27.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2019/491 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Márta 2019

chun go bhféadfar leanúint de na cláir um chomhar críochach PEACE IV (Éire-an Ríocht Aontaithe) agus An Ríocht Aontaithe-Éire (Éire-Tuaisceart Éireann agus Albain) i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 178 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

An 29 Márta 2017, thíolaic an Ríocht Aontaithe an fógra á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe um tharraingt siar nó, ina éagmais sin, 2 bhliain tar éis an fhógra sin, eadhon ón 30 Márta 2019, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.

(2)

Cuirfear an tarraingt siar i gcrích le linn na clárthréimhse 2014-2020 tréimhse a bhfuil an Ríocht Aontaithe páirteach i 15 chlár um chomhar faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh. Ar na cláir sin tá dhá chlár, eadhon PEACE IV (Éire-an Ríocht Aontaithe) agus An Ríocht Aontaithe-Éire (Éire-Tuaisceart Éireann-Albain) (dá ngairtear na “cláir um chomhar”), a bhaineann le Tuaisceart Éireann agus lena dtacaítear le comhar Thuaidh-Theas faoin gComhaontú Síochána Thuaisceart Éireann (“Chomhaontú Aoine an Chéasta”) a bhfuil sé ar intinn ag an Aontas leanúint díobh fiú má tharraingíonn an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas gan comhaontú um tharraingt siar a bheith tagtha i bhfeidhm faoin dáta a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE. Dá bharr sin, níor cheart an Rialachán seo a bheith teoranta do na cláir um chomhar sin.

(3)

Tá na cláir um chomhar á rialú go háirithe le Rialacháin (AE) Uimh. 1299/2013 (3), (AE) Uimh. 1303/2013 (4) agus (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Ba cheart don Rialachán seo forálacha a leagan síos chun go bhféadfar leanúint de na cláir um chomhar sin, tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, i gcomhréir leis na Rialacháin sin.

(4)

Maidir le Comhlacht na gClár Speisialta AE (“SEUPB”) arna bhunú faoin gComhaontú idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann lena mbunaítear Comhlachtaí Cur Chun Feidhme arna shíniú an 8 Márta 1999, is faoin údarás bainistíochta sin atá na cláir um chomhar. De bhrí go mbaineann na cláir um chomhar le Tuaisceart Éireann, ba cheart dóibh leanúint de na forálacha comhlántacha is gá.

(5)

Ionas gur féidir leanúint de na cláir um chomhar, ba cheart a shoiléiriú, gan dochar d'Airteagal 20(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013, go bhféadfaidís na réigiúin rannpháirteacha sa Ríocht Aontaithe, réigiúin ar cheart iad a bheith coibhéiseach le réigiúin leibhéal NUTS 3 a chumhdach.

(6)

Ionas gur féidir leanúint de na cláir um chomhar agus maoiniú á fháil acu ó bhuiséad ginearálta an Aontais, ba cheart comhaontú riaracháin a thabhairt i gcrích idir an Coimisiúin agus údaráis na Ríochta Aontaithe le héifeacht ón dáta a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe chun gur féidir rialuithe agus iniúchtaí is gá a dhéanamh ar na cláir um chomhar. Mura féidir na rialuithe agus na hiniúchtaí sin a chur i gcrích, ba cheart go mbeidh an Coimisiúin in ann sprioc-amanna íocaíochtaí a bhriseadh nó íocaíochtaí a chur ar fionraí agus ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm, mar a leagtar síos in Airteagail 83, 142, 144 agus 145 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 76 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, leanfaidh na cinntí cur chun feidhme ón gCoimisiún lena ndéantar an clár PEACE IV (Éire-an Ríocht Aontaithe) (an 30 Samhain 2015 agus an clár Interreg VA an 12 Feabhra 2015 a fhormheas, de bheith ina gcinntí airgeadais de réir bhrí an Rialacháin (AE, Euratom) 2018/1046 agus dá bharr sin ina ngealltanas dlíthiúil de réir bhrí an Rialacháin (AE, Euratom) 2018/1046. Na hoibleagáidí airgeadais a ghlac an Ríocht Aontaithe uirthi féin ina cáil mar Bhallstát agus a bhaineann le gealltanais dhlíthiúla an Aontais, beidh dliteanas fós uirthi maidir lena íoc.

(8)

Scoirfidh an Ríocht Aontaithe, ón dáta a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe, de bheith ina cuid “de cuid an Aontais de limistéar an chláir” de réir bhrí Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013. Dá bharr sin, ba cheart na forálacha an Rialacháin sin maidir le hincháilitheacht oibríochtaí a ghlacadh ag brath ar láthair.

(9)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon a ligean go leanfaí de na cláir um chomhar, tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach é in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(10)

Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach amháin i gcás nach mbeidh comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50 (2) CAE tagtha i bhfeidhm faoin dáta a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo leagtar síos forálacha chun dul i ngleic le hiarmhairtí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas i gcás nach mbeidh comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) CAE tar éis teacht i bhfeidhm faoin dáta a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE, agus i dtaca le leanúint den dá chlár um chomhar seo a leanas a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 a mbeidh an Ríocht Aontaithe páirteach iontu (dá ngairtear le chéile “na cláir um chomhar”):

(1)

PEACE IV (Éire-an Ríocht Aontaithe);

(2)

An Ríocht Aontaithe-Éire (Éire-Tuaisceart Éireann-Albain).

2.   Leanfaidh Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 d'fheidhm a bheith aige maidir leis na cláir um chomhar faoi réir an Rialacháin seo.

Airteagal 2

Cumhdach geografach

Gan dochar d'Airteagal 20(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 féadfaidh na cláir um chomhar na réigiúin rannpháirteacha sa Ríocht Aontaithe, a bheidh coibhéiseach le réigiúin leibhéal NUTS 3 a chumhdach.

Airteagal 3

Údaráis chláir

De mhaolú ar Airteagal 21(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013:

Comhlacht na gClár Speisialta AE (SEUPB) atá ina óstach ar údarás bainistíochta agus údarás deimhniúcháin na gclár um chomhar, leanfaidh sé dá chuid feidhmeanna a fheidhmiú;

leanfaidh Roinn Airgeadais Thuaisceart Éireann de bheith ina húdarás iniúchóireachta ar na cláir um chomhar.

Airteagal 4

Inniúlachtaí an Choimisiúin maidir le rialuithe

Déanfar cur i bhfeidhm na rialacha maidir le rialuithe agus iniúchadh ar na cláir um chomhar a chomhaontú idir an Coimisiún agus údaráis na Ríochta Aontaithe. Cumhdófar leis na rialuithe agus na hiniúchtaí tréimhse iomlán na gclár um chomhar.

Mura féidir rialuithe agus iniúchadh riachtanacha na gclár a fhorghníomhú sna réigiúin lena mbaineann, measfar gur easnamh thromchúiseach sa chóras bainistíochta agus rialaithe a bheidh ann chun críocha na mbeart a leagtar síos in Airteagail 83, 142, 144 agus 145 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

Airteagal 5

Incháilitheacht oibríochtaí, ag brath ar shuíomh

Ní bheidh feidhm ag an uasteorainn a leagtar amach i bpointe (b) Airteagal 20(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 maidir leis na cláir um chomhar.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm leis ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE.

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo, áfach, má tá comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(2) CAE tar éis teacht i bhfeidhm faoin dáta dá dtagraítear sa dara fomhír den Airteagal seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Márta 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  Tuairim an 20 Feabhra 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Márta 2019.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (IO L 347, 20.12.2013, lch. 259).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

(5)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).