|
29.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 335/112 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726, Rialachán (AE) 2018/1862 agus Rialachán (AE) 2019/816
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 135 an 22 Bealtaine 2019 )
|
1. |
Ar leathanach 99, in Airteagal 7(1) Article 7(1), sa chéád fhomhír: |
in ionad:
“1. Beidh úsáid ESP forchoimeádta do na húdaráis sna Ballstáit agus do na gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a bhfuil rochtain acu ar cheann amháin ar a laghad de na córais faisnéise AE i gcomhréir leis na hionstraimí dlí lena rialaítear na córais faisnéise AE, ar CIR, agus ar MID i gcomhréir leis an Rialachán seo, ar shonraí Europol i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794 nó ar bhunachair sonraí Interpol i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta lena riailítear an rochtain sin.”,
léitear:
“1. Beidh úsáid ESP forchoimeádta do na húdaráis sna Ballstáit agus do na gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a bhfuil rochtain acu ar cheann amháin ar a laghad de na córais faisnéise AE i gcomhréir leis na hionstraimí dlí lena rialaítear na córais faisnéise AE, ar CIR, agus ar MID i gcomhréir leis an Rialachán seo, ar shonraí Europol i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794 nó ar bhunachair sonraí Interpol i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta lena riailítear an rochtain sin.”.
|
2. |
Ar leathanach 100, in Airteagal 7(3): |
in ionad:
“3. Féadfaidh na húdaráis sna Ballstáit dá dtagraítear i mír 1 ESP a úsáid chun sonraí a bhaineann le daoine nó a ndoiciméid taistil a chuardach in SIS Láir dá dtagraítear i Rialacháin (AE) 2018/1860 agus (AE) 2018/1861.”,
léitear:
“3. Féadfaidh na húdaráis sna Ballstáit dá dtagraítear i mír 1 ESP a úsáid chun sonraí a bhaineann le daoine nó a ndoiciméid taistil a chuardach in SIS Láir dá dtagraítear i Rialacháin (AE) 2018/1862.”.