25.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2019/472 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Márta 2019

lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic a dhéantar a iascach in Uiscí an Iarthair agus sna huiscí máguaird agus d'iascaigh a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/1139 agus (AE) 2018/973 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007 agus (CE) Uimh. 1300/2008 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe an 10 Nollaig 1982 maidir le Dlí na Farraige, a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach ann, déantar foráil d'oibleagáidí caomhnaithe, lena n-áirítear líon na speiceas atá á saothrú a choinneáil ar leibhéil nó a thabhairt ar ais chuig leibhéil lenar féidir an uastáirgeacht inbhuanaithe (UTI) a bhaint amach.

(2)

Ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Inbhuanaithe, a tionóladh i Nua-Eabhrac in 2015, gheall an tAontas agus a Bhallstáit go ngníomhóidís, faoi 2020, chun saothrú an éisc a rialáil go héifeachtach, deireadh a chur leis an ró-iascaireacht, an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe, neamhrialáilte, mar aon le cleachtais iascaireachta dhíobhálacha, agus pleananna bainistithe eolaíochtbhunaithe a chur chun feidhme chun stoic éisc a athbhunú, a luaithe is féidir, chuig na leibhéil sin lenar féidir, ar a laghad, UTI a bhaint amach, arna gcinneadh ag a saintréithe bitheolaíocha.

(3)

Bunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) rialacha an Chomhbheartais Iascaigh (CBI) i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais. Tá sé mar aidhm ag CBI cur le cosaint na muirthimpeallachta, le bainistiú inbhuanaithe na speiceas uile sin a ndéantar saothrú tráchtála orthu, agus go háirithe le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoi 2020, mar a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(4)

Is iad cuspóirí CBI, inter alia, a áirithiú gurb inbhuanaithe iad iascaireacht agus dobharshaothrú san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de, an cur chuige réamhchúraim i leith bainistiú iascaigh a chur i bhfeidhm, agus an cur chuige bunaithe ar éiceachórais i leith bainistiú iascaigh a chur chun feidhme.

(5)

D'fhonn cuspóirí CBI a bhaint amach, glacfar roinnt beart caomhnaithe, de réir mar is iomchuí, i dteaglaim ar bith díobh, amhail pleananna ilbhliantúla, bearta teicniúla, agus socrú agus leithdháileadh deiseanna iascaireachta..

(6)

De bhun Airteagal 9 agus Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, tá pleananna ilbhliantúla le bunú ar chomhairle eolaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch. I gcomhréir leis na forálacha sin, ba cheart cuspóirí, spriocanna inchainníochtaithe a bhfuil amchláir shoiléire ag gabháil leo, pointí tagartha caomhnaithe, coimircí agus bearta teicniúla arna ndearadh chun gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a bheith sa phlean ilbhliantúil arna bhunú leis an Rialachán seo (“an plean”) agus an tionchar ar an muirthimpeallacht a laghdú a oiread is féidir, go háirithe an tionchar ar ghnáthóga leochaileacha agus ar speicis faoi chosaint.

(7)

Ba cheart a chur san áireamh leis an Rialachán seo na srianta a bhaineann le méid na soithí iascaireachta mionscála agus cósta a úsáidtear sna réigiúin is forimeallaí.

(8)

Ba cheart “an chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil” a thuiscint mar thagairt do chomhairle eolaíoch atá ar fáil go poiblí lena dtacaíonn na sonraí agus na modhanna eolaíocha is cothroime le dáta agus a d'eisigh nó a d'athbhreithnigh comhlacht eolaíoch neamhspleách arna aithint ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta.

(9)

Ba cheart teacht a bheith ag an gCoimisiún ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil maidir leis na stoic éisc a thagann faoi raon feidhme an phlean. Chuige sin, tugann sé i gcrích Meabhráin Tuisceana leis an gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (CITM). Ba cheart an chomhairle eolaíoch, go háirithe an chomhairle a eisíonn CITM, nó comhlacht eolaíoch neamhspleách comhchosúil atá aitheanta ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, a bheith bunaithe ar an bplean agus ba cheart, go háirithe, raonta FUTI agus pointí tagartha bithmhaise i.e. UTI Bspreagphointe agus Bteorainn a léiriú sa chomhairle eolaíoch sin. Ba cheart na luachanna sin a léiriú sa chomhairle maidir leis an stoc éisc ábhartha agus, i gcás inarb iomchuí, in aon chomhairle eolaíoch eile a bhfuil teacht ag an bpobal uirthi, lena n-áirítear, mar shampla, in aon chomhairle maidir le hiascaigh ilspeiceas, go háirithe comhairle a eisíonn CITM, nó comhlacht eolaíoch neamhspleách comhchosúil atá aitheanta ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta.

(10)

Le Rialacháin (CE) Uimh. 811/2004 (5), (CE) Uimh. 2166/2005 (6), (CE) Uimh. 388/2006 (7), (CE) Uimh. 509/2007 (8) agus (CE) Uimh. 1300/2008 (9) ón gComhairle, leagtar amach na rialacha maidir le saothrú a dhéanamh ar stoc colmóirí an tuaiscirt, ar an stoc colmóirí agus ar stoc ghliomaigh na hIorua sa Mhuir Chantabrach agus in Uiscí Iarthar Leithinis na hIbéire, an sól i mBá na Bioscáine, an sól i Muir nIocht Thiar, an scadán in Uiscí Iarthar na hAlban, agus an trosc in Kattegat, sa Mhuir Thuaidh, in Uiscí Iarthar na hAlban agus i Muir Éireann. Is in iascaigh ilspeiceas a thógtar iad sin agus stoic ghrinnill eile. Dá bhrí sin, is iomchuí plean ilbhliantúil amháin a bhunú ina gcuirfear san áireamh idirghníomhaíochtaí teicniúla den sórt sin.

(11)

Ina theannta sin, ba cheart feidhm a bheith ag an bplean ilbhliantúil sin maidir le stoic ghrinnill agus lena n-iascaigh in Uiscí an Iarthair, lena n-áirítear Uiscí an Iarthair Thuaidh agus Uiscí an Iarthair Theas. Is iad sin na speicis d'iasc cruinn, iasc leathógach agus iasc loingeánach mar aon le gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) a mhaireann ar ghrinneall an cholúin uisce nó i ngar dó.

(12)

Tá roinnt stoc grinnill ann a shaothraítear in Uiscí an Iarthair agus sna huiscí máguaird araon. Dá bhrí sin, ba cheart raon feidhme na bhforálacha atá sa phlean i dtaca le spriocanna agus coimircí stoc a shaothraítear in Uiscí an Iarthair den chuid is mó a leathnú amach d'fhonn na limistéir sin lasmuigh d'Uiscí an Iarthair a chuimsiú ann. Ina theannta sin, i gcás stoic atá in Uiscí an Iarthair freisin agus a shaothraítear lasmuigh d'Uiscí an Iarthair, ní mór na spriocanna agus na coimircí a bhunú i bpleananna ilbhliantúla do na limistéir sin lasmuigh d'Uiscí an Iarthair ina saothraítear na stoic sin den chuid is mó, agus raon feidhme na bpleananna ilbhliantúla a leathnú chun go gcumhdófar Uiscí an Iarthair leo freisin.

(13)

Ba cheart raon feidhme geografach an phlean a bheith bunaithe ar dháileadh geografach na stoc éisc mar a léirítear é sa chomhairle eolaíoch is déanaí maidir le stoic go háirithe comhairle a sholáthraíonn CITM nó comhlacht eolaíoch neamhspleách comhchosúil atá aitheanta ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta. D'fhéadfadh sé go mbeadh gá athruithe a dhéanamh amach anseo ar dháileadh geografach na stoc éisc mar a leagtar amach sa phlean de bharr feabhas a bheith ag teacht ar an bhfaisnéis eolaíoch nó imirce stoc. Dá bhrí sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena gcoigeartaítear dáileadh geografach na stoc éisc a leagtar amach sa phlean i gcás inar léir ón gcomhairle eolaíoch, go háirithe comhairle a sholáthraíonn CITM, nó comhlacht eolaíoch neamhspleách comhchosúil atá aitheanta ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, go bhfuil athrú ar dháileadh geografach na stoc éisc ábhartha.

(14)

I gcás ina ndéanann tríú tíortha stoic ar leas coiteann iad a shaothrú freisin, ba cheart don Aontas oibriú i gcomhar leis na tríú tíortha sin lena áirithiú go mbainistítear na stoic sin ar bhealach inbhuanaithe atá comhsheasmhach le cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, go háirithe Airteagal 2(2) de, agus le cuspóirí an Rialacháin seo. I gcás nach dtiocfar ar chomhaontú foirmiúil, ba cheart don Aontas gach iarracht a dhéanamh chun socruithe coitinne maidir le hiascaireacht a dhéanamh ar stoic den sórt sin a bhaint amach, d'fhonn go bhféadfaí bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh agus, ar an gcaoi sin, cothrom iomaíochta a chur chun cinn d'oibreoirí an Aontais.

(15)

Ba cheart gurb é cuspóir an phlean ná rannchuidiú le cuspóirí CBI a bhaint amach agus, go háirithe, UTI a bhaint amach agus a choinneáil i gcás na spriocstoc, an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás stoic ghrinnill atá faoi réir teorainneacha gabhála a chur chun feidhme agus caighdeán cothrom maireachtála a chur chun cinn dóibh siúd a bhíonn ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, agus aird á tabhairt ar iascaigh chósta agus ar ghnéithe socheacnamaíocha. Leis an bplean, ba cheart cur chuige bunaithe ar éiceachóras i dtaca le bainistiú iascaigh a chur chun feidhme freisin chun a áirithiú go ndéanfaí tionchair dhiúltacha gníomhaíochtaí iascaireachta ar an éiceachóras muirí a laghdú a oiread is féidir. Ba cheart don phlean seo a bheith i gcomhréir le reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, go háirithe leis an gcuspóir dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoin mbliain 2020 (i gcomhréir le Treoir 2008/56/CE) agus le cuspóirí Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus Threoir 92/43/CEE ón gComhairle (11). Leis an bplean seo, ba cheart mionsonraí a shonrú freisin maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír in Uiscí an Iarthair i gcás gach stoic éisc de speicis a bhfuil an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír infheidhme maidir leo faoi Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(16)

Ceanglaítear le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 go socrófar deiseanna iascaireachta i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2(2) de agus go gcomhlíonfar leo na spriocanna, na hamchláir agus na corrlaigh arna mbunú sna pleananna ilbhliantúla.

(17)

Is iomchuí go mbunófaí an spriocbhásmhaireacht iascaireachta (F) a fhreagraíonn don chuspóir sin UTI a bhaint amach agus a choinneáil ar bun mar raonta luachanna atá comhsheasmhach le baint amach UTI (FUTI). Tá gá leis na raonta sin, agus iad bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, chun solúbthacht a sholáthar chun athruithe ar an gcomhairle eolaíoch a chur san áireamh, chun rannchuidiú le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír agus chun saintréithe na n-iascach ilspeiceas a chur san áireamh. Ba cheart go ndéanfaí raonta FUTI a ríomh, go háirithe ag CITM, go speisialta sa chomhairle thréimhsiúil a chuireann sí ar fáil faoi ghabhálacha, nó ba cheart do chomhlacht eolaíoch neamhspleách comhchosúil atá aitheanta ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta é sin a dhéanamh. Bunaithe ar an bplean, ba cheart na raonta sin a dhíorthu chun laghdú nach mó ná 5 % sa táirgeacht fhadtéarmach a dhéanamh i gcomparáid le UTI. Ba cheart uasteorainn a chur leis an raon, ionas nach mó ná 5 % an dóchúlacht go dtitfidh an stoc faoi Bteorainn. Ina theannta sin, ba cheart don uasteorainn sin cloí le “riail chomhairle” ó CITM, lena léirítear i gcás ina bhfuil drochbhail ar an mbithmhais sceite nó ar an bhflúirse, go bhfuil F le laghdú go luach nach mó ná uasteorainn atá cothrom le luach phointe FUTI arna iolrú faoin mbithmhais sceite nó faoin bhflúirse i mbliain na gabhála iomláine is incheadaithe (TAC) arna roinnt ar UTI Bspreagphointe. Úsáideann CITM na breithnithe sin agus an riail chomhairle agus comhairle eolaíoch á soláthar aige maidir leis an ráta básmhaireachta iascaireachta agus roghanna gabhála.

(18)

Chun críocha deiseanna iascaireachta a shocrú, ba cheart uastairseach a bheith ann do raonta FUTI sa ghnáthúsáid agus, ar choinníoll go meastar go bhfuil dea-bhail ar an stoc lena mbaineann, féadfar uasteorainn den raon sin a úsáid i gcásanna áirithe. Níor cheart go mbeifí in ann deiseanna iascaireachta a shocrú ach a fhad leis an uasteorainn, más rud é, ar bhonn comhairle nó fianaise eolaíoch, gur gá sin chun na cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán seo i dtaca le hiascaigh mheasctha a bhaint amach, nó más gá é sin a dhéanamh chun díobháil a dhéanfadh dinimic stoic laistigh den aon speiceas amháin nó idir speicis dhifriúla a sheachaint, nó chun na hathruithe sin a tharlódh do dheiseanna iascaireachta ó bhliain go bliain a theorannú.

(19)

Ba cheart go mbeadh sé indéanta go ndéanfadh Comhairle Chomhairleach cur chuige bainistíochta a mholadh don Choimisiún, ar cur chuige é a fhéachann le teorainn a chur leis na hathruithe ó bhliain go bliain ar na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoc ar leith a liostaítear sa Rialachán seo. Ba cheart go mbeadh an Chomhairle in ann na moltaí sin a chur san áireamh agus deiseanna iascaireachta á socrú aici ar choinníoll go gcomhlíonann deiseanna iascaireachta seo na spriocanna agus na coimircí faoin bplean.

(20)

I gcás stoic éisc a mbíonn fáil ar spriocanna UTI ina leith, agus d'fhonn na bearta coimirce a chur i bhfeidhm, ní mór pointí tagartha caomhnaithe a bhunú arna sloinneadh mar spreagleibhéil bhithmhaise sceite do na stoic éisc, agus mar spreagleibhéil flúirse do ghliomach na hIorua.

(21)

Ba cheart go bhforálfaí do bhearta iomchuí coimirce i gcás ina dtitfeadh méid an stoic éisc faoi bhun na leibhéal sin. Ba cheart a áireamh sna bearta coimirce laghdú ar dheiseanna iascaireachta agus bearta caomhnaithe sonracha nuair is den riachtanas, de réir comhairle eolaíoch, bearta ceartaitheacha. Ba cheart na bearta sin a fhorlíonadh le gach beart iomchuí eile, amhail bearta de chuid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 nó bearta de chuid na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán sin.

(22)

I gcás ghliomach na hIorua, ba cheart go bhféadfaí TAC sna ceithre limistéar bainistíochta ar leith a shocrú de réir líon na dteorainneacha gabhála sin a bunaíodh i gcás gach aonaid fheidhmiúil agus de réir na ndronuilleog staidrimh atá lasmuigh d'aonaid fheidhmiúla gach limistéir bainistíochta. Ach, leis sin, níor cheart go gcuirfí cosc leis sin ar bhearta a ghlacadh chun aonaid fheidhmiúla áirithe a chosaint.

(23)

Chun cur chuige réigiúnach a chur i bhfeidhm i dtaca le hacmhainní bitheolaíocha muirí a chaomhnú agus a shaothrú go hinbhuanaithe, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht bearta teicniúla a dhéanamh in Uiscí an Iarthair maidir le gach stoc éisc.

(24)

Léiríodh go raibh an córas um theorannú iarrachta le haghaidh sól i Muir nIocht Thiar ina uirlis éifeachtach bhainistíochta lean gcomhlánaítear socrú na ndeiseanna iascaireachta. Dá bhrí sin, ba cheart teorannú iarrachta den sórt sin a choinneáil faoi chuimsiú an phlean.

(25)

I gcás ina bhfuil tionchar suntasach ag an mbásmhaireacht mar thoradh ar iascaireacht áineasa ar an stoc a bhainistítear ar bhonn UTI, ba cheart go mbeadh an Chomhairle in ann teorainneacha neamh-idirdhealaitheacha a shocrú le haghaidh iascairí áineasa. Ba cheart don Chomhairle tagairt a dhéanamh do chritéir thrédhearcacha agus oibiachtúla agus teorainneacha den sórt sin á socrú aici. I gcás inarb iomchuí, ba cheart go nglacfadh na Ballstáit na bearta is gá, ar bearta iad a bheidh comhréireach, chun faireachán a dhéanamh ar shonraí agus chun iad a bhailiú ionas gur féidir meastachán iontaofa a sholáthar maidir leis na leibhéil iarbhír ghabhálacha dá dtagraítear i mír 1.

(26)

Chun an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá bhforáiltear in Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a chomhlíonadh, ba cheart leis an bplean foráil a dhéanamh maidir le bearta bainistíochta breise i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán sin.

(27)

An sprioc-am chun moltaí comhpháirteacha ó na Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistíochta acu a thíolacadh, ba cheart é a leagan síos, mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(28)

I gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ba cheart forálacha a bhunú don mheasúnú tréimhsiúil a dhéanfaidh an Coimisiún ar leordhóthanacht agus éifeachtúlacht chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, bunaithe ar chomhairle eolaíoch. Ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an bplean faoin 27 Márta 2024, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin. Is féidir, de bhíthin na tréimhse ama sin, an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme go hiomlán, bearta réigiúnaithe a ghlacadh agus a chur chun feidhme agus tionchar a imirt ar na stoic éisc agus ar na hiascaigh. Is é 5 bliana an íostréimhse a éilíonn comhlachtaí eolaíocha freisin.

(29)

Chun dul in oiriúint don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch ar bhealach tráthúil agus comhréireach agus chun solúbthacht a áirithiú agus chun ligean do bhearta áirithe forbairt, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán seo a leasú nó a fhorlíonadh i ndáil le coigeartuithe maidir le stoic a chumhdaítear leis an Rialachán seo ina dhiadh athruithe ar dháileadh geografach na stoc, bearta ceartaitheacha, cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha agus teorainneacha a shocrú i ndáil le hacmhainn iomlán na gcabhlach ag na Ballstáit lena mbaineann a thabhairt i dtír. Tá sé ríthábhachtach, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (12). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(30)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar, is iomchuí a shoiléiriú gur féidir a mheas go bhfuil na bearta sealadacha scoir, atá glactha chun cuspóirí an phlean dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bhaint amach, incháilithe do thacaíocht faoi Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

(31)

Trí thagairtí dinimiciúla a chur i bhfeidhm ar raonta FUTI agus ar phointí tagartha caomhnaithe, áirithítear nach bhfuil na paraiméadair sin atá riachtanach chun deiseanna iascaireachta a shocrú as dáta agus go bhfuil an Chomhairle i gcónaí in ann úsáid a bhaint as an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil. Anuas air sin, ba cheart an cur chuige sin ina gcuimsítear tagairtí dinimiciúla don chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil a leanúint chun stoic éisc i Muir Bhailt a bhainistiú. Ba cheart a shonrú freisin nach bhfuil feidhm ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i leith iascaireacht áineasa sna limistéir atá cumhdaithe ag an bplean ilbhliantúil d'iascaigh Mhuir Bhailt. Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) a leasú dá réir sin.

(32)

Maidir leis an íosmhéid tagartha caomhnaithe le haghaidh ghliomach na hIorua do Skagerrak agus do Kattegat, ba cheart é a athbhreithniú. Ba cheart é a shoiléiriú freisin nach bhfuil feidhm ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i leith iascaireacht áineasa sna limistéir atá cumhdaithe ag an bplean ilbhliantúil d'iascaigh Mhuir Thuaidh. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 2018/973 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) a leasú.

(33)

Ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007 agus (CE) Uimh. 1300/2008 ón gComhairle a aisghairm.

(34)

I gcomhréir le hAirteagal 9(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, rinneadh measúnú cuí ar thionchar geilleagrach agus sóisialta dóchúil an phlean sular cuireadh bailchríoch air,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo plean ilbhliantúil (“an plean”) i dtaca leis na stoic ghrinnill atá liostaithe thíos, lena n-áirítear stoic dhomhainfharraige, in Uiscí an Iarthair, lena n-áirítear iascaigh a shaothraíonn na stoic éisc sin, agus, i gcás ina mbeidh na stoic éisc sin lasmuigh d'Uiscí an Iarthair, ina n-uiscí cóngaracha, agus do na hiascaigh a shaothraíonn na stoic sin:

(1)

an scabaird dhubh (Aphanopus carbo) i bhfolimistéir 1, 2, 4, 6–8, 10 agus 14, agus i ranna 3a, 5a, 5b, 9a agus 12b CITM;

(2)

an gránadóir cruinnsocach (Coryphaenoides rupestris) i bhfolimistéir 6 agus 7 i roinn 5b CITM;

(3)

an doingean mara (Dicentrarchus labrax) i ranna 4b, 4c, 7a, 7d–h, 8a agus 8b CITM;

(4)

an doingean mara (Dicentrarchus labrax) i ranna 6a, 7b, agus 7j CITM;

(5)

an doingean mara (Dicentrarchus labrax) i ranna 8c agus 9a; CITM

(6)

an trosc (Gadus morhua) i roinn 7a CITM;

(7)

an trosc (Gadus morhua) i ranna 7e–k CITM;

(8)

an mhéigrim (Lepidorhombus spp.) i ranna 4a agus 6a CITM;

(9)

an mhéigrim (Lepidorhombus spp.) i roinn 6b CITM;

(10)

an mhéigrim (Lepidorhombus spp.) i ranna 7b–k, 8a, 8b, agus 8d CITM;

(11)

an mhéigrim (Lepidorhombus spp.) i ranna 8c agus 9a CITM;

(12)

láimhínigh (Lophiidae) i ranna 7b–k, 8a, 8b, agus 8d CITM;

(13)

láimhínigh (Lophiidae) i ranna 8c agus 9a CITM;

(15)

an chadóg (Melanogrammus aeglefinus) i roinn 6b CITM;

(16)

an chadóg (Melanogrammus aeglefinus) i roinn 7a CITM;

(17)

an chadóg (Melanogrammus aeglefinus) i ranna 7b–k CITM;

(18)

an faoitín (Merlangius merlangus) i roinn 7b, 7c agus 7e–k CITM;

(19)

an faoitín (Merlangius merlangus) i bhfolimistéar 8 agus roinn 9a CITM;

(20)

an colmóir (Merluccius merluccius) i bhfolimistéir 4, 6 agus 7 agus ranna 3a, 8a, 8b agus 8d CITM;

(21)

an colmóir (Merluccius merluccius) i ranna 8c agus 9a CITM;

(22)

an langa gorm (Molva dypterygia) i bhfolimistéir 6 agus 7 agus i roinn 5b CITM;

(22)

Gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) de réir aonad feidhmiúil CITM i bhfolimistéar 6 agus roinn 5b:

sa Mhaoil Thuaidh (AF 11);

sa Mhaoil Theas (AF 12);

i gCaolas Chluaidh (AF 13);

i roinn 6a, lasmuigh de na haonaid fheidhmiúla (Uiscí Iarthar na hAlban);

(23)

Gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) de réir aonad feidhmiúil CITM i bhfolimistéar 7:

i Muir Éireann Thoir (AF 14);

i Muir Éireann Thiar (AF 15);

ar Bhanc Porcupine (AF 16);

i Meánna Árann (AF 17);

i Muir Éireann (AF 19);

sa Mhuir Cheilteach (AF 20–21);

i gCaolas Bhriostó (AF 22);

lasmuigh de na haonaid fheidhmiúla (an Mhuir Cheilteach Thiar Theas, Siar ó dheas d'Éirinn);

(24)

gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) de réir aonad feidhmiúil i ranna 8a, 8b, 8d agus 8e CITM:

i mBá na Bioscáine Thuaidh agus Láir (AF 23-24);

(25)

gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) de réir aonad feidhmiúil i bhfolimistéir CITM 9 agus 10, agus i limistéir CECAF 34.1.1:

in uiscí Ibéaracha an Atlantaigh Thoir, sa Ghailís Thiar agus sa Phortaingéil Thuaidh (AF 26-27);

in uiscí Ibéaracha an Atlantaigh Thoir agus in Iardheisceart agus Deisceart na Portaingéile (AF 28-29);

in uiscí Ibéaracha an Atlantaigh Thoir agus i Murascaill Cádiz (AF 30);

(26)

an deargán (Pagellus bogaraveo) i bhfolimistéar 9 CITM;

(27)

an leathóg (Pleuronectes platessa) i roinn 7d CITM;

(28)

an leathóg (Pleuronectes platessa) i roinn 7e CITM;

(29)

an mangach (Pollachius pollachius) i bhfolimistéir 6 agus 7 CITM;

(30)

an sól coiteann (Solea solea) i bhfolimistéir 5, 12 agus 14 agus i roinn 6b CITM;

(31)

an sól coiteann (Solea solea) i roinn 7d CITM;

(32)

an sól coiteann (Solea solea) i roinn 7e CITM;

(33)

an sól coiteann (Solea solea) i ranna 7f agus 7g CITM;

(34)

an sól coiteann (Solea solea) i ranna 7h, 7j agus 7k CITM;

(35)

an sól coiteann (Solea solea) i ranna 8a agus 8b CITM;

(36)

an sól coiteann (Solea solea) i ranna 8c agus 9a CITM;

I gcás ina léireofar leis an gcomhairle eolaíoch, go háirithe comhairle eolaíoch ó CITM nó ó chomhlacht eolaíoch neamhspleách comhchosúil atá aitheanta ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, go bhfuil athrú ar dháileadh geografach na stoc éisc a shonraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 chun an Rialachán seo a leasú trí na limistéir a shonraítear thuas a choigeartú chun an t-athrú sin a léiriú. Ní dhéanfaidh na coigeartuithe sin na ceantair stoic a mhéadú lasmuigh d'uiscí an Aontais i bhfolimistéir 4 go 10 CITM, agus criosanna 34.1.1, 34.1.2 agus 34.2.0 CECAF.

2.   I gcásanna, ar bhonn comhairle eolaíoch, ina measann an Coimisiún gur gá an liosta a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 1 a leasú, féadfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh chun an liosta sin a leasú.

3.   I dtaca leis na huiscí cóngaracha a chumhdaítear i mír 1 den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ach ag Airteagal 4 agus Airteagal 7 agus na bearta a bhaineann le deiseanna iascaireachta faoi Airteagal 8 den Rialachán seo.

4.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir leis na foghabhálacha a thógtar in Uiscí an Iarthair nuair atá iascaireacht á déanamh ar na stoic éisc a liostaítear i mír 1. I gcás ina mbunófar, áfach, raonta FUTI agus coimircí maidir le bithmhais i dtaca leis na stoic éisc sin faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena mbunaítear pleananna ilbhliantúla, beidh feidhm ag na raonta agus na coimircí sin.

5.   Leis an Rialachán seo freisin, sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír in uiscí an Aontais ar cuid iad d'Uiscí an Iarthair i gcás gach stoic éisc de speicis a bhfuil an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír infheidhme maidir leis faoi Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

6.   Leis an Rialachán seo, déantar foráil maidir le bearta teicniúla, mar a leagtar amach in Airteagal 9, atá infheidhme in Uiscí an Iarthair i dtaca le haon stoc.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, i dteannta na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (16) agus in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 850/98 ón gComhairle (17), beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “Uiscí an Iarthair” Uiscí an Iarthair Thuaidh (folimistéar 5 CITM (seachas roinn 5a agus an chuid sin de roinn 5b), 6 agus 7) ar uiscí Aontais iad) agus Uiscí an Iarthair Theas (folimistéir 8, 9 agus 10 CITM (na huiscí timpeall ar na hAsóir), agus criosanna 34.1.1, 34.1.2 agus 34.2.0 CECAF (na huiscí timpeall ar Mhaidéara agus na hOileáin Chanáracha));

(2)

ciallaíonn “raon FUTI” raon luachanna arna sholáthar sa chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, go háirithe comhairle eolaíoch ó CITM, nó ó chomhlacht eolaíoch neamhspleách comhchosúil atá aitheanta ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, ina bhfuil uastáirgeacht inbhuanaithe (UTI) fhadtéarmach ann mar thoradh ar gach leibhéal básmhaireachta iascaireachta laistigh den raon sin bunaithe ar phatrún iascaireachta agus faoi mheándálaí comhshaoil atá ann cheana gan difear suntasach a dhéanamh don phróiseas atáirgthe do na stoic éisc lena mbaineann. Ceaptar an raon sin chun laghdú nach mó ná 5 % sa táirgeacht fhadtéarmach a dhéanamh i gcomparáid leis an UTI. Cuirtear uasteorainn leis ionas nach mó ná 5 % an dóchúlacht go dtitfidh an stoc éisc faoin bpointe tagartha teorann do bhithmhais stoic sceite (Bteorainn);

(3)

ciallaíonn “UTI Fis ísle” an luach is ísle laistigh de raon FUTI;

(4)

ciallaíonn “UTI Fis airde” an luach is airde laistigh de raon FUTI;

(5)

ciallaíonn “luachphointe FUTI” luach an ráta básmhaireachta iascaireachta measta atá bunaithe ar phatrún iascaireachta agus faoi mheándálaí reatha comhshaoil reatha agus is é a thugann an uastáirgeacht fhadtéarmach;

(6)

ciallaíonn “an raon is ísle de FUTI” raon ina bhfuil luachanna ó UTI Fis ísle suas le luachphointe FUTI;

(7)

ciallaíonn “an raon is airde de FUTI” raon ina bhfuil luachanna ó FUTI suas le luachphointe UTI Fis airde;

(8)

ciallaíonn “Bteorainn” an pointe tagartha maidir le bithmhais stoic sceite arna bhforáiltear sa chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, go háirithe ó CITM, nó ó chomhlacht eolaíoch neamhspleách comhchosúil atá aitheanta ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar faoina bhun is féidir laghdú a bheith ar acmhainn atáirgthe na stoc éisc;

(9)

ciallaíonn “UTI Bspreagphointe” an pointe tagartha do bhithmhais stoic sceite, nó i gcás ghliomach na hIorua, an pointe tagartha don fhlúirse dá bhforáiltear sa chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, go háirithe ó CITM, nó ó chomhlacht eolaíoch neamhspleách comhchosúil atá aitheanta ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar faoina bhun a dhéanfar gníomhaíocht bhainistíochta shonrach agus iomchuí chun a áirithiú go ndéanfaidh rátaí saothraithe i dteannta éagsúlachtaí nádúrtha stoic a athbhunú thar leibhéil atá in ann UTI a tháirgeadh san fhadtéarma.

CAIBIDIL II

CUSPÓIRÍ

Airteagal 3

Cuspóirí

1.   Rannchuideoidh an plean le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh a liostaítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a bhaint amach, go háirithe tríd an cur chuige réamhchúraim a chur i bhfeidhm i leith bainistiú iascaigh, agus beidh sé mar aidhm aige a áirithiú go saothrófar beo-acmhainní bitheolaíocha na mara chun líon na speiceas atá á saothrú a athbhunú agus a choinneáil os cionn leibhéil lenar féidir UTI a bhaint amach.

2.   Rannchuideoidh an plean le hábhair mhuirí aischurtha a dhíothú, trí ghabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú, a mhéid is féidir, agus le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a bhunaítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 i gcás na speiceas atá faoi réir teorainneacha gabhála agus a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo.

3.   Leis an bplean, cuirfear chun feidhme cur chuige bunaithe ar éiceachóras i dtaca le bainistiú iascaigh chun a áirithiú go ndéanfar tionchair dhiúltacha gníomhaíochtaí iascaireachta ar an éiceachóras muirí a laghdú a oiread is féidir. Beidh sé i gcomhréir le reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, go háirithe an cuspóir dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoi 2020 mar a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Threoir 2008/56/CE.

4.   Go háirithe, beidh sé d'aidhm ag an bplean:

(a)

a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha a thuairiscítear i dtuairisceoir 3 atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/56/CE;

(b)

rannchuidiú le comhlíonadh na dtuairisceoirí ábhartha eile atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/56/CE i gcoibhneas leis an ról atá ag iascaigh ina gcomhlíonadh; agus

(c)

rannchuidiú le baint amach na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 agus Airteagal 5 de Threoir 2009/147/CE agus Airteagal 6 agus Airteagal 12 de Threoir 92/43/CEE, go háirithe chun an tionchar a bhíonn ag gníomhaíochtaí iascaireachta ar ghnáthóga leochaileachta agus ar speicis faoi chosaint a laghdú a oiread is féidir.

5.   Déanfar bearta sa phlean i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil. I gcás nach mbeidh sonraí leordhóthanacha ann, déanfar caomhnú na stoc éisc ábhartha a shaothrú go feadh méid inchomparáide.

CAIBIDIL III

SPRIOCANNA

Airteagal 4

Spriocanna

1.   Maidir leis an spriocbhásmhaireacht iascaireachta atá i gcomhréir le raonta FUTI a shainmhínítear in Airteagal 2, déanfar í a bhaint amach a luaithe is féidir agus ar bhonn forchéimnitheach incriminteach faoi 2020 do na stoic a liostaítear in Airteagal 1(1), agus coinneofar ar bun í uaidh sin amach laistigh de raonta FUTI, i gcomhréir leis an Airteagal sin.

2.   Iarrfar na raonta FUTI sin, bunaithe ar an bplean seo, go háirithe ar CITM, nó ar chomhlacht eolaíoch neamhspleách comhchosúil atá aitheanta ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nuair a shocraíonn an Chomhairle deiseanna iascaireachta do stoc, déanfaidh sí na deiseanna sin a bhunú laistigh den raon íosta FUTI a bheidh ar fáil an tráth sin don stoc sin.

4.   D'ainneoin mhír 1 agus mhír 3, féadfar deiseanna iascaireachta a shocrú ag leibhéil is ísle ná raonta FUTI.

5.   D'ainneoin mhír 3 agus mír 4, féadfar deiseanna iascaireachta a shocrú do stoc i gcomhréir leis an raon uasta FUTI a bheidh ar fáil an uair sin don stoc sin, ar choinníoll go bhfuil an stoc dá dtagraítear in Airteagal 1(1) os cionn UTI Bspreagphointe:

(a)

más rud é, ar bhonn na comhairle nó na fianaise eolaíche, gur gá é sin a dhéanamh chun na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3 i gcás iascaigh ilspeiceas a bhaint amach;

(b)

más rud é, ar bhonn na comhairle nó na fianaise eolaíche, gur gá é sin a dhéanamh chun díobháil thromchúiseach a dhéanfadh dinimic stoic laistigh den aon speiceas amháin nó idir speicis dhifriúla a sheachaint; nó

(c)

chun éagsúlachtaí i ndeiseanna iascaireachta idir blianta as a chéile a theorannú go dtí uasmhéid de 20 %.

6.   I gcás nach féidir na raonta FUTI a chinneadh le haghaidh stoic a liostaítear in Airteagal 1(1) mar nach bhfuil faisnéis eolaíoch leormhaith ann, déanfar an stoc sin a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 5 go dtí go mbeidh raonta FUTI ar fáil de bhun mhír 2 den Airteagal seo.

7.   In aon chás, déanfar deiseanna iascaireachta a shocrú sa chaoi is go n-áiritheofar gur lú ná 5 % an dóchúlacht go dtitfidh an bhithmhais stoic sceite faoin bpointe tagartha teorann do bhithmhais stoic sceite Bteorainn.

Airteagal 5

Bainistiú na stoc foghabhálacha

1.   Socrófar bearta bainistíochta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, deiseanna iascaireachta, do na stoic dá dtagraítear in Airteagal 1(4) agus an chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil á cur san áireamh agus beidh siad comhréireach leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3.

2.   Déanfar na stoic dá dtagraítear in Airteagal 1(4) a bhainistiú faoin gcur chuige réamhchúraim i dtaca le bainistiú iascaigh mar a shainítear i bpointe 8 d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 nuair nach ann d'fhaisnéis eolaíoch leormhaith, agus i gcomhréir le hAirteagal 3(5) den Rialachán seo.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, cuirfidh bainistiú iascach ilspeiceas san áireamh, i dtaca le stoic éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(4) den Rialachán seo, an deacracht a bhaineann le hiascaireacht a dhéanamh ar na stoic uile de réir UTI le linn an trátha chéanna, go háirithe i gcásanna ina mbeidh dúnadh róluath an iascaigh mar thoradh ar an deacracht sin.

Airteagal 6

Teorannú ar éagsúlachtaí ar dheiseanna iascaireachta le haghaidh stoic

Ba cheart go mbeadh Comhairle Chomhairleach ábhartha in ann cur chuige bainistíochta a mholadh don Choimisiún, ar cur chuige é a fhéachann le teorainn a chur leis na héagsúlachtaí ó bhliain go bliain ar na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoc ar leith a liostaítear in Airteagal 1(1).

Ba cheart go mbeadh an Chomhairle in ann na moltaí sin a chur san áireamh agus deiseanna iascaireachta á socrú aici ar choinníoll go gcomhlíonann na deiseanna iascaireachta seo na forálacha a leagtar amach in Airteagal 4 agus Airteagal 8.

CAIBIDIL IV

COIMIRCÍ

Airteagal 7

Pointí tagartha caomhnaithe

Bunaithe ar an bplean, iarrfar na pointí tagartha caomhnaithe seo a leanas go háirithe ar CITM, nó ar chomhlacht eolaíoch neamhspleách comhchosúil atá aitheanta ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, chun acmhainn iomlán atáirgthe na stoc éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a chosaint:

(a)

UTI Btruicear do na stoic dá dtagraítear in Airteagal 1(1);

(b)

Bteorainn do na stoic dá dtagraítear in Airteagal 1(1).

Airteagal 8

Coimircí

1.   I gcás ina léireofar leis an gcomhairle eolaíoch go bhfuil bithmhais stoic sceite agus, i gcás ghliomach na hIorua, flúirse aon cheann de na stoic éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(1) faoi bhun UTI Bspreagphointe i mbliain ar leith, glacfar gach beart ceartaitheach iomchuí chun a áirithiú go ndéanfar leibhéil an stoic éisc nó an aonaid fheidhmiúil lena mbaineann a athbhunú go tapa os cionn na leibhéal atá in ann UTI a tháirgeadh. Go háirithe, d'ainneoin Airteagal 4(3), socrófar deiseanna iascaireachta ag leibhéil a bheidh ag teacht le ráta básmhaireachta iascaireachta arna laghdú faoi bhun an raoin is airde de FUTI, ag cur san áireamh an laghdú i mbithmhais.

2.   I gcás ina léireofar leis an gcomhairle eolaíoch go bhfuil bithmhais stoic sceite agus, i gcás ghliomach na hIorua, flúirse aon cheann de na stoic éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(1) faoi bhun Bteorainn, déanfar bearta ceartaitheacha breise chun a áirithiú go ndéanfar leibhéil an stoic éisc nó an aonaid fheidhmiúil lena mbaineann a athbhunú go tapa os cionn na leibhéal atá in ann UTI a tháirgeadh. Go háirithe, féadfar a áireamh ar na bearta ceartaitheacha sin, d'ainneoin Airteagal 4(3), spriociascaireacht an stoic nó an aonaid fheidhmiúil lena mbaineann a chur ar fionraí agus deiseanna iascaireachta a laghdú go leordhóthanach.

3.   Féadfar a áireamh i mbearta ceartaitheacha dá dtagraítear san Airteagal seo:

(a)

bearta éigeandála i gcomhréir le hAirteagal 12 agus Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(b)

bearta de bhun Airteagal 9 den Rialachán seo.

4.   Déanfar rogha na mbeart dá dtagraítear san Airteagal i gcomhréir le cineál, tromchúis, fad agus atriall na staide i gcás inar lú an bhithmhais stoic sceite agus, i gcás ghliomach na hIorua, flúirse ná na leibhéil dá dtagraítear in Airteagal 7.

CAIBIDIL V

BEARTA TEICNIÚLA

Airteagal 9

Bearta teicniúla

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo agus le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir leis na bearta teicniúla seo a leanas:

(a)

sonraíochtaí saintréithe trealaimh iascaireachta agus rialacha maidir le húsáid na dtrealamh sin, chun roghnaíocht a áirithiú nó a fheabhsú, chun gabhálacha de thaisme a laghdú nó chun an tionchar diúltach ar an éiceachóras a íoslaghdú;

(b)

sonraíochtaí modhnuithe nó feistí breise a chuirtear le trealamh iascaireachta, chun roghnaíocht a áirithiú nó a fheabhsú, chun gabhálacha de thaisme a laghdú nó chun an tionchar diúltach ar an éiceachóras a íoslaghdú;

(c)

teorannuithe nó toirmisc ar úsáid trealaimh iascaireachta áirithe agus ar ghníomhaíochtaí iascaireachta i limistéir áirithe nó le linn tréimhsí áirithe chun éisc sceite, éisc faoin íosmhéid tagartha caomhnaithe nó speicis éisc nach spriocspeicis iad a chosaint nó chun an tionchar diúltach ar an éiceachóras a íoslaghdú; agus

(d)

íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a leagan síos d'aon cheann de na stoic éisc a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo, chun cosaint na n-óg-orgánach muirí a áirithiú;

2.   Rannchuideoidh na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach.

CAIBIDIL VI

DEISEANNA IASCAIREACHTA

Airteagal 10

Deiseanna iascaireachta

1.   Agus deiseanna iascaireachta atá ar fáil dóibh á leithdháileadh ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, déanfaidh siad an comhdhéanamh is dóchúla a bheidh ar ghabhálacha na soithí atá rannpháirteach in iascach measctha a chur san áireamh.

2.   Tar éis dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún, féadfaidh na Ballstáit na deiseanna iascaireachta a leithdháilfear orthu a mhalartú go hiomlán nó i bpáirt de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

3.   Gan dochar d'Airteagal 8, féadfar TAC na stoc de ghliomach na hIorua atá in Uiscí an Iarthair a bhunú le haghaidh limistéir bhainistíochta a chomhfhreagraíonn do gach ceann de na limistéir atá sainithe faoi phointí 22 go 25 d'Airteagal 1(1). Sna cásanna sin, féadfar TAC le haghaidh limistéar bainistíochta a ríomh mar líon na dteorainneacha gabhála atá ag na haonaid fheidhmiúla arna suimiú leis na dronuilleoga staidrimh sin atá lasmuigh de na haonaid fheidhmiúla.

Airteagal 11

Iascaigh áineasa

1.   I gcás ina léireofar leis an gcomhairle eolaíoch go bhfuil tionchar suntasach ag iascaireacht áineasa ar bhásmhaireacht iascaireachta stoic dá dtagraítear in Airteagal 1(1), féadfaidh an Chomhairle teorainneacha neamh-idirdhealaitheacha a shocrú le haghaidh iascairí áineasa.

2.   Agus na teorainneacha dá dtagraítear i mír 1 á socrú aici, déanfaidh an Chomhairle tagairt do chritéir thrédhearcacha agus oibiachtúla, lena n-áirítear critéir a bhaineann le cúrsaí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíochta. Féadtar a áireamh ar na critéir sin, go háirithe, an tionchar ag iascaireacht áineasa sin ar an gcomhshaol, an tábhacht don tsochaí a bhaineann leis an ngníomhaíocht sin agus a mhéid a rannchuidíonn sí leis an ngeilleagar i limistéir chósta.

3.   I gcás inarb iomchuí, glacfaidh na Ballstáit na bearta comhréireacha is gá chun faireachán a dhéanamh ar shonraí agus iad a bhailiú ionas gur féidir meastachán iontaofa a sholáthar maidir leis na leibhéil ghabhálacha áineasa.

Airteagal 12

Teorannú iarracht le haghaidh sól i Mhuir nIocht Thiar

1.   Beidh TAC le haghaidh sól i Muir nIocht Thiar (roinn 7e CITM) faoin bplean ag teacht le teorannú na hiarrachta iascaireachta.

2.   Agus na deiseanna iascaireachta á socrú aici, cinnfidh an Chomhairle an líon uasta laethanta ar muir do shoithí atá i Muir nIocht Thiar a úsáideann tráil bhíoma de mhogallmhéid 80 mm nó níos mó agus le haghaidh soithí i Muir nIocht Thiar a úsáideann líonta éighníomhacha de mhogallmhéid 220 mm nó níos lú.

3.   Déantar an líon uasta laethanta ar muir dá dtagraítear i mír 2 a choigeartú sa chomhréir chéanna leis an gcoigeartú ar bhásmhaireacht iascaireachta a chomhfhreagraíonn don athrú sna TACanna.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA ATÁ NASCTHA LEIS AN OIBLEAGÁÍD GABHÁLACHA A THABHAIRT I dTÍR

Airteagal 13

Forálacha atá nasctha leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír in uiscí an Aontais de chuid Uiscí an Iarthair

1.   Maidir le gach stoc éisc de speicis in Uiscí an Iarthair a bhfuil an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír infheidhme maidir leis faoi Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo agus Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhionsonraithe na hoibleagáide sin a shonrú mar a fhoráiltear i bpointí (a) go (e) d'Airteagal 15(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

2.   Maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá bhforáiltear in Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ní bheidh feidhm aici maidir le hiascaireacht áineasa, lena n-áirítear i gcásanna ina socraíonn an Chomhairle teorainneacha i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán seo.

CAIBIDIL VIII

ROCHTAIN AR UISCÍ AGUS AR ACMHAINNÍ

Airteagal 14

Údaruithe iascaireachta agus uasteorainneacha le haghaidh acmhainn iascaireachta

1.   Le haghaidh gach ceann de limistéir CITM dá dtagraítear in Airteagal 1(1) den Rialachán seo, eiseoidh gach Ballstát údaruithe iascaireachta i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle i gcás soithí a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu agus atá i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta sa limistéar sin. I gcás údaruithe iascaireachta den sórt sin, féadfaidh na Ballstáit freisin acmhainn iomlán soithí den sórt sin a úsáideann trealamh sonrach a theorannú.

2.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo agus le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí theorainneacha a shocrú i ndáil le hacmhainn iomlán na gcabhlach ag na Ballstáit lena mbaineann chun éascú a dhéanamh ar bhaint amach na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo.

3.   Bunóidh agus coimeádfaidh gach Ballstát liosta soithí a mbeidh an t-údarú iascaireachta dá dtagraítear i mír 1 acu agus cuirfidh an Ballstát an liosta sin ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile ar a shuíomh gréasáin oifigiúil féin.

CAIBIDIL IX

STOIC AR LEAS COITEANN IAD A BHAINISTIÚ

Airteagal 15

Prionsabail agus cuspóirí a bhaineann le bainistiú stoic ar leas coiteann don Aontas agus do thríú tíortha iad

1.   Nuair dhéanann tríú tíortha stoic ar leas coiteann iad a shaothrú freisin, oibreoidh an tAontas i gcomhar leis na tríú tíortha sin chun a áirithiú go mbainistítear na stoic sin ar bhealach inbhuanaithe atá comhsheasmhach le cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, go háirithe Airteagal 2(2) de, agus le cuspóirí an Rialacháin seo. I gcás nach dtiocfar ar chomhaontú foirmiúil, déanfaidh an tAontas gach iarracht teacht ar shocrú coiteann maidir le hiascaireacht a dhéanamh ar na stoic sin ionas go bhféadfaí bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh agus, ar an gcaoi sin, cothrom iomaíochta a chur chun cinn d'oibreoirí an Aontais.

2.   I gcomhthéacs stoic a bhainistiú go comhpháirteach le tríú tíortha, féadfaidh an tAontas deiseanna iascaireachta a mhalartú le tríú tíortha de bhun Airteagal 33(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

CAIBIDIL X

RÉIGIÚNÚ

Airteagal 16

Comhar réigiúnach

1.   Beidh feidhm ag Airteagal 18(1) go (6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 9 agus Airteagal 13 agus Airteagal 14(2) den Rialachán seo.

2.   Chun críche mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit ag a bhfuil leas díreach bainistíochta in Uiscí an Iarthair Thuaidh, moltaí comhpháirteacha a thíolacadh i leith Uiscí an Iarthair Thuaidh agus na Ballstáit ag a bhfuil leas díreach bainistíochta in Uiscí an Iarthair Theas, féadfaidh siad moltaí comhpháirteacha a thíolacadh i leith uiscí an Iarthair Theas. Féadfaidh na Ballstáit sin moltaí comhpháirteacha a thíolacadh freisin i leith na nuiscí sin ina n-iomláine. Déanfar na moltaí sin a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 den chéad uair tráth nach déanaí ná 27 Márta 2020 agus ina dhiaidh sin, 12 mhí tar éis gach meastóireachta ar an bplean a thíolacfar i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán seo. Féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann na moltaí sin a thíolacadh freisin nuair is gá, go háirithe i gcás athrú tobann ar staid aon cheann de na stoic éisc a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leis, nó chun dul i ngleic le héigeandálaí arna sainaithint sa chomhairle eolaíoch is déanaí. Ní mór gach moladh comhpháirteach i ndáil leis na bearta a bhaineann le bliain féilire ar leith a thíolacadh tráth nach déanaí ná an 1 Iúil, an bhliain roimhe sin.

3.   Ní dochar an cumhachtú a dheonaítear faoi Airteagal 9 agus Airteagal 13 agus Airteagal 14(2) den Rialachán seo do chumhachtaí a thugtar don Choimisiún faoi fhorálacha eile de dhlí an Aontais, lena n-áirítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

CAIBIDIL XI

NÓSANNA IMEACHTA AGUS FORÁLACHA NÓS IMEACHTA

Airteagal 17

Meastóireacht ar an bplean

Faoin 27 Márta 2024, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le torthaí agus tionchar an phlean ar na stoic a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo agus ar an iascach a shaothraíonn na stoic sin, go háirithe maidir le baint amach na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

Airteagal 18

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 1(1), Airteagal 9 agus Airteagal 10 agus Airteagal 14(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Márta 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1(1), Airteagal 9 agus Airteagal 13 agus Airteagal 14(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 1(1), Airteagal 9 agus Airteagal 13 agus Airteagal 14(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

CAIBIDIL XII

TACAÍOCHT ÓN gCISTE EORPACH MUIRÍ AGUS IASCAIGH

Airteagal 19

Tacaíocht ón gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh

Measfar bearta scoir shealadaigh a ghlactar chun cuspóirí an phlean a ghnóthú mar scor sealadach gníomhaíochtaí iascaireachta chun críocha phointí (a) agus (c) d'Airteagal 33(1) de Rialachán (AE) Uimh. 508/2014.

CAIBIDIL XIII

LEASUITHE AR RIALACHÁIN (AE) 2016/1139 AGUS (AE) 2018/973

Airteagal 20

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/1139

Leasaítear Rialachán (AE) 2016/1139 mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

“Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005. Sa bhreis air sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “stoic pheiligeacha” na stoic a liostaítear i bpointí (c) go (h) d'Airteagal 1(1) den Rialachán seo agus aon mheascán díobh sin;

(2)

ciallaíonn “raon FUTI” raon luachanna arna sholáthar sa chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, go háirithe comhairle eolaíoch ó CITM, nó ó chomhlacht eolaíoch neamhspleách comhchosúil atá aitheanta ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, ina bhfuil uastáirgeacht inbhuanaithe (UTI) fhadtéarmach ann mar thoradh ar gach leibhéal básmhaireachta iascaireachta laistigh den raon sin bunaithe ar phatrún iascaireachta agus faoi mheándálaí comhshaoil reatha atá ann cheana gan difear suntasach a dhéanamh don phróiseas atáirgthe do na stoic éisc lena mbaineann. Ceaptar an raon sin chun laghdú nach mó ná 5 % sa táirgeacht fhadtéarmach a dhéanamh i gcomparáid leis an uastáirgeacht inbhuanaithe. Cuirtear uasteorainn leis ionas nach mó ná 5 % an dóchúlacht go dtitfidh an stoc éisc faoin bpointe tagartha teorann do bhithmhais stoic sceite (Bteorainn);

(3)

ciallaíonn “UTI Fis ísle” an luach is ísle laistigh de raon FUTI;

(4)

ciallaíonn “UTI Fis airde” an luach is airde laistigh de raon FUTI;

(5)

ciallaíonn “luachphointe FUTI” luach an ráta básmhaireachta iascaireachta measta atá bunaithe ar phatrún iascaireachta agus faoi mhéandálaí comhshaoil reatha agus is é a thugann an uastáirgeacht fhadtéarmach;

(6)

ciallaíonn “an raon is ísle de FUTI” raon ina bhfuil luachanna ó UTI Fis ísle suas le luachphointe FUTI;

(7)

ciallaíonn “an raon is airde de FUTI” raon ina bhfuil luachanna ó FUTI suas le luach phointe UTI Fis airde;

(8)

ciallaíonn “Bteorainn” an pointe tagartha maidir le bithmhais stoic sceite arna sholáthar sa chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, go háirithe ó CITM, nó ó chomhlacht eolaíoch neamhspleách comhchosúil atá aitheanta ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar faoina bhun is féidir laghdú a bheith ar acmhainn atáirgthe na stoc éisc;

(9)

ciallaíonn “UTI Bspreagphointe” an pointe tagartha do bhithmhais stoic sceite arna sholáthar sa chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, go háirithe ó CITM nó ó chomhlacht eolaíoch neamhspleách comhchosúil atá aitheanta ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar faoina bhun a dhéanfar gníomhaíocht bhainistíochta shonrach agus iomchuí chun a áirithiú go ndéanfaidh rátaí saothraithe i dteannta éagsúlachtaí nádúrtha stoic a athbhunú thar leibhéil atá in ann UTI a tháirgeadh san fhadtéarma;

(10)

ciallaíonn “na Ballstáit lena mbaineann” na Ballstáit ag a bhfuil leas díreach bainistíochta, eadhon an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an Fhionlainn agus an tSualainn.”

2.

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas in ionad Airteagal 4:

“Airteagal 4

Spriocanna

1.   Maidir leis an spriocbhásmhaireacht iascaireachta atá i gcomhréir le raonta FUTI a shainmhínítear in Airteagal 2, déanfar í a bhaint amach a luaithe is féidir agus ar bhonn forchéimnitheach incriminteach faoi 2020 do na stoic a liostaítear in Airteagal 1(1), agus coinneofar ar bun í uaidh sin amach laistigh de raonta FUTI, i gcomhréir leis an Airteagal sin.

2.   Iarrfar na raonta FUTI sin, bunaithe ar an bplean, go háirithe ar CITM, nó ar chomhlacht eolaíoch neamhspleách comhchosúil atá aitheanta ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nuair a shocraíonn an Chomhairle deiseanna iascaireachta do stoc, déanfaidh sí na deiseanna sin a bhunú laistigh den raon íosta FUTI a bheidh ar fáil an tráth sin don stoc sin.

4.   D'ainneoin mhír 1 agus mír 3, féadfar deiseanna iascaireachta a shocrú ag leibhéil is ísle ná raonta FUTI.

5.   D'ainneoin mhír 3 agus mír 4, féadfar deiseanna iascaireachta a shocrú do stoc i gcomhréir leis an raon uasta FUTI a bheidh ar fáil an uair sin don stoc sin, ar choinníoll go bhfuil an stoc dá dtagraítear in Airteagal 1(1) os cionn UTI Bspreagphointe:

(a)

más rud é, ar bhonn na comhairle nó na fianaise eolaíche, gur gá é sin a dhéanamh chun na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3 i gcás iascaigh ilspeiceas a bhaint amach;

(b)

más rud é, ar bhonn na comhairle nó na fianaise eolaíche, gur gá é sin a dhéanamh chun díobháil thromchúiseach a dhéanfadh dinimic stoic laistigh den aon speiceas amháin nó idir speicis dhifriúla a sheachaint; nó

(c)

chun éagsúlachtaí i ndeiseanna iascaireachta idir blianta as a chéile a theorannú go dtí uasmhéid de 20 %.

6.   In aon chás, déanfar deiseanna iascaireachta a shocrú sa chaoi is go n-áiritheofar gur lú ná 5 % an dóchúlacht go dtitfidh an bhithmhais stoic sceite faoin Bteorainn.”

3.

I gCaibidil III, cuirtear an t-airteagal seo a leanas i ndiaidh Airteagal 4:

“Airteagal 4a

Pointí tagartha caomhnaithe

Bunaithe ar an bplean seo, iarrfar na pointí tagartha caomhnaithe seo a leanas go háirithe ar CITM, nó ar chomhlacht eolaíoch neamhspleách comhchosúil atá aitheanta ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, chun acmhainn iomlán atáirgthe na stoc éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a chosaint:

(a)

UTI Btruicear do na stoic dá dtagraítear in Airteagal 1(1);

(b)

Bteorainn do na stoic éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(1).”;

4.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

“Airteagal 5

Coimircí

1.   I gcás ina léireofar leis an gcomhairle eolaíoch go bhfuil bithmhais stoic sceite aon cheann de na stoic éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(1) faoi bhun UTI Bspreagphointe i mbliain ar leith, glacfar gach beart ceartaitheach iomchuí chun a áirithiú go ndéanfar leibhéil an stoic éisc lena mbaineann a athbhunú go tapa os cionn na leibhéal atá in ann UTI a tháirgeadh. Go háirithe, d'ainneoin Airteagal 4(3), socrófar deiseanna iascaireachta ag leibhéil a bheidh ag teacht le ráta básmhaireachta iascaireachta arna laghdú faoi bhun an raoin is airde de FUTI, ag cur san áireamh an laghdú i mbithmhais.

2.   I gcás ina léireofar leis an gcomhairle eolaíoch go bhfuil bithmhais stoic sceite aon cheann de na stoic éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(1) faoi bhun Bteorainn, déanfar bearta ceartaitheacha breise chun a áirithiú go ndéanfar leibhéil an stoic éisc lena mbaineann a athbhunú go tapa os cionn na leibhéil atá in ann UTI a tháirgeadh. Go háirithe, d'ainneoin Airteagal 4(3), féadfar a áireamh ar na bearta ceartaitheacha sin iascach spriocdhírithe an stoic éisc a chur ar fionraí agus deiseanna iascaireachta a laghdú go leordhóthanach.

3.   Féadfar a áireamh i mbearta ceartaitheacha dá dtagraítear san Airteagal seo:

(a)

bearta éigeandála i gcomhréir le hAirteagal 12 agus Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(b)

bearta de bhun Airteagal 7 agus Airteagal 8 den Rialachán seo.

4.   Déanfar rogha na mbeart dá dtagraítear san Airteagal seo i gcomhréir le cineál, tromchúis, fad agus atriall na staide i gcás inar lú an bhithmhais stoic sceite ná na leibhéil dá dtagraítear in Airteagal 4a.”;

5.

In Airteagal 7, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   Maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá bhforáiltear in Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ní bheidh feidhm aici maidir le hiascaireacht áineasa, lena n-áirítear i gcásanna ina socraíonn an Chomhairle teorainneacha d'iascairí áineasa.”;

6.

Scriostar Iarscríbhinní I agus II.

Airteagal 21

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/973

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/973 mar a leanas:

1.

In Airteagal 9, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“3.   De mhaolú ar Iarscríbhinn XII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 850/98, tá an t-íosmhéid tagartha caomhnaithe le haghaidh ghliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) i roinn 3a CITM socraithe ag 105 mm.

Beidh feidhm ag an mír seo go dtí an dáta ar a scoirfidh Iarscríbhinn XII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 850/98 d'fheidhm a bheith aici.”;

2.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

“Airteagal 11

Forálacha atá nasctha leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír in uiscí an Aontais sa Mhuir Thuaidh

“1.   I gcás stoic uile na speiceas sa Mhuir Thuaidh a bhfuil feidhm ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír faoi Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leo, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo agus le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shonraí na hoibleagáide sin a mhionsonrú, mar a fhoráiltear i bpointí (a) go (e) d'Airteagal 15(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

2.   Maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá bhforáiltear in Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ní bheidh feidhm aici maidir le hiascaireacht áineasa, lena n-áirítear i gcásanna ina socraíonn an Chomhairle teorainneacha i gcomhréir le hAirteagal 10(4) den Rialachán seo.”.

CAIBIDIL XIV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 22

Aisghairmeacha

1.   Aisghairtear na Rialacháin seo a leanas:

(a)

Rialachán (CE) Uimh. 811/2004;

(b)

Rialachán (CE) Uimh. 2166/2005;

(c)

Rialachán (CE) Uimh. 388/2006;

(d)

Rialachán (CE) Uimh. 509/2007;

(e)

Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008.

2.   Déanfar tagairtí do na Rialacháin aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 23

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Bhruiséil, an 19 Márta 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 440, 6.12.2018, lch. 171.

(2)  An seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Feabhra 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 5 Márta 2019.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(4)  Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais muirthimpeallachta (An Treoir um Chreat na Straitéise Muirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 811/2004 ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena mbunaítear bearta chun stoc colmóirí an tuaiscirt a athshlánú (IO L 150, 30.4.2004, lch. 1)

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 2166/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 lena mbunaítear bearta chun stoc colmóirí an deiscirt agus stoic ghliomaigh na hIorua sa Mhuir Chantabrach agus in Uiscí Iarthair Leithinis na hIbéire a athshlánú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 850/98 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint (IO L 345, 28.12.2005, lch. 5)

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 388/2006 ón gComhairle an 23 Feabhra 2006 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do shaothrú inbhuanaithe an stoic sól i mBá na Bioscáine (IO L 65, 7.3.2006, lch. 1)

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 509/2007 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2007 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do shaothrú inbhuanaithe an stoic sól i Muir nIocht Thiar (IO L 122, 11.5.2007, lch. 7)

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 lena mbunaítear plean ilbhliantúil don stoc scadán in uiscí Iarthar na hAlban agus do na hiascaigh a shaothraíonn an stoc sin (IO L 344, 20.12.2008, lch. 6)

(10)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

(11)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(12)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus do na hiascaigh ina saothraítear na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 (IO L 191, 15.7.2016, lch. 1).

(15)  Rialachán (AE) 2018/973 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic ghrinnill sa Mhuir Thuaidh agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír sa Mhuir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 ón gComhairle (IO L 179, 16.7.2018, lch. 1).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Aontais d'fhonn comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 850/98 ón gComhairle an 30 Márta 1998 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint (IO L 125, 27.4.1998, lch. 1).


Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

Tá sé beartaithe ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle na cumhachtuithe chun bearta teicniúla a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe faoi Airteagal 8 den Rialachán seo a aisghairm nuair a bheidh rialachán nua maidir le bearta teicniúla á nglacadh acu lena n-áirítear cumhachtú lena gcumhdaítear na bearta céanna.