27.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

35


RIALACHÁN (AE) 2019/500 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Márta 2019

lena mbunaítear bearta teagmhasacha i réimse chomhordú na slándála sóisialta tar éis tharraingt siar na Ríocht Aontaithe as an Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE agus maidir leis an Eilvéis)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 48 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Márta 2017, thíolaic an Ríocht Aontaithe an fógra á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta teacht i bhfeidhm comhaontaithe um tharraingt siar nó, ina éagmais sin, 2 bhliain tar éis an fhógra sin, eadhon ón 30 Márta 2019, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.

(2)

In éagmais comhaontú um tharraingt siar nó fadú ar an tréimhse 2 bhliain tar éis an fhógra ón Ríocht Aontaithe á rá go bhfuil sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas, scoirfidh rialacha an Aontais maidir le comhordú na slándála sóisialta dá bhforáiltear i Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004 (2) agus (CE) Uimh. 987/2009 (3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe ón 30 Márta 2019.

(3)

Mar thoradh air sin, maidir le daoine a bhain leas dlisteanach, ina gcáil mar shaoránaigh de chuid an Aontais, as an gceart chun saorghluaiseachta nó as an gceart chun na saoirse bunaíochta a chumhdaítear in Airteagal 45 agus Airteagal 49 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) roimh dháta tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, chomh maith le baill a dteaghlaigh agus marthanóirí, ní féidir leo brath a thuilleadh ar rialacha an Aontais maidir le comhordú na slándála sóisialta a mhéid a bhaineann lena dteidlíochtaí slándála sóisialta bunaithe ar na fíricí agus ar na himeachtaí a tharla, agus ar na tréimhsí árachais, tréimhsí fostaíochta, tréimhsí féinfhostaíochta nó na tréimhsí cónaithe a tugadh chun críche roimh dháta na tarraingthe siar agus lena raibh an Ríocht Aontaithe bainteach. Imreofar an tionchar céanna ar dhaoine gan stát agus ar dhídeanaithe atá nó a bhí faoi réir reachtaíocht de chuid Ballstáit amháin nó níos mó agus atá nó a bhí i staideanna lena mbaineann an Ríocht Aontaithe, chomh maith le baill a dteaghlaigh agus marthanóirí.

(4)

Chun an aidhm a bhaint amach teidlíochtaí slándála sóisialta na ndaoine lena mbaineann a chosaint, ba cheart do na Ballstáit leanúint de chur i bhfeidhm na bprionsabal um chóir chomhionann, asamhlú agus comhshuimiú de chuid an Aontais faoi mar a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009, anuas ar rialacha na Rialachán sin atá riachtanach chun éifeacht a thabhairt do na prionsabail sin, i dtaobh daoine arna gcumhdach, fíricí nó imeachtaí a tharla agus tréimhsí a tugadh chun críche roimh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas.

(5)

Ní dhéanann an Rialachán seo difear do na coinbhinsiúin agus na comhaontuithe slándála sóisialta atá ann cheana idir an Ríocht Aontaithe agus ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit atá i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009. Ní dochar an Rialachán seo don fhéidearthacht atá ag an Aontas nó ag na Ballstáit bearta a ghlacadh lena dtugtar aghaidh ar chomhar riaracháin agus ar an malartú faisnéise le hinstitiúidí inniúla sa Ríocht Aontaithe chun éifeacht a thabhairt do phrionsabail an Rialacháin seo. Thairis sin, ní dhéanann an Rialachán seo difear d'aon inniúlacht atá ag an Aontas ná ag na Ballstáit chun coinbhinsiúin agus comhaontuithe slándála sóisialta a thabhairt i gcrích le tríú tíortha nó leis an Ríocht Aontaithe a chumhdaíonn an tréimhse tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe.

(6)

Ní dhéanann an Rialachán seo difear d'aon chearta a fuarthas nó a bhí á bhfáil i gcomhréir le reachtaíocht Bhallstáit le linn na tréimhse roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tá comhar maith riachtanach le gur féidir cearta den sórt sin a chosaint agus seasamh leo. Tá sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil faisnéis iomchuí agus thráthúil ar fáil do na daoine lena mbaineann.

(7)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon cur i bhfeidhm aonfhoirmeach aontaobhach na bprionsabal slándála sóisialta um chóir chomhionann, asamhlú agus comhshuimiú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a bhfreagairt a chomhordú, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(8)

I bhfianaise, in éagmais comhaontú um tharraingt siar nó fadú ar an tréimhse 2 bhliain tar éis an fhógra ón Ríocht Aontaithe á rá go bhfuil sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas, go scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ón 30 Márta 2019, agus i bhfianaise an ghá atá ann deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, a ghabhann le CAE, le CFAE agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

(9)

Ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart dó feidhm a bheith aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe, mura mbeidh comhaontú um tharraingt siar leis an Ríocht Aontaithe tagtha i bhfeidhm faoin dáta sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009.

Airteagal 2

Daoine atá cumhdaithe

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na daoine seo a leanas:

(a)

náisiúnaigh de Bhallstát, daoine gan stát agus dídeanaithe atá nó a bhí faoi réir reachtaíocht Bhallstáit amháin nó níos mó agus atá nó a bhí i staid lena mbaineann an Ríocht Aontaithe roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, chomh maith le baill a dteaghlaigh agus marthanóirí;

(b)

náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe atá nó a bhí faoi réir reachtaíocht Bhallstáit amháin nó níos mó roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, chomh maith le baill a dteaghlaigh agus marthanóirí.

Airteagal 3

Ábhair a chumhdaítear

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le brainsí uile na slándála sóisialta dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004.

Airteagal 4

Cóir chomhionann

Beidh feidhm ag an bprionsabal um chóir chomhionann faoi mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo a mhéid a bhaineann le haon staid a tharla roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 5

Asamhlú agus comhshuimiú

1.   Beidh feidhm ag an bprionsabal um asamhlú faoi mar a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le tairbhí nó ioncam a fuarthas agus na fíricí nó na himeachtaí a tharla sa Ríocht Aontaithe roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   Beidh feidhm ag an bprionsabal um chomhshuimiú faoi mar a leagtar síos in Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le tréimhsí árachais, fostaíochta, féinfhostaíochta nó cónaithe sa Ríocht Aontaithe a tugadh chun críche roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.   Beidh feidhm ag aon fhoráil eile de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 atá riachtanach chun éifeacht a thabhairt do na prionsabail a leagtar síos faoi mhír 1 agus mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 6

Gaol le hionstraimí comhordaithe eile

1.   Ní dochar an Rialachán seo do na coinbhinsiúin agus na comhaontuithe slándála sóisialta atá ann cheana idir an Ríocht Aontaithe agus ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit atá i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009.

2.   Ní dochar an Rialachán seo do choinbhinsiúin agus comhaontuithe slándála sóisialta idir an Ríocht Aontaithe agus ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit arna dtabhairt i gcrích tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE agus a chumhdaíonn an tréimhse roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar choinníoll go dtugann na coinbhinsiúin agus na comhaontuithe sin éifeacht do na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 5(1) agus (2) den Rialachán seo, go gcuireann siad na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 5(3) den Rialachán seo i bhfeidhm, go bhfuil siad bunaithe ar phrionsabail Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, agus go bhfuil siad i gcomhréir le meon an Rialacháin sin.

Airteagal 7

Tuarascáil

Bliain amháin tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Tabharfaidh an tuarascáil sin, go háirithe, aghaidh ar fhadhbanna praiticiúla a thagann chun cinn do na daoine lena mbaineann, lena n-áirítear na fadhbanna sin a eascraíonn as easpa leanúnachais i gcomhordú na gcóras slándála sóisialta.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE.

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo, áfach, má tá comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) CAE tar éis teacht i bhfeidhm faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Márta 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Márta 2019.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (IO L 284, 30.10.2009, lch. 1).