|
6.3.2019 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
CINNEADH AN BHAINC EORPAIGH INFHEISTÍOCHTA
6 Feabhra 2019
lena leagtar síos rialacha inmheánacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag an Rannóg Imscrúduithe Calaoise laistigh den Ardchigireacht agus ag Oifig Phríomhoifigeach Comhlíonta an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta i ndáil le faisnéis a chur ar fáil do dhaoine is ábhar do shonraí agus srian a chur le cearta áirithe atá acu
TÁ AN BANC EORPACH INFHEISTÍOCHTA (‘AN BEI’),
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus d'Airteagal 309 go háirithe,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle dar dáta an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (1),
Ag féachaint do thuairimí an Mhaoirseora Eorpaigh um Chosaint Sonraí (2),
De bhrí:
|
(1) |
De réir Bheartas Frithchalaoise an BEI (3) agus Chairt Rannóg Imscrúduithe Calaoise an BEI (4) laistigh den Ardchigireacht, go bhfuil sainordú tugtha do Rannóg Imscrúduithe Calaoise an BEI laistigh den Ardchigireacht (‘IG/IN’) imscrúdú a dhéanamh ar líomhaintí maidir le calaois, éillitheacht, claonpháirteachas, comhéigean, cosc, sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta (‘Iompar Toirmiscthe’) a bhaineann le haon ghníomhaíocht de chuid an BEI. Tá sainordú tugtha do IG/IN (i) baill de chomhlachtaí ceannais an BEI, baill foirne agus sainchomhairleoirí, (ii) páirtithe a bhaineann le tionscadail an BEI, (iii) páirtithe a bhaineann le soláthar corparáideach an BEI, agus (iv) páirtithe a bhaineann le hiasachtaíocht agus cistíocht an BEI a imscrúdú. Áirítear le sainordú IG/IN chomh maith athbhreithnithe ionracais réamhghníomhacha a dhéanamh i réimsí inar mó an riosca chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht oibríochtaí agus gníomhaíochtaí an BEI a fheabhsú. |
|
(2) |
De réir an Chóid Iompair Foirne an BEI (5) agus Bheartas Sceithireachta an BEI (6), arna leasú agus arna bhforlíonadh ó am go ham, go bhfuil sé de dhualgas ar bhaill foirne an BEI aon sárú ar dhualgais ghairmiúla, lena n-áirítear gníomhaíochtaí neamhdhleathacha, iompar toirmiscthe agus/nó sáruithe ar rialacháin, rialacha, beartais nó treoirlínte an BEI, lena n-áirítear an Cód, a thuairisciú do na seirbhísí cuí, ag brath ar nádúr an tsáraithe, i.e. Oifig Phríomhoifigeach Comhlíonta an BEI (‘OPOCL’) agus Ardchigireacht an BEI (‘IG’). |
|
(3) |
De réir Théarmaí Tagartha Phríomhoifigeach Comhlíonta an Ghrúpa agus an Bheartais Ionracais agus na Cairte Comhlíonta (7), gurb é is sainordú do Phríomhoifigeach Comhlíonta an Ghrúpa ná riosca comhlíonta Ghrúpa an BEI a shainaithint, a mheasúnú, a mhonatóiriú, a thuairisciú agus comhairle a chur ar fáil maidir leis, is é sin, an riosca smachtbhannaí dlíthiúla nó rialála, caillteanais airgeadais, nó an riosca go ndéanfaí dochar do chlú baill de Ghrúpa an BEI mar thoradh ar loiceadh cloí le gach dlí, rialachán, cód iompair foirne agus caighdeán dea-chleachtais is infheidhme. De réir na dTéarmaí Tagartha sin, déanann Príomhoifigeach Comhlíonta an Ghrúpa na fiosrúcháin riaracháin is gá ar shárú féideartha arna dhéanamh ag baill foirne ar Chóid Iompair Ghrúpa an BEI. Éilítear ar bhaill foirne Ghrúpa an BEI comhoibriú le fiosrúcháin riaracháin den sórt sin ar an modh a shonróidh Príomhoifigeach Comhlíonta an Ghrúpa. |
|
(4) |
Agus iad ag comhlíonadh a gcúraimí faoi seach, go bhfuil sé de dhualgas ar IG/IN agus OPOCL urraim a thabhairt do chearta an duine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta arna n-aithint ag Airteagal 8(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus ag Airteagal 16(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, mar aon le hachtanna dlí atá bunaithe ar na forálacha sin. Ag an am céanna, éilítear ar IG/IN agus OPOCL cloí leis na rialacha dochta rúndachta agus rúndachta gairmiúla a ndéantar tagairt dóibh i Rialacháin Foirne an BEI agus i gCód Iompair Foirne an BEI agus a chinntiú go dtugtar urraim do chearta nóis imeachta na ndaoine agus na bhfinnéithe lena mbaineann, go háirithe ceart na ndaoine lena mbaineann chun próis chuí agus thoimhde na neamhchiontachta. |
|
(5) |
I gcásanna áirithe, gur gá cearta na ndaoine is ábhar do na sonraí de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 (‘an Rialachán’) agus críocha agus riachtanais chúraimí IG/IN agus OPOCL faoi seach a thabhairt chun réitigh, agus lánurraim a thabhairt do chearta agus saoirsí bunúsacha daoine eile is ábhar do shonraí chomh maith. Chuige sin, déantar foráil in Airteagal 25 den Rialachán gur féidir le IG/IN agus OPOCL, de bhun a sainorduithe faoi seach, srian a chur le cur i bhfeidhm Airteagail 14 go 22, 35 agus 36, mar aon le hAirteagal 4 den Rialachán sin, a mhéid a bhaineann a fhorálacha leis na cearta agus leis na dualgais a ndéantar foráil dóibh le hAirteagail 14 go 22. Le déanamh amhlaidh, is gá glacadh le rialacha inmheánacha faoina bhféadann an rialaitheoir sonraí iomchuí srian a chur le cearta na ndaoine is ábhar do na sonraí de réir Airteagal 25 den Rialachán. |
|
(6) |
Gur cheart do na rialacha inmheánacha feidhm a bheith acu ar gach oibríocht phróiseála a dhéanann IG/IN agus OPOCL agus iad i mbun a sainorduithe faoi seach, a chumhdaítear i mBeartas Frithchalaoise an BEI, i gCairt Rannóg Imscrúduithe Calaoise an BEI, sa Bheartas Ionracais agus sa Chairt Chomhlíonta agus i dTéarmaí Tagartha Phríomhoifigeach Comhlíonta an Ghrúpa faoi seach, ó thús deireadh an phróisis. |
|
(7) |
Chun cloí le hAirteagail 14, 15 agus 16 den Rialachán, gur cheart don rialaitheoir sonraí iomchuí gach duine aonair a chur ar an eolas faoina chuid gníomhaíochtaí a bhaineann le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta agus faoi na cearta atá acu ar bhealach follasach, stuama i bhfoirm na bhfógraí cosanta sonraí a fhoilsítear ar láithreán gréasáin an BEI agus ar Inlíon an BEI, chomh maith leis na daoine is ábhair do na sonraí a bhaineann lena chuid gníomhaíochtaí a chur ar an eolas astu féin – na daoine lena mbaineann, finnéithe agus faisnéiseoirí. |
|
(8) |
Go bhféadfaidh sé go mbeidh ar IG/IN agus OPOCL forais áirithe srianta a ndéantar tagairt dóibh in Airteagal 25 den Rialachán a chur i bhfeidhm ar oibríochtaí próiseála sonraí a dhéantar faoi chuimsiú na gcúraimí atá leagtha amach dóibh in (i) Beartas Frithchalaoise agus Nósanna Imeachta Imscrúdaithe an BEI do IG/IN (8), agus (ii) Téarmaí Tagartha Phríomhoifigeach Comhlíonta an Ghrúpa don OPOCL faoi seach. |
|
(9) |
Go ndéantar an chumarsáid idir an Oifig Frithchalaoise Eorpach (OLAF) agus an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) de réir an Chomhaontaithe Riaracháin idir OLAF agus an BEI dar dáta an 31 Márta 2016. |
|
(10) |
Ina theannta sin, chun comhar éifeachtach a choinneáil, go bhféadfaidh sé go mbeidh ar IG/IN agus OPOCL srianta a chur le cearta daoine is ábhar do na sonraí chun faisnéis a chosaint ina bhfuil sonraí pearsanta a thagann ó sheirbhísí eile de chuid an BEI, ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh, ó údaráis inniúla na mBallstát agus tríú tíortha, chomh maith le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Chuige sin, gur cheart do IG/IN agus OPOCL dul i ndáil chomhairle leis na seirbhísí eile sin de chuid an BEI agus leis na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na gníomhaireachtaí, na húdaráis agus na heagraíochtaí idirnáisiúnta eile sin maidir leis na forais iomchuí le haghaidh na srianta agus maidir lena riachtanaí agus a chomhréirí is atá siad. |
|
(11) |
Gur cheart do IG/IN agus OPOCL plé a dhéanamh le gach srian ar bhealach trédhearcach agus taifead a choinneáil sa chóras comhfhreagrach taifead gach uair a chuirtear srian i bhfeidhm. |
|
(12) |
De bhun Airteagal 25(8) den Rialachán, go bhféadann na rialaitheoirí soláthar faisnéise ar na cúiseanna ar cuireadh srian i bhfeidhm a chur ar atráth nó gan an fhaisnéis sin a sholáthar don duine is ábhar do na sonraí más rud é go gcuirfí críoch an tsriain i mbaol dá bharr sin. Go háirithe, sa chás go gcuirtear srian ar na cearta a ndéantar foráil dóibh in Airteagail 16 agus 35, chuirfeadh cur in iúl sriain den sórt sin críoch an tsriain i mbaol. Chun a chinntiú nach gcuirtear srian le ceart an duine is ábhar do na sonraí chun a bheith curtha ar an eolas de réir Airteagal 16 agus 35 de Rialachán (AE) 2018/1725 ach a fhad is a mhaireann ná cúiseanna leis an iarchur, ba cheart don rialaitheoir sonraí iomchuí athbhreithniú a dhéanamh ar a sheasamh go rialta. |
|
(13) |
Má tá srian curtha le cearta daoine eile is ábhar do na sonraí, gur cheart don rialaitheoir a mheas ar bhonn cás ar chás cibé acu an gcuirfí críoch an tsriain i mbaol dá gcuirfí in iúl é. |
|
(14) |
Go bhfuil a Oifigeach Cosanta Sonraí (‘OCS’) féin ainmnithe ag an BEI de réir Airteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). |
|
(15) |
Gur féidir leis an OCS athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na srianta, d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an Cinneadh seo, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
RANNÓG IMSCRÚDUITHE CALAOISE NA hARDCHIGIREACHTA
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Leagtar síos sa Chaibidil seo na rialacha a mbeidh ar an rialaitheoir sonraí iomchuí cloí leo, faoi mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2(1) den Chinneadh, maidir le próiseáil sonraí a chur in iúl do na daoine is ábhar do na sonraí sin de réir Airteagail 14, 15 agus 16 de Rialachán (AE) 2018/1725.
Leagtar síos freisin na coinníollacha faoina bhféadfaidh an rialaitheoir sonraí iomchuí srian a chur le cur i bhfeidhm Airteagail 14 go 22 agus 35 agus 36, mar aon le hAirteagal 4 den Rialachán, de réir Airteagal 25 den Rialachán sin.
2. Baineann an Chaibidil seo le próiseáil sonraí pearsanta ag IG/IN chun críche na ngníomhaíochtaí a dhéantar chun a chúraimí a chomhlíonadh nó i ndáil leis na cúraimí sin, ar cúraimí iad a ndéantar tagairt dóibh i mBeartas Frithchalaoise an BEI agus i gCairt Rannóg Imscrúduithe Calaoise an BEI.
3. Faoi chuimsiú a shainordaithe, déanann IG/IN roinnt catagóirí sonraí pearsanta a phróiseáil, go háirithe sonraí aitheantais, sonraí teagmhála, sonraí gairmiúla agus sonraí faoi róil i gcásanna.
Airteagal 2
Sonrú an rialaitheora agus na gcosaintí
1. Is é Ceann Rannóige IG/IN rialaitheoir na n-oibríochtaí próiseála.
2. Déanfar na sonraí pearsanta a stóráil i dtimpeallacht dhaingnithe leictreonach agus fhisiceach, a chuirfidh cosc ar rochtain neamhdhleathach ar na sonraí ag daoine nach gá dóibh na sonraí sin a bheith ar eolas acu nó ar aistriú neamhdhleathach na sonraí chuig daoine den sórt sin.
3. Coinneofar na sonraí pearsanta arna bpróiseáil go ceann cúig bliana ar a laghad agus go ceann suas le deich mbliana tar éis dhúnadh an imscrúdaithe. Ní choinneofar na sonraí a bhaineann le cásanna nár cruthaíodh ach go ceann suas le cúig bliana ar a mhéad.
4. Cuirfear tréimhsí níos faide ná na tréimhsí atá sonraithe thuas i bhfeidhm i gcásanna eisceachtúla a mbeidh bonn cirt leo, faoi réir chomhaontú an OCS.
Airteagal 3
Eisceachtaí agus srianta is infheidhme
1. Nuair a fheidhmeoidh IG/IN a chuid dualgas i leith chearta na ndaoine is ábhar do na sonraí de bhun an Rialacháin, measfaidh sé an bhfuil feidhm ag aon cheann de na heisceachtaí a leagtar síos sa Rialachán sin.
2. Faoi réir Airteagail 4 go 7 den Chinneadh seo, féadfaidh IG/IN srian a chur le cur i bhfeidhm Airteagail 14 go 22 agus 35, agus 36 den Rialachán, mar aon le hAirteagal 4 ann a mhéad a bhaineann a fhorálacha leis na cearta agus leis na hoibleagáidí a ndéantar foráil dóibh le hAirteagail 14 go 22 den Rialachán sa chás go gcuirfeadh feidhmiú na gceart agus na n-oibleagáidí sin críoch gníomhaíochtaí imscrúdaithe agus gníomhaíochtaí eile de chuid IG/IN i mbaol, lena n-áirítear trí uirlisí agus modhanna imscrúdaitheacha dá chuid a nochtadh, nó sa chás go ndéanfadh dochar do chearta agus saoirsí daoine eile is ábhar do na sonraí.
3. Faoi réir Airteagail 4 go 7 den Chinneadh seo, féadfaidh IG/IN srian a chur leis na cearta agus leis na hoibleagáidí a ndéantar tagairt dóibh in alt 2 den Airteagal seo maidir le sonraí pearsanta arna bhfáil ó sheirbhís(í) eile de chuid an BEI, ó OLAF nó institiúidí, comhlachtaí, gníomhaireachtaí agus oifigí eile de chuid an Aontais Eorpaigh, ó údaráis inniúla de chuid Ballstát nó tríú tíortha, nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, sna cúinsí seo a leanas:
|
(a) |
sa chás go bhféadfadh seirbhís(í) eile de chuid an BEI, OLAF nó institiúidí, comhlachtaí, gníomhaireachtaí agus oifigí eile de chuid an Aontais Eorpaigh srian a chur leis na cearta agus leis na hoibleagáidí sin ar bhonn achtanna eile a ndéantar foráil dóibh in Airteagal 25 den Rialachán nó de réir Chaibidil IX den Rialachán sin; |
|
(b) |
sa chás go bhféadfadh údaráis inniúla Ballstát srian a chur le feidhmiú na gceart agus na n-oibleagáidí sin ar bhonn na n-achtanna a ndéantar tagairt dóibh in Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), nó faoi bhearta náisiúnta lena ndéantar Airteagail 13(3), 15(3) nó 16(3) de Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a thrasuí (11); |
|
(c) |
sa chás go bhféadfadh feidhmiú na gceart agus na n-oibleagáidí sin comhar IG/IN le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a chur i mbaol agus a chúramaí á gcomhlíonadh aige. |
Sula gcuirfear na srianta i bhfeidhm sna cúinsí a ndéantar tagairt dóibh i bpointí (a) agus (b) den chéad fho-alt, rachaidh IG/IN i ndáil chomhairle leis an tseirbhís/na seirbhísí iomchuí de chuid an BEI, le OLAF, leis na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí iomchuí de chuid an Aontais Eorpaigh nó leis na húdaráis inniúla iomchuí de chuid Ballstáit ach amháin más léir do IG/IN go ndéantar foráil d'fheidhmiú an tsriain le ceann de na hachtanna a ndéantar tagairt dóibh sna pointí sin.
Ní bheidh feidhm ag pointe (c) sa chéad fho-alt sa chás go mbeidh sáraíocht ag leas nó cearta agus saoirsí bunúsacha na ndaoine is ábhar do na sonraí ar leas an Aontais Eorpaigh chun comhoibriú le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta.
Airteagal 4
Faisnéis a sholáthar do dhaoine is ábhar do na sonraí
1. Foilseoidh IG/IN ar láithreán gréasáin an BEI fógra cosanta sonraí a chuirfidh na daoine uile is ábhar do na sonraí ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí IG/IN a bhfuil próiseáil a gcuid sonraí pearsanta i gceist leo.
2. Na daoine uile is ábhar do na sonraí a mheasfaidh IG/IN is daoine lena mbaineann, finnéithe nó faisnéiseoirí de réir bhrí Bheartas Frithchalaoise agus Nósanna Imeachta Imscrúdaithe an BEI, cuirfidh sé ar an eolas iad astu féin.
3. Sa chás go cuirfidh IG/IN srian iomlán nó páirteach le soláthar faisnéise do na daoine is ábhar do na sonraí a ndéantar tagairt dóibh in alt 2, coinneoidh sé taifead ar na cúiseanna leis an srian sin, lena n-áirítear measúnú ar a riachtanaí agus a chomhréirí atá an srian.
Chuige sin, luafar sa taifead cén chaoi a gcuirfeadh soláthar na faisnéise críoch na ngníomhaíochtaí imscrúdaitheacha de chuid IG/IN nó críoch srianta a cuireadh i bhfeidhm de bhun Airteagal 3(3) i mbaol, nó a ndéanfadh dochar do chearta agus saoirsí daoine eile is ábhar do na sonraí.
Clárófar an taifead agus, nuair is infheidhme, na cáipéisí ina bhfuil na bunghnéithe fíorasacha agus dlíthiúla. Cuirfear ar fáil don Mhaoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí iad ach iad a iarraidh.
4. Leanfaidh an srian a ndéantar tagairt dó in alt 3 d'fheidhm a bheith aige a fhad is a leanfaidh na cúiseanna lena dtugtar bonn cirt dó de bheith infheidhme.
Sa chás nach mbeidh na cúiseanna leis an srian infheidhme a thuilleadh, cuirfidh IG/IN an fhaisnéis lena mbaineann agus na cúiseanna leis an srian ar fáil don duine is ábhar do na sonraí. Ag an am céanna, cuirfidh IG/IN in iúl don duine is ábhar do na sonraí gur féidir leis gearán a dhéanamh leis an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí ag am ar bith nó leigheas breithiúnach a lorg i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Déanfaidh IG/IN athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an tsriain uair amháin ar a laghad gach sé mhí tar éis a ghlactha agus tráth a ndúntar an t-imscrúdú lena mbaineann. Ina dhiaidh sin, déanfaidh an rialaitheoir monatóireacht ar bhonn bhliantúil ar an ngá a bheidh leis an srian a choinneáil.
Airteagal 5
Ceart rochtana an duine is ábhar do na sonraí
1. Sa chás go n-iarrfaidh daoine is ábhair do na sonraí rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta arna bpróiseáil i gcomhthéacs ceann amháin nó níos mó de na cásanna ar leith nó ar oibríocht phróiseála ar leith, de réir Airteagal 17 den Rialachán, ní chuirfidh IG/IN ach na sonraí pearsanta sin san áireamh agus measúnú á dhéanamh aige ar an iarraidh.
2. Sa chás go gcuirfidh IG/IN srian iomlán nó páirteach leis an gceart rochtana, a ndéantar tagairt dó in Airteagal 17 den Rialachán, déanfaidh sé na bearta seo a leanas:
|
(a) |
cuirfidh sé in iúl don duine is ábhar do na sonraí, sa fhreagra ar a iarraidh, an srian atá curtha i bhfeidhm agus na príomhchúiseanna leis sin, agus gur féidir leis gearán a dhéanamh leis an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí nó leigheas breithiúnach a lorg i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh; |
|
(b) |
déanfaidh sé taifead ar na cúiseanna leis an srian, lena n-áirítear measúnú ar a riachtanaí agus a chomhréirí atá an srian; chuige sin, luafar sa taifead cén chaoi a gcuirfeadh soláthar na faisnéise críoch na ngníomhaíochtaí imscrúdaitheacha de chuid IG/IN nó críoch srianta a cuireadh i bhfeidhm de bhun Airteagal 3(3) i mbaol, nó a ndéanfadh dochar do chearta agus saoirsí daoine eile is ábhar do na sonraí. |
Féadfar soláthar na faisnéise a ndéantar tagairt dó i bpointe (a) a chur ar atráth, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú de réir Airteagal 25(8) den Rialachán.
3. Clárófar an taifead a ndéantar tagairt dó i bpointe (b) den chéad fho-alt d'alt 2 agus, nuair is infheidhme, na cáipéisí ina bhfuil na bunghnéithe fíorasacha agus dlíthiúla. Cuirfear ar fáil don Mhaoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí iad ach iad a iarraidh. Beidh feidhm ag Airteagal 25(7) den Rialúchán (AE) 2018/1725.
Airteagal 6
Ceart chun ceartú, scriosadh agus srian a chur le próiseáil
Sa chás go gcuirfidh IG/IN srian iomlán nó páirteach le cur i bhfeidhm an chirt chun ceartú, scriosadh nó srian a chur le próiseáil, a ndéantar tagairt dó in Airteagail 18, 19(1) agus 20(1) de Rialachán (AE) 2018/1725, déanfaidh sé na bearta atá leagtha amach in Airteagal 5(2) den Chinneadh seo agus cláróidh an taifead de réir Airteagal 5(3) den Chinneadh céanna.
Airteagal 7
Sáruithe ar shonraí pearsanta a chur in iúl don duine is ábhar do na sonraí
Sa chás go gcuirfidh IG/IN srian le sárú ar shonraí pearsanta a chur in iúl don duine is ábhar do na sonraí, a ndéantar tagairt dó in Airteagal 35 den Rialachán, déanfaidh sé na cúiseanna leis an srian a thaifeadadh agus a chlárú de réir Airteagal 4(3) den Chinneadh seo. Beidh feidhm ag Airteagal 4(4) den Chinneadh seo.
Airteagal 8
Athbhreithniú ag an Oifigeach Cosanta Sonraí
Cuirfidh IG/IN an tOifigeach Cosanta Sonraí ar an eolas, gan moill mhíchuí, pé uair a chuirfidh sé srian le cur i bhfeidhm ceart duine is ábhar do na sonraí de réir an Chinnidh seo agus cuirfidh sé rochtain ar fáil dó ar an taifead agus ar an measúnú ar a riachtanaí agus a chomhréirí atá an srian.
Féadfaidh an tOifigeach Cosanta Sonraí iarraidh ar IG/IN i scríbhinn athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na srianta. Cuirfidh IG/IN toradh an athbhreithnithe iarrtha in iúl don Oifigeach Cosanta Sonraí i scríbhinn.
CAIBIDIL II
OIFIG PHRÍOMHOIFIGEACH COMHLÍONTA GHRÚPA AN BEI
Airteagal 9
Ábhar agus raon feidhme
1. Leagtar síos sa Chaibidil seo na rialacha a mbeidh ar OPOCL cloí leo maidir le próiseáil sonraí a chur in iúl do na daoine is ábhar do na sonraí sin de réir Airteagail 14, 15 agus 16 de Rialachán (AE) 2018/1725.
Leagtar síos freisin na coinníollacha faoina bhféadfaidh OPOCL srian a chur le cur i bhfeidhm Airteagail 14 go 22 agus 35 agus 36, mar aon le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/1725, de réir Airteagal 25 den Rialachán sin.
2. Baineann an Chaibidil seo le próiseáil sonraí pearsanta ag OPOCL chun críche na ngníomhaíochtaí a dhéantar chun a chúraimí a chomhlíonadh nó i ndáil leis na cúraimí sin, ar cúraimí iad a ndéantar tagairt dóibh i dTéarmaí Tagartha Phríomhoifigeach Comhlíonta an Ghrúpa, sa Bheartas Ionracais agus sa Chairt Comhlíonta agus i rialacha agus beartais inmheánacha eile.
3. Faoi chuimsiú a ghníomhaíochtaí, déanann OPOCL roinnt catagóirí sonraí pearsanta a phróiseáil, go háirithe sonraí aitheantais, sonraí teagmhála, sonraí gairmiúla agus sonraí faoi róil i gcásanna.
Airteagal 10
Sonrú an rialaitheora agus na gcosaintí
1. Feidhmeoidh OPOCL mar an rialaitheoir sonraí faoi seach.
2. Déanfar na sonraí pearsanta a stóráil i dtimpeallacht dhaingnithe leictreonach agus fhisiceach, a chuirfidh cosc ar rochtain neamhdhleathach ar na sonraí ag daoine nach gá dóibh na sonraí sin a bheith ar eolas acu nó ar aistriú neamhdhleathach na sonraí chuig daoine den sórt sin.
3. Coinneofar na sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag OPOCL go ceann sé mhí ar a laghad tar éis dhíbhe an cháis agus go ceann suas le cúig bliana tar éis dhúnadh an fhiosrúcháin riaracháin.
4. Cuirfear tréimhsí níos faide ná na tréimhsí atá sonraithe thuas i bhfeidhm i gcásanna eisceachtúla a mbeidh bonn cirt leo, faoi réir chomhaontú an OCS.
Airteagal 11
Eisceachtaí agus srianta is infheidhme
1. Nuair a fheidhmeoidh OPOCL a chuid dualgas i leith chearta na ndaoine is ábhar do na sonraí de bhun Rialachán (AE) 2018/1725, measfaidh sé an bhfuil feidhm ag aon cheann de na heisceachtaí a leagtar síos sa Rialachán sin.
2. Faoi réir Airteagail 12 go 15 den Chinneadh seo, féadfaidh OPOCL srian a chur le cur i bhfeidhm Airteagail 14 go 22, agus 35, agus 36 de Rialachán (AE) 2018/1725, mar aon le hAirteagal 4 ann a mhéad a bhaineann a fhorálacha leis na cearta agus leis na hoibleagáidí a ndéantar foráil dóibh le hAirteagail 14 go 22 de Rialachán (AE) 2018/1725 sa chás go gcuirfeadh feidhmiú na gceart agus na n-oibleagáidí sin críoch fiosrúchán riaracháin agus gníomhaíochtaí eile de chuid OPOCL i mbaol, lena n-áirítear trí uirlisí agus modhanna fiosrúcháin riaracháin dá chuid a nochtadh, nó sa chás go ndéanfadh dochar do chearta agus saoirsí daoine eile is ábhar do na sonraí.
3. Faoi réir Airteagail 12 go 15 den Chinneadh seo, féadfaidh OPOCL srian a chur leis na cearta agus leis na hoibleagáidí a ndéantar tagairt dóibh in alt 2 den Airteagal seo maidir le sonraí pearsanta arna bhfáil ó sheirbhís(í) eile de chuid an BEI, ó institiúidí, comhlachtaí, gníomhaireachtaí agus oifigí eile de chuid an Aontais Eorpaigh, ó údaráis inniúla de chuid Ballstát nó tríú tíortha nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, sna cúinsí seo a leanas:
|
(a) |
sa chás go bhféadfadh seirbhís(í) eile de chuid an BEI nó institiúidí, comhlachtaí, gníomhaireachtaí agus oifigí eile de chuid an Aontais Eorpaigh srian a chur leis na cearta agus leis na hoibleagáidí sin ar bhonn achtanna eile a ndéantar foráil dóibh in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725 nó de réir Chaibidil IX den Rialachán sin; |
|
(b) |
sa chás go bhféadfadh údaráis inniúla Ballstát srian a chur le feidhmiú na gceart agus na n-oibleagáidí sin ar bhonn na n-achtanna a ndéantar tagairt dóibh in Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2016/679 nó faoi bhearta náisiúnta lena ndéantar Airteagail 13(3), 15(3) nó 16(3) de Threoir (AE) 2016/680 a thrasuí; |
|
(c) |
sa chás go bhféadfadh feidhmiú na gceart agus na n-oibleagáidí sin comhar OPOCL le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a chur i mbaol agus a chúramaí á gcomhlíonadh aige. |
Sula gcuirfear na srianta i bhfeidhm sna cúinsí a ndéantar tagairt dóibh i bpointí (a) agus (b) den chéad fho-alt, rachaidh OPOCL i ndáil chomhairle leis an tseirbhís/na seirbhísí iomchuí de chuid an BEI, leis na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí iomchuí de chuid an Aontais Eorpaigh nó leis na húdaráis inniúla iomchuí de chuid Ballstáit ach amháin más léir do OPOCL go ndéantar foráil d'fheidhmiú an tsriain le ceann de na hachtanna a ndéantar tagairt dóibh sna pointí sin.
Ní bheidh feidhm ag pointe (c) sa chéad fho-alt sa chás go mbeidh sáraíocht ag leas nó cearta agus saoirsí bunúsacha na ndaoine is ábhar do na sonraí ar leas an Aontais Eorpaigh chun comhoibriú le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta.
Airteagal 12
Faisnéis a sholáthar do dhaoine is ábhar do na sonraí
1. Foilseoidh OPOCL ar Inlíon an BEI fógra cosanta sonraí a chuirfidh na daoine uile is ábhar do na sonraí ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí OPOCL a bhfuil próiseáil a gcuid sonraí pearsanta i gceist leo.
2. Na daoine uile is ábhar do na sonraí a mheasfaidh OPOCL is daoine lena mbaineann, finnéithe nó faisnéiseoirí, cuirfidh sé ar an eolas iad astu féin.
3. Sa chás go cuirfidh OPOCL srian iomlán nó páirteach le soláthar faisnéise do na daoine is ábhar do na sonraí a ndéantar tagairt dóibh in alt 2, coinneoidh sé taifead ar na cúiseanna leis an srian sin, lena n-áirítear measúnú ar a riachtanaí agus a chomhréirí atá an srian.
Chuige sin, luafar sa taifead cén chaoi a gcuirfeadh soláthar na faisnéise críoch na bhfiosrúchán riaracháin nó gníomhaíochtaí eile de chuid OPOCL nó críoch srianta a cuireadh i bhfeidhm de bhun Airteagal 11(3) i mbaol, nó a ndéanfadh dochar do chearta agus saoirsí daoine eile is ábhar do na sonraí.
Clárófar an taifead agus, nuair is infheidhme, na cáipéisí ina bhfuil na bunghnéithe fíorasacha agus dlíthiúla. Cuirfear ar fáil don Mhaoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí iad ach iad a iarraidh.
4. Leanfaidh an srian a ndéantar tagairt dó in alt 3 d'fheidhm a bheith aige a fhad is a leanfaidh na cúiseanna lena dtugtar bonn cirt dó de bheith infheidhme.
Sa chás nach mbeidh na cúiseanna leis an srian infheidhme a thuilleadh, cuirfidh OPOCL an fhaisnéis lena mbaineann agus na cúiseanna leis an srian ar fáil don duine is ábhar do na sonraí. Ag an am céanna, cuirfidh OPOCL in iúl don duine is ábhar do na sonraí gur féidir leis gearán a dhéanamh leis an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí ag am ar bith nó leigheas breithiúnach a lorg i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Déanfaidh OPOCL athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an tsriain uair amháin ar a laghad gach sé mhí tar éis a ghlactha agus tráth a ndúntar an fiosrúchán riaracháin lena mbaineann. Ina dhiaidh sin, déanfaidh an rialaitheoir monatóireacht ar bhonn bhliantúil ar an ngá a bheidh leis an srian a choinneáil.
Airteagal 13
Ceart rochtana an duine is ábhar do na sonraí
1. Sa chás go n-iarrfaidh daoine is ábhair do na sonraí rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta arna bpróiseáil i gcomhthéacs ceann amháin nó níos mó de na cásanna ar leith nó ar oibríocht phróiseála ar leith, de réir Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1725, ní chuirfidh OPOCL ach na sonraí pearsanta sin san áireamh agus measúnú á dhéanamh aige ar an iarraidh.
2. Sa chás go gcuirfidh OPOCL srian iomlán nó páirteach leis an gceart rochtana, a ndéantar tagairt dó in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1725, déanfaidh sé na bearta seo a leanas:
|
(a) |
cuirfidh sé in iúl don duine is ábhar do na sonraí, sa fhreagra ar a iarraidh, an srian atá curtha i bhfeidhm agus na príomhchúiseanna leis sin, agus gur féidir leis gearán a dhéanamh leis an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí nó leigheas breithiúnach a lorg i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh; |
|
(b) |
déanfaidh sé taifead ar na cúiseanna leis an srian, lena n-áirítear measúnú ar a riachtanaí agus a chomhréirí atá an srian; chuige sin, luafar sa taifead cén chaoi a gcuirfeadh soláthar na faisnéise críoch na bhfiosrúchán riaracháin nó gníomhaíochtaí eile de chuid OPOCL nó críoch srianta a cuireadh i bhfeidhm de bhun Airteagal 11(3) i mbaol, nó a ndéanfadh dochar do chearta agus saoirsí daoine eile is ábhar do na sonraí. |
Féadfar soláthar na faisnéise a ndéantar tagairt dó i bpointe (a) a chur ar atráth, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú de réir Airteagal 25(8) de Rialachán (AE) 2018/1725.
3. Clárófar an taifead a ndéantar tagairt dó i bpointe (b) den chéad fho-alt d'alt 2 agus, nuair is infheidhme, na cáipéisí ina bhfuil na bunghnéithe fíorasacha agus dlíthiúla. Cuirfear ar fáil don Mhaoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí iad ach iad a iarraidh. Beidh feidhm ag Airteagal 25(7) den Rialúchán (AE) 2018/1725.
Airteagal 14
Ceart chun ceartú, scriosadh agus srian a chur le próiseáil
Sa chás go gcuirfidh OPOCL srian iomlán nó páirteach le cur i bhfeidhm an chirt chun ceartú, scriosadh nó srian a chur le próiseáil, a ndéantar tagairt dó in Airteagail 18, 19(1) agus 20(1) de Rialachán (AE) 2018/1725, déanfaidh sé na bearta atá leagtha amach in Airteagal 13(2) den Chinneadh seo agus cláróidh an taifead de réir Airteagal 13(3) den Chinneadh céanna.
Airteagal 15
Sáruithe ar shonraí pearsanta a chur in iúl don duine is ábhar do na sonraí
Sa chás go gcuirfidh OPOCL srian le sárú ar shonraí pearsanta a chur in iúl don duine is ábhar do na sonraí, a ndéantar tagairt dó in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1725, déanfaidh sé na cúiseanna leis an srian a thaifeadadh agus a chlárú de réir Airteagal 12(3) den Chinneadh seo. Beidh feidhm ag Airteagal 12(4) den Chinneadh seo.
Airteagal 16
Athbhreithniú ag an Oifigeach Cosanta Sonraí
Cuirfidh OPOCL an tOifigeach Cosanta Sonraí ar an eolas, gan moill mhíchuí, pé uair a chuirfidh sé srian le cur i bhfeidhm ceart duine is ábhar do na sonraí de réir an Chinnidh seo agus cuirfidh sé rochtain ar fáil dó ar an taifead agus ar an measúnú ar a riachtanaí agus a chomhréirí atá an srian.
Féadfaidh an tOifigeach Cosanta Sonraí iarraidh ar OPOCL i scríbhinn athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na srianta. Cuirfidh OPOCL toradh an athbhreithnithe iarrtha in iúl don Oifigeach Cosanta Sonraí i scríbhinn.
CAIBIDIL III
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 17
Teacht i bhfeidhm
Rinne Bord Stiúrthóirí an BEI an Cinneadh seo a fhormheas ar an 6 Feabhra 2019 agus tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá a bhfoilseofar ar láithreán gréasáin an BEI.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 6 Feabhra 2019.
(1) IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.
(2) Tugadh fógra don Mhaoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí maidir le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs imscrúduithe IG/IN agus fhiosrúcháin riaracháin Oifig an Phríomhoifigigh Comhlíonta.
(3) https://www.eib.org/attachments/strategies/anti_fraud_policy_20130917_en.pdf
(4) http://www.eib.org/attachments/general/fraud_investigatons_charter_2017_en.pdf
(5) http://www.eib.org/en/infocentre/publications/all/staff-code-of-conduct.htm
(6) http://www.eib.org/en/infocentre/publications/all/eib-s-whistleblowing-policy.htm
(7) http://www.eib.org/en/infocentre/publications/all/integrity-policy-and-compliance-charter.htm
(8) http://www.eib.org/en/infocentre/publications/all/anti-fraud-procedures.htm
(9) Regulation (EC) No 45/2001 of the European Parliament and of the Council of 18 December 2000 on the protection of individuals with regard to the processing of personal data by the Community institutions and bodies and on the free movement of such data (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(10) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle dar dáta an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(11) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle dar dáta an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/JHA ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).