14.1.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2019/2 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2018

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Áirítear i Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) forálacha lena gceadaítear comhaontuithe léasa d'aerárthaí atá cláraithe i dtríú tíortha, go háirithe comhaontuithe léasa fhliuch.

(2)

Is in imthosca eisceachtúla a cheadaítear na comhaontuithe sin, amhail ganntanas aerárthaí sásúla a bheith ar mhargadh an Aontais. Ba cheart iad a bheith srianta ó thaobh ama de agus ba cheart dóibh caighdeáin sábháilteachta a chomhlíonadh atá coibhéiseach leis na rialacha sábháilteachta dá bhforáiltear i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta.

(3)

Síníodh an Comhaontú Aeriompair (4) idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, ar an taobh amháin, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar an taobh eile (ATA) an 25 Aibreán 2007, agus leasaíodh é ina dhiaidh sin le Prótacal an 24 Meitheamh 2010. Léiríonn ATA go bhfuil na páirtithe ann tiomanta don sprioc chomhpháirteach leanúint de dheireadh a chur le bacainní ar rochtain ar an margadh d'fhonn na buntáistí is mó is féidir a fháil do thomhaltóirí, aerlínte, lucht oibre agus pobail ar dhá thaobh an Atlantaigh.

(4)

Déanann ATA foráil maidir le córas léasa fhliuch oscailte idir na páirtithe. Leis na forálacha ábhartha a áirítear faoi Airteagal 10 de ATA, ceadaítear comhaontuithe léasa fhliuch don aeriompar idirnáisiúnta, ar choinníoll go bhfuil an t-údarás iomchuí ag na páirtithe ar fad sna comhaontuithe sin agus go gcomhlíonann siad na coinníollacha a fhorordaítear faoi na dlíthe agus na rialacháin a bhíonn á gcur i bhfeidhm ag na páirtithe in ATA de ghnáth.

(5)

Le forbairtí ábhartha agus pléití an Chomhchoiste a bunaíodh faoi ATA, léiríodh gur chun sochair na bpáirtithe in ATA a bheadh comhaontú tiomnaithe léasa fhliuch a dhéanfadh beachtú ar fhorálacha ábhartha ATA.

(6)

Ós rud é go mbeadh maolú ar na srianta ama atá ann faoi láthair i gceist le comhaontuithe léasa fhliuch den sórt sin, bheadh tionchar cuilitheach aige ar Rialachán (CE) Uimh.1008/2008, ina ndéantar foráil maidir le srianta ama i gcásanna ina bhfaigheann iompróirí an Aontais léas fliuch ó iompróirí tríú tír.

(7)

Ní mór Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 a leasú, dá bhrí sin, ionas go mbeifí in ann na srianta ama atá ar léasú fliuch a mhaolú, rud a bheidh le socrú i gcomhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas le tríú tíortha.

(8)

Ag cur san áireamh go bhfuil an Coimisiún i mbun athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 i láthair na huaire, lena n-áirítear a chuid forálacha maidir le léasú fliuch agus an iarmhairt a d'fhéadfaidís a fhágáil ar fhostaithe agus ar thomhaltóirí, agus go bhféadfadh athbhreithniú ginearálta ar Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 a bheith mar thoradh ar athbhreithniú an Choimisiúin, tá an Rialachán seo teoranta do Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 a ailíniú leis na hoibleagáidí idirnáisiúnta ábhartha. Ba cheart cearta agus oibleagáidí cómhalartacha, agus iad ag gabháil leis an dá pháirtí, a bheith sa chomhaontú idirnáisiúnta maidir le léasú fliuch, agus é a bheith bunaithe ar Chomhaontú Aeriompair arb ann dó cheana.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I bpointe (b) d'Airteagal 13(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

“mura bhforáiltear a mhalairt i gcomhaontú idirnáisiúnta maidir le léasú fliuch arna shíniú ag an Aontas, ar comhaontú é atá bunaithe ar Chomhaontú Aeriompair dar páirtí an tAontas agus a síníodh roimh 1 Eanáir 2008, i gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Nollaig 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BOGNER-STRAUSS


(1)  IO C 345, 13.10.2017, lch. 126.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Samhain 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 6 Nollaig 2018.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3).

(4)  IO L 134, 25.5.2007, lch. 4.