocha na Roinne seo, féadfaidh institiúidí méid sealúchas na n-ionstraimí dliteanas incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 72b(3) a ríomh mar a leanas:
nuair:
4. I gcás ina bhfuil sealúchais dhíreacha, indíreacha nó shintéiseacha ar ionstraimí cistí dílse nó ar ionstraimí dliteanas incháilithe ó fhochuideachta amháin nó níos mó nach bhfuil in aon ghrúpa réitigh amháin léi ag máthairinstitiúid AE nó máthairinstitiúid i mBallstát atá faoi réir Airteagal 92a, féadfaidh sí, tar éis di barúil údaráis réitigh aon fhochuideachtaí lena mbaineann a thabhairt ar aird mar ba chuí, cead a thabhairt don mháthairchuideachta na sealúchais sin a asbhaint, trí mhéid níos lú arna shonrú ag údarás réitigh na máthairchuideachta sin a asbhaint. Beidh an méid coigeartaithe sin ar a laghad cothrom leis an méid (m) a ríomhfar mar a leanas:
I gcás ina bhfuil cead ag an máthairinstitiúid an méid coigeartaithe a asbhaint i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, asbhainfidh an fhochuideachta an difríocht idir méid shealúchas na n-ionstraimí cistí dílse agus na n-ionstraimí dliteanas incháilithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus an méid coigeartaithe sin. Airteagal 72f Sealúchais ionstraimí dílse dliteanas incháilithe a asbhaint Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 72e(1), ríomhfaidh institiúidí sealúchais ar bhonn ollsuíomhanna fada faoi réir na n-eisceachtaí seo a leanas:
Airteagal 72g Bunachar asbhainte le haghaidh ítimí dliteanas incháilithe Chun críocha phointe (b), phointe (c) agus phointe (d) d'Airteagal 723(1), asbhainfidh institiúidí na hollsuíomhanna fada faoi réir na n-eisceachtaí a leagtar síos in Airteagal 72h agus 72i. Airteagal 72h Sealúchais de dhliteanais incháilithe de chuid eintitis G-SII eile a asbhaint Institiúidí nach bhfuil ag úsáid na heisceachta a leagtar síos in Airteagal 72j, déanfaidh siad na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) d'Airteagal 72e(1) i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
Airteagal 72i Dliteanais incháilithe a asbhaint i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid in eintitis G-SII 1. Chun críocha phointe (c) d'Airteagal 72e(1), ríomhfaidh institiúidí an méid is infheidhme a asbhainfear tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin bhfachtóir a díorthaíodh ón ríomh dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo:
2. Déanfaidh institiúidí suíomhanna frithgheallta arna sealbhú ar feadh cúig lá gnó nó níos lú a eisiamh ón méid dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 agus ó ríomh an fhachtóra i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1. 3. Dáilfear an méid atá le hasbhaint de bhun mhír 1 ar gach ionstraim dliteanas incháilithe de chuid eintiteas G-SII. Déanfaidh institiúidí méid gach ionstraime dliteanas incháilithe a asbhaintear de bhun mhír 1 a chinneadh tríd an méid a shonraítear i bpointe (a) a mhéadú faoin gcion a shonraítear i bpointe (b) den mhír seo:
4. Ní asbhainfear méid na sealúchas dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 72e(1) atá cothrom le nó níos lú ná 10 % d'ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid tar éis na forálacha leagtar síos i bpointí (a)(i), (a)(ii) agus (a)(iii) de mhír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm agus beidh siad faoi réir na n-ualuithe priacail is infheidhme i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus na gceanglas a leagtar síos i dTeideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme. 5. Déanfaidh institiúidí méid gach ionstraime dliteanas incháilithe atá priacal-ualaithe de bhun mhír 1 a chinneadh tríd an méid sealúchas a cheanglaítear a bheith priacal-ualaithe i bpointe (a) a mhéadú faoin gcion a thiocfaidh as an ríomh a shonraítear i bpointe (b) de mhír 3. Airteagal 72j Díolmhú leabhair trádála ó asbhaintí as ítimí dliteanas incháilithe 1. Féadfaidh institiúidí cinneadh a dhéanamh gan cuid ainmnithe dá sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha ar ionstraimí dliteanas incháilithe, atá, ina méid comhiomlán agus arna thomhas ar bhonn comhlán fada, cothrom le nó níos lú ná 5 % d'ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 de chuid na hinstitiúide tar éis dóibh Airteagail 32 go 36, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:
2. Beidh méideanna na n-ítimí nár asbhaineadh de bhun mhír 1 faoi réir ceanglais cistí dílse maidir le hítimí sa leabhar trádála. 3. Más rud é, i gcás sealúchais nár asbhaineadh i gcomhréir le mír 1, nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa mhír sin a thuilleadh, asbhainfear na sealúchais i gcomhréir le hAirteagal 72g gan na heisceachtaí a leagtar síos in Airteagail 72h agus 72i a chur i bhfeidhm.
Airteagal 72k Ionstraimí dliteanas incháilithe Is éard a bheidh i ndliteanais incháilithe institiúide, ítimí dliteanais incháilithe na hinstitiúide tar éis na n-asbhaintí dá dtagraítear in Airteagal 72e. Airteagal 72l Cistí dílse agus dliteanais incháilithe Is éard a bheidh i gcistí dílse agus dliteanais incháilithe, suim a cistí dílse agus a dliteanais incháilithe. (*11) Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149)." (*12) Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús (IO L 166, 11.6.1998, lch. 45).” " |
|
(32) |
i dTeideal I de Chuid a Dó, cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil 6: “ Ceanglais ghinearálta maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe ”; |
|
(33) |
leasaítear Airteagal 73 mar a leanas:
|
|
(34) |
in Airteagal 75 cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití: “Measfar go gcomhlíontar na ceanglais aibíochta i ndáil le suíomhanna gearra dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 45(a), pointe (a) d'Airteagal 59, pointe (a) d'Airteagal 69 agus pointe (a) d'Airteagal 72h maidir le suíomhanna a thógtar nuair a chomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas go léir:”; |
|
(35) |
in Airteagal 76, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 1, mhír 2 agus mhír 3: “1. Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 42, phointe (a) d'Airteagal 45, phointe (a) d'Airteagal 57, phointe (a) d'Airteagal 59, phointe (a) d'Airteagal 67, phointe (a) d'Airteagal 69 agus phointe (a) d'Airteagal 72h, féadfaidh institiúidí méid suímh fhada in ionstraim chaipitil a laghdú le cion innéacs atá comhdhéanta den risíocht fholuiteach chéanna atá á fálú, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
2. Féadfaidh institiúid, i gcás inar dheonaigh an t-údarás inniúil réamhchead, meastachán coimeádach a úsáid ar risíocht fholuiteach na hinstitiúide ar ionstraimí a áirítear sna hinnéacsanna mar rogha eile ar institiúid a bheith ag ríomh na risíochta atá aici ar na hítimí dá dtagraítear i gceann amháin nó níos mó de na pointí seo a leanas:
3. Ní thabharfaidh údaráis inniúla an réamhchead dá dtagraítear i mír 2 ach amháin nuair atá sé léirithe ag an institiúid chun sástacht na n-údarás inniúil go gcuirfeadh sé ualach rómhór ar an institiúid faireachán a dhéanamh ar a risíocht fholuiteach ar na hítimí dá dtagraítear i gceann amháin nó níos mó de phointí mhír 2, de réir mar is infheidhme.”; |
|
(36) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 77: “Airteagal 77 Coinníollacha maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a laghdú 1. Gheobhaidh institiúid réamhchead ón údarás inniúil chun aon cheann acu seo a leanas a dhéanamh:
2. Gheobhaidh institiúid réamhchead ón údarás réitigh ceannach, fuascailt, aisíoc nó athcheannach ionstraimí dliteanas incháilithe nach gcumhdaítear faoi mhír 1 a chur i gcrích, roimh dháta a n-aibíochta conarthaí.”; |
|
(37) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 78: “Airteagal 78 Cead maoirseachta chun cistí dílse a laghdú 1. Tabharfaidh an t-údarás inniúil cead d'institiúid chun ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 Breise nó Leibhéal 2 a laghdú, a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc, nó a athcheannach, nó na cuntais scairbhisigh ghaolmhara a laghdú, a dháileadh nó a athaicmiú, i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
Má thugann institiúid ráthaíochtaí leordhóthanacha maidir lena cumas oibriú le cístí dílse os cionn na méideanna a cheanglaítear sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE, féadfaidh an t-údarás inniúil réamhchead ginearálta a thabhairt don institiúid sin aon cheann de na gníomhartha a leagtar síos in Airteagal 77(1) den Rialachán seo a dhéanamh, faoi réir critéir lena n-áiritheofar go mbeidh aon ghníomh den sórt sin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den mhír seo. Ní thabharfar an réamhchead ginearálta sin ach le haghaidh tréimhse sonrach nach mó ná bliain amháin, agus féadfar é a athnuachan tar a éis sin. Tabharfar an réamhchead ginearálta le haghaidh méid áirithe réamhchinnte a shocróidh an t-údarás inniúil. I gcás ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, ní sháróidh an méid réamhchinnte sin 3 % den aschur ábhartha agus ní sháróidh sé 10 % den mhéid a sháraíonn caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 suim na gceanglas maidir maidir le caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 a leagtar amach sa Rialachán seo, i dTreoir 2013/36/AE agus i dTreoir 2014/59/AE le corrlach a mheasann an t-údarás inniúil atá riachtanach. I gcás ionstraimí Leibhéal 1 Breise nó Leibhéal 2, ní sháróidh an méid réamhchinnte sin 10 % den aschur ábhartha agus ní sháróidh sé 3 % de mhéid iomlán ionstraimí Leibhéal 1 Breise nó Leibhéal 2 gan íoc, de réir mar is infheidhme. Aistarraingeoidh na húdaráis inniúla an réamhchead ginearálta má sháraíonn institiúid aon cheann de na critéir a tugadh chun críocha an cheada sin. 2. Agus inbhuanaitheacht na n-ionstraimí athsholáthair d'inniúlacht ioncaim na hinstitiúide dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 á measúnú, measfaidh na húdaráis inniúla a mhéid a mbeadh na hionstraimí athsholáthair chaipitil sin níos costasaí don institiúid ná na hionstraimí caipitil nó na cuntais scairbhisigh a mbeidís ag gabháil ina n-ionad. 3. I gcás ina ndéanfaidh institiúid beart dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 77(1) agus go dtoirmiscfear de réir an dlí náisiúnta is infheidhme diúltú d'ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagal 27 a fhuascailt, féadfaidh an t-údarás inniúil na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a tharscaoileadh ar an gcoinníoll go gceanglóidh an t-údarás inniúil ar an institiúid teorainn a chur le fuascailt na n-ionstraimí sin ar bhonn iomchuí. 4. Féadfaidh na húdaráis inniúla cead a thabhairt d'institiúidí ionstraimí Leibhéal 1 Breise nó Leibhéal 2 nó cuntais scairbhisigh ghaolmhara a cheannach, a fhuascailt, a athcheannach nó a aisíoc le linn na gcúig bliana tar éis a ndáta eisiúna má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 agus ceann de na coinníollacha seo a leanas:
5. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013. Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.”; |
|
(38) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 78a Cead ionstraimí dliteanas incháilithe a laghdú 1. Tabharfaidh an t-údarás réitigh cead d'institiúid ionstraimí dliteanas incháilithe a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach i gcás ina gcomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas:
Má thugann institiúid ráthaíochtaí leordhóthanacha maidir lena cumas oibriú le cístí dílse agus le dliteanais incháilithe os cionn mhéid na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo agus i dTreoracha 2013/36/AE agus 2014/59/AE, féadfaidh an t-údarás réitigh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, réamhchead ginearálta a thabhairt don institiúid sin ceannach, fuascailt, aisíoc nó athcheannach ionstraimí dliteanas incháilithe a dhéanamh, faoi réir critéir lena n-áiritheofar go mbeidh aon ghníomh den sórt sin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den mhír seo. Ní thabharfar an réamhchead ginearálta sin ach le haghaidh tréimhse sonrach nach mó ná bliain amháin, agus féadfar é a athnuachan tar a éis sin. Tabharfar an réamhchead ginearálta le haghaidh méid áirithe réamhchinnte a shocróidh an t-údarás réitigh. Cuirfidh na húdaráis réitigh na húdaráis inniúla ar an eolas faoi aon réamhchead ginearálta a tugadh. Aistarraingeoidh an t-údarás réitigh an réamhchead ginearálta má sháraíonn institiúid aon cheann de na critéir a tugadh chun críocha an cheada sin. 2. Agus inbhuanaitheacht na n-ionstraimí athsholáthair d'inniúlacht ioncaim na hinstitiúide dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 á measúnú, measfaidh na húdaráis réitigh a mhéid a mbeadh na hionstraimí athsholáthair chaipitil sin agus na dliteanais athsholáthair incháilithe sin níos costasaí don institiúid ná iad siúd a mbeidís ag gabháil ina n-ionad. 3. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír den mhír seo, déanfar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a ailíniú go hiomlán leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 78. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Nollaig 2019. Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.”; |
|
(39) |
leasaítear Airteagal 79 mar a leanas:
|
|
(40) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 79a Measúnú ar chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe Is ar ghnéithe substaintiúla na n-ionstraimí agus ní ar a bhfoirm dhlíthiúil amháin a thabharfaidh na hinstitiúidí aird agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos i gCuid a Dó. Áireofar sa mheasúnú ar ghnéithe substaintiúla ionstraime na socruithe go léir a bhaineann leis na hionstraimí, fiú i gcás socruithe nach leagtar amach go sainráite i dtéarmaí agus i gcoinníollacha na n-ionstraimí féin, d'fhonn a chinneadh an gcomhlíontar cuspóir na bhforálacha ábhartha le héifeachtaí comhcheangailte eacnamaíocha na socruithe sin.”; |
|
(41) |
leasaítear Airteagal 80 mar a leanas:
|
|
(42) |
in Airteagal 81, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Is leasanna mionlaigh iad suim na n-ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 de chuid fochuideachta, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
|
|
(43) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 82: “Airteagal 82 Caipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1, caipiteal Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 agus cistí dílse cáilitheacha Is é a bheidh i gcaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 Breise, Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 agus i gcistí dílse cáilitheacha, an leas mionlaigh, ionstraimí Leibhéal 1 Breise, Leibhéal 1 nó Leibhéal 2, de réir mar is infheidhme, móide an tuilleamh coimeádta gaolmhar agus cuntais scairbhisigh, de chuid fochuideachta, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
|
|
(44) |
in Airteagal 83(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití: “1. Go dtí an 31 Nollaig 2021, níl ionstraimí Leibhéal 1 Breise agus Leibhéal 2 arna n-eisiúint ag eintiteas sainchuspóireach, agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara ar áireamh i gcaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 Breise nó i Leibhéal 1 nó Leibhéal 2 nó i gcistí dílse cáilitheacha, de réir mar is infheidhme, ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:”; |
|
(45) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 88a Ionstraimí dliteanas cáilitheacha incháilithe Maidir le dliteanais a eiseoidh fochuideachta atá bunaithe san Aontas ar cuid den ghrúpa réitigh céanna í leis an eintiteas réitigh, beidh siad cáilithe a áireamh i measc ionstraimí dliteanas incháilithe chomhdhlúthaithe institiúide faoi réir Airteagal 92a ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
|
|
(46) |
leasaítear Airteagal 92 mar a leanas:
|
|
(47) |
cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach: “Airteagal 92a Ceanglais ar G-SIInna maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe 1. Faoi réir Airteagail 93 agus 94 agus na n-eisceachtaí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, comhlíonfaidh na hinstitiúidí a shainaithnítear mar eintitis réitigh agus ar G-SII iad nó ar cuid de G-SII iad na ceanglais seo a leanas i gcónaí maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe:
2. Ní bheidh feidhm leis na ceanglais a leagtar síos i mír 1 sna cásanna seo a leanas:
3. I gcás ina sáróidh an comhiomlán a thiocfaidh as cur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar síos i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo ar gach eintiteas réitigh den G-SII céanna an ceanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 12a den Rialachán seo, féadfaidh údarás réitigh mháthairinstitiúid AE, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis réitigh ábhartha eile, gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 45d(4) nó 45h(1) de Threoir 2014/59/AE. Airteagal 92a Ceanglais ar G-SIInna neamh-AE maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe 1. Comhlíonfaidh institiúidí ar fochuideachtaí ábhartha iad de G-SIInna neamh-AE agus nach eintitis réitigh iad ceanglais i gcónaí maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe ar comhionann iad agus 90 % de na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a leagtar síos in Airteagal 92a. 2. Ar mhaithe le mír 1 a chomhlíonadh, ní chuirfear ionstraimí breise Leibhéal 1, Leibhéal 2 agus ionstraimí dliteanas incháilithe san áireamh ach i gcás gur le máthairghnóthas deiridh G-SII neamh-AE iad agus gur eisíodh iad, go díreach nó go hindíreach, trí eintitis eile sa ghrúpa céanna, ar choinníoll go bhfuil na heintitis sin go léir bunaithe sa tríú tír céanna is atá an máthairghnóthas deiridh nó i mBallstát. 3. Ní chuirfear aon ionstraim dliteanas incháilithe san áireamh chun mír 1 a chomhlíonadh ach amháin i gcás ina gcomhlíonfaidh sí gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
|
|
(48) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 94: “Airteagal 94 Maolú do ghnó beag a bhaineann leis an leabhar trádála 1. De mhaolú ar phointe (b) d'Airteagal 92(3), féadfaidh institiúidí an ceanglas maidir le cistí dílse a ngnó a bhaineann leis an leabhar trádála a ríomh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo ar choinníoll gur lú méid gnó na n-institiúidí a bhaineann leis an leabhar trádála laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe ná an dá thairseach seo a leanas, nó go mbeidh siad cothrom leo, ar bhonn measúnú a dhéanfar orthu go míosúil agus na sonraí ón lá deireanach den mhí á n-úsáid:
2. I gcás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) de mhír 1, féadfaidh institiúidí an ceanglas maidir le cistí dílse a ngnó a bhaineann leis an leabhar trádála a ríomh mar seo a leanas:
3. Déanfaidh institiúidí méid an ghnó leabhair trádála atá acu laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe a ríomh bunaithe ar shonraí ón lá deireanach de gach mí chun críocha mhír 1 i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:
4. I gcás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 den Airteagal seo, beag beann ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 74 agus 83 de Threoir 2013/36/AE, ní bheidh feidhm ag Airteagal 102(3) agus (4) ná ag Airteagail 103 ná 104b den Rialachán seo. 5. Tabharfaidh institiúidí fógra do na húdaráis inniúla nuair a ríomhfaidh siad ceanglais cistí dílse á ngnó a bhaineann leis an leabhar trádála, nó nuair a scoirfidh siad dá ríomh, i gcomhréir le mír 2. 6. Institiúid nach gcomhlíonfaidh a thuilleadh ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 tabharfaidh sí fógra ina leith don údarás inniúil gan mhoill. 7. Scoirfidh institiúid de cheanglais cistí dílse a gnó a bhaineann leis an leabhar trádála a ríomh i gcomhréir le mír 2 laistigh de thrí mhí tar éis do cheann amháin de na cásanna seo a leanas tarlú:
8. I gcás inar scoir institiúid de cheanglais cistí dílse a gnó a bhaineann leis an leabhar trádála atá aici a ríomh i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní cheadófar di ceanglais cistí dílse a gnó a bhaineann leis an leabhar trádála a ríomh i gcomhréir leis an Airteagal seo ach amháin i gcás ina léireoidh sí don údarás inniúil gur comhlíonadh na coinníollacha go léir a leagtar amach i mír 1 ar feadh bliain iomlán gan bhriseadh. 9. Ní thiocfaidh institiúidí i suíomh leabhair trádála ná ní dhéanfaidh sí suíomh leabhair trádála a cheannach ná a dhíol nach mbeidh de chríoch acu ach aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 a chomhlíonadh i rith an mheasúnaithe mhíosúil.”; |
|
(49) |
i dTeideal 1 de Chuid 3, scriostar Caibidil 2; |
|
(50) |
leasaítear Airteagal 102 mar a leanas:
|
|
(51) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 103: “Airteagal 103 An leabhar trádála a bhainistiú 1. Beidh beartais agus nósanna imeachta a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag institiúidí maidir le bainistiú foriomlán an leabhair trádála. Rachaidh na beartais agus na nósanna imeachta sin i ngleic leis na nithe seo a leanas ar a laghad:
2. Agus í ag bainistiú a cuid suíomhanna nó a punanna suíomhanna sa leabhar trádála, comhlíonfaidh an institiúid na ceanglais seo a leanas ar fad:
|
|
(52) |
in Airteagal 104, scriostar mír 2; |
|
(53) |
cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach: “Airteagal 104a Suíomh a athaicmiú 1. Beidh beartais a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag institiúidí chun na himthosca eisceachtúla sin a shainaithint a bhfuil údar cuí leo suíomh leabhair trádála a athaicmiú mar shuíomh leabhair neamhthrádála nó, os a choinne sin, suíomh leabhair neamhthrádála a athaicmiú ina shuíomh leabhair trádála chun na ceanglais cistí dílse a chinneadh chun sástacht na n-údarás inniúil. Déanfaidh na hinstitiúidí athbhreithniú ar na beartais sin ar bhonn bliantúil ar a laghad. Déanfaidh ÚBE faireachán ar réimse na gcleachtas maoirseachta agus eiseoidh sé treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 faoin 28 Meitheamh 2024 faoin mbrí atá le himthosca eisceachtúla chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo. Go dtí go n-eiseoidh ÚBE na treoirlínte sin, cuirfidh údaráis inniúla ÚBE ar an eolas faoina gcinntí maidir le cibé an dtabharfaidh siad cead d'institiúid a suíomh a athaicmiú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, agus an réasúnaíocht a bheidh leis. 2. Ní thabharfaidh údaráis inniúla a gcead suíomh leabhair trádála a athaicmiú ina shuíomh leabhair trádála nó, os a choinne sin, suíomh leabhair neamhthrádála a athaicmiú ina shuíomh leabhair trádála chun críche ceanglais cistí dílse a chinneadh ach amháin i gcás inar sholáthair an institiúid fianaise i scríbhinn do na húdaráis inniúla go bhfuil a cinneadh chun an suíomh sin a athaicmiú bunaithe ar imthoisc eisceachtúil atá comhsheasmhach leis na beartais a leagfaidh an institiúid amach i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Chun na críche sin, soláthróidh an institiúid fianaise leordhóthanach nach gcomhlíonann an suíomh an coinníoll gur cheart an suíomh a aicmiú mar shuíomh leabhair trádála nó mar shuíomh leabhair neamhthrádála de bhun Airteagal 104. Déanfaidh comhlacht bainistíochta na hinstitiúide an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhormheas. 3. I gcás inar thug údarás inniúil an cead suíomh leabhair trádála a athaicmiú i gcomhréir le mír 2, déanfaidh an institiúid a fuair an cead an méid seo a leanas:
4. Ríomhfaidh an institiúid an glanathrú ar mhéid a ceanglas cistí dílse de bharr an suíomh a athaicmiú mar an difríocht idir an ceanglas cistí dílse díreach tar éis an athaicmithe agus na ceanglais cistí dílse díreach roimh an athaicmiú, agus iad araon á ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92. Ní chuirfear tosca ar bith eile san áireamh sa ríomh seachas an t-athaicmiú. 5. Ní fhéadfar athaicmiú suímh a rinneadh i gcomhréir leis an Airteagal seo a chúlghairm. Airteagal 104b Ceanglais le haghaidh na deisce trádála 1. Chun críocha na gceanglas tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 430b(3), bunóidh institiúidí deasca trádála agus sannfaidh siad gach suíomh leabhair trádála acu do cheann de na deasca trádála sin. Ní shannfar suíomhanna leabhair trádála don deasc trádála chéanna ach amháin i gcás ina gcomhlíonfaidh siad an straitéis ghnó a comhaontaíodh le haghaidh na deisce trádála agus i gcás ina ndéanfar bainistiú agus faireachán go comhsheasmhach orthu i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo. 2. Comhlíonfaidh deasca trádála na n-institiúidí na ceanglais seo a leanas i gcónaí:
3. De mhaolú ar phointe (b) de mhír 2, féadfaidh institiúid déileálaí a shannadh do níos mó ná aon deasc trádála amháin ar choinníoll go léiríonn an institiúid, chun sástachta a údaráis inniúil, go ndearnadh an sannadh de bharr cúinsí gnó nó acmhainní eile agus go gcaomhnóidh an sannadh na ceanglais cháilíochtúla eile a leagtar amach san Airteagail seo is infheidhme i ndáil le déileálaithe agus le deasca trádála. 4. Tabharfaidh na hinstitiúidí fógra do na húdaráis inniúla faoin gcaoi a gcomhlíonfaidh siad mír 2. Féadfaidh na húdaráis inniúla a chur de cheangal ar institiúid struchtúr nó eagrú a deasc trádála a athrú le go mbeidh siad i gcomhréir leis an Airteagal seo.”; |
|
(54) |
leasaítear Airteagal 105 mar a leanas:
|
|
(55) |
leasaítear Airteagal 106 mar a leanas:
|
|
(56) |
in Airteagal 107, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. Chun críocha an Rialacháin seo, láimhseálfar risíochtaí ar ghnólacht infheistíochta tríú tír, risíochtaí ar institiúid chreidmheasa tríú tír agus risíochtaí ar mhalartán tríú tír mar risíochtaí ar institiúid i gcás ina gcuirfidh an tríú tír ceanglais stuamachta agus mhaoirseachta bhfeidhm ar an eintiteas sin, ar ceanglais iad atá ar a laghad coibhéiseach leo siúd a chuirtear i bhfeidhm san Aontas, agus sa chás sin amháin.”; |
|
(57) |
in Airteagal 117, leasaítear mír 2 mar a leanas:
|
|
(58) |
in Airteagal 118, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
|
(59) |
in Airteagal 123, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “Risíochtaí i ngeall ar iasachtaí arna ndeonú ag institiúid chreidmheasa do phinsinéirí nó d'fhostaithe a bhfuil conradh buan in aghaidh aistriú neamhchoinníollach cuid de phinsean nó de thuarastal an iasachtaí chuig an institiúid chreidmheasa sin, sannfar ualú priacail 35 % dóibh, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha ar fad seo a leanas:
|
|
(60) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 124: “Airteagal 124 Risíochtaí arna n-urrú le morgáistí ar mhaoin dhochorraithe 1. I gcás risíocht nó aon chuid de risíocht atá urraithe go hiomlán le morgáiste ar mhaoin dhochorraithe, déanfar ualú priacail cothrom le 100 % a shannadh di, i gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 125 nó Airteagal 126, cé is moite d'aon chuid den risíocht atá sannta d'aicme risíochta eile. Déanfar an t-ualú priacail is infheidhme maidir le risíochtaí gan urrús an chontrapháirtí lena mbaineann a shannadh don chuid den risíocht lena sáraítear luach morgáiste na maoine dochorraithe. Ní bheidh an chuid sin de risíocht a láimhseáiltear mar risíocht atá urraithe go hiomlán le maoin dhochorraithe níos mó ná an méid atá curtha i ngeall den mhargadhluach nó, sna Ballstáit sin a bhfuil critéir dhiana leagtha síos acu i bhforálacha reachtúla nó rialála chun measúnú a dhéanamh ar an luach iasachta morgáiste, luach iasachta morgáiste na maoine dochorraithe atá i gceist. 1a. Ainmneoidh na Ballstáit údarás a bheidh freagrach as mír 2 a chur i bhfeidhm. Is é an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe a bheidh san údarás sin a ainmneofar. I gcás inarb é an t-údarás inniúil an t-údarás arna ainmniú ag an mBallstát chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, áiritheoidh sé go gcuirfear na comhlachtaí agus údaráis ábhartha náisiúnta ag a bhfuil sainordú macrastuamachta ar an eolas go cuí maidir le rún an údaráis inniúil úsáid a bhaint as an Airteagal seo, agus go mbeidh siad rannpháirteach go hiomchuí i measúnú na n-ábhar imní maidir le cobhsaíocht airgeadais ina Bhallstát i gcomhréir le mír 2. I gcás nach é an t-údarás inniúil an t-údarás arna ainmniú ag an mBallstát chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, glacfaidh an Ballstát na forálacha is gá chun comhordú agus malartú cuí faisnéise idir an t-údarás inniúil agus an t-údarás ainmnithe a áirithiú le go gcuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm go cuí. Go háirithe, ceanglófar ar údaráis comhoibriú go dlúth agus an fhaisnéis ar fad a chomhroinnt a d'fhéadfadh a bheith riachtanach chun go ndéanfaidh siad go leordhóthanach na dualgais a fhorchuirtear ar an údarás ainmnithe de bhun an Airteagail seo. Beidh sé d'aidhm leis an gcomhar sin aon chineál gníomhaíochta dúbailtí nó neamh-chomhsheasmhaí idir an t-údarás inniúil agus an t-údarás ainmnithe a sheachaint, agus a áirithiú go gcuirfear san áireamh go cuí aon idirghníomhaíocht le bearta eile, go háirithe na bearta arna nglacadh faoi Airteagal 458 den Rialachán seo agus faoi Airteagal 133 de Threoir 2013/36/AE. 2. Bunaithe ar na sonraí a bailíodh faoi Airteagal 430a, agus ar aon táscairí ábhartha eile, déanfaidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo measúnú, go tréimhsiúil, agus go bliantúil ar a laghad, an bhfuil an t-ualú priacail 35 % oiriúnach i gcás risíochtaí ar dheighleog amháin maoine nó níos mó atá urraithe le morgáistí ar mhaoin chónaithe dá dtagraítear in Airteagal 125 atá suite i gcuid amháin nó i gcodanna de chríoch Bhallstáit an údaráis ábhartha agus an bhfuil an t-ualú priacail 50 % i gcás oiriúnach risíochtaí atá urraithe ag morgáistí ar mhaoin tráchtála dhochorraithe dá dtagraítear in Airteagal 126 atá suite i gcuid amháin nó i gcodanna de chríoch Bhallstáit an údaráis ábhartha, agus an measúnú sin bunaithe ar an méid a leanas:
I gcás ina mbeidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo den tuairim, bunaithe ar an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, nach léireofar go leordhóthanach sna hualuithe priacail a leagtar amach in Airteagal 125(2) nó in 126(2) na priacail iarbhír a bhaineann le risíochtaí maidir le deighleog amháin maoine nó maidir le níos mó deighleog maoine risíochtaí arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin chónaithe nó ar réadmhaoin tráchtála dhochorraithe a lonnaítear i gcuid amháin nó i gcodanna de chríoch Bhallstát an údaráis ábhartha, agus má mheasann sé go bhféadfadh neamhleordhóthanacht na n-ualuithe priacail difear díobhálach a dhéanamh ar chobhsaíocht airgeadais faoi láthair nó amach anseo ina Bhallstát, féadfaidh sé na hualuithe priacail is infheidhme ar na risíochtaí sin a mhéadú laistigh de na raonta a socraítear sa cheathrú fomhír den mhír seo nó féadfaidh sé critéir a fhorchur atá níos déine ná na critéir a leagtar amach in Airteagal 125(2) nó 126(2). Tabharfaidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo fógra do ÚBE agus do BERS faoi aon choigeartuithe ar na hualuithe priacail agus ar na critéir a chuirfear i bhfeidhm de bhun na míre seo. Faoi cheann mí amháin ón bhfógra réamhluaite a fháil, cuirfidh ÚBE agus BERS a dtuairimí in iúl don Bhallstát lena mbaineann. Foilseoidh ÚBE agus BERS na hualuithe priacail agus na critéir le haghaidh risíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 125, Airteagal 126 agus i bpointe (a) d'Airteagal 199(1) mar a chuir an t-údarás ábhartha chun feidhme iad. Chun críocha an dara fomhír den mhír seo féadfaidh an t-údarás arna inmniú i gcomhréir le mír 1a na hualuithe priacail a shocrú faoi na raonta seo a leanas:
3. I gcás ina ndéanfaidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 1a ualú priacail níos airde nó critéir níos déine a shocrú de bhun an dara fomhír de mhír 2, beidh idirthréimhse sé mhí ag institiúidí chun an t-ualú priacail nua a chur i bhfeidhm. 4. Déanfaidh ÚBE, i ndlúthchomhar le BERS, dréachtchaighdeáin theicniúla a fhorbairt chun na critéir dhiana chun measúnú a dhéanamh ar an luach iasachta morgáiste dá dtagraítear i mír 1 a shainiú agus na cineálacha fachtóirí atá le meas chun a iomchuí atá na hualuithe priacail dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2 a mheasúnú. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2019. Tugtar de chumhacht don Choimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. 5. Féadfaidh BERS, trí bhíthin moltaí i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, agus i ndlúthchomhar le ÚBE, treoir a thabhairt do na húdaráis a ainmneofar i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo maidir leis an méid seo a leanas:
6. Cuirfidh institiúidí Ballstáit na hualuithe priacail agus na critéir arna gcinneadh ag údaráis de chuid Ballstáit eile i gcomhréir le mír 2 i bhfeidhm maidir lena risíochtaí uile atá urraithe le morgáistí ar mhaoin chónaithe nó ar mhaoin tráchtála dhochorraithe atá suite i gcuid amháin nó i gcodanna den Bhallstát sin.”; |
|
(61) |
in Airteagal 128, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2: “1. Sannfaidh institiúidí ualú priacail 150 % ar risíochtaí a mbaineann priacal fíor-ard leo. 2. Chun críocha an Airteagail seo, láimhseálfaidh institiúidí aon cheann de na risíochtaí seo a leanas ar aon dul le risíochtaí a mbaineann priacal fíor-ard leo:
|
|
(62) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 132: “Airteagal 132 Ceanglais cistí dílse do risíochtaí atá i bhfoirm aonad nó scaireanna i GCanna 1. Ríomhfaidh institiúidí méid risíochta a risíochtaí féin atá ualaithe ó thaobh priacal i bhfoirm aonad nó scaireanna i GC trí mhéid risíochta risíochtaí an GC atá ualaithe ó thaobh priacal, arna thomhas sin i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2, a iolrú faoi chéatadán na n-aonad nó na scaireanna atá ag na hinstitiúidí sin. 2. I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo, féadfaidh institiúidí cur chuige na trédhearcachta a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 132a(1) nó an cur chuige bunaithe ar shainordú a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 132a(2). Faoi réir Airteagal 132b(2), na hinstitiúidí sin nach gcuirfidh cur chuige na trédhearcachta ná an cur chuige bunaithe ar shainordú i bhfeidhm, sannfaidh siad ualú priacail 1 250 % (“cur chuige cúltaca”) ar na risíochtaí sin dá gcuid atá i bhfoirm aonad nó scaireanna i GC. Féadfaidh institiúidí méid risíochta a risíochtaí féin atá ualaithe ó thaobh priacal i bhfoirm aonad nó scaireanna i GC a ríomh trí na cineálacha cur chuige dá dtagraítear sa mhír seo a chomhcheangal, ar chuntar go gcomhlíonfar na coinníollacha maidir leis na cineálacha cur chuige sin a úsáid. 3. Féadfaidh institiúidí méid risíochta risíochtaí GC atá ualaithe ó thaobh priacal a chinneadh i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach in Airteagal 132a i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
De mhaolú ar phointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh bainc forbartha iltaobhacha agus bainc forbartha déthaobhacha agus institiúidí eile a chomhinfheistíonn i GC le bainc forbartha iltaobhacha nó déthaobhacha méid risíochta risíochtaí GC atá ualaithe ó thaobh priacal a chinneadh i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach in Airteagal 132a, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (b) agus (c) den chéad fhomhír den mhír seo agus de réir teorannacha i sainordú infheistíochta GC nach féidir leis an GC sin infheistiú a dhéanamh in aon chineál sócmhainní eile seachas sócmhainní a chuireann forbairt inbhuanaithe chun cinn i dtíortha atá i mbéal forbartha. Tabharfaidh institiúidí fógra dá n-údarás inniúil faoi na GCanna sin a gcuireann siad na coinníollacha dá dtagraítear sa dara fomhír i bhfeidhm orthu. De mhaolú ar phointe (c)(i) den chéad fhomhír, i gcás ina gcinnfidh an institiúid méid risíochta risíochtaí GC atá ualaithe ó thaobh priacal i gcomhréir leis an gcur chuige sainordú-bhunaithe, féadfar tuairisciú an GC sin nó chuideachta bainistíochta an GC sin don institiúid a theorannú do shainordú infheistíochta an GC sin agus d'aon athruithe ina leith agus ní fhéadfar an tuairisciú a dhéanamh ach amháin i gcás ina dtabhóidh an institiúid an risíocht don GC sin den chéad uair agus nuair a bheidh athrú ar shainordú infheistíochta an GC sin. 4. Féadfaidh institiúidí nach bhfuil leordhóthain sonraí nó faisnéise acu chun méid risíochta risíochtaí GC atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach in Airteagal 132a, féadfaidh siad brath ar ríomhanna atá déanta ag tríú páirtí, ar chuntar go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
Institiúidí a bheidh ag brath ar ríomhanna atá déanta ag tríú páirtí, déanfaidh siad an méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de risíochtaí GC a thiocfaidh as na ríomhanna sin a iolrú faoi fhachtóir 1,2. De mhaolú ar an dara fomhír, i gcás ina mbeidh rochtain neamhshrianta ag an institiúid ar ríomhanna mionsonraithe arna ndéanamh ag an tríú páirtí, ní bheidh feidhm ag an bhfachtóir 1,2. Tabharfaidh an institiúid na ríomhanna sin dá húdarás inniúil arna iarraidh sin uirthi. 5. I gcás ina gcuirfidh institiúid na cineálacha cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 132(a) i bhfeidhm chun críche an méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de risíochtaí GC (‘GC Leibhéal 1’) a ríomh, agus i gcás inar risíocht i bhfoirm aonad nó scaireanna i GC eile (‘GC Leibhéal 2’) é aon cheann de risíochtaí foluiteacha an GC Leibhéal 1, féadfar an méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de risíochtaí an GC Leibhéal 2 a ríomh trí úsáid a bhaint as aon cheann de na trí chineál cur chuige ar a bhfuil tuairisc i mír 2 den Airteagal seo. Féadfaidh an institiúid cur chuige na trédhearcachta a úsáid chun na méideanna risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de risíochtaí an GC Leibhéal 3 a ríomh agus risíochtaí ar aon leibhéal ina dhiaidh sin i gcás inar úsáideadh an cur chuige sin chun an leibhéal roimhe sin a ríomh. In aon chás eile, bainfidh sí úsáid as an gcur chuige cúltaca. 6. Maidir leis an méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de risíochtaí GC arna ríomh i gcomhréir le cur chuige na trédhearcachta agus leis an gcur chuige bunaithe ar shainordú a leagtar amach in Airteagal 132a(1) agus (2), beidh uasteorainn leis arb ionann í agus an méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de risíochtaí an GC sin arna ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige cúltaca. 7. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh institiúidí ag a bhfuil cur chuige na trédhearcachta á chur i bhfeidhm acu i gcomhréir le hAirteagal 132a(1) an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal dá risíochtaí féin a ríomh i bhfoirm aonad nó scaireanna i GC trí mhéid risíochta na risíochtaí sin a iolrú, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 111, agus an t-ualú priacail (
|
|
(63) |
cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach: “Airteagal 132a Cineálacha cur chuige chun na méideanna risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de GCanna a ríomh 1. I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 132(3), institiúidí a bhfuil leordhóthain faisnéise acu faoi risíochtaí foluiteacha aonair GC, déanfaidh siad na risíochtaí sin a thrédhearcadh chun an méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de chuid an GC sin a ríomh, agus ualú priacail á dhéanamh acu ar gach risíocht fholuiteach de chuid an GC amhail agus dá mba leis na hinstitiúidí féin iad. 2. I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 132(3), féadfaidh institiúidí nach bhfuil leordhóthain faisnéise acu faoi risíochtaí foluiteacha aonair GC chun cur chuige na trédhearcachta a úsáid, féadfaidh siad an méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de na risíochtaí sin a ríomh faoi na teorainneacha a socraíodh sa dlí ábhartha agus i sainordú an GC. Chun críocha na chéad fhomhíre, déanfaidh na hinstitiúidí na ríomhanna, á ghlacadh leis go dtabhóidh an GC sin ar dtús risíochtaí go dtí an t-uasmhéid a cheadaítear dó faoina shainordú nó faoin reachtaíocht ábhartha sna risíochtaí a mbaineann an ceanglas cistí dílse is airde leo agus go leanfaidh siad de bheith ag tabhú risíochtaí in ord íslitheach go dtí go sroichfear an uasteorainn risíochta iomlán, agus go gcuirfidh an GC sin luamhánú i bhfeidhm go dtí an t-uasmhéid a cheadaítear dó faoina shainordú nó faoin dlí ábhartha, i gcás inarb infheidhme. Déanfaidh institiúidí na ríomhanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach sa Chaibidil seo, i gCaibidil 5 den Teideal seo, agus i Roinn 3, i Roinn 4 nó i Roinn 5 de Chaibidil 6 den Teideal seo. 3. De mhaolú ar phointe (d) d'Airteagal 92(3), féadfaidh institiúidí a ríomhfaidh an méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail de risíochtaí GC i gcomhréir le mír 1 nó 2 den Airteagal seo, féadfaidh siad méid is ionann agus 50 % de cheanglais císte dílse na risíochtaí díorthach sin a ríomh don cheanglais cistí dísle do phriacal coigeartaithe luachála creidmheasa a risíochtaí díorthach arna ríomh i gcomhréir le Roinn 3, le Roinn 4 nó le Roinn 5 de Chaibidil 6 den Teideal seo, de réir mar is infheidhme. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, agus an ceanglas cistí dísle do dhíorthach priacail ó choigeartú luachála creidmheasa á ríomh aici, féadfaidh institiúid risíochtaí a eisiamh ón ríomh sin nach mbeadh faoi réir an cheanglais i gcás inar thabhaigh an institiúid go díreach iad. 4. Ceapfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena shonrú conas a dhéanfaidh institiúidí an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal dá dtagraítear i mír 2 a ríomh i gcás nach bhfuil fáil ar cheann amháin nó níos mó de na hionchuir is gá le haghaidh an ríomha sin. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Márta 2020. Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Airteagal 132b Eisiaimh ó na cineálacha cur chuige chun na méideanna risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de chuid GCanna a ríomh 1. Maidir leis na ríomhanna dá dtagraítear in Airteagal 132, féadfaidh institiúidí ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, ionstraimí Breise Leibhéal 1, ionstraimí Leibhéal 2 agus ionstraimí dliteanais incháilithe atá ag GC agus nach mór d'institiúidí a asbhaint i gcomhréir le hAirteagal 36(1) agus le hAirteagail 56, 66 agus 72e faoi seach, féadfaidh siad na hionstraimí sin a eisiamh ó na ríomhanna thuasluaite. 2. Maidir leis na ríomhanna dá dtagraítear in Airteagal 132, féadfaidh institiúidí risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna in GCanna dá dtagraítear i bpointí (g) agus (h) d'Airteagal 150(1) a eisiamh ó na ríomhanna sin agus féadfaidh siad na risíochtaí sin a láimhseáil mar a leagtar amach in Airteagal 133. Airteagal 132c Risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe ar GCanna a láimhseáil 1. Ríomhfaidh institiúidí méid na risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal maidir lena n-ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe ag a bhfuil an fhéidearthacht risíochtaí a chomhshó i bhfoirm aonad nó scaireanna i GC trí luachanna risíochta na risíochtaí sin a iolrú, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 111, ag a bhfuil an t-ualú priacail seo a leanas:
2. Ríomhfaidh institiúidí an luach risíochta a bhaineann leis an ngealltanas íosluacha a chomhlíonfadh na coinníollacha a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo mar luach lascainithe reatha an mhéid faoi ráthaíocht trí úsáid a bhaint as fachtóir lascaine saor ó phriacal um mainneachtain. Féadfaidh institiúidí an luach risíochta a bhaineann leis an ngealltanas íosluacha a laghdú faoi aon chaillteanais a aithnítear i ndáil leis an ngealltanas íosluacha faoin gcaighdeán cuntasaíochta is infheidhme. Ríomhfaidh institiúidí an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe a thagann as na gealltanais íosluacha a chomhlíonfaidh na coinníollacha go léir a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo trí luach risíochta na risíochtaí a iolrú faoi fhachtóir coinbhéartaithe de 20 % agus an t-ualú priacail a dhíorthaítear faoi Airteagal 132 nó 152. 3. Cinnfidh institiúidí an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe a eascraíonn ó ghealltanais íosluacha i gcomhréir le mír 2 i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
|
|
(64) |
in Airteagal 144(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):
|
|
(65) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 152: “Airteagal 152 Risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna in GCanna a láimhseáil 1. Ríomhfaidh institiúidí an méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, dá risíochtaí féin i bhfoirm aonad nó scaireanna in GC trí mhéid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de chuid an GC sin, arna thomhas sin i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach i míreanna 2 agus 5, a iolrú faoi chéatadán na n-aonad nó na scaireanna atá ag na hinstitiúidí sin. 2. I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 132(3), déanfaidh institiúidí a bhfuil leordhóthain faisnéise acu faoi risíochtaí foluiteacha aonair GC, déanfaidh siad na risíochtaí foluiteacha sin a thrédhearcadh chun an méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de chuid an GC sin a ríomh, agus ualú priacail á dhéanamh acu ar gach risíocht fholuiteach de chuid an GC amhail agus dá mba leis na hinstitiúidí féin iad. 3. De mhaolú ar phointe (d) d'Airteagal 92(3), féadfaidh institiúidí a ríomhfaidh méid risíochta risíochtaí GC atá ualaithe ó thaobh priacal i gcomhréir le mír 1 nó 2 den Airteagal seo, féadfaidh siad méid is ionann agus 50 % de cheanglais císte dílse na risíochtaí díorthach sin a ríomh don cheanglais cistí dísle do phriacal coigeartaithe luachála creidmheasa a risíochtaí díorthacha arna ríomh i gcomhréir le Roinn 3, le Roinn 4 nó le Roinn 5 de Chaibidil 6 den Teideal seo, de réir mar is infheidhme. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, agus an ceanglas cistí dísle do dhíorthach priacail ó choigeartú luachála creidmheasa á ríomh aici, féadfaidh institiúid risíochtaí a eisiamh ón ríomh sin nach mbeadh faoi réir an cheanglais i gcás inar thabhaigh an institiúid go díreach iad. 4. Maidir le hinstitiúidí a chuireann cur chuige na trédhearcachta i bhfeidhm i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3 den Airteagal seo agus a chomhlíonann na coinníollacha maidir le páirtúsáid bhuan i gcomhréir le hAirteagal 150, nó nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir leis na modhanna a leagtar amach sa Chaibidil seo nó ceann amháin nó níos mó de na modhanna a leagtar amach i gCaibidil 5 a úsáid do risíochtaí foluiteacha uile an GC nó do chodanna díobh, ríomhfaidh na hinstitiúidí sin méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:
Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, i gcás nach mbeidh an institiúid in ann idirdhealú a dhéanamh idir risíochtaí ar chothromas príobháideach, risíochtaí a thrádáiltear ar an malartán agus risíochtaí eile cothromais, láimhseálfaidh sí na risíochtaí lena mbaineann mar risíochtaí cothromais eile. 5. I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach faoi Airteagal 132(3), féadfaidh institiúidí nach bhfuil leordhóthain faisnéise acu faoi risíochtaí foluiteacha aonair GC, féadfaidh siad méid risíochta na risíochtaí sin atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige bunaithe ar shainordú a leagtar amach in Airteagal 132a(2). Os a choinne sin, i gcás na risíochtaí a liostaítear i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 4 den Airteagal seo, cuirfidh institiúidí na cineálacha cur chuige i bhfeidhm a leagtar amach ann. 6. Faoi réir Airteagal 132b(2), na hinstitiúidí sin nach gcuireann cur chuige na trédhearcachta i bhfeidhm i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3 den Airteagal seo nó nach gcuireann an cur chuige bunaithe ar shainordú i bhfeidhm i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo, cuirfidh siad an cur chuige cúltaca dá dtagraítear in Airteagal 132(2) i bhfeidhm. 7. Féadfaidh institiúidí méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, dá risíochtaí féin i bhfoirm aonad nó scaireanna i GC a ríomh trí na cineálacha cur chuige dá dtagraítear sa Airteagal seo a chomhcheangal, ar chuntar go gcomhlíonfar na coinníollacha maidir leis na cineálacha cur chuige sin a úsáid. 8. Féadfaidh institiúidí nach bhfuil leordhóthain sonraí nó faisnéise acu chun méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail de chuid GC a ríomh i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach i míreanna 2, 3, 4 agus 5, féadfaidh siad brath ar ríomhanna atá déanta ag tríú páirtí, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
Déanfaidh institiúidí a bheidh ag brath ar ríomhanna atá déanta ag tríú páirtí na méideanna risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de risíochtaí GCa thagann as na ríomhanna sin a iolrú faoi fhachtóir 1,2. De mhaolú ar an dara fomhír, i gcás ina mbeidh rochtain neamhshrianta ag an institiúid ar ríomhanna mionsonraithe arna ndéanamh ag an tríú páirtí, ní bheidh feidhm ag an bhfachtóir 1,2. Tabharfaidh an institiúid na ríomhanna sin dá húdarás inniúil arna iarraidh sin uirthi. 9. Chun críocha an Airteagail seo, beidh feidhm ag na forálacha atá in Airteagal 132(5) agus (6) agus in Airteagal 132b. Chun críocha an Airteagail seo, beidh feidhm ag Airteagal 132c, agus na hualuithe priacail arna ríomh i gcomhréir le Caibidil 3 den Teideal seo á n-úsáid.”; |
|
(66) |
in Airteagal 158, cuirtear an mhír seo a leanas isteach: “9a. Nialas a bheidh i méid an chaillteanais ionchasaigh le haghaidh gealltanas íosluacha a chomhlíonann na ceanglais go léir a leagtar amach in Airteagal 132c(3).”; |
|
(67) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 164: “Airteagal 164 Caillteanas i gcás Mainneachtana (LGD) 1. Cuirfidh na hinstitiúidí a meastacháin féin ar LGDanna ar fáil faoi réir na gceanglas a shonraítear i Roinn 6 den Chaibidil seo agus ar an gcoinníoll go bhfaighidh siad cead ó na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 143. I gcás priacal caolúcháin ar earraí infhaighte ceannaithe, úsáidfear luach LGD atá cothrom le 75 %. Más féidir le hinstitiúid a meastacháin EL ar phriacal caolúcháin na n-earraí infhaighte ceannaithe a mhiondealú ina PDanna agus ina LGDanna ar bhealach iontaofa, féadfaidh an institiúid a meastachán LGD féin a úsáid. 2. D'fhonn tacú le risíocht ar leith nó le comhthiomsú de risíochtaí, féadfar cosaint neamhchistithe chreidmheasa a aithint mar ghné atá incháilithe ach na meastacháin PD nó LGD a choigeartú faoi réir na gceangaltas a shonraítear in Airteagal 183(1), (2) agus (3) agus faoi réir chead na n-údarás inniúil. Ní shannfaidh institiúid PD ná LGD coigeartaithe do risíochtaí faoi ráthaíocht ar chaoi gurbh ísle an t-ualú priacail coigeartaithe ná an t-ualú priacail a bheadh ag risíocht dhíreach inchomparáide ar an ráthóir. 3. Chun críocha Airteagal 154(2), is ionann LGD na risíochta dírí inchomparáide ar sholáthraí na cosanta dá dtagraítear in Airteagal 153(3) agus an LGD a bhaineann le saoráid neamhfhálaithe chun an ráthóra, é sin nó le saoráid neamhfhálaithe an fhéichiúnaí, rud a bheadh ag brath ar cé acu, i gcás ina mainneodh an ráthóir agus an féichiúnaí araon le linn shaolré an idirbhirt fhálaithe, a léireofaí nó nach léireofaí leis an bhfianaise atá le fáil agus le struchtúr na ráthaíochta, go mbeadh an méid a ghnóthófaí ag brath ar staid airgeadais an ráthóra nó an fhéichiúnaí, faoi seach. 4. An meánluach LGD ualaithe ó thaobh na risíochta do gach risíocht ar mhiondíol arna hurrú le maoin chónaithe agus gan ráthaíochtaí ó rialtais láir acu, ní bheidh sé níos ísle ná 10 %. An meánluach LGD ualaithe ó thaobh na risíochta do gach risíocht ar mhiondíol arna hurrú le maoin tráchtála dhochorraithe agus gan ráthaíochtaí ó rialtais láir acu, ní bheidh sé níos ísle ná 15 %. 5. Ainmneoidh na Ballstáit údarás a bheidh freagrach as mír 6 a chur i bhfeidhm. Is é an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe a bheidh san údarás sin. I gcás inarb é an t-údarás inniúil é an t-údarás a ainmneoidh an Ballstát chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, áiritheoidh an t-údarás inniúil sin go gcuirfear na comhlachtaí agus údaráis ábhartha náisiúnta ag a bhfuil sainordú macrastuamachta ar an eolas go cuí maidir le rún an údaráis inniúil úsáid a bhaint as an Airteagal seo, agus go mbeidh siad rannpháirteach go hiomchuí i measúnú na n-ábhar imní maidir le cobhsaíocht airgeadais ina Bhallstát i gcomhréir le mír 6. I gcás nach é an t-údarás inniúil é an t-údarás a ainmneoidh an Ballstát chun an Airteagal seo a chur i bhfeidhm, glacfaidh an Ballstát na forálacha is gá chun comhordú agus malartú ceart faisnéise idir an t-údarás inniúil agus an t-údarás ainmnithe a áirithiú le go gcuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm go cuí. Go háirithe, ceanglófar ar na húdaráis comhoibriú go dlúth agus an fhaisnéis ar fad a chomhroinnt a d'fhéadfadh a bheith riachtanach chun go ndéanfaidh an t-údarás ainmnithe na dualgais a fhorchuirtear air, de bhun an Airteagail seo, ar bhealach leordhóthanach. Beidh sé d'aidhm leis an gcomhar sin aon chineál gníomhaíochtaí dúblailteacha nó neamh-chomhsheasmhacha idir an t-údaráis inniúla agus an t-údarás ainmnithe a sheachaint, agus a áirithiú go gcuirfear san áireamh go cuí aon idirghníomhaíocht le bearta eile, go háirithe faoi Airteagal 458 den Rialachán seo agus faoi Airteagal 133 de Threoir 2013/36/AE. 6. Bunaithe ar fhaisnéis a bailíodh faoi Airteagal 430a agus ar aon táscaire ábhartha eile, agus forbairtí réamhbhreathnaitheacha sna margaí maoine dochorraithe á gcur san áireamh, déanfaidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo a mheas go tréimhsiúil nó, ar a laghad uair sa bhliain, an bhfuil na luachanna íosta LGD dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo iomchuí do risíochtaí atá urraithe le morgáistí ar mhaoin chónaithe nó ar mhaoin tráchtála dhochorraithe atá suite i gcuid amháin nó níos mó de chríoch Bhallstát an údaráis ábhartha. I gcás ina mbeidh an t-údarás a ainmneofar i gcomhréir le mír 5 den tuairim, ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, nach leordhóthanach na luachanna íosta LGD dá dtagraítear i mír 4, agus ina measfaidh sé go bhféadfadh neamhleordhóthanacht na luachanna LGD difear díobhálach a dhéanamh ar chobhsaíocht airgeadais faoi láthair nó amach anseo ina Bhallstát, féadfaidh sé luachanna íosta LGD níos airde a shocrú i dtaca leis na risíochtaí sin atá lonnaithe i gcuid amháin nó níos mó de chríoch Bhallstát an údaráis ábhartha. Féadfar na íosluachanna níos airde sin a chur i bhfeidhm freisin ar leibhéal ceann amháin nó níos mó de na deighleoga maoine den sórt sin. Tabharfaidh an t-údarás a ainmneofar i gcomhréir le mír 5 fógra do ÚBE agus do BERS roimh an gcinneadh dá dtagraítear sa mhír seo a dhéanamh. Faoi cheann mí amháin ón bhfógra réamhluaite a fháil, cuirfidh BERS agus ÚBE a dtuairimí in iúl don Bhallstát lena mbaineann. Foilseoidh ÚBE agus BERS na luachanna LGD sin. 7. I gcás ina ndéanfaidh an t-údarás a a ainmneofar i gcomhréir le mír 5 luachanna íosta LGD níos airde a shocrú de bhun mhír 6, beidh idirthréimhse sé mhí ag institiúidí chun iad a chur i bhfeidhm. 8. Déanfaidh ÚBE, i ndlúthchomhar le BERS, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt d'fhonn na coinníollacha a shonrú a chuirfidh an t-údarás a ainmneofar i gcomhréir le mír 5 san áireamh agus oiriúnacht na luachanna LGD á meas acu mar chuid den mheasúnú dá dtagraítear i mír 6. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2019. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. 9. Féadfaidh BERS trí nhithín moltaí i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, agus i ndlúthchomhar le ÚBE, treoir a thabhairt do na húdaráis a ainmneofar i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo maidir leis an méid seo a leanas:
10. Cuirfidh institiúidí de chuid Ballstáit amháin na luachanna íosta LGD níos airde arna gcinneadh ag údaráis Ballstáit eile i gcomhréir le mír 6 i bhfeidhm maidir lena risíochtaí comhfhreagracha uile atá urraithe le morgáistí ar mhaoin chónaithe agus ar mhaoin tráchtála dhochorraithe atá suite i gcuid amháin nó níos mó den Bhallstát sin.”; |
|
(68) |
in Airteagal 201(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):
|
|
(69) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 204a Cineálacha incháilithe díorthach cothromais 1. Ní fhéadfaidh institiúidí díorthaigh chothromais, ar babhtálacha an toraidh iomláin iad nó cinn a bhfuil éifeacht eacnamaíoch chomhchosúil acu, a úsáid mar chosaint chreidmheasa incháilithe ach amháin chun críocha fáluithe inmheánacha a dhéanamh. I gcás ina gceannóidh institiúid cosaint chreidmheasa trí bhabhtáil an toraidh iomláin agus ina ndéanann sí taifead ar na glaníocaíochtaí arna bhfáil ar an mbabhtáil mar ghlanioncam, ach nach ndéanfaidh sí taifead ar an meath fritháirimh i luach na sócmhainne atá cosanta faoi laghduithe i luach cóir nó trí mhéid breise a bheith curtha le cúlchistí, ní cháileoidh an chosaint chreidmheasa sin mar chosaint chreidmheasa incháilithe. 2. I gcás ina ndéanfaidh institiúid fálú inmheánach ag baint úsáid as díorthach cothromais, ionas go gcáileoidh an fálú inmheánach mar chosaint chreidmheasa incháilithe chun críocha na Caibidle seo, déanfar an priacal creidmheasa a aistríodh chuig an leabhar trádála a aistriú chuig tríú páirtí nó páirtithe. I gcás ina ndearnadh fálú inmheánach i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus inar comhlíonadh na ceanglais sa Chaibidil seo, cuirfidh institiúidí na rialacha a leagtar amach i Roinn 4 go Roinn 6 den Chaibidil seo i bhfeidhm maidir le méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh i gcás ina bhfaighidh siad cosaint neamhchistithe chreidmheasa.”; |
|
(70) |
leasaítear Airteagal 223 mar a leanas:
|
|
(71) |
leasaítear Airteagal 272 mar a leanas:
|
|
(72) |
leasaítear Airteagal 273 mar a leanas:
|
|
(73) |
cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach: “Airteagal 273a Coinníollacha maidir le modhanna simplithe a úsáid chun luach na risíochta a ríomh 1. Féadfaidh institiúid luach risíochta a cuid suíomhanna díorthach a ríomh i gcomhréir leis an modh a leagtar amach i Roinn 4 ar choinníoll gur lú gnó díorthach na hinstitiúide laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe ná an dá thairseach seo a leanas, nó go bhfuil siad cothrom leo, ar bhonn measúnú a dhéantar go míosúil agus na sonraí ón lá deireanach den mhí amach á n-úsáid:
2. Féadfaidh institiúid luach risíochta suíomhanna díorthach a ríomh i gcomhréir leis an modh a leagtar amach i Roinn 5 ar choinníoll gur lú gnó díorthach na hinstitiúide laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe ná an dá thairseach seo a leanas, nó go bhfuil siad cothrom leo, ar bhonn measúnú a dhéantar go míosúil agus na sonraí ón lá deireanach den mhí amach á n-úsáid;
3. Chun críocha mhír 1 agus mhír 2, déanfaidh institiúidí méid a ngnó díorthach laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe a ríomh bunaithe ar shonraí ón lá deireanach de gach mí amach i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:
4. De mhaolú ar mhír 1 nó ar mhír 2, de réir mar is infheidhme, i gcás nach sáraíonn an gnó díorthach ar bhonn comhdhlúite na tairseacha a leagtar amach i mír 1 nó 2, de réir mar is infheidhme, féadfaidh institiúid a áirítear sa chomhdhlúthú agus ar a mbeidh an modh a leagtar amach i Roinn 3 nó 4 a chur i bhfeidhm, de réir mar is infheidhme, ós rud é go sáraíonn an institiúid na tairseacha sin ar bhonn aonair, a roghnú ina ionad sin, faoi réir formheas ó na húdaráis inniúla, an modh a chur i bhfeidhm ag a mbeadh feidhm ar bhonn comhdhlúite. 5. Tabharfaidh institiúidí fógra do na húdaráis inniúla i leith na modhanna a leagtar amach i Roinn 4 nó i Roinn 5 as a mbaineann siad úsáid, nó a scoireann siad de bheith á n-úsáid, de réir mar is infheidhme, chun luach risíochta a suíomhanna díorthach a ríomh. 6. Ní bheidh institiúidí páirteach in idirbheart díorthach ná ní dhéanfaidh siad ionstraim dhíorthach a cheannach ná a dhíol, mura bhfuil de chuspóir acu ach aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 a chomhlíonadh i rith an mheasúnaithe mhíosúil. Airteagal 273b Neamh-chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le modhanna simplithe a úsáid chun luach risíochta díorthach a ríomh 1. Institiúid nach gcomhlíonann a thuilleadh ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 273a(1) nó (2), tabharfaidh an institiúid sin fógra ina leith don údarás inniúil gan mhoill. 2. Scoirfidh institiúid de luachanna risíochta a suíomhanna díorthach a ríomh i gcomhréir le Roinn 4 nó Roinn 5, de réir mar is infheidhme, laistigh de thrí mhí ón uair a tharlóidh ceann amháin de na cásanna seo a leanas:
3. I gcás inar scoir institiúid de luachanna risíochta a suíomhanna díorthach a ríomh i gcomhréir le Roinn 4 nó 5, de réir mar is infheidhme, ní cheadófar di luachanna risíochta a suíomhanna díorthacha a ríomh arís mar a leagtar amach i Roinn 4 nó i Roinn 5 ach amháin i gcás ina léiríonn sí don údarás inniúil gur comhlíonadh na coinníollacha go léir a leagtar amach in Airteagal 273a(1) nó (2) ar feadh tréimhse bliana gan bhriseadh.”; |
|
(74) |
i gCaibidil 6 de Theideal II de Chuid a Trí, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Ranna 3, 4 agus 5: “
Airteagal 274 Luach risíochta 1. Féadfaidh institiúid luach risíochta aonair a ríomh ar leibhéal an tacair glanluachála le haghaidh na n-idirbheart uile a chumhdaítear le comhaontú glanluachála conarthach i gcás ina gcomhlíontar an méid seo a leanas:
I gcás nach gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, déanfaidh an institiúid gach idirbheart a láimhseáil amhail agus dá mba é a thacar glanluachála féin é. 2. Déanfaidh institiúidí luach risíochta tacair ghlanluachála a ríomh faoin gcur chuige caighdeánaithe maidir le priacal creidmheasa contrapháirtí mar leanas:
3. Maidir leis an luach risíochta tacair glanluachála atá faoi réir comhaontú corrlaigh conarthach beidh uasteorainn leis is ionann agus luach risíochta an tacair glanluachála chéanna nach bhfuil faoi réir aon chomhaontaithe corrlaigh. 4. I gcás ina bhfuil feidhm ag comhaontuithe corrlaigh iolracha maidir leis an tacar glanluachála céanna, déanfaidh institiúidí gach comhaontú corrlaigh a leithdháileadh ar ghrúpa idirbheart sa tacar glanluachála a bhfuil feidhm chonarthach ag an gcomhaontú corrlaigh maidir leis agus déanfaidh siad luach risíochta a ríomh ar leithligh le haghaidh gach ceann de na hidirbhearta grúpáilte sin. 5. Féadfaidh institiúidí luach risíochta tacair glanluachála a shocrú ag nialas i gcás ina gcomhlíonann an tacar sin na coinníollacha seo a leanas:
6. Maidir le tacar glanluachála, is é a chuirfidh institiúid in ionad idirbheart ar comhcheangal líneach finideach é de chéadroghanna ar cheannach nó ar dhíol atá ceannaithe nó díolta na céadroghanna aonair uile atá sa chomhcheangal líneach sin, arna dtógáil mar idirbheart aonair, chun críocha luach risíochta an tacair glanluachála a ríomh i gcomhréir leis an roinn seo. Déanfar gach comhcheangal de roghanna a láimhseáil mar idirbheart aonair sa tacar glanluachála ina gcuirtear an comhcheangal san áireamh chun críche an luach risíochta a ríomh. 7. Luach risíochta idirbhirt díorthach creidmheasa a ionadaíonn suíomh fada sa risíocht fholuiteach, féadfar é a theorannú do mhéid méid na préimhe atá fós gan íoc ar choinníoll go ndéileáiltear leis amhail mar a thacar glanluachála féin nach bhfuil faoi réir comhaontú corrlaigh. Airteagal 275 Costas athsholáthair 1. Déanfaidh institiúidí costas athsholáthair RC‘ ’na dtacar glanluachála nach bhfuil faoi réir comhaontú corrlaigh a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
2. Déanfaidh institiúidí costas athsholáthair na dtacar glanluachála aonair atáoi réir comhaontú corrlaigh a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
3. Déanfaidh institiúidí an costas athsholáthair le haghaidh tacair ghlanluachála iolracha atá faoi réir an chomhaontaithe corrlaigh chéanna a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
nuair:
Chun críocha na chéad fhomhíre, féadfar NICAMA a ríomh ar an leibhéal trádála, ar leibhéal an tacair glanluachála nó ar leibhéal na dtacar glanluachála uile a bhfuil feidhm ag an gcomhaontú corrlaigh maidir leo ag brath ar an leibhéal a bhfuil feidhm ag an gcomhaontú corrlaigh maidir leis. Airteagal 276 Comhthaobhacht a aithint agus a láimhseáil 1. Chun críocha na Roinne seo, déanfaidh institiúidí méideanna comhthaobhachta VM, VMMA, NICA agus NICAMA, a ríomh trí na ceanglais uile seo a leanas a chur i bhfeidhm:
2. Maidir le luach comhthaobhachta breactha arna choigeartú i bhfianaise na luaineachta dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo a ríomh, cuirfidh institiúidí an fhoirmle seo a leanas in ionad na foirmle a leagtar amach in Airteagal 223(2):
3. Chun críche phointe (d) de mhír 1, socróidh institiúidí an tréimhse leachtaithe is ábhartha do ríomh an luacha comhthaobhachta arna choigeartú i bhfianaise na luaineachta, a fuarthas nó a breacadh, i gcomhréir le ceann amháin de na tréimhsí ionchasacha seo a leanas:
Airteagal 277 Idirbhearta a mhapáil ar chatagóirí priacail 1. Mapálfaidh institiúidí gach idirbheart de chuid tacar glanluachála ar cheann amháin de na catagóirí priacail seo a leanas chun an risíocht fhéideartha thodhchaíoch a chinneadh don tacar glanluachála dá dtagraítear in Airteagal 278:
2. Déanfaidh institiúidí an mhapáil dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn phríomhspreagaí priacail an idirbhirt díorthach. Ní bheidh de spreagaí priacail ábhartha ag idirbheart díorthach ach an príomhspreagaí priacail. 3. De mhaolú ar mhír 2, mapálfaidh institiúidí idirbhearta díorthach ag a bhfuil níos mó ná aon spreagaí priacail ábhartha amháin ar níos mó ná aon chatagóir phriacail amháin. I gcás ina mbaineann spreagaí priacail ábhartha uile aon idirbhirt amháin díobh sin leis an gcatagóir chéanna phriacail, ní cheanglófar ar institiúidí an t-idirbheart sin a mhapáil ar an gcatagóir phriacail sin ach an t-aon uair amháin ar bhonn an an spreagaithe priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail sin. I gcás ina mbaineann spreagaithe priacail ábhartha aon idirbhirt amháin díobh sin le catagóirí priacail éagsúla, déanfaidh institiúidí an t-idirbheart sin a mhapáil aon uair amháin ar gach catagóir phriacail díobh sin a bhfuil aon spreagaí priacail ábhartha amháin ar a laghad acu, ar bhonn an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail sa chatagóir phriacail sin. 4. In ainneoin mhíreanna 1, 2 agus 3, nuair a bheidh idirbhearta á mapáil acu ar na catagóirí priacail a liostaítear i mír 1, cuirfidh institiúidí na ceanglais seo a leanas i bhfeidhm:
5. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Nollaig 2019. Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Airteagal 277a Tacair falúcháin 1. Bunóidh institiúidí na tacair fálúcháin is ábhartha do gach catagóir phriacail a ghabhann le tacar glanluachála agus sannfaidh siad gach idirbheart do na tacair fálúcháin sin mar leanas:
Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, sannfar do thacair fálúcháin ar leithligh idirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir priacail ráta úis ar athróg boilsciúcháin é an príomhspreagaí priacail atá acu, cé is moite de na tacair fálúcháin sin a bunaíodh le haghaidh idirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir priacail ráta úis nach é athróg boilsciúcháin an príomhspreagaí priacail atá acu. Ní shannfar na hidirbhearta sin don tacar fálúcháin céanna ach amháin i gcás ina mbeidh a bpríomhspreagaí priacail, nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), ainmnithe san airgeadra céanna. 2. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, bunóidh institiúidí tacair fálúcháin aonair ar leithligh i ngach catagóir phriacail le haghaidh na n-idirbheart seo a leanas:
Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, ní shannfaidh institiúidí idirbhearta don tacar fálúcháin céanna de chuid na catagóire priacail lena mbainfidh ach amháin i gcás inarb ionann príomhspreagaí priacail, nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), dóibh. Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, ní shannfaidh institiúidí idirbhearta don tacar fálúcháin céanna de chuid na catagóire priacail lena mbainfidh ach amháin i gcás inarb ionann an péire spreagaithe priacail sna hidirbhearta sin dá dtagraítear ann agus go mbeidh an dá spreagaí priacail sa phéire sin curtha i gcomhchoibhneas deimhneach. Seachas sin, sannfaidh institiúidí idirbhearta dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír do cheann amháin de na tacair fálúcháin sin arna mbunú i gcomhréir le mír 1, ar bhonn ceann den dá spreagaí priacail dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír. 3. Ar iarraidh ó údarás inniúil, cuirfidh institiúidí ar fáil líon na dtacar fálúcháin arna mbunú i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo do gach catagóir phriacail, mar aon leis an bpríomhspreagaí priacail, nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), nó an péire spreagaithe priacail do gach ceann de na tacair fálúcháin sin, mar aon le líon na n-idirbheart i ngach ceann de na tacair fálúcháin sin. Airteagal 278 Risíocht fhéideartha thodhchaíoch 1. Ríomhfaidh institiúidí an risíocht fhéideartha thodhchaíoch ‘ ’a bhaineann le tacar glanluachála mar leanas:
nuair:
Chun críche an ríomha sin, áireoidh institiúidí forlíontán catagóire priacail áirithe i ríomh risíocht fhéideartha thodhchaíoch an tacair glanluachála i gcás inar mapáladh idirbheart amháin ar a laghad de chuid an tacair glanluachála ar an gcatagóir phriacail sin. 2. Déanfar risíocht fhéideartha thodhchaíoch de chuid tacair ghlanluachála iolracha atá faoi réir comhaontú corrlaigh amháin, dá dtagraítear in Airteagal 275(3), a ríomh mar shuim risíochtaí féideartha todhchaíocha na dtacar glanluachála aonair uile amhail agus nach raibh siad faoi réir comhaontú corrlaigh d'aon sórt. 3. Chun críche mhír 1, ríomhfar an t-iolraitheoir mar leanas:
nuair:
Airteagal 279 Suíomhanna priacail a ríomh Chun críocha na forlíontáin catagóire priacail dá dtagraítear in Airteagal 280a go hAirteagal 280f a ríomh, déanfaidh institiúidí suíomh priacail gach idirbhirt de chuid tacar glanluachála a ríomh mar leanas:
Airteagal 279a Deilte mhaoirseachta 1. Ríomhfaidh institiúidí an deilte mhaoirseachta mar leanas:
2. Chun críocha na Roinne seo, ciallaíonn suíomh fada i bpríomhspreagaí priacail nó sa spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3) go dtagann méadú ar mhargadhluach an idirbhirt nuair a thagann méadú ar luach an spreagaí priacail sin agus ciallaíonn suíomh gearr i bpríomhspreagaí priacail nó sa spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3) go dtagann laghdú ar mhargadhluach an idirbhirt nuair a thagann méadú ar luach an spreagaí priacail sin. 3. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Nollaig 2019. Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Airteagal 279b Méid barúlach coigeartaithe 1. Ríomhfaidh institiúidí an méid barúlach coigeartaithe mar leanas:
2. Cinnfidh institiúidí méid barúlach nó líon aonad na bunionstraime chun críche méid barúlach coigeartaithe idirbhirt dá dtagraítear i mír 1 a ríomh mar leanas:
3. Tiontóidh institiúidí méid barúlach coigeartaithe idirbhirt go dtí a n-airgeadra tuairiscithe de réir an spotráta malairte atá i réim i gcás ina ríomhtar an méid barúlach coigeartaithe faoin Airteagal seo ar bhonn méid barúlach conarthach nó praghas margaidh líon aonad na bunionstraime ainmnithe in airgeadra eile. Airteagal 279c Fachtóir Aibíochta 1. Ríomhfaidh institiúidí an fachtóir aibíochta ‘ ’mar leanas:
2. Chun críche mhír 1, beidh an aibíocht iarmhair cothrom leis an tréimhse go dtí an chéad dáta athshocraithe eile i gcás idirbhearta a bhfuil struchtúr acu chun risíocht gan íoc a shocrú tar éis dátaí íocaíochta sonraithe agus i gcás ina n-athshocraítear na téarmaí le go mbeidh margadhluach nialasach ag an gconradh ar na dátaí sonraithe sin. Airteagal 280 Comhéifeacht fachtóra maoirseachta tacair fálúcháin Chun críche an forlíontán tacair fálúcháin dá dtagraítear in Airteagal 280a go hAirteagal 280f a ríomh, is éard a bheidh i gcomhéifeacht fachtóra maoirseachta tacair fálúcháin ‘є’:
Airteagal 280a Forlíontán na catagóire priacail ráta úis 1. Chun críocha Airteagal 278, ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire priacail ráta úis le haghaidh tacar glanluachála áirithe mar leanas:
nuair:
2. Ríomhfaidh institiúidí an forlíontán do thacar fálúcháin ‘j’ den chatagóir priacail ráta úis mar a leanas:
nuair:
3. Chun críche méid barúlach iarbhír thacar fálúcháin ‘j’, a ríomh, déanfaidh institiúidí gach idirbheart den tacar fálúcháin a mhapáil ar an mbuicéad iomchuí i dTábla 2. Déanfaidh siad amhlaidh ar bhonn dháta deiridh gach idirbhirt arna chinneadh faoi phointe (a) d'Airteagal 279b(1): Tábla 2
Déanfaidh institiúidí méid barúlach iarbhír thacar fálúcháin ‘j’ a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
nuair:
nuair:
Airteagal 280b Forlíontán na catagóire priacail malairte eachtraí 1. Chun críocha Airteagal 278, ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire priacail malairte eachtraí le haghaidh tacar glanluachála áirithe mar leanas:
nuair:
2. Ríomhfaidh institiúidí an forlíontán do thacar fálúcháin ‘j’ den chatagóir priacail malairte eachtraí mar leanas:
nuair:
nuair:
Airteagal 280c Forlíontán na catagóire priacail creidmheasa 1. Chun críocha mhír 2, bunóidh institiúidí eintitis tagartha chreidmheasa ábhartha an tacair glanluachála i gcomhréir leis na nithe seo a leanas:
2. Chun críocha Airteagal 278, ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire priacail creidmheasa le haghaidh tacar glanluachála áirithe mar leanas:
nuair:
3. Ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire priacail creidmheasa le haghaidh thacar fálúcháin ‘j’ mar leanas:
nuair:
4. Ríomhfaidh institiúidí forlíontán eintiteas tagartha creidmheasa ‘k’ mar leanas:
nuair:
5. Ríomhfaidh institiúidí forlíontán eintiteas tagartha creidmheasa k mar a leanas:
Airteagal 280d Forlíontán na catagóire priacail cothromais 1. Chun críocha mhír 2, bunóidh na hinstitiúidí eintitis tagartha chothromais ábhartha an tacair glanluachála i gcomhréir leis na nithe seo a leanas:
2. Chun críocha Airteagal 278, ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire priacail cothromais le haghaidh tacar glanluachála áirithe mar leanas:
nuair:
3. Ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire priacail cothromais le haghaidh thacar fálúcháin ‘j’ mar leanas:
nuair:
4. Ríomhfaidh institiúidí forlíontán eintitis tagartha cothromais ‘k’ mar leanas:
nuair:
Airteagal 280e Forlíontán na catagóire priacail tráchtearraí 1. Chun críocha Airteagal 278, ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire priacail tráchtearraí le haghaidh tacar glanluachála áirithe mar leanas:
nuair:
2. Chun críche forlíontán tacair fálúcháin tráchtearraí do thacar glanluachála áirithe a ríomh i gcomhréir le mír 4, bunóidh institiúidí na cineálacha tagartha tráchtearraí do gach tacar fálúcháin. Sannfar idirbhearta díorthach tráchtearraí don chineál tagartha tráchtearraí céanna i gcás inarb ionann nádúr do bhunionstraim tráchtearraí na n-idirbheart sin, agus sa chás sin amháin, beag beann ar shuíomh seachadta na hionstraime tráchtearraí agus ar cháilíocht na hionstraime tráchtearraí sin. 3. De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na húdaráis inniúla a chur de cheangal ar institiúid a bhfuil risíocht mhór aici ar an mbunphriacal a bhaineann le suíomhanna éagsúla inarb ionann nádúr na suíomhanna féin agus dá dtagraítear i mír 2 chun na cineálacha tagartha tráchtearraí do na suíomhanna sin a shuí agus níos mó saintréithe a úsáid seachas nádúr na bunionstraime tráchtearraí amháin. I gcás mar sin, sannfar idirbhearta díorthach tráchtearraí don chineál tagartha tráchtearraí céanna i gcás inarb ionann na saintréithe sin, agus sa chás sin amháin. 4. Ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire priacail tráchtearraí le haghaidh thacar fálúcháin j mar leanas:
nuair:
5. Ríomhfaidh institiúidí an forlíontán do chineál tagartha tráchtearraí k mar leanas:
nuair:
Airteagal 280f Forlíontán na catagóire priacail eile 1. Chun críocha Airteagal 278, ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire priacail eile le haghaidh tacar glanluachála áirithe mar leanas:
nuair:
2. Ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire priacail eile le haghaidh thacar fálúcháin ‘j’ mar leanas:
nuair:
Airteagal 281 Luach na risíochta a ríomh 1. Ríomhfaidh institiúidí luach risíochta aonair ar leibhéal an tacair glanluachála i gcomhréir le Roinn 3, faoi réir mhír 2 den Airteagal seo. 2. Ríomhfar luach risíochta tacair glanluachála i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:
Airteagal 282 Luach na risíochta a ríomh 1. Féadfaidh institiúidí luach risíochta aonair a ríomh le haghaidh na n-idirbheart uile atá mar chuid de chomhaontú glanluachála conarthach i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach in Airteagal 274(1). In aon chás eile, ríomhfaidh institiúidí luach risíochta go leithleach le haghaidh gach idirbhirt, agus láimhseálfar gach idirbheart mar a thacar glanluachála féin. 2. Is éard a bheidh i luach risíochta tacair glanluachála nó idirbhirt 1,4 uair shuim an chostais reatha athsholáthair agus na risíochta féideartha todhchaíche. 3. Déanfar an costas reatha athsholáthair dá dtagraítear i mír 2 a ríomh mar leanas:
D'fhonn an costas reatha athsholáthair a ríomh, tabharfaidh institiúidí na luachanna margaidh reatha cothrom le dáta ar bhonn míosúil ar a laghad. 4. Déanfaidh institiúidí an risíocht fhéideartha thodhchaíoch dá dtagraítear i mír 2 a ríomh mar leanas:
Chun risíocht fhéideartha díorthach rátaí úis agus díorthach creidmheasa i gcomhréir le pointe b(i) agus (ii), féadfaidh institiúid rogha a dhéanamh an aibíocht bunaidh a úsáid in áit aibíocht iarmhair na gconarthaí.”; |
|
(75) |
in Airteagal 283, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: “4. Maidir le gach idirbheart díorthach thar an gcuntar, agus maidir le hidirbhearta socraíochta iarchurtha nach bhfuil cead faighte ag institiúid an IMM a úsáid ina leith faoi mhír 1, bainfidh an institiúid úsáid as na modhanna a leagtar amach i Roinn 3. Féadfar na modhanna sin a úsáid i dteaglaim ar bhonn buan laistigh de ghrúpa.”; |
|
(76) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 298: “Airteagal 298 Na héifeachtaí a bhaineann le glanluacháil mar rud a laghdaíonn priacal a aithint Déanfar glanluacháil chun críocha Roinn 3 go Roinn 6 a aithint mar a leagtar amach sna Ranna sin.”; |
|
(77) |
in Airteagal 299(2), scriostar pointe (a); |
|
(78) |
Leasaítear Airteagal 300 mar a leanas:
|
|
(79) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 301: “Airteagal 301 Raon feidhme ábhartha 1. Baineann an Roinn seo leis na conarthaí agus na hidirbhearta seo a leanas fad agus atá siad gan réiteach le contrapháirtí lárnach:
Níl feidhm ag an Roinn seo maidir le risíochtaí a thagann as socraíocht idirbheart airgid. Cuirfidh institiúidí an láimhseáil a leagtar síos i dTeideal V i bhfeidhm ar risíochtaí trádála a thagann as na hidirbhearta sin agus cuirfidh siad ualú priacail 0 % i bhfeidhm ar na ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana a chumhdaíonn na hidirbhearta réamhráite agus iad sin amháin. Cuirfidh institiúidí an láimhseáil a leagtar síos in Airteagal 307 i bhfeidhm ar na ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana a chumhdaíonn aon cheann de na conarthaí a liostaítear sa chéad fhomhír den mhír seo sa bhreis ar idirbhearta airgid. 2. Chun críocha na Roinne seo, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:
|
|
(80) |
in Airteagal 302, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Maidir le leibhéal na gcistí dílse atá á sealbhú i gcoinne risíochtaí ar chontrapháirtí lárnach, lena náirítear risíochtaí féideartha todhchaíocha nó risíochtaí creidmheasa teagmhasacha, risíochtaí ar ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana agus, nuair atá an institiúid ag gníomhú mar chomhalta imréitigh, risíochtaí ar toradh iad ar shocruithe conarthacha a leagtar síos in Airteagal 304, déanfaidh institiúidí a mheas, trí anailís iomchuí ar chnámha an scéil a dhéanamh agus trí bhearta tástála struis, an leor iad le cois na priacail is gné dhílis de na risíochtaí sin.”; |
|
(81) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 303: “Airteagal 303 Risíochtaí na gcomhaltaí imréitigh ar chontrapháirtithe lárnacha a láimhseáil 1. I gcás ina bhfuil institiúid ag gníomhú mar chomhalta imréitigh, chun a críocha féin nó mar idirghabhálaí airgeadais idir cliant agus contrapháirtí lárnach, ríomhfaidh sí na ceanglais cistí dílse dá risíochtaí ar chontrapháirtí lárnach mar leanas:
2. Chun críocha mhír 1, beidh suim ceanglas cistí dílse institiúide le haghaidh a risíochtaí ar chontrapháirtí lárnach cáilitheach i ngeall ar risíochtaí trádála agus ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana, beidh sí faoi réir uasteorainn atá cothrom le suim na gceanglas cistí dílse a chuirfí i bhfeidhm ar na risíochtaí céanna sin dá mba chontrapháirtí lárnach neamhcháilitheach é an contrapháirtí lárnach.”; |
|
(82) |
leasaítear Airteagal 304 mar a leanas:
|
|
(83) |
Leasaítear Airteagal 305 mar a leanas:
|
|
(84) |
leasaítear Airteagal 306 mar a leanas:
|
|
(85) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 307: “Airteagal 307 Ceanglais cistí dílse maidir le ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh Cuirfidh institiúid a ghníomhaíonn mar chomhalta imréitigh an láimhseáil seo a leanas i bhfeidhm ar a risíochtaí a thagann as a ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh:
|
|
(86) |
leasaítear Airteagal 308 mar a leanas:
|
|
(87) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 309, Airteagal 310 agus Airteagal 311: “Airteagal 309 Ceanglais cistí dílse maidir le ranníocaíochtaí réamhchistithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh neamhcháilithigh agus le ranníocaíochtaí neamhchistithe le contrapháirtí lárnach neamhcháilitheach 1. Cuirfidh institiúid an fhoirmle seo a leanas i bhfeidhm chun an ceanglas cistí dílse a ríomh maidir leis na risíochtaí a thagann as a ranníocaíochtaí réamhchistithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh neamhcháilithigh agus as ranníocaíochtaí neamhchistithe le contrapháirtí lárnach den sórt sin:
2. Déanfaidh institiúid méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh maidir le risíochtaí a thagann as ranníocaíocht na hinstitiúide sin le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh neamhcháilithigh chun críocha Airteagal 92(3) mar an ceanglas cistí dílse, arna ríomh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, arna iolrú faoi 12,5. Airteagal 310 Ceanglais cistí dílse maidir le ranníocaíochtaí réamhchistithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh cháilithigh Cuirfidh institiúid ualú priacail 0 % i bhfeidhm ar a ranníocaíochtaí neamhchistithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh cháilithigh. Airteagal 311 Ceanglais cistí dílse do risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha nach gcomhlíonann coinníollacha áirithe a thuilleadh 1. Cuirfidh institiúidí an láimhseáil a leagtar amach san Airteagal seo i bhfeidhm i gcás inar tháinig siad de bheith ar an eolas, tar éis fógra poiblí nó fógra ó údarás inniúil contrapháirtí lárnaigh a úsáideann na hinstitiúidí nó ón gcontrapháirtí lárnach féin, nach gcomhlíonfaidh an contrapháirtí lárnach na coinníollacha maidir le húdarú nó le haitheantas, de réir mar is infheidhme, a thuilleadh. 2. I gcás ina gcomhlíontar an coinníoll a leagtar amach i mír 1, déanfaidh institiúidí, laistigh de thrí mhí ón dáta a bhfuil a fhios acu faoin imthoisc dá dtagraítear sa mhír sin nó níos luaithe i gcás ina n-éilíonn údaráis inniúla na n-institiúidí sin é, déanfaidh siad an méid seo a leanas i ndáil lena risíochtaí ar an gcontrapháirtí lárnach sin:
|
|
(88) |
in Airteagal 316(1), cuirtear an fhomhír seo leanas isteach: “De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh institiúidí a roghnú gan na catagóirí cuntasaíochta don chuntas brabúis agus caillteanais faoi Airteagal 27 de Threoir 86/635/CEE a chur i bhfeidhm maidir le léasanna airgeadais agus oibriúcháin chun críocha an táscaire ábhartha a ríomh, agus féadfaidh siad, ina n-ionad:
|
|
(89) |
i dTeideal IV de Chuid a Trí, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chaibidil 1: “CAIBIDIL 1 FORÁLACHA GINEARÁLTA Airteagal 325 Cur chuige chun críche ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh priacal margaidh 1. Déanfaidh gach institiúid a ceanglais cistí dílse maidir le priacal margaidh gach suímh leabhar trádála agus gach suímh leabhar neamhthrádála atá faoi réir priacal malairte eachtraí nó priacal tráchtearraí a ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige seo a leanas:
2. Ciallóidh na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh a ríomhtar i gcomhréir leis an gcur chuige caighdeánaithe dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 suim na gceanglas cistí dílse, mar is infheidhme:
3. Aon institiúid nach bhfuil díolúine aici ó na ceanglais tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 430b i gcomhréir le hAirteagal 325a, déanfaidh an institiúid sin an ríomh a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 430b do gach suíomh leabhar trádála agus gach suíomh leabhar neamhthrádála faoi réir priacal malairte eachtraí nó priacal tráchtearraí i gcomhréir leis na cuir chuige seo a leanas:
4. Féadfaidh institiúid na cineálacha cur chuige a leagtar amach i bpointe (a) agus pointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo a úsáid i gcomhcheangal ar bhonn buan laistigh de ghrúpa i gcomhréir le hAirteagal 363. 5. Ní úsáidfidh institiúid an cur chuige a leagtar amach i bpointe (b) de mhír 3 d'ionstraimí ina leabhar trádála ar suíomhanna urrúsúcháin iad nó suíomhanna a áirítear sa phunann trádála chomhghaoil mhalartach (ACTP) mar a leagtar amach i mír 6, i mír 7 agus i mír 8. 6. Maidir le suíomhanna urrúsúcháin agus díorthaigh chreidmheasa don n-ú mainneachtain a chomhlíonann na critéir uile seo a leanas, áireofar san ACTP iad:
Meastar go bhfuil margadh dhá threo ann má dhéantar tairiscintí neamhspleácha bona fide chun earraí a cheannach agus a dhíol ionas gur féidir praghas a bhaineann go réasúnta leis an bpraghas díola deireanach nó le tairiscint iomaíoch bona fide agus luachanna tairisceana reatha a chinneadh laistigh de lá amháin agus a shocrú ar an bpraghas sin laistigh de thréimhse measartha gearr ag teacht le gnás trádála. 7. Ní áireofar sa phunann trádála chomhghaoil mhalartach aon suíomhanna ina bhfuil aon cheann de na hionstraimí seo a leanas:
8. Féadfaidh institiúidí suíomhanna a chur sa phunann trádála chomhghaoil mhalartach nach suíomhanna urrúsúcháin ná díorthaigh chreidmheasa don n-ú mainneachtain iad ach a fhálaíonn suíomhanna eile sa phunann sin, ar choinníoll go bhfuil margadh leachtach dhá threo, de réir na tuairisce sa dara fomhír de mhír 6, ann don ionstraim sin nó dá ionstraimí foluiteacha. 9. Déanfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt d'fhonn sonrú a thabhairt ar an dóigh ina ríomhfaidh na hinstitiúidí ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh do shuíomhanna leabhar neamhthrádála atá faoi réir priacal malairte eachtraí nó priacal tráchtearraí i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 3. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meán Fómhair 2020. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Airteagal 325a Díolúintí ó cheanglais shonracha tuairiscithe le haghaidh priacal margaidh 1. Díolmhófar institiúid ón gceanglas tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 430b, ar choinníoll gur lú gnó na hinstitiúide laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe atá faoi réir priacal margaidh ná gach ceann de na tairseacha seo a leanas, nó go bhfuil siad cothrom leo, ar bhonn measúnú a dhéantar go míosúil, agus na sonraí a úsáid ón lá deireanach den mhí:
2. Déanfaidh institiúidí méid a ngnó laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe atá faoi réir priacal margaidh bunaithe ar shonraí amhail ón lá deireanach de gach mí i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:
3. Tabharfaidh institiúidí fógra do na húdaráis inniúla nuair a ríomhfaidh siad a gceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh i gcomhréir leis an Airteagal seo, nó nuair a scoirfidh siad de na ceanglais sin a ríomh. 4. Institiúid nach gcomhlíonfaidh a thuilleadh ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 tabharfaidh sí fógra ina leith don údarás inniúil gan mhoill. 5. Scoirfidh an díolúine ó na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 430b d'fheidhm a bheith aici laistigh de thrí mhí de cheachtar de na cásanna seo a leanas:
6. I gcás ina bhfuil institiúid faoi féir na gceanglas tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 430b i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo, ní bheidh an institiúid díolmhaithe ó na ceanglais tuairiscithe sin ach amháin i gcás ina léiríonn sí don údarás inniúil gur comhlíonadh na coinníollacha go léir a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo ar feadh tréimhse bliana iomlán. 7. Ní thiocfaidh institiúid i suíomh ná ní dhéanfaidh sí suíomh a cheannach ná a dhíol, d'aon ghnó, chun ceann ar bith de na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 a chomhlíonadh i rith an mheasúnaithe mhíosúil agus chun na críche sin amháin. 8. Aon institiúid atá incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 94, beidh sí díolmhaithe ón gceanglas tuairiscithe atá leagtha amach in Airteagal 430b. Airteagal 325b Cead i leith ceanglais chomhdhlúite 1. Faoi réir mhír 2, agus ar mhaithe le glansuíomhanna agus ceanglais cistí dílse a ríomh i gcomhréir leis an Teideal seo ar bhonn comhdhlúite, agus ar mhaithe leis sin amháin, féadfaidh institiúidí suíomhanna in institiúid nó i ngnóthas amháin a úsáid chun suíomhanna in institiúid nó i ngnóthas eile a fhritháireamh. 2. Ní fhéadfaidh institiúidí mír 1 a chur i bhfeidhm ach amháin le cead ó na húdaráis inniúla, cead a thabharfar má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
3. I gcás ina bhfuil na gnóthais suite i dtríú tíortha, comhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas i dteannta na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 2:
|
|
(90) |
i dTeideal IV de Chuid a Trí, cuirtear na Caibidlí seo a leanas isteach: “ CAIBIDIL 1a An Cur Chuige Caighdeánaithe Malartach
Airteagal 325c Raon feidhme agus struchtúr an chur chuige mhalartaigh caighdeánaithe 1. Níor cheart an cur chuige caighdeánaithe malartach mar a leagtar amach sa Chaibidil seo a úsáid ach amháin chun críocha an cheanglais tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 430b(1). 2. Déanfaidh na hinstitiúidí a gceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh a ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige caighdeánaithe malartach maidir le punann de shuíomhanna sa leabhar trádála agus de shuíomhanna leabhar neamhthrádála atá faoi réir priacal malairte eachtraí nó tráchtearraí mar shuim na dtrí chomhpháirt seo a leanas:
Airteagal 325d Sainmhínithe Chun críocha na Caibidle seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
Airteagal 325e Comhpháirteanna an mhodha íogaireacht-bhunaithe 1. Déanfaidh institiúidí a gceanglais cistí dílse féin le haghaidh priacal margaidh a ríomh de réir an mhodha íogaireacht-bhunaithe trí na trí cheanglas cistí dílse a chomhiomlánú i gcomhréir le hAirteagal 325h:
2. Chun críche an ríomha dá dtagraítear i mír 1,
Chun críocha na Caibidle seo, ar na hionstraimí ina bhfuil roghnaíocht tá, i measc ionstraimí eile: glaonna, céadroghanna, caidhpeanna, íosrátaí, roghtálacha, céadroghanna bacainneacha agus céadroghanna coimhthíocha. Measfar gur suíomhanna ar leithligh i roghanna iad roghanna leabaithe, amhail roghanna réamhíocaíochta nó iompraíochta, chun críche ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh a ríomh. Chun críocha na Caibidle seo, measfar gur ionstraimí gan roghnaíocht iad ionstraimí ar féidir a sreabhadh airgid thirim a scríobh mar fheidhm líneach de mhéid barúlach an fholuitigh. Airteagal 325f Ceanglais cistí dílse maidir le priacail deilte agus vega 1. Cuirfidh institiúidí na fachtóirí priacail deilte agus vega i bhfeidhm mar a thuairiscítear i bhForoinn 1 de Roinn 3 chun ceanglais cistí dílse le haghaidh priacail deilte agus vega a ríomh. 2. Cuirfidh institiúidí an próiseas i bhfeidhm mar a leagtar amach i míreanna 3 go 8 chun ceanglais cistí dílse le haghaidh priacail deilte agus vega a ríomh. 3. Maidir le gach aicme phriacail, déanfar íogaireacht na n-ionstraimí uile faoi raon feidhme na gceanglas cistí dílse le haghaidh priacail deilte nó vega ar gach fachtóir priacail deilte nó vega is infheidhme atá san áireamh san aicme phriacail sin, déanfar sin a ríomh trí na foirmlí comhfhreagracha i bhForoinn 2 de Roinn 3 a úsáid. Má bhíonn luach ionstraime ag brath ar an iliomad fachtóirí priacail, déanfar an íogaireacht a chinneadh ar leithligh maidir le gach fachtóir priacail. 4. Déanfar íogaireachtaí a shannadh do cheann amháin de na buicéid ‘b’ laistigh de gach aicme phriacail. 5. Laistigh de gach buicéad ‘b’, déanfar na híogaireachtaí deimhneacha agus diúltacha a ghlanluacháil, as a dtagann glaníogaireachtaí (sk) ar gach fachtóir priacail k laistigh de bhuicéad. 6. Déanfar na glaníogaireachtaí ar gach fachtóir priacail laistigh de gach buicéad a iolrú faoi na hualuithe priacail chomhfhreagracha mar a leagtar amach i Roinn 6, as a dtiocfaidh íogaireachtaí ualaithe ar gach fachtóir priacail laistigh den bhuicéad sin i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
7. Déanfar na híogaireachtaí ualaithe ar na fachtóirí priacail difriúla laistigh de gach buicéad a chomhiomlánú i gcomhréir leis an bhfoirmle thíos, mar a socraítear íosteorainn an mhéid laistigh den fheidhm fréimhe cearnaí ag nialas, as a dtagann an íogaireacht bhuicéad-shonrach. Úsáidfear na comhghaolta comhfhreagracha maidir le híogaireachtaí ualaithe laistigh den bhuicéad céanna (ρkl), a leagtar amach i Roinn 6.
8. Déanfar an íogaireacht bhuicéad-shonrach a ríomh maidir le gach buicéad atá laistigh d'aicme phriacail i gcomhréir le mír 5, mír 6 agus mír 7. Nuair a ríomhfar an íogaireacht bhuicéad-shonrach i leith na mbuicéad go léir, déanfar íogaireachtaí ualaithe ar gach fachtóir priacail a chomhiomlánú i gcomhréir leis an bhfoirmle thíos, trí na comhghaolta comhfhreagracha γbc maidir le híogaireachtaí ualaithe i mbuicéad difriúla a úsáid mar a leagtar amach i Roinn 6, as a dtagann an ceanglas cistí dílse a bhaineann go sonrach le haicme phriacail do phriacal deilte nó vega:
nuair:
Déanfar na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacail deilte nó vega a bhaineann go sonrach le haicme phriacail ar leith a ríomh maidir le gach aicme phriacail i gcomhréir le míreanna 1 go 8. Airteagal 325g Ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal cuaire Déanfaidh na hinstitiúidí ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal cuaire a ríomh i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 461a. Airteagal 325h Ceanglais cistí dílse a chomhiomlánú a bhaineann go sonrach le haicme phriacail ar leith le haghaidh priacail deilte, vega agus cuaire 1. Comhiomlánóidh institiúidí ceanglais cistí dílse a bhaineann go sonrach le haicme phriacail ar leith le haghaidh na bpriacal deilte, vega agus cuaire i gcomhréir leis an bpróiseas a leagtar amach i míreanna 2, 3 agus 4. 2. An próiseas chun ceanglais cistí dílse a bhaineann go sonrach le haicmí priacail deilte, vega agus cuaire ar leith a ríomh mar a thuairiscítear in Airteagail 325f agus 325g, déanfar an próiseas sin trí huaire le haghaidh gach aicme phriacail, trí thacar paraiméadar comhghaoil difriúil a úsáid gach uair ρkl (an comhghaol idir fachtóirí priacail laistigh de bhuicéad) agus γbc (an comhghaol idir buicéid laistigh d'aicme phriacail). Beidh gach ceann de na trí thacar sin comhfhreagrach le cás difriúil, mar a leanas:
3. Ríomhfaidh na hinstitiúidí na ceanglais cistí dílse a bhaineann go sonrach le haicmí priacail deilte, vega agus cuaire ar leith maidir le gach cás chun trí cheanglas cistí dílse cás-sonracha a chinneadh. 4. Is éard a bheidh sa cheanglas cistí dílse faoin modh íogaireacht-bhunaithe an ceann is airde de na trí cheanglas cistí dílse cás-sonracha dá dtagraítear i mír 3. Airteagal 325i Ionstraimí innéacs agus céadroghanna il-fholuiteacha a láimhseáil Déanfaidh na hinstitiúidí láimhseáil na n-ionstraimí innéacs agus na gcéadroghanna il-fholuiteacha a shonrú i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 461a. Airteagal 325j Gnóthais chomhinfheistíochta a láimhseáil Déanfaidh na hinstitiúidí láimhseáil na ngnóthas comhinfheistíochta a shonrú i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 461a. Airteagal 325k Suíomhanna frithgheallta 1. Féadfaidh institiúidí úsáid a bhaint as an bpróiseas a leagtar amach san Airteagal seo chun ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh maidir le suíomhanna frithgheallta ionstraimí fiachais nó cothromais a ríomh. 2. Déanfaidh institiúidí ceann amháin de na fachtóirí iolraithe iomchuí arna liostú i dTábla 1 a chur i bhfeidhm ar ghlaníogaireachtaí na suíomhanna frithgheallta i ngach eisitheoir aonair, seachas na suíomhanna frithgheallta a ndéantar a shuibscríobh nó a fho-fhrithghealladh ag tríú páirtithe ar bhonn comhaontuithe foirmiúla, agus déanfaidh siad na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh a ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach sa Chaibidil seo ar bhonn na nglaníogaireachtaí coigeartaithe. Tábla 1
Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘lá gnó 0’ an lá gnó ar a dtabharfaidh an institiúid gealltanas gan choinníoll glacadh le líon áirithe urrús ar phraghas comhaontaithe. 3. Tabharfaidh institiúidí fógra do na húdaráis inniúla maidir le cur i bhfeidhm an phróisis a leagtar amach san Airteagal seo.
Airteagal 325l Fachtóirí priacail i dtaca le ráta úis ginearálta 1. Maidir leis na fachtóirí priacail i dtaca le ráta úis ginearálta, lena n-áirítear priacal bolscaireachta agus priacal trasairgeadra-bhunaithe, beidh buicéad amháin in aghaidh an airgeadra a bhfuil cineálacha difriúla fachtóir priacail i ngach ceann acu. Is éard a bheidh sna fachtóirí priacail deilte i dtaca le rátaí úis ginearálta mar is infheidhme maidir le hionstraimí atá íogair ar rátaí úis na rátaí ábhartha saor ó phriacal in aghaidh an airgeadra agus in aghaidh gach ceann de na haibíochtaí seo a leanas: 0,25 bliain, 0.5 bliain, 1 bhliain, 2 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana, 15 bliana, 20 bliain, 30 bliain. Déanfaidh institiúidí fachtóirí priacail a shannadh do na reanna a shonraítear trí idirshuíomh líneach nó trí mhodh a úsáid is mó atá comhsheasmhach leis na feidhmeanna praghsála a úsáidtear le feidhm rialaithe phriacail neamhspleách na hinstitiúide chun priacal margaidh nó brabúis agus caillteanais a thuairisciú chun na bainistíochta sinsearaí. 2. Gheobhaidh na hinstitiúidí na rátaí saor ó phriacal in aghaidh an airgeadra ó ionstraimí margaidh airgid atá i leabhar trádála na hinstitiúide ag a bhfuil an priacal creidmheasa is ísle, amhail babhtálacha innéacsanna thar oíche. 3. I gcás nach bhféadann institiúid an cur chuige dá dtagraítear i mír 2 a chur i bhfeidhm, bunófar na rátaí saor ó phriacal ar chuar babhtála intuigthe ón margadh amháin nó níos mó ná sin chun suíomhanna ar an margadh a mharcáil, amhail cuar babhtála ráta a thairgtear idir bainc. I gcás nach leordhóthanach na sonraí maidir le cuara babhtála intuigthe ón margadh ar a bhfuil tuairisc i mír 2 agus sa chéad fhomhír den mhír sin, féadfar na rátaí saor ó phriacal a dhíorthú ón gcuar banna ceannais is oiriúnaí maidir le hairgeadra ar leith. I gcás ina n-úsáideann institiúidí fachtóirí priacail ráta úis ghinearálta a dhíorthaítear i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa dara fomhír den mhír sin maidir le hionstraimí fiachais cheannasaigh, ní bheidh díolúine ag an ionstraim fiachais cheannasaigh ón gceanglas cistí maidir le priacal um raon difríochta creidmheasa. Sna cásanna sin, nuair nach féidir an ráta saor ó phriacal a scaradh ó chomhpháirt an raoin difríochta, déanfar an íogaireacht ar an bhfachtóir priacail sin a leithdháileadh ar phriacal ráta úis ghinearálta agus ar aicmí priacail um raon difríochta. 4. I gcás fachtóirí priacail i dtaca le ráta úis ginearálta, is buicéad ar leithligh a bheidh i ngach airgeadra. Sannfaidh institiúidí fachtóirí priacail laistigh den bhuicéad céanna, ach beidh aibíochtaí difriúla ag gabháil leo, ualú priacail difriúil, i gcomhréir le Roinn 6. Cuirfidh institiúidí fachtóirí priacail breise le haghaidh priacal boilscithe i bhfeidhm ar ionstraimí fiachais a bhfuil a sreabhadh airgid thirim ag brath go feidhmeach ar rátaí boilscithe. Is éard a bheidh sna fachtóirí priacail breise sin veicteoir amháin de rátaí boilscithe intuigthe ón margadh a bhfuil aibíochtaí difriúla acu in aghaidh an airgeadra. Maidir le gach ionstraim, beidh sa veicteoir a mhéid comhpháirteanna agus a bhfuil de rátaí boilscithe ann a úsáidtear mar athróga le samhail phraghsála na hinstitiúide don ionstraim sin. 5. Déanfaidh institiúidí íogaireacht na hionstraime ar an bhfachtóir priacail breise le haghaidh priacal boilscithe dá dtagraítear i mír 4 a ríomh mar athrú ar luach na hionstraime, i gcomhréir lena samhail phraghsála, mar thoradh ar athrú 1 phointe boinn amháin i ngach ceann de chomhpháirteanna an veicteora. Buicéad ar leith a bheidh i ngach airgeadra. Laistigh de gach buicéad, déanfaidh institiúidí an boilsciú a láimhseáil mar fhachtóir priacail aonair, gan beann ar an líon comhpháirteanna i ngach veicteoir. Déanfaidh institiúidí gach íogaireacht ar bhoilsciú a fhritháireamh laistigh de bhuicéad, arna ríomh mar a thuairiscítear sa mhír seo, chun críche glaníogaireacht amháin in aghaidh an bhuicéid a chur faoi deara. 6. Beidh ionstraimí fiachais a bhaineann le híocaíochtaí in airgeadraí difriúla faoi réir freisin ag priacal trasairgeadra-bhunaithe idir na hairgeadraí sin. Chun críocha an mhodha íogaireacht-bhunaithe, is éard a bheidh sna fachtóirí priacail a bheidh le cur i bhfeidhm ag na hinstitiúidí na priacail trasairgeadra-bhunaithe ar bhonn de réir dollar SAM nó ar bhonn de réir euro. Déanfaidh institiúidí boinn thrasairgeadra nach mbaineann le bonn de réir USD nó bonn de réir euro a ríomh ‘ar bhonn de réir dollar SAM nó ‘ar bhonn de réir euro’. Is éard a bheidh sna fachtóirí ar bhonn trasairgeadra sin veicteoir amháin de rátaí boilscithe intuigthe ón margadh ag a bhfuil aibíochtaí difriúla acu in aghaidh an airgeadra. Maidir le gach ionstraim fiachais, beidh sa veicteoir a mhéid comhpháirteanna agus a bhfuil de bhoinn thrasairgeadra ann a úsáidtear mar athróga le samhail phraghsála don ionstraim sin. Buicéad difriúil a bheidh i ngach airgeadra. Déanfaidh institiúidí íogaireacht na hionstraime ar an bhfachtóir ar bhonn trasairgeadra a ríomh mar athrú ar luach na hionstraime, i gcomhréir lena samhail phraghsála, mar thoradh ar athrú 1 phointe boinn amháin i ngach ceann de chomhpháirteanna an veicteora. Buicéad ar leith a bheidh i ngach airgeadra. Laistigh de gach buicéad beidh dhá fhachtóir priacail fhéideartha éagsúla: bonn de réir euro agus bonn de réir dollar SAM, gan beann ar an líon comhpháirteanna a bhíonn i ngach veicteoir lena bhfuil bonn trasairgeadra. Ní bheidh níos mó ná dhá ghlaníogaireacht i ngach buicéad. 7. Na fachtóirí priacail vega i dtaca le ráta úis ginearálta is infheidhme maidir le céadroghanna lena mbaineann ionstraimí foluiteacha atá íogair ar ráta úis ginearálta, is éard a bheidh sna fachtóirí sin luaineachtaí intuigthe na rátaí úis saor ó phriacal lena mbaineann mar a thuairiscítear i mír 2 agus mír 3, a ndéanfar a shannadh do bhuicéid ag brath ar an airgeadra agus arna mapáil ar na haibíochtaí seo a leanas laistigh de gach buicéad: 0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana. Buicéad amháin in aghaidh an airgeadra a bheidh ann. Chun críocha mapála, measfaidh gach institiúid gur san fhachtóir priacail céanna a bheidh luaineachtaí intuigthe arna nascadh leis na rátaí céanna saor ó phriacal agus arna mapáil ar na haibíochtaí céanna. I gás ina mapálann institiúidí luaineachtaí intuigthe leis na haibíochtaí dá dtagraítear sa mhír seo, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:
8. Is éard a bheidh sna fachtóirí priacail maidir le rátaí ginearálta úis cuaire a bheidh le cur i bhfeidhm ag na hinstitiúidí veicteoir amháin de rátaí saor ó phriacal, arb éard a bheidh ann aon chuar toraidh shonrach amháin, in aghaidh an airgeadra. Buicéad difriúil a bheidh i ngach airgeadra. Maidir le gach ionstraim, beidh sa veicteoir a mhéid comhpháirteanna agus a bhfuil d'aibíochtaí difriúla rátaí saor ó phriacal ann a úsáidtear mar athróga le samhail phraghsála na hinstitiúide don ionstraim sin. 9. Déanfaidh na hinstitiúidí íogaireacht gach ionstraime ar gach fachtóir priacail arna úsáid san fhoirmle phriacail cuaire a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 325g. Chun críocha priacal cuaire, measfaidh institiúidí gurb é an fachtóir priacail céanna veicteoirí atá comhfhreagrach le cuara toradh difriúla agus a bhfuil líon comhpháirteanna difriúil acu, ar choinníoll go bhfuil na veicteoirí sin comhfhreagrach leis an airgeadra céanna. Déanfaidh institiúidí íogaireachtaí ar an bhfachtóir priacail céanna a fhritháireamh. Ní bheidh ach aon ghlaníogaireacht amháin le haghaidh gach buicéid. Ní bheidh aon cheanglais cistí dílse priacal cuaire le haghaidh boilsciú agus priacail trasairgeadra-bhunaithe. Airteagal 325m Fachtóirí priacail um raon difríochta le haghaidh neamhurrúsúcháin 1. Is éard a bheidh sna fachtóirí priacail um raon difríochta deilte a bheidh le cur i bhfeidhm ag institiúidí maidir le hionstraimí neamhurrúsúcháin a bhíonn íogair ar raonta difríochta ná rátaí um raon difríochta eisitheora na n-ionstraimí sin, arna mbunú ar na hionstraimí fiachais ábhartha agus ar bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa, agus arna mapáil ar gach ceann de na haibíochtaí seo a leanas: 0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana. Cuirfidh institiúidí fachtóir priacail amháin i bhfeidhm maidir le gach eisitheoir agus aibíocht, gan beann ar a bhfuil na rátaí um raon difríochta eisitheora sin bunaithe ar ionstraimí fiachais nó babhtálacha mainneachtana creidmheasa. Is éard a bheidh sna buicéid buicéid earnála, dá dtagraítear i Roinn 6, agus beidh na fachtóirí priacail arna leithdháileadh ar na fachtóirí priacail a shanntar don earnáil ábhartha. 2. Is éard a bheidh sna fachtóirí priacail vega um raon difríochta creidmheasa a bhíonn le cur i bhfeidhm ag institiúidí maidir le céadroghanna a bhfuil ionstraimí foluiteacha ag gabháil leo a bhíonn íogair ar raon difríochta creidmheasa ná luaineachtaí intuigthe rátaí um raon difríochta creidmheasa eisitheora na hionstraime foluití mar a leagtar síos i mír 1, a ndéanfar a mhapáil ar na haibíochtaí seo a leanas i gcomhréir le haibíocht na céadrogha faoi réir an cheanglais cistí dílse: 0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana. Bainfear úsáid as na buicéid chéanna a úsáideadh don phriacal um raon difríochta creidmheasa deilte i ndáil le neamhurrúsúchán. 3. Is éard a bheidh sna fachtóirí priacail um raon difríochta cuaire a bheidh le cur i bhfeidhm ag institiúidí maidir le hionstraimí neamhurrúsúcháin veicteoir amháin rátaí um raon difríochta, arb éard a bheidh ann cuar um raon difríochta creidmheasa a bhaineann go sonrach leis an eisitheoir. Maidir le gach ionstraim, beidh sa veicteoir a mhéid comhpháirteanna agus a bhfuil d'aibíochtaí difriúla rátaí um raon difríochta creidmheasa ann a úsáidtear mar athróga le samhail phraghsála na hinstitiúide don ionstraim sin. Bainfear úsáid as na buicéid chéanna a úsáideadh don phriacal um raon difríochta creidmheasa deilte i ndáil le neamhurrúsúchán. 4. Déanfaidh na hinstitiúidí íogaireacht gach ionstraime ar gach fachtóir priacail arna úsáid san fhoirmle phriacail chuaire a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 325g. Chun críocha priacal cuaire, measfaidh institiúidí gurb é an fachtóir priacail céanna veicteoirí atá bunaithe ar ionstraimí fiachais ábhartha nó babhtálacha mainneachtana creidmheasa agus a bhfuil líon comhpháirteanna difriúil acu, ar choinníoll go bhfuil na veicteoirí sin comhfhreagrach leis an eisitheoir céanna. Airteagal 325n Fachtóirí priacail um raon difríochta i gcomhair urrúsúcháin 1. Cuirfidh institiúidí na fachtóirí priacail um raon difríochta creidmheasa dá dtagraítear i mír 3 i bhfeidhm ar shuíomhanna urrúsúcháin a áirítear i ACTP, dá dtagraítear i mír (6), mír (7) agus mír (8) d'Airteagal 325, Cuirfidh institiúidí na fachtóirí priacail um raon difríochta creidmheasa dá dtagraítear i mír 5 i bhfeidhm ar shuíomhanna urrúsúcháin nach n-áirítear i ACTP, dá dtagraítear i mír (6), mír (7) agus mír (8) d'Airteagal 325. 2. Is ionann na buicéid is infheidhme le priacal um raon difríochta creidmheasa le haghaidh urrúsúchán a áirítear i ACTP agus na buicéid is infheidhme le priacal um raon difríochta creidmheasa le haghaidh neamhurrúsúcháin, dá dtagraítear i Roinn 6. Bainfidh na buicéid is infheidhme le priacal um raon difríochta creidmheasa le haghaidh urrúsúchán nach n-áirítear i ACTP go sonrach leis an gcatagóir aicme phriacail sin, dá dtagraítear i Roinn 6. 3. Is iad seo a leanas na fachtóirí priacail um raon difríochta creidmheasa ag institiúidí ar shuíomhanna urrúsúcháin a áirítear i ACTP:
4. Déanfaidh na hinstitiúidí íogaireacht gach urrúsúcháin ar gach fachtóir priacail arna úsáid san fhoirmle phriacail chuaire a ríomh mar a leagtar amach in Airteagal 325g. Chun críocha priacal cuaire, measfaidh institiúidí gurb é an fachtóir priacail céanna veicteoirí atá bunaithe ar ionstraimí fiachais ábhartha nó babhtálacha mainneachtana creidmheasa agus a bhfuil líon comhpháirteanna difriúil acu, ar choinníoll go bhfuil na veicteoirí sin comhfhreagrach leis an eisitheoir céanna. 5. Déanfaidh na fachtóirí priacail um raon difríochta creidmheasa a bhíonn le cur i bhfeidhm ag institiúidí ar shuíomhanna urrúsúcháin nach n-áirítear i ACTP, déanfaidh siad tagairt do raon difríochta an tráinse seachas raon difríochta na n-ionstraimí foluiteacha agus is éard a bheidh iontu an méid seo a leanas:
Airteagal 325o Fachtóirí priacail cothromais 1. Is éard a bheidh sna buicéid maidir le gach fachtóir priacail cothromais na buicéid earnála, dá dtagraítear i Roinn 6. 2. Is éard a bheidh sna fachtóirí priacail deilte cothromais a bhíonn le cur i bhfeidhm ag na hinstitiúidí na spotphraghsanna cothromais uile agus na rátaí athcheannaigh cothromais uile. Chun críocha priacal cothromais, is fachtóir priacail aonair, arna shloinneadh mar veicteoir rátaí athcheannaigh d'aibíochtaí difriúla, a bheidh i gcuar athcheannaigh cothromais sonrach. Maidir le gach ionstraim, beidh sa veicteoir a mhéid comhpháirteanna agus a bhfuil d'aibíochtaí difriúla rátaí athcheannaigh ann a úsáidtear mar athróga le samhail phraghsála na hinstitiúide don ionstraim sin. Déanfaidh institiúidí íogaireacht ionstraime ar an bhfachtóir priacail cothromais sin a ríomh mar athrú ar luach na hionstraime, i gcomhréir lena samhail phraghsála, mar thoradh ar athrú 1 phointe boinn amháin i ngach ceann de chomhpháirteanna an veicteora. Déanfaidh institiúidí íogaireachtaí ar fhachtóir priacail ráta athcheannaigh an urrúis cothromais chéanna a fhritháireamh, gan beann ar an líon comhpháirteanna i ngach veicteoir. 3. Is éard a bheidh sna fachtóirí priacail cothromais a bhíonn le cur i bhfeidhm ag institiúidí maidir le céadroghanna a bhfuil ionstraimí foluiteacha ag gabháil leo a bhíonn íogair ar chothromas luaineachtaí intuigthe spotphraghsanna cothromais, a ndéanfar a mhapáil ar na haibíochtaí seo a leanas i gcomhréir le haibíocht na gcéadroghanna comhfhreagracha faoi réir an cheanglais cistí dílse: 0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana. Ní bheidh aon cheanglais cístí dílse i gcomhair priacal vega ar rátaí athcheannaigh cothromais. 4. Is éard a bheidh sna fachtóirí priacail cuaire a bhíonn le cur i bhfeidhm ag institiúidí maidir le céadroghanna a mbíonn ionstraimí foluiteacha ag gabháil leo atá íogair ar chothromas na spotphraghsanna cothromais uile, gan beann ar aibíocht na gcéadroghanna comhfhreagracha. Ní bheidh aon cheanglais cístí dílse i gcomhair priacal cuaire ar rátaí athcheannaigh cothromais. Airteagal 325p Fachtóirí priacail tráchtearraí 1. Is éard a bheidh sna buicéid maidir le gach fachtóir priacail tráchtearraí na buicéid earnála, dá dtagraítear i Roinn 6. 2. Is éard a bheidh sna fachtóirí priacail deilte a bhíonn le cur i bhfeidhm ag institiúidí maidir le hionstraimí atá íogair ar thráchtearraí ná na spotphraghsanna tráchtearraí uile de réir cineáil tráchtearra agus de réir gach ceann de na haibíochtaí seo a leanas: 0,25 bliain, 0,5 bliain, 1 bhliain, 2 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana, 15 bliana, 20 bliain, 30 bliain. Ní dhéanfaidh institiúidí ach dhá phraghas tráchtearraí den chineál tráchtearra céanna, a bhfuil an aibíocht chéanna aige, a mheas mar an fachtóir priacail céanna i gcás inarb ionann an tacar téarmaí dlíthiúla maidir le suíomh a seachadta. 3. Is éard a bheidh sna fachtóirí priacail vega tráchtearraí a bhíonn le cur i bhfeidhm ag institiúidí maidir le céadroghanna a bhfuil ionstraimí foluiteacha atá íogair ar thráchtearra luaineachtaí intuigthe na bpraghsanna tráchtearraí de réir cineál tráchtearra, a ndéanfar a mhapáil ar na haibíochtaí seo a leanas i gcomhréir le haibíochtaí na gcéadroghanna comhfhreagracha faoi réir an cheanglais cistí dílse: 0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana. Déanfaidh institiúidí íogaireachtaí ar an gcineál céanna tráchtearra agus a leithdháiltear ar an aibíocht chéanna a mheas mar fhachtóir priacail aonair, a ndéanfaidh institiúidí a fhritháireamh ansin. 4. Is éard a bheidh sna fachtóirí priacail cuaire tráchtearraí a bhíonn le cur i bhfeidhm ag institiúidí maidir le céadroghanna a bhfuil ionstraimí foluiteacha atá íogair ar phraghsanna tráchtearraí ná tacar amháin de phraghsanna tráchtearraí ag a bhfuil aibíochtaí difriúla de réir cineál tráchtearra, arna shloinneadh mar veicteoir. Maidir le gach ionstraim, beidh sa veicteoir a mhéid comhpháirteanna agus a bhfuil ann de phraghsanna an tráchtearraí sin a úsáidtear mar athróga i samhail phraghsála na hinstitiúide don ionstraim sin. Ní dhéanfaidh institiúidí idirdhealú idir praghsanna tráchtearraí de réir suíomh seachadta. Déanfar íogaireacht na hionstraime ar gach fachtóir priacail arna úsáid san fhoirmle phriacail chuaire a ríomh mar a leagtar amach in Airteagal 325g. Chun críocha priacal cuaire, measfaidh institiúidí gurb é an fachtóir priacail céanna veicteoirí a bhfuil líon comhpháirteanna difriúil acu, ar choinníoll go bhfuil na veicteoirí sin comhfhreagrach leis an gcineál tráchtearra céanna. Airteagal 325q Fachtóirí priacail um phriacal malairte eachtraí 1. Is éard a bheidh sna fachtóirí priacail malairte eachtraí deilte is ionchurtha i bhfeidhm ar ionstraimí atá íogair ar mhalartú eachtrach – na spotrátaí malairte go léir idir an t-airgeadra ina bhfuil an ionstraim ainmnithe agus airgeadra tuairiscithe na hinstitiúide. Buicéad amháin a bheidh ann in aghaidh gach péire airgeadraí, ina mbeidh fachtóir priacail aonair agus glaníogaireacht aonair. 2. Is éard a bheidh sna fachtóirí priacail vega um malairt eachtrach a bhíonn le cur i bhfeidhm ag institiúidí maidir le céadroghanna a bhfuil ionstraimí foluiteacha ag gabháil leo a bhíonn íogair ar mhalairt eachtrach ná luaineachtaí atá intuigthe ó rátaí malairt idir na péirí airgeadra dá dtagraítear i mír 1. Déanfar na luaineachtaí intuigthe rátaí malartuithe sin a mhapáil ar na haibíochtaí seo a leanas i gcomhréir le haibíochtaí na gcéadroghanna faoi réir an cheanglais cistí dílse: 0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana. 3. Is éard a bheidh sna fachtóirí priacail cuaire um malairt eachtrach a bhíonn le cur i bhfeidhm ag institiúidí maidir le céadroghanna a bhfuil ionstraimí foluiteacha ag gabháil leo a bhíonn íogair ar mhalartú eachtrach na fachtóirí priacail dá dtagraítear i mír 1. 4. Ní bheidh de cheanglas ar institiúidí idirdhealú a dhéanamh idir athróga intíre agus eischósta airgeadra i gcomhair gach fachtóra phriacail chuaire, vega, deilte agus malairte eachtraí.
Airteagal 325r Íogaireachtaí priacail deilte 1. Déanfaidh institiúidí íogaireachtaí priacail deilte i dtaca le rátaí úis ginearálta (GIRR) a ríomh mar a leanas:
2. Déanfaidh institiúidí na híogaireachta priacail deilte um raon difríochta creidmheasa i gcomhair gach suíomh urrúsúcháin agus neamhurrúsúcháin a ríomh mar a leanas:
nuair:
3. Déanfaidh institiúidí íogaireachtaí priacail cothromais deilte a ríomh mar a leanas:
4. Déanfaidh institiúidí na híogaireachtaí priacail tráchtearraí deilte a ríomh ar gach fachtóir priacail k mar a leanas:
nuair:
5. Déanfaidh institiúidí na híogaireachtaí priacail malairte airgid deilte a ríomh ar gach fachtóir priacail k mar a leanas:
nuair:
Airteagal 325s Íogaireachtaí priacail vega 1. Déanfaidh institiúidí íogaireacht priacail vega céadrogha ar fhachtóir priacail k a ríomh mar a leanas:
nuair:
2. I gcás aicmí priacail ina mbíonn gné aibíochta ag fachtóirí priacail vega, ach nach infheidhme na rialacha faoina mapáiltear na fachtóirí priacail toisc nach bhfuil aibíocht ag na céadroghanna, déanfaidh institiúidí na fachtóirí sin a mhapáil ar an aibíocht is faide a leagtar síos. Beidh na céadroghanna sin faoi réir na priacail forlíontáin iarmharacha. 3. I gcás céadroghanna nach bhfuil ceangal nó bacainn acu agus céadroghanna a bhfuil an iliomad ceangail agus bacainneacha acu, déanfaidh institiúidí an mhapáil a chur i bhfeidhm ar cheangail agus ar aibíocht a úsáidtear go hinmheánach ag institiúid chun an chéadrogha a phraghsáil. Beidh na céadroghanna sin faoi réir na priacail forlíontáin iarmharacha chomh maith. 4. Ní dhéanfaidh institiúidí an priacal vega i gcomhair tráinsí urrúsúcháin a chumhdaítear le ACTP, amhail dá dtagraítear in Airteagal 325 (6), (7) agus (8) nach bhfuil luaineacht intuigthe acu. Déanfar ceanglais cístí dílse i gcomhair priacal deilte agus cuaire a ríomh do na tráinsí urrúsúcháin sin. Airteagal 325t Ceanglais maidir le ríomhanna íogaireachta 1. Agus na foirmlí a leagtar amach san Fhoroinn seo á n-úsáid acu, déanfaidh institiúidí íogaireachtaí a dhíorthú ó shamhlacha praghsála na hinstitiúide atá mar bhonn le brabúis agus le caillteanais a thuairisciú don bhainistíocht shinsearach. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh údaráis inniúla a cheangal ar institiúid, dár tugadh cead úsáid a bhaint as an gcur chuige samhla inmheánaí malartaí a leagtar amach i gCaibidil 1b, feidhmeanna praghsála de chóras tomhais priacail a gcur chuige samhla inmheánaí a úsáid i dtaca le híogaireachtaí a ríomh faoin gCaibidil seo maidir leis na ceanglais cístí dílse i gcomhair priacal margaidh a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 430b(3). 2. Agus íogaireachtaí priacail deilte ionstraimí ina bhfuil roghnaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 325e(2) á ríomh ag institiúidí, féadfaidh siad a thoimhdiú go leanfaidh fachtóirí priacail na luaineachta intuigthe de bheith seasta. 3. Agus íogaireachtaí priacail vega ionstraimí ina bhfuil roghnaíocht dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 325e(2) á ríomh, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:
4. Déanfaidh institiúidí na híogaireachtaí uile seachas na híogaireachtaí ar choigeartuithe luachála creidmheasa a ríomh. 5. De mhaolú ar mhír 1, faoi réir cead a fháil ó na húdaráis inniúla, féadfaidh institiúid sainmhínithe malartacha ar íogaireachtaí priacail deilte a úsáid chun na ceanglais cístí dílse maidir le suíomh leabhair trádála a ríomh faoin gCaibidil seo ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an institiúid na coinníollacha uile seo a leanas:
6. De mhaolú ar mhír 1, faoi réir cead a fháil ó na húdaráis inniúla, féadfaidh institiúid íogaireachtaí vega a ríomh ar bhonn claochlú líneach sainmhínithe malartacha ar íogaireachta chun na ceanglais cístí dílse maidir le suíomh leabhair trádála a ríomh faoin gCaibidil seo, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an institiúid an dá choinníoll seo a leanas:
Airteagal 325u Ceanglais cistí dílse le haghaidh priacail iarmharacha 1. I dteannta leis na ceanglais cistí dílse maidir le priacal margaidh a leagtar amach i Roinn 2, cuirfidh institiúidí ceanglais cistí dílse breise i bhfeidhm maidir le hionstraimí atá ar ris ar phriacail iarmharacha i gcomhréir leis an Airteagal seo. 2. Measfar gur ionstraimí ar ris ar phriacail iarmharacha iad ionstraimí a chomhlíonfaidh aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
3. Déanfaidh institiúidí na ceanglais cistí dílse breise dá dtagraítear i mír 1 a ríomh mar shuim ollmhéideanna barúlacha na n-ionstraimí dá dtagraítear i mír 2 iolraithe faoi na hualuithe priacail seo a leanas:
4. De mhaolú ar mhír 1, ní dhéanfaidh institiúid an ceanglas cistí dílse a chur i bhfeidhm maidir le priacail iarmharacha ar ionstraim a chomhlíonann aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
5. Déanfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a cheapadh le sonrú cad is ionstraim fholuiteach choimhthíoch ann agus cé na hionstraimí ar ionstraimí risíochta ar phriacail iarmharacha iad chun críocha mhír 2. Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á gceapadh aige, déanfaidh ÚBE scrúdú ar cheart priacal fadsaolaí, an aimsir, tubaistí nádúrtha agus luaineacht a réadófar sa todhchaí a mheas mar ionstraimí foluiteacha coimhthíocha. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi cheann 28 Meitheamh 2021. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 325v Sainmhínithe agus forálacha ginearálta 1. Chun críocha na Roinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
2. Beidh feidhm ag ceanglais cistí dílse i gcomhair priacal mainneachtana maidir le hionstraimí fiachais agus cothromais, ionstraimí díorthacha a bhfuil na hionstraimí sin a bhí ann cheana mar ionstraimí foluiteacha acu agus díorthaigh, a bhfuil éifeacht ar a ndea-thorthaí nó luachanna córa ag mainneachtain de chuid féichiúnaí nach contrapháirtí na hionstraime díorthaí féin. Déanfaidh institiúidí na ceanglais i gcomhair priacal mainneachtana a ríomh go leithleach maidir le gach ceann de na cineálacha ionstraime seo a leanas: neamhurrúsúcháin, urrúsúcháin nach gcumhdaítear le ACTP agus urrúsúcháin a chumhdaítear le ACTP. Is éard a bheidh sna ceanglais cistí dílse i gcomhair priacal mainneachtana deiridh institiúide suim na dtrí comhpháirteanna sin.
Airteagal 325w Ollmhéideanna na mainneachtana gan choinne 1. Déanfaidh institiúidí ollmhéideanna na mainneachtana gan choinne a ríomh maidir le gach risíocht fhadtéarmach ar ionstraimí fiachais mar a leanas:
2. Déanfaidh institiúidí ollmhéideanna JTD a ríomh maidir le gach risíocht ghearrthéarmach ar ionstraimí fiachais mar a leanas:
3. Chun críche an ríomha a leagtar amach i mír 1 agus mír 2, beidh an méid seo a leanas in LGD i gcomhair ionstraimí fiachais a bhíonn le cur i bhfeidhm ag institiúidí:
4. Chun críocha an ríomha a leagtar amach i mír 1 agus mír 2, déanfar méideanna barúlacha a chinneadh mar seo a leanas:
5. Maidir le risíochtaí ar ionstraimí cothromais, déanfaidh institiúidí ollmhéideanna JTD a ríomh leis na foirmlí seo a leanas, seachas na foirmlí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2:
6. Sannfaidh institiúidí LGD 100 % d'ionstraimí cothromais chun críocha an ríomha a leagtar amach i mír 5. 7. I gcás risíochtaí ar phriacal mainneachtana a thagann ó ionstraimí díorthacha nach bhfuil baint ag a ndea-thorthaí i gcás mhainneachtana an fhéichiúnaí le méid barúlach ionstraime ar leith arna heisiúint ag an bhféichiúnaí sin nó le LGD an fhéichiúnaí nó le hionstraim arna heisiúint ag an bhféichiúnaí sin, déanfaidh institiúidí modheolaíochtaí malartacha a úsáid chun ollmhéideanna JTD a mheas. 8. Ceapfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi cheann 28 Meitheamh 2021. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Airteagal 325x Glanmhéideanna na mainneachtana gan choinne 1. Déanfaidh institiúidí na glanmhéideanna JTD a ríomh trí ollmhéideanna JTD risíochtaí gearrthéarmacha agus risíochtaí fadtéarmacha a fhritháireamh. Ní fhéadfar fritháireamh a dhéanamh ach amháin idir risíochtaí ar a bhféichiúnaí céanna i gcás ina mbíonn an tsinsearacht chéanna nó sinsearacht níos ísle ag na risíochtaí gearrthéarmacha ná na risíochtaí fadtéarmacha. 2. Beidh an fritháireamh iomlán nó páirteach, ag brath ar aibíochtaí na risíochtaí fritháirimh.
3. I gcás nach bhféadtar fritháireamh a dhéanamh beidh ollmhéideanna JTD cothrom le glanmhéideanna JTD i gcás risíochtaí a bhfuil aibíochtaí de thréimhse bliana nó níos mó acu. Déanfar ollmhéideanna JTD a bhfuil aibíochtaí acu ar lú ná bliain iad a iolrú faoi choibhneas aibíocht na risíochta i dtaca le bliain amháin, agus iosráta trí mhí i gceist, chun glanmhéideanna JTD a ríomh. 4. Chun críocha mhíreanna 2 agus 3, déanfar aibíochtaí na gconarthaí díorthacha, seachas aibíochtaí a n-ionstraimí foluiteacha, a mheas. Déanfar aibíocht bliana nó trí mhí a shannadh do risíochtaí ar chothromas airgid thirim, ar rogha na hinstitiúide. Airteagal 325y Ceanglais cistí dílse i gcomhair priacal mainneachtana a ríomh 1. Déanfar glanmhéideanna JTD, gan beann ar an gcineál contrapháirtí, a iolrú faoi na hualuithe priacail mainneachtana a chomhfhreagraíonn dá gcáilíocht chreidmheasa, mar a leagtar amach i dTábla 2: Tábla 2
2. Risíochtaí a bhfaigheadh ualú priacail 0 % faoin gCur Chuige Caighdeánaithe maidir le priacal creidmheasa i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II, gheobhaidh siad ualú priacail mainneachtana 0 % do na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacal mainneachtana. 3. Déanfar glanmhéideanna ualaithe JTD a shannadh do na buicéid seo a leanas: corparáidí, flaithiúnais, agus rialtais áitiúla/bardais. 4. Déanfar glanmhéideanna ualaithe JTD a chomhiomlánú le gach buicéad i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
Chun críocha DRCb agus WtS a ríomh, déanfar suimiú na suíomhanna fada agus na suíomhanna gearra a chomhiomlánú maidir le gach suíomh laistigh de bhuicéad, gan beann ar an gcéim cáilíochta creidmheasa ar a ndéantar na suíomhanna sin a leithdháileadh, chun na ceanglais cistí dílse um phriacal mainneachtana a bhaineann go sonrach le buicéid ar leith a fháil. 5. Déanfar an ceanglas cistí dílse i gcomhair priacal mainneachtana maidir le hurrúsúcháin a ríomh mar shuim shimplí na gceanglas cistí dílse ar leibhéal an bhuicéid.
Airteagal 325z Méideanna na mainneachtana gan choinne 1. Is éard a bheidh sna hollmhéideanna mainneachtana gan choinne i gcomhair risíochtaí urrúsúcháin a luach margaidh, nó, mura bhfuil fáil ar a luach margaidh, a luach cóir a chinnfear i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme. 2. Déanfar glanmhéideanna mainneachtana gan choinne a chinneadh trí ollmhéideanna mainneachtana fadtéarmacha gan choinne agus ollmhéideanna mainneachtana gearrthéarmacha gan choinne a fhritháireamh. Ní fhéadfar fritháireamh a dhéanamh ach amháin idir risíochtaí urrúsúcháin a bhfuil an comhthiomsú sócmhainní foluiteacha céanna acu agus ar leis an tráinse céanna iad. Ní cheadófar aon fhritháireamh idir risíochtaí urrúsúcháin a bhfuil comhthiomsuithe sócmhainní foluiteacha difriúla acu, fiú amháin i gcás inarb ionann na pointí astaithe agus na pointí dí-astaithe. 3. I gcás inar féidir risíochtaí urrúsaithe eile atá ann cheana a aithris go hiomlán, trí risíochtaí urrúsúcháin atá ann cheana a dhí-chomhdhéanamh nó a chumasc, seachas gné na haibíochta, féadfar na risíochtaí a thiocfaidh as an dí-chomhdhéanamh sin nó as an gcumasc sin a úsáid in ionad na risíochtaí urrúsúcháin atá ann cheana chun críche fritháirimh. 4. I gcás inar féidir struchtúr tráinse iomláin risíochta urrúsúcháin atá ann cheana a aithris go hiomlán, trí risíochtaí atá ann cheana a dhí-chomhdhéanamh nó a chumasc in ainmneacha foluiteacha, féadfar na risíochtaí a thiocfaidh as an dí-chomhdhéanamh sin nó as an gcumasc sin a úsáid in ionad na risíochtaí urrúsúcháin atá ann cheana chun críche fritháirimh. I gcás ina n-úsáidfear ainmneacha foluiteacha ar an dóigh sin, ní dhéanfar déileáil leo a thuilleadh mar phriacal mainneachtana neamh-urrúsúcháin. 5. Beidh feidhm ag Airteagal 325x maidir le risíochtaí ar urrúsúcháin atá ann cheana agus maidir le risíochtaí urrúsúcháin a úsáidfear i gcomhréir le mír 3 nó le mír 4 den Airteagal seo. Is éard a bheidh sna haibíochtaí ábhartha aibíochtaí ábhartha na dtráinsí urrúsúcháin. Airteagal 325aa Ceanglas cistí dílse i gcomhair priacal mainneachtana le haghaidh urrúsúchán a ríomh 1. Déanfar glanmhéideanna JTD risíochtaí urrúsúcháin a iolrú faoi 8 % den ualú priacail a bhfuil feidhm aige maidir leis an risíocht urrúsúcháin ábhartha, lena n-áirítear urrúsúcháin atá simplí, trédhearcach agus caighdeánaithe (STS), sa leabhar neamhthrádála i gcomhréir le hordlathas na gcineálacha cur chuige a leagtar amach i Roinn 3 de Chaibidil 5 de Theideal II agus gan beann ar an gcineál contrapháirtí. 2. Cuirfear aibíocht bliana amháin i bhfeidhm ar gach tráinse i gcás ina ndéantar ualaí priacail a ríomh i gcomhréir leis an gCur Chuige Urrúsaithe Bunaithe ar Rátálacha Inmheánacha (SEC-IRBA) agus leis an gCur Chuige Urrúsaithe Bunaithe ar Rátálacha Seachtracha (SEC-ERBA). 3. Déanfar méideanna JTD priacal-ualaithe le haghaidh risíochtaí urrúsúcháin airgid thirim a uasteorannú ar luach cóir an tsuímh. 4. Déanfar glanmhéideanna JTD priacal-ualaithe a shannadh do na buicéid seo a leanas:
Chun críocha na chéad fhomhíre, is iad seo a leanas an 11 aicme sócmhainne: ABPC, iasachtaí /léasanna le haghaidh gluaisteáin, urrúis de bhun morgáistí cónaithe, cártaí creidmheasa, urrúis de bhun morgáistí tráchtála, oibleagáidí iasachta atá comhthaobhaithe, oibleagáid fiachais atá comhthaobhaithe-cearnaithe, fiontair bheaga agus mheánmhéide (‘FBManna’), iasachtaí mic léinn, miondíol eile, mórdhíol eile. Is iad an Áise, an Eoraip, Meiriceá Thuaidh, agus an chuid eile den domhan na ceithre réigiún. 5. Chun risíocht urrúsúcháin a shannadh do bhuicéad, braithfidh institiúidí ar aicmiú a úsáidtear go coitianta sa mhargadh. Ní dhéanfaidh institiúidí gach risíocht urrúsúcháin a shannadh ach do cheann amháin de na buicéid dá dtagraítear i mír 4. Aon risíocht neamhurrúsúcháin nach bhféadfaidh institiúid a shannadh do bhuicéad i gcomhair aicme sócmhainne nó réigiúin, déanfar an risíocht sin a shannadh don aicme sócmhainne dar teideal ‘miondíol eile’, ‘mórdhíol eile’ nó ‘an chuid eile den domhan’, faoi seach. 6. Déanfar glanmhéideanna ualaithe JTD a chomhiomlánú laistigh de gach buicéad ar an dóigh chéanna a ndéantar maidir le risíochtaí neamhurrúsúcháin ar phriacal mainneachtana, agus an foirmle in Airteagal 325y(4) á úsáid, agus is as sin a gheofar an ceanglas cistí dílse i gcomhair priacal mainneachtana do gach buicéad. 7. Déanfar an ceanglas deiridh cistí dílse i gcomhair priacal mainneachtana le haghaidh urrúsúchán nach n-áirítear i ACTP a ríomh mar shuim shimplí na gceanglas cistí dílse ar leibhéal an bhuicéid.
Airteagal 325ab Raon feidhme 1. Maidir le ACTP, is éard a bheidh sna ceanglais cistí dílse an priacal mainneachtana i gcomhair risíochtaí urrúsúcháin agus i gcomhair fáluithe neamhurrúsúcháin. Déanfar na fáluithe sin a bhaint de ríomhanna an phriacail mainneachtana neamhurrúsúcháin. Ní bheidh aon éagsúlú idir na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacal mainneachtana do neamhurrúsúcháin, na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacal mainneachtana d'urrúsúcháin nach n-áirítear i ACTP agus na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacal mainneachtana d'urrúsúcháin a áirítear i ACTP. 2. Maidir le díorthaigh chreidmheasa agus chothromais neamhurrúsaithe trádálaithe, déanfar méideanna JTD a chinneadh trí chur chuige trédhearcaithe a chur i bhfeidhm. Airteagal 325ac Méideanna mainneachtana gan choinne i gcomhair ACTP 1. Chun críocha an Airteagail seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
2. Is éard a bheidh sna hollmhéideanna JTD i gcomhair risíochtaí urrúsúcháin agus i gcomhair risíochtaí neamhurrúsúcháin in ACTP a luach margaidh, nó, mura bhfuil fáil ar a luach margaidh, a luach cóir a chinnfear i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme. 3. Déileálfar le táirgí Nú mainneachtana mar tháirgí i dtráinsí a mbeidh na pointí astaithe agus na pointí dí-astaithe seo acu:
4. Déanfar glanmhéideanna JTD a chinneadh trí ollmhéideanna JTD fadtéarmacha agus ollmhéideanna JTD gearrthéarmacha a fhritháireamh. Ní fhéadfar fritháireamh a dhéanamh ach amháin idir risíochtaí arb ionann iad ar gach dóigh ach amháin maidir le haibíocht. Ní fhéadfar fritháireamh a dhéanamh ach amháin sna cásanna seo a leanas:
Airteagal 325ad Na ceanglais chistí dílse i gcomhair priacal mainneachtana le haghaidh ACTP a ríomh 1. Déanfar glanmhéideanna JTD a iolrú:
2. Déanfar glanmhéideanna priacal-ualaithe JTD a shannadh do bhuicéid a bhíonn comhfhreagrach le hinnéacs. 3. Déanfar glanmhéideanna ualaithe JTD a chomhiomlánú le gach buicéad i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
4. Déanfaidh institiúidí na ceanglais cistí dílse um phriacal mainneachtana le haghaidh ACTP a ríomh tríd an bhfoirmle seo a leanas a úsáid:
nuair:
Airteagal 325ae Ualuithe priacail do phriacal ráta úis ginearálta 1. Maidir le hairgeadraí nach n-áirítear i bhfochatagóir na n-airgeadraí is leachtaí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 325bd(7), déanfar ualaí priacail na n-íogaireachtaí ar na fachtóirí priacail ráta saor ó phriacal do gach buicéad i dTábla 3 a shonrú de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 461a. Tábla 3
2. Déanfar comhualú priacail a shonrú, sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 461a, do gach íogaireacht maidir le boilsciú agus do fhachtóirí priacail ar bhonn trasairgeadra araon. 3. Maidir leis na hairgeadraí san fhochatagóir airgeadra is leachtaí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 325bd(7) agus airgeadra intíre na hinstitiúide, is éard a bheidh in ualaí priacail na rátaí priacail saor ó phriacal na hualaí priacail dá dtagraítear i dTábla 3 arna roinnt ar√2. Airteagal 325af Comhghaolta laistigh de bhuicéad maidir le priacal ráta úis ginearálta 1. An comhghaol idir dhá íogaireacht ualaithe ar na fachtóirí priacail ráta úis ginearálta WSk agus WSl laistigh den bhuicéad céanna, a bhfuil an aibíocht shannta chéanna acu ach a bhíonn comhfhreagrach le cuair dhifriúla, socrófar an comhghaol pkl sin ar 99,90 %. 2. An comhghaol idir dhá íogaireacht ualaithe ar na fachtóirí priacail ráta úis ginearálta WSk agus WSl laistigh den bhuicéad céanna, a bhíonn comhfhreagrach leis an gcuar céanna, ach a bhfuil aibíochtaí difriúla acu, socrófar an comhghaol sin i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
nuair atá:
3. An comhghaol idir dhá íogaireacht ualaithe ar na fachtóirí priacail ráta úis ginearálta WSk agus WSl laistigh den bhuicéad céanna, atá comhfhreagrach le cuair dhifriúla agus a bhfuil aibíochtaí difriúla acu, beidh an comhghaol ρkl sin cothrom leis an bparaiméadar comhghaoil mar a shainítear i mír 2 iolraithe faoi 99,90 %. 4. Socrófar ar 40 % an comhghaol idir aon íogaireacht ualaithe ar leith ar na fachtóirí priacail ráta úis ginearálta WSk agus aon íogaireacht ualaithe ar leith ar na fachtóirí priacail boilscithe WSl. 5. Socrófar ar 0 % an comhghaol idir aon íogaireacht ualaithe ar na fachtóirí ar bhonn trasairgeadra WSk agus aon íogaireacht ualaithe ar leith ar na fachtóirí priacail ráta úis ginearálta WSl, lena n-áirítear fachtóir priacail eile ar bhonn trasairgeadra. Airteagal 325ag Comhghaolta i mbuicéid difriúla i gcomhair priacal ráta úis ginearálta 1. Déanfar an paraiméadar γbc = 50 % a úsáid chun fachtóirí priacail a bhaineann le buicéid éagsúla a chomhiomlánú. 2. Déanfar an paraiméadar γbc = 80 % a úsáid chun fachtóir priacail ráta úis bunaithe ar airgeadra dá dtagraítear in Airteagal 325av(3) agus fachtóir priacail ráta úis bunaithe ar an euro a chomhiomlánú. Airteagal 325ah Ualuithe priacail i gcomhair an phriacail um raon difríochta creidmheasa le haghaidh neamhurrúsúchán 1. Is ionann na hualuithe priacail do na híogaireachtaí ar fhachtóirí priacail um raon difríochta creidmheasa (neamhurrúsúcháin) i dtaca le gach aibíocht (0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana) laistigh de gach buicéad i dTábla 4: Tábla 4
2. Chun risíocht ar phriacal á sannadh d'earnáil, braithfidh institiúidí ar aicmiú a úsáidtear go coitianta sa mhargadh chun eisitheoirí a ghrúpáil de réir earnála. Déanfaidh institiúidí gach eisitheoir a shannadh do cheann amháin de na buicéid earnála i dTábla 4. Risíochtaí ar phriacal ó eisitheoir ar bith nach féidir le hinstitiúid a shannadh d'earnáil ar leith ar an gcaoi sin, déanfar na risíochtaí sin a shannadh do bhuicéad 18 i dTábla 4. Airteagal 325ai Comhghaolta laistigh de bhuicéad maidir le priacal um raon difríochta creidmheasa le haghaidh neamhurrúsúchán 1. Socrófar an paraiméadar comhghaoil ρkl, idir dhá íogaireacht WS“k” agus WS“l” laistigh den bhuicéad céanna, mar a leanas:
2. Ní bheidh feidhm ag na paraiméadair comhghaoil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le buicéad 18 i dTábla 4 de Airteagal 325ah(1). Beidh an ceanglas caipitil maidir leis an bhfoirmle comhiomlánaithe priacail deilte cothrom le suim luachanna absalóideacha na nglaníogaireachtaí ualaithe a leithdháiltear ar an mbuicéad sin:
Airteagal 325aj Comhghaolta i mbuicéid difriúla i gcomhair priacail um raon difríochta creidmheasa le haghaidh neamhurrúsúchán Déanfar an paraiméadar comhghaoil γbc a bhfuil feidhm aige maidir le comhiomlánú na n-íogaireachtaí idir buicéid dhifriúla a shocrú mar a leanas:
Airteagal 325ak Ualuithe priacail i gcomhair urrúsúcháin phriacail um raon difríochta creidmheasa a áirítear i ACTP Is ionann na hualuithe priacail do na híogaireachtaí ar fhachtóirí priacail um raon difríochta creidmheasa le haghaidh urrúsúchán a áirítear i ACTP i dtaca le gach aibíocht (0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana) laistigh de gach buicéad agus sonrófar iad do gach buicéad i dTábla 6 de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 461a: Tábla 6
Airteagal 325al Comhghaolta i gcomhair urrúsúcháin phriacail raon difríochta creidmheasa a áirítear i ACTP 1. Déanfar comhghaol priacail deilte ρkl a dhíorthú i gcomhréir le hAirteagal 325ai, ach amháin go mbeidh l ρkl (basis), chun críocha na míre seo, cothrom le 1 i gcás ina mbaineann an dá íogaireacht leis na cuair chéanna, agus cothrom le 99,90 % i gcásanna eile. 2. Déanfar an comhghaol γbc a dhíorthú i gcomhréir le hAirteagal 325aj. Airteagal 325am Ualuithe priacail i gcomhair urrúsúcháin phriacail raon difríochta creidmheasa nach n-áirítear i ACTP 1. Is ionann na hualuithe priacail do na híogaireachtaí ar fhachtóirí priacail um raon difríochta creidmheasa le haghaidh hurrúsúchán nach n-áirítear i ACTP i dtaca le gach aibíocht (0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana) laistigh de gach buicéad i dTábla 7 agus sonrófar iad do gach buicéad i dTábla 7 de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 461a: Tábla 7
2. Chun risíocht ar phriacal á sannadh d'earnáil, braithfidh institiúidí ar aicmiú a úsáidtear go coitianta sa mhargadh chun eisitheoirí a ghrúpáil de réir earnála. Déanfaidh institiúidí gach tráinse a shannadh do cheann amháin de na buicéid earnála i dTábla 7. Risíochtaí ar phriacal ó thráinse ar bith nach féidir le hinstitiúid a shannadh d'earnáil ar leith ar an gcaoi sin, déanfar na risíochtaí sin a shannadh do bhuicéad 25. Airteagal 325an Comhghaolta laistigh de bhuicéad i gcomhair urrúsúcháin phriacail raon difríochta creidmheasa nach n-áirítear i ACTP 1. Idir dhá íogaireacht WS“k” agus WS“l” laistigh den bhuicéad céanna, socrófar an paraiméadar comhghaoil ρkl mar a leanas:
2. Ní bheidh feidhm ag na paraiméadair chomhghaoil dá dtagraítear i mír 1 maidir le buicéad 25 i dTábla 7 d'Airteagal 325am(1). Beidh an ceanglas cistí dílse maidir leis an bhfoirmle chomhiomlánaithe priacail deilte laistigh de bhuicéad 25 cothrom le suim luachanna absalóideacha na nglaníogaireachtaí ualaithe a leithdháilfear ar an mbuicéad sin:
Airteagal 325ao Comhghaolta i mbuicéid dhifriúla i gcomhair urrúsúcháin phriacail raon difríochta creidmheasa nach n-áirítear i ACTP 1. Beidh feidhm ag an bparaiméadar comhghaoil γbc maidir le comhiomlánú na n-íogaireachtaí idir buicéid dhifriúla agus déanfar é a shocrú ag 0 %. 2. Suimeofar an ceanglas cistí dílse do bhuicéad 25 leis an gcaipiteal oll-leibhéil aicme phriacail, gan aon éagsúlú nó éifeachtaí fálaithe le buicéad ar bith eile a aithint. Airteagal 325ap Ualuithe priacail i gcomhair priacal cothromais 1. Déanfar na hualuithe priacail do na híogaireachtaí ar fhachtóirí priacail maidir le rátaí cothromais agus rátaí athcheannaigh cothromais a shonrú do gach buicéad i dTábla 8 de bhun an ghníomh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 461a: Tábla 8
2. Chun críocha an Airteagail seo, sonrófar sna caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear in Airteagal 325bd(7) céard is caipitliú margaidh beag agus céard is caipitliú margaidh mór ann. 3. Chun críocha an Airteagail seo, déanfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin rialála theicniúla a cheapadh lena shonrú céard is geilleagar i mbéal forbartha agus céard is geilleagar lánfhorbartha ann. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi cheann 28 Meitheamh 2021. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. 4. Agus risíocht ar phriacal á sannadh d'earnáil acu, braithfidh institiúidí ar aicmiú a úsáidtear go coitianta sa mhargadh chun eisitheoirí a ghrúpáil de réir earnála. Déanfaidh institiúidí gach eisitheoir a shannadh do cheann amháin de na buicéid earnála i dTábla 8, agus déanfaidh siad na heisitheoirí uile de chuid an tionscail chéanna a shannadh ar an earnáil chéanna. Risíochtaí ar phriacal ó eisitheoir ar bith nach féidir le hinstitiúid a shannadh d'earnáil ar leith ar an gcaoi sin, déanfar na risíochtaí sin a shannadh do bhuicéad 11 i dTábla 8. Déanfar eisitheoirí ilnáisiúnta nó il-earnála a shannadh do bhuicéad ar leith ar bhonn an réigiúin is mó lena mbaineann agus na hearnála ina n-oibríonn an t-eisitheoir cothromais. Airteagal 325aq Comhghaolta laistigh de bhuicéad i gcomhair priacail cothromais 1. Déanfar paraiméadar comhghaoil priacail deilte ρkl idir dhá íogaireacht WS“k” agus WS“l” laistigh den bhuicéad céanna a shocrú ag 99,00 %, i gcás ina bhfuil ceann amháin ina híogaireacht ar spotphraghas cothromais agus ina bhfuil an ceann eile ina híogaireacht ar ráta athcheannaigh cothromais, i gcás ina mbaineann an dá cheann leis an ainm eisitheora cothromais céanna. 2. I gcásanna eile seachas na cásanna dá dtagraítear i mír 1, déanfar an paraiméadar comhghaoil ρkl idir dhá íogaireacht WS“k” agus WS“l” ar spotphraghas cothromais laistigh den bhuicéad céanna a shocrú mar a leanas:
3. Déanfar an paraiméadar comhghaoil ρkl idir dhá íogaireacht WSk agus WSl ar ráta athcheannaigh cothromais laistigh den bhuicéad céanna a shocrú i gcomhréir le mír 2. 4. Idir dhá íogaireacht WS k agus WS l laistigh den bhuicéad céanna i gcás inar íogaireacht ar spotphraghas cothromais ceann amháin agus inar íogaireacht ar ráta athcheannaigh cothromais an ceann eile agus ina mbaineann an dá íogaireacht le hainm eisitheora cothromais difriúil, socrófar an paraiméadar comhghaoil ρkl ag na paraiméadair chomhghaoil a shonraítear i mír 2, iolraithe faoi 99,90 %. 5. Ní bheidh feidhm ag na paraiméadair chomhghaoil a shonraítear i mír 1 go mír 4 maidir le buicéad 11. Beidh an ceanglas caipitil maidir leis an bhfoirmle chomhiomlánaithe phriacail deilte laistigh de bhuicéad 11 cothrom le suim luachanna absalóideacha na nglaníogaireachtaí ualaithe a leithdháiltear ar an mbuicéad sin:
Airteagal 325ar Comhghaolta i mbuicéid dhifriúla i gcomhair priacal cothromais Beidh feidhm ag an bparaiméadar comhghaoil γ bc maidir le comhiomlánú na n-íogaireachtaí idir buicéid dhifriúla. Socrófar é ag 15 % i gcás inar buicéid as measc na gcinn dar uimhir 1 go 10 an dá bhuicéad sin. Airteagal 325as Ualuithe priacail i gcomhair priacal tráchtearraí Déanfar na hualuithe priacail do na híogaireachtaí ar fhachtóirí priacail tráchtearraí a shonrú do gach buicéad i dTábla 9 de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 461a: Tábla 9
Airteagal 325at Comhghaolta laistigh de bhuicéad i gcomhair priacail tráchtearraí 1. Chun críocha an Airteagail seo, measfar gur tráchtearraí éagsúla aon dá thráchtearra i gcás inarb ann ar an margadh dhá chonradh nach bhfuil de dhifear eatarthu ach an tráchtearra foluiteach a bheidh le seachadadh in aghaidh gach conartha acu. 2. Socrófar an paraiméadar comhghaoil ρkl, idir dhá íogaireacht WS k agus WS l laistigh den bhuicéad céanna, mar a leanas:
3. Is éard atá sna comhghaoil laistigh de bhuicéad ρkl (commodity) ná: Tábla 10
4. In ainneoin mhír 1, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:
Airteagal 325au Comhghaolta i mbuicéid difriúla i gcomhair priacal tráchtearraí Déanfar an paraiméadar comhghaoil γ bc a bhfuil feidhm aige maidir le comhiomlánú íogaireachtaí idir buicéid dhifriúla a shocrú é ag:
Airteagal 325av Ualaí priacail maidir le priacal malairte eachtraí 1. Déanfar an t-ualú priacail do gach íogaireacht ar fhachtóirí priacail malairte eachtraí a shonrú sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 461a. 2. Is éard a bheidh in ualú priacail na bhfachtóirí priacail malairte eachtraí maidir le péirí airgeadraí atá comhdhéanta den euro agus d'airgeadra Ballstáit atá páirteach i meicníocht an ráta malairte (MRM II), arb é sin an dara céim den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta, ceann de na hualuithe seo a leanas:
3. In ainneoin mhír 2, maidir le hualú priacail na bhfachtóirí priacail malairte eachtraí a bhaineann le hairgeadraí dá dtagraítear i mír 2 atá rannpháirteach in MRM II agus ag a mbeidh banda luaineachta, a comhaontaíodh go foirmiúil, a bheidh níos cúinge ná an banda caighdeánach (is é sin móide nó lúide 15 %), beidh sé comhionann le céatadán uasta na luaineachta laistigh den bhanda is cúinge sin. 4. Is éard a bheidh in ualú priacail na bhfachtóirí priacail malairte eachtraí a chuimsítear san fhochatagóir péirí airgeadraí is leachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) de 325bd(7) an t-ualú priacail dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo roinnte ar√2. 5. I gcás ina léirítear le sonraí ráta malairte laethúil na dtrí bliana roimhe sin gur péire tairiseach é péire airgeadraí atá comhdhéanta den Euro agus d'airgeadra Ballstáit nach Euro é an t-airgeadra sin, agus go bhféadfaidh an institiúid sin raon tairisceana is atairisceana nialais a bhaint amach i gcónaí i leith gach trádála faoi seach a bhaineann leis an bpéire airgeadra sin, féadfaidh an institiúid, ar choinníoll go bhfaighidh sí cead sainráite óna húdarás inniúil, an t-ualú priacail dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm roinnte ar 2. Airteagal 325aw Comhghaolta maidir le priacal malairte eachtraí Beidh feidhm ag paraiméadar comhghaoil aonfhoirmeach γbc ar cothrom é 60 % maidir le comhiomlánú na n-íogaireachtaí ar fhachtóirí priacail malairte eachtraí.
Airteagal 325ax Ualuithe priacail cuaire agus vega 1. Bainfidh fachtóirí priacail vega úsáid as na buicéid deilte dá dtagraítear i bhforoinn 1. 2. Déanfar an t-ualú priacail i gcomhair fachtóir priacail vega k ar leith a mheas mar sciar de luach reatha an fhachtóra phriacail sin k, lena léirítear luaineacht intuigthe ionstraime foluití, mar a thuairiscítear i Roinn 3. 3. Déanfar an sciar dá dtagraítear i mír 2 a bheith ag brath ar leachtacht intuigthe gach cineál fachtóra priacail i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
nuair:
4. Déanfar buicéid a úsáidtear i gcomhthéacs priacal deilte i bhForoinn 1 a úsáid sa chomhthéacs priacail chuaire mura shonraítear a mhalairt sa Chaibidil seo. 5. Maidir le fachtóirí priacail chuaire cothromais agus malairte eachtraí, is éard a bheidh sna hualaithe priacail chuaire athruithe coibhéiseacha cothrom leis na hualaí priacail deilte dá dtagraítear i bhForoinn 1. 6. Maidir le fachtóirí priacail cuaire tráchtearraí, raon difríochta creidmheasa nó ráta úis ginearálta, is éard a bheidh san ualú priacail cuaire athruithe comhthreomhara na reann go léir maidir le gach cuar ar bhonn an ualaithe phriacail deilte is airde dá dtagraítear i bhForoinn 1 maidir leis an aicme phriacail ábhartha. Airteagal 325ay Comhghaolta priacail cuaire agus vega 1. Idir íogaireachtaí ar phriacal vega laistigh den bhuicéad céanna den phriacal ráta úis ghinearálta (RRUG), déanfar an paraiméadar rkl a shocrú mar a leanas:
nuair:
2. Idir íogaireachtaí ar phriacal vega laistigh de bhuicéad de na haicmí priacail eile, déanfar an paraiméadar comhghaoil ρkl a shocrú mar a leanas:
nuair:
3. Maidir le híogaireachtaí priacail vega idir buicéid laistigh d'aicme phriacail (GIRR agus neamh-GIRR), déanfar na paraiméadair comhghaoil chéanna i gcomhair γbc, mar a shonraítear maidir le comhghaolta deilte i gcomhair gach aicme phriacail i Roinn 4, a úsáid i gcomhthéacs an phriacail vega. 4. Ní aithneofar aon tairbhe éagsúlaithe nó fálaithe sa chur chuige caighdeánaithe idir fachtóirí priacail vega agus fachtóirí priacail deilte. Déanfar muirir phriacail vega agus muirir phriacail deilte a chomhiomlánú trí mhodh an tsuimithe shimplí. 5. Is éard a bheidh sna comhghaolta cuaire líon cearnaithe na gcomhghaolta priacail deilte comhfhreagracha ρkl agus γ bc dá dtagraítear i bhForoinn 1. CAIBIDIL 1B An cur chuige malartach samhla inmheánaí
Airteagal 325az Cur chuige na samhla inmheánaí malartaí agus cead samhlacha inmheánacha malartacha a úsáid 1. Níor cheart cur chuige na samhla inmheánaí malartaí mar a leagtar amach sa Chaibidil seo a úsáid ach amháin chun críocha an cheanglais tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 430b(3). 2. Tar éis dóibh a fhíorú gur chomhlíon na hinstitiúidí na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 325bh, 325bi agus 325bj, ceadóidh údaráis inniúla d'institiúidí a gceanglais cistí dílse féin do phunann na suíomhanna go léir arna sannadh do dheasca trádála a ríomh trí úsáid a bhaint as a samhlacha inmheánacha i gcomhréir le hAirteagal 325ba, ar choinníoll go gcomhlíonfar na ceanglais uile seo a leanas:
Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, ní bheidh sé ina dhreasacht gan deasca trádála a chuimsiú i raon feidhme chur chuige na samhla inmheánaí malartaí go mbeadh an ceanglas cistí dílse arna ríomh faoin gcur chuige malartach caighdeánaithe a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 325(3) níos ísle ná an ceanglas cistí dílse arna ríomh faoi chur chuige na samhla inmheánaí malartaí; 3. Institiúidí a fuair cead cur chuige na samhla inmheánaí malartaí a úsáid, tabharfaidh siad tuairisc do na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 430b(3). 4. Tabharfaidh institiúid dar tugadh an cead dá dtagraítear i mír 2 a fógra gan mhoill dá húdaráis inniúla i gcás nach gcomhlíonfaidh ceann dá deasca trádála a thuilleadh ceann amháin, ar a laghad, de na ceanglais a leagtar amach sa mhír sin. Ní cheadófar a thuilleadh don institiúid an Caibidil sin a chur i bhfeidhm maidir le haon cheann de na suíomhanna a shanntar don deasc trádála sin agus déanfaidh sí na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacal margaidh a ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach i gCaibidil 1a maidir leis na suíomhanna uile a shanntar don deasc trádála sin ón dáta tuairiscithe is luaithe agus go dtí go léireoidh an institiúid do na húdaráis inniúla go bhfuil na ceanglais go léir a leagtar amach i mír 2 á gcomhlíonadh ag an deasc trádála. 5. De mhaolú ar mhír 4, in imthosca neamhghnácha, féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt d'institiúid leanúint dá samhlacha inmheánacha malartacha a úsáid chun críche ceanglais cistí dílse i gcomhair priacail margaidh deisce trádála a ríomh nach gcomhlíonann na coinníollacha a thuilleadh dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 325bg(1). Nuair a fheidhmeoidh údaráis inniúla an rogha sin, tabharfaidh siad fógra do ÚBE agus tabharfaidh siad bunús leis an gcinneadh sin. 6. Maidir le suíomhanna a shanntar do na deasca trádála nach bhfuil an cead dá dtagraítear i mír 2 faighte ina dtaobh ag institiúid, déanfaidh an institiúid sin na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacal margaidh a ríomh i gcomhréir le Caibidil 1a den Teideal seo. Chun críocha an ríomha sin, déanfar na suíomhanna sin go léir a mheas ar bhonn leithleach mar phunann ar leithligh. 7. Maidir le hathruithe ábhartha ar úsáid na samhlacha inmheánacha malartacha a bhfuil cead faighte ag institiúid lena n-úsáid, maidir le síneadh ar úsáid na samhlacha inmheánacha malartacha a bhfuil cead faighte ag an institiúid lena n-úsáid, agus maidir le hathruithe ábhartha ar rogha na hinstitiúidí d'fho-thacar na bhfachtóirí priacail insamhaltaithe dá dtagraítear in Airteagal 325bc(2), éileofar leis na hathruithe sin cead ar leithligh ó na húdaráis inniúla. Cuirfidh na hinstitiúidí na húdaráis inniúla ar an eolas maidir leis na síntí agus na hathruithe uile ar fad a dhéanfar ar an úsáid a bhaintear as na samhlacha inmheánacha malartacha dá bhfuil cead faighte ag an institiúid. 8. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi cheann 28 Meitheamh 2024. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. 9. Déanfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin rialála theicniúla a cheapadh chun na himthosca neamhghnácha a shonrú faoina bhféadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt d'institiúid an méid a leanas a dhéanamh:
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi cheann 28 Meitheamh 2024. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Airteagal 325ba Ceanglais cistí dílse nuair a úsáidtear samhlacha inmheánacha 1. Ríomhfaidh institiúid,a úsáideann samhail inmheánach mhalartach na ceanglais cistí dílse maidir le punann na suíomhanna uile a shannfar do na deasca trádála, ar tugadh, don institiúid sin, an cead ina dtaobh dá dtagraítear in Airteagal 325az(2), mar an luach is airde de na luachanna seo a leanas:
2. Comhlíonfaidh institiúidí a bhfuil suíomhanna acu in ionstraimí fiachais thrádáilte agus cothromais a thagann faoi raon feidhme na samhla priacail mainneachtana inmheánaí agus a shanntar do na deasca trádála dá dtagraítear i mír 1, comhlíonfaidh siad ceanglas cistí dílse breise arna shloinneadh mar an luach is airde de na luachanna seo a leanas:
Airteagal 325bb Tomhas priacail easnaimh ionchasaigh 1. Ríomhfaidh institiúidí an tomhas priacail easnaimh ionchasaigh dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 325ba(1) d'aon dáta ar leith ‘t’ agus d'aon phunann ar leith de shuíomhanna leabhair trádála mar a leanas:
nuair:
2. Ní dhéanfaidh institiúidí cásanna suaite amach anseo a chur i bhfeidhm ach amháin ar thacar sonrach na bhfachtóirí priacail insamhaltaithe is infheidhme ar mhéid gach easnaimh ionchasaigh pháirtigh mar a leagtar amach in Airteagal 325bc agus méid gach easnaimh ionchasaigh pháirtigh á cinneadh maidir leis an tomhas priacail easnaimh ionchasaigh a ríomh i gcomhréir le mír 1. 3. I gcás ina bhfuil fachtóir priacail insamhaltaithe amháin ar laghad a mapáladh ar an gcatagóir fachtóra phriacail leathan ‘i’ i gcomhréir le hAirteagal 325bd in idirbheart amháin ar a laghad den phunann, déanfaidh institiúidí an beart easnaimh ionchasaigh neamhiallaithe don chatagóir fachtóra phriacail leathan ‘i’ a ríomh agus é a chur san áireamh san fhoirmle don tomhas priacail easnaimh ionchasaigh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. 4. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh institiúid minicíocht ríomh thomhais easnaimh ionchasaigh neamhiallaithe
Airteagal 325bc Ríomhanna easnaimh ionchasaigh pháirtigh 1. Déanfaidh institiúidí méideanna uile na n-easnamh ionchasach páirteach dá dtagraítear in Airteagal 325bb(1) a ríomh mar a leanas:
2. Chun críocha méideanna easnaimh ionchasaigh pháirtigh
3. Chun críche méideanna easnamh ionchasacha páirteacha
4. Chun críche méideanna easnaimh ionchasacha páirteacha
5. Agus méid easnaimh ionchasaigh pháirtigh ar leith dá dtagraítear in Airteagal 325bc(1) a ríomh, coimeádfaidh institiúidí luachanna na bhfachtóirí priacail insamhaltaithe nach bhfuil de cheanglas orthu, faoi mhír 2, mír 3 agus mír 4 den Airteagal seo, cásanna suaite amach anseo a chur i bhfeidhm le haghaidh méid an easnaimh ionchasaigh pháirtigh sin. Airteagal 325bd Tréimhsí leachtachta 1. Déanfaidh institiúidí gach fachtóir priacail suíomhanna a sannadh do dheasca trádála ar tugadh dóibh an cead ina leith dá dtagraítear in Airteagal 325az(2) nó atá i mbéal an cead sin a fháil ina leith, do cheann de na catagóirí leathana fachtóirí priacail arna liostú i dTábla 2, agus do cheann d'fhochatagóirí leathana na bhfachtóirí priacail arna liostú sa Tábla sin. 2. Is éard a bheidh i dtréimhse leachtachta fachtóra phriacail de chuid na suíomhanna dá dtagraítear i mír 1 tréimhse leachtachta fhochatagóir leathan chomhfhreagrach na bhfachtóirí priacail ar ar mapáladh í. 3. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, maidir le deasc trádála ar leith, féadfaidh institiúid ceann amháin de thréimhse leachtachta is faide d'fhochatagóir leathan na bhfachtóirí priacail arna liostú i dTábla 1 d'Airteagal 325bc a chur in ionad na tréimhse leachtachta d'fhochatagóir na bhfachtóirí priacail leathain arna liostú i dTábla 2 den Airteagal seo. I gcás ina ndéanfaidh institiúid an cinneadh sin, beidh feidhm ag an tréimhse leachtachta is faide maidir le fachtóirí priacail insamhaltaithe uile na suíomhanna a sannadh don deasc trádála sin agus a mapáladh ar fhochatagóir leathan na bhfachtóirí priacail sin chun méideanna an easnaimh ionchasaigh pháirtigh a ríomh i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 325bc(1). Cuirfidh institiúid fógra chuig na húdaráis inniúla faoi na deasca trádála agus fochatagóirí leathana na bhfachtóirí priacail maidir lena gcinnfidh sí an láimhseáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm. 4. Chun méideanna an easnaimh ionchasaigh pháirtigh a ríomh […] i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 325bc(1), déanfar tréimhse leachtachta éifeachtach d'fhachtóir priacail insamhaltaithe de chuid suíomh leabhair trádála ar leith a ríomh mar a leanas:
nuair atá:
5. Áireofar airgeadraí atá comhdhéanta den euro agus den airgeadra de chuid Ballstát atá páirteach in MRM II i bhfochatagóir na bpéirí airgeadra is leachtaí laistigh de chatagóir leathan fhachtóir priacail malairte eachtraí Thábla 2. 6. Fíoróidh institiúid chomh hiomchuí is atá an mhapáil dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn míosúil ar a laghad. 7. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Márta 2020. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Tábla 2
Airteagal 325be Insamhaltaitheacht na bhfachtóirí priacail a mheasúnú 1. Déanfaidh institiúidí measúnú ar insamhaltaitheacht fhachtóirí priacail uile na suíomhanna a sannadh do na deasca trádála ar tugadh dóibh an cead dá dtagraítear in Airteagal 325az(2) ina leith nó atá i mbéal cead den sórt sin a fháil. 2. Mar chuid den mheasúnú sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh institiúidí na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacal margaidh a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 325bk le haghaidh na bhfachtóirí priacail sin nach bhfuil insamhaltaithe. 3. Déanfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt d'fhonn na critéir a shonrú lena ndéanfar measúnú, i gcomhréir le mír 1, cibé acu atá nó nach bhfuil na fachtóirí priacail insamhaltaithe agus d'fhonn minicíocht an mheasúnaithe sin a shonrú freisin. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Márta 2020. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Airteagal 325bf Ceanglais cúltástála rialála agus fachtóirí iolrúcháin 1. Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘róluaineacht’ athrú aon lae ar luach punainne atá comhdhéanta de na suíomhanna go léir a sannadh don deasc trádála ar athrú luacha é a sháraíonn an luach faoi phriacal gaolmhar a ríomhtar ar bhonn shamhail inmheánach mhalartach na hinstitiúide i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:
2. Comhairfidh institiúidí róluaineachtaí laethúla ar bhonn cúltástáil ar na hathruithe iarbhír agus hipitéiseacha ar luach na punainne atá comhdhéanta de na suíomhanna go léir a sannadh don deasc trádála. 3. Measfar go mbeidh na ceanglais chúltástála comhlíonta ag deasc trádála institiúide i gcás nach sárófar, le líon na róluaineachtaí don deasc trádála sin a tharla in imeacht an 250 lá gnó is déanaí, aon cheann de na nithe seo a leanas:
4. Comhairfidh institiúidí róluaineachtaí aon lae i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
5. Ríomhfaidh institiúid, i gcomhréir le mír 6 agus mír 7 den Airteagal seo, an fachtóir iolrúcháin (mc) dá dtagraítear in Airteagal 325ba do phunann na suíomhanna go léir a sannadh do na deasca trádála ar tugadh an cead don institiúid sin samhlacha inmheánacha malartacha a úsáid dá dtagraítear in Airteagal 325az(2) ina leith. 6. Is éard a bheidh san fhachtóir iolrúcháin (mc) lánsuim luacha 1,5 móide forlíontán idir 0 agus 0,5 i gcomhréir le Tábla 3. Maidir leis an bpunann dá dtagraítear i mír 5, ríomhfar an forlíontán ar bhonn líon na róluaineachtaí a tharla le linn an 250 lá gnó is déanaí arna bhfianú le cúltástáil na hinstitiúide ar uimhir an luacha faoi phriacal a ríomhfar i gcomhréir le pointe (a) den fhomhír seo. Beidh ríomh an fhorlíontáin faoi réir na gceanglas seo a leanas:
In imthosca eisceachtúla, féadfaidh údaráis inniúla teorainn a chur leis an bhforlíontán a thagann ó róluaineachtaí de bhun cúltástáil ar athruithe hipitéiseacha, nuair nach dtagann líon na róluaineachtaí faoi athruithe iarthástála iarbhír ó easpa sa tsamhail inmheánach.. 7. Déanfaidh na húdaráis inniúla faireachán ar a iomchuí a bheidh an fachtóir iolrúcháin dá dtagraítear i mír 5 agus ar a mhéid a chomhlíonfaidh deasca trádála na ceanglais chúltástála dá dtagraítear i mír 3. Déanfaidh institiúidí, gan mhoill, agus i gcás ar bith tráth nach déanaí ná cúig lá gnó tar éis do róluaineacht tarlú, fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla faoi róluaineachtaí a thagann as a gclár cúltástála agus tabharfaidh siad míniú ar na luaineachtaí sin. 8. De mhaolú ar mhíreanna 2 agus 6 den Airteagal seo, féadfaidh údaráis inniúla ceadú d'institiúid gan róluaineacht a chur san áireamh i gcás ina mbeidh athrú aon lae i luach a punainne, a sháróidh uimhir an luacha faoi phriacal a ríomhtar le samhail inmheánach na hinstitiúide, insannta d'fhachtóir priacail nach bhfuil insamhaltaithe. Chun an méid sin a chur i gcrích, léireoidh an institiúid dá húdaráis inniúla go bhfuil an tomhas priacail cáis struis a ríomhfar i gcomhréir le hAirteagal 325bk maidir leis an bhfachtóir priacail neamh-shamhaltaithe sin níos airde ná an difríocht dheimhneach san athrú idir luach phunann na hinstitiúide agus uimhir ghaolmhar an luacha faoi phriacal. 9. Ceapfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na gnéithe teicniúla a shonrú a chuirfear san áireamh sna hathruithe iarbhír agus hipitéiseacha ar luach punainne institiúide chun críocha an Airteagail seo. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Márta 2020. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Airteagal 325bg Ceanglas sannta brabúis agus caillteanais 1. Comhlíonfaidh deasc trádála institiúide na ceanglais sannta B&C i gcás ina gcomhlíonfaidh an deasc trádála sin na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo. 2. Áiritheofar leis an gceanglas sannta B&C go mbeidh na hathruithe teoiriciúla ar luach punainne deisce trádála, bunaithe ar shamhail tomhais phriacail na hinstitiúide, gar go leor do na hathruithe hipitéiseacha ar luach phunann na deisce trádála, bunaithe ar shamhail phraghsála na hinstitiúide. 3. Ach a gcomhlíonfaidh institiúid an ceanglas sannta brabúis agus caillteanais, maidir le gach suíomh de chuid deisce trádála ar leith, saineofar liosta cruinn d'fhachtóirí priacail a mheastar a bheith iomchuí chun fíorú a dhéanamh an gcomhlíonann an institiúid sin an ceanglas cúltástála a leagtar amach in Airteagal 325bf. 4. Ceapfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Márta 2020. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Airteagal 325bh Ceanglais maidir le priacal a thomhas 1. Institiúidí a úsáideann samhail tomhais phriacail inmheánach chun na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacal margaidh dá dtagraítear in Airteagal 325ba a ríomh, áiritheoidh na hinstitiúidí sin go gcomhlíonann an tsamhail na ceanglais seo a leanas go léir:
2. Féadfaidh institiúidí úsáid a bhaint as comhghaolta eimpíreacha laistigh de chatagóirí leathana fachtóirí priacail agus, ar mhaithe le ríomh an bhirt easnaimh neamhiallaithe UESt lena bhfuiltear ag súil, dá dtagraítear in Airteagal 325bb(1), thar chatagóirí leathana fachtóirí priacail i gcás ina bhfuil cur chuige na hinstitiúide chun na comhghaolta sin a thomhas fónta, i gcomhréir leis na tréimhsí leachtachta is infheidhme agus curtha chun feidhme go hionraic, agus sa chás sin amháin. 3. Faoin 28 Meán Fómhair 2020, eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, lena sonrófar na critéir maidir le hionchuir sonraí a úsáid sa tsamhail tomhais phriacail dá dtagraítear in Airteagal 325bc. Airteagal 325bi Ceanglais cháilíochtúla 1. Beidh aon samhail inmheánach tomhais phriacail arna húsáid chun críocha na Caibidle seo fónta ar bhonn coincheapúil, déanfar í a ríomh agus a chur i bhfeidhm go hionraic agus comhlíonfar léi na ceanglais cháilíochtúla uile a leanas:
Chun críocha phointe (h) den chéad fhomhír, is gnóthas tríú páirtí é gnóthas a chuireann seirbhísí iniúchóireachta nó seirbhísí comhairliúcháin ar fáil d'institiúidí agus a bhfuil líon foirne aige a bhfuil a ndóthain scileanna acu sa réimse a bhaineann le priacal margaidh i ngníomhaíochtaí trádála. 2. San áireamh san athbhreithniú dá dtagraítear i bpointe (h) de mhír 1 beidh gníomhaíochtaí na n-aonad trádála gnó agus an aonaid rialaithe phriacail neamhspleách araon. Déanfaidh an institiúid athbhreithniú ar a próiseas foriomlán bainistithe priacail ar a laghad uair amháin sa bhliain. Déanfar measúnú ar na nithe seo a leanas san athbhreithniú:
3. Déanfaidh institiúidí nuashonrú ar na teicnící agus ar na cleachtais a úsáideann siad le haghaidh aon cheann de na samhlacha inmheánacha tomhais phriacail arna n-úsáid chun críocha na Caibidle seo chun forbairtí a dhéantar ar theicnící nua agus ar dhea-chleachtais nua i dtaca leis na samhlacha inmheánacha tomhais phriacail sin a chur san áireamh. Airteagal 325bj Bailíochtú Inmheánach 1. Beidh próisis ar bun ag institiúidí lena áirithiú go ndearna páirtithe atá cáilithe go cuí agus atá neamhspleách ar an bpróiseas forbartha, bailíochtú leordhóthanach ar aon samhlacha inmheánacha tomhais phriacail arna húsáid chun críocha na Caibidle seo lena áirithiú go bhfuil na samhlacha sin fónta ar bhonn coincheapúil agus go ngabhtar leo go leordhóthanach na priacail ábhartha uile. 2. Déanfaidh na hinstitiúidí an bailíochtú dá dtagraítear i mír 1 sna cúinsí seo a leanas:
3. Ní bheidh bailíochtú ar na samhlacha inmheánacha tomhais phriacail a bhaineann le hinstitiúid teoranta do chúltástáil agus do cheanglais aitreabúideachta brabúis agus caillteanais, ach áireofar ar a laghad iad seo a leanas mar chuid de:
Airteagal 325bk Beart priacail maidir le cás struis a ríomh 1. Ciallaíonn an ‘beart priacail maidir le cás struis d'fhachtóir priacail neamh-insamhaltaithe’ an caillteanas a thabhaítear i suíomhanna leabhair trádála nó suíomhanna leabhair neamhthrádála atá faoi réir priacal malairte eachtraí nó priacal thráchtearraí na punainne lena n-áirítear an fachtóir priacail neamh-insamhaltaithe sin sa chás ina gcuirtear dianchás de shuaitheadh amach anseo i bhfeidhm maidir leis an bhfachtóir priacail sin. 2. Forbróidh institiúidí chun sástacht na n-údarás inniúil dianchásanna de shuaitheadh amach anseo le haghaidh na bhfachtóirí priacail neamh-insamhaltaithe uile. 3. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt, cuirfidh ÚBE san áireamh an ceanglas go mbeidh leibhéal na gceanglas maidir le cistí dílse le haghaidh priacal margaidh an fhachtóra phriacail neamh-insamhaltaithe de réir mar a leagtar síos san Airteagal seo, go mbeidh sé chomh hard le leibhéal na gceanglas le haghaidh priacal margaidh a dhéanfaí a ríomh faoin gCaibidil dá bhféadfaí an fachtóir priacail sin a shamhaltú. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meán Fómhair 2020. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 325bl Raon feidhme na samhla inmheánaí maidir leis an bpriacal mainneachtana 1. Suíomhanna uile institiúide a shanntar do na deasca trádála ar tugadh cead ina leith don institiúid mar a thagraítear dó in Airteagal 325az(2), beidh siad faoi réir ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal mainneachtana i gcás ina bhfuil ar a laghad fachtóir priacail amháin sna suíomhanna a ndearnadh a mhapáil ar na catagóirí leathana fachtóirí priacail ‘cothromas’ nó ‘raon difríochta creidmheasa’ i gcomhréir le hAirteagal 325bd(1). Is ceanglas é an ceanglas maidir le cistí dílse atá incriminteach ar na priacail arna ngabháil leis na ceanglais maidir le cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 325ba(1), agus déanfar é a ríomh le samhail inmheánach maidir leis an bpriacal mainneachtana na hinstitiúide. Chomhlíonfaidh an tsamhail sin na ceanglais a leagtar síos sa Roinn seo. 2. Maidir le gach ceann de na suíomhanna dá dtagraítear i mír 1, sainaithneoidh institiúid eisiúnaí amháin ionstraimí fiachais thrádáilte nó ionstraimí cothromais thrádáilte a bhaineann le fachtóir priacail amháin ar a laghad. Airteagal 325bm Cead samhail inmheánach maidir leis an bpriacal mainneachtana a úsáid 1. Tabharfaidh na húdaráis inniúla cead d'institiúidí úsáid a bhaint as samhail inmheánach maidir leis an bpriacal mainneachtana chun ríomh a dhéanamh ar na ceanglais maidir le cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 325ba(2) le haghaidh na suíomhanna leabhair trádála uile dá dtagraítear in Airteagal 325bl a shanntar do dheasc trádála a gcomhlíonann a shamhail inmheánach maidir leis an bpriacal mainneachtana na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 325bi, 325bj, 325bn 325bo agus 325bp. 2. I gcás nach gcomhlíonfaidh deasc trádála institiúide, dá sanntar ar a laghad ceann amháin de na suíomhanna leabhair trádála dá dtagraítear in Airteagal 325bl, na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, déanfar na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacal margaidh na suíomhanna uile sa deasc trádála sin a ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach i gCaibidil 1a. Airteagal 325bn Ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal mainneachtana trí úsáid a bhaint as samhail inmheánach maidir leis an bpriacal mainneachtana 1. Déanfaidh institiúidí na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal mainneachtana a ríomh trí úsáid a bhaint as samhail inmheánach maidir leis an bpriacal mainneachtana do phunann na suíomhanna uile leabhar trádála dá dtagraítear in Airteagal 325bl mar seo a leanas:
2. Déanfaidh institiúidí na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal mainneachtana a ríomh trí úsáid a bhaint as samhail inmheánach maidir leis an bpriacal mainneachtana dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn seachtaine ar a laghad. 3. De mhaolú ar phointe (a) agus ar phointe (c) de mhír 1, féadfaidh institiúid tréimhse ionchasach seasca lá a chur in áit na tréimhse ionchasaí bliana chun críche priacal mainneachtana roinnt de na suíomhanna cothromais nó na suíomhanna cothromais ar fad a ríomh, i gcás inarb iomchuí. Sa chás sin, beidh an ríomh a dhéanfar ar chomhghaolta mainneachtana idir praghsanna cothromais agus dóchúlachtaí mainneachtana i gcomhréir le tréimhse ionchasach seasca lá agus beidh an ríomh a dhéanfar ar chomhghaolta mainneachtana idir praghsanna cothromais agus praghsanna bannaí i gcomhréir le tréimhse ionchasach bliana. Airteagal 325bo Fálú a aithint i samhail inmheánach maidir leis an bpriacai mainneachtana 1. Féadfaidh institiúidí fálaithe a ionchorprú ina samhail inmheánach maidir leis an bpriacal mainneachtana agus féadfaidh siad suíomhanna a ghlanluacháil sa chás ina dtagraíonn na suíomhanna fada agus gearra don ionstraim airgeadais chéanna. 2. Ní fhéadfaidh institiúidí fálaithe nó éifeachtaí éagsúlaithe a bhaineann le suíomhanna fada agus gearra lena mbaineann ionstraimí éagsúla nó urrúis éagsúla den fhéichiúnaí céanna a aithint ina samhlacha inmheánacha maidir leis an bpriacal mainneachtana, ach oiread le suíomhanna fada agus gearra in eisiúnaithe éagsúla ach trí na suíomhanna comhlána idir fhada agus ghearr sna hionstraimí éagsúla a shamhaltú go sainráite, lena n-áirítear samhaltú priacal boinn idir eisiúnaithe éagsúla. 3. Gabhfaidh institiúidí ina samhlacha inmheánacha maidir leis an bpriacal mainneachtana na priacail ábhartha idir ionstraim fálúcháin agus an ionstraim fhálaithe a d'fhéadfadh tarlú le linn an eatraimh idir aibíocht ionstraim fálúcháin agus an tréimhse ionchasach bliana chomh maith leis an bhféidearthacht go dtarlódh priacail boinn shuntasacha i straitéisí fálaithe a eascródh as difríochtaí i gcineál an táirge, sinsearacht sa struchtúr caipitiúil, rátálacha inmheánacha nó seachtracha, aibíocht, bliain eisiúna agus difríochtaí eile. Ní aithneoidh institiúidí ionstraim fálúcháin ach a mhéid is féidir é a chothabháil fiú amháin nuair atá an féichiúnaí ag druidim le teagmhas creidmheasa nó teagmhas eile. Airteagal 325bp Ceanglais shonracha maidir le samhail inmheánach maidir leis an bpriacal mainneachtana 1. Beidh sé de chumas ag an tsamhail inmheánach maidir leis an bpriacal mainneachtana dá dtagraítear in Airteagal 325bm(1) mainneachtain eisiúnaithe aonair mar aon le mainneachtain chomhuaineach ileisiúnaithe a shamhaltú agus, leis an tsamhail, cuirfear san áireamh tionchar na mainneachtainí sin ar luachanna margaidh na suíomhanna a áirítear i raon feidhme na samhla sin. Chun na críche sin, déanfar mainneachtain gach eisitheora aonair a shamhlú trí úsáid a bhaint as dhá chineál fachtóirí priacail córasacha. 2. Leis an tsamhail inmheánach maidir leis an bpriacal mainneachtana, léireofar an timthriall eacnamaíoch lena n-áirítear a mhéid a bhraitheann rátaí téarnaimh agus fachtóirí priacail córasacha dá dtagraítear i mír 1 ar a chéile. 3. Leis an tsamhail inmheánach maidir leis an bpriacal mainneachtana, léireofar tionchar neamhlíneach na gcéadroghanna agus na suíomhanna eile lena mbaineann iompar neamhlíneach ábhartha i leith athruithe i bpraghsanna. Beidh aird chuí ag an institiúid freisin ar mhéid an phriacail de bharr samhaltú atá intuigthe i luacháil agus meastachán ar na priacail phraghais a bhaineann le táirgí den sórt sin. 4. Beidh an tsamhail inmheánach maidir leis an bpriacal mainneachtana bunaithe ar shonraí atá oibiachtúil agus cothrom le dáta. 5. Chun mainneachtain na n-eisiúnaithe a ionsamhlú sa tsamhail inmheánach maidir leis an bpriacal mainneachtana, comhlíonfaidh meastacháin na hinstitiúide ar dhóchúlachtaí mainneachtana na ceanglais seo a leanas:
6. Chun mainneachtain na n-eisiúnaithe a ionsamhlú sa tsamhail inmheánach maidir leis an bpriacal mainneachtana, comhlíonfaidh meastacháin na hinstitiúide ar chaillteanas i gcás mainneachtana na ceanglais seo a leanas:
7. Mar chuid den athbhreithniú agus den bhailíochtú neamhspleách ar na samhlacha inmheánacha a úsáideann siad chun críocha na Caibidle seo, lena n-áirítear ar an gcóras tomhais phriacail, déanfaidh institiúidí an méid a leanas:
Na tástálacha dá dtagraítear i bpointe (b), ní bheidh siad teoranta don réimse teagmhas a tharla san am atá caite. 8. Leis an tsamhail inmheánach maidir leis an bpriacal mainneachtana, léireofar go hiomchuí comhchruinnithe eisitheora agus comhchruinnithe a d'fhéadfadh teacht chun cinn thar aicmí táirgí agus laistigh díobh faoi dhálaí struis. 9. Beidh an tsamhail inmheánach maidir leis an bpriacal mainneachtana i gcomhréir le modheolaíochtaí inmheánacha bainistíochta priacail na hinstitiúide arna n-úsáid chun priacail trádála a aithint, a thomhas agus a bhainistiú. 10. Beidh beartais agus nósanna imeachta a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag institiúidí chun toimhdí mainneachtana chomhghaoil a chinneadh idir na heisitheoirí éagsúla i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 325bn(1) agus rogha na tosaíochta de na modhanna chun meastachán a dhéanamh ar na dóchúlachtaí mainneachtana i bpointe (e) de mhír 5 den Airteagal seo agus an caillteanas i gcás mainneachtana i bpointe (d) de mhír 6 den Airteagal seo. 11. Déanfaidh institiúidí a samhlacha inmheánacha a dhoiciméadú ionas go mbeidh a dtoimhdí comhghaoil agus a dtoimhdí samhaltaithe eile trédhearcach do na húdaráis inniúla. 12. Déanfaidh an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun sonrú a dhéanamh ar na ceanglais atá lena bheith comhlíonta ag modheolaíocht inmheánach nó foinsí seachtracha institiúide chun meastachán a dhéanamh ar dhóchúlachtaí mainneachtana agus ar chaillteanas i gcás mainneachtana i gcomhréir le pointe (e) de mhír 5 agus pointe (d) de mhír 6. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meán Fómhair 2020. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.”; |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(91) |
in Airteagal 384(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tsainmhínithe ar
|
|
(92) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 385: “Airteagal 385 Malairt ar mhodhanna CVA a úsáid le ceanglais cistí dílse a ríomh Mar mhalairt ar Airteagal 384, le haghaidh ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 382 agus faoi réir toiliú roimh ré ón údarás inniúil, féadfaidh institiúidí ina n-úsáidtear Modh na Risíochta Tosaigh a leagtar síos in Airteagal 282, fachtóir iolrúcháin 10 a chur i bhfeidhm ar na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a thiocfaidh as le haghaidh priacal creidmheasa an chontrapháirtí le haghaidh na risíochtaí sin, in ionad ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal CVA a ríomh.”; |
|
(93) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 390: “Airteagal 390 Luach na risíochta a ríomh 1. Ríomhfar risíochtaí iomlána ar ghrúpa cliant atá nasctha le chéile trí risíochtaí na gcliant aonair sa ghrúpa sin a chur le chéile. 2. Ríomhfar risíochtaí foriomlána ar chliaint aonair atá nasctha le chéile trí na risíochtaí sa leabhar trádála a chur leis na risíochtaí sa leabhar neamhthrádála. 3. Maidir le risíochtaí an leabhair trádála, féadfaidh institiúidí:
Chun críocha phointe (a) agus phointe (b), féadfar ionstraimí airgeadais a leithdháileadh i mbuicéid bunaithe ar chéimeanna éagsúla sinsearachta chun cóimheas sinsearachta na suíomhanna a chinneadh. 4. Ríomhfaidh institiúidí luachanna risíochta na gconarthaí díorthacha a liostaítear in Iarscríbhinn II agus na gconarthaí díorthach creidmheasa arna ndéanamh go díreach le cliant i gcomhréir le ceann de na modhanna a leagtar amach i Roinn 3, 4, agus 5 de Chaibidil 6 de Theideal II de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme. Risíochtaí a thagann as idirbhearta dá dtagraítear in Airteagal 378, Airteagal 379 agus Airteagal 380, déanfar iad a ríomh ar an modh a leagtar síos sna hAirteagail sin. Agus luach na risíochta á ríomh do na conarthaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ar conarthaí iad arna leithdháileadh ar an leabhar trádála, comhlíonfaidh institiúidí na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 299 freisin. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, institiúidí a bhfuil cead acu na modhanna dá dtagraítear i Roinn 4 de Chaibidil 4 de Theideal II de Chuid a Trí agus Roinn 6 de Chaibidil 6 de Theideal II de Chuid a Trí a úsáid, féadfaidh siad na modhanna sin a úsáid agus luach na risíochta a ríomh i gcás idirbhearta um maoiniú urrús. 5. Cuirfidh institiúidí le risíocht iomlán ar chliant na risíochtaí a eascraíonn as conarthaí díorthacha a liostaítear in Iarscríbhinn II agus conarthaí díorthach creidmheasa, i gcás nach ndearnadh an conradh go díreach le cliant ach gur eisigh an cliant sin an ionstraim fholuiteach fiachais nó chothromais. 6. Ní áireofar aon cheann de na nithe seo a leanas mar risíochtaí:
7. D'fhonn an risíocht fhoriomlán ar chliant nó ar ghrúpa cliant atá nasctha le chéile a chinneadh, maidir le cliaint a bhfuil risíochtaí ag an institiúid ina leith trí idirbhearta dá dtagraítear i bpointe (m) agus i bpointe (o) d'Airteagal 112 nó trí idirbhearta eile i gcás ina bhfuil risíocht ar shócmhainní foluiteacha ann, déanfaidh institiúid measúnú ar a risíochtaí foluiteacha lena gcuirfear san áireamh an tábhacht eacnamaíoch a bhaineann le struchtúr an idirbhirt agus na priacail is gné de struchtúr an idirbhirt féin, d'fhonn a chinneadh an risíocht bhreise é. 8. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2014. Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. 9. Chun críocha mhír 5, forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun a léiriú conas na risíochtaí a eascraíonn as conarthaí díorthacha a liostaítear in Iarscríbhinn II agus conarthaí díorthacha creidmheasa, sa chás nach ndearnadh an conradh go díreach le cliant ach d'eisigh an cliant an ionstraim foluiteach fiachais nó chothromais le go gcuirfear san áireamh iad sna risíochtaí ar an gcliant. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Márta 2020. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.”; |
|
(94) |
in Airteagal 391, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “Chun críocha an chéad mhír, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2), cinntí a ghlacadh an gcuireann tríú tír ceanglais stuamachta maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá ar a laghad coibhéiseach leis na socruithe sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas.”; |
|
(95) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 392: “Airteagal 392 Sainmhíniú ar risíocht mhór Measfar gur risíocht mhór í risíocht institiúide ar chliant nó ar ghrúpa cliant atá nasctha le chéile i gcás ina bhfuil luach na risíochta cothrom le, nó níos mó ná, 10 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide.”; |
|
(96) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 394: “Airteagal 394 Ceanglais tuairiscithe 1. Tabharfaidh institiúidí tuairisc dá n-údaráis inniúla ar an bhfaisnéis seo a leanas maidir le gach risíocht mhór atá ina seilbh acu, lena n-áirítear risíochtaí móra atá eisiata ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1):
Institiúidí atá faoi réir Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, tabharfaidh siad tuairisc dá n-údaráis inniúla ar an 20 risíocht is mó ar bhonn comhdhlúite atá acu, cé is moite de na risíochtaí sin atá eisiata ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1). Ina theannta sin, tabharfaidh institiúidí tuairisc dá n-údaráis inniúla ar bhonn comhdhlúite ar risíochtaí ag a bhfuil luach atá níos mó ná EUR 300 milliún nó cothrom leis an méid sin ach atá níos lú ná 10 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide. 2. De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh institiúidí tuairisc dá n-údaráis inniúla ar an bhfaisnéis seo a leanas maidir leis na 10 risíocht is mó ar bhonn comhdhlúite atá acu ar institiúidí agus maidir leis na 10 risíocht is mó atá acu ar eintitis scáthbhaincéireachta a mbíonn gníomhaíochtaí baincéireachta á ndéanamh acu lasmuigh den chreat rialáilte ar bhonn comhdhlúite, lena n-áirítear risíochtaí móra atá eisiata ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1):
3. Tuairisceoidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 dá n-údaráis inniúla ar bhonn leathbhliantúil ar a laghad. 4. Ceapfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na critéir chun eintitis scáthbhaincéireachta dá dtagraítear i mír 2 a shainaithint. Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt, cuirfidh UBÉ san áireamh forbairtí idirnáisiúnta agus caighdeáin chomhaontuithe idirnáisiúnta maidir le scáthbhaincéireacht agus déanfaidh sé na nithe seo a leanas a mheas:
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meitheamh 2020. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.”; |
|
(97) |
leasaítear Airteagal 395 mar a leanas:
|
|
(98) |
leasaítear Airteagal 396 mar a leanas:
|
|
(99) |
i gColún 1 de Thábla 1 in Airteagal 397, cuirtear an téarma “caipiteal Leibhéal 1” in ionad an téarma “caipiteal incháilithe”; |
|
(100) |
leasaítear Airteagal 399 mar a leanas:
|
|
(101) |
leasaítear Airteagal 400 mar a leanas:
|
|
(102) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 401: “Airteagal 401 Éifeacht úsáid teicnící maolaithe phriacail chreidmheasa a ríomh 1. Ar mhaithe le luach na risíochtaí a ríomh chun críocha Airteagal 395(1), féadfaidh institiúid luach na risíochta lánchoigeartaithe (E*) a úsáid arna ríomh faoi Chaibidil 4 de Theideal II de Chuid a Trí, agus an maolú priacail creidmheasa, coigeartuithe luaineachta, agus aon neamhréir aibíochta dá dtagraítear sa Chaibidil sin, á gcur san áireamh. 2. Cé is moite de na hinstitiúidí a bhaineann úsáid as an modh simplí comhthaobhach airgeadais, chun críocha na chéad mhíre, bainfidh institiúidí úsáid as an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais, beag beann ar an modh a úsáidtear chun na ceanglais maidir le cistí dílse na priacail chreidmheasa a ríomh. De mhaolú ar mhír 1, institiúidí a bhfuil cead acu na modhanna dá dtagraítear i Roinn 4 de Chaibidil 4 de Theideal II de Chuid a Trí agus Roinn 6 de Chaibidil 6 de Theideal II de Chuid a Trí a úsáid, féadfaidh siad na modhanna sin a úsáid agus luach na risíochta a ríomh d'idirbhearta um maoiniú urrús. 3. Chun luach na risíochtaí a ríomh chun críocha Airteagal 395(1), déanfaidh institiúidí tástálacha struis tréimhsiúla maidir lena gcomhchruinnithe ar phriacail creidmheasa, lena n-áirítear maidir le luach inréadaithe aon chomhthaobhachta a ghlacfar. Tabharfaidh na tástálacha struis tréimhsiúla sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír aghaidh ar na priacail a thagann as athruithe a d'fhéadfadh teacht ar dhálaí sa mhargadh a bhféadfadh tionchar díobhálach a bheith acu ar leordhóthanacht chistí dílse na n-institiúidí agus priacal a thagann as réadú na comhthaobhachta i riochtaí struis. Beidh na tástálacha struis a dhéanfar leordhóthanach agus iomchuí chun an measúnú a dhéanamh ar na priacail sin. Áireoidh institiúidí na nithe seo a leanas ina gcuid straitéisí chun aghaidh a thabhairt ar phriacail chomhchruinnithe:
4. I gcás ina laghdóidh institiúid risíocht ar chliant trí theicníc um maolú priacail creidmheasa incháilithe a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 399(1), láimhseálfaidh an institiúid, ar an dóigh a leagtar amach in Airteagal 403, an chuid sin den risíocht lena laghdófar an risíocht ar an gcliant amhail is gur tabhaíodh í don soláthraí cosanta seachas don chliant.”; |
|
(103) |
in Airteagal 402, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2: “1. Chun luachanna na risíochta a ríomh chun críocha Airteagal 395, féadfaidh institiúidí, seachas i gcás ina dtoirmeasctar é de réir an dlí náisiúnta is infheidhme, luach risíochta nó aon chuid de risíocht a laghdú, ar risíocht í arna hurrú go hiomlán ag maoin cónaithe i gcomhréir le hAirteagal 125(1) de réir an méid atá curtha i ngeall de mhargadhluach nó de luach iasachta morgáiste na maoine lena mbaineann ach nach mó ná 50 % den mhargadh nó 60 % den luach iasachta morgáiste sna Ballstáit sin inar leagadh síos critéir dhiana i bhforálacha reachtúla nó rialála chun measúnú a dhéanamh ar an luach iasachta morgáiste, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:
2. Chun luachanna na risíochta a ríomh chun críocha Airteagal 395, féadfaidh institiúid, seachas i gcás ina dtoirmeasctar é de réir an dlí náisiúnta is infheidhme, luach risíochta nó aon chuid de risíocht a laghdú, ar risíocht í arna hurrú go hiomlán ag maoin dhochorraithe tráchtála i gcomhréir le hAirteagal 126(1) de réir an méid atá curtha i ngeall de mhargadhluach nó de luach iasachta morgáiste na maoine lena mbaineann ach nach mó ná 50 % den mhargadh nó 60 % den luach iasachta morgáiste sna Ballstáit sin inar leagadh síos critéir dhiana i bhforálacha reachtúla nó rialála chun measúnú a dhéanamh ar an luach iasachta morgáiste, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:
|
|
(104) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 403: “Airteagal 403 Cur chuige ionadaíochta 1. I gcás ina bhfuil risíocht ar chliant ráthaithe ag tríú páirtí, nó urraithe le comhthaobhacht arna heisiúint ag tríú páirtí, déanfaidh institiúid:
Ní úsáidfidh an institiúid an cur chuige dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír i gcás ina bhfuil neamhréir ann idir aibíocht na risíochta agus aibíocht na cosanta. Chun críocha na Coda seo, ní fhéadfaidh institiúid an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais agus an láimhseáil a leagtar amach i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo a úsáid ach amháin i gcás ina gceadaítear di an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais agus an Modh Simplí Comhthaobhach Airgeadais araon a úsáid chun críocha Airteagal 92. 2. I gcás ina gcuireann institiúid pointe (a) de mhír 1 i bhfeidhm:
3. Chun críocha phointe (b) de mhír 1, féadfaidh institiúid an méid i bpointe (b) den mhír seo a chur in ionad an mhéid i bpointe (a) den mhír seo, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (c), (d) agus (e) den mhír seo:
4. Eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, lena sonrófar na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na láimhseála dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, lena n-airítear na coinníollacha agus minicíocht maidir le teorainneacha a chinneadh, faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh orthu dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír sin. Foilseoidh ÚBE na treoirlínte sin faoin 31 Nollaig 2019.”; |
|
(105) |
i gCuid a Sé, cuirfear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal Theideal I: “ SAINMHÍNITHE AGUS CEANGLAIS LEACHTACHTA ”; |
|
(106) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 411: “Airteagal 411 Sainmhínithe Chun críocha na Coda seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
|
(107) |
leasaítear Airteagal 412 mar a leanas:
|
|
(108) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 413 agus Airteagal 414: “Airteagal 413 Ceanglas glanchistiúcháin chobhsaí 1. Áiritheoidh na hinstitiúidí go gcomhlíonfar ítimí fadtéarmacha maidir le sócmhainní agus ítimí fadtéarmacha atá lasmuigh den chlár comhardaithe go leordhóthanach trí thacar éagsúil ionstraimí cistiúcháin atá cobhsaí faoi ghnáthchúinsí agus faoi chúinsí struis araon. 2. Beidh feidhm go heisiach ag na forálacha a leagtar amach i dTeideal III chun oibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 415 a shonrú go dtí go sonrófar oibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach san Airteagal sin maidir leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí a leagtar amach i dTeideal IV agus go dtí go dtabharfar isteach i ndlí an Aontais iad. 3. Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar amach i dTeideal IV chun an ceanglas glanchistiúcháin chobhsaí a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo agus oibleagáidí tuairiscithe le haghaidh institiúidí a leagtar amach in Airteagal 415 a shonrú. 4. Féadfaidh Ballstáit forálacha náisiúnta i réimse na gceanglas cistiúcháin chobhsaí a choinneáil nó a thabhairt isteach sula dtiocfaidh i bhfeidhm íoschaighdeáin cheangailteacha i dtaca le ceanglais ghlanchistiúcháin chobhsaí a leagtar amach i mír 1. Airteagal 414 Ceanglais leachtachta a chomhlíonadh Tabharfaidh institiúid nach gcomhlíonann, nó nach dóigh léi go gcomhlíonfaidh sí, na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 413(1), lena n-áirítear le linn tréimhsí struis, tabharfaidh sí fógra láithreach do na húdaráis inniúla agus cuirfidh sí plean gan aon mhoill mhíchuí faoi bhráid na n-údarás inniúil chun go gcomhlíonfaidh sí na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 412 nó Airteagal 413(1) arís go tráthúil, de réir mar is iomchuí. Go dtí go dtosófar ag comhlíonadh an Airteagail sin arís, tabharfaidh an institiúid tuairisc faoi na hítimí dá dtagraítear i dTeideal III, i dTeideal IV, sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 415(3) nó (43a) nó sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), de réir mar is iomchuí, go laethúil faoi dheireadh gach lae gnó mura dtugann an t-údarás inniúil údarú maidir le minicíocht tuairiscithe níos ísle agus moill tuairiscithe níos faide. Ní dhéanfaidh údaráis inniúla údaruithe den sórt sin a cheadú ach amháin ar bhonn cáis aonair na hinstitiúide agus méid agus castacht ghníomhaíochtaí na hinstitiúide á gcur san áireamh. Déanfaidh údaráis inniúla faireachán ar chur chun feidhme an phlean sin chun filleadh ar chomhlíonadh agus ceanglóidh siad, i gcás inarb iomchuí, go ndéanfaí na ceanglais a chomhlíonadh arís i dtréimhse níos giorra.”; |
|
(109) |
leasaítear Airteagal 415 mar a leanas:
|
|
(110) |
leasaítear Airteagal 416 mar a leanas:
|
|
(111) |
Leasaítear Airteagal 419 mar a leanas:
|
|
(112) |
leasaítear Airteagal 422 mar a leanas:
|
|
(113) |
In Airteagal 423, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3: “2. Cuirfidh institiúid na húdaráis inniúla ar an eolas maidir leis na conarthaí go léir a dhéantar, ar conarthaí iad a n-eascróidh eis-sreabha leachtachta nó riachtanais chomhthaobhachta bhreise as a gcoinníollacha conartha, laistigh de 30 lá i ndiaidh do mheathlúchán ábhartha teacht ar cháilíocht chreidmheasa na hinstitiúide. I gcás ina measann na húdaráis inniúla go bhfuil na conarthaí sin ábhartha maidir leis na heis-sreabha leachtachta a d'fhéadfadh a bheith ag an institiúid, cuirfidh siad ceangal ar an institiúid eis-sreabh breise a chur isteach le haghaidh na gconarthaí sin ar eis-sreabh é a chomhfhreagróidh do na riachtanais chomhthaobhachta bhreise a thiocfaidh chun cinn ó mheathlúchán ábhartha ar cháilíocht chreidmheasa na hinstitiúide amhail íosghrádú trí scór ina measúnú creidmheasa seachtrach. Déanfaidh an institiúid athbhreithniú rialta ar mhéid an mheathlúcháin ábhartha sin i bhfianaise an mhéid a bhaineann le hábhar faoi na conarthaí atá déanta aici agus tabharfaidh sí fógra maidir le toradh a athbhreithnithe do na húdaráis inniúla. 3. Cuirfidh an institiúid eis-sreabh breise isteach a chomhfhreagróidh do na riachtanais chomhthaobhachta a thiocfadh chun cinn ón tionchar a bheadh ag cás díobhálach an mhargaidh maidir lena hidirbhearta díorthach más ábhartha iad. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na coinníollacha faoina bhféadfar nóisean na hábharthachta a chur i bhfeidhm agus lena sonrófar modhanna chun an eis-sreabh breise a thomhas. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2014. Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.”; |
|
(114) |
in Airteagal 424, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: “4. Déanfar an méid tiomanta de shaoráid leachtachta atá curtha ar fáil don SSPE chun cur ar chumas an SSPE sin sócmhainní a cheannach, seachas urrúis, ó chliaint nach custaiméirí airgeadais iad, a iolrú faoi 10 % ar an gcoinníoll go sáraíonn an méid tiomanta méid na sócmhainní atá ceannaithe cheana féin ó chliaint agus go mbeidh an t-uasmhéid is féidir a tharraingt teoranta go conarthach do mhéid na sócmhainní atá ceannaithe cheana féin.”; |
|
(115) |
In Airteagal 425(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
|
|
(116) |
Cur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite “TEIDEAL IV AN CÓIMHEAS GLANCHISTIÚCHÁIN CHOBHSAÍ CAIBIDIL 1 An cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí Airteagal 428a Cur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite I gcás ina bhfuil feidhm ag an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí a leagtar amach sa Teideal seo ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 11(4), beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:
Airteagal 428b An cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí 1. Beidh an ceanglas glanchistiúcháin chobhsaí a leagtar síos in Airteagal 413(1) cothrom le cóimheas cistiúcháin chobhsaí na hinstitiúide atá ar fáil dá dtagraítear i gCaibidil 3 le cistiúchán cobhsaí na hinstitiúide atá de dhíth dá dtagraítear i gCaibidil 4,agus déanfar é a shloinneadh mar chéatadán. Déanfaidh institiúidí a gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí a ríomh de réir na foirmle seo a leanas:
2. Coinneoidh institiúidí cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí de 100 % ar a laghad arna ríomh san airgeadra tuairiscithe i gcomhair a n-idirbheart uile, beag beann ar ainmníocht airgeadra iarbhír atá acu. 3. I gcás ina dtitfidh cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí institiúide faoi 100 % nó i gcás ina meastar go réasúnta go bhféadfaidh sé titim faoi 100 %, beidh feidhm ag an gceanglas a leagtar síos in Airteagal 414. Beidh sé mar aidhm ag an institiúid a cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí a thabhairt ar ais go dtí an leibhéal dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Déanfaidh údaráis inniúla measúnú ar na cúiseanna le mainneachtain na hinstitiúide cloí le mír 2 den Airteagal seo sula ndéanfaidh siad aon bhearta maoirseachta. 4. Déanfaidh institiúidí a gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí a ríomh agus déanfaidh siad faireachán air san airgeadra tuairiscithe i gcomhair a n-idirbheart uile, beag beann ar an ainmníocht airgeadra iarbhír atá acu, agus déanfaidh siad sin ar leithligh i gcomhair a n-idirbheart a ainmneofar i ngach ceann de na hairgeadraí atá faoi réir tuairisciú ar leithligh i gcomhréir le hAirteagal 415(2). 5. Áiritheoidh institiúidí go bhfuil dáileadh a bpróifíl cistiúcháin, de réir ainmníocht airgeadra, comhsheasmhach i gcoitinne le dáileadh a gcuid sócmhainní de réir airgeadra. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar na hinstitiúidí srian a chur le neamhréireanna airgeadra trí theorainneacha a leagan síos maidir leis an gcion den chistiú cobhsaí ceangailteach in airgeadra faoi leith is féidir a chomhlíonadh le cistiú cobhsaí atá ar fáil nach bhfuil ainmnithe san airgeadra sin. Ní fhéadfar an srian sin a chur i bhfeidhm ach i gcás airgeadra atá faoi réir tuairisciú ar leithligh i gcomhréir le hAirteagal 415(2). Agus cinneadh á dhéanamh maidir le leibhéal aon sriain a fhéadfar a chur i bhfeidhm ar neamhréireanna airgeadra i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfaidh údaráis inniúla na nithe seo a leanas a mheas ar a laghad:
Beidh aon srian ar neamhréireanna airgeadra a dhéanfar a fhorchur i gcomhréir leis an Airteagal seo ina ceanglas leachtachta sonrach dá dtagraítear in Airteagal 105 de Threoir 2013/36/AE. CAIBIDIL 2 Rialacha ginearálta chun an cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí a ríomh Airteagal 428c An cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí a ríomh 1. Mura sainítear a mhalairt sa Teideal seo, cuirfidh institiúidí sócmhainní, dliteanais agus ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe san áireamh ar bhonn comhlán. 2. Chun críocha a gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí a ríomh, cuirfidh institiúidí na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí iomchuí a leagtar amach i gCaibidil 3 agus i gCaibidil 4 i bhfeidhm ar luach cuntasaíochta na sócmhainní, na ndliteanas agus na n-ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe atá acu, mura sainítear a mhalairt sa Teideal seo. 3. Ní dhéanfaidh institiúidí an cistiúchán cobhsaí ceangailteach agus an cistiúchán cobhsaí atá ar fáil a chomhaireamh faoi dhó. Mura sainítear a mhalairt sa Teideal seo, i gcás ina bhféadfaidh ítim a leithdháileadh ar níos mó ná catagóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh amháin, déanfar í a leithdháileadh ar an gcatagóir cistiúcháin chobhsaí ceangailteach a chuireann an cistiúchán conarthach ceangailteach cobhsaí is mó ar fáil don ítim sin. Airteagal 428d Conarthaí díorthach 1. Cuirfidh na hinstitiúidí an Airteagal seo i bhfeidhm chun méid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh le haghaidh conarthaí díorthach dá dtagraítear i gCaibidil 3 agus i gCaibidil 4 a ríomh. 2. Gan dochar d'Airteagal 428ah(2), cuirfidh institiúidí luach cóir na suíomhanna díorthach ar bhonn glanluachála sa chás ina n-áirítear na suíomhanna sin sa tacar glanluachála céanna a chomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 429c(1). I gcás nach amhlaidh atá, cuirfidh institiúidí luach cóir na suíomhanna díorthach san áireamh ar bhonn comhlán agus déanfaidh siad na suíomhanna díorthach sin a láimhseáil mar tacar glanluachála a bhaineann leo féin chun críocha Chaibidil 4. 3. Chun críocha an Teidil seo, ciallaíonn ‘luach cóir tacair glanluachála’ suim luachanna córa na n-idirbheart uile a chuimsítear sa tacar glanluachála. 4. Gan dochar d'Airteagal 428ah(2), déanfar na conarthaí díorthach uile a liostáiltear i bpointí 2(a) go (e) d'Iarscríbhinn II lena mbaineann malartú iomlán príomhshuimeanna ar an dáta céanna, déanfar iad a ríomh ar bhonn glanluachála thar airgeadraí, lena n-áirítear an chríoch tuairisciú in airgeadra atá faoi réir tuairisciú ar leithligh i gcomhréir le hAirteagal 415(2), fiú i gcás nach n-áirítear na hidirbhearta sin sa tacar glanluachála céanna a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 429c(1). 5. Láimhseálfar íocaíochtaí in airgead tirim a gheofar mar chomhthaobhacht chun risíocht suímh díorthaigh a mhaolú, láimhseálfar iad mar íocaíochtaí in airgead tirim agus ní dhéanfar iad a láimhseáil mar thaiscí maidir lena bhfuil feidhm ag Caibidil 3. 6. Féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh, le formheas an bhainc ceannais ábhartha, tionchar na gconarthaí díorthach ar ríomh an chóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí a tharscaoileadh, lena n-áirítear an tionchar a tharscaoileadh trí na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh agus forálacha agus caillteanais a chinneadh, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
I gcás ina mbainfidh fochuideachta ag a bhfuil a ceannoifig i dtríú tír leas as an tarscaoileadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi dhlí náisiúnta an tríú tír sin a shocraíonn an ceanglas glanchistiúcháin chobhsaí, cuirfear an tarscaoileadh sin de réir mar a shainítear i ndlí náisiúnta an tríú tír é san áireamh chun críche comhdhlúthaithe. Airteagal 428e Glanluacháil na n-idirbheart iasachta urraithe agus na n-idirbheart caipitil faoi thionchar an mhargaidh Déanfar sócmhainní agus dliteanais a eascróidh as idirbhearta um maoiniú urrús le contrapháirtí aonair a ríomh ar bhonn glanluachála ar an gcoinníoll go gcomhlíonfaidh na sócmhainní agus na dliteanais sin na coinníollacha glanluachála a leagtar amach in Airteagal 429b(4). Airteagal 428f Sócmhainní agus dliteanais idirspleácha 1. Faoi réir réamhfhormheas na n-údarás inniúil, féadfaidh institiúid a mheas go bhfuil sócmhainn agus dliteanas idirspleách ar a chéile, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
2. Measfar go gcomhlíonfaidh sócmhainní agus dliteanais na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 agus measfar iad a bheith idirspleách i gcás ina bhfuil baint dhíreach acu leis na táirgí nó na seirbhísí seo a leanas:
3. Déanfaidh ÚBE faireachán ar shócmhainní agus ar dhliteanais, chomh maith le táirgí agus seirbhísí a láimhseáiltear mar shócmhainní agus dhliteanais idirspleácha faoi mhír 1 agus faoi mhír 2 chun a chinneadh an gcomhlíontar na critéir a leagtar síos i mír 1 agus chun a mhéid a chomhlíontar iad a chinneadh. Cuirfidh ÚBE tuarascáil chuig an gCoimisiún maidir le torthaí an fhaireacháin sin agus cuirfidh sé comhairle ar an gCoimisiún an mbeadh leasú ar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 nó leasú ar liosta na dtáirgí agus na seirbhísí dá dtagraítear i mír 2 riachtanach nó nach mbeadh. Airteagal 428g Taiscí i scéimeanna cosanta institiúideacha agus líonraí comharchumann I gcás ina mbaineann institiúid le scéim cosanta institiúideach den chineál dá dtagraítear in Airteagal 113(7), le líonra is incháilithe don tarscaoileadh dá bhforáiltear in Airteagal 10 nó le líonra comharchumann i mBallstát, beidh na taiscí ar amharc a choinníonn an institiúid leis an institiúid lárnach agus a mheasann an institiúid taiscthe gur sócmhainní leachtachta iad de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), beidh na taiscí sin faoi réir an mhéid seo a leanas:
Airteagal 428h Cóir fhabhrach laistigh de ghrúpa nó laistigh de scéim chosanta institiúideach 1. De mhaolú ar Chaibidil 3 agus ar Chaibidil 4, agus i gcás nach bhfuil feidhm ag Airteagal 428g, féadfaidh údaráis inniúla institiúidí a údarú, ar bhonn cás ar chás, fachtóir is airde cistiúcháin chobhsaí atá ar fáil nó fachtóir is ísle cistiúcháin chobhsaí atá de dhíth a chur i bhfeidhm ar shócmhainní, ar dhliteanais agus ar shaoráidí tiomanta creidmheasa nó ar shaoráidí tiomanta leachtachta, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
2. I gcás ina bhfuil an institiúid agus an contrapháirtí bunaithe i mBallstáit dhifriúla, féadfaidh na húdaráis inniúla an coinníoll a leagtar amach i bpointe (d) de mhír 1 a tharscaoileadh ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na critéir seo a leanas chomh maith leis na critéir a leagtar amach i mír 1:
Rachaidh na húdaráis inniúla i gcomhairle le chéile i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 20(1) chun a chinneadh an gcomhlíonfar na critéir bhreise a leagtar amach sa mhír seo. CAIBIDIL 3 Cistiú cobhsaí atá ar fáil Roinn 1 Forálacha ginearálta Airteagal 428i Méid an chistiúcháin chobhsaí atá ar fáil a ríomh Mura sainítear a mhalairt sa Chaibidil seo, déanfar méid an chistiúcháin chobhsaí atá ar fáil a ríomh trí luach cuntasaíochta na gcatagóirí éagsúla nó na gcineálacha éagsúla dliteanas agus cistí dílse a iolrú faoi na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí atá ar fáil agus atá le cur i bhfeidhm faoi Roinn 2. Is éard a bheidh i méid iomlán an chistiúcháin chobhsaí atá ar fáil suim mhéideanna ualaithe na ndliteanas agus na gcistí dílse. Bannaí agus urrúis fiachais eile a eisíonn an institiúid, a dhíoltar go heisiach sa mhargadh miondíola agus a shealbhaítear i gcuntas miondíola, féadfar iad a láimhseáil amhail is gur leis an gcatagóir iomchuí taisce miondíola iad. Cuirfear teorannú i bhfeidhm ionas nach bhféadfaidh páirtithe eile seachas custaiméirí miondíola na hionstraimí sin a cheannach ná a shealbhú. Airteagal 428j Aibíocht iarmhair dliteanais nó cistí dílse 1. Mura sainítear a mhalairt sa Chaibidil seo, cuirfidh institiúidí aibíocht chonarthach iarmhair a ndliteanas agus a gcistí dílse san áireamh chun na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí atá ar fáil agus atá le cur i bhfeidhm faoi Roinn 2 a chinneadh. 2. Cuirfidh institiúidí roghanna atá ann cheana féin san áireamh agus aibíocht iarmhair dliteanais nó cistí dílse á cinneadh. Déanfaidh siad é sin ar an tuiscint go ndéanfaidh an contrapháirtí céadroghanna ar cheannach a fhuascailt ar an dáta is luaithe is féidir. I gcás céadroghanna is infheidhmithe de rogha na hinstitiúide, cuirfidh an institiúid agus na húdaráis inniúla san áireamh fachtóirí a bhaineann le clú a d'fhéadfadh teorainn a chur le cumas institiúide gan an rogha a fheidhmiú, go háirithe ar ionchais an mhargaidh gur cheart d'institiúidí dliteanais áirithe a fhuascailt sula dtiocfaidh siad in aibíocht. 3. Déanfaidh institiúidí na taiscí sin a bhfuil tréimhsí seasta fógra ag gabháil leo a láimhseáil i gcomhréir lena dtréimhse fógra agus déanfaidh siad taiscí téarma a láimhseáil i gcomhréir lena n-aibíocht iarmhair. De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, ní chuirfidh institiúidí san áireamh roghanna le haghaidh aistarraingtí luatha, i gcás ina mbeidh ar an taisceoir pionós ábhartha a íoc as aistarraingtí luatha a dhéantar sula mbeidh bliain amháin istigh, ar pionós é a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), chun aibíocht iarmhair taiscí miondíola téarma a chinneadh. 4. Chun na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí atá ar fáil atá le cur i bhfeidhm faoi Roinn 2 a chinneadh, láimhseálfaidh institiúidí aon sciar de na dliteanais a bhfuil aibíocht iarmhair aon bhliana amháin nó níos mó acu agus a thiocfaidh in aibíocht laistigh de shé mhí, nó aon chuid de dhliteanais den sórt sin a thiocfaidh in aibíocht idir sé mhí agus níos lú ná aon bhliain amháin mar dhliteanais a bhfuil aibíocht iarmhair acu is lú ná sé mhí agus idir sé mhí agus níos lú ná aon bhliain amháin, faoi seach. Roinn 2 Fachtóirí cistiúcháin chobhsaí atá ar fáil Airteagal 428k Fachtóir 0 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil 1. Mura sonraítear a mhalairt in Airteagal 428l go hAirteagal 428o, beidh na dliteanais ar fad nach bhfuil aibíocht luaite leo, lena n-áirítear suíomhanna gearra agus suíomhanna aibíochta oscailte, faoi réir fachtóir 0 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil, cé is moite de na cinn seo a leanas:
2. Beidh dliteanais chánach iarchurtha agus leasanna mionlaigh dá dtagraítear sa chéad mír 1 faoi réir ceann amháin de na fachtóirí seo a leanas:
3. Beidh na dliteanais seo a leanas faoi réir fachtóir 0 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil:
4. Cuirfidh institiúidí fachtóir 0 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil i bhfeidhm ar luach absalóideach na difríochta, más diúltach é, idir méid na luachanna córa thar gach tacar glanluachála a bhfuil luach cóir deimhneach acu agus méid na luachanna córa thar gach tacar glanluachála a bhfuil luach cóir diúltach acu arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 428d. Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir leis an ríomh dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
Airteagal 428l Fachtóir 50 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil Beidh na dliteanais seo a leanas faoi réir fachtóir 50 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil:
Airteagal 428m Fachtóir 90 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil Beidh taiscí miondíola ar amharc, taiscí miondíola a bhfuil tréimhse sheasta fógra is lú ná aon bhliain amháin acu agus taiscí miondíola téarma a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná aon bhliain amháin acu agus a chomhlíonann na critéir ábhartha do thaiscí miondíola eile a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) faoi réir fachtóir 90 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil. Airteagal 428n Fachtóir 95 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil Beidh taiscí miondíola ar amharc, taiscí miondíola a bhfuil tréimhse sheasta fógra is lú ná aon bhliain amháin acu agus taiscí miondíola téarma a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná aon bhliain amháin acu agus a chomhlíonann na critéir ábhartha do thaiscí miondíola cobhsaí a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) faoi réir fachtóir 95 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil. Airteagal 428o Fachtóir 100 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil Beidh na dliteanais chomh maith leis na hítimí caipitil agus na hionstraimí caipitil seo a leanas faoi réir fachtóir 100 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil:
CAIBIDIL 4 Cistiú cobhsaí ceangailteach Roinn 1 Forálacha ginearálta Airteagal 428p Méid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a ríomh 1. Mura sonraítear a mhalairt sa Chaibidil seo, ríomhfar méid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh trí luach cuntasaíochta na gcatagóirí nó na gcineálacha éagsúla sócmhainní agus ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe a iolrú faoi na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a bheidh le cur i bhfeidhm i gcomhréir le Roinn 2. Is éard a bheidh i méid iomlán an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh suim mhéideanna ualaithe na ndliteanas agus na n-ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe. 2. Sócmhainní atá faighte ar iasacht ag institiúidí, lena n-áirítear in idirbhearta um maoiniú urrús, eisiafar iad ó ríomh mhéid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh i gcás ina gcuirtear na sócmhainní sin san áireamh i gclár comhardaithe na hinstitiúide agus nach bhfuil úinéireacht thairbhiúil ag an institiúid orthu. I gcás sócmhainní atá faighte ar iasacht ag institiúidí, lena n-áirítear in idirbhearta um maoiniú urrús, beidh siad faoi réir na bhfachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá le cur i bhfeidhm faoi Roinn 2 i gcás nach gcuirtear na sócmhainní sin san áireamh i gclár comhardaithe na hinstitiúide ach a bhfuil úinéireacht thairbhiúil ag an institiúid orthu. 3. I gcás sócmhainní atá tugtha ag institiúidí ar iasacht, lena n-áirítear in idirbhearta um maoiniú urrús a gcoimeádann an institiúid úinéireacht thairbhiúil orthu, measfar gur sócmhainní ualaithe chun críocha na Caibidle seo iad agus beidh siad faoi réir na bhfachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a bheidh le cur i bhfeidhm faoi Roinn 2, fiú mura bhfanann na sócmhainní ar chlár comhardaithe na hinstitiúide. Seachas sin, eisiafar na sócmhainní sin ó ríomh mhéid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh. 4. I gcás sócmhainní atá ualaithe le haghaidh aibíocht iarmhair sé mhí nó níos faide, sannfar an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a bheadh le cur i bhfeidhm faoi Roinn 2 ar na sócmhainní sin ach iad a bheith á sealbhú go neamhualaithe nó sannfar an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh is infheidhme i ngach cás eile maidir leis na sócmhainní ualaithe sin, cibé fachtóir is airde. Beidh an méid sin infheidhme freisin i gcás ina mbeidh aibíocht iarmhair na sócmhainní atá ualaithe níos giorra ná aibíocht iarmhair an idirbhirt is údar leis an ualú. Sócmhainní a bhfuil níos lú ná sé mhí fágtha acu de thréimhse ualaithe, beidh siad faoi réir na bhfachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá le cur i bhfeidhm faoi Roinn 2 ar na sócmhainní céanna má sealbhaíodh iad go neamhualaithe. 5. I gcás ina n-athúsáidfidh nó ina n-athgheallfaidh institiúid sócmhainn a fhaightear ar iasacht, lena n-áirítear idirbhearta um maoiniú urrús, agus i gcás ina gcuirtear an tsócmhainn sin san áireamh lasmuigh den chlár comhardaithe, déanfar an t-idirbheart a bhfuarthas an tsócmhainn sin ar iasacht ina leith a láimhseáil mar idirbheart ualaithe ar choinníoll nach bhféadfaidh an t-idirbheart teacht in aibíocht mura ndéanfaidh an institiúid an sócmhainn a fuarthas ar iasacht a thabhairt ar ais. 6. Measfar gur sócmhainní neamhualaithe na sócmhainní seo a leanas:
7. I gcás oibríochtaí neamhchaighdeánacha sealadacha arna gcur i gcrích ag BCE nó ag banc ceannais Ballstáit nó ag banc ceannais tríú tír chun a shainordú a chomhlíonadh i dtréimhse struis airgeadais ar fud an mhargaidh nó i gcúinsí eisceachtúla maicreacnamaíocha, féadfaidh na sócmhainní seo a leanas fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá laghdaithe a fháil:
Cinnfidh na húdaráis inniúla, i gcomhaontú leis an mbanc ceannais arb é contrapháirtí an idirbhirt é, an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a bheidh le cur i bhfeidhm ar na sócmhainní dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír. I gcás sócmhainní ualaithe dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, ní bheidh an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh, atá le cur i bhfeidhm, níos lú ná an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a mbeadh feidhm aige, faoi Roinn 2, maidir leis na sócmhainní sin dá mbeidís á sealbhú go neamhualaithe. Agus fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá laghdaithe á chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an dara fomhír, déanfaidh na húdaráis inniúla faireachán géar ar an tionchar a bheidh ag an bhfachtóir laghdaithe sin ar shuíomhanna cistiúcháin chobhsaí de chuid institiúidí agus déanfaidh siad bearta maoirseachta iomchuí i gcás inar gá. 8. Chun aon chomhaireamh dúbailte a sheachaint, eisiafaidh institiúidí sócmhainní a bhaineann le comhthaobhacht a aithnítear mar chorrlach athrúcháin arna bhreacadh i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 428k(4) agus le pointe (b) d'Airteagal 428ah(2) nó a aithnítear mar chorrlach tosaigh arna bhreacadh, nó a aithnítear mar ranníocaíocht le ciste mainneachtana an chontrapháirtí lárnaigh i gcomhréir le pointí (a) agus (b) d'Airteagal 428ag eisiafaidh siad na sócmhainní sin ó chodanna eile de ríomh mhéid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh i gcomhréir leis an gCaibidil seo. 9. Sa ríomh a dhéanfaidh siad ar mhéid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh ionstraimí airgeadais, áireoidh institiúidí airgeadraí iasachta agus tráchtearraí a ndearnadh ordú ceannaigh ina leith. Eisiafaidh siad ionstraimí airgeadais, airgeadraí iasachta agus tráchtearraí a ndearnadh ordú ceannaigh ina leith ó ríomh mhéid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh, ar choinníoll nach léireofar na hidirbhearta sin mar dhíorthaigh nó mar idirbhearta cistithe urraithe ar chlár comhardaithe na n-institiúidí agus go léireofar na hidirbhearta sin ar chlár comhardaithe na n-institiúidí nuair a bheidh siad socraithe. 10. Féadfaidh údaráis inniúla na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a chinneadh le cur i bhfeidhm ar risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe nach dtagraítear dóibh sa Chaibidil seo lena áirithiú go gcoinneoidh institiúidí méid iomchuí an chistiúcháin chobhsaí ar fáil don sciar de na risíochtaí sin a mheastar ina leith go mbeidh cistiúchán de dhíth orthu le linn thréimhse ionchasach bliana an chóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí. Chun na fachtóirí sin a chinneadh, cuirfidh údaráis inniúla san áireamh, go háirithe, damáiste ábhartha do chlú na hinstitiúide a d'fhéadfadh tarlú i gcás nach gcuirfí an cistiú sin ar fáil. Cuirfidh údaráis inniúla tuairisc chuig ÚBE, uair sa bhliain ar a laghad, maidir leis na cineálacha risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe a bhfuil na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh cinntithe acu ina leith. Áireoidh siad sa tuairisc sin míniú ar an modheolaíocht a cuireadh i bhfeidhm chun na fachtóirí sin a chinneadh. Airteagal 428q Aibíocht iarmhair sócmhainne 1. Mura sonraítear a mhalairt sa Chaibidil seo, cuirfidh institiúidí aibíocht chonarthach iarmhair a sócmhainní agus a n-idirbheart lasmuigh den chlár comhardaithe san áireamh chun na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá le cur i bhfeidhm ar a sócmhainní agus ar a n-ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe faoi Roinn 2 a chinneadh. 2. Déanfaidh institiúidí sócmhainní arna leithscaradh i gcomhréir le hAirteagal 11(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a láimhseáil i gcomhréir le risíocht fholuiteach na sócmhainní sin. Ina ainneoin sin, cuirfidh institiúidí na sócmhainní sin faoi réir fachtóirí níos airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh ag brath ar an téarma ualaithe atá le cinneadh ag na húdaráis inniúla agus déanfaidh na húdaráis sin a mheas an féidir le hinstitiúid na sócmhainní sin a dhiúscairt nó a mhalartú gan srian agus breithneoidh siad téarma na ndliteanas i leith chliaint na n-institiúidí lena mbaineann an ceanglas sin maidir le leithscaradh. 3. Agus aibíocht iarmhair sócmhainne á ríomh acu, cuirfidh institiúidí céadroghanna san áireamh, bunaithe ar an toimhde go bhfeidhmeoidh an t-eisitheoir nó an contrapháirtí aon chéadrogha chun síneadh a chur le haibíocht sócmhainne. Maidir le céadroghanna is infheidhmithe de rogha na hinstitiúide, cuirfidh an institiúid agus na húdaráis inniúla san áireamh fachtóirí clú a d'fhéadfadh teorainn a chur le cumas na hinstitiúide gan an chéadrogha a fheidhmiú, go háirithe ionchais na margaí agus na gcliant gur cheart don institiúid síneadh a chur le haibíocht sócmhainní áirithe nuair a bheidh a ndáta aibíochta istigh. 4. Chun na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a bheidh le cur i bhfeidhm i gcomhréir le Roinn 2 a chinneadh, maidir le hiasachtaí amúchta a bhfuil aibíocht chonarthach iarmhair bliana nó níos mó acu, déanfar aon sciar a thagann in aibíocht laistigh de thréimhse is giorra ná sé mhí agus aon sciar a thagann in aibíocht laistigh de thréimhse idir sé mhí agus níos lú ná bliain amháin a láimhseáil mar sciar a bhfuil aibíocht iarmhair níos lú ná sé mhí aige nó idir sé mhí agus níos lú ná bliain amháin aige faoi seach. Roinn 2 Fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh Airteagal 428r Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 0 % 1. Beidh na sócmhainní seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 0 %:
Cuirfidh institiúidí an t-airgead dlite dá dtagraítear i bpointe (g) den chéad fhomhír den mhír seo san áireamh ar bhonn glan i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 428e. 2. De mhaolú ar phointe (c) de mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla, le comhaontú an bhainc ceannais ábhartha, cinneadh a dhéanamh maidir le fachtóir níos airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a chur i bhfeidhm ar chúlchistí atá de dhíth, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh a mhéid a bhíonn ceanglais chúlchistí ann thar tréimhse ionchasach bliana agus go mbíonn cistiú cobhsaí gaolmhar de dhíth orthu dá bharr. Maidir le fochuideachtaí a bhfuil a gceannoifig acu i dtríú tír, i gcás ina bhfuil na cúlchistí ceangailteacha bainc ceannais faoi réir fachtóir níos airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh faoin gceanglas glanchistiúcháin chobhsaí arna leagan amach i ndlí náisiúnta an tríú tír sin, cuirfear an fachtóir níos airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh sin san áireamh chun críche comhdhlúthúcháin. Airteagal 428s Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 5 % 1. Beidh na sócmhainní agus na hítimí lasmuigh den chlár comhardaithe seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 5 %:
Cuirfidh institiúidí an t-airgead dlite dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo san áireamh ar bhonn glan i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 428e. 2. Maidir le tacair ghlanluachála uile na gconarthaí díorthach, cuirfidh institiúidí fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 5 % i bhfeidhm ar luach cóir absalóideach thacair ghlanluachála na gconarthaí díorthach sin, an chomhthaobhacht a bhreactar san áireamh, i gcás ina bhfuil luach cóir diúltach ag na tacair ghlanluachála sin. Chun críocha na míre seo, cinnfidh institiúidí an luach cóir mar oll fhoirmiú aon chomhthaobhacht a bhreactar nó socraíochta nó íocaíochtaí agus fáltais a bhaineann le luacháil ar an margadh athruithe ar na conarthaí sin. Airteagal 428t Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 7 % Beidh sócmhainní neamhualaithe is incháilithe mar bhannaí faoi chumhdach fíor-ardchaighdeáin leibhéal 1 de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 7 %, bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh. Airteagal 428u Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 7,5 % Beidh táirgí a bhaineann le maoiniú trádála lasmuigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a bhfuil aibíocht iarmhair sé mhí ar a laghad agus is lú ná bliain amháin acu, faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 7,5 %. Airteagal 428v Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 10 % Beidh na sócmhainní agus na hítimí lasmuigh den chlár comhardaithe seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 10 %:
Airteagal 428w Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 12 % Beidh scaireanna nó aonaid neamhualaithe i GCanna is incháilithe le haghaidh caolchorrlach 12 % chun an cóimheas cumhdaigh ar leachtacht a ríomh i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 12 %, bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh. Airteagal 428x Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 15 % Beidh sócmhainní neamhualaithe is incháilithe mar shócmhainní leibhéal 2A de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 15 %, bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh. Airteagal 428y Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 20 % Beidh scaireanna nó aonaid neamhualaithe i GCanna is incháilithe le haghaidh caolchorrlach 20 % chun an cóimheas cumhdaigh ar leachtacht a ríomh i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 20 %, bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh. Airteagal 428z Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 25 % Beidh urrúsuithe neamhualaithe leibhéal 2B de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 25 %, bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh. Airteagal 428aa Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 30 % Beidh na sócmhainní seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 30 %:
Airteagal 428ab Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 35 % Beidh na sócmhainní seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 35 %:
Airteagal 428ac Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 40 % Beidh scaireanna nó aonaid neamhualaithe i GCanna is incháilithe le haghaidh caolchorrlach 40 % chun an cóimheas cumhdaigh ar leachtacht a ríomh de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 40 %, bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh. Airteagal 428ad Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 50 % Beidh na sócmhainní seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 50 %:
Airteagal 428ae Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 55 % Beidh scaireanna nó aonaid neamhualaithe i GCanna is incháilithe le haghaidh caolchorrlach 55 % chun an cóimheas cumhdaigh ar leachtacht a ríomh i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 55 %, bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh. Airteagal 428af Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 65 % Beidh na sócmhainní seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 65 %:
Airteagal 428ag Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 85 % Beidh na sócmhainní agus na hítimí lasmuigh den chlár comhardaithe seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 85 %:
Airteagal 428ah Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 100 % 1. Beidh na sócmhainní seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 100 %:
2. Cuirfidh institiúidí fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 100 % i bhfeidhm ar an difríocht, más difríocht dhearfach, idir suim na luachanna córa thar gach tacar glanluachála a bhfuil luach cóir dearfach acu agus suim na luachanna córa thar gach tacar glanluachála a bhfuil luach cóir diúltach acu arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 428d. Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir leis an ríomh dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
CAIBIDIL 5 Maolú i gcás institiúidí beaga agus neamhchasta Airteagal 428ai Maolú i gcás institiúidí beaga agus neamhchasta De mhaolú ar Chaibidil 3 agus Chaibidil 4, féadfaidh institiúidí beaga agus neamhchasta an rogha a dhéanamh, le cead roimh ré óna n-údarás inniúil, an cóimheas idir cistiúchán cobhsaí institiúide atá ar fáil dá dtagraítear i gCaibidil 6, agus cistiúchán cobhsaí ceangailteach na hinstitiúide dá dtagraítear i gCaibidil 7 a ríomh, arna shloinneadh mar chéatadán. Féadfaidh údarás inniúil a cheangal ar institiúid bheag agus neamhchasta go gcomhlíonfaidh sí an ceanglas glanchistiúcháin chobhsaí atá bunaithe ar chistiúchán cobhsaí na hinstitiúide atá ar fáil dá dtagraítear i gCaibidil 3 agus cistiúchán cobhsaí ceangailteach na hinstitiúide dá dtagraítear i gCaibidil 4, i gcás ina measfaidh sé nach bhfuil an mhodheolaíocht shimplithe leordhóthanach chun priacail chistiúcháin na hinstitiúide sin a ghabháil. CAIBIDIL 6 Cistiúchán cobhsaí atá ar fáil chun an cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí simplithe a ríomh go simplí Roinn 1 Forálacha ginearálta Airteagal 428aj Méid an chistiúcháin chobhsaí atá ar fáil a ríomh go simplí 1. Mura sainítear a mhalairt sa Chaibidil seo, déanfar méid an chistiúcháin chobhsaí atá ar fáil a ríomh trí luach cuntasaíochta na gcatagóirí éagsúla nó na gcineálacha éagsúla dliteanas agus cistí dílse a iolrú faoi na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí atá ar fáil agus atá le cur i bhfeidhm faoi Roinn 2. Is éard a bheidh i méid iomlán an chistiúcháin chobhsaí atá ar fáil suim mhéideanna ualaithe na ndliteanas agus na gcistí dílse. 2. Bannaí agus urrúis fiachais eile a eisíonn an institiúid, a dhíoltar go heisiach sa mhargadh miondíola agus a shealbhaítear i gcuntas miondíola, féadfar iad a láimhseáil amhail is gur leis an gcatagóir iomchuí taisce miondíola iad. Cuirfear teorannú i bhfeidhm ionas nach bhféadfaidh páirtithe eile seachas custaiméirí miondíola na hionstraimí sin a cheannach ná a shealbhú. Airteagal 428ak Aibíocht iarmhair dliteanais nó cistí dílse 1. Mura sainítear a mhalairt sa Chaibidil seo, cuirfidh institiúidí aibíocht chonarthach iarmhair a ndliteanas agus a gcistí dílse san áireamh chun na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí atá ar fáil agus atá le cur i bhfeidhm faoi Roinn 2 a chinneadh. 2. Cuirfidh institiúidí roghanna atá ann cheana féin san áireamh agus aibíocht iarmhair dliteanais nó cistí dílse á cinneadh. Déanfaidh siad é sin ar an tuiscint go ndéanfaidh an contrapháirtí céadroghanna ar cheannach a fhuascailt ar an dáta is luaithe is féidir. I gcás céadroghanna is infheidhmithe de rogha na hinstitiúide, cuirfidh an institiúid agus na húdaráis inniúla san áireamh fachtóirí a bhaineann le clú a d'fhéadfadh teorainn a chur le cumas institiúide gan an rogha a fheidhmiú, go háirithe ar ionchais an mhargaidh gur cheart d'institiúidí dliteanais áirithe a fhuascailt sula dtiocfaidh siad in aibíocht. 3. Déanfaidh institiúidí na taiscí sin a bhfuil tréimhsí seasta fógra ag gabháil leo a láimhseáil i gcomhréir lena dtréimhse fógra agus déanfaidh siad taiscí téarma a láimhseáil i gcomhréir lena n-aibíocht iarmhair. De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, ní chuirfidh institiúidí san áireamh roghanna le haghaidh aistarraingtí luatha, i gcás ina mbeidh ar an taisceoir pionós ábhartha a íoc as aistarraingtí luatha a dhéantar sula mbeidh bliain amháin istigh, ar pionós é sin a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), chun aibíocht iarmhair taiscí miondíola téarma a chinneadh. 4. Chun na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí atá ar fáil atá le cur i bhfeidhm faoi Roinn 2 a chinneadh, i gcás dliteanais a bhfuil aibíocht chonarthach iarmhair aon bhliana amháin nó níos mó acu, láimhseálfar aon sciar a thiocfaidh in aibíocht laistigh de shé mhí, agus aon chuid de dhliteanais den sórt sin a thiocfaidh in aibíocht idir sé mhí agus níos lú ná aon bhliain amháin, láimhseálfar iad mar dhliteanais a bhfuil aibíocht iarmhair acu níos lú ná sé mhí agus idir sé mhí agus níos lú ná aon bhliain amháin, faoi seach. Roinn 2 Fachtóirí cistiúcháin chobhsaí atá ar fáil Airteagal 428al Fachtóir 0 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil 1. Mura sonraítear a mhalairt sa Roinn seo, beidh na dliteanais ar fad nach bhfuil aibíocht luaite leo, lena n-áirítear suíomhanna gearra agus suíomhanna aibíochta oscailte, faoi réir fachtóir 0 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil cé is moite de na cinn seo a leanas:
2. Beidh dliteanais chánach iarchurtha agus leasanna mionlaigh dá dtagraítear i mír 1 faoi réir ceann amháin de na fachtóirí seo a leanas:
3. Beidh na dliteanais seo a leanas faoi réir fachtóir 0 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil:
4. Cuirfidh institiúidí fachtóir 0 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil i bhfeidhm ar luach absalóideach na difríochta, más diúltach é, idir méid na luachanna córa thar gach tacar glanluachála a bhfuil luach cóir deimhneach acu agus méid na luachanna córa thar gach tacar glanluachála a bhfuil luach cóir diúltach acu arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 428d. Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir leis an ríomh dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
Airteagal 428am Fachtóir 50 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil Beidh na dliteanais seo a leanas faoi réir fachtóir 50 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil:
Airteagal 428an Fachtóir 90 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil Beidh taiscí miondíola ar amharc, taiscí miondíola a bhfuil tréimhse sheasta fógra is lú ná aon bhliain amháin acu agus taiscí miondíola téarma a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná aon bhliain amháin acu agus a chomhlíonann na critéir ábhartha do thaiscí miondíola eile a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) faoi réir fachtóir 90 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil. Airteagal 428ao Fachtóir 95 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil Beidh taiscí miondíola ar amharc, taiscí miondíola a bhfuil tréimhse sheasta fógra is lú ná aon bhliain amháin acu agus taiscí miondíola téarma a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná aon bhliain amháin acu agus a chomhlíonann na critéir ábhartha do thaiscí miondíola cobhsaí a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) faoi réir fachtóir 95 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil. Airteagal 428ap Fachtóir 100 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil Beidh na dliteanais chomh maith leis na hítimí caipitil agus na hionstraimí caipitil seo a leanas faoi réir fachtóir 100 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil:
CAIBIDIL 7 Cistiú cobhsaí ceangailteach chun an cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí a ríomh go simplí Roinn 1 Forálacha ginearálta Airteagal 428aq Méid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a ríomh go simplí 1. Mura sonraítear a mhalairt sa Chaibidil seo, ríomhfar méid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh le haghaidh institiúidí beaga agus neamhchasta trí luach cuntasaíochta na gcatagóirí nó na gcineálacha éagsúla sócmhainní agus ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe a iolrú faoi na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a bheidh le cur i bhfeidhm i gcomhréir le Roinn 2. Is éard a bheidh i méid iomlán an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh suim mhéideanna ualaithe na ndliteanas agus na n-ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe. 2 Eisiafar sócmhainní atá faighte ar iasacht ag institiúidí, lena n-áirítear in idirbhearta um maoiniú urrús, a chuirtear san áireamh ina gclár comhardaithe agus nach bhfuil úinéireacht thairbhiúil acu orthu, eisiafar iad ó ríomh mhéid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh. Eisiafar sócmhainní atá faighte ar iasacht ag institiúidí, lena n-áirítear in idirbhearta um maoiniú urrús, nach gcuirtear san áireamh ina gclár comhardaithe ach a bhfuil úinéireacht thairbhiúil acu orthu, beidh siad faoi réir na bhfachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a bheidh le cur i bhfeidhm faoi Roinn 2. 3. Sócmhainní atá tugtha ag institiúidí ar iasacht, lena n-áirítear in idirbhearta um maoiniú urrús a gcoimeádann siad úinéireacht thairbhiúil orthu, fiú mura bhfanann siad ar a gclár comhardaithe, measfar gur sócmhainní ualaithe chun críocha na Caibidle seo iad agus beidh siad faoi réir na bhfachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a bheidh le cur i bhfeidhm faoi Roinn 2. Seachas sin, eisiafar na sócmhainní sin ó ríomh mhéid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh. 4. I gcás sócmhainní atá ualaithe le haghaidh aibíocht iarmhair sé mhí nó níos faide, sannfar an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a bheadh le cur i bhfeidhm faoi Roinn 2 ar na sócmhainní sin ach iad a bheith á sealbhú go neamhualaithe, nó sannfar an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh is infheidhme i ngach cás eile maidir leis na sócmhainní ualaithe sin, cibé fachtóir is airde. Beidh an méid sin infheidhme freisin i gcás ina mbeidh aibíocht iarmhair na sócmhainní atá ualaithe níos giorra ná aibíocht iarmhair an idirbhirt is údar leis an ualú. Sócmhainní a bhfuil níos lú ná sé mhí fágtha acu de thréimhse ualaithe, beidh siad faoi réir na bhfachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá le cur i bhfeidhm faoi Roinn 2 ar na sócmhainní céanna má sealbhaíodh iad go neamhualaithe. 5. I gcás ina n-athúsáidfidh institiúid sócmhainn a fhaightear ar iasacht, lena n-áirítear idirbhearta um maoiniú urrús, agus a chuirtear san áireamh lasmuigh den chlár comhardaithe, nó i gcás ina n-athchuirfidh sí an tsócmhainn sin i ngeall, déanfar an t-idirbheart trína bhfuarthas an tsócmhainn sin ar iasacht a láimhseáil mar idirbheart ualaithe a mhéid nach bhféadfaidh an t-idirbheart teacht in aibíocht mura ndéanfaidh an institiúid an sócmhainn a fuarthas ar iasacht a thabhairt ar ais. 6. Measfar gur sócmhainní neamhualaithe na sócmhainní seo a leanas:
Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, toimhdeoidh institiúidí go mbeidh na sócmhainní sa chomhthiomsú ualaithe in ord méadaitheach a leachtachta bunaithe ar an aicmiú leachtachta a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), ag tosú le sócmhainní nach incháilithe le haghaidh an mhaoláin leachtachta. 7. I gcás oibríochtaí neamhchaighdeánacha sealadacha arna gcur i gcrích ag BCE nó ag banc ceannais Ballstáit nó ag banc ceannais tríú tír chun a shainordú a chomhlíonadh i dtréimhse struis airgeadais ar fud an mhargaidh nó i gcúinsí eisceachtúla maicreacnamaíocha, féadfaidh na sócmhainní seo a leanas fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá laghdaithe a fháil:
Cinnfidh na húdaráis inniúla, i gcomhaontú leis an mbanc ceannais arb é contrapháirtí an idirbhirt é, an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a bheidh le cur i bhfeidhm ar na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír. I gcás sócmhainní ualaithe dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, ní bheidh an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh, atá le cur i bhfeidhm, níos lú ná an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a mbeadh feidhm aige, faoi Roinn 2, maidir leis na sócmhainní sin dá mbeidís á sealbhú go neamhualaithe. Agus fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá laghdaithe á chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an dara fomhír, déanfaidh na húdaráis inniúla faireachán géar ar an tionchar a bheidh ag an bhfachtóir laghdaithe sin ar shuíomhanna cistiúcháin chobhsaí de chuid institiúidí agus déanfaidh siad bearta maoirseachta iomchuí i gcás inar gá. 8. I dtaca le hinstitiúidí sócmhainní a bhaineann le comhthaobhacht a aithnítear mar chorrlach athrúcháin arna bhreacadh i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 428k(4) agus Airteagal 428ah(2) nó mar chorrlach tosaigh arna bhreacadh nó mar ranníocaíocht le ciste mainneachtana an chontrapháirtí lárnaigh i gcomhréir le pointe (a) agus le pointe (b) d'Airteagal 428ag, eisiafaidh siad na sócmhainní sin ó chodanna eile de ríomh mhéid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh i gcomhréir leis an gCaibidil seo chun aon chomhaireamh dúbailte a sheachaint. 9. Áireoidh institiúidí sa ríomh a dhéanfaidh siad ar mhéid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh ionstraimí airgeadais, airgeadraí iasachta agus tráchtearraí a ndearnadh ordú ceannaigh ina leith. Eisiafaidh siad ó ríomh mhéid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh ionstraimí airgeadais, airgeadraí iasachta agus tráchtearraí a ndearnadh ordú ceannaigh ina leith, ar choinníoll nach léireofar na hidirbhearta sin mar dhíorthaigh nó mar idirbhearta cistithe urraithe ar chlár comhardaithe na hinstitiúide agus go léireofar na hidirbhearta sin ar chlár comhardaithe na hinstitiúide nuair a bheidh siad socraithe. 10. Féadfaidh údaráis inniúla na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a chinneadh le cur i bhfeidhm ar risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe nach dtagraítear dóibh sa Chaibidil seo lena áirithiú go gcoinneoidh institiúidí méid iomchuí an chistiúcháin chobhsaí ar fáil don sciar de na risíochtaí sin a meastar ina leith go mbeidh cistiú de dhíth orthu thar thréimhse ionchasach bliana an chóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí. Chun na fachtóirí sin a chinneadh, cuirfidh údaráis inniúla san áireamh, go háirithe, damáiste ábhartha do chlú na hinstitiúide a d'fhéadfadh tarlú i gcás nach gcuirfí an cistiú sin ar fáil. Cuirfidh na húdaráis inniúla tuairisc chuig ÚBE ar bhonn bliantúil ar a laghad maidir leis na cineálacha risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe a bhfuil na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh cinntithe acu ina leith. Áireoidh siad sa tuairisc sin míniú ar an modheolaíocht arna cur i bhfeidhm chun na fachtóirí sin a chinneadh. Airteagal 428ar Aibíocht iarmhair sócmhainne 1. Mura sonraítear a mhalairt sa Chaibidil seo, cuirfidh institiúidí san áireamh aibíocht chonarthach iarmhair a sócmhainní agus a n-idirbheart lasmuigh den chlár comhardaithe chun na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá le cur i bhfeidhm ar a sócmhainní agus ar a n-ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe faoi Roinn 2 a chinneadh. 2. Déanfaidh institiúidí sócmhainní arna leithscaradh i gcomhréir le hAirteagal 11(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a láimhseáil i gcomhréir le risíocht fholuiteach na sócmhainní sin. Ina ainneoin sin, cuirfidh institiúidí na sócmhainní sin faoi réir fachtóirí níos airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh, ag brath ar an téarma ualaithe atá le cinneadh ag na húdaráis inniúla agus déanfaidh na húdaráis sin a mheas an féidir le hinstitiúid na sócmhainní sin a dhiúscairt nó a mhalartú gan srian agus breithneoidh siad téarma na ndliteanas i leith chliaint na n-institiúidí lena mbaineann an ceanglas sin maidir le leithscaradh. 3. Cuirfidh institiúidí céadroghanna san áireamh, agus aibíocht iarmhair sócmhainne á ríomh acu, bunaithe ar an toimhde go bhfeidhmeoidh an t-eisitheoir nó an contrapháirtí aon chéadrogha chun síneadh a chur le haibíocht sócmhainne. Maidir le céadroghanna is infheidhmithe de rogha na hinstitiúide, cuirfidh an institiúid agus na húdaráis inniúla san áireamh fachtóirí clú a d'fhéadfadh teorainn a chur le cumas na hinstitiúide gan an chéadrogha a fheidhmiú, go háirithe ionchais na margaí agus na gcliant gur cheart don institiúid síneadh a chur le haibíocht sócmhainní áirithe nuair a bheidh a ndáta aibíochta istigh. 4. D'fhonn na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a chinneadh a chuirfear i bhfeidhm de réir Roinn 2, maidir le hiasachtaí amúchta a bhfuil aibíocht chonarthach iarmhair bliana nó níos mó acu, déanfar na sciaranna a thagann in aibíocht laistigh de thréimhse is giorra ná sé mhí nó tréimhse idir sé mhí agus níos lú ná bliain amháin a láimhseáil mar sciar a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí aige nó idir sé mhí agus níos lú ná bliain amháin aige faoi seach. Roinn 2 Fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh Airteagal 428as Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 0 % 1. Beidh na sócmhainní seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 0 %:
2. De mhaolú ar phointe (b) de mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla, le comhaontú an bhainc ceannais ábhartha, cinneadh a dhéanamh maidir le fachtóir níos airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a chur i bhfeidhm ar chúlchistí atá de dhíth, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh a mhéid a bhíonn ceanglais chúlchistí ann le linn tréimhse ionchasach bliana agus go mbíonn cistiú cobhsaí gaolmhar de dhíth orthu dá bharr. Maidir le fochuideachtaí a bhfuil a gceannoifig acu i dtríú tír, i gcás ina bhfuil cúlchistí ceangailteacha an bhainc ceannais faoi réir fachtóir níos airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh faoin gceanglas glanchistiúcháin chobhsaí a leagtar amach i ndlí náisiúnta an tríú tír sin lena leagtar amach, cuirfear an fachtóir níos airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh sin san áireamh chun críche comhdhlúthúcháin. Airteagal 428at Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 5 % 1. An chuid neamhtharraingthe de na saoráidí tiomanta creidmheasa agus leachtachta a shonraítear sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), beidh sí faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 5 %. 2. Maidir le tacair ghlanluachála uile na gconarthaí díorthacha, cuirfidh institiúidí fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 5 % i bhfeidhm ar luach cóir absalóideach thacair ghlanluachála na gconarthaí díorthacha sin, an chomhthaobhacht a bhreactar san áireamh, i gcás ina bhfuil luach cóir diúltach ag na tacair ghlanluachála sin. Chun críocha na míre seo, cinnfidh institiúidí an luach cóir mar ollfhoirmiú aon chomhthaobhacht a bhreactar nó socraíochta nó íocaíochtaí agus fáltais a bhaineann le luacháil ar an margadh athruithe ar na conarthaí sin. Airteagal 428au Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 10 % Beidh na sócmhainní agus na hítimí lasmuigh den chlár comhardaithe seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 10 %:
Airteagal 428av Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 20 % Beidh sócmhainní neamhualaithe is incháilithe mar shócmhainní leibhéal 2A de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), agus scaireanna nó aonaid neamhualaithe in GCanna de bhun an ghnímh tharmligthe sin, faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 20 %, bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh. Airteagal 428aw Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 50 % Beidh na sócmhainní seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 50 %:
Airteagal 428ax Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 55 % Beidh sócmhainní neamhualaithe is incháilithe mar shócmhainní leibhéal 2B de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), agus scaireanna nó aonaid neamhualaithe in GCanna de bhun an ghnímh tharmligthe sin, faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 55 %, bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh, ar choinníoll go mbeidh siad neamhualaithe ar feadh tréimhse is lú ná aon bhliain amháin. Airteagal 428ay Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 85 % Beidh na sócmhainní agus na hítimí lasmuigh den chlár comhardaithe seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 85 %:
Airteagal 428az Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 100 % 1. Beidh na sócmhainní seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 100 %:
2. Cuirfidh institiúidí fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 100 % i bhfeidhm ar an difríocht, más difríocht dhearfach, idir suim na luachanna córa feadh gach tacar glanluachála a bhfuil luach cóir dearfach acu agus suim na luachanna córa feadh gach tacar glanluachála a bhfuil luach cóir diúltach acu arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 428d. Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir leis an ríomh dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
|
|
(117) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid a Seacht: “CUID A SEACHT Luamhánú Airteagal 429 An cóimheas luamhánaithe a ríomh 1. Ríomhfaidh institiúidí a gcóimheas luamhánaithe i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach i mír 2, 3 agus 4. 2. Ríomhfar an cóimheas luamhánaithe mar thomhas caipitil institiúide arna roinnt faoi thomhas risíochta iomláine na hinstitiúide sin agus sloinnfear é mar chéatadán. Ríomhfaidh institiúidí an cóimheas luamhánaithe ag an dáta tuairiscithe tagartha. 3. Chun críocha mhír 2, beidh an tomhas caipitil cothrom le caipiteal Leibhéal 1. 4. Chun críocha mhír 2, beidh tomhas na risíochta iomláine cothrom le suim luachanna risíochta na nithe seo a leanas:
Déanfaidh institiúidí idirbhearta socraíochta iarchurtha a láimhseáil i gcomhréir le pointe (a) go pointe (d) den chéad fhomhír, de réir mar is infheidhme. Féadfaidh institiúidí na luachanna risíochta dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír a laghdú faoi mhéid comhfhreagrach na gcoigeartuithe ginearálta priacail creidmheasa ar ítimí atá ar an gclár comhardaithe nó lasmuigh de, faoi seach, faoi réir íostairseach 0 i gcás ina ndearnadh caipiteal Leibhéal 1 a laghdú mar thoradh ar na coigeartuithe priacail creidmheasa. 5. De mhaolú ar phointe (d) de mhír 4, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:
Beidh feidhm ag an láimhseáil a leagtar amach i bpointe (b) den chéad fhomhír maidir le hinstitiúid atá ag gníomhú mar chliant ardleibhéil a ráthaíonn feidhmíocht risíochtaí trádála a cliaint. Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír agus chun críocha an dara fomhír den mhír seo, ní fhéadfaidh institiúidí a mheas gur cliant é an t-eintiteas cleamhnaithe ach amháin i gcás ina bhfuil an t-eintiteas lasmuigh de scóip rialála maidir le comhdhlúthú ar an leibhéal ag a gcuirtear i bhfeidhm an ceanglas a leagtar amach i bpointe (d) d'Airteagal 92(3). 6. Chun críocha phointe (d) de mhír 4 den Airteagal seo agus d'Airteagal 429g, ciallaíonn ‘gnáthcheannach nó gnáthdhíolachán’ ceannach nó díolachán urrúis de réir conarthaí a n-éilíonn na téarmaí a ghabhann leo go ndéanfar an t-urrús a sheachadadh laistigh den tréimhse ama arna bhunú go ginearálta le dlí nó le gnás sa mhargadh lena mbaineann. 7. Mura bhforáiltear a mhalairt go sainráite sa Chuid seo, ríomhfaidh na hinstitiúidí tomhas na risíochta iomláine i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:
8. De mhaolú ar phointe (b) de mhír 7, féadfaidh institiúidí luach risíochta iasachta réamh-mhaoiniúcháin nó iasachta idirmheánaí a laghdú le hiarmhéid dearfach chuntas coigiltis an fhéichiúnaí dá deonaíodh an iasacht agus gan ach an méid a thiocfaidh as sin a áireamh i dtomhas iomlán na risíochta, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
Ciallaíonn ‘Iasacht réamh-mhaoiniúcháin’ nó ‘iasacht idirmheánach’ iasacht a dheonaítear don iasachtaí ar feadh tréimhse theoranta ama chun bearna maoiniúcháin an iasachtaí a líonadh go dtí go ndeonaítear an iasacht deiridh i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos sa dlí earnálach lena rialaítear na hidirbhearta sin. Airteagal 429a Risíochtaí a eisiatar ón tomhas risíochta iomlán 1. De mhaolú ar Airteagal 429(4), féadfaidh institiúid aon cheann de na risíochtaí seo a leanas a eisiamh óna tomhas risíochta iomlán:
Chun críocha phointe (m) den chéad fhomhír, déanfaidh institiúid aon risíocht choinnithe a áireamh sa tomhas risíochta. 2. Chun críocha phointí (d) agus (e) de mhír 1, ciallaíonn ‘institiúid creidmheasa forbartha poiblí’ institiúid creidmheasa a chomhlíonann na coinníollacha uile seo a leanas:
Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, féadfar a áireamh ar na cuspóirí beartais phoiblí maoiniú a sholáthar ar mhaithe le hearnálacha eacnamaíocha sonraithe nó limistéir gheografacha shonraithe an Bhallstáit ábhartha a chur chun cinn agus a fhorbairt. Chun críocha phointe (d) agus (e) den chéad fhomhír, agus gan dochar do rialacha Státchabhrach an Aontais ná do na hoibleagáidí a fhorchuireann sé ar na Ballstáit, féadfaidh na húdaráis inniúla, arna iarraidh sin d'institiúid, caitheamh le haonad féinrialaitheach de chuid na hinstitiúide sin atá neamhspleách ar bhonn eagraíochtúil, struchtúir agus airgeadais de, mar institiúid creidmheasa forbartha poiblí, ar choinníoll go gcomhlíonann an t-aonad na coinníollacha go léir a liostaítear sa chéad fhomhír agus nach ndéanann an chóireáil sin difear d'éifeachtacht na maoirseachta a dhéantar ar an institiúid sin. Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra gan mhoill don Choimisiún agus do ÚBE maidir le cinneadh ar bith caitheamh le haonad institiúide mar institiúid creidmheasa forbartha poiblí, chun críocha na fomhíre seo. Athbhreithneoidh an t-údarás inniúil an cinneadh sin uair in aghaidh na bliana. 3. Chun críocha phointe (d) agus phointe (e) de mhír 1 agus chun críocha phointe (d) de mhír 2, ciallaíonn ‘iasacht cur chun cinn’ iasacht a dheonaíonn institiúid creidmheasa forbartha poiblí nó eintiteas a bhunaíonn rialtas láir, rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil de chuid Ballstáit, go díreach nó trí institiúid creidmheasa idirmheánach ar bhonn neamhiomaíoch, neamhbhrabúsach, d'fhonn cuspóirí beartais phoiblí an rialtais láir, an rialtais réigiúnaigh nó an údaráis áitiúil a chur chun cinn i mBallstát. 4. I gcás nach gcomhlíonfar an coinníoll a leagtar amach sa tríú fomhír d'Airteagal 429(5), ní eisiafaidh institiúidí na risíochtaí trádála dá dtagraítear i bpointe (g) agus i bpointe (h) de mhír 1 den Airteagal seo. 5. Féadfaidh institiúidí na risíochtaí dá dtagraítear i bpointe (n) de mhír 1 a eisiamh i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
6. Comhlíonfaidh na risíochtaí a eisiafar faoi phointe (n) de mhír 1 an dá choinníoll seo a leanas:
7. De mhaolú ar phointe (d) d'Airteagal 92(1), i gcás ina n-eisiann institiúid na risíochtaí dá dtagraítear i bpointe (n) de mhír 1 den Airteagal seo, sásóidh sí i gcónaí an ceanglas seo a leanas maidir leis an gcóimheas coigeartaithe giarálaluamhánaithe (aLR), fad a mhairfidh an t-eisiamh:
nuair atá:
Airteagal 429b Luach risíochta na sócmhainní a ríomh 1. Ríomhfaidh institiúidí luach risíochta na sócmhainní, cé is moite de na conarthaí díorthacha a liostaítear in Iarscríbhinn II, díorthaigh chreidmheasa agus na suíomhanna dá dtagraítear in Airteagal 429e, i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:
2. Ní sháraíonn socrú comhthiomsaithe airgid arna thairiscint ag institiúid an coinníoll a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 429(7) ach amháin i gcás ina gcomhlíonann an socrú an dá choinníoll a leanas araon:
Chun críocha na míre seo agus mhír 3, ciallaíonn ‘socrú comhthiomsaithe airgid’, socrú lena ndéantar iarmhéideanna sochair agus dochair cuntas aonair éagsúil a chur le chéile ar mhaithe le bainistiú airgid nó leachtachta. 3. De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, ní sháraíonn socrú comhthiomsaithe airgid nach gcomhlíonfaidh an coinníoll a leagtar amach i bpointe (b) na míre sin, ach a chomhlíonfaidh an coinníoll a leagtar amach i bpointe (a) na míre sin, ní sháraíonn sé an coinníoll a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 429(7), ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an socrú na coinníollacha uile seo a leanas:
4. De mhaolú ar phointe (b) de mhír 1, féadfaidh institiúidí ríomh a dhéanamh ar luach risíochta airgid infhaighte agus airgid iníoctha faoi idirbhearta um maoiniú urrús leis an gcontrapháirtí céanna ar bhonn glan, agus ar an mbonn sin amháin, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
5. Chun críocha phointe (c) de mhír 4, féadfaidh institiúidí a mheas nach mbeidh socraíocht ar bhonn glan nó a comhionann feidhmiúil mar thoradh ar shásra socraíochta ach amháin i gcás ina mbeidh, ar an dáta socraíochta, toradh glan eis-sreabha airgid na n-idirbheart faoin sásra sin cothrom leis an méid aonair glan faoi shocraíocht ar bhonn glan agus ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
Ní mheastar an coinníoll a leagtar amach i bpointe (c) den chéad fhomhír a bheith comhlíonta ach amháin i gcás ina bhféadfaidh teip aon idirbhirt um maoiniú urrús sa sásra socraíochta moill a chur ar shocrú ghné an airgid meaitseála amháin nó ina bhféadfaidh an teip oibleagáid a chruthú don sásra socraíochta, arna tacú ag saoráid chreidmheasa ghaolmhar. I gcás ina dteipfidh ar ghné urrús idirbhirt um maoiniú urrús sa sásra socraíochta ag deireadh na tréimhse ama chun socrú a dhéanamh sa sásra socraíochta, scarfaidh institiúidí an t-idirbheart seo agus a ghné airgid meaitseála ón tacar glanluachála agus láimhseálfaidh siad iad ar bhonn comhlán. Airteagal 429c Luach risíochta na ndíorthach a ríomh 1. Ríomhfaidh institiúidí luach risíochta na gconarthaí díorthacha a liostaítear in Iarscríbhinn II agus na ndíorthach creidmheasa, lena n-áirítear na cinn sin atá lasmuigh den chlár comhardaithe, i gcomhréir leis an modh a leagtar amach i gCuid a Trí de Chaibidil 6 de Theideal II de Roinn a Trí. Agus an luach risíochta á ríomh, féadfaidh institiúidí éifeachtaí conarthaí le haghaidh nuachana agus comhaontuithe glanluachála eile a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 295. Ní chuirfidh institiúidí glanluacháil trastáirgí san áireamh, ach féadfaidh siad glanluacháil a dhéanamh laistigh den chatagóir táirgí dá dtagraítear i bpointe (25)(c) d'Airteagal 272 agus laistigh de dhíorthaigh creidmheasa i gcás ina bhfuil siad faoi réir comhaontú glanluachála trastáirgí conarthach dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 295. Áireoidh institiúidí sa tomhas risíochta iomlán céadroghanna arna ndíol fiú i gcás ina bhféadtar a luach risíochta a shocrú go náid i gcomhréir leis an láimhseáil a leagtar síos in Airteagal 274(5). 2. I gcás ina dtiocfaidh laghdú ar líon na sócmhainní faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme de thoradh sholáthar na comhthaobhachta a bhaineann le conarthaí díorthach, déanfaidh institiúidí an laghdú sin a fhreaschur. 3. Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, ní fhéadfaidh institiúidí ach comhthaobhacht a fhaightear in airgead tirim óna gcontrapháirtithe a aithint mar an corrlach athrúcháin dá dtagraítear in Airteagal 275 agus costas athsholáthair na gconarthaí díorthacha á ríomh acu i gcomhréir le hAirteagal 275, i gcás nár aithníodh sa chreat cuntasaíochta is infheidhme an corrlach athrúcháin cheana féin mar laghdú ar an luach risíochta agus i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
I gcás ina soláthróidh institiúid comhthaobhacht airgid thirim do chontrapháirtí agus go gcomhlíonfaidh an chomhthaobhacht sin na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (e) den chéad fhomhír, measfaidh an institiúid an chomhthaobhacht sin a bheith ina corrlach athrúcháin a bhreactar le contrapháirtí agus cuirfidh an institiúid san áireamh í agus an costas athsholáthair á ríomh. Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, measfar go bhfuil institiúid tar éis an coinníoll a leagtar amach ann a chomhlíonadh i gcás ina malartófar an corrlach athrúcháin ar maidin an lae trádála i ndiaidh an lae trádála ar a sonraíodh an conradh díorthach, ar choinníoll go mbunófar an malartú ar luach an chonartha ag deireadh an lae trádála ar a sonraíodh an conradh. Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír, i gcás ina mbeidh díospóid chorrlaigh ann, féadfaidh institiúidí méid na comhthaobhachta nach ábhar díospóide é a malartaíodh a aithint. 4. Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, ní chuirfidh institiúidí comhthaobhacht a fuarthas i nglanmhéid na comhthaobhachta neamhspleáiche a ríomh mar a shainmhínítear i bpointe (12a) d'Airteagal 272, ach amháin i gcás conarthaí díorthach le cliaint i gcás ina ndéanfaidh contrapháirtí lárnach cáilitheach na conarthaí sin a imréiteach. 5. Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, socróidh institiúidí luach an iolraitheora a úsáidfear chun an risíocht a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 278(1) go haon, ach amháin i gcás conarthaí díorthach le cliaint i gcás ina ndéanfaidh contrapháirtí lárnach cáilitheach na conarthaí sin a imréiteach. 6. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, ní fhéadfaidh institiúidí an modh a leagtar amach i Roinn 4 nó 5 de Chaibidil 6 de Theideal II de Chuid a Trí a úsáid chun luach risíochta na gconarthaí díorthach a liostaítear i bpointe 1 agus i bpointe 2 d'Iarscríbhinn II a chinneadh ach amháin i gcás ina n-úsáidfidh siad an modh sin freisin chun luach risíochta na gconarthaí sin a chinneadh ar mhaithe leis na ceanglais cistí dílse a leagtar amach in Airteagal 92 a chomhlíonadh. I gcás ina gcuirfidh institiúidí ceann de na modhanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfeidhm, ní laghdóidh siad an tomhas risíochta iomlán faoi mhéid an chorrlaigh a fuair siad. Airteagal 429d Forálacha breise maidir le luach na risíochta atá ag na díorthaigh chreidmheasa i scríbhinn a ríomh 1. Chun chríocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘díorthach creidmheasa i scríbhinn’ aon ionstraim airgeadais lena soláthraíonn institiúid cosaint chreidmheasa ar bhonn éifeachtach, lena n-áirítear babhtálacha mainneachtana creidmheasa, babhtálacha toraidh iomláin agus roghanna i gcás ina bhfuil an oibleagáid ar an institiúid cosaint chreidmheasa a sholáthar faoi choinníollacha a shonraítear sa chonradh roghanna. 2. De bhreis ar an ríomh a leagtar síos in Airteagal 429c, áireoidh institiúidí i ríomh luach na risíochta a bheidh ag na díorthaigh creidmheasa i scríbhinn na méideanna barúlacha iarbhír dá dtagraítear sna díorthaigh creidmheasa i scríbhinn arna laghdú le haon athruithe diúltacha ar an luach cóir a ionchorpraíodh i gcaipiteal Leibhéal 1 maidir leis na díorthaigh creidmheasa i scríbhinn sin. Ríomhfaidh institiúidí an méid barúlach iarbhír a bheidh ag díorthaigh creidmheasa i scríbhinn trí bhíthin méid barúlach na ndíorthach sin a choigeartú chun fíor-risíocht na gconarthaí atá luamhánaithe nó ar shlí eile feabhsaithe le struchtúr an idirbhirt. 3. Féadfaidh institiúidí luach na risíochta a laghdú go hiomlán nó go páirteach a ríomhtar i gcomhréir le mír 2 faoi mhéid barúlach iarbhír na ndíorthach creidmheasa a ceannaíodh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:
Chun críocha ríomh na risíochta féideartha todhchaíche ar chreidmheas i gcomhréir le hAirteagal 429c(1), féadfaidh institiúidí an chuid sin de dhíorthach creidmheasa i scríbhinn a eisiamh ón tacar glanluachála ar díorthach creidmheasa i scríbhinn é nach ndéantar a fhritháireamh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo agus a n-áirítear an méid barúlach iarbhír sa tomhas risíochta ina leith. 4. Chun críocha phointe (b) de mhír 3, ciallaíonn ‘téarma ábhartha’ aon ghné den díorthach creidmheasa a bhaineann lena luacháil sin, lena n-áirítear an leibhéal tánaistithe, an roghnaíocht, na teagmhais chreidmheasa, an t-eintiteas tagartha foluiteach nó comhthiomsú eintiteas, agus an oibleagáid tagartha fholuiteach nó comhthiomsú oibleagáidí den chineál sin, seachas an méid barúlach agus aibíocht iarmhair an díorthaigh creidmheasa. Is nuair a thagróidh dhá ainm tagartha don eintiteas dlíthiúil céanna, agus sa chás sin amháin, arb ionann iad. 5. De mhaolú ar phointe (b) de mhír 3, féadfaidh institiúidí díorthaigh chreidmheasa a ceannaíodh a úsáid ar chomhthiomsú ainmneacha tagartha chun díorthaigh creidmheasa i scríbhinn ar ainmneacha tagartha ar leith laistigh den chomhthiomsú sin i gcás inarb ionann an comhthiomsú eintiteas tagartha agus leibhéal an tánaistithe sa dá idirbheart. 6. Ní laghdóidh institiúidí an méid barúlach iarbhír atá ag díorthaigh creidmheasa i scríbhinn i gcás ina gceannóidh siad cosaint chreidmheasa trí bhabhtáil an toraidh iomláin agus ina ndéanfaidh sé taifead ar na glaníocaíochtaí arna bhfáil mar ghlanioncam, ach nach ndéanfaidh siad taifead ar aon mheath fritháirimh i luach an díorthaigh creidmheasa i scríbhinn i gcaipiteal Leibhéal 1. 7. I gcás díorthach creidmheasa a ceannaíodh ar chomhthiomsú oibleagáidí tagartha, féadfaidh institiúidí laghdú a dhéanamh ar an méid barúlach iarbhír atá ag díorthaigh creidmheasa i scríbhinn ar oibleagáidí tagartha ar leith faoin méid barúlach iarbhír atá ag díorthaigh creidmheasa a ceannaíodh i gcomhréir le mír 3 ach amháin i gcás go bhfuil an chosaint a ceannaíodh coibhéiseach ó thaobh an gheilleagair de le cosaint a cheannach ar leithligh ar gach ceann de na hoibleagáidí ar leith sa chomhthiomsú. Airteagal 429e Forlíontán priacail creidmheasa contrapháirtí le haghaidh idirbhearta um maoiniú urrús 1. De bhreis ar ríomh luach na risíochta ar na hidirbhearta um maoiniú urrús, lena n-áirítear iad sin atá lasmuigh den chlár comhardaithe i gcomhréir le hAirteagal 429b(1), áireoidh institiúidí sa tomhas risíochta iomlán forlíontán priacail creidmheasa contrapháirtí arna ríomh i gcomhréir le mír 2 nó le mír 3 den Airteagal seo, mar is infheidhme. 2. Ríomhfaidh institiúidí an forlíontán do na hidirbhearta le contrapháirtí nach bhfuil faoi réir máistir-chomhaontú glanluachála a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 206 ar bhonn gach idirbhirt ar leith i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
nuair atá:
3. Ríomhfaidh institiúidí an forlíontán do na hidirbhearta le contrapháirtí nach bhfuil faoi réir máistir-chomhaontú glanluachála a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 206 ar bhonn gach comhaontaithe ar leith i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
nuair atá:
4. Chun críocha mhír 2 agus mhír 3, áirítear sa téarma contrapháirtí gníomhairí trí pháirtí a fhaigheann comhthaobhacht i dtaisce agus a bhainistíonn an chomhthaobhacht i gcás bearta trí pháirtí. 5. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh institiúidí an modh a leagtar amach in Airteagal 222 a úsáid, faoi réir íostairseach 20 % don ualú priacail infheidhme, chun an forlíontán le haghaidh idirbhearta um maoiniú urrús a chinneadh, lena n-áirítear iad siúd atá lasmuigh den chlár comhardaithe. Féadfaidh institiúidí an modh sin a úsáid ach amháin i gcás ina mbaineann siad úsáid as freisin chun luach risíochta na n-idirbheart sin a ríomh chun críche an ceanglas cistí dílse a chomhlíonadh mar a leagtar amach i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 92(1). 6. I gcás ina gcuirtear cuntasaíocht díolachán i gcrích le haghaidh idirbheart athcheannaigh faoi réir an chreata cuntasaíochta is infheidhme, déanfaidh an institiúid gach iontráil chuntasaíochta a bhaineann le díolacháin a fhreaschur. 7. I gcás ina ngníomhaíonn institiúid mar ghníomhaire idir dhá pháirtí i leith idirbhirt um maoiniú urrús, lena n-áirítear idirbheart um maoiniú urrús lasmuigh den chlár comhardaithe, beidh feidhm ag na forálacha seo leanas maidir le tomhas na risíochta iomláine ar an institiúid a ríomh:
Airteagal 429f Luach risíochta ítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe a ríomh 1. Ríomhfaidh institiúidí, i gcomhréir le hAirteagal 111(1), luach risíochta ítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe, gan conarthaí díorthacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a áireamh, díorthaigh chreidmheasa, idirbhearta um maoiniú urrús agus suíomhanna dá dtagraítear in Airteagal 429d. I gcás ina dtagraítear i gceangaltas do shíneadh ceangaltais eile, beidh feidhm ag Airteagal 166(9). 2. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh institiúidí an méid coibhéiseach atá ag risíocht chreidmheasa ítime atá lasmuigh den chlár comhardaithe a laghdú faoin méid comhfhreagrach atá ag coigeartuithe priacail creidmheasa ar leith. Beidh an ríomh sin faoi réir íostairseach nialais. 3. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, cuirfidh institiúidí fachtóir coinbhéartaithe 10 % i bhfeidhm ar ítimí priacail ísil atá lasmuigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 111(1). Airteagal 429g Tomhas risíochta gnáthcheannach agus ar ghnáthdhíolachán atá le socrú a ríomh 1. Láimhseoidh institiúidí airgead a bhaineann le gnáthdhíolacháin agus urrúis a bhaineann le gnáthdhíolacháin a fhanann ar an gclár comhardaithe go dtí an dáta socraíochta mar shócmhainní i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 429(4). 2. Déanfaidh institiúidí, i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme, a chuireann cuntasaíocht dáta trádála i bhfeidhm maidir le gnáthcheannaigh agus gnáthdhíolacháin atá le socrú aon fhritháireamh a fhreaschur idir airgead infhála i leith gnáthdhíolacháin atá le socrú agus airgead iníoctha i leith gnáthcheannaigh atá le socrú a cheadaítear faoin gcreat sin. Tar éis institiúidí an fritháireamh cuntasaíochta a fhreaschur, féadfaidh siad an t-airgead infhála sin agus an t-airgead iníoctha sin araon a fhreaschur nuair a shocrófar na gnáthdhíolacháin agus na gnáthcheannaigh ábhartha ar bhonn seachadta in áit íocaíochta. 3. Áireoidh institiúidí, i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme, a chuireann cuntasaíocht dáta trádála i bhfeidhm maidir le gnáthcheannaigh agus gnáthdhíolacháin atá le socrú, luach ainmniúil iomlán na n-oibleagáidí atá le híoc agus a bhaineann le gnáthcheannaigh sa tomhas risíochta iomlán. Féadfaidh institiúidí luach ainmniúil iomlán na n-oibleagáidí atá le híoc agus a bhaineann le gnáthcheannaigh a fhritháireamh le luach ainmniúil iomlán an airgid infhála a bhaineann le gnáthdhíolacháin atá le socrú ach amháin i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
(*13) Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).” " |
|
(118) |
cuirtear isteach an chuid seo a leanas i ndiaidh Airteagal 429g: “CUID A SEACHT A CEANGLAIS TUAIRISCITHE Airteagal 430 Tuairisciú ar cheanglais stuamachta agus ar fhaisnéis airgeadais 1. Tuairisceoidh institiúidí dá n-údaráis inniúla maidir leis an méid a leanas:
Ní bheidh institiúidí dá dtagraítear in Airteagal 6(5) faoi réir an cheanglais um thuairisciú ar an gcóimheas luamhánaithe a leagtar amach i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo ar bhonn aonair. 2. Anuas ar an tuairisciú maidir leis an gcóimheas luamhánaithe dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 agus lena chur ar chumas na n-údarás inniúil faireachán a dhéanamh ar an gcóimheas luamhánaithe, go háirithe maidir le dátaí tagartha tuairiscithe, tabharfaidh institiúidí tuairisc ar na comhpháirteanna sonracha den chóimheas luamhánaithe dá n-údarás inniúil, bunaithe ar an meán le linn na tréimhse tuairiscithe agus na sonraí a úsáidtear chun na meáin sin a ríomh. 3. De bhreis ar thuairisciú maidir le ceanglais stuamachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tuairisceoidh institiúidí faisnéis airgeadais do na húdaráis inniúla atá acu nuair is ceann de na hinstitiúidí seo a leanas í:
4. Féadfaidh údaráis inniúla a cheangal ar institiúidí creidmheasa, a dhéanann na cistí dílse atá acu a chinneadh ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta de bhun Airteagal 24(2), faisnéis airgeadais a thuairisciú i gcomhréir leis an Airteagal seo. 5. Ní bheidh sa tuairisciú ar fhaisnéis airgeadais dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 ach an fhaisnéis sin is gá chun léargas cuimsitheach a fháil ar phróifíl priacail na hinstitiúide agus na priacail shistéamacha a chuirfidh an institiúid sin ar an earnáil airgeadais nó ar an bhfíorgheilleagar mar a leagtar amach iad i Rialachán (CE) Uimh. 1093/2010. 6. Cuirfear na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos san Airteagal seo i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí ar bhealach comhréireach agus aird á tabhairt ar an tuairisc dá dtagraítear i mír 8, ag féachaint do mhéid na n-institiúidí, do chastacht agus do chineál agus do leibhéal priacail na ngníomhaíochtaí atá acu. 7. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na formáidí agus na teimpléid aonfhoirmeacha don tuairisciú a chinneadh, mar aon leis na treoracha agus an mhodheolaíocht chun na teimpléid sin a úsáid, minicíocht agus dátaí an tuairiscithe agus na sainmhínithe agus na réitigh teicneolaíochta faisnéise maidir leis an tuairisciú dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 4. Aon cheanglais nua i ndáil le tuairisciú a leagtar amach i ndréachtchaighdeáin theicniúla den sort sin infheidhme níos luaithe ná sé mhí ón dáta a dtiocfaidh siad i bhfeidhm. Chun críocha mhír 2, sonrófar sna dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme cé acu na comhpháirteanna den chóimheas luamhánaithe a dhéanfar a thuairisciú agus úsáid á baint as luachanna dheireadh an lae nó dheireadh na míosa. Chun na críche sin, tabharfaidh ÚBE aird ar an dá ghné seo a leanas:
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meitheamh 2021, cé is moite de na cinn a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. 8. Measúnóidh ÚBE na costais agus na sochair a bheidh ag na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos i nGníomh Cur chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 ón gCoimisiún (*14) i gcomhréir leis an mír seo agus tuairisceoidh sé na torthaí chuig an gCoimisiún faoin 28 Meitheamh 2020. Déanfar an measúnú sin a chur i gcrích, go háirithe i ndáil le hinstitiúidí beaga agus neamhchasta. Chun na gcríoch sin, déanfar an méid seo a leanas sa tuarascáil sin:
Leis an tuarascáil sin ó ÚBE, gabhfaidh dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7. 9. Rachaidh údaráis inniúla i gcomhairle le ÚBE chun a shocrú ar cheart d'institiúidí, seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4, tuairisciú ar fhaisnéis airgeadais ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le mír 3, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
Cuirfidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtoll a chéile chun na formáidí agus na teimpléid a shonrú a mbainfidh na hinstitiúidí dá dtagraítear sa chéad fhomhír úsáid astu chun na gcríoch sin a leagtar amach san fhomhír sin. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. 10. I gcás ina measann údarás inniúil gur gá faisnéis nach gcumhdaítear le caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7 chun na gcríoch a leagtar amach i mír 5, cuirfidh sé ÚBE agus BERS ar an eolas faoin bhfaisnéis bhreise a mheasann sé is gá a áireamh sna caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear san fhomhír sin. 11. Féadfaidh údaráis inniúla an ceanglas a tharscaoileadh maidir le cur isteach aon cheann de na pointí sonraí a leagtar amach sna teimpléid tuairiscithe a shonraítear sna caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear san Airteagal seo i gcás ina mbíonn na pointí sonraí sin dúblálach. Chun na gcríoch sin, déanfaidh pointí sonraí dúblacha tagairt d'aon phointí sonraí faisnéise atá ar fáil cheana do na húdaráis inniúla ar bhealach eile seachas trí na teimpléid tuairiscithe sin a bhailiú, lena n-áirítear i gcás inar féidir na pointí sonraí sin a fháil ó shonraí atá ar fáil cheana féin do na húdaráis inniúla i bhformáidí éagsúla nó ar leibhéil éagsúla gráinneachta; ní fhéadfaidh an t-údarás inniúil na dílúintí dá dtagraítear sa mhír seo a dhéanamh ach amháin i gcás inarb ionann na sonraí a bhaileofar, a chomhordófar, nó a chomhiomlánófar trí mhodhanna malartacha den sórt sin agus na pointí sonraí a bheadh le tuairisciú i gcás ar bith eilei gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme faoi seach; Bainfidh na húdaráis inniúla, na húdaráis réitigh agus na húdaráis ainmnithe úsáid as an malartú sonraí, nuair is féidir, chun na ceanglais tuairiscithe a laghdú. Beidh feidhm ag na forálacha maidir le faisnéis a mhalartú agus rúndacht ghairmiúil faoi mar a leagtar síos i Roinn II de Chaibidil I de Theideal VII de Threoir 2013/36/AE. Airteagal 430a Oibleagáidí sonracha maidir le tuairisciú 1. Tabharfaidh institiúidí tuairisc do na húdaráis inniúla ar bhonn bliantúil ar na mionsonraí comhiomlána seo a leanas maidir le gach margadh maoine dochorraithe náisiúnta ar a bhfuil siad ar ris:
2. Tuairisceofar na sonraí dá dtagraítear i mír 1 chuig údarás inniúil Bhallstát baile na hinstitiúide ábhartha. I gcás ina bhfuil brainse ag institiúid i mBallstát eile, déanfar na sonraí a bhaineann leis an mbrainse sin a thuairisciú d'údaráis inniúla an Bhallstáit aíochta. Déanfar na sonraí a thuairisciú go leithleach do gach margadh maoine dochorraithe laistigh den Aontas a bhfuil an institiúid ábhartha ar ris ina leith. 3. Foilseoidh na húdaráis inniúla ar bhonn comhiomlán agus bliantúil na sonraí a shonraítear i bpointí (a) go (f) de mhír 1, mar aon le sonraí stairiúla, ach iad a bheith ar fáil. Déanfaidh údarás inniúil, arna iarraidh sin ag údarás inniúil eile i mBallstát nó ag ÚBE, faisnéis níos mionsonraithe faoi staid na margaí maoine cónaithe nó maoine tráchtála dochorraithe sa Bhallstát sin a chur ar fáil don údarás inniúil sin nó don ÚBE. Airteagal 430b Ceanglais shonracha tuairiscithe le haghaidh priacal margaidh 1. Ó dháta chur i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 461(a), tuairisceoidh institiúidí nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 94(1) ná na coinníollacha in Airteagal 325a(1), i ndáil le gach suíomh leabhair trádála a bhaineann leo agus gach suíomh leabhair neamhthrádála atá faoi réir priacal malairte eachtraí nó priacal tráchtearraí a bhaineann leo, torthaí an ríomha bunaithe ar úsáid a bhaint as an gcur chuige caighdeánaithe malartach a leagtar amach i gCaibidil 1a de Theideal IV de Chuid a Trí ar an mbonn céanna agus a thuairiscíonn na hinstitiúidí sin na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí (b)(i) agus (c) d'Airteagal 92(3). 2. Institiúidí dá dtagraítear in mír 1 den Airteagal seo, tuairisceoidh siad na ríomhanna a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 325c(2) ar leithligh i ndáil le punann gach suíomh leabhair trádála nó suíomh leabhair neamhthrádála atá faoi réir priacal malairte eachtraí agus priacal tráchtearraí. 3. Sa bhreis ar an gceanglas atá leagtha amach i mír 1 den Airteagal seo, ó dheireadh tréimhse 3 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil rialála is déanaí dá dtagraítear in Airteagail 325bd(7), 325be(3), 325bf(9) agus 325bg(4), déanfaidh institiúidí, i ndáil leis na suíomhanna a sannadh do dheasca trádála dár dheonaigh údaráis inniúla cead dóibh an cur chuige inmheánach malartach a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 325az(2), torthaí an ríomha a thuairisciú bunaithe ar úsáid a bhaint as an gcur chuige sin mar a leagtar amach i gCaibidil 1b de Theideal IV de Chuid a Trí ar an mbonn céanna a thuairiscíonn na hinstitiúidí sin na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí (b)(i) agus (c) d'Airteagal 92(3). 4. Chun críocha an cheanglais tuairiscithe i mír 3 den Airteagal seo, déanfaidh institiúidí na ríomhanna a leagtar amach i bpointí (a)(i), (a)(ii), (b)(i) agus (b)(ii) d'Airteagal 325ba(1) agus i ndáil le punann gach suíomh leabhair trádála nó suíomh leabhair neamhthrádála a shanntar do dheasca trádála priacail malairte eachtraí nó priacail tráchtearraí dár thug na húdaráis inniúla cead don institiúid an cur chuige inmheánach malartach a úsáid ina leith i gcomhréir le hAirteagal 325az(2). 5. Féadfaidh institiúidí na cuir chuige dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 a úsáid le chéile laistigh de ghrúpa, ar choinníoll nach mó an ríomh faoin gcur chuige sin dá dtagraítear i mír 1 ná 90 % den ríomh iomlán. Mura ndéantar sin, úsáidfidh an institiúid an cur chuige dá dtagraítear i mír 1 dá gcuid suíomhanna leabhair trádála agus dá gcuid suíomhanna leabhair neamhthrádála ar fad atá faoi réir priacal malairte eachtraí nó priacal tráchtearraí. 6. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na teimpléid aonfhoirmeacha don tuairisciú a shonrú, mar aon leis na treoracha agus an mhodheolaíocht chun na teimpléid a úsáid, minicíocht agus dátaí an tuairiscithe, na sainmhínithe agus na réitigh TF don tuairisciú dá dtagraítear san Airteagal seo. Aon cheanglais nua i ndáil le tuairisciú a leagtar amach sna caighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin, ní bheidh siad infheidhme níos luaithe ná sé mhí ó dháta a dteacht i bhfeidhm. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2020. Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Airteagal 430c Tuarascáil féidearthachta maidir leis an gcóras comhtháite tuairiscithe 1. Cuirfidh ÚBE tuarascáil féidearthachta i dtoll a chéile maidir le córas comhsheasmhach comhtháite a fhorbairt chun sonraí staidrimh, sonraí réitigh agus sonraí stuamachta a bhailiú agus cuirfear na torthaí faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meitheamh 2020. 2. Agus an tuarascáil féidearthachta á dréachtú, féachfaidh ÚBE chuige go mbeidh lámh ann ag na húdaráis inniúla, chomh maith leis na húdaráis atá freagrach as scéimeanna ráthaíochta taiscí, as réitigh agus go háirithe CEBC. Cuirfear san áireamh sa tuarascáil an obair atá déanta cheana féin ag CEBC maidir le bailiúcháin chomhtháite sonraí agus beidh sí bunaithe ar anailís fhoriomlán costais agus tairbhe, lena n-áirítear ar a laghad an méid seo a leanas:
3. Taobh istigh de bhliain amháin ó thíolacadh na tuarascála dá dtagraítear san Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún, más iomchuí agus tar éis dó tuarascáil féidearthachta ÚBE a chur san áireamh, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle le haghaidh córas tuairiscithe caighdeánaithe, comhtháite a bhunú do cheanglais thuairiscithe. (*14) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le tuairisciú maoirseachta institiúidí de réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 191, 28.6.2014, lch. 1).”;" |
|
(119) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid a hOcht: “CUID A hOCHT NOCHTADH AG INSTITIÚIDÍ TEIDEAL I PRIONSABAIL GHINEARÁLTA Airteagal 431 Ceanglais agus beartais maidir le nochtadh 1. Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear i dTeidil II agus III don phobal i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos sa Teideal seo, faoi réir na n-eisceachtaí dá dtagraítear in Airteagal 432. 2. Na hinstitiúidí sin a dtugann na húdaráis inniúla cead dóibh faoi Chuid a Trí le haghaidh na n-ionstraimí agus na modheolaíochtaí dá dtagraítear i dTeideal III den Chuid seo, déanfaidh siad an fhaisnéis a leagtar síos ann a nochtadh don phobal. 3. Glacfaidh comhlacht bainistíochta nó an bhainistíocht shinsearach beartais fhoirmiúla chun na ceanglais maidir le nochtadh a chomhlíonadh a leagtar síos sa Chuid seo agus próisis, córais agus rialuithe inmheánacha a chur i bhfeidhm agus a chothabháil chun a fhíorú gurb iomchuí nochtuithe na n-institiúidí agus go bhfuil siad ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Chuid seo. Deimhneoidh ar a laghad ball amháin den chomhlacht bainistíochta nó den bhainistíocht shinsearach i scríbhinn gur nocht an institiúid ábhartha na nochtaí a cheanglaítear faoin gCuid seo i gcomhréir leis na beartais fhoirmiúla agus leis na próisis, córais agus rialuithe inmheánacha. An deimhniú i scríbhinn agus príomhghnéithe bheartais fhoirmiúla na hinstitiúide chun na ceanglais maidir le nochtadh a chomhlíonadh, áireofar iad i nochtuithe na n-institiúidí. Aon fhaisnéis is gá a nochtadh i gcomhréir leis an gCuid seo, beidh sí faoi réir an leibhéil chéanna fíoraithe inmheánaigh agus is infheidhme maidir leis an tuarascáil bhainistíochta a áirítear i dtuarascáil airgeadais na hinstitiúide. Beidh beartais curtha i bhfeidhm ag institiúidí freisin chun a fhíorú go dtugann a nochtaí léargas cuimsitheach ar a bpróifíl priacail do rannpháirtithe an mhargaidh. I gcás ina bhfuil institiúidí den tuairim nach dtugann na nochtaí sin léargas cuimsitheach ar a bpróifíl priacail do rannpháirtithe an mhargaidh a cheanglaítear faoin gCuid seo, nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis don phobal de bhreis ar an bhfaisnéis sin a cheanglaítear a nochtadh. Mar sin féin, ní cheanglófar ar institiúidí ach faisnéis is ábhartha agus nach faisnéis dhílseánaigh nó rúnda í a nochtadh i gcomhréir le hAirteagal 432. 4. Ag gabháil leis na nochtuithe cainníochtúla, beidh insint cháilíochtúil agus aon fhaisnéis fhorlíontach eile a d'fhéadfadh a bheith riachtanach chun go mbeidh úsáideoirí na faisnéise sin in ann na nochtuithe cainníochtúla a thuiscint, agus go háirithe aon athrú suntasach in aon nochtadh ar leith i gcomparáid leis an bhfaisnéis atá sna nochtuithe roimhe sin á lua. 5. Tabharfaidh institiúidí, má iarrtar sin orthu, míniú ar a gcinntí rátála do FBManna agus d'iarratasóirí corparáideacha eile ar iasachtaí, agus tabharfaidh siad míniú i scríbhinn nuair a iarrfar sin orthu. Beidh costais riaracháin an mhínithe comhréireach le méid na hiasachta. Airteagal 432 Faisnéis neamhábhartha, dhílseánaigh nó rúnda 1. Cé is moite de na nochtuithe a leagtar síos i bpointe (c) d'Airteagal 435(2) agus in Airteagal 437 agus 450, féadfaidh institiúidí ceann amháin nó níos mó de na nochtuithe a liostaítear i dTeidil II agus III a fhágáil ar lár, i gcás nach meastar gur faisnéis ábhartha í an fhaisnéis atáthar á cur ar fáil leis na nochtuithe sin. Measfar gur faisnéis ábhartha i nochtuithe í faisnéis, más rud é, de bharr í a fhágáil ar lár nó míráiteas a thabhairt ina leith, go bhféadfaí athrú a dhéanamh nó tionchar a imirt ar mheasúnú nó ar chinneadh úsáideora de chuid na faisnéise sin a bheadh ag brath uirthi ar mhaithe le cinntí eacnamaíocha a dhéanamh. Déanfaidh ÚBEtreoirlínte a eisiúint, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, maidir leis an gcaoi ar gá d'institiúidí ábharthacht a chur i bhfeidhm i ndáil leis na ceanglais maidir le nochtadh atá i dTeideal II agus i dTeideal III. 2. Féadfaidh institiúidí freisin ceann amháin nó níos mó de na míreanna faisnéise a liostaítear i dTeideal II agus i dTeideal III a fhágáil ar lár freisin i gcás ina n-áirítear ar na míreanna sin faisnéis a meastar gur faisnéis dhílseánaigh nó rúnda í i gcomhréir leis an dara fomhír seo, cé is moite de na nochtaí a leagtar síos in Airteagal 437 agus in Airteagal 450. Measfar gur faisnéis dhílseánaigh de chuid institiúidí í faisnéis de chineál a fhágann, dá nochtfaí don phobal í, go mbainfí an bonn de staid iomaíochta na n-institiúidí sin. Féadfar a áireamh le faisnéis dhílseánaigh faisnéis maidir le táirgí nó córais a d'fhágfadh gur lú luach infheistíochtaí na n-institiúidí iontu sin dá roinnfí le hiomaitheoirí í. Measfar gur faisnéis rúnda í faisnéis i gcás ina gcuireann custaiméirí nó gaolmhaireachtaí eile le contrapháirtithe oibleagáid ar na hinstitiúidí an fhaisnéis sin a choimeád rúnda. Déanfaidh ÚBEtreoirlínte a eisiúint, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, maidir leis an gcaoi ar gá d'institiúidí an dílseánacht agus an rúndacht a chur i bhfeidhm i ndáil leis na ceanglais maidir le nochtadh atá i dTeideal II agus i dTeideal III. 3. Sna cásanna eisceachtúla dá dtagraítear i mír 2, luafaidh an institiúid lena mbaineann ina nochtuithe más amhlaidh ach bhfuil míreanna faisnéise sonracha á nochtadh, an chúis nach bhfuil na míreanna sin á nochtadh, agus foilseoidh sí faisnéis níos ginearálta faoi ábhar an cheanglais maidir le nochtadh, cé is moite den chás inarb ábhar dílseánaigh nó rúnda é an t-ábhar sin ann féin. Airteagal 433 Minicíocht agus raon feidhme na nochtuithe Foilseoidh institiúidí nochtuithe a cheanglaítear faoi Theideal II agus faoi Theideal III ar an dóigh a leagtar amach in Airteagail 433a, 433b go 433c. Foilseofar nochtuithe bliantúla ar an dáta a bhfoilseoidh na hinstitiúidí a ráitis airgeadais nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin. Foilseofar nochtuithe leathbhliantúla agus ráithiúla ar an dáta a bhfoilseoidh na hinstitiúidí a dtuarascálacha airgeadais don tréimhse chomhfhreagrach nuair is infheidhme nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin. Beidh aon mhoill idir dáta foilsithe na nochtaí a cheanglaítear faoin gCuid seo agus dáta foilsithe na ráiteas airgeadais ábhartha réasúnta agus, ar aon chaoi, ní rachaidh sí thar an tréimhse ama a leagfaidh na húdaráis inniúla amach de bhun Airteagal 106 de Threoir 2013/36/AE. Airteagal 433a Nochtuithe arna ndéanamh ag institiúidí móra 1. Nochtfaidh institiúidí móra an fhaisnéis a leagtar amach thíos leis an minicíocht seo a leanas:
2. De mhaolú ar mhír 1, nochtfaidh institiúidí móra seachas na G-SIIanna atá ina n-institiúidí neamhliostaithe an fhaisnéis a leagtar amach thíos agus déanfaidh siad sin leis an minicíocht seo a leanas:
3. Nochtfaidh institiúidí móra atá faoi réir Airteagal 92a nó Airteagal 92b an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 437a ar bhonn leathbhliantúil, seachas i leith na bpríomh-mhéadrachtaí dá dtagraítear i bpointe (h) d'Airteagal 447, atá le nochtadh ar bhonn ráithiúil. Airteagal 433b Nochtuithe arna ndéanamh ag institiúidí beaga agus neamhchasta 1. Nochtfaidh institiúidí beaga agus neamhchasta an fhaisnéis a leagtar amach thíos leis an minicíocht seo a leanas:
2. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, nochtfaidh institiúidí beaga neamhchasta atá ina n-institiúidí neamhliostaithe na príomh-mhéadrachtaí dá dtagraítear in Airteagal 447 ar bhonn bliantúil. Airteagal 433c Nochtuithe arna ndéanamh ag institiúidí eile 1. Nochtfaidh institiúidí nach bhfuil faoi réir Airteagal 433a nó Airteagal 433b an fhaisnéis a leagtar amach thíos agus leis an minicíocht seo a leanas:
2. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, nochtfaidh institiúidí eile atá ina n-institiúidí neamhliostaithe an fhaisnéis seo a leanas ar bhonn bliantúil:
Airteagal 434 Modhanna nochta 1. Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis uile a cheanglaítear faoi Theideal II agus faoi Theideal III i bhformáid leictreonach agus i bhfoirm nó suíomh aonair. Is é a bheidh sa mheán nó sa suíomh aonair doiciméad leithleach ina gcuirtear foinse inrochtana faisnéise stuamachta ar fáil sa chaoi gur éasca teacht uirthi le haghaidh úsáideoirí na faisnéise sin nó cuid ar leith a áireofar i ráitis airgeadais nó i dtuarascálacha airgeadais na n-institiúidí nó a chuirfear i gceangal leis na ráitis sin ina mbeidh na nochtaí riachtanacha le fáil agus a bheidh na húsáideoirí in ann a aithint go héasca. 2. Cuirfidh institiúidí cartlann den fhaisnéis sin is gá a nochtadh i gcomhréir leis an gCuid seo ar fáil ar a suíomh gréasáin nó, in éagmais suíomh gréasáin, in aon suíomh iomchuí eile. Áiritheofar go mbeidh an chartlann sin inrochtana ar feadh tréimhse ama nach lú ná an tréimhse stórála a shocraítear sa dlí náisiúnta i leith faisnéise a áirítear i dtuarascálacha airgeadais na n-institiúidí. Airteagal 434a Formáidí aonfhoirmeacha don nochtadh Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun formáidí aonfhoirmeacha don nochtadh a chinneadh, agus treoracha gaolmhara a ndéanfar na nochtaí is gá faoi Theideal II agus Theideal III i gcomhréir leo. Cuirfidh na formáidí aonfhoirmeacha sin faisnéis ar leor a cuimsitheacht agus a hinchomparáideacht in iúl d'úsáideoirí na faisnéise sin chun próifílí priacail institiúidí agus a mhéid atá siad ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos i gCodanna a hAon go dtí a Seacht a mheasúnú. Chun inchomparáideacht na faisnéise a éascú, féachfar sna dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena áirithiú go mbeidh formáidí don nochtadh comhsheasmhach le caighdeáin idirnáisiúnta do nochtaí. Beidh formáidí aonfhoirmeacha don nochtadh i bhformáid tábla nuair is iomchuí. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meitheamh 2020. Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Teideal II CRITÉIR THEICNIÚLA MAIDIR LE TRÉDHEARCACHT AGUS NOCHTADH Airteagal 435 Cuspóirí agus beartais bainistíochta priacail a nochtadh 1. Nochtfaidh institiúidí a gcuid cuspóirí bainistíochta priacail agus a mbeartais bainistíochta priacail agus i gcás gach catagóire priacail ar leithligh, lena n-áirítear na priacail dá dtagraítear sa Teideal seo. Áireofar ar na nochtuithe sin:
2. Déanfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas a nochtadh maidir le socruithe rialachais:
Airteagal 436 Raon feidhme chur i bhfeidhm a nochtadh Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas maidir le raon feidhme chur i bhfeidhm an Rialacháin seo mar seo a leanas:
Airteagal 437 Nochtadh cistí dílse Déanfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas a nochtadh maidir lena gcistí dílse:
Airteagal 437a Cistí dílse agus dliteanais incháilithe a nochtadh Nochtfaidh institiúidí atá faoi réir Airteagal 92a nó 92b an fhaisnéis seo a leanas maidir lena gcistí dílse agus lena ndliteanais incháilithe:
Airteagal 438 Ceanglais a nochtadh maidir le cistí dílse agus méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal de Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas maidir leis an tslí a bhfuil Airteagal 92 den Rialachán seo agus na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 73 agus i bpointe (a) d'Airteagal 104(1) de Threoir 2013/36/AE á gcomhlíonadh acu:
Airteagal 439 Risíocht ar phriacal creidmheasa an chontrapháirtí a nochtadh Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas maidir lena risíochtaí ar phriacal creidmheasa an chontrapháirtí dá dtagraítear i gCaibidil 6 de Theideal II de Chuid a Trí:
I gcás ina gcuireann banc ceannais Ballstáit cúnamh leachtachta ar fáil, i bhfoirm idirbhearta babhtála comhthaobhachta, féadfaidh an t-údarás inniúil institiúidí a dhíolmhú i leith na gceanglas i bpointí (d) agus (e) den chéad fhomhír, i gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil sin go bhféadfadh sé, dá nochtfaí an fhaisnéis dá dtagraítear ansin, go léireofaí go rabhthas tar éis cúnamh leachtachta éigeandála a chur ar fáil. Chun na gcríoch sin, leagfaidh an t-údarás inniúil amach tairseacha iomchuí agus critéir oibiachtúla. Airteagal 440 Caipiteal maolánach frith-thimthriallach a nochtadh Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas faoin tslí atá ag éirí leo an ceanglas maidir le caipiteal maolánach frith-thimthriallach dá dtagraítear i gCaibidil 4 de Theideal VII de Threoir 2013/36/AE a chomhlíonadh:
Airteagal 441 Táscairí a nochtadh a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo Nochtfaidh G-SIIanna, ar bhonn bliantúil, luachanna na dtáscairí a úsáidtear chun a scór a chinneadh i gcomhréir le modheolaíocht an tsainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 131 de Threoir 2013/36/AE. Airteagal 442 Risíochtaí ar phriacal creidmheasa agus ar phriacal caolúcháin a nochtadh Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas maidir lena risíochtaí ar phriacal creidmheasa agus ar phriacal caolúcháin:
Airteagal 443 Sócmhainní ualaithe agus neamhualaithe a nochtadh Nochtfaidh institiúidí faisnéis i leith a sócmhainní ualaithe agus neamhualaithe. Chun na gcríoch sin, bainfidh institiúidí úsáid as glanluach sócmhainní de réir aicme na risíochta a dhéantar a mhiondealú de réir cháilíocht sócmhainní agus méid iomlán den mhéid anonn atá ualaithe nó neamh-ualaithe. I dtaca le faisnéis ar shócmhainní ualaithe agus neamhualaithe a nochtadh, ní nochtfaidh sí cúnamh leachtachta éigeandála arna chur ar fáil ag bainc cheannais. Airteagal 444 Úsáid an Chur Chuige Chaighdeánaithe a nochtadh Institiúidí a ríomhann méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí, nochtfaidh siad an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach ceann de na haicmí risíochta a leagtar amach in Airteagal 112:
Airteagal 445 Risíocht ar phriacal margaidh a nochtadh Déanfaidh institiúidí a ríomhann a gceanglais cistí dílse i gcomhréir le pointe (b) agus le pointe (c) d'Airteagal 92(3) na ceanglais sin a nochtadh ar leithligh i gcás gach priacail dá dtagraítear sna pointí sin. De bhreis air sin, déanfar na ceanglais cistí dílse le haghaidh phriacal sonrach an ráta úis de shuíomhanna urrúsúcháin a nochtadh ar leithligh. Airteagal 446 Bainistíocht priacail oibriúcháin a nochtadh Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas faoin mbainistíocht priacail oibriúcháin atá acu:
Airteagal 447 Príomh-mhéadrachtaí a nochtadh Nochtfaidh institiúidí na príomh-mhéadrachtaí seo a leanas i bhformáid tábla:
Airteagal 448 Risíochtaí ar phriacal ráta úis a nochtadh maidir le suíomhanna nach bhfuil sealbhaithe sa leabhar trádála 1. Ón 28 Meitheamh 2021, nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil seo a leanas faoi na priacail a thiocfaidh as athruithe a d'fhéadfadh teacht ar rátaí úis a mbeadh tionchar acu ar luach eacnamaíoch cothromais agus ar ghlanioncam úis na ngníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála atá acu dá dtagraítear in Airteagal 84 agus in Airteagal 98(5) de Threoir 2013/36/AE:
2. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointe (c) agus pointe (e)(i) go pointe (e)(iv) de mhír 1 den Airteagal seo maidir le hinstitiúidí a úsáideann an mhodheolaíocht chaighdeánaithe nó an cur chuige caighdeánaithe simplithe dá dtagraítear in Airteagal 84(1) de Threoir 2013/36/AE. Airteagal 449 Risíocht ar shuíomhanna urrúsúcháin a nochtadh Institiúidí a ríomhann méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcomhréir le Caibidil 5 de Theideal II de Chuid a Trí nó ceanglais cistí dílse i gcomhréir le hAirteagal 337 nó Airteagal 338, nochtfaidh siad an fhaisnéis seo a leanas ar leithligh dá ngníomhaíochtaí leabhar trádála agus dá ngníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála:
Airteagal 449a Priacail chomhshaoil, shóisialta, agus rialachais (priacail ESG) a nochtadh Ón 28 Meitheamh 2022, institiúidí móra a d'eisigh urrúis a ligeadh isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte de chuid aon Bhallstáit, mar a shainmhínítear i bpointe (21) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, nochtfaidh siad faisnéis maidir le priacail ESG, lena n-áirítear priacail fhisiceacha agus priacail aistrithe, mar a shainmhínítear sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 98(8) de Threoir 2013/36/AE. An fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad mhír, déanfar í a nochtadh ar bhonn bliantúil don chéad bhliain agus faoi dhó sa bhliain ina dhiaidh sin. Airteagal 450 An beartas luacha saothair a nochtadh 1. Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas, maidir lena mbeartas agus lena gcleachtais i ndáil le luach saothair i leith na gcatagóirí foirne sin a mbíonn tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl priacail na n-institiúidí:
Chun chríocha phointe (k) den chéad fhomhír den mhír seo, institiúidí a bhaineann tairbhe as maolú den sórt sin, cuirfidh siad in iúl cibé a bhaineann siad tairbhe as an maolú sin ar bhonn phointe (a) nó pointe (b) d'Airteagal 94(3) de Threoir 2013/36/AE. Cuirfidh siad prionsabail an luacha saothair in iúl freisin a gcuirfidh siad an maolú nó maoluithe i bhfeidhm maidir leo, líon na mball foirne a bhaineann tairbhe as an maolú nó na maoluithe agus an luach saothair iomlán atá acu, á ndeighilt ina luach saothair inathraitheach agus seasta. 2. I gcás institiúidí móra, cuirfear an fhaisnéis chainníochtúil faoi luach saothair chomhlacht comhbhainistíochta na n-institiúidí dá dtagraítear san Airteagal seo ar fáil don phobal, agus idirdhealú á dhéanamh idir comhaltaí feidhmiúcháin agus neamh-fheidhmiúcháin. Comhlíonfaidh institiúidí na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo ar bhealach a bheidh oiriúnach dá méid, dá n-eagrúchán inmheánach agus do chineál, do raon feidhme agus do chastacht a gcuid gníomhaíochtaí agus gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*15). Airteagal 451 An cóimheas luamhánaithe a nochtadh 1. Institiúidí atá faoi réir Chuid a Seacht, nochtfaidh siad an fhaisnéis seo a leanas maidir lena gcóimheas luamhánaithe mar a ríomhtar é i gcomhréir le hAirteagal 429 agus an bhainistíocht a dhéanann siad ar an bpriacal luamhánaithe iomarcaigh:
2. Nochtfaidh institiúidí creidmheasa forbartha poiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 429a(2) an cóimheas luamhánaithe gan an coigeartú ar thomhas na risíochta iomláine a chinntear i gcomhréir le pointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 429a(1). 3. De bhreis ar phointe (a) agus pointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, nochtfaidh institiúidí móra an cóimheas luamhánaithe agus an miondealú ar thomhas na risíochta iomláine dá dtagraítear in Airteagal 429(4) bunaithe ar na meáin arna ríomh i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 430(7). Airteagal 451a Na ceanglais leachtachta a nochtadh 1. Institiúidí atá faoi réir Chuid a Sé, nochtfaidh siad faisnéis maidir lena gcóimheas cumhdaigh leachtachta, a gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí agus a mbainistíocht priacail leachtachta i gcomhréir leis an Airteagal seo. 2. Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas maidir lena gcóimheas cumhdaigh leachtachta mar a ríomhtar é i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1):
3. Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas i ndáil lena gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí mar a ríomhtar é i gcomhréir le Teideal IV de Chuid a Sé:
4. Nochtfaidh institiúidí na socruithe, na córais, na próisis agus na straitéisí atá curtha i bhfeidhm chun a bpriacal leachtachta a shainaithint, a thomhas, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air i gcomhréir le hAirteagal 86 de Threoir 2013/36/AE. TEIDEAL III CEANGLAIS CHÁILITHEACHTA CHUN IONSTRAIMÍ NÓ MODHEOLAÍOCHTAÍ ÁIRITHE A ÚSÁID Airteagal 452 Nochtadh úsáid an Chur Chuige IRB do phriacal creidmheasa Déanfaidh institiúidí a ríomhann méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal faoin gCur Chuige IRB an fhaisnéis seo a leanas a nochtadh:
Chun críocha phointe (b) den Airteagal seo, bainfidh institiúidí úsáid as an luach risíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 166. Airteagal 453 Nochtadh úsáid teicnící um maolú priacail creidmheasa Nochtfaidh institiúidí a úsáideann teicnící um maolú priacail creidmheasa an fhaisnéis seo a leanas:
Airteagal 454 Nochtadh úsáid Ardmhodhanna Tomhais i leith priacal oibriúcháin Na hinstitiúidí a úsáideann na hArdmhodhanna Tomhais a leagtar amach in Airteagail 321 go 324 chun a gceanglais cistí dílse le haghaidh priacal oibriúcháin a ríomh, nochtfaidh siad tuairisc ar an úsáid a bhaineann siad as árachais agus as sásraí aistrithe priacail eile ar mhaithe leis an bpriacal sin a mhaolú. Airteagal 455 Samhlacha inmheánacha um priacal margaidh a úsáid Déanfaidh institiúidí a ríomhann a gcuid ceanglas caipitil i gcomhréir le hAirteagal 363 an fhaisnéis seo a leanas a nochtadh:
(*15) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).”;" |
|
(120) |
cuirtear an pointe seo a leanas le hAirteagal 456:
|
|
(121) |
in Airteagal 457, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):
|
|
(122) |
Leasaítear Airteagal 458 mar a leanas:
|
|
(123) |
Leasaítear Airteagal 460 mar a leanas:
|
|
(124) |
cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: “Airteagal 461a Cur chuige caighdeánaithe malartach le haghaidh priacal margaidh Chun críocha na gceanglas tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 430b(1), tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 462, d'fhonn an Rialachán seo a leasú trí choigeartuithe teicniúla a dhéanamh ar Airteagail 325e, 325g go 325j, 325p, 325q, 325ae, 325ak, 325am, 325ap go 325at, 325av, 325ax, agus sonrú a dhéanamh ar ualú risíochta bhuicéad 11 de Thábla 4 in Airteagal 325ah, agus sonrú a dhéanamh hualuithe priacail bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint ag institiúidí creidmheasa i dtríú tíortha i gcomhréir le hAirteagal 325ah a shonrú, agus sonrú a dhéanamh ar chomhghaolú na mbannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint ag institiúidí creidmheasa i dtríú tíortha i gcomhréir le hAirteagal 325aj den chur chuige caighdeánaithe malartach a leagtar amach i gCaibidil 1a de Theideal IV de Chuid a Trí, agus aird á tabhairt ar fhorbairtí maidir le caighdeáin rialála idirnáisiúnta. Glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 faoin 31 Nollaig 2019.”; |
|
(125) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 462: “Airteagal 462 An tarmligean a fheidhmiú 1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. 2. Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 244(6) agus 245(6), in Airteagal 456 go hAirteagal 460 agus in Airteagal 461a go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 28 Meitheamh 2013. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 244(6) agus 245(6), in Airteagal 456 go hAirteagal 460 agus in Airteagal 461a a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní bheidh éifeacht aige ar bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. 5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi. 6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 244(6) agus Airteagal 245(6), Airteagal 456 go hAirteagal 460 agus Airteagal 461a i bhfeidhm ach amháin mura ndéanann Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse trí mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”; |
|
(126) |
in Airteagal 471, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. De mhaolú ar Airteagal 49, (1), i rith na tréimhse ón 31 Nollaig 2018 go dtí an 31 Nollaig 2024, féadfaidh institiúidí a chinneadh gan sealúchais cothromais a asbhaint i ngnóthais árachais, athárachais agus i gcuideachtaí sealbhaíochta árachais i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
|
|
(127) |
leasaítear Airteagal 493 mar a leanas:
|
|
(128) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 494: “Airteagal 494 Forálacha idirthréimhseacha maidir leis an gceanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe 1. De mhaolú ar Airteagal 92a ón 27 Meitheamh 2019 go dtí an 31 Nollaig 2021, comhlíonfaidh na hinstitiúidí a shainaithnítear mar eintitis réitigh agus ar G-SIInna iad nó ar cuid de G-SII iad na ceanglais seo a leanas i gcónaí maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe:
2. De mhaolú ar Airteagal 72b(3), ón 27 Meitheamh 2019 go dtí an 31 Nollaig 2021, is é 2,5 % de mhéid iomlán na risíochta ar phriacal a ríomhfar i gcomhréir le hAirteagal 92(3) agus (4) an méid a bhféadfar ionstraimí dliteanas incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 72b(3) a chur san áireamh in ítimí dliteanais incháilithe. 3. De mhaolú ar Airteagal 72b(3), go dtí go ndéanann an t-údarás réitigh a mheasúnú, den chéad uair, an gcomhlíontar an coinníoll a leagtar amach i bpointe (c) den mhír sin, cáileoidh dliteanais mar ionstraimí dliteanas incháilithe suas go dtí méid comhiomlán nach mó, go dtí an 31 Nollaig 2021, ná 2,5 % agus, tar éis an dáta sin, nach mó ná 3,5 % de mhéid iomlán na risíochta ar phriacal a ríomhtar i gcomhréir le mír 3 agus le mír 4 d'Airteagal 92, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 72b(3).”; |
|
(129) |
cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach: “Airteagal 494a Eisiúintí a mharthanú trí eintitis sainchuspóireacha 1. De mhaolú ar Airteagal 52, cáileoidh ionstraimí caipitil nár eisigh institiúid go díreach mar ionstraimí Breise Leibhéal 1 go dtí an 31 Nollaig 2021 i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile a leanas agus sa chás sin amháin:
2. De mhaolú ar Airteagal 63, cáileoidh ionstraimí caipitil, nár eisigh institiúid go díreach, mar ionstraimí Breise Leibhéal 2 go dtí an 31 Nollaig 2021 i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile a leanas agus sa chás sin amháin:
Airteagal 494b Ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanais incháilithe a mharthanú 1. De mhaolú ar Airteagal 51 agus ar Airteagal 52, cáileoidh ionstraimí a eiseofar roimh 27 Meitheamh 2019 mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 ar a dhéanaí go dtí 28 Meitheamh 2015, i gcás ina gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 51 agus in Airteagal 52, cé is moite de na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (p), i bpointe (q) agus i bpointe (r) d'Airteagal 52(1). 2. De mhaolú ar Airteagal 62 agus ar Airteagal 63, cáileoidh ionstraimí a eiseofar roimh 27 Meitheamh 2019 mar ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 ar a dhéanaí go dtí 28 Meitheamh 2015, i gcás ina gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 62 agus in Airteagal 63, cé is moite de na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (n), i bpointe (o) agus i bpointe (p) d'Airteagal 63. 3. De mhaolú ar phointe (a) d'Airteagal 72a(1), féadfaidh dliteanais a eiseofar roimh 27 Meitheamh 2019 cáiliú mar ítimí dliteanas incháilithe i gcás ina gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 72b, cé is moite de na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (b)(ii) agus i bpointí (f) go (m) d'Airteagal 72b(2).”; |
|
(130) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 497: “Airteagal 497 Ceanglais cistí dílse do risíochtaí ar Chontrapháirtithe Lárnacha 1. I gcás ina n-iarrann contrapháirtí lárnach tríú tír aitheantas i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, féadfaidh institiúidí an contrapháirtí lárnach sin a mheas mar chontrapháirtí lárnach cáilitheach ón dáta ar chuir sé isteach an t-iarratas ar aitheantas chuig ESMA agus go dtí ceann de na dátaí seo a leanas:
2. Go dtí dul in éag na spriocdhátaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcás nach bhfuil ciste mainneachtana i bhfeidhm ag contrapháirtí lárnach agus nach bhfuil socrú ceangailteach aici lena chomhaltaí imréitigh lena gceadaítear dó an corrlach tosaigh uile nó chuid de a fhaightear óna chomhaltaí imréitigh a úsáid mar a bheidís ina ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe, cuirfidh institiúid an fhoirmle seo a leanas in ionad an fhoirmle cheart chun an ceanglas cistí dílse in Airteagal 308(2) a ríomh:
nuair atá:
3. I gcásanna eisceachtúla, i gcás ina mbeidh sé riachtanach agus comhréireach chun saobhadh sna margaí airgeadais idirnáisiúnta a sheachaint, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2), cinneadh a ghlacadh síneadh 12 mhí a chur, uair amháin, leis na forálacha idirthréimhseacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo.”; |
|
(131) |
In Airteagal 498(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: “1. Ní bheidh feidhm ag na forálacha maidir le ceanglais cistí dílse arna leagan síos sa Rialachán seo maidir le gnólachtaí infheistíochta a mbaineann a bpríomhghnó go heisiach le seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar maidir leis na hionstraimí airgeadais atá leagtha amach i bpointí (5), (6), (7), (9), (10) agus (11) de Roinn C d'Iarscríbhinn I de Threoir 2014/65/AE agus nach raibh feidhm ag Treoir 2004/39/CE maidir leo an 31 Nollaig 2006.”; |
|
(132) |
Scriostar Airteagal 499(3); |
|
(133) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 500 agus 501: “Airteagal 500 Coigeartú maidir le diúscairtí ollmhóra 1. De mhaolú ar phointe (a) d'Airteagal 181(1), féadfaidh institiúid a meastacháin LGD a choigeartú trí thionchar diúscairtí ollmhóra risíochtaí a mhainnigh ar LGDanna réadaithe a fhritháireamh go hiomlán nó i bpáirt suas go dtí an difríocht idir na meán LGDanna a mheastar a bheadh i gcás risíochtaí inchomparáide ar mhainneachtain nár leachtaíodh ar deireadh agus na meán LGDanna réadaithe lena n-áirítear ar bhonn na gcaillteanas réadaithe de bharr na ndiúscairtí ollmhóra, a luaithe a bheidh na coinníollacha seo ar fad a leanas á gcomhlíonadh:
Ní fhéadfaidh an coigeartú dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanamh ach suas le 28 Meitheamh 2022 agus d'fhéadfadh sé go mairfeadh a éifeachtaí a fhad agus a áireofar na risíochtaí comhfhreagracha i meastacháin LGD na hinstitiúide féin. 2. Tabharfaidh institiúidí fógra don údarás inniúil gan mhoill ach a gcomhlíonfar an coinníoll a leagtar amach i bpointe (c) de mhír 1. Airteagal 501 Coigeartú ar risíochtaí priacail-ualaithe neamh-mhainneachtana ar FBManna 1. Déanfaidh na hinstitiúidí coigeartú ar na méideanna risíochta priacail-ualaithe le haghaidh risíochtaí neamh-mhainneachtana ar FBM (RWEA), a ríomhfar i gcomhréir le Caibidil 2 nó le Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
nuair atá:
2. Chun críocha an Airteagail seo:
(*17) Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L124, 20.5.2003, lch. 36).”;" |
|
(134) |
cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: “Airteagal 501a Coigeartú ar cheanglais cistí dílse maidir le priacal creidmheasa i gcás eintitis a oibríonn nó a mhaoiníonn struchtúir nó áiseanna, córais agus líonraí fisiciúla a chuireann seirbhísí poiblí ríthábhachtacha ar fáil nó a thugann tacaíocht dóibh 1. Ceanglais cistí dílse maidir le priacal creidmheasa arna ríomh i gcomhréir le Teideal II de Chuid III, iolrófar iad faoi fhachtóir 0,75 ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an risíocht na critéir seo a leanas go léir:
2. Chun críocha phointe (e) de mhír 1, ní mheasfar gur intuartha na sreabha airgid thirim a ghinfear mura gcomhlíonfaidh cuid shubstaintiúil de na hioncaim na coinníollacha seo a leanas:
3. Tuairisceoidh na hinstitiúidí do na húdaráis inniúla gach sé mhí ar mhéid iomlán na risíochtaí ar eintitis tionscadal bonneagair, arna ríomh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. 4. Tuairisceoidh an Coimisiún faoin 28 Meitheamh 2022 ar thionchar na gceanglas cistí dílse a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le hiasachtaí a thabhairt d'eintitis tionscadal bonneagair agus do dhaoine nádúrtha agus cuirfidh sé an tuarascáil sin, agus togra reachtach, más iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. 5. Chun críocha mhír 4, tabharfaidh UBÉ tuairisc orthu seo a leanas don Choimisiún:
Airteagal 501d Maolú ar na ceanglais tuairiscithe De mhaolú ar Airteagal 430, le linn na tréimhse idir dáta chur i bhfeidhm fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo agus dáta chéad thíolacadh na dtuarascálacha arna sonrú I ngach ceann sna caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear san Airteagal sin, féadfaidh údarás inniúil an ceanglas faisnéis a thuairisciú san fhormáid atá sonraithe sna teimpléid atá sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 430(7) a tharscaoileadh i gcás nár tugadh na teimpléid sin cothrom le dáta chun forálacha an Rialacháin seo a léiriú.”; |
|
(135) |
i gCuid a Deich, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach i ndiaidh Theideal II: TUARASCÁLACHA AGUS ATHBHREITHNITHE: “Airteagal 501c Láimhseáil stuama risíochtaí a bhaineann le cuspóirí comhshaoil agus/nó cuspóirí sóisialta Déanfaidh ÚBE, i ndiaidh dó dul i gcomhairle le BERS, measúnú ar bhonn na sonraí atá ar fáil agus ar na torthaí ón nGrúpa Saineolaithe Ardleibhéil um Maoiniú Inbhuanaithe de chuid an Choimisiúin cibé acu a bheadh nó nach mbeadh údar maith le láimhseáil tiomnaithe stuamachta le haghaidh risíochtaí a bhaineann le sócmhainní nó gníomhaíochtaí a bhainfeadh go mór le cuspóirí comhshaoil agus/nó sóisialta. Déanfaidh ÚBE an méid a leanas a mheas go háirithe:
Cuirfidh ÚBE tuarascáil ina mbeidh a chuid torthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, tráth nach déanaí ná 28 Meitheamh 2025. Más iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach bunaithe ar an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.”; |
|
(136) |
cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: “Airteagal 504a Sealúchais ionstraimí dliteanas incháilithe Faoin 28 Meitheamh 2022, cuirfidh ÚBE tuarascáil chuig an gCoimisiún maidir le méideanna agus dáileadh sealúchas d'ionstraimí dliteanas incháilithe ar na hinstitiúidí sin a shainaithnítear mar G-SIInna nó O-SIInna agus maidir leis na bacainní a d'fhéadfadh a bheith ann do réiteach agus maidir leis an bpriacal gabhála i ndáil leis na sealúchais sin. Bunaithe ar an tuarascáil ó ÚBE, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 28 Meitheamh 2023 maidir le láimhseáil iomchuí na sealúchas sin agus, i gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin.”; |
|
(137) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 507: “Airteagal 507 Risíochtaí móra 1. Déanfaidh UBÉ faireachán ar an úsáid a bhaintear as díolúintí a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 390(6), i bpointe (f) go pointe (m) d'Airteagal 400(1), agus i bpointe (a), pointe (c) go pointe (g), pointe (i), pointe (j) agus pointe (k) d'Airteagal 400(2) agus faoi cheann 28 Meitheamh 2021, cuirfidh sé tuairisc chuig an gCoimisiún ina ndéantar measúnú ar an tionchar cainníochtúil a bheadh ann dá mbainfí na díolúintí sin nó dá socrófaí teorainn maidir lena n-úsáid. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin ar na nithe seo a leanas, go háirithe, i gcás gach díolúine dá bhforáiltear sna hAirteagail sin:
2. Faoin 31 Nollaig 2023, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm na maoluithe dá dtagraítear in Airteagal 390(4) agus Airteagal 401(2) maidir leis na modhanna a ndéanfar luach na risíochta ar idirbhearta maoinithe urrús a ríomh, agus go háirithe an gá atá le leasuithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta, lena gcinnfear na modhanna don ríomh sin, a chur san áireamh.”; |
|
(138) |
in Airteagal 510, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach: “4. Déanfaidh UBÉ faireachán ar mhéid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh chun an priacal cistiúcháin a chumhdach a bhaineann leis na conarthaí díorthach a liostaítear in Iarscríbhinn II agus díorthaigh chreidmheasa in imeacht thréimhse aon bhliana an chóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí, go háirithe priacal cistiúcháin todhchaíoch na gconarthaí díorthacha sin a leagtar amach i mír 428s(2) agus mír 428at(2) d'Airteagal 428, agus cuirfidh sé tuarascáil chuig an gCoimisiún faoin deis fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh níos airde nó beart atá níos íogaire ó thaobh priacal de a ghlacadh faoin 28 Meitheamh 2024. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin ar na nithe seo a leanas ar a laghad:
5. I gcás ina ndéantar, le caighdeáin idirnáisiúnta, difear do láimhseáil conarthaí díorthach a liostaítear in Iarscríbhinn II agus ar dhíorthaigh chreidmheasa chun an cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí a ríomh, déanfaidh an Coimisiún, más iomchuí, agus an tuarascáil dá dtagraítear i mír 4, na hathruithe sin ar chaighdeáin idirnáisiúnta agus éagsúlacht earnáil baincéireachta an Aontais á gcur san áireamh aige, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an mbealach chun leasú a dhéanamh ar na forálacha maidir le láimhseáil conarthaí díorthach a liostaítear in Iarscríbhinn II agus láimhseáil díorthach creidmheasa chun an cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, mar a leagtar amach é i dTeideal IV de Chuid a Sé, a ríomh, chun aird níos fearr a thabhairt ar an bpriacal cistiúcháin a bhaineann leis na hidirbhearta sin. 6. Déanfaidh UBÉ faireachán ar mhéid an chistiúcháin chobhsaí a theastaíonn chun an priacal cistiúcháin a chumhdach a bhaineann le hidirbhearta um maoiniú urrús, lena n-áirítear leis na sócmhainní arna bhfáil nó arna dtabhairt sna hidirbhearta sin, agus le hidirbhearta neamhurraithe ag a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí le custaiméirí airgeadais agus cuirfidh sé tuairisc chuig an gCoimisiún faoi oiriúnacht na láimhseála sin faoin 28 Meitheamh 2023. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin ar na nithe seo a leanas ar a laghad:
7. Faoin 28 Meitheamh 2024, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, agus an tuarascáil dá dtagraítear i mír 6, aon chaighdeáin idirnáisiúnta agus éagsúlacht earnáil baincéireachta an Aontais á gcur san áireamh aige, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir leis an mbealach chun leasú a dhéanamh ar na forálacha maidir le láimhseáil idirbheart um maoiniú urrús, lena n-áirítear an láimhseáil ar na sócmhainní a fhaightear nó a thugtar sna hidirbhearta sin, agus an láimhseáil ar idirbhearta neamhurraithe ag a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí le custaiméirí airgeadais chun an cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, mar a leagtar amach é i dTeideal IV de Chuid a Sé, a ríomh, i gcás ina measfaidh sé gurb iomchuí é maidir le tionchar na láimhseála atá ann cheana ar chóimheas glanchistiúcháin chobhsaí na n-institiúidí agus chun aird níos fearr a thabhairt ar an bpriacal cistiúcháin a bhaineann leis na hidirbhearta sin. 8. Faoin 28 Meitheamh 2025, déanfar na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a chuirfear i bhfeidhm ar na hidirbhearta dá dtagraítear i bpointe (g) de mhír 428r(1), i bpointe (c) de mhír 428s(1) agus i bpointe (b) d'Airteagal 428 a ardú ó 0 % go 10 %, ó 5 % go 15 % agus ó 10 % go 15 % faoi seach, mura sonrófar a mhalairt i ngníomh reachtach a glacadh ar bhonn togra ón gCoimisiún i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo. 9. Déanfaidh UBÉ faireachán ar mhéid an chistiúcháin chobhsaí a bheidh de dhíth chun an priacal cistiúcháin a chumhdach a bhaineann le sealúchais urrús a bhíonn ag institiúidí chun conarthaí díorthach a fhálú. Cuirfidh ÚBE tuarascáil ar oiriúnacht na láimhseála faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meitheamh 2023. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin ar na nithe seo a leanas ar a laghad:
10. Faoin 28 Meitheamh 2023 nó bliain amháin tar éis comhaontú ar chaighdeáin idirnáisiúnta a cheapfaidh CBMB, cibé acu is luaithe, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, agus an tuarascáil dá dtagraítear i mír 9, aon chaighdeáin idirnáisiúnta a cheapfaidh CBMB, éagsúlacht earnáil baincéireachta an Aontais agus aidhmeanna an aontais margaí caipitil á gcur san áireamh aige, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir le conas leasú a dhéanamh ar na forálacha maidir le láimhseáil shealúchais urrús a bhíonn ag institiúidí chun conarthaí díorthach a fhálú d'fhonn an cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí a ríomh mar a leagtar amach i dTeideal IV de Chuid a Sé i gcás ina measfaidh sé féin gurb iomchuí maidir le tionchar na láimhseála atá ann cheana ar chóimheas glanchistiúcháin chobhsaí institiúidí agus d'fhonn aird níos fearr a thabhairt ar an bpriacal cistiúcháin a bhaineann leis na hidirbhearta sin. 11. Déanfaidh ÚBE measúnú cibé acu a bheadh nó nach mbeadh údar maith leis an bhfachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a laghdú do shócmhainní a úsáidtear le haghaidh seirbhísí imréitigh agus socraíochta do mhiotail lómhara amhail ór, airgead, platanam agus pallaidiam a sholáthar, nó sócmhainní a úsáidtear le haghaidh idirbhearta um maoiniú do mhiotail lómhara, amhail ór, airgead, platanam agus pallaidiam dar téarma 180 lá nó níos lú a sholáthar. Cuirfidh ÚBE a thuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin faoi cheann 28 Meitheamh 2021.”; |
|
(139) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 511: “Airteagal 511 Luamhánú 1. Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2020, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir leis an méid seo a leanas:
2. Chun críocha na tuarascála dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún a bhfuil ag titim amach go hidirnáisiúnta agus caighdeáin a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a chur san áireamh. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin i gcás inarb iomchuí.”; |
|
(140) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 513: “Airteagal 513 Rialacha macrastuamachta 1. Faoin 30 Meitheamh 2022, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, measfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le BERS agus ÚBE, cibé acu is leor nó nach leor na rialacha macrastuamachta sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE chun priacail shistéamacha a mhaolú in earnálacha, i réigiúin, agus i mBallstáit, agus measfaidh sé freisin:
2. Faoin 31 Nollaig 2022, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, bunaithe ar an gcomhairliúchán a dhéanfar le BERS agus le ÚBE, maidir leis an measúnú dá dtagraítear i mír 1 agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.”; |
|
(141) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 514: “Airteagal 514 An modh chun an luach risíochta ar idirbhearta díorthach a ríomh 1. Déanfaidh ÚBE, faoin 28 Meitheamh 2023, tuarascáil a thabhairt don Choimisiún faoi thionchar agus faoi chalabrú coibhneasta na gcineálacha cur chuige a leagtar amach i Roinn 3, Roinn 4 agus Roinn 5 de Chaibidil 6 de Theideal II de Chuid a Trí chun luachanna risíochta idirbheart díorthach a ríomh. 2. Ar bhonn na tuarascála ó ÚBE, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh chun na cineálacha cur chuige a leagtar amach i Roinn 3, Roinn 4 agus Roinn 5 de Chaibidil 6 de Theideal II de Chuid a Trí a leasú;” |
|
(142) |
cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: “Airteagal 518a Athbhreithniú ar na forálacha trasmhainneachtana Tráth nach déanaí ná 28 Meitheamh 2022, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus measúnú cé acu is iomchuí nó nach ea a cheangal go bhféadfaí tarrtháil inmheánach a dhéanamh ar dhliteanais incháilithe gan clásail trasmhainneachtana i gconarthaí eile a ghníomhachtú, chun a éifeachtaí atá an uirlis tarrthála inmheánaí a neartú agus chun measúnú a dhéanamh cé acu is ceart nó nach ceart foráil neamh-thrasmhainneachtana a thagraíonn do dhliteanais incháilithe a áireamh sna téarmaí nó sna conarthaí lena rialaítear dliteanais eile. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an athbhreithniú agus leis an measúnú sin i gcás inarb iomchuí.”; |
|
(143) |
cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: “Airteagal 519b Ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh 1. Faoin 30 Meán Fómhair 2019, tabharfaidh ÚBE tuarascáil faoin tionchar atá ar institiúidí an Aontais ag caighdeáin idirnáisiúnta chun ceanglais cistí dílse a ríomh i gcás priacal margaidh. 2. Faoin 30 Meitheamh 2020, déanfaidh an Coimisiún, agus torthaí na tuarascála dá dtagraítear i mír 1 agus na caighdeáin idirnáisiúnta agus na cuir chuige a leagtar amach i gCaibidlí 1a agus 1b de Theideal IV de Chuid a Trí á gcur san áireamh, tuarascáil, a mbeidh togra reachtach ag gabháil léi, i gcás inarb iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir leis an gcaoi ar féidir caighdeáin idirnáisiúnta maidir le ceanglais leordhóthanacha cistí dílse le haghaidh priacal margaidh a chur chun feidhme.”; |
|
(144) |
i gCuid a Deich, cuirtear an teideal seo a leanas isteach: “TEIDEAL IIA RIALACHA A CHUR CHUN FEIDHME Airteagal 519c Uirlis um chomhlíonadh 1. Forbróidh ÚBE uirlis leictreonach a bheidh dírithe ar chabhrú leis na hinstitiúidí an Rialachán seo agus Treoir 2013/36/AE a chomhlíonadh, mar aon le caighdeáin theicniúla rialála, caighdeáin theicniúla cur chun feidhme, treoirlínte agus teimpléid arna nglacadh chun an Rialachán seo agus an Treoir sin a chur chun feidhme. 2. Cuirfidh an uirlis dá dtagraítear i mír 1 ar chumas gach institiúide an méid seo ar a laghad a dhéanamh:
|
|
(145) |
Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 50a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Déanfaidh contrapháirtí lárnach an caipiteal hipitéiseach ) a ríomh mar seo a leanas:
nuair:
|
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 50b: “Airteagal 50b Rialacha ginearálta maidir le ríomh an KCCP Chun críocha KCCP a ríomh dá dtagraítear in Airteagal 50a(2), beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:
Chun críocha phointe (a)(ii) den Airteagal seo, bainfidh an contrapháirtí úsáid as an modh a shonraítear in Airteagal 223 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus coigeartuithe maoirseachta luaineachta a leagtar amach in Airteagal 224 den Rialachán sin chun luach na neamhchosanta a ríomh.”; |
|
(3) |
in Airteagal 50c(1), scriostar pointe (d) agus pointe (e); |
|
(4) |
in Airteagal 50d, scriostar pointe (c); |
|
(5) |
in Airteagal 89, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5a: “5a. Le linn na hidirthréimhse a leagtar amach in Airteagal 497 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, san fhaisnéis a thuairisceoidh contrapháirtí lárnach dá dtagraítear san Airteagal sin i gcomhréir le hAirteagal 50c(1) den Rialachán seo, áireoidh sé méid foriomlán an chorrlaigh tosaigh, mar a shainmhínítear i bpointe (140) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a fuair sé óna chomhaltaí imréitigh i gcás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
|
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2. Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 28 Meitheamh 2021, cé is moite de na heisceachtaí a liostáiltear i míreanna 3 go 8.
3. Beidh feidhm ag na pointí seo a leanas d'Airteagal 1 den Rialachán seo ón 27 Meitheamh 2019:
|
(a) |
pointe (1), ina bhfuil na forálacha maidir le raon feidhme agus maidir le cumhachtaí maoirseachta; |
|
(b) |
pointe (2), ina bhfuil na sainmhínithe, ach amháin i gcás ina mbaineann siad go heisiach le forálacha a mbeidh feidhm acu i gcomhréir leis an Airteagal seo ó dháta éigin eile, agus sa chás sin beidh feidhm acu ón dáta eile sin; |
|
(c) |
pointí (3)(b), (6)(c), (8), pointe (9), a mhéid a bhaineann le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, pointe (12), a mhéid a bhaineann leis an dara fomhír d'Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, pointí (14) go (17), pointí (19) go (44), pointí (47), (128) agus (129), ina bhfuil na forálacha maidir le cistí dilse agus maidir le tabhairt isteach na gceanglas nua le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe; |
|
(d) |
pointe (9), a mhéid a bhaineann le tionchar na rialacha nua maidir le hurrúsú a leagtar amach in Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; |
|
(e) |
pointe (57), ina bhfuil na forálacha i dtaca leis na hualuithe priacail maidir le bainc forbartha iltaobhacha, agus pointe (58), ina bhfuil na forálacha maidir le hualuithe priacail d'eagraíochtaí idirnáisiúnta; |
|
(f) |
pointe (53), a mhéid a bhaineann le hAirteagal 104b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, pointí (89) agus (90), pointe (118), a mhéid a bhaineann le hAirteagal 430b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus pointe (124), ina bhfuil na forálacha maidir leis na ceanglais tuairiscithe do phriacal margaidh; |
|
(g) |
pointe (130), ina bhfuil na forálacha maidir le ceanglais cistí dílse do risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha; |
|
(h) |
pointe (133), a mhéid amháin a bhaineann leis na forálacha maidir le diúscairtí ollmhóra a leagtar síos in Airteagal 500 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; |
|
(i) |
pointe (134), maidir le hAirteagal 501b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ina bhfuil na forálacha maidir le tuairisciú a tharscaoileadh; |
|
(j) |
pointe (144), ina bhfuil na forálacha maidir leis an uirlis um chomhlíonadh; |
|
(k) |
na forálacha lena gceanglaítear ar na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha nó ar BERS dréachtchaighdeáin theicniúla rialála nó cur chun feidhme a chur faoi bhráid an Choimisiúin, forálacha lena gceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascálacha a chur i dtoll a chéile, na forálacha lena dtugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe nó gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, na forálacha maidir le hathbhreithniú agus maidir le tograí reachtacha agus na forálacha lena gceanglaítear ar na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha treoirlínte a eisiúint, eadhon pointe (2)(b); pointe (12), a mhéid a bhaineann le hAirteagal 18(9) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; pointe (18 (b); pointe (31), a mhéid a bhaineann le hAirteagal 72b(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;pointe (38) a mhéid a bhaineann le hAirteagal 78a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; pointe (57(b); pointe (60), a mhéid a bhaineann le hAirteagal 124(4) agus (5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; pointe (63), a mhéid a bhaineann le hAirteagal 132a(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; pointe (67), a mhéid a bhaineann le hAirteagal 164(8) agus (9) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013); pointe (74), a mhéid a bhaineann le Airteagal 277(5) agus 279a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; pointe (89), a mhéid a bhaineann le hAirteagal 325(9) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; pointe (90), a mhéid a bhaineann le hAirteagail 325u(5), 325w(8), 325ap(3), 325az(8) agus (9), 325bd(7), 325be(3), 325bf(9), 325bg(4 ), 325bh(3), 325bk(3), 325bp(12) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;pointe (93), a mhéid a bhaineann le hAirteagal 390(9) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; pointe (94); pointe (96), a mhéid a bhaineann le hAirteagal 394(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; pointe (98)(b); pointe (104), a mhéid a bhaineann le hAirteagal 403(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; pointe (109)(b); pointe (111)(b); pointe (118), a mhéid a bhaineann le hAirteagail 430(7) agus (8), 430b(6) agus Airteagal 430c de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; pointe (119), a mhéid a bhaineann le hAirteagal 432(1) agus (2) agus Airteagal 434a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; pointe (123); pointe (124); pointe (125); pointe (134), a mhéid a bhaineann le hAirteagal 501a(4) agus (5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; pointe (135); pointe (136); pointe (137); pointe (138); pointe (139); pointe (140); pointe (141), a mhéid a bhaineann le hAirteagal 514(1) of Regulation (EU) No 575/2013; pointe (142); agus pointe (143). |
Gan dochar do phointe (f) den chéad fhomhír, beidh feidhm ag na forálacha maidir le nochtadh agus tuairisciú amhail ó dháta chur i bhfeidhm an cheanglais lena mbaineann an nochtadh nó an tuairisciú.
4. Beidh feidhm ag na pointí seo a leanas d'Airteagal 1 den Rialachán seo ón 28 Nollaig 2020:
|
(a) |
pointí (6)(a), (6)(b),(6)(d), pointe (7) agus pointe (12), a mhéid a bhaineann leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 18(1) agus Airteagal 18(2) go (8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ina bhfuil na forálacha maidir le comhdhlúthú stuamachta; |
|
(b) |
pointe (60), ina bhfuil na forálacha maidir le risíochtaí arna n-urrú le morgáistí ar mhaoin dhochorraithe, pointe (67), ina bhfuil na forálacha maidir le caillteanas a tugadh mar mhainneachtain, agus pointe (122), ina bhfuil na forálacha maidir le priacal macrastuamachta nó sistéamach a shainaithnítear ar leibhéal Ballstáit. |
5. Beidh feidhm ag pointe (46)(b) d'Airteagal 1 den Rialachán seo, ina bhfuil na forálacha maidir leis an gceanglas nua maidir le cistí dílse a thabhairt isteach le haghaidh G-SIIanna, ón 1 Eanáir 2022.
6. Beidh feidhm ag pointe (53), a mheid a bhaineann le hAirteagal 104a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus pointí (55) agus (69) den Rialachán seo, ina bhfuil na forálacha maidir le tabhairt isteach na gceanglas cistí dílse nua maidir le priacal margaidh, ón 28 Meitheamh 2023.
7. Beidh feidhm ag pointe (18) d'Airteagal 1 den Rialachán seo,a mhéid a bhaineann le pointe (b) d'Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ina bhfuil an fhoráil maidir le díolúine ó asbhaintí sócmhainní bogearraí atá luacháilte go stuama, ó 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil rialála dá dtagraítear in Airteagal 36(4)de Rialachán (AE ) Uimh. 575/2013
8. Beidh feidhm chúlghabhálach ag pointe (126) d'Airteagal 1 den Rialachán seo, ina bhfuil na forálacha maidir le díolúintí ó asbhaintí gabháltas cothromais, ón 1 Eanáir 2019.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Bealtaine 2019.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. CIAMBA
(1) IO L 34, 31.1.2018, lch. 5.
(2) IO L 209, 30.6.2017, lch. 36.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Bealtaine 2019.
(4) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(5) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(6) IO L 50, 9.2.2018, lch. 80.
(7) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
(8) Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus do réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).
(9) Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).
(10) Treoir 2010/76/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena leasaítear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE a mhéid a bhaineann le ceanglais chaipitil maidir leis an leabhar trádála agus athurrúsuithe agus i dtaca leis an athbhreithniú maoirseachta ar bheartais aisíocaíochta (IO L 329, 14.12.2010, lch 3).
(11) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(12) Rialachán (AE) uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1).
(13) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(14) Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:
|
(1) |
i bpointe 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):
|
|
(2) |
i bpointe 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):
|
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:
|