|
21.3.2019 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
RIALACHÁN (AE) 2019/452 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 19 Márta 2019
lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Cuireann an infheistíocht dhíreach choigríche leis an bhfás san Aontas trína iomaíochas a fheabhsú, trí phoist agus barainneachtaí scála a chruthú, trí chaipiteal, teicneolaíochtaí, nuálaíocht agus saineolas a thabhairt isteach léi agus trí mhargaí nua d'onnmhairí an Aontais a oscailt. Tacaíonn sí le cuspóirí an Phlean Infheistíochta don Eoraip agus cuireann sí le tionscadail agus le cláir eile de chuid an Aontais. |
|
(2) |
Le hAirteagal 3(5) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), sonraítear go ndéanfaidh an tAontas, ina chaidreamh leis an domhan mór, a chuid luachanna agus leasanna a chumhdach agus a chur chun cinn agus rannchuideoidh sé le cosaint a shaoránach. Anuas air sin, tá timpeallacht oscailte don infheistíocht i réim san Aontas agus sna Ballstáit, atá cumhdaithe sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus leabaithe i ngealltanais idirnáisiúnta an Aontais agus a Bhallstát i ndáil le hinfheistíocht dhíreach choigríche. |
|
(3) |
De bhun na ngealltanas idirnáisiúnta a rinneadh san Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT), san Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, agus sna comhaontuithe trádála agus infheistíochta a tugadh i gcrích le tríú tíortha, tá an tAontas agus na Ballstáit in ann bearta sriantacha a ghlacadh maidir le hinfheistíocht dhíreach choigríche ar fhorais na slándála nó an oird phoiblí, faoi réir ceanglais áirithe. Is le hinfheistíochtaí dhíreacha coigríche isteach san Aontas a bhaineann an creat a bhunaítear leis an Rialachán seo. Is faoi ionstraimí beartais trádála agus infheistíochta eile a thugtar aghaidh ar infheistíocht amach agus ar rochtain ar mhargaí tríú tíortha. |
|
(4) |
Ní dochar an Rialachán seo do cheart na mBallstát maolú ón tsaorghluaiseacht chaipitil dá bhforáiltear i bpointe (b) d'Airteagal 65(1) CFAE. Tá bearta curtha i bhfeidhm ag roinnt Ballstát faoina bhféadfaidh siad srian a chur le gluaiseachtaí sin den chineál sin ar fhorais an bheartais phoiblí nó na slándála poiblí. Léiriú is ea na bearta sin ar chuspóirí agus ábhair imní na mBallstát i ndáil leis an infheistíocht dhíreach choigríche, agus d'fhéadfadh líon beart atá éagsúil ó thaobh raon feidhme agus nós imeachta i a bheith mar thoradh orthu. Ballstáit ar mian leo sásraí den chineál sin a chur i bhfeidhm amach anseo, d'fhéadfadh siad feidhmiú, taithí agus dea-chleachtais na sásraí atá ann cheana a chur san áireamh. |
|
(5) |
Ní ann, ar leibhéal an Aontais faoi láthair, do chreat cuimsitheach le hinfheistíochtaí díreacha coigríche a scagadh ar fhorais na slándála nó an oird phoiblí, cé go bhfuil creataí den sórt sin forbartha cheana féin ag príomhpháirtithe trádála an Aontais. |
|
(6) |
Tagann an infheistíocht dhíreach choigríche faoi réimse an chomhbheartais tráchtála. I gcomhréir le pointe (e) d'Airteagal 3(1) CFAE, is ag an Aontas atá an inniúlacht eisiach i dtaca leis an gcomhbheartas tráchtála. |
|
(7) |
Is den tábhacht deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar i dtaca leis na sásraí um scagadh de chuid na mBallstát ar fhorais na slándála agus an oird phoiblí, agus comhordú agus comhar ar leibhéal an Aontais a áirithiú maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche ar dócha go ndéanfaidh siad difear don tslándáil nó don ord poiblí. Is faoi na Ballstáit amháin atá sé a slándáil náisiúnta a choimirciú, mar a fhoráiltear in Airteagal 4(2) CAE agus ní dochar an creat comhchoiteann sin don mhéid sin. Ina theannta sin, ní dochar é do chosaint a leasanna bunúsacha slándála i gcomhréir le hAirteagal 346 CFAE. |
|
(8) |
Ba cheart, leis an gcreat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche a scagadh agus maidir le comhar, modh a chur ar fáil do Bhallstáit agus don Choimisiún chun aghaidh a thabhairt, go cuimsitheach, ar rioscaí don tslándáil agus don ord poiblí agus chun iad féin a chur in oiriúint do dhálaí athraitheacha, agus an tsolúbthacht is gá a chaomhnú do na Ballstáit, ag an am céanna, maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche a scagadh ar fhorais na slándála agus an oird phoiblí, agus a sonraíochtaí sainiúla agus a ndálaí náisiúnta á gcur san áireamh. Leanfaidh an Ballstát lena mbaineann, agus an Ballstát sin amháin, de bheith freagrach as cinneadh a dhéanamh cibé acu a dhéanfar sásra um scagadh infheistíochta a chur ar bun nó infheistíocht dhíreach choigríche ar leith a scagadh. |
|
(9) |
Ba cheart raon leathan infheistíochtaí lena mbunaítear nó lena gcoinnítear ar bun naisc fhadtéarmacha dhíreacha idir infheisteoirí ó thríú tíortha lena n-áirítear eintitis Stáit, agus gnóthais a mbíonn gníomhaíocht eacnamaíoch ar siúl acu sna Ballstáit a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart, áfach, nach gcumhdódh sé infheistíocht punainne. |
|
(10) |
Ba cheart do na Ballstáit a bhfuil sásra um scagadh i bhfeidhm acu foráil a dhéanamh do na bearta riachtanacha, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun aon dul timpeall ar a sásraí um scagadh agus ar a gcinntí maidir le scagadh. Ba cheart a chumhdach, leis sin, infheistíochtaí ar as críoch an Aontais a thagann siad agus a dhéantar trí bhíthin socruithe saorga nach léiriú ar an bhfíorchás eacnamaíoch iad agus a théann timpeall ar na sásraí um scagadh agus na cinntí maidir le scagadh, i gcás ina bhfuil an t-infheisteoir, ar deireadh, faoi úinéireacht nó faoi rialú duine nádúrtha nó gnóthas ó thríú tír. Ní dochar an méid sin don tsaoirse bhunaíochta agus do shaorghluaiseacht chaipitil atá cumhdaithe in CFAE. |
|
(11) |
Ba cheart go mbeadh sé indéanta do na Ballstáit rioscaí don tslándáil nó don ord poiblí, a eascraíonn as athruithe suntasacha ar an struchtúr úinéireachta nó ar phríomhghnéithe infheisteora coigríche, a mheasúnú. |
|
(12) |
D'fhonn treoir a thabhairt do na Ballstáit agus don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, is iomchuí liosta tosca a thabhairt a d'fhéadfaí a chur san áireamh agus é á chinneadh acu an dócha go ndéanfaidh infheistíocht dhíreach choigríche difear don tslándáil nó don ord poiblí. A bhuí leis an liosta sin, cuirfear feabhas freisin ar thrédhearcacht shásraí um scagadh de chuid na mBallstát d'infheisteoirí a bhfuil rún acu infheistíochtaí díreacha coigríche a dhéanamh san Aontas nó a rinne amhlaidh cheana. Ba cheart gur liosta neamh-uileghabhálach a bheadh fós sa liosta de thosca a d'fhéadfadh difear a dhéanamh don tslándáil nó don ord poiblí. |
|
(13) |
Agus cinneadh á dhéanamh acu an bhféadfaidh infheistíocht dhíreach choigríche difear a dhéanamh don tslándáil nó don ord poiblí, ba cheart go mbeadh sé indéanta ag na Ballstáit agus an Coimisiún cuimhneamh ar na tosca ábhartha uile, lena n-áirítear na héifeachtaí ar bhonneagar criticiúil, teicneolaíochtaí, eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin san áireamh, agus ionchuir atá riachtanach don tslándáil nó chun an t-ord poiblí a choimeád, agus as a dtiocfadh mórthionchar d'aon Bhallstát nó don Aontas dá ndéanfaí iad a shuaitheadh, a chailleadh, a dhíothú nó dá dteipfeadh orthu. I ndáil leis sin, ba cheart go mbeadh sé indéanta ag na Ballstáit agus an Coimisiún freisin comhthéacs agus imthosca na hinfheistíochta dírí coigríche a chur san áireamh, go háirithe i gcás ina mbeadh infheisteoir coigríche faoi rialú díreach nó indíreach tríú tír, mar shampla, trí bhíthin cistiú suntasach, lena n-áirítear fóirdheontais, nó ina mbeadh tionscadail nó cláir eachtracha, atá faoi stiúir an Stáit, á saothrú aige. |
|
(14) |
D'fhéadfadh na Ballstáit nó an Coimisiún a mheas, de réir mar is iomchuí, faisnéis ábhartha a fuarthas ó oibreoirí eacnamaíocha, ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta, nó ó chomhpháirtithe sóisialta amhail ceardchumainn, a bhaineann le hinfheistíocht dhíreach choigríche ar dócha go ndéanfaidh sí difear don tslándáil nó don ord poiblí. |
|
(15) |
Is iomchuí eilimintí riachtanacha an chreata nós imeachta maidir le scagadh infheistíochtaí dírí coigríche arna dhéanamh ag Ballstát a leagan síos ionas go mbeidh tuiscint ag infheisteoirí, ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit eile ar an gcaoi ar dócha go ndéanfar infheistíochtaí den chineál sin a scagadh. Ba cheart a áireamh ar na heilimintí sin, ar a laghadh, creatanna ama le haghaidh an scagtha agus deis a bheith ag infheisteoirí coigríche cúlárach a iarraidh in aghaidh cinntí maidir le scagadh. Ba cheart rialacha agus nósanna imeachta a bhaineann le sásraí um scagadh a bheith trédhearcach agus níor cheart aon idirdhealú a dhéanamh leo idir tríú tíortha. |
|
(16) |
Ba cheart sásra a chur ar bun lena gcuirtear ar chumas na mBallstát comhoibriú agus cuidiú le chéile i gcás ina bhféadfadh infheistíocht dhíreach choigríche i mBallstát amháin difear a dhéanamh don tslándáil agus don ord poiblí i mBallstáit eile. Ba cheart go mbeadh sé indéanta ag na Ballstáit a bheith in ann barúlacha a chur ar fáil do Bhallstát ina bhfuil sé beartaithe infheistíocht dhíreach choigríche den sórt sin a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin, is cuma sásra um scagadh a bheith i bhfeidhm ag an mBallstát sin, nó scagadh a bheith á dhéanamh aige ar infheistíocht den sórt sin. Ba cheart iarrataí ar fhaisnéis, freagraí agus barúlacha na mBallstát a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún freisin. Ba cheart é a bheith indéanta ag an gCoimisiún, más iomchuí, barúil a thabhairt uaidh de réir bhrí Airteagal 288 CFAE don Bhallstát ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin. Ba cheart go mbeadh sé indéanta ag Ballstát freisin a iarraidh ar an gCoimisiún tuairim a eisiúint nó a iarraidh ar Bhallstáit eile barúlacha a chur ar fáil maidir le hinfheistíocht dhíreach choigríche atá á déanamh ar a chríoch féin. |
|
(17) |
I gcás ina bhfaighidh Ballstát barúlacha ó Bhallstáit eile nó tuairim ón gCoimisiún, ba cheart aird iomchuí a thabhairt ar bharúlacha nó tuairimí den sórt sin, i gcás inarb iomchuí, de bhíthin bearta atá ar fáil faoina dhlí náisiúnta, nó maidir le ceapadh a bheartais i gcoitinne, i gcomhréir le dualgas an chomhair dhílis a leagtar síos in Airteagal 4(3) CAE. Is ar an mBallstát ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin, agus ar an mBallstát sin amháin, a bheidh an fhreagracht an cinneadh deiridh a dhéanamh i dtaca le haon infheistíocht dhíreach choigríche ar a bhfuil scagadh á dhéanamh nó i dtaca le haon bhearta a ghlacfar maidir le hinfheistíocht dhíreach choigríche nach bhfuil scagadh á dhéanamh air. |
|
(18) |
Níor cheart an sásra comhair a úsáid ach chun an tslándáil nó an t-ord poiblí a chosaint. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit údar cuí a thabhairt le haon iarraidh a dhéanfaidh siad ar fhaisnéis maidir le hinfheistíocht dhíreach choigríche i mBallstát eile, agus le haon bharúil a sheolfaidh siad chuig an mBallstát sin. Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais chéanna i gcás ina n-iarrann an Coimisiún faisnéis faoi infheistíocht dhíreach choigríche ar leith nó ina dtugann sé tuairim do Bhallstát. Ina theannta sin, is den tábhachtach go gcomhlíontar na ceanglais sin i gcás ina dtéann infheisteoir de chuid Ballstáit in iomaíocht le hinfheisteoirí tríú tíre chun infheistíocht a dhéanamh i mBallstát eile, amhail sócmhainní a fháil. |
|
(19) |
Ar a bharr sin, ba cheart é a bheith indéanta ag an gCoimisiún tuairim a thabhairt de réir bhrí 288 CFAE maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche ar dócha go ndéanfaidh siad difear, ar fhorais na slándála nó an oird phoiblí do thionscadail nó do chláir atá chun leasa an Aontais. A bhuí leis sin bheadh uirlis ag an gCoimisiún le tionscadail agus cláir atá chun leasa an Aontais a chosaint, ar tionscadail agus cláir iad a fhónann don Aontas ina iomláine agus a chuireann leis an Aontas ar bhealach tábhachtach i dtaca le fás eacnamaíoch, poist agus iomaíochas de. Ba cheart a áireamh air sin go háirithe tionscadail nó cláir a fuair cistiú suntasach ón Aontas nó a bunaíodh le dlí an Aontais maidir le bonneagar criticiúil, teicneolaíochtaí criticiúla nó ionchuir chriticiúla. Ba cheart, na tionscadail nó na cláir sin atá chun leasa an Aontais a liostáil sa Rialachán seo. Ba cheart tuairim a chuirtear chuig Ballstát a chur go comhuaineach chuig na Ballstáit eile freisin. Ba cheart don Bhallstát lánaird a thabhairt ar an tuairim sin a fuarthas ón gCoimisiún, i gcás inarb infheidhme, de bhíthin bearta atá ar fáil faoina dhlí náisiúnta, nó i gcás cheapadh a bheartais i gcoitinne, agus míniú a thabhairt don Choimisiún i gcás nach leanfaidh sé an tuairim sin, i gcomhréir le dualgas an chomhair dhílis atá air faoi Airteagal 4(3) CAE. Is ar an mBallstát a bhfuil infheistíocht dhíreach choigríche le déanamh nó déanta ann, agus ar an mBallstát sin amháin, a bheidh an fhreagracht an cinneadh deiridh i dtaca le haon infheistíocht dhíreach choigríche ar a bhfuil scagadh á dhéanamh nó aon bhearta a ghlactar maidir le hinfheistíocht dhíreach choigríche nach bhfuil scagadh á dhéanamh air. |
|
(20) |
Ionas gur féidir forbairtí a bhaineann le tionscadail agus cláir atá chun leasa an Aontais a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun liosta na dtionscadal agus na gclár atá chun leasa an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (4). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus tá rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(21) |
Ionas gur mó an deimhneacht a thabharfar do na hinfheisteoirí, ba cheart é a bheith indéanta ag na Ballstáit barúlacha a chur ar fáil agus ba cheart é a bheith indéanta ag an gCoimisiún tuairim a eisiúint maidir le hinfheistíochtaí a rinneadh nach bhfuil scagadh á dhéanamh orthu go ceann tréimhse atá teoranta do 15 mhí ó rinneadh an infheistíocht dhíreach choigríche sin. Níor cheart an sásra comhair a bheith infheidhme i gcás infheistíochtaí díreacha coigríche a rinneadh roimh 10 Aibreán 2019. |
|
(22) |
Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún maidir lena sásraí um scagadh agus maidir le haon leasú orthu sin agus tuairisciú go rialta ar chur i bhfeidhm a sásraí um scagadh ar bhonn bliantúil, lena n-áirítear maidir le cinntí lena gcuirtear infheistíochtaí díreacha coigríche faoi réir coinníollacha nó bearta maolúcháin, maidir le cinntí lena gceadaítear sin nó lena dtoirmisctear sin, agus maidir leis na cinntí faoi infheistíochtaí díreacha coigríche ar dócha go ndéanfaidh siad difear do thionscadail nó do chláir atá chun leasa an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit uile tuarascáil ar na hinfheistíochtaí díreacha coigríche a rinneadh ar a gcríoch féin a chur i láthair freisin ar bhonn na faisnéise atá ar fáil dóibh. D'fhonn feabhas a chur ar cháilíocht agus inchomparáideacht na faisnéise a chuirfidh na Ballstáit ar fáil mar aon le héascú a dhéanamh ar chomhlíonadh an fhógra agus na n-oibleagáidí tuairiscithe, cuirfidh an Coimisiún foirmeacha caighdeánacha ar fáil, agus breathnóidh siad, inter alia, ar fhoirmeacha ábhartha ar chun críche tuairisciú do Eurostat iad, i gcás inarb iomchuí. |
|
(23) |
D'fhonn éifeachtacht an tsásra comhair a áirithiú, is den tábhacht freisin íosleibhéal faisnéise agus comhordúcháin a áirithiú i ndáil le hinfheistíochtaí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo sna Ballstáit uile. Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis sin a chur ar fáil maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche ar a bhfuil scagadh á dhéanamh, mar aon leis, arna iarraidh sin, infheistíochtaí díreacha coigríche eile. Ba cheart a áirimh san fhaisnéis is ábhartha gnéithe amhail struchtúr úinéireachta an infheisteora coigríche agus maoiniú na hinfheistíochta atá le déanamh nó déanta, lena n-áirítear, nuair is ann di, faisnéis faoi mhaoiniú na hinfheistíochta lena n-áirítear fóirdheontais arna dtabhairt ag tríú tíortha. Ba cheart go bhféachfadh na Ballstáit le faisnéis chruinn chuimsitheach iontaofa a chur ar fáil. |
|
(24) |
Arna iarraidh sin do Bhallstát ina bhfuil sé beartaithe infheistíocht dhíreach choigríche a dhéanamh nó ina ndearnadh infheistíocht dhíreach choigríche, ba cheart don infheisteoir coigríche nó don ghnóthas lena mbaineann an fhaisnéis a iarradh a chur ar fáil. I gcás nach mbeidh Ballstát in ann an fhaisnéis sin a fháil, in ainneoin a dhícheall, de dheasca imthosca eisceachtúla, ba cheart dó fógra a thabhairt do na Ballstáit nó don Choimisiún gan mhoill. I gcás den sórt sin, aon bharúil a eiseoidh Ballstát eile nó aon tuairim a eiseoidh an Coimisiún faoi raon feidhme an tsásra comhair, ba cheart go mbeadh sé indéanta í a bhunú ar bhonn na faisnéise atá ar fáil dóibh. |
|
(25) |
Agus an fhaisnéis arna hiarraidh á cur ar fáil, beidh ar na Ballstát dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta a chomhlíonann dlí an Aontais, a chomhlíonadh. |
|
(26) |
Ba cheart an chumarsáid agus an comhar ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Aontais a fheabhsú trí phointe teagmhála a bhunú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme i ngach Ballstát agus sa Choimisiún. |
|
(27) |
Ba cheart na pointí teagmhála arna mbunú ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún a chur laistigh den riarachán faoi seach ar bhealach iomchuí, agus ba cheart foireann cháilithe a bheith acu mar aon leis na cumhachtaí is gá chun a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú faoin sásra um chomhordú agus chun láimhseáil cheart faisnéise rúnda a áirithiú. |
|
(28) |
Ba cheart do ghrúpa saineolaithe an Choimisiúin, arb iad atá ann ionadaithe ó na Ballstáit, tacú le forbairt agus le cur chun feidhme beartas cuimsitheach éifeachtach maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas Eorpach, arna bhunú le Cinneadh an 29 Samhain 2017 ón gCoimisiún (5). a scagadh. Ba cheart don ghrúpa sin saincheisteanna a bhaineann le hinfheistíochtaí díreacha coigríche a scagadh a phlé, go háirithe, dea-chleachtais agus ceachtanna a fhoghlaimíodh a roinnt, agus tuairimí faoi threochtaí agus saincheisteanna leasa choitinn a bhaineann le hinfheistíochtaí díreacha coigríche a mhalartú agus saincheisteanna sistéamacha i ndáil leis an Rialachán seo a chur chun feidhme a mheas. Ba cheart don Choimisiún a bhreithniú a dhéanamh i dtaca le dul i gcomhairle leis an ngrúpa saineolaithe i dtaca le dréachtghníomhartha tarmligthe i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. |
|
(29) |
Ba cheart na Ballstáit agus an Coimisiún a spreagadh chun obair i gcomhar le húdaráis fhreagracha na dtríú tíortha atá ar aon intinn maidir le saincheisteanna a bhaineann le hinfheistíochtaí díreacha coigríche ar dócha go ndéanfaidís difear don tslándáil dó don ord poiblí, a scagadh. Ba cheart í a bheith mar aidhm leis an comhar riaracháin sin éifeachtacht an chreata a neartú lena ndéanfaidh na Ballstáit scagadh ar infheistíochtaí díreacha coigríche agus lena ndéanfar comhar de bhun an Rialacháin seo idir na Ballstáit agus an Coimisiún. Ba cheart go mbeadh sé indéanta don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar a dtarlaíonn maidir le sásraí um scagadh i dtríú tíortha freisin. |
|
(30) |
Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún na bearta uile is gá a ghlacadh chun cosaint na faisnéise rúnda agus na faisnéise íogaire eile a áirithiú i gcomhréir, go háirithe, le Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún (6), Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún (7) agus an Comhaontú idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cosaint faisnéise rúnaicmithe a mhalartaítear ar mhaithe le leas an Aontais Eorpaigh (8). Áirítear leis seo, go háirithe, an oibleagáid gan faisnéis rúnaicmithe a íosghrádú nó a scaoileadh ón rúnaicmiú gan toiliú i scríbhinn roimh ré ón tionscnóir (9). Aon fhaisnéis atá de chineál íogair ach nach bhfuil rúnaicmithe nó aon fhaisneis a chuirtear ar fáil ar bhonn rúnda, ba cheart do na húdaráis í a láimhseáil amhlaidh. |
|
(31) |
Ba cheart aon phróiseáil sonraí pearsanta de bhun an Rialacháin seo a bheith i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta. Ba cheart do na pointí teagmhála agus do na heintitis eile laistigh de na Ballstáit próiseáil sonraí pearsanta a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Ba cheart don Choimisiún próiseáil sonraí pearsanta a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). |
|
(32) |
Ar bhonn, inter alia, na dtuarascálacha arna dtíolacadh ag na Ballstáit go léir, agus aird chuí á tabhairt ar chineál rúnda faisnéise áirithe a áirítear sna tuarascálacha sin, ba cheart don Choimisiún tuarascáil bhliantúil a dhréachtú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus í a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. De ghrá na trédhearcachta, ba cheart an tuarascáil a chur ar fáil don phobal. |
|
(33) |
Ba cheart an deis a bheith ag Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún teacht chuig cruinniú dá coiste atá freagrach chun saincheisteanna sistéamacha a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur i láthair agus a mhíniú. |
|
(34) |
Faoin 12 Deireadh Fómhair 2023 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú agus éifeachtacht an Rialacháin seo agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Ba cheart a mheasúnú sa tuarascáil sin an éilítear leasú ar an Rialachán seo. I gcás ina moltar sa tuarascáil sin go leasófaí an Rialachán seo, féadfaidh, más iomchuí, togra reachtach a bheith ag gabháil leis. |
|
(35) |
Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis na ceanglais ábhartha maidir le bearta sriantacha a fhorchur ar fhoras na slándála agus an oird phoiblí atá i gcomhaontuithe EDT, lena n-áirítear, go háirithe Airteagal XIV (a) agus Airteagal XIV bis den Chomhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí (12) (GATS). Ba cheart dó dlí an Aontais a chomhlíonadh freisin agus ba cheart é a bheith i gcomhréir leis na gealltanais a tugadh faoi chomhaontuithe eile trádála agus infheistíochta ar comhpháirtithe iontu iad an tAontas nó na Ballstáit agus faoi chomhshocruithe trádála agus infheistíochta inar páirtithe iad an tAontas agus na Ballstáit. |
|
(36) |
Más é atá san infheistíocht dhíreach choigríche comhchruinniú a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (13) ón gComhairle, ba cheart nár dhochar cur chun feidhme an Rialacháin seo do chur i bhfeidhm Airteagal 21(4) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004. Ba cheart an Rialachán seo agus Airteagal 21(4) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach. A mhéid atá raon feidhme an dá rialachán sin, faoi seach, ag forluí ar a chéile, ba cheart na forais atá leis an scagadh a leagtar amach in Airteagal 1 den Rialachán seo agus coincheap na leasanna dlisteanacha de réir bhrí na tríú míre d'Airteagal 21(4) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, ba cheart iad a léiriú ar bhealach comhleanúnach, gan dochar don mheasúnú ar a mhéid atá na bearta náisiúnta atá dírithe ar na leasanna sin a chosaint comhoiriúnach do phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus d'fhorálacha eile de dhlí an Aontais. |
|
(37) |
Ní dhéanann an Rialachán seo difear do rialacha an Aontais maidir le measúnú stuamachta ar shealúchais cháilitheacha san earnáil airgeadais a fháil, ar nós imeachta ar leith é lena bhfuil cuspóir sonrach (14). |
|
(38) |
Tá an Rialachán seo comhsheasmhach leis na nósanna imeachta eile um fhógra a thabhairt agus um scagadh arna leagan amach i ndlí earnálach an Aontais agus ní dochar dóibh é, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Bunaítear creat leis an Rialachán seo don scagadh a dhéanfaidh na Ballstáit ar infheistíochtaí díreacha coigríche a thagann isteach san Aontas ar fhorais na slándála nó an oird phoiblí agus do shásra comhair idir na Ballstáit, agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún, i ndáil le hinfheistíochtaí díreacha coigríche ar dócha go ndéanfaidh siad difear don tslándáil nó don ord poiblí. Faoin Rialachán seo, tá an fhéidearthacht ag an gCoimisiún tuairimí a eisiúint i dtaca leis na hinfheistíochtaí sin.
2. Ní dochar an Rialachán don fhreagracht atá ar gach Ballstát faoi leith, agus ar an mBallstát sin amháin, as a shlándáil náisiúnta, faoi mar a fhoráiltear dó in Airteagal 4(2) CAE, ná don cheart atá ag gach Ballstát faoi leith a leasanna bunúsacha slándála a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 346 CFAE.
3. Ní chuirfidh aon rud sa Rialachán seo teorainn le ceart gach Ballstáit cinneadh a dhéanamh cibé acu a dhéanfaidh sé infheistíocht dhíreach choigríche ar leith a scagadh faoi chuimsiú an Rialacháin seo.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn “infheistíocht dhíreach choigríche” infheistíocht d'aon sórt arna déanamh ag infheisteoir coigríche atá dírithe ar naisc fhadtéarmacha dhíreacha a bhunú nó a choinneáil ar bun idir an t-infheisteoir coigríche agus an fiontraí dá gcuirtear an caipiteal ar fáil chun gníomhaíocht eacnamaíoch a dhéanamh i mBallstát, lena n-áirítear infheistíochtaí a chumasaíonn rannpháirtíocht éifeachtach i mbainistiú nó i rialú cuideachta atá i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch; |
|
(2) |
ciallaíonn “infheisteoir coigríche” duine nádúrtha de chuid tríú tír nó gnóthas de chuid tríú tír, a bhfuil sé ar intinn aige infheistíocht dhíreach choigríche a dhéanamh nó a bhfuil infheistíocht dhíreach choigríche déanta aige; |
|
(3) |
ciallaíonn “scagadh” nós imeachta lenar féidir infheistíochtaí díreacha coigríche a mheasúnú, a imscrúdú, a údarú, coinníollacha a chur leo, iad a thoirmeasc nó a leachtú; |
|
(4) |
ciallaíonn “sásra um scagadh” ionstraim a bhfuil feidhm ghinearálta aici, amhail dlí nó rialachán, agus ceanglais riaracháin, rialacha cur chun feidhme nó treoirlínte a ghabhann leo, lena leagtar amach na téarmaí, na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche a mheasúnú, a imscrúdú, a údarú, a thoirmeasc nó a leachtú, nó maidir le coinníoll a fhorchur i leith infheistíochtaí dhíreacha coigríche, ar fhorais na slándála nó an oird phoiblí; |
|
(5) |
ciallaíonn “infheistíocht dhíreach choigríche ar a bhfuil scagadh á déanamh” infheistíocht dhíreach choigríche ar a bhfuil measúnú nó imscrúdú foirmiúil á dhéanamh de bhun sásra um scagadh; |
|
(6) |
ciallaíonn “cinneadh maidir le scagadh” beart arna ghlacadh i dtaca le sásra um scagadh a chur i bhfeidhm; |
|
(7) |
ciallaíonn “gnóthas de chuid tríú tír” gnóthas arna chomhdhéanamh nó arna eagrú ar bhealach eile faoi dhlíthe tríú tír. |
Airteagal 3
Sásraí um scagadh de chuid na mBallstát
1. I gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfaidh na Ballstáit, ar fhorais na slándála nó an oird phoiblí, sásraí um scagadh a dhéanamh ar infheistíochtaí díreacha coigríche ina gcríoch féin a chothabháil, a leasú nó a ghlacadh.
2. Beidh rialacha agus nósanna imeachta a bhaineann le sásraí um scagadh, lena n-áirítear creatanna ama ábhartha, trédhearcach agus ní dhéanfar aon idirdhealú leo idir tríú tíortha. Go háirithe, leagfaidh na Ballstáit amach na dálaí ina ndéantar an scagadh a ghníomhachtú, na forais atá leis an scagadh agus na rialacha nós imeachta is infheidhme.
3. Cuirfidh na Ballstáit creatanna ama i bhfeidhm faoina sásraí um scagadh. Cuirfidh na sásraí um scagadh ar chumas na mBallstát barúlacha Ballstát eile dá dtagraítear in Airteagal 6 agus in Airteagal 7 agus tuairimí an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 6, Airteagal 7 agus Airteagal 8 a chur san áireamh.
4. Cosnófar faisnéis rúnda, lena n-áirítear faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de, a chuirtear ar fáil don Bhallstát a rachaidh i mbun an scagtha.
5. Beidh an fhéidearthacht ag na hinfheisteoirí coigríche agus na gnóthais choigríche lena mbaineann cúlárach a iarraidh in aghaidh cinntí maidir le scagadh arna ndéanamh ag na húdaráis náisiúnta.
6. Déanfaidh na Ballstáit a bhfuil sásra um scagadh i bhfeidhm acu bearta a chothabháil, a leasú nó a ghlacadh atá riachtanach chun na sásraí um scagadh agus na cinntí maidir le scagadh a shainaithint agus chun nach bhféadfar dul timpeall ar na sásraí ná na cinntí sin.
7. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na sásraí um scagadh atá acu i láthair na huaire faoin 10 Bealtaine 2019. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon sásra um scagadh nua a ghlacfar nó aon leasú ar shásra um scagadh arbh ann dó cheana faoi cheann 30 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an tsásra um scagadh nua a ghlacfar nó aon leasaithe ar shásra um scagadh arbh ann dó cheana.
8. Tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis na fógraí dá dtagraítear i mír 7 a fháil, cuirfidh an Coimisiún liosta de shásraí um scagadh de chuid na mBallstát ar fáil don phobal. Coimeádfaidh an Coimisiún an liosta sin cothrom le dáta.
Airteagal 4
Tosca a fhéadfaidh na Ballstáit nó an Coimisiún a chur san áireamh
1. Agus é á chinneadh an dócha go ndéanfaidh infheistíocht dhíreach choigríche difear don tslándáil nó don ord poiblí, féadfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún na héifeachtaí a d'fhéadfadh a bheith aici sin ar na nithe seo a leanas, inter alia, a chur san áireamh:
|
(a) |
bonneagar criticiúil, bíodh sé fisiciúil nó fíorúil, lena n-áirítear bonneagar fuinnimh, iompair, uisce, sláinte, cumarsáide, meán, próiseála nó stórála sonraí, aeraspáis, cosanta, toghcháin nó airgeadais, agus saoráidí íogaire, mar aon le talamh agus eastát réadach atá ríthábhachtach chun an bonneagar sin a úsáid; |
|
(b) |
teicneolaíochtaí criticiúla agus ítimí dé-úsáide mar a shainmhínítear i bpointe 1 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle (15), lena n-áirítear teicneolaíochtaí intleachta saorga, róbataice, leathsheoltóirí cibearshlándála, aeraspáis, cosanta, stórála fuinnimh, agus teicneolaíochtaí candamacha agus núicléacha mar aon le nanaitheicneolaíochtaí agus biththeicneolaíochtaí; |
|
(c) |
soláthar na n-ionchur criticiúil, lena n-áirítear fuinneamh nó amhábhair, mar aon le slándáil bia; |
|
(d) |
rochtain ar fhaisnéis íogair, lena n-áirítear sonraí pearsanta, nó an cumas an fhaisnéis sin a rialú; nó |
|
(e) |
saoirse agus iolrachas na meán. |
2. Agus é á chinneadh an dócha go ndéanfaidh infheistíocht dhíreach choigríche difear don tslándáil nó don ord poiblí, féadfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún na nithe seo a leanas, go háirithe, a chur san áireamh freisin:
|
(a) |
an bhfuil an t-infheisteoir coigríche faoi rialú díreach nó indíreach rialtais tríú tír, lena n-áirítear comhlachtaí stáit nó fórsaí armtha, tríú tír, lena n-áirítear trí struchtúr úinéireachta nó trí chistiú suntasach; |
|
(b) |
an raibh an t-infheisteoir coigríche rannpháirteach cheana féin i ngníomhaíochtaí lena ndearnadh difear do shlándáil nó ord poiblí i mBallstát; nó |
|
(c) |
an bhfuil riosca tromchúiseach ann go mbíonn an t-infheisteoir coigríche rannpháirteach i ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó coiriúla. |
Airteagal 5
Tuairisciú bliantúil
1. Faoin 31 Márta gach bliain, tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil don Choimisiún ina gclúdófar an bhliain féilire roimhe sin, ar tuarascáíl í ina n-áireofar faisnéis chomhiomlánaithe maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche a rinneadh ar a gcríoch, ar bhonn faisnéis a bheidh ar fáil dóibh, chomh maith le faisnéis chomhiomlánaithe maidir leis na hiarrataí a fuarthas ó na Ballstáit de bhun Airteagal 6(6) agus Airteagal 7(5).
2. Maidir le gach tréimhse tuairiscithe, déanfaidh na Ballstáit ag a bhfuil sásraí um scagadh á gcothabháil, de bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear mír, 1 faisnéis chomhiomlánaithe a chur ar fáil i dtaca le cur i bhfeidhm a sásraí um scagadh.
3. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a sholáthar go bliantúil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.
4. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún teacht chuig cruinniú dá coiste atá freagrach chun saincheisteanna sistéamacha a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur i láthair agus a mhíniú.
Airteagal 6
Sásra comhair maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche ar a bhfuil scagadh a dhéanamh
1. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi aon infheistíocht dhíreach choigríche ar a gcríoch atá á scagadh tríd an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(2) den Rialachán seo a sholáthar a luaithe is féidir. Féadfar a áireamh san fhógra liosta na mBallstát a meastar gur dócha go ndéanfar difear don tslándáil nó don ord poiblí iontu. Mar chuid den fhógra sin, agus más infheidhme, déanfaidh an Ballstát a dhéanann an scagadh iarracht a chur in iúl an measann sé gur dócha go dtiocfaidh an infheistíocht dhíreach choigríche ar a bhfuil scagadh á dhéanamh faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 139/2004.
2. I gcás ina measann Ballstát gur dócha go ndéanfaidh infheistíocht dhíreach choigríche ar a bhfuil scagadh á dhéanamh i mBallstát eile difear don tslándáil nó don ord poiblí ann, nó má tá faisnéis aige atá ábhartha don scagadh sin, féadfaidh sé barúlacha a chur ar fáil don Bhallstát atá i mbun an scagtha. Cuirfidh an Ballstát na barúlacha sin chuig an gCoimisiún ag an am céanna.
Tabharfaidh an Coimisiún fógra do na Ballstáit eile á rá gur tugadh barúlacha.
3. I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur dócha go ndéanfaidh infheistíocht dhíreach choigríche, ar a bhfuil scagadh á dhéanamh, difear don tslándáil nó don ord poiblí i níos mó ná Ballstát amháin, nó i gcás ina bhfuil faisnéis ábhartha aige maidir leis an infheistíocht dhíreach choigríche sin, féadfaidh sé tuairim a thabhairt uaidh don Bhallstát atá i mbun an scagtha. Féadfaidh an Coimisiún tuairim a thabhairt uaidh is cuma cé acu a thug Ballstáit eile barúlacha uathu nó nár thug. Féadfaidh an Coimisiún tuairim a thabhairt uaidh tar éis barúlacha a fháil ó Bhallstáit eile. Tabharfaidh an Coimisiún tuairim uaidh i gcás ina mbeidh bonn cirt leis sin, má mheasann ar a laghad aon trian de na Ballstáit gur dócha go ndéanfadh infheistíocht dhíreach choigríche difear don tslándáil nó don ord poiblí.
Tabharfaidh an Coimisiún fógra do na Ballstáit eile á rá gur eisíodh tuairim.
4. Ballstát a mheasann ar bhealach iomchuí gur dócha go ndéanfaidh infheistíocht dhíreach choigríche ina chríoch difear don tslándáil nó don ord poiblí, féadfaidh sé iarraidh ar an gCoimisiún tuairim a thabhairt uaidh nó féadfaidh sé iarraidh ar Bhallstáit eile barúlacha a chur ar fáil.
5. Beidh bonn cirt leis na barúlacha dá dtagraítear i mír 2 agus leis na tuairimí dá dtagraítear i mír 3.
6. Tráth nach déanaí ná 15 lá féilire tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil, tabharfaidh na Ballstáit eile agus an Coimisiún fógra don Bhallstát atá i mbun an scagtha go bhfuil sé ar intinn acu barúlacha a chur ar fáil de bhun mhír 2 nó tuairim de bhun mhír 3. Féadfar a áireamh san fhógra iarraidh ar fhaisnéis sa bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1.
Beidh bonn cirt le haon iarraidh ar fhaisnéis bhreise, agus í teoranta d'fhaisnéis a bheidh riachtanach chun barúlacha a chur ar fáil de bhun mhír 2, nó chun tuairim a eisiúint de bhun mhír 3, comhréireach le cuspóir na hiarrata agus ní chuirfear ualach míchuí ar an mBallstát a rachaidh i mbun an scagtha. Cuirfear iarrataí ar fhaisnéis agus na freagraí a chuirfidh na Ballstáit ar fáil chuig an gCoimisiún go comhuaineach.
7. Déanfar barúlacha dá dtagraítear i mír 2 nó tuairimí dá dtagraítear i mír 3 a dhíriú faoi cheann tréimhse réasúnta chuig an mBallstát atá i mbun an scagtha, agus déanfar iad a chur chucu in aon chás tráth nach déanaí ná 35 lá féilire tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil.
D'ainneoin na chéad fomhíre, más rud é gur iarradh faisnéis bhreise de bhun mhír 6, eiseofar barúlacha nó tuairimí den sórt sin tráth nach déanaí ná 20 lá féilire tar éis an fhaisnéis bhreise nó an fhógra sin a fháil de bhun Airteagal 9(5).
D'ainneoin mhír 6, féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint tar éis barúlacha a fháil ó Bhallstáit eile nuair is féidir laistigh de na spriocamanna dá dtagraítear sa mhír seo, agus in aon chás tráth nach déanaí ná cúig lá féilire tar éis do na spriocamanna sin dul in éag.
8. Sa chás eisceachtúil ina measann an Ballstát a bhfuil an scagadh á dhéanamh aige go n-éilítear gníomh láithreach leis an tslándáil nó leis an ord poiblí, tabharfaidh sé fógra do na Ballstáit eile agus don Choimisiún go bhfuil sé ar intinn aige cinneadh maidir le scagadh a eisiúint roimh na creatanna ama dá dtagraítear i mír 7 agus tabharfaidh sé bonn cirt leis an ngá atá le gníomh láithreach. Déanfaidh na Ballstáit eile agus an Coimisiún a ndícheall barúlacha a chur ar fáil nó tuairim a eisiúint go gasta.
9. Tabharfaidh an Ballstát a bhfuil an scagadh á dhéanamh aige an aird chuí ar bharúlacha na mBallstát eile dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus ar an tuairim ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 3. Is é an Ballstát a bhfuil an scagadh á dhéanamh aige a dhéanfaidh an cinneadh deireadh maidir leis an scagadh.
10. An comhar leis na Ballstáit de bhun an Airteagail seo, déanfar é trí na pointí teagmhála a bhunaítear i gcomhréir le Airteagal 11.
Airteagal 7
Sásra comhair maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche nach bhfuil scagadh á dhéanamh orthu
1. I gcás ina measfaidh Ballstát gur dócha go ndéanfaidh infheistíocht dhíreach choigríche atá beartaithe nó a rinneadh i mBallstát eile, nach bhfuil scagadh á dhéanamh air sa Bhallstát sin, difear don tslándáil nó don ord poiblí, nó i gcás ina bhfuil faisnéis ábhartha aige maidir leis an infheistíocht dhíreach choigríche sin, féadfaidh sé barúlacha a chur ar fáil uaidh don Bhallstát eile sin. Déanfaidh an Ballstát a chuireann barúlacha ar fail na barúlacha sin a chur chuig an gCoimisiún ag an am céanna.
Tabharfaidh an Coimisiún fógra do na Ballstáit eile á rá gur cuireadh barúlacha ar fáil.
2. I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur dócha go ndéanfaidh infheistíocht dhíreach choigríche, atá beartaithe nó a rinneadh i mBallstát, nach bhfuil scagadh á dhéanamh air sa Bhallstát sin, difear don tslándáil nó don ord poiblí i níos mó ná Ballstát amháin, nó i gcás ina bhfuil faisnéis ábhartha aige maidir leis an infheistíocht dhíreach choigríche sin, féadfaidh sé tuairim a thabhairt uaidh don Bhallstát a bhfuil infheistíocht dhíreach choigríche beartaithe nó déanta ann. Féadfaidh an Coimisiún tuairim a thabhairt uaidh is cuma cé acu a thug na Ballstáit eile barúlacha uathu nó nár thug. Féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint tar éis barúlacha a fháil ó Bhallstáit eile. Eiseoidh an Coimisiún tuairim i gcás ina mbeidh bonn cirt leis sin, má mheasann ar a laghad aon trian de na Ballstáit gur dócha go ndéanfaidh infheistíocht dhíreach choigríche difear don tslándáil nó don ord poiblí.
Tabharfaidh an Coimisiún fógra do na Ballstáit eile á rá gur eisíodh tuairim.
3. Ballstát a mheasann ar bhealach iomchuí gur dócha go ndéanfaidh infheistíocht dhíreach choigríche difear dá slándáil nó dá ord poiblí, féadfaidh sé iarraidh ar an gCoimisiún tuairim a eisiúint nó féadfaidh sé iarraidh ar Bhallstáit eile barúlacha a chur ar fáil.
4. Beidh bonn cirt leis na barúlacha dá dtagraítear i mír 1 agus leis na tuairimí dá dtagraítear i mír 2.
5. I gcás ina measann an Ballstát nó an Coimisiún gur dócha go ndéanfar difear, le hinfheistíocht dhíreach choigríche nach bhfuil scagadh á dhéanamh uirthi, don tslándáil nó don ord poiblí dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 2, féadfaidh sé an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9 a iarraidh ar an mBallstát ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht dhíreach choigríche a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin.
Beidh bonn cirt le haon iarraidh ar fhaisnéis, agus í teoranta d'fhaisnéis a bheidh riachtanach chun barúlacha a chur ar fáil de bhun mhír 1, nó chun tuairim a eisiúint de bhun mhír 2, beidh sé comhréireach le cuspóir na hiarrata agus ní chuirfidh sé ualach míchuí ar an mBallstát ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht dhíreach choigríche a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin.
Cuirfear iarrataí ar fhaisnéis agus na freagraí a chuirfidh Ballstáit chuig an gCoimisiún ag an am céanna.
6. Déanfar barúlacha de bhun mhír 1 nó tuairimí de bhun mhír 2 a dhíriú faoi cheann tréimhse réasúnta chuig an mBallstát ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht dhíreach choigríche a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin, agus déanfar iad a chur chucu faoi cheann tréimhse réasúnta ama, agus in aon chás tráth nach déanaí ná 35 lá féilire tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5 nó tar éis an fhógra de bhun Airteagal 9(5) a fháil. I gcásanna ina mbeidh tuairim an Choimisiúin le tabhairt tar éis barúlacha a bheith tugtha ag Ballstáit eile, beidh 15 lá féilire breise ag an gCoimisiún chun an tuairim sin a thabhairt uaidh.
7. Ballstát ina bhfuil sé beartaithe infheistíocht dhíreach choigríche a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin, tabharfaidh sé aird iomchuí ar bharúlacha na mBallstát eile agus ar thuairim an Choimisiúin.
8. Féadfaidh na Ballstáit barúlacha a chur ar fáil de bhun mhír 1 agus féadfaidh an Coimisiún tuairim a chur ar fáil de bhun mhír 2 tráth nach déanaí ná 15 mhí ó rinneadh an infheistíocht dhíreach choigríche.
9. An comhar de bhun an Airteagail seo, déanfar é trí na pointí teagmhála a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 11.
10. Ní bheidh an tAirteagal seo infheidhme i gcás infheistíochtaí díreacha coigríche a rinneadh roimh 10 Aibreán 2019.
Airteagal 8
Infheistíochtaí díreacha coigríche ar dócha go ndéanfar difear leo do thionscadail nó do chláir atá chun leasa an Aontais
1. I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur dócha go ndéanfaidh infheistíocht dhíreach choigríche difear do thionscadail nó do chláir atá chun leasa an Aontais, ar fhorais na slándála nó an oird phoiblí, féadfaidh sé tuairim a thabhairt uaidh don Bhallstát ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht dhíreach choigríche a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin.
2. Beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 6 agus in Airteagal 7 mutatis mutandis, faoi réir na modhnuithe seo a leanas:
|
(a) |
mar chuid den fhógra dá dtagraítear in Airteagal 6(1) nó na barúlacha dá dtagraítear in Airteagal 6(2) agus in Airteagal 7(1), féadfaidh Ballstát a léiriú má mheasann sé go ndéanfar difear le hinfheistíocht dhíreach choigríche do thionscadail agus do chláir atá chun leasa an Aontais; |
|
(b) |
déanfar tuairim an Choimisiúin a chur chuig na Ballstáit eile; |
|
(c) |
tabharfaidh an Ballstát ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht dhíreach choigríche a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin lánaird ar thuairim an Choimisiúin agus cuirfidh siad míniú ar fáil don Choimisiún i gcás nach leanfar a thuairim. |
3. Chun críocha an Airteagal seo, áireofar ar na tionscadail nó na cláir atá chun leasa an Aontais na tionscadail nó na cláir sin a fuair méid mór nó cion suntasach de chistiú ón Aontas nó a chumhdaítear le dlí an Aontais maidir le bonneagar criticiúil, teicneolaíochtaí criticiúla nó ionchuir chriticiúla atá ríthábhachtach don tslándáil agus don ord poiblí. Leagtar liosta na dtionscadal nó na gclár atá chun leasa an Aontais amach san Iarscríbhinn.
4. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 chun liosta na dtionscadal agus na gclár atá chun leasa an Aontais a leasú.
Airteagal 9
Ceanglais faisnéise
1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an fhaisnéis a dtugtar fógra ina leith de bhun Airteagal 6(1) nó arna hiarraidh ag an gCoimisiún agus ag Ballstáit eile de bhun Airteagal 6(6) agus Airteagal 7(5) ar fáil don Choimisiún agus don Bhallstát iarrthach gan mhoill mhíchuí.
2. Folóidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1:
|
(a) |
struchtúr úinéireachta an infheisteora coigríche agus an ghnóthais ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht dhíreach choigríche a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin, lena n-áirítear faisnéis faoin infheisteoir deiridh agus faoi rannpháirtíocht sa chaipiteal; |
|
(b) |
garluach na hinfheistíochta coigríche dírí; |
|
(c) |
táirgí, seirbhísí agus oibríochtaí gnó an infheisteora coigríche agus an ghnóthais ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht dhíreach choigríche a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin; |
|
(d) |
na Ballstáit ina ndéanann an t-infheisteoir coigríche agus an gnóthas, ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht dhíreach choigríche a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin, a n-oibríochtaí ábhartha gnó; |
|
(e) |
maoiniú na hinfheistíochta agus foinse na hinfheistíochta sin, ar bhonn na faisnéise is fearr atá ar fáil don Bhallstát; |
|
(f) |
an dáta atá sé beartaithe an infheistíocht dhíreach choigríche a dhéanamh nó an dáta rinneadh an infheistíocht sin. |
3. Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall aon fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a chur ar fáil, más ann di, do na Ballstáit iarrthacha agus don Choimisiún gan mhoill mhíchuí.
4. An Ballstát ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht dhíreach choigríche a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin, féadfaidh sé a iarraidh ar an infheisteoir choigríche nó an gnóthas ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht dhíreach choigríche a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a chur ar fáil. Cuirfidh an infheisteoir choigríche nó an gnóthas lena mbaineann an fhaisnéis a iarradh ar fáil gan mhoill mhíchuí.
5. Tabharfaidh Ballstát fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile lena mbaineann gan mhoill, más rud é, i gcásanna eisceachtúla, nach mbeidh an Ballstát in ann, in ainneoin a dhícheall, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil. Sa fógra sin, tabharfaidh an Ballstát sin údar cuí leis na cúiseanna gan faisnéis mar sin a chur ar fáil agus míneoidh sé na hiarrachtaí a rinneadh leis an bhfaisnéis a iarradh a fháil, lena n-áirítear iarraidh de bhun mhír 4.
I gcás nach ndéantar aon fhaisnéis a sholáthar, aon bharúil a eiseoidh Ballstát eile nó aon tuairim a eiseoidh an Coimisiún, féadfar é a bhunú ar an bhfaisnéis a bheidh ar fáil dóibh.
Airteagal 10
Rúndacht na faisnéise arna tarchur
1. Is chun na críche ar iarradh í, agus chun na críche sin amháin, a úsáidfear an fhaisnéis arna fáil de thoradh an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.
2. Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún cosaint na faisnéise rúnda sin arna fáil de thoradh an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta faoi seach.
3. Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún nach ndéanfar an fhaisnéis rúnaicmithe a chuirtear ar fail nó a mhalartaítear faoin Rialachán seo a íosghrádú nó a scaoileadh ón rúnaicmiú gan toiliú i scríbhinn roimh ré ón tionscnóir.
Airteagal 11
Pointí teagmhála
1. Bunóidh gach Ballstát agus an Coimisiún pointe teagmhála leis an Rialachán seo a chur chun feidhme. Tabharfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún páirt do na pointí teagmhála sin i dtaca le gach saincheist a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo.
2. Cuirfidh an Coimisiún córas slán criptithe ar fáil chun tacú leis an gcomhar díreach agus le malartú faisnéise idir na pointí teagmhála.
Airteagal 12
An grúpa saineolaithe maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas Eorpach a scagadh
Leanfaidh an grúpa saineolaithe maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas Eorpach a scagadh a chuireann comhairle agus saineolas ar fáil don Choimisiún de shaincheisteanna a bhaineann le scagadh infheistíochtaí díreacha coigríche a phlé, dea-chleachtais agus ceachtanna a foghlaimíodh a roinnt agus tuairimí faoi threochtaí agus saincheisteanna leasa choitinn a bhaineann le hinfheistíochtaí díreacha coigríche a mhalartú. Déanfaidh an Coimisiún a mharana freisin faoi chomhairle a lorg ón ngrúpa sin maidir le saincheisteanna sistéamacha i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo.
Is i modh rúin a bheidh na pléití sa ghrúpa sin.
Airteagal 13
Comhar idirnáisiúnta
Féadfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún obair i gcomhar le húdaráis fhreagracha tríú tíortha maidir le saincheisteanna a bhaineann le hinfheistíochtaí díreacha coigríche a scagadh ar fhorais na slándála agus an oird phoiblí.
Airteagal 14
Sonraí pearsanta a phróiseáil
1. Aon phróiseáil ar shonraí pearsanta de bhun an Rialacháin seo, déanfar í i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725, agus ní dhéanfar í ach a mhéid a bheidh riachtanach chun go ndéanfaidh Ballstáit an scagadh ar infheistíochtaí díreacha coigríche agus chun éifeachtacht an chomhair dá bhforáiltear sa Rialachán seo a áirithiú.
2. Ní choimeádfar na sonraí pearsanta a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo ach amháin ar feadh na tréimhse ama is gá chun na cuspóirí dár tiomsaíodh iad a ghnóthú.
Airteagal 15
Meastóireacht
1. Faoin 12 Deireadh Fómhair 2023 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú agus éifeachtacht an Rialacháin seo agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh na Ballstáit páirteach sa chleachtadh seo, agus más gá, cuirfidh siad ar fáil don Choimisiún faisnéis bhreise le haghaidh ullmhú na tuarascála sin.
2. I gcás ina moltar sa tuarascáil leasuithe ar an Rialachán seo, féadfaidh togra reachtach iomchuí a bheith ag gabháil leis an tuarascáil.
Airteagal 16
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 10 Aibreán 2019.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(4) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8(4) i bhfeidhm ach amháin i gcás nach gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle aon agóid in iúl faoi cheann tréimhse 2 mhí ónar tugadh fógra faoin ngníomh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó i gcás ina gcuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún, roimh dhul in éag na tréimhse sin, nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 17
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 11 Deireadh Fómhair 2020.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Márta 2019.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. CIAMBA
(1) IO C 262, 25.7.2018, lch. 94.
(2) IO C 247, 13.7.2018, lch. 28.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Feabhra 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 5 Márta 2019.
(4) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(5) Cinneadh ón gCoimisiún an 29.11.2017 lena gcuirtear ar bun an grúpa saineolaithe maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas Eorpach a scagadh (nár foilsíodh san Iris Oifigiúil), C(2017) 7866 final.
(6) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).
(7) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisneis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).
(8) IO C 202, 8.7.2011, lch. 13.
(9) Pointe (a) d'Airteagal 4(1) den Chomhaontú idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cosaint faisnéise rúnaicmithe a mhalartaítear ar mhaithe le leas an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 4(2) de Chinneadh (AE, Euratom) 2015/444.
(10) Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(11) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(12) IO L 336, 23.12.1994, lch. 191.
(13) Cinneadh (CE) Uimh. 139/2004 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe idir gnóthais a rialú (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).
(14) Faoi mar a tugadh isteach le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338); Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun gnó an árachais agus an athárachais agus gabháil don ghnó sin (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1); Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(15) Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009 lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú agus ar bhróicéireacht ítimí dé-úsáide agus ar iad a bheith ar idirthuras, (IO L 134, 29.5.2009, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Liosta de thionscadail agus de chláir atá chun leasa an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 8(3)
1. Cláir Eorpacha GNSS (Galileo & EGNOS):
Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le cur chun feidhme agus saothrú córas Eorpach um loingseoireacht satailíte agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 876/2002 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 1).
2. Copernicus:
Rialachán (AE) Uimh. 377/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 lena mbunaítear Clár Copernicus agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 911/2010 (IO L 122, 24.4.2014, lch. 44).
3. Fís 2020:
Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 — An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104), lena n-áirítear gníomhaíochtaí atá ann a bhaineann le hEochairtheicneolaíochtaí Cumasúcháin amhail intleacht shaorga, róbataic, leathsheoltóirí agus cibearshlándáil.
4. Gréasáin thras-Eorpacha Iompair (TEN-T):
Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).
5. Gréasáin thras-Eorpacha Fuinnimh (GTE-F):
Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L 115, 25.4.2013, lch. 39).
6. Gréasáin thras-Eorpacha Teileachumarsáide:
Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir le treoirlínte le haghaidh gréasán tras-Eorpach i réimse an bhonneagair teileachumarsáide agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1336/97/CE, (IO L 86, 21.3.2014, lch. 14).
7. An Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta:
Rialachán (AE) 2018/1092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 lena mbunaítear an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta lena ndírítear ar thacú le hiomaíochas agus cumas nuálaíochta thionscal cosanta an Aontais (IO L 200, 7.8.2018, lch. 30).
8. Buanchomhar struchtúrtha (PESCO):
Cinneadh (CBES) 2018/340 ón gComhairle an 6 Márta 2018 lena mbunaítear liosta na dtograí atá le forbairt faoi PESCO (IO L 65, 8.3.2018, lch. 24).
Ráiteas ón gCoimisiún
Tar éis iarraidh a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, geallann an Coimisiún Eorpach an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
— |
na foirmeacha caighdeánaithe a ullmhóidh an Coimisiún chun éascaíocht a dhéanamh do na Ballstáit na hoibleagáidí maidir le tuairisciú bliantúil faoi Airteagal 5 den rialachán a chomhlíonadh a chomhroinnt le Parlaimint na hEorpa a thúisce a thabharfar chun críche iad, agus |
|
— |
na foirmeacha caighdeánaithe den chineál sin a chomhroinnt le Parlaimint na hEorpa gach bliain, i gcomhthráth leis an tuarascáil bhliantúil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, i gcomhréir le hAirteagal 5(3) den rialachán. |