27.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

39


RIALACHÁN (AE) 2019/501 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Márta 2019

maidir le rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear nascacht bhunúsach an iompair lasta de bhóthar agus an iompair paisinéirí de bhóthar i dtaca le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Márta 2017, thíolaic an Ríocht Aontaithe an fógra á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (“CAE”). Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta teacht i bhfeidhm comhaontaithe um tharraingt siar nó, ina éagmais sin, 2 bhliain tar éis an fhógra sin, eadhon ón 30 Márta 2019, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.

(2)

In éagmais aon fhorálacha speisialta, chuirfeadh tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas deireadh leis na cearta agus na hoibleagáidí uile a thagann as dlí an Aontais maidir le rochtain ar an margadh, mar a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 (3) agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann sin leis an gcaidreamh idir an Ríocht Aontaithe agus na 27 mBallstát eile.

(3)

Is é córas cuótaí iltaobhaobach Chomhdháil Eorpach na nAirí Iompair (ECMT) an t-aon chreat dlíthiúil eile ar a bhfeadfaí iompar earraí de bhóthar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a bhunú tar éis dháta na tarraingthe siar. Mar sin féin, i ngeall ar an líon teoranta ceadanna atá ar fáil faoi chóras ECMT faoi láthair agus ar an raon feidhme teoranta atá aige i dtaobh na gcineálacha oibríochtaí iompair de bhóthar a chumhdaítear, níl an acmhainn sa chóras faoi láthair chun aghaidh iomlán a thabhairt ar na riachtanais iompair lasta de bhóthar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.

(4)

Chun cur isteach tromchúiseach a d'fhéadfadh a bheith ann dá bharr a chosc, lena n-áirítear i dtaca leis an ord poiblí, is gá sraith de bhearta sealadacha a bhunú lena gcuirfear ar chumas oibreoirí tarlaithe de bhóthar agus oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus atá ceadúnaithe sa Ríocht Aontaithe earraí agus paisinéirí a iompar de bhóthar idir críoch na Ríochta Aontaithe agus na seacht mBallstát is fiche eile nó ó chríoch na Ríochta Aontaithe go críoch na Ríochta Aontaithe le hidirthuras trí Bhallstát amháin nó níos mó. Chun cothromaíocht chuí a áirithiú idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit eile, níor cheart na cearta a thabharfaí ar an gcaoi sin a thabhairt ach amháin ar choinníoll go dtabharfaí cearta coibhéiseacha agus ba cheart iad a bheith faoi réir coinníollacha áirithe lena n-áiritheofaí iomaíocht chóir.

(5)

Maidir le raon feidhme críochach an Rialacháin seo, ní áirítear Giobráltar ann, agus maidir le haon tagairt don Ríocht Aontaithe ann, ní áirítear Giobráltar ann.

(6)

Is ceann de mhórghníomhartha bunúsacha an mhargaidh inmheánaigh é an ceart chun oibríochtaí iompair a chur i gcrích laistigh de chríoch Ballstáit nó idir Ballstáit agus níor cheart, i ndiaidh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus in éagmais aon fhoráil shainráite dá mhalairt, é a bheith ar fáil a thuilleadh d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe nach bhfuil bunaithe san Aontas. Chun cur isteach tobann díreach i ndiaidh na tarraingthe siar sin a mhaolú, áfach, lena n-áirítear cur isteach ó thaobh an oird phoiblí de, ba cheart bearta sealadacha céimnithe amach a bheartú chun cead a thabhairt d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe líon teoranta oibríochtaí breise a dhéanamh laistigh de chríoch an Aontais i gcomhthéacs na n-oibríochtaí idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas. Tar éis tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas gan comhaontú um tharraingt siar, ba cheart go gcabhródh bearta den sórt sin le cur isteach ar shreabha tráchta a chosc, a mheastar gur féidir a bheith ag súil leo de thoradh ar rialuithe breise feithiclí agus a gcuid lasta, agus bagairtí ar ord poiblí ina dhiaidh sin. Ba cheart dóibh cuidiú, go háirithe, le maolú ar an mbrú ag na pointí teorann ar beag an líon díobh agus arb iad is dóichí go mbeadh cur isteach den sórt sin i gceist leo, toisc nach gá do na feithiclí filleadh láithreach. Ba cheart dóibh a bheith comhréireach, níor cheart dóibh a bheith ina macasamhail de na cearta atá ag oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais faoi rialacha an mhargaidh inmheánaigh agus ba cheart deireadh a chur leo de réir a chéile i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(7)

In éagmais aon fhorálacha speisialta, bheadh cur isteach tromchúiseach ina thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, lena n-áirítear ó thaobh an oird phoiblí de, i gcomhthéacs seirbhísí iompair paisinéirí de bhóthar. Is é an Comhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Paisinéirí de Bhóthar trí Sheirbhísí Ócáideacha Cóiste agus Bus (5) (“Comhaontú Interbus”) an t-aon chreat dlíthiúil eile lena soláthraítear bonn i gcomhair paisinéirí a iompar ar bhus nó ar chóiste idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe tar éis dháta na tarraingthe siar. Tiocfaidh an Ríocht Aontaithe chun bheith ina Páirtí Conarthach í féin i gComhaontú Interbus ón 1 Aibreán 2019. Ní chumhdaítear i gComhaontú Interbus, áfach, ach seirbhísí ócáideacha agus, dá bhrí sin, ní leor é chun aghaidh a thabhairt ar an gcur isteach a eascróidh as an tarraingt siar i bhfianaise an lín aird daoine a bheadh ag iarraidh taisteal a dhéanamh fós idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Rinne Páirtithe Conarthacha Chomhaontú Interbus prótacal a rialaíonn seirbhísí iompair do phaisinéirí agus a ghabhann leis an gComhaontú a chaibidliú, ach níltear ag súil leis go dtiocfaidh sé i bhfeidhm in am chun réiteach malartach inmharthana a sholáthar ar an staid atá ann faoi láthair don tréimhse go díreach i ndiaidh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe. Dá bhrí sin, le haghaidh seirbhísí rialta agus seirbhísí rialta speisialta iompair paisinéirí ar bhus agus ar chóiste, ní thugtar aghaidh leis na hionstraimí atá ann faoi láthair ar riachtanais an iompair paisinéirí de bhóthar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Chun maolú a dhéanamh ar an gcur isteach mór a d'fhéadfadh a bheith ann dá bharr agus a d'fhéadfadh an t-ord poiblí a chur i mbaol, is iomchuí, dá bhrí sin, cead a thabhairt d'iompróirí na Ríochta Aontaithe paisinéirí a iompar ón Ríocht Aontaithe go dtí an tAontas agus vice versa ar choinníoll go ndeonódh an Ríocht Aontaithe cearta coibhéiseacha ar a laghad d'iompróirí AE. Ba cheart na cearta sin a dheonaítear faoin Rialachán seo a bheith teoranta do thréimhse ama ghearr, chun ligean don Phrótacal a ghabhann le Comhaontú Interbus maidir le seirbhísí rialta teacht i bhfeidhm agus don Ríocht Aontaithe aontú don Phrótacal sin.

Tá tábhacht ar leith ag baint le seirbhísí trasteorann cóiste agus bus idir Éire agus Tuaisceart Éireann do na pobail a bhfuil cónaí orthu i réigiúin na teorann, d'fhonn nascacht bhunúsach a áirithiú idir pobail, inter alia, mar chuid den Chomhlimistéar Taistil. Trí phaisinéirí a bhailiú agus a scaoileadh amach i réigiúin ar an dá thaobh den teorainn, tacaítear le hinmharthanacht na seirbhísí sin. Dá bhrí sin, ba cheart bailiú agus scaoileadh amach paisinéirí ag oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe a údarú i gcónaí i réigiúin na teorann le linn seirbhísí iompair paisinéirí idirnáisiúnta ar chóiste agus ar bhus idir Éire agus Tuaisceart Éireann. Ba cheart na cearta sin a dheonú ar feadh tréimhse theoranta ama (go dtí an 30 Meán Fómhair 2019) ionas gur féidir socruithe malartacha a chur i bhfeidhm.

(8)

Ós rud é gur bearta sealadacha a bheidh sna bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ach fós gan fasach a bhunú, ba cheart iad a theorannú do thréimhse ama ghearr. Ó thaobh oibríochtaí tarlaithe de bhóthar de, is ann don teorainn ama mar gheall ar na socruithe a d'fhéadfaí a dhéanamh chun nascacht bhunúsach a dhéanamh i gcóras ECMT, agus gan dochar d'aon chomhaontú a d'fhéadfaí a chaibidliú agus freisin a d'fhéadfadh teacht i bhfeidhm amach anseo lena gcumhdófaí iompar earraí de bhóthar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe agus do rialacha a bheidh ag an Aontas amach anseo maidir le hiompar. Ó thaobh iompar paisinéirí ar bhus agus ar chóiste de, is ann don teorainn ama chun ligean don Phrótacal a ghabhann le Comhaontú Interbus maidir le seirbhísí rialta teacht i bhfeidhm agus don Ríocht Aontaithe aontú don Phrótacal sin, agus tá sé gan dochar d'aon chomhaontú a d'fheadfadh a bheith ann amach anseo maidir leis an ábhar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.

(9)

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(10)

Is ar bhonn práinne ar cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm, agus feidhm a bheith aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Comharthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe, mura rud é go mbeidh comhaontú um tharraingt siar, arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe, tagtha i bhfeidhm faoin dáta sin. Ba cheart go scoirfeadh an Rialachán seo, i gcás ar bith, d'fheidhm a bheith aige an 31 Nollaig 2019. Dá bhrí sin, scoirfidh an tAontas den inniúlacht a fheidhmítear tríd an Rialachán seo a fheidhmiú tar éis an dáta sin. Gan dochar do bhearta eile de chuid an Aontais, agus faoi réir chomhlíonadh na mbeart sin, déanfaidh na Ballstáit an inniúlacht sin a fheidhmiú arís, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) CFAE, i ndiaidh an dáta sin. Tá inniúlachtaí an Aontais agus na mBallstát faoi seach i leith comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích i réimse an iompair de bhóthar le cinneadh i gcomhréir leis na Conarthaí, agus reachtaíocht ábhartha an Aontais á cur san áireamh.

(11)

Más gá, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais an mhargaidh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”) a tharmligean don Choimisiúin, chun go dtabharfar ar ais an choibhéis idir na cearta arna ndeonú ag an Aontas d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe chomh maith le hoibreoirí seirbhísí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe agus na cearta arna ndeonú ag an Ríocht Aontaithe d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais agus d'oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus an Aontais, lena n-áirítear sa chás ina ndéantar na cearta arna ndeonú ag an Ríocht Aontaithe a dheonú ar bhonn an Bhallstáit tionscnaimh nó ar bhonn eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn cothrom d'oibreoirí uile an Aontais, agus chun cásanna d'iomaíocht éagóracha a dhéanfadh dochar d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais agus oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus an Aontais a réiteach.

(12)

Leis na gníomhartha tarimligthe, ba cheart prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh, agus ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh a dtéarmaí i gcomhréir leis na fadhbanna a thiocfadh chun cinn tríd an mainneachtain cearta coibhéiseacha a dheonú nó trí dhálaí iomaíochta éagóracha. Níor cheart don Choimisiún a bheartú cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur ar fionraí ach amháin sna cásanna is déine, i gcás nach ndéanfadh an Ríocht Aontaithe aon chearta coibhéiseacha ar chor ar bith a dheonú d'oibreoirí tarlaithe de bhóthair an Aontais nó d'oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus an Aontais nó i gcás inarbh fhíorbheag na cearta a dheonófaí, nó i gcás ina mbeadh an méid sin de dhifríocht idir na dálaí iomaíochta d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe nó oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe agus na dálaí iomaíochta d'oibreoirí an Aontais agus go bhfágfadh sé nach mbeadh soláthar na seirbhísí atá i gceist ag oibreoirí an Aontais inmharthana dóibh ó thaobh na heacnamaíochta de.

(13)

Agus na gníomhartha tarmligthe á nglacadh aige, tá sé tábhachtach go háirithe go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (6). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. Ba cheart a áirithiú nach ndéanfaidh aon ghníomh tarmligthe den chineál sin dochar míchuí d'fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

(14)

Chun a áirithiú go bhfuil cearta arna ndeonú ag an Ríocht Aontaithe d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais agus d'oibritheoirí seirbhísí cóiste agus bus an Aontais agus ar coibhéiseach iad leis na cearta sin arna ndeonú leis an Rialachán seo d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe agus d'oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe ar fáil ar bhonn comhionann d'oibreoirí uile an Aontais, ba cheart raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 a leathnú amach ar bhonn sealadach. Leis na Rialacháin sin, cumhdaítear cheana féin an chuid den turas idir Ballstát agus tríú tír a dhéantar ar chríoch aon Bhallstáit a thrasnaítear le linn an idirthurais. Ní mór, áfach, a áirithiú, i gcás den sórt sin, go bhfuil feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 chomh maith maidir leis an gcuid den turas ar chríoch an Bhallstáit ina ndéantar lódáil nó dílódáil, agus go bhfuil feidhm ag Rialachán Uimh. 1073/2009 maidir leis an gcuid den turas ar chríoch an Bhallstáit ina ndéantar paisinéirí a bhailiú nó a scaoileadh amach. Is é is aidhm leis an leathnú amach sin ná a áirithiú gur féidir le hoibreoirí an Aontais oibríochtaí trastrádála a dhéanamh go dtí an Ríocht Aontaithe nó uaithi, chomh maith le stadanna breise nuair a bhíonn iompar paisinéirí á oibriú acu,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon feidhme

Leagtar síos leis an Rialachán seo bearta sealadacha lena rialaítear iompar earraí de bhóthar chomh maith le soláthar seirbhísí rialta agus seirbhísí rialta speisialta iompair paisinéirí ar chóiste agus ar bhus idir an tAontas agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) tar éis di tarraingt siar as an Aontas.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “feithicil”, ó thaobh iompar earraí de, mótarfheithicil atá cláraithe sa Ríocht Aontaithe, nó cónasc feithiclí cúpláilte dá bhfuil an mhótarfheithicil féin ar a laghad cláraithe sa Ríocht Aontaithe, as a mbaintear úsáid go heisiach le haghaidh iompar earraí. Féadfaidh sé gur leis an ngnóthas an fheithicil, gur cheannaigh sé í faoi théarmaí iarchurtha nó go bhfuil sé fruilithe aige, ar choinníoll, sa chás sin, go gcomhlíontar léi na coinníollacha a leagtar amach i dTreoir 2006/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus ó thaobh iompar paisinéirí de, ciallaíonn “feithicil” bus nó cóiste;

(2)

ciallaíonn “iompar ceadaithe earraí”:

(a)

turas ualaithe arna dhéanamh ag feithicil ó chríoch an Aontais go críoch na Ríochta Aontaithe nó vice versa, le hidirthuras nó gan idirthuras trí Bhallstát nó tríú tír amháin nó níos mó;

(b)

i ndiaidh turas ualaithe ó chríoch na Ríochta Aontaithe a chumhdaítear le pointe (a) den phointe seo, déanamh, laistigh de seacht lá ón dílódáil laistigh de chríoch an Aontais, suas le dhá oibríocht bhreise lódála agus dílódála laistigh de chríoch an Aontais ar feadh tréimhse ceithre mhí ón gcéad lá den iarratas a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 12, agus déanamh oibríochta amháin laistigh de seacht lá ón díluchtú laistigh de chríoch an Aontais, le linn thréimhse trí mhí ina dhiaidh sin;

(c)

turas ualaithe arna dhéanamh ag feithicil ó chríoch na Ríochta Aontaithe go críoch na Ríochta Aontaithe le hidirthuras trí chríoch an Aontais;

(d)

turas neamhualaithe i gcomhar le hiompar dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c);

(3)

ciallaíonn “iompar ceadaithe paisinéirí ar chóiste agus ar bhus”:

(a)

turas arna dhéanamh ag bus nó cóiste chun iompar paisinéirí a sholáthar ó chríoch an Aontais go críoch na Ríochta Aontaithe nó vice versa, le hidirthuras nó gan idirthuras trí Bhallstát nó tríú tír amháin nó níos mó;

(b)

turas arna dhéanamh ag bus nó cóiste ó chríoch na Ríochta Aontaithe go críoch na Ríochta Aontaithe le hidirthuras trí chríoch an Aontais;

(c)

turas gan paisinéirí a iompar i gcomhar le hiompar dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b);

(d)

bailiú agus scaoileadh amach paisinéirí i réigiún teorann na hÉireann le linn seirbhísí idirnáisiúnta rialta agus seirbhísí idirnáisiúnta rialta speisialta idir Éire agus Tuaisceart Éireann, go dtí an 30 Meán Fómhair 2019;

(4)

ciallaíonn “réigiún teorann na hÉireann” contaetha na hÉireann atá taobh leis an teorainn talún idir Éire agus Tuaisceart Éireann;

(5)

ciallaíonn “oibreoir tarlaithe de bhóthar an Aontais” gnóthas a iompraíonn earraí de bhóthar agus a bhfuil ceadúnas bailí Comhphobail aige i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009;

(6)

ciallaíonn “oibreoir tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe” gnóthas arna bhunú sa Ríocht Aontaithe dá gceadaítear earraí a iompar de bhóthar agus a bhfuil ceadúnas bailí de chuid na Ríochta Aontaithe aige;

(7)

ciallaíonn “ceadúnas na Ríochta Aontaithe”, i gcás ina n-eisítear é d'oibreoir tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe, ceadúnas a eisíonn an Ríocht Aontaithe chun críocha an iompair idirnáisiúnta, i dtaca le hiompar ceadaithe earraí de. I gcás ina n-eisítear é d'oibreoir seirbhísí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe, ciallaíonn “ceadúnas na Ríochta Aontaithe” ceadúnas arna eisiúint ag an Ríocht Aontaithe chun críocha iompar idirnáisiúnta i dtaca le hiompar ceadaithe paisinéirí ar chóiste agus ar bhus;

(8)

ciallaíonn “bus nó cóiste” feithicil atá cláraithe sa Ríocht Aontaithe, atá oiriúnach agus ceaptha, de thairbhe a tógála agus a trealaimh, chun níos mó ná naonúr paisinéirí a iompar agus an tiománaí á chur san áireamh;

(9)

ciallaíonn “seirbhísí rialta” seirbhísí lena ndéantar foráil d'iompar paisinéirí ag eatraimh shonraithe feadh bealaí a shonraítear, lena mbailítear na paisinéirí agus lena scaoiltear amach iad ag pointí stad réamhshocraithe;

(10)

ciallaíonn “seirbhísí rialta speisialta” seirbhísí rialta, is cuma cé a eagraíonn iad, lena ndéantar foráil do chatagóirí sonraithe paisinéirí a iompar, agus paisinéirí nach iad á n-eisiamh;

(11)

ciallaíonn “oibreoir seirbhíse cóiste nó bus de chuid an Aontais” gnóthas a iompraíonn paisinéirí ar chóiste agus ar bhus a bhfuil ceadúnas bailí Comhphobail aige i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009;

(12)

ciallaíonn “oibreoir seirbhíse cóiste nó bus de chuid na Ríochta Aontaithe” gnóthas arna bhunú sa Ríocht Aontaithe atá údaraithe chun paisinéirí a iompar ar chóiste nó ar bhus a bhfuil ceadúnas bailí na Ríochta Aontaithe aige;

(13)

ciallaíonn “oibreoir” oibreoir tarlaithe de bhóthar nó oibreoir seirbhíse cóiste nó bus;

(14)

ciallaíonn “dlí na hiomaíochta” aon dlí maidir leis an iompraíocht seo a leanas, i gcás ina bhfeadfadh sé difear a dhéanamh do sheirbhísí iompair lasta de bhóthar nó do sheirbhísí cóiste agus bus:

(a)

Iompraíocht arb é atá ann:

(i)

comhaontuithe idir oibreoirí tarlaithe de bhóthar nó oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus, faoi seach, cinntí a dhéanann comhlachtaí oibreoirí tarlaithe de bhóthar nó oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus, agus cleachtais chomhbheartaithe a bhfuil sé mar aidhm acu an t-iomaíochas a chosc, a shrianadh, nó a shaobhadh;

(ii)

mí-úsáid arna baint as ceannasacht ag oibreoir tarlaithe de bhóthar nó oibreoir seirbhísí cóiste agus bus amháin nó níos mó;

(iii)

bearta a dhéanann nó a choinníonn an Ríocht Aontaithe i bhfeidhm i gcás gnóthais phoiblí agus gnóthais dá dtugann an Ríocht Aontaithe cearta speisialta nó eisiacha atá contrártha le pointe (i) nó (ii); agus

(b)

comhchruinnithe idir oibreoirí tarlaithe de bhóthar nó oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus, faoi seach, a chuireann isteach go mór ar an iomaíochas, go háirithe de bharr suíomh ceannasach a bheith cruthaithe nó neartaithe acu;

(15)

ciallaíonn “fóirdheontas” aon ranníocaíocht airgeadais a mbaineann sochar leis, a dheonaíonn an rialtas nó aon chomhlacht poiblí eile ar leibhéal ar bith d'oibreoir lena n-áirítear:

(a)

aistriú díreach cistí, amhail deontais, iasachtaí nó insileadh cothromais, aistriú díreach féideartha cistí, agus glacadh dliteanas amhail ráthaíochtaí iasachta, instealltaí caipitil, úinéireacht, cosaint i gcoinne féimheachta nó árachas;

(b)

ioncam atá dlite ar aon slí eile a ligean thar ceal nó gan é a bhailiú;

(c)

earraí nó seirbhísí cé is moite de bhonneagar ginearálta a sholáthar, nó earraí nó seirbhísí a cheannach; nó

(d)

íocaíochtaí a dhéanamh le sásra maoiniúcháin nó iad a chur ar iontaoibh nó a threorú chuig comhlacht príobháideach chun ceann amháin nó níos mó de na feidhmeanna dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) a dhéanamh, feidhmeanna a mbeadh ar an rialtas nó ar chomhlacht poiblí iad a dhéanamh de ghnáth, agus i gcás gur beag difear atá idir an cleachtas sin agus na cleachtais a dhéanann rialtais de ghnáth.

Ní mheastar go mbaineann aon sochar le rannaíocht airgeadais a dhéanann rialtas nó comhlacht poiblí eile, más rud é go bhféadfadh sé go mbeadh an ranníocaíocht airgeadais chéanna déanta ag oibreoir sa mhargadh príobháideach agus é dírithe ar fhéidearthachtaí brabúis amháin, agus a bheadh déanta sa chás céanna ag an gcomhlacht poiblí atá i gceist;

(16)

ciallaíonn “údarás neamhspleách iomaíochta” údarás atá i gceannas ar dhlí na hiomaíochta a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú, agus ar na fóirdheontais a rialú, arb údarás é a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá an t-údarás neamhspleách ó thaobh oibríochta de agus tá na hacmhainní is gá aige chun a chuid cúraimí a dhéanamh;

(b)

agus a dhualgais á ndéanamh agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige, tá ag an údarás an ráthaíocht is gá maidir le neamhspleáchas ar aon tionchar polaitiúil nó ar aon tionchar seachtrach eile, agus gníomhaíonn sé go neamhchlaonta; agus

(c)

tá na cinntí a dhéanann an t-údarás faoi réir athbhreithniú breithiúnach;

(17)

ciallaíonn “idirdhealú” aon chineál difreála a dhéantar gan údar oibiachtúil i dtaca le hearraí agus seirbhísí, lena n-áirítear seirbhísí poiblí, a sholáthar i gcás oibríocht seirbhísí iompair lasta de bhóthar nó seirbhísí cóiste agus bus, nó i dtaca leis an gcaoi a gcaitheann na húdaráis phoiblí is ábhartha maidir leis na seirbhísí sin leo;

(18)

ciallaíonn “críoch an Aontais” an chríoch sin de chuid na mBallstát a bhfuil feidhm ag CAE agus ag CFAE maidir léi, faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí sin.

Airteagal 3

An ceart chun iompar ceadaithe earraí a dhéanamh

1.   Féadfaidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe an t-iompar ceadaithe earraí a dhéanamh, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

2.   Féadfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe iompar ceadaithe earraí den chineál seo a leanas a dhéanamh, gan ceadúnas na Ríochta Aontaithe, de réir bhrí Airteagal 2(7), a bheith de dhíth:

(a)

iompar poist mar sheirbhís uilíoch;

(b)

iompar feithiclí a ndearnadh damáiste dóibh nó a chlis;

(c)

iompar earraí i mótarfheithiclí nach dtéann a mais ualaithe ceadaithe, lena n-áirítear leantóirí, thar 3,5 tona;

(d)

iompar táirgí leighis, gaireas, trealamh agus earraí eile a bhíonn de dhíth le haghaidh cóir leighis i gcás faoiseamh éigeandála, go háirithe i gcás tubaistí nádúrtha;

(e)

iompar earraí, ar choinníoll:

(i)

gur leis an ngnóthas na hearraí arna n-iompar nó gurb é an gnóthas a dhíol, a cheannaigh, a lig amach ar fruiliú nó a d'fhruiligh, a chuir ar fáil, a bhain, a phróiseáil nó a dheisigh iad;

(ii)

gurb é cuspóir an turais earraí a iompar go dtí an gnóthas agus ón ngnóthas nó iad a bhogadh laistigh den ghnóthas nó taobh amuigh de ar mhaithe lena riachtanais féin;

(iii)

gur pearsanra atá fostaithe ag an ngnóthas nó a chuirtear ar fáil don ghnóthas faoi oibleagáid chonarthach a thiomáinfidh na mótarfheithiclí a úsáidtear le haghaidh iompar den sórt sin;

(iv)

gur leis an ngnóthas na feithiclí a iompraíonn na hearraí nó gurb é an gnóthas a cheannaigh iad faoi théarmaí iarchurtha nó go bhfuil siad fruilithe aige ar choinníoll, sa chás sin, go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach i dTreoir 2006/1/CE; agus

(v)

níl san iompar sin ach gníomh coimhdeach i dtaca le mórghníomhaíochtaí an ghnóthais.

Airteagal 4

An ceart chun seirbhísí rialta agus seirbhísí rialta speisialta cóiste agus bus a dhéanamh

1.   Féadfaidh oibreoirí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, iompar ceadaithe paisinéirí ar chóiste agus ar bhus a dhéanamh arb é atá iontu ná seirbhísí rialta agus seirbhísí rialta speisialta.

2.   Ní mór d'oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe údarú a bheith acu arna eisiúint roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 6 go hAirteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 chun seirbhísí rialta agus seirbhísí rialta speisialta cóiste agus bus a dhéanamh ar fruiliú agus ar luach saothair.

3.   Féadfar leanúint de na húdaruithe atá bailí fós faoi mhír 2 den Airteagal seo a úsáid fós chun na gcríoch a shainítear i mír 1 den Airteagal seo más rud é gur athnuadh iad faoi na téarmaí agus coinníollacha céanna, nó gur athraíodh iad ó thaobh stadanna, táillí nó sceidil, agus faoi réir rialacha agus nósanna imeachta Airteagal 6 go hAirteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 i gcomhair tréimhse bhailíochta nach rachaidh thar an 31 Nollaig 2019.

4.   Féadfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe iompar ceadaithe paisinéirí ar chóiste agus ar bhus a dhéanamh chun críocha neamhthráchtála agus neamhbhrabúis, gan ceadúnas na Ríochta Aontaithe, de réir bhrí Airteagal 2(5), a bheith de dhíth sna cásanna seo a leanas:

(a)

níl sa ghníomhaíocht iompair ach gníomhaíocht choimhdeach don duine nádúrtha nó dlítheanach sin; agus

(b)

is maoin an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh sin na feithiclí a mbaintear úsáid astu nó tá siad faighte ag an duine sin ar théarmaí iarchurtha nó tá conradh fadtéarmach léasaithe ann do na feithiclí agus tá siad á dtiomáint ag duine d'fhoireann an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh, ag an duine nádúrtha é féin, nó ag comhaltaí foirne arna bhfostú ag an ngnóthas nó a chuirtear ar fáil don ghnóthas faoi oibleagáid chonarthach.

Beidh na hoibríochtaí iompair sin díolmhaithe ó aon chóras um údarú laistigh den Aontas, ar choinníoll go bhfuil ag an duine a bhfuil an ghníomhaíocht á déanamh aige údarú náisiúnta arna eisiúint roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009.

5.   Ní dhéanfaidh athrú feithicle ná briseadh iompair chun cuid den turas a dhéanamh trí mheán eile iompair difear do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 5

Comhaontuithe agus socruithe déthaobhacha

Ní dhéanfaidh na Ballstáit caibidlíocht ná ní thabharfaidh siad aon chomhaontú déthaobhach ná aon socrú i gcrích leis an Ríocht Aontaithe maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo i dtaca leis an tréimhse a mbeidh feidhm ag an Rialachán seo lena linn. Ó thaobh na tréimhse sin de, ní dheonóidh siad aon cheart eile d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe nó d'oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe seachas na cearta a dheonaítear leis an Rialachán seo, gan dochar do na comhaontuithe iltaobhacha atá ann cheana.

Airteagal 6

Rialacha sóisialta agus teicniúla

Le linn iompar ceadaithe earraí nó paisinéirí ar chóiste nó ar bhus a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo, comhlíonfar na rialacha seo a leanas:

(a)

maidir le hoibrithe soghluaiste agus tiománaithe féinfhostaithe, na ceanglais a leagann na Ballstáit síos i gcomhréir le Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8);

(b)

maidir le reachtaíocht shóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar, ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9);

(c)

maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10);

(d)

maidir le cáiliú tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil tiománaithe, na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11);

(e)

maidir le toisí údaraithe uasta agus meáchain údaraithe uasta feithiclí áirithe bóthair, na ceanglais a leagann na Ballstáit síos i gcomhréir le Treoir 96/53/CE ón gComhairle (12);

(f)

maidir le feistí teorannaithe luais a shuiteáil agus a úsáid le haghaidh aicmí áirithe mótarfheithiclí, na ceanglais a leagann na Ballstáit síos i gcomhréir le Treoir 92/6/CE ón gComhairle (13);

(g)

maidir le húsáid éigeantach criosanna sábhála agus córas srianta linbh i bhfeithiclí, na ceanglais a leagann na Ballstáit síos i gcomhréir le Treoir 91/671/CEE ón gComhairle (14);

(h)

maidir le hoibrithe a phostú, na ceanglais a leagann na Ballstáit síos i gcomhréir le Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15);

(i)

maidir le cearta paisinéirí, Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16).

Airteagal 7

Coibhéis maidir le cearta

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na cearta arna ndeonú ag an Ríocht Aontaithe d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais agus d'oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus an Aontais agus ar na coinníollacha a bhaineann lena bhfeidhmiú.

2.   I gcás ina gcinnfidh sé nach bhfuil na cearta a bheidh deonaithe ag an Ríocht Aontaithe d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais nó d'oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus an Aontais coibhéiseach, de jurede facto, leis na cearta a dheonaítear d'oibreoirí na Ríochta Aontaithe faoin Rialachán seo, nó nach bhfuil na cearta sin ar fáil ar bhonn comhionann d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar uile an Aontais nó d'oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus an Aontais, déanfaidh an Coimisiún, gan mhoill agus d'fhonn an choibhéis a athbhunú, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

cur i bhfeidhm Airteagal 3(1) agus (2) nó Airteagal 4(1) go (4) den Rialachán seo a chur ar fionraí sa chás nach ndeonaítear aon chearta coibhéiseacha d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais nó inar fíorbheag na cearta a dheonaítear;

(b)

teorainneacha a bhunú a bheidh le cur ar an toilleadh incheadaithe atá ar fáil d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe nó d'oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe nó a bheith le cur ar an líon turas, nó ar an dá cheann; nó

(c)

srianta oibríochtúla a ghlacadh maidir leis na cineálacha feithiclí nó leis na coinníollacha cúrsaíochta.

Airteagal 8

Iomaíocht chóir

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na coinníollacha faoina mbíonn oibreoirí an Aontais in iomaíocht le hoibreoirí na Ríochta Aontaithe i dtaca le soláthar na seirbhísí iompair lasta de bhóthar agus na seirbhísí cóiste agus bus a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

2.   I gcás ina gcinnfidh sé, mar gheall ar aon cheann de na cásanna dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo go suntasach níos mífhabhraí ná na coinníollacha atá ag oibreoirí na Ríochta Aontaithe, déanfaidh an Coimisiún, gan mhoill agus d'fhonn an staid sin a réiteach, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

cur i bhfeidhm Airteagal 3(1) agus (2) nó Airteagal 4(1) go (4) a chur ar fionraí sa chás gur ann do dhifear chomh mór sin idir na dálaí iomaíochta d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe nó d'oibreoirí seirbhísí bus agus cóiste na Ríochta Aontaithe agus na dálaí iomaíochta d'oibreoirí an Aontais nach mbeadh sé inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de d'oibreoirí an Aontais seirbhísí a sholáthar;

(b)

teorainneacha a bhunú a bheidh le cur ar an toilleadh incheadaithe atá ar fáil d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe nó d'oibreoirí seirbhísí bus agus cóiste na Ríochta Aontaithe, nó a bheidh le cur ar an líon turas, nó ar an dá cheann; nó

(c)

srianta oibríochtúla a ghlacadh maidir leis na cineálacha feithiclí nó leis na coinníollacha cúrsaíochta.

3.   Déanfar gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 a ghlacadh, faoi na coinníollacha a shonraítear sa mhír sin, chun na staideanna seo a leanas a réiteach:

(a)

fóirdheontais arna ndeonú ag an Ríocht Aontaithe;

(b)

gan dlí na hiomaíochta a bheith i bhfeidhm ná á chur i bhfeidhm go héifeachtach ag an Ríocht Aontaithe;

(c)

gan údarás iomaíochta neamhspleách a bheith curtha ar bun ná á choimeád ag an Ríocht Aontaithe;

(d)

caighdeáin maidir le cosaint oibrithe, sábháilteacht, slándáil, nó an comhshaol atá níos laige ná na caighdeáin a leagtar síos i ndlí an Aontais a bheith á gcur i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe, nó in éagmais forálacha ábhartha i ndlí an Aontais, caighdeáin atá níos laige ná na caighdeáin a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit uile nó, i gcás ar bith, níos laige ná na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha;

(e)

caighdeáin a bheith á gcur i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe maidir le ceadúnais a dheonú d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar nó d'oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus ar caighdeáin níos laige iad ná na caighdeáin a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 (17);

(f)

caighdeáin a bheith á gcur i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe maidir le cáiliú agus oiliúint tiománaithe gairmiúla ar caighdeáin níos laige iad ná na caighdeáin a leagtar síos i dTreoir 2003/59/CE;

(g)

muirearú bóthar agus rialacha cánachais a bheith á gcur i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe, atá éagsúil leis na rialacha a leagtar síos i dTreoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18); agus

(h)

aon chineál idirdhealaithe i gcoinne oibreoirí an Aontais.

4.   Chun críocha mhír 1, féadfaidh an Coimisiún faisnéis a iarraidh ar údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, nó ar oibreoirí na Ríochta Aontaithe. I gcás nach gcuirfidh siad an fhaisnéis a iarradh ar fáil faoi cheann tréimhse ama réasúnta arna forordú ag an gCoimisiún, nó ina gcuirfidh siad faisnéis neamhiomlán ar fáil, féadfaidh an Coimisiún déanamh i gcomhréir le mír 2.

Airteagal 9

Síneadh le Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009

1.   I gcomhthéacs earraí a iompar idir críoch an Aontais agus críoch na Ríochta Aontaithe arna dhéanamh ag oibreoir tarlaithe de bhóthar de chuid an Aontais a bhraitheann ar chearta arna ndeonú ag an Ríocht Aontaithe, dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán seo, ar cearta coibhéiseacha iad leo sin a dheonaítear faoin Rialachán seo, beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 maidir leis an gcuid den turas ar chríoch an Bhallstáit ina ndéanfar an lódáil nó an dílódáil.

2.   I gcomhthéacs paisinéirí a iompar idir críoch an Aontais agus críoch na Ríochta Aontaithe arna dhéanamh ag oibreoir seirbhísí cóiste agus bus de chuid an Aontais a bhraitheann ar chearta arna ndeonú ag an Ríocht Aontaithe, dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán seo, ar cearta coibhéiseacha iad leo sin a dheonaítear faoin Rialachán seo, beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 maidir leis an gcuid den turas ar chríoch an Bhallstáit ina ndéanfar an bailiú nó an scaoileadh amach.

Airteagal 10

Comhairliúchán agus comhar

1.   Rachaidh údaráis inniúla na mBallstát i gcomhairle agus i gcomhar le húdaráis inniúla na Ríochta Aontaithe de réir mar is gá chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú.

2.   Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiúin, arna iarraidh sin orthu, gan aon mhoill mhíchuí, aon fhaisnéis a fhaightear de bhun mhír 1 den Airteagal seo nó aon fhaisnéis eile is ábhartha chun Airteagal 7 agus Airteagal 8 a chur chun feidhme.

Airteagal 11

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus Airteagal 8(2) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2019.

2.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh faoi Airteagal 7(2) nó Airteagal 8(2), rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

3.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE.

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo, áfach, má bhíonn comhaontú um tharraingt siar, arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) CAE, tagtha i bhfeidhm faoin dáta sin.

Scoirfidh an Rialachán seo d'fheidhm a bheith aige an 31 Nollaig 2019.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Márta 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  Tuairim an 20 Feabhra 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Márta 2019.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (IO L 300, 14.11.2009, lch. 72).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 (IO L 300, 14.11.2009, lch. 88).

(5)  IO L 321, 26.11.2002, lch. 13.

(6)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(7)  Treoir 2006/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le húsáid feithiclí arna bhfruiliú gan tiománaithe chun earraí a iompar de bhóthar (IO L 33, 4.2.2006, lch. 82).

(8)  Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 maidir le heagrú ama oibre daoine i mbun gníomhaíochtaí soghluaiste iompair ar bhóithre (IO L 80, 23.3.2002, lch. 35).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1).

(11)  Treoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le cáiliú tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil ar thiománaithe feithiclí bóthair áirithe a úsáidtear chun earraí agus paisinéirí a iompar, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle agus Treoir 91/439/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 76/914/CEE ón gComhairle (IO L 226, 10.9.2003, lch. 4).

(12)  Treoir 96/53/CE ón gComhairle an 25 Iúil 1996 lena leagtar síos toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus meáchan údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí bóthair áirithe ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (IO L 235, 17.9.1996, lch. 59).

(13)  Treoir 92/6/CEE ón gComhairle an 10 Feabhra 1992 maidir le feistí teorannaithe luais le haghaidh aicmí áirithe mótarfheithiclí sa Chomhphobal a shuiteáil agus a úsáid (IO L 57, 2.3.1992, lch. 27).

(14)  Treoir 91/671/CEE ón gComhairle an 16 Nollaig 1991 maidir le húsáid éigeantach criosanna sábhála agus córas srianta linbh i bhfeithiclí (IO L 373, 31.12.1991, lch. 26).

(15)  Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 55, 28.2.2011, lch. 1).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (IO L 300, 14.11.2009, lch. 51).

(18)  Treoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 1999 maidir le muirir ar úsáid bonneagar áirithe a ghearradh ar fheithiclí earraí troma (IO L 187, 20.7.1999, lch. 42).