22.2.2019 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
14 |
RIALACHÁN (AE) 2019/288 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Feabhra 2019
lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann le rialacha áirithe i dtaca le híocaíochtaí díreacha agus tacaíocht d'fhorbairt tuaithe i ndáil leis na blianta 2019 agus 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, (1)
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is é is Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) an creat dlí reatha don tacaíocht d'fhorbairt tuaithe. Déantar foráil ann maidir le tacaíocht do limistéir, seachas limistéir shléibhe, a bhfuil srianta nádúrtha orthu. Ag cur san áireamh gur síneadh an sprioc go dtí 2019 le haghaidh teorannú nua a dhéanamh ar limistéir, seachas limistéir shléibhe, a bhfuil srianta nádúrtha orthu trí Rialachán (AE) 2017/2393 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus go bhfuil tréimhse oiriúnaithe níos giorra ann d'fheirmeoirí nach mbeidh incháilithe a thuilleadh le haghaidh íocaíochtaí, ba cheart na híocaíochtaí idirthréimhseacha céimhlaghdaitheacha nach dtosófar go dtí 2019 a thosú ag méid nach mó ná 80 % de na meáníocaíochtaí arna socrú i gclárthréimhse 2014-2020. Ba cheart an leibhéal íocaíochta a bhunú sa chaoi gurb ionann an leibhéal deiridh in 2020 agus leath an leibhéil tosaigh. |
(2) |
Chun cúnamh a chur ar fáil do Bhallstáit agus do gheallsealbhóirí chun an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) a bheidh ann amach anseo a ullmhú go tráthúil agus chun aistriú gan deacrachtaí a áirithiú chuig an gcéad chlárthréimhse eile, ba cheart a shoiléiriú gur féidir gníomhaíochtaí atá nasctha le hullmhú CBT a bheidh ann amach anseo a mhaoiniú trí chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin. |
(3) |
Is é is Rialachán (CE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) an creat dlí reatha d'íocaíochtaí díreacha. Cé gur féidir feidhm a bheith ag formhór fhorálacha an Rialacháin sin fad is atá sé i bhfeidhm, tá forálacha eile ann ina ndéantar tagairt go sainráite do na blianta féilire 2015 go 2019 atá cumhdaithe le Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020. Maidir le roinnt forálacha eile, níor beartaíodh go sainráite go mbeidís infheidhme tar éis na bliana féilire 2019. I mí an Mheithimh 2018, thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán nua a chur in ionad Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, ach ní chuirfear in ionad go dtí an 1 Eanáir 2021 é. Dá bhrí sin, is iomchuí dul ar aghaidh agus roinnt coigeartuithe teicniúla a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ionas gur féidir é a chur i bhfeidhm gan deacrachtaí sa bhliain féilire 2020. |
(4) |
Maidir leis an oibleagáid atá leagtha síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 maidir le laghdú a dhéanamh ar an gcuid sin de mhéid na n-íocaíochtaí díreacha atá le tabhairt d'fheirmeoir i leith bhliain féilire ar leith atá os cionn EUR 150 000, leanann sí d'fheidhm a bheith aici fad is atá an Rialachán sin i bhfeidhm. Ní leagtar síos san Airteagal sin, áfach, ach oibleagáid ar na Ballstáit fógra a thabhairt i ndáil lena gcinntí agus i ndáil le táirgeadh measta an laghdaithe sin sna bliana 2015 go 2019. D'fhonn a áirithiú go leanfar den chóras atá ann cheana, ba cheart do na Ballstáit a gcinntí a fhógairt freisin maidir leis an mbliain 2020 agus maidir leis an táirgeadh measta ar an laghdú don bhliain sin. |
(5) |
Is éard atá sa tsolúbthacht idir colúin an fhéidearthacht cistí a aistriú idir íocaíochtaí díreacha agus forbairt tuaithe. Faoi Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as an tsolúbthacht sin i leith na mblianta féilire 2014 go 2019. Chun a áirithiú go mbeidh na Ballstáit in ann a straitéis féin a choinneáil, ba cheart an tsolúbthacht idir colúin a chur ar fáil don bhliain féilire 2020 freisin, ag comhfhreagairt don bhliain féilire 2021. |
(6) |
Mar thoradh ar leasú Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 i leith na bliana féilire 2020, is iomchuí na tagairtí don Airteagal sin a choigeartú i gcomhthéacs na hoibleagáide atá ar na Ballstáit laghdú nó méadú líneach a dhéanamh ar luach na dteidlíochtaí íocaíochta mar gheall ar luaineachtaí san uasteorainn náisiúnta bhliantúil ar toradh iad ar fhógraí uathu faoi chur i bhfeidhm na solúbthachta idir colúin. |
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 a leasú dá réir sin. |
(8) |
Chun an tsolúbthacht riachtanach a chur ar fáil go pras do na Ballstáit agus chun leanúnachas an bheartais forbartha tuaithe a áirithiú sna blianta deireanacha de chlárthréimhse 2014-2020, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach. |
(9) |
Chun an tsolúbthacht riachtanach a chur ar fáil go pras do na Ballstáit agus chun leanúnachas an bheartais forbartha tuaithe a áirithiú sna blianta deireanacha den chlárthréimhse 2014-2020, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Márta 2019, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 31(5), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis na chéad fhomhíre: “De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás nach dtosóidh íocaíochtaí céimlaghdaitheacha go dtí 2019, tosóidh na híocaíochtaí sin ag méid nach mó ná 80 % den mheáníocaíocht arna socrú i gclárthréimhse 2014-2020. Bunófar an leibhéal íocaíochta sa chaoi gurb ionann an leibhéal deiridh in 2020 agus leath an leibhéil tosaigh.”; |
(2) |
in Airteagal 51(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis na chéad fhomhíre: “Féadfaidh CETFT gníomhaíochtaí a mhaoiniú lena n-ullmhófar do chur chun feidhme CBT sa chlárthréimhse ina dhiaidh sin.”. |
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. I gcás gach Ballstáit agus do gach bliain féilire, an táirgeadh measta ar an laghdú ar íocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 (a léirítear sa difríocht idir na huasteorainneacha náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, lena gcuirtear an méid atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 58, agus na glan-uasteorainneacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III), cuirfear ar fáil é mar thacaíocht ón Aontas arna maoiniú faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT).”; |
(2) |
in Airteagal 11(6), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach: “Don bhliain 2020, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2019 faoi na cinntí arna ndéanamh i gcomhréir leis an Airteagal seo agus faoi aon táirgeadh measta ar laghduithe.”; |
(3) |
leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:
|
(4) |
in Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5: “5. Más rud é go bhfuil an uasteorainn a shocraigh an Coimisiún do Bhallstát de bhun mhír 1 den Airteagal seo difriúil ó uasteorainn na bliana roimhe sin de bharr aon chinneadh a ghlac an Ballstát sin i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, Airteagal 14(1) nó (2), Airteagal 42(1), an dara fomhír d'Airteagal 49(1), an dara fomhír d'Airteagal 51(1), nó Airteagal 53, déanfaidh an Ballstát sin laghdú nó méadú líneach ar luach na dteidlíochtaí íocaíochta ar fad chun a áirithiú go gcomhlíontar mír 4 den Airteagal seo.”. |
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Márta 2019.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 13 Feabhra 2019.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. CIAMBA
(1) Seasamh o Pharlaimint na hEorpa an 31 Eanáir 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 12 Feabhra 2019.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).
(3) Rialachán (AE) 2017/2393 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), (AE) Uimh. 1306/2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air, (AE) Uimh. 1307/2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta, (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus (AE) Uimh. 652/2014 lena leagtar síos forálacha maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí (IO L 350, 29.12.2017, lch. 15).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).