|
7.6.2019 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
296 |
TREOIR (AE) 2019/879 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Bealtaine 2019
lena leasaítear Treoir 2014/59/AE maidir le hacmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus acmhainneacht athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus Treoir 98/26/CE
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1)
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 9 Samhain 2015, d'fhoilsigh an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais (FSB) Bileog Téarmaí (“caighdeán TLAC”) an chumais iomláin ionsúcháin caillteanais (TLAC) agus d'fhormhuinigh G-20 é i mí na Samhna 2015. Is é cuspóir chaighdeán TLAC a áirithiú i gcás bainc a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo (G-SIBanna), dá ngairtear institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo (G-SIIanna) i gcreat an Aontais, go bhfuil an acmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin is gá acu chun a áirithiú, nuair a bheidh réiteach á dhéanamh agus díreach ina dhiaidh sin, gur féidir leis na hinstitiúidí sin leanúint le feidhmeanna criticiúla gan cistí na gcáiníocóirí (cistí poiblí) ná cobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol. Sa teachtaireacht uaidh an 24 Samhain 2015“I dTreo an tAontas Baincéireachta a Thabhairt chun Críche”, gheall an Coimisiún go gcuirfeadh sé togra reachtach chun cinn é féin faoi dheireadh 2016, togra lena bhféadfaí caighdeán TLAC a chur chun feidhme i nDlí an Aontais faoin spriocam a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta, mar atá 2019. |
|
(2) |
Nuair a bheifear ag cur chaighdeán TLAC chun feidhme san Aontas, ní mór an t-íoscheanglas institiúid-sonrach atá ann cheana maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe (“ICDI”) a chur san áireamh, íoscheanglas is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (institiúidí) atá bunaithe san Aontas, agus maidir le haon eintiteas eile mar a leagtar síos i dTreoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) (eintitis). Ós rud é go bhfuil an t-aon chuspóir amháin ag TLAC agus ag ICDI, mar atá a áirithiú go mbeidh acmhainneacht leordhóthanach ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin ag institiúidí an Aontais, ba cheart an dá cheanglas a bheith ina n-eilimintí comhlántacha de chomhchreat. Ó thaobh na hoibríochta, ba cheart íosleibhéal comhchuibhithe chaighdeán TLAC do G-SIIanna ('íoscheanglas TLAC') a thabhairt isteach i reachtaíocht an Aontais trí leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (5), agus ba cheart an forlíontán institiúid-sonrach do G-SIIanna agus an ceanglas institiúid-sonrach d'eintitis nach G-SIIanna iad, dá ndéantar tagairt mar íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, ba cheart aghaidh a thabhairt orthu le leasuithe spriocdhírithe ar Threoir 2014/59/AE agus ar Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Ba cheart forálacha ábhartha na Treorach seo maidir le hacmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus acmhainneacht athchaipitliúcháin na n-institiúidí agus eintitis na Treorach 2014/59/AE, mar a leasaítear ag an Treoir seo, a chur i bhfeidhm ar bhealach atá comhsheasmhach in éineacht leo sin in Rialachán (AE) Uimh 575/2013 agus (AE) Uimh Uimh 806/2014 agus i dTreoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). |
|
(3) |
In éagmais rialacha comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais maidir le cur chun feidhme chaighdeán TLAC san Aontas, bheadh costais bhreise agus éiginnteacht dhlíthiúil ann agus ba dheacra an uirlis fortharrthála le haghaidh institiúidí trasteorann a chur i bhfeidhm. In éagmais na rialacha comhchuibhithe sin ar leibhéal an Aontais thiocfadh saobhadh iomaíochta sa mhargadh inmheánach chun cinn freisin ar an ábhar go bhféadfadh na costais a bheadh ar institiúidí i dtaca leis na ceanglais atá ann faoi láthair agus caighdeán TLAC a chomhlíonadh, go bhféadfaidís sin a bheith an-éagsúil ó Bhallstát go chéile. Is den riachtanas, dá bhrí sin, deireadh a chur leis na baic sin ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, agus an saobhadh iomaíochta a sheachaint a thiocfadh chun cinn in éagmais rialacha comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais maidir le cur chun feidhme chaighdeán TLAC. Dá réir sin, is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. |
|
(4) |
I gcomhréir le caighdeán TLAC, ba cheart aitheantas a thabhairt fós i dTreoir 2014/59/AE do straitéisí réitigh an Phointe Iontrála Aonair (SPE) agus na nIlphointí Iontrála (MPE). Faoi straitéis SPE, ní dhéantar réiteach ach ar aon ghrúpeintiteas amháin, an mháthairchuideachta, go hiondúil, ach maidir leis na grúpeintitis eile, ar fochuideachtaí oibriúcháin iad, de ghnáth, ní chuirtear iad sin faoi réiteach: aistríonn siad a gcaillteanais agus a riachtanais athchaipitliúcháin chuig an eintiteas lena réiteach. Faoi straitéis MPE, féadfar níos mó ná aon eintiteas amháin a réiteach. Is den tábhacht eintitis atá le réiteach (“eintitis réitigh”), is é sin na heintitis a bhféadfaí gníomhaíochtaí réitigh a chur i bhfeidhm ina leith, i dteannta fochuideachtaí ar leis na heintitis sin iad (“grúpaí réitigh”) a aithint go soiléir ionas gur féidir an straitéis réitigh a theastaíonn a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Is den tábhacht iad a aithint freisin ionas gur féidir a chinneadh cén leibhéal cur i bhfeidhm ba cheart do ghnólachtaí airgeadais a chomhlíonadh i dtaca leis na rialacha maidir le hacmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus acmhainneacht athchaipitliúcháin. Is den riachtanas, dá bhrí sin, coincheapa an “eintitis réitigh” agus an “ghrúpa réitigh” a thabhairt isteach agus leasú a dhéanamh ar Threoir 2014/59/AE a bhaineann le pleananna réitigh grúpa chun é a chur de cheangal go sainráite ar na húdaráis réitigh na heintitis réitigh agus na grúpaí réitigh laistigh de ghrúpa a aithint agus na himpleachtaí a d'fhéadfadh bheith ag aon ghníomhaíocht réitigh laistigh de ghrúpa atá beartaithe a mheas mar is iomchuí chun réiteach grúpa éifeachtach a áirithiú. |
|
(5) |
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil acmhainneacht leordhóthanach ionsúcháin caillteanais agus acmhainneacht leordhóthanach athchaipitliúcháin ag institiúidí chun a áirithiú go n-ionsúfar na caillteanais agus go ndéanfar athchaipitliú go mín agus go tapa sa chaoi go mbeidh an tionchar is lú is féidir ar chobhsaíocht airgeadais agus ar cháiníocóirí. Chun é sin a dhéanamh ba cheart d'institiúidí an ceanglas institiúid-sonrach maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe (“ICDI”) a chomhlíonadh dá bhforáiltear i dTreoir 2014/59/AE. |
|
(6) |
Chun na hainmneoirí lena dtomhaistear acmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus acmhainneacht athchaipitliúcháin na n-institiúidí a ailíniú leis na hainmneoirí dá bhforáiltear i gcaighdeán TLAC, ba cheart an ICDI a shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca agus thomhas neamhchosanta iomlán na hinstitiúide nó an eintitis lena mbaineann. |
|
(7) |
D'fhonn pleanáil fhadtéarmach d'eisiúint ionstraimí a éascú agus cinnteacht a bhunú maidir leis na maoláin riachtanacha, tá soiléireacht thráthúil de dhíth ar na margaí i dtaca leis na critéir cháilíochta a bhfuil gá leo chun ionstraimí a aithint mar dhliteanais TLAC/MREL incháilithe. |
|
(8) |
Chun cothrom na Féinne a áirithiú d'institiúidí an Aontais, lena n-áirítear ar leibhéal domhanda, ba cheart na critéir incháilitheachta i leith dliteanais atá in-fhortharrthála le haghaidh an ICDI a ailíniú go dlúth leis na critéir a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le haghaidh íoscheanglas TLAC, ach é sin faoi réir na gcoigeartuithe agus na gceanglas comhlántach a thugtar isteach sa Treoir seo. Ba cheart, go háirithe, go mbeadh ionstraimí fiachais áirithe ag a bhfuil comhpháirt dhíorthach leabaithe, amhail nótaí struchtúrtha áirithe, ba cheart go mbeidís sin incháilithe chun an ICDI a chomhlíonadh sa mhéid go bhfuil príomhshuim sheasta nó mhéadaitheach acu is inaisíoctha tráth a haibíochta agus atá ar eolas roimh ré, níl nasctha leis an díorthach ach pé toradh breise a bhíonn ann agus braitheann sin ar fheidhmíocht na sócmhainne tagartha, faoi réir coinníollacha sonracha. I bhfianaise na gcoinníollacha sin, táthar ag súil go mbeidh cumas ardionsúcháin caillteanais ag na hionstraimí sin agus go bhféadfaí fortharrtháil a dhéanamh orthu go héasca i gcás réitigh. I gcás ina bhfuil cistí dílse ag institiúidí ar mó iad ná na ceanglais cistí dílse, níor cheart go rachadh sin i bhfeidhm ar chinntí a bhaineann le ICDI a chinneadh. In theannta sin, ba cheart go mbeadh séindéanta d'institiúidí aon chuid dá ICDI a chomhlíonadh lena gcistí dílse. |
|
(9) |
Tá na dliteanais uile ar toradh iad ar éilimh gnáthchreidiúnaithe gan urrús (dliteanais neamh-fho-ordaithe) san áireamh sa raon dliteanas a úsáidtear lenar féidir an ICDI a chomhlíonadh, ach amháin i gcás nach gcomhlíonann siad na sainchritéir incháilitheachta dá bhforáiltear sa Treoir seo. Chun feabhas a chur ar inréititheacht institiúidí trí úsáid éifeachtach a bhaint as an uirlis fortharrthála, ba cheart é a bheith ar chumas údarás réitigh a cheangal go ndéanfar an ICDI a chomhlíonadh trí bhíthin cistí dílse agus dliteanais fo-ordaithe eile, go háirithe nuair is ríléir gur dócha go n-iompróidh creidiúnaithe ar a ndéanfar fortharrtháil, go n-iompróidh siad caillteanais i gcás réitigh ar mó iad ná a gcaillteanais ionchasacha i gcás ghnáthimeachtaí dócmhainneachta. Ba cheart do na húdaráis réitigh measúnú a dhéanamh ar an ngá atá lena chur de cheangal ar institiúidí ICDI a chomhlíonadh le cistí dílse agus dliteanais fo-ordaithe, i gcás inarb ionann méid na ndliteanas a eisiatar ó chur i bhfeidhm na huirlise fortharrthála agus tairseach áirithe laistigh d'aicme dliteanas lena n-áirítear dliteanais incháilithe ICDI. Ba cheart an ceanglas maidir le ICDI a chomhlíonadh le cistí dílse agus dliteanais fo-ordaithe eile a iarraidh a mhéid is gá chun a áirithiú nach mó caillteanais creidiúnaithe i gcás réitigh ná na caillteanais a thabhódh creidiúnaithe ar shlí eile i gcás imeachtaí dócmhainneachta. |
|
(10) |
Ba cheart aon fho-ordú ar ionstraimí fiachais a iarrfaidh údaráis réitigh chun críocha an ICDI a bheith gan dochar don fhéidearthacht íoscheanglas TLAC a chomhlíonadh go páirteach le hionstraimí fiachais neamh-fho-ordaithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus mar a cheadaítear de réir chaighdeán TLAC. I gcás eintitis réitigh G-SIIanna, nó eintitis réitigh de ghrúpaí réitigh a bhfuil sócmhainní os cionn 100 billiún Euro acu (bainc ardleibhéil), agus i gcás grúpaí réitigh áirithe atá níos lú a meastar ar dócha go mbeidh riosca sistéamach ag gabháil leo má bhíonn cliseadh ann, agus aird á tabhairt ar leitheadúlacht taiscí agus neamhláithreacht ionstraimí fiachais sa tsamhail mhaoinithe, rochtain shrianta ar mhargaí caipitil do dhliteanais incháilithe agus spleáchas ar chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 chun ICDI a chomhlíonadh, ba cheart do na húdaráis réitigh a bheith in ann a cheangal go gcomhlíontar cuid de ICDI, arb ionann é agus leibhéal an ionsúcháin caillteanais agus an athchaipitliúcháin dá dtagraítear in Airteagail 37(10) agus 44(5) de Threoir 2014/59/AE mar a leasaítear ag an Rialachán seo, le cistí dílse agus dliteanais fho-ordaithe eile agus, lena n-áirítear cistí dílse a úsáidtear chun an ceanglas maoláin chomhcheangailte dá dtagraítear i dTreoir 2013/36/AE a shásamh. |
|
(11) |
Arna iarraidh sin d'eintiteas réitigh, ba cheart go mbeadh na húdaráis réitigh in ann an ceanglas sin a laghdú go teorainn is ionann agus cionroinnt an laghdaithe is ceadmhach faoi Airteagal 72b(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i dtaca leis an íoscheanglas TLAC arna leagan síos sa Rialachán sin. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ba cheart do na húdaráis réitigh a bheith ábalta an chumhacht a fheidhmiú chun a cheangal I gcomhréir le priosabal na comhréireachta go gcomhlíontar ICDI trí bhíthin cistí dílse agus dliteanais fho-ordaithe eile agus a mhéid nach airde é leibhéal foriomlán an fho-ordaithe a cheanglaítear i bhfoirm cistí dílse agus ítimí dliteanas incháilithe mar gheall ar an oibleagáid atá ar institiúidí TLAC, ICDI, agus i gcás inarb infheidhme, an ceanglas maoláin chaipitil chomhcheangailte faoi Threoir 2013/36/AE a chomhlíonadh, ná leibhéal an iompartha caillteanais agus an athchaipitliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(10) agus Airteagal 44(5) de Threoir 2014/59/AE mar a leasáítear leis an Treoir seo, ná an fhoirmle a leagtar amach sa Treoir seo bunaithe ar cheanglais stuamachta Cholún 1 agus Cholún 2 agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte. |
|
(12) |
Maidir le bainc ardleibhéil faoi leith, ba cheart d'údaráis réitigh, faoi réir ceanglas a bheidh le measúnú ag an údarás, teorainn tairsí áirithe a chur le leibhéal an íoscheanglais fo-ordúcháin, lena gcuirfear san áireamh freisin riosca a d'fhéadfadh a bheith ann go mbeadh tionchar díréireach ar shamhail ghnó na n-institiúidí sin. Ba cheart an teorannú sin a bheith gan dochar don fhéidearthacht ceanglas fo-ordúcháin os cionn na teorann sin a shocrú trí cholún 2, faoi réir na gcoinníollacha a bhaineann le colún 2 freisin, ar bhonn critéir mhalartacha, mar atá baic ar inréiteacht; nø indéantacht agus creidiúnacht na straitéise réitigh, nó an riosca a bhaineann leis an institiúid. |
|
(13) |
Le ICDI, ba cheart go bhféadfadh institiúidí na caillteanais a bhfuiltear ag súil leo i gcás réitigh nó ag pointe na neamh-inmharthanachta a iompar de réir mar is iomchuí agus an institiúid a athchaipitliú tar éis na ngníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa phlean réitigh a chur chun feidhme nó an réiteach ón ngrúpa réitigh. Ba cheart do na húdaráis réitigh, ar bhonn na straitéise réitigh a roghnaigh siad, údar cuí a thabhairt le leibhéal an ICDI a d'fhorchuir siad agus ba cheart dóibh an leibhéal sin a athbhreithniú gan aon mhoill mhíchuí chun aon athrú ar leibhéal an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE a léiriú. Mar sin, is é ba cheart a bheith sa leibhéal sin suim mhéid na gcaillteanas lena bhfuiltear ag súil i gcás réitigh, a chomhfhreagraíonn do cheanglais cistí dílse na hinstitiúide féin agus don mhéid athchaipitliúcháin lenar féidir leis an institiúid, tar éis an réitigh nó tar éis na cumhachtaí díluachála nó comhshó a fheidhmiú, na ceanglais cistí dílse sin dá cuid is gá lena gníomhaíochtaí féin a shaothrú faoin straitéis réitigh a roghnaíodh a chomhlíonadh. Ba cheart an ICDI a shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca agus thomhas neamhchosanta an chóimheasa luamhánaithe agus ba cheart d'institiúidí agus d'eintitis na leibhéil a bheidh mar thoradh ar an dá thomhas sin a chomhlíonadh in éineacht. Ba cheart don údarás réitigh na méideanna athchaipitliúcháin a choigeartú síos nó suas i gcás aon athruithe a thagann as na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean réitigh. |
|
(14) |
Ba cheart go mbeadh an t-údarás réitigh in ann freisin an méid athchaipitliúcháin a mhéadú chun muinín leordhóthanach sa mhargadh a áirithiú san institiúid tar éis gníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa phlean réitigh a chur chun feidhme. Maidir le leibhéal an mhaoláin mhuiníne sa mhargadh a iarradh, ba cheart go bhféadfadh an institiúid leanúint de na ceanglais údarúcháin atá uirthi a chomhlíonadh ar feadh tréimhse iomchuí ama, lena n-áirítear tríd an deis a thabhairt don institiúid na costais a chumhdach a bhaineann le hathstruchtúrú a gníomhaíochtaí tar éis an réitigh agus muinín leordhóthanach as an margadh a bhuanú. Ba cheart an maolán muiníne margaidh a shocrú trí thagairt a dhéanamh do chuid den cheanglas maoláin chomhcheangailte faoi Threoir 2013/36/AE. Ba cheart do na húdaráis réitigh leibhéal an mhaoláin muiníne margaidh a choigeartú síos más leordhóthanach é leibhéal níos ísle chun muinín leordhóthanach sa mhargadh a áirithiú nó ba cheart dóibh an leibhéal sin a choigeartú suas i gcás ina dteastaíonn leibhéal níos airde chun a áirithiú gurb amhlaidh, tar éis na ngníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa phlean réitigh, go leanann an t-eintiteas de na coinníollacha maidir lena údarú a chomhlíonadh go ceann tréimhse iomchuí ama agus muinín leordhóthanach as an margadh a bhuanú. |
|
(15) |
I gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1075 ón gCoimisiún (8), ba cheart do na húdaráis réitigh bonn infheisteoirí ionstraimí ICDI institiúidí aonair a scrúdú. Má dhéanann infheisteoirí miondíola, ar dócha nach bhfuair siad léiriú iomchuí ar na rioscaí ábhartha, cuid shuntasach d'ionstraimí ICDI institiúid a choinneáil, d'fhéadfadh an méid sin bheith ina bhac ar inréititheacht. Ag an am céanna, má choinníonn institiúidí eile cuid mhór d'ionstraimí ICDI institiúide, d'fhéadfadh cineál córasach díluachála nó comhshó bheith ina bhac ar inréititheacht freisin. I gcás ina gcinneann údarás réitigh bac ar inréititheacht mar thoradh ar mhéid agus ar chineál bonn infheisteoirí áirithe, d'fhéadfadh sé a mholadh d'institiúid aghaidh a thabhairt ar an mbac sin. |
|
(16) |
Le háirithiú nach n-infheisteoidh infheisteoirí miondíola an iomarca in ionstraimí fiachais i ndliteanais incháilithe áirithe, ba cheart do Bhallstáit a áirithiú go mbeidh an íos-suim d'ionstraimí mar sin sách ard nó nach ionann an infheistíocht in ionstraimí mar sin agus sciar iomarcach de phunann an infheisteora. Ba cheart feidhm a bheith ag an gceanglas sin ar na hionstraimí sin amháin a eisíodh tar éis dháta thrasuí na Treorach seo. Ní chumhdaítear an ceanglas sin a dhóthain i dTreoir 2014/65/AE, agus mar sin ba cheart dó a bheith infhorfheidhmithe faoi Threoir 2014/59/AE agus ba cheart dó a bheith gan dochar do na rialacha maidir le cosaint infheisteoirí dá bhforáiltear i dTreoir 2014/65/AE. I gcás, le linn dóibh a bheith ag comhlíonadh a ndualgas, ina dtagann na húdaráis réitigh ar fhianaise maidir le sáruithe féideartha ar Threoir 2014/65/AE, ba cheart dóibh a bheith in ann faisnéis rúnda a mhalartú le húdaráis iompraíochta margaidh chun críocha na Treorach sin a fhorfheidhmiú. Ag an am céanna, ba cheart do na Ballstáit a bheith ábalta srian breise a chur le díol agus le margú ionstraimí áirithe eile d'infheisteoirí áirithe. |
|
(17) |
Chun inréititheacht na G-SIIanna a fheabhsú, ba cheart an deis a bheith ag na húdarás réitigh ICDI institiúid-sonrach a fhorchur orthu sin sa bhreis ar íoscheanglas TLAC a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ba cheart an ICDI institiúid-sonrach sin a fhorchur i gcás nach leor íoscheanglas TLAC chun caillteanais G-SII a ionsú agus chun athchaipitliú a dhéanamh air faoin straitéis réitigh a roghnaíodh. |
|
(18) |
Agus leibhéal an ICDI á shocrú, ba cheart do na húdaráis réitigh méid na tábhachta sistéamaí atá le hinstitiúid a chur san áireamh chomh maith leis an drochthionchar ar an gcobhsaíocht airgeadais a d'fhéadfadh a bheith ann dá gclisfí uirthi. Ba cheart dóibh an gá atá le cothrom iomaíochta idir na G-SIIanna agus institiúidí inchomparáide eile san Aontas a bhfuil tábhacht shistéamach leo a chur san áireamh. Dá bhrí sin, níor cheart go n-imeodh ICDI na n-institiúidí sin nach bhfuil aitheanta mar G-SIIanna ach a bhfuil tábhacht shistéamach leo atá inchomparáide le tábhacht shistéamach na G-SIIanna, níor cheart go n-imeodh sin go díréireach ó leibhéal an ICDL agus óna chomhdhéanamh sin atá socraithe i gcoitinne do G-SIIanna. |
|
(19) |
I gcomhréir le Rialachán Uimh. 575/2013, níor cheart institiúidí a shainaithnítear mar eintitis réitigh a bheith faoi réir an ICDI ach amháin ar leibhéal an ghrúpa réitigh chomhdhlúite. Fágann sin gur cheart oibleagáid a bheith ar eintitis réitigh ionstraimí agus ítimí is incháilithe ar mhaithe le comhlíonadh an ICDI a eisiúint chuig creidiúnaithe tríú tír seachtracha a ndéanfaí fortharrtháil orthu i gcás ina dtionscnófaí próiseas réitigh i leith an eintitis réitigh. |
|
(20) |
Institiúidí nach eintitis réitigh iad ba cheart dóibh an tICDL a chomhlíonadh ar an leibhéal aonair. De ghnáth, ba cheart dá n-eintitis réitigh faoi seach freastal ar riachtanais ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin na n-institiúidí nó eintitis sin trí na hionstraimí cistí dílse agus dliteanais incháilithe arna n-eisiúint ag na hinstitiúidí sin a fháil go díreach nó go hindíreach mar aon le díluacháil nó comhshó na n-ionstraimí agus na ndliteanas sin go hionstraimí úinéireachta, tráth nach mbeidh na hinstitiúidí sin inmharthana a thuilleadh. Mar sin, an ICDI is infheidhme maidir le hinstitiúidí nach eintitis réitigh iad ba cheart é a chur i bhfeidhm ar dhóigh leanúnach i dteannta na gceanglas is infheidhme maidir le heintitis réitigh. Ba cheart, dá bharr sin, go bhféadfadh eintitis réitigh grúpa réitigh a réiteach gan roinnt dá fhochuideachtaí a chur faoi réiteach, rud a chuirfeadh cosc le suaitheadh ar bith sa mhargadh a d'fhéadfadh titim amach murach sin. Ba cheart cur i bhfeidhm ICDI maidir le hinstitiúidí nach eintitis réitigh iad a bheith i gcomhréir leis an straitéis réitigh a roghnaíodh agus go háirithe níor cheart an cur i bhfeidhm sin an gaol úinéireachta idir institiúidí agus a ngrúpa réitigh a athrú tar éis athchaipitliú na n-institiúidí sin. |
|
(21) |
Más rud é go bhfuil an t-eintiteas réitigh nó an mháthairchuideachta agus a fochuideachtaí araon bunaithe sa Bhallstát céanna agus gur cuid den ghrúpa réitigh céanna iad, ba cheart go mbeadh an t-údarás réitigh in ann cur i bhfeidhm an ICDI is infheidhme maidir leis na fochuideachtaí sin nach eintitis réitigh iad a tharscaoileadh go hiomlán nó iad a cheadú an ICDI a chomhlíonadh le ráthaíochtaí comhthaobhaithe idir an mháthairchuideachta agus a fochuideachtaí, ráthaíochtaí ar féidir a thionscnamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha uainiúcháin céanna atá ann maidir le díluacháil nó comhshó dliteanas incháilithe. Ba cheart an chomhthaobhacht atá ina cúltaca ag an ráthaíocht a bheith ardleachtach agus riosca an-íseal a bheith léi. |
|
(22) |
Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 gur féidir le húdaráis inniúla cur i bhfeidhm ceanglais áirithe sócmhainneachta agus leachtachta a tharscaoileadh i gcás institiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe go buan le comhlacht lárnach (“líonraí comhoibritheacha”) i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha sonracha áirithe. Chun aird a thabhairt ar shainiúlachtaí na líonraí comhoibritheacha sin, ba cheart d'údaráis réitigh a bheith in ann, freisin, cur i bhfeidhm ICDI a bhfuil feidhm aige maidir le hinstitiúidí creidmheasa sin agus ar an gcomhlacht lárnach a tharscaoileadh faoi choinníollacha atá comhchosúil leo siúd a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcás ina mbeidh institiúidí creidmheasa agus an comhlacht lárnach bunaithe sa Bhallstát céanna. Ba cheart do na húdaráis réitigh a bheith in ann, ar a rogha féin, institiúidí creidmheasa agus an comhlacht lárnach a mheas le chéile agus measúnú á dhéanamh ar na coinníollacha maidir le réiteach ar brath ar ghnéithe an tsásra dlúthpháirtíochta. Ba cheart don údarás réitigh a bheith in ann a áirithiú go gcomhlíonfaidh an grúpa réitigh ina iomláine an ceanglas seachtrach ICDI ar bhealaí difriúla ag brath ar ghnéithe de shásra dlúthpháirtíochta gach grúpa, trí dhliteanais incháilithe na n-eintiteas, dá dtagraítear sa phlean réitigh, a gcuireann an t-údarás réitigh de cheangal orthu ionstraimí incháilithe a eisiúint do ICDI lasmuigh den ghrúpa réitigh i gcomhréir leis an bplean réitigh. |
|
(23) |
Chun a áirithiú go mbeidh leibhéil na ICDInna iomchuí ann chun críocha réitigh, ba cheart údarás réitigh an eintitis réitigh, an t-údarás réitigh ar leibhéal an ghrúpa, mar atá údarás réitigh an mháthairghnóthais deiridh, agus údaráis réitigh na n-eintiteas eile atá sa ghrúpa réitigh a bheidh freagrach mar údaráis as leibhéal an ICDI a shocrú. Ba cheart aon díospóidí idir údaráis a bheith faoi réir chumhachtaí an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE) faoi Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha dá bhforáiltear sa Treoir seo. |
|
(24) |
Ba cheart do na húdaráis inniúla agus réitigh aghaidh a thabhairt, mar is iomchuí, ar aon sáruithe ar íoscheanglas TLAC agus ICDI agus iad a leigheas. Ós rud é gurbh fhéidir go mbeadh sárú ar na ceanglais sin in bhacainn roimh inréititheacht institiúide nó grúpa, ba cheart na nósanna imeachta atá ann cheana chun bacainní roimh inréititheacht a ghiorrú chun go dtabharfar aghaidh go tapa ar aon sáruithe ar na ceanglais. Lena chois sin, ba cheart é a bheith ar chumas na n-údarás réitigh é a chur de cheangal ar institiúidí próifílí aibíochta ionstraimí agus ítimí incháilithe a mhionathrú agus pleananna a ullmhú agus a chur chun feidhme chun leibhéal na gceanglas sin a athchóiriú. Thairis sin, ba cheart é a bheith ar chumas na n-údarás réitigh roinnt dáiltí a thoirmeasc i gcás ina measann siad go bhfuil ag cliseadh ar institiúid na ceanglais maoláin chomhcheangailte a chomhlíonadh faoi Threoir 2013/36/AE nuair a mheastar iad sa bhreis ar an ICDI. |
|
(25) |
Chun a áirithiú go gcuirfear an ICDI i bhfeidhm go trédhearcach, ba cheart d'institiúidí tuairisciú dá n-údaráis inniúla agus réitigh agus a gceanglas ICDI, leibhéil na ndliteanas incháilithe agus in-fhortharrthála a nochtadh go tráthrialta don phobal, mar aon le comhdhéanamh na ndliteanas sin, lena n-áirítear a bpróifíl aibíochta agus a n-aicmiú i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta. Maidir le hinstitiúidí nó eintitis atá faoi réir íoscheanglas TLAC, ba cheart comhsheasmhacht a bheith i minicíocht tuairiscithe maoirseachta agus nochtadh an ICDI institiúid-sonrach dá bhforáiltear sa Treoir seo in éineacht leo sin dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le híoscheanglas TLAC. Cé gur cheart go mbeadh cead díolúintí iomlána nó páirteacha ó na hoibleagáidí tuairiscithe agus nochta a thabhairt d'institiúidí sonraithe nó d'eintitis shonraithe i gcásanna áirithe a shonraítear sa Treoir seo, níor cheart do na díolúintí sin teorann a chur le cumhachtaí na n-údarás réitigh faisnéis a iarraidh ar mhaithe lena ndualgais a dhéanamh faoi Threoir 2014/59/AE mar a leasuítear faoin Treoir seo. |
|
(26) |
Maidir leis an gceanglas aithint chonarthach éifeachtaí na huirlise fortharrthála i gcomhaontuithe nó ionstraimí lena gcruthaítear dliteanais atá á rialú faoi dhlíthe tríú tíortha, ba cheart go n-éascófaí agus bhfeabhsófaí leis an próiseas chun na dliteanais sin a fhortharrtháil i gcás réitigh. Mura ndéanfar nó go dtí go nglactar creata aitheanta reachtacha chun gur féidir réiteach trasteorann éifeachtach a dhéanamh i ndlínse gach tríú tír, féadfar réiteach a fháil i socruithe conarthacha, má bhíonn siad dréachtaithe mar is ceart agus glactha go forleathan, go dtí go bhforbrófar cur chuige reachtach faoi dhlí an Aontais nó dreasachtaí chun conradh a chur i gcrích faoi dhlí an Aontais. Fiú agus creata aitheanta reachtacha i bhfeidhm, ba cheart do shocruithe aitheanta conarthacha cabhrú le hatreisiú na feasachta ag creidiúnaithe nach dtagann faoi dhlí an Aontais maidir le gníomhaíocht réitigh a d'fhéadfaí a chur ar institiúidí an Aontais Eorpaigh faoi dhlí an Aontais. Is féidir go mbeidh cásanna ann, áfach, nach mbeidh sé indéanta d'institiúidí na téarmaí conarthacha sin a chur isteach i gconarthaí nó in ionstraimí lena gcruthaítear dliteanais áirithe, go háirithe dliteanais nach bhfuil eisiata ón uirlis fortharrthála faoi Threoir 2014/59/AE, taiscí faoi chumhdach nó ionstraimí cistí dílse. Mar shampla, faoi chúinsí áirithe, d'fheadfaí a mheas nach bhfuil sé praiticiúil an teanga maidir le haitheantas conarthach a chur i gconarthaí dliteanais i gcás go bhfuil sé mí-dleathach sa tríú tír don institiúid clásail aitheanta conarthacha a chur san áireamh le comhaontuithe nó ionstraimí lena gcruthaítear dliteanais atá faoi rialú dlíthe an tríú tír sin, i gcás nach bhfuil aon chumhacht ag an institiúid ar an leibhéal aonair na téarmaí conarthacha sin a leasú ós rud é gur prótacail idirnáisiúnta a fhorchuireann iad nó go bhfuil siad bunaithe ar théarmaí caighdeánacha a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta nó i gcás go bhfuil an dliteanas a bheadh faoi réir an aitheantais chonarthaigh ag brath ar shárú ar chonradh nó go n-eascraíonn sé as ráthaíochtaí, frithráthaíochtaí nó ionstraimí eile arna n-úsáid i gcomhthéacs na n-oibríochtaí airgeadais trádála. Mar sin féin, níor cheart glacadh leis per se gur údar dofheidhmitheachta é diúltú ón gcontrapháirtí toiliú a bheith faoi cheangal ag clásal conarthach maidir le haithint fortharrthála. Ba cheart d'ÚBE dréachtchaighdeán teicniúil a fhorbairt a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 d'fhonn cásanna dofheidhmitheachta a aithint níos cruinne. Ag cur leis an gcaighdeán teicniúil sin agus ag tabhairt bunús dó i leith sonraíochtaí ar mhargaidh lena mbaineann, sonróidh an t-údarás réitigh, má mheasann sé gur gá, catagóirí na ndliteanas faoina bhféadfaí údar a thabhairt nach bhfuil sin praiticiúil. Sa chreat sin, ba cheart é a fhágáil faoi institiúid a chinneadh nach bhfuil sé praiticiúil an clásal maidir le haithint fortharrthála a chur i gconradh nó in aicme conarthaí. Ba cheart d'institiúidí na húdaráis réitigh a choinneáil suas chun dáta le go mbeidh siad ar an eolas faoin dul chun cinn i leith téarmaí aitheanta conarthacha a chur chun feidhme. Sa chomhthéacs sin, ba cheart d'institiúidí a léiriú cé na conarthaí nó aicmí na gconarthaí nach bhfuil sé praiticiúil clásal maidir le haithint fortharrthála a chur iontu agus cúis leis an measúnú sin a léiriú. Ba cheart d'údaráis réitigh measúnú a dhéanamh ar chinneadh institiúide nach bhfuil sé praiticiúil teanga maidir le haitheantas conarthach a chur san áireamh le dliteanas in am réasúnta agus ba cheart dóibh gníomhú chun aghaidh a thabhairt ar aon mheasúnú atá mí-cheart agus aon bhac atá le réiteach mar gheall ar an teanga maidir le haitheantas conarthach a bheith fágtha ar lár. Ba cheart d'institiúidí a bheith réidh údar a thabhairt lena dtuairim má iarrann an t-údarás réitigh sin orthu. Lena chois sin, chun a áirithiú nach ndéanfar difear d'inréititheacht institiúidí, níor cheart dliteanais nach n-áirítear leo na forálacha conarthacha ábhartha a bheith incháilithe d'ICDL. |
|
(27) |
Tá sé úsáideach agus riachtanach go mbeifear in ann athrú a dhéanamh an an gcumhacht atá ag údaráis réitigh oibleagáidí conarthacha áirithe a chur ar fionraí ar feadh tréimhse teoranta. Ba cheart, go háirithe, gur féidir an chumhacht sin a fheidhmiú sula gcuirfear institiúid faoi réiteach, ón nóiméad a chinnfear go bhfuil ag cliseadh ar an mbanc nó gur dócha go gclisfeadh air, mura bhfuil fáil láithreach ar bheart ón earnáil phríobháideach lena gcoiscfí, dar leis an údarás réitigh, cliseadh na hinstitiúide laistigh d'am réasúnta agus nuair a bhraithfear go bhfuil sé riachtanach an cás a sheachaint ina rachaidh dálaí airgeadais an bhainc chun donachta a thuilleadh. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na húdaráis réitigh a bheith in ann an chumhacht sin a fheidhmiú mura mbeidh siad sásta le beart arna moladh ag an earnáil phríobháideach agus ar fáil láithreach. Leis an gcumhacht chun oibleagáidí conarthacha áirithe a chur ar fionraí, bheadh na húdaráis réitigh in ann a chinneadh freisin ar chun leasa an phobail gníomhaíocht réitigh, bheadh siad in ann na huirlisí réitigh is iomchuí a roghnú nó bheadh siad in ann a áirithiú go gcuirfí uirlis réitigh amháin nó níos mó i bhfeidhm go héifeachtach. Ba cheart teorann dhá lá oibre ar a mhéid a chur le fad na fionraí. Suas go dtí an uasteorann sin, féadfaidh an fionraí leanúint ar aghaidh tar éis ghlacadh an chinnidh réitigh. |
|
(28) |
Ionas go n-úsáidfear an chumhacht fiontraíochta ar bhealach comhréireach, ba cheart an tsolúbthacht a bheith ag na húdaráis réitigh raon feidhme an mhoratóra sin a oiriúnú de réir riachtanais gach cáis. Ina theannta sin, ba cheart dóibh a bheith ábalta roinnt íocaíochtaí a údarú - go háirithe, ach gan a bheith teoranta do chaiteachais riaracháin na hinstitiúide lena mbaineann - ar bhonn cás ar chás. Ba cheart a bheith in ann an chumhacht fiontraíochta a chur i bhfeidhm ar thaiscí is incháilithe freisin. Mar sin féin, ba cheart do na húdaráis réitigh measúnú cúramach a dhéanamh ar a iomchuí atá sé an fionraí a chur i bhfeidhm ar roinnt taiscí is incháilithe, go háirithe taiscí faoi chumhdach de chuid daoine nádúrtha, micrifhiontar, agus fiontar beag agus meánmhéide, agus ba cheart dóibh measúnú a dhéanamh ar an riosca go gcuirfeadh cur i bhfeidhm fionraí i ndáil leis na taiscí sin isteach go mór ar fheidhmiú na margaí airgeadais. I gcás ina bhfeidhmítear an chumhacht oibleagáidí conarthacha áirithea chur ar fionraí i leith taiscí faoi chumhdach, níor cheart na taiscí sin a mheas gan a bheith ar fáil chun críocha Threoir Uimh 2014/49 AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Chun a áirithiú, i gcaitheamh na tréimhse fionraíochta, nach mbeidh deacrachtaí airgeadais ag taisceoirí, ba cheart do na Ballstáit a bheidh in ann a fhoráil nach mbeidh cead acu ach méid airithe laethúil aistarraingtí a dhéanamh. |
|
(29) |
Le linn na tréimhse fionraíochta, ba cheart do na húdaráis réitigh a chur san áireamh chomh maith, bunaithe inter alia ar phlean réitigh na hinstitiúide, an fhéidearthacht nach ndéanfar institiúid a réiteach ar deireadh ach ina ionad sin, go ndéanfar í a fhoirceannadh faoi dhlí náisiúnta. Sna cásanna sin, ba cheart do na húdaráis réitigh na socruithe a dhéanamh a mheasann siad a bheith iomchuí chun comhordú leordhóthanach a bhaint amach leis na húdaráis ábhartha náisiúnta agus lena áirithiú nach gcuirfidh an fionraí isteach ar éifeachtacht an phróisis foirceanta. |
|
(30) |
Níor cheart feidhm a bheith ag an gcumhacht oibleagáidí íocaíochta agus seachadta a fhionraí maidir le hoibleagáidí dlite do chórais nó oibreoirí córas arna n-ainmniú i gcomhréir le Treoir 98/26/CE, nó maidir le bainc cheannais, contrapháirtithe lárnacha údaraithe, nó contrapháirtithe lárnacha tríú tír arna n-aithint ag ESMA. Le Treoir 98/26/CE, laghdaítear an riosca a bhaineann le bheith rannpháirteach i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús, go háirithe trí shuaitheadh a laghdú i gcás dócmhainneacht rannpháirtí i gcóras den chineál sin. Chun a áirithiú go mbeidh feidhm iomchuí ag na cosaintí sin i gcás géarchéime, ba cheart, agus deimhneacht iomchuí á coimeád d'oibreoirí córas íocaíochta agus urrús agus rannpháirtithe margaidh eile, Treoir 2014/59/AE a leasú chun foráil a dhéanamh nár cheart a mheas gurb ionann beart coiscthe géarchéime, oibleagáid a chur ar fionraí faoi Airteagal 33a nó beart bainistithe géarchéime ann féin agus imeachtaí dócmhainneachta de réir bhrí Threoir 98/26/CE, ar choinníoll go leantar de chomhlíonadh na n-oibleagáidí faoin gconradh. Mar sin féin, níor cheart aon ní i dTreoir 2014/59/AE dochar a dhéanamh d'oibriú córais arna ainmniú faoi Threoir 98/26/CE nó an ceart ar shlándáil chomhthaobhach atá ráthaithe sa Treoir sin. |
|
(31) |
Gné thábhachtach de réiteach éifeachtach is ea a áirithiú, tar éis tionscnamh próisis réitigh i leith institiúid nó eintiteas dá dtagraítear i bpointe (b), pointe (c) nó pointe (d) d'Airteagal 1(1) de Threoir 2014/59/AE, nach féidir le contrapháirtithe, i gcás conarthaí airgeadais, a seasaimh a fhoirceannadh díreach mar gheall ar thionscnamh próisis réitigh i leith institiúide. Thairis sin, ba cheart an chumhacht a bheith ag údaráis réitigh oibleagáidí íocaíochta nó seachadta atá dlite faoi chonradh le hinstitiúid atá faoi réiteach a fhionraí, agus ba cheart an chumhacht a bheith acu, ar feadh tréimhse teoranta ama, srian a chur ar chearta na gcontrapháirtithe clabhsúr a chur ar chonarthaí airgeadais, nó iad a luathú nó a fhoirceannadh ar bhealach eile. Níl feidhm dhíreach ag na ceanglais sin maidir le conarthaí faoi dhlí tríú tír. In éagmais creat aitheanta reachtach trasteorann, ba cheart do na Ballstáit a cheangal ar na hinstitiúidí agus ar na heintitis dá dtagraítear i bpointe (b), pointe (c) agus pointe (d) d'Airteagal 1(1) de Threoir 2014/59/AE téarma conarthach a áireamh i sna conarthaí airgeadais ábhartha lena n-aithnítear go bhféadfaidh an conradh a bheith faoi réir feidhmiú chumhachtaí na n-údarás réitigh cearta agus oibleagáidí a chur ar fionraí nó a shrianadh de réir Airteagail 33a, 69, 70 agus 71 agus go bhféadfaidh sé a bheith faoi cheangal cheanglais Airteagal 68 amhail is go raibh an conradh airgeadais á rialú ag dlí an Bhallstáit ábhartha. Ba cheart an oibleagáid sin a fhoráil sa mhéid go dtagann an conradh faoi raon feidhme na bhforálacha conarthacha sin. Dá bhrí sin, ní thagann an oibleagáid aníos, maidir leis an gclásal conarthach a chur isteach i ndáil le hAirteagail 33a, 69, 70 agus 71 de Threoir 2014/59/AE seo, arna leasú leis an Treoir seo, mar shampla, i gconarthaí le contrapháirtithe lárnacha nó oibreoirí córas arna n-ainmniú chun críocha Threoir 98/26/CE, ós rud é, i dtaca leis na conarthaí sin, fiú nuair a rialáiltear iad ag dlí an Bhallstáit ábhartha, ní bhíonn na cumhachtaí sna hAirteagail sin ag na húdaráis réitigh. |
|
(32) |
Ba cheart dliteanais a bhaineann le contrapháirtithe lárnacha atá bunaithe san Aontas agus le contrapháirtithe lárnacha tríú tír a aithníonn ESMA a bheith faoi chumhdach an eisiaimh a dhéantar ar dhliteanais shonracha de chuid institiúidí sonracha nó gnólachtaí infheistíochta atá eisiata ó chur i bhfeidhm na huirlise fortharrthála nó ó chumhachtaí chun oibleagáidí áirithe a chur ar fionraí, chun feidhmiú leasa urrús a theorannú nó chun cearta ar fhoirceannadh a chur ar fionraí go sealadach i dTreoir 2014/59/AE. |
|
(33) |
Chun a áirithiú go mbeidh comhthuiscint ann ar théarmaí a úsáidtear in ionstraimí dlí éagsúla, is iomchuí na sainmhínithe agus na coincheapa a tugadh isteach le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) i ndáil le “contrapháirtí lárnach” agus “rannpháirtí” a ionchorprú i dTreoir 98/26/CE. |
|
(34) |
Le Treoir 98/26/CE, laghdaítear an riosca a bhaineann le rannpháirtíocht institiúidí agus eintiteas eile i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús, go háirithe trí shuaitheadh a laghdú i gcás dócmhainneacht rannpháirtí i gcóras den chineál sin. Soiléirítear in Aithris (7) den Treoir sin go bhfuil an rogha ag na Ballstáit forálacha na Treorach sin a chur i bhfeidhm ar a n-institiúidí intíre atá rannpháirteach go díreach i gcórais atá á rialú faoi dhlí tríú tír agus ar shlándáil chomhthaobhach a chuirtear ar fáil i dtaca le rannpháirtíocht córais sin. I bhfianaise méid dhomhanda agus gníomhaíochtaí roinnt córas atá á rialú faoi dhlíthe tríú tír agus rannpháirtíocht mhéadaithe eintiteas atá bunaithe san Aontas sna córais sin, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an dóigh a gcuireann na Ballstáit an rogha atá beartaithe in Aithris 7 den Treoir sin i bhfeidhm agus measúnú a dhéanamh ar an ngá le tuilleadh measúnuithe a dhéanamh ar an Treoir sin i dtaca le córais atá á rialú faoi dhlíthe tríú tír. |
|
(35) |
Le go mbeifear in ann na cumhachtaí chun ítimí cistí dílse a laghdú, a dhíluacháil nó a chomhshó a chur i bhfeidhm go héifeachtach gan cosaintí na gcreidiúnaithe faoi Treoir seo a shárú, ba cheart do Bhallstáit a áirithiú go mbeidh rangú níos ísle ag éilimh a eascraíonn as ítimí cistí dílse sna gnáthimeachtaí dócmhainneachta ná aon éileamh fo-ordaithe eile. Ionstraimí nach n-aithnítear ach go páirteach i gcistí dílse, ba cheart iad a láimhseáil fós féin mar éilimh a eascraíonn as cistí dílse dá suim iomlán. D'fhéadfadh aitheantas páirteach a bheith mar thoradh ar, mar shampla, chur i bhfeidhm na bhforálacha marthanachta nach n-aithníonn ionstraim go páirteach nó mar gheall ar chur i bhfeidhm an fhéilire um luathamúchadh a leagtar síos d'ionstraimí Leibhéal 2 i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. |
|
(36) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, mar atá ceanglais aonfhoirmeacha a leagan síos maidir le creat téarnaimh agus réitigh, a ghnóthú go leordhóthanach, ach gur fearr, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(37) |
Chun ligean do na Ballstáit tréimhse iomchuí a bheith acu chun an Treoir seo a thrasuí isteach ina ndlithe náisiúnta agus a chur i bhfeidhm iontu, ba cheart ocht mí dhéag d ó dháta a theacht i bhfeidhm na Treorach seo a thabhairt dóibh chun déanamh amhlaidh. Mar sin féin, ba cheart forálacha na Treorach seo maidir le nochtadh poiblí a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2024 d'fhonn a áirithiú go mbeidh dóthain ama ag institiúidí agus eintitis ar fud an Aontais le teacht ar an leibhéal ICDI is gá, ar bhealach ordúil, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2014/59/AE1
Leasaítear Treoir 2014/59/AE mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Airteagal 2(1) mar a leanas:
|
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:
|
|
(3) |
Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas
|
|
(4) |
Leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:
|
|
(5) |
Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:
|
|
(6) |
Curitear isteach an tAirteagal seo a leanas: “Airteagal 16a An chumhacht roinnt dáiltí a thoirmeasc 1. Más rud é go mbeidh eintiteas i gcás ina mbeidh an ceanglas maoláin chomhcheangailte á chomhlíonadh aige agus an ceanglas sin á mheas sa bhreis ar gach ceann de na ceanglais dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 141a(1) den Treoir sin, ach go mainníonn sé an ceanglas maoláin chomhcheangailte sin a chomhlíonadh nuair a dhéantar é a mheas sa bhreis ar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 45c agus 45d den Treoir seo, agus é sin á ríomh i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 45(2) den Treoir seo, beidh de chumhacht ag údarás réitigh, i gcomhréir le mír 2 agus 3 den Airteagal seo, an eintitis sin toirmeasc a chur ar eintiteas,, níos mó ná an t-uasmhéid indáilte a bhaineann leis an íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanas incháilithe ('M-MDA'), arna ríomh i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, a dháileadh, trí cheann ar bith de na gníomhaíochtaí a leanas:
I gcás ina mbeidh eintiteas sa chás dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tabharfaidh sé fógra láithreach don údarás réitigh maidir leis an gcliseadh sin. 2. Sa chás dá dtagraítear i mír 1, measúnóidh údarás réitigh an eintitis, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, gan mhoill neamhriachtanach, cibé an ndéanfaidh sé an chumhacht dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú, agus na gnéithe seo a leanas á gcur san áireamh:
Déanfaidh an t-údarás réitigh a mheasúnú an athuair le féachaint faoin gcumhacht dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú gach mí ar a a fhad is a leanann an t-eintiteas de bheith sa chás dá dtagraítear i mír 1. 3. Má chinneann an t-údarás réitigh go bhfuil an t-eintiteas fós sa chás dá dtagraítear i mír 1 naoi mhí tar éis fógra faoi chás mar sin a fháil ón eintiteas, déanfaidh an t-údarás réitigh, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, an chumhacht dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú ach amháin má chinneann an t-údarás réitigh, tar éis dó measúnú a dhéanamh, go gcomhlíontar dhá cheann de na coinníollacha seo a leanas ar a laghad:
Nuair a bhíonn an eisceacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfeidhm, tabharfaidh an t-údarás réitigh fógra don údarás inniúil maidir lena chinneadh agus míneoidh sé a mheasúnú i scríbhinn. Gach mí, déanfaidh an t-údarás réitigh a mheasúnú an athuair i dtaobh an féidir an eisceacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm. 4. Ríomhfar M-MDA tríd an tsuim arna ríomh i gcomhréir le mír 5 a iolrú faoin bhfachtóir arna chinneadh i gcomhréir le mír 6. Laghdófar M-MDA de réir mhéid ar bith a bhíonn mar thoradh ar cheann ar bith de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c) de mhír 1. 5. Beidh sa tsuim atá le hiolrú i gcomhréir le mír 4 na nithe seo a leanas:
6. Is mar a leanas a dhéanfar an fachtóir dá dtagraítear i mír 4 a chinneadh:
Déanfar cuimsí íochtair agus uachtair gach ceathairíl den cheanglas maoláin chomhcheangailte a ríomh mar a leanas:
inar ionann ‘Qn ’ agus orduimhir na ceathairíle lena mbaineann.”; |
|
(7) |
Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:
|
|
(8) |
in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 go mír 7: “1. Déanfaidh údarás réitigh leibhéal an ghrúpa, in éineacht le húdaráis réitigh na bhfochuideachtaí, ar dhul i gcomhairle dóibh leis an gcoláiste maoirseachta agus údaráis mhaoirseachta na ndlínsí ina bhfuil brainsí suntasacha suite a mhéid is ábhartha don bhrainse suntasach, machnamh faoin measúnú a leagtar síos mar cheangal in Airteagal 16 laistigh den choláiste réitigh agus tabharfaidh siad na céimeanna uile atá réasúnta chun cinneadh comhpháirteach a dhéanamh faoi bheart a chur i bhfeidhm a sainaithníodh i gcomhréir le hAirteagal 17(4) i ndáil leis na heintitis réitigh uile agus lena bhfochuideachtaí ar eintitis iad dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus ar cuid den ghrúpa iad. 2. Déanfaidh údarás réitigh leibhéal an ghrúpa, in éineacht leis an maoirseoir comhdhlúthaithe agus le ÚBE i gcomhréir le Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, tuarascáil a ullmhú agus a thíolacadh don mháthairghnóthas de chuid an Aontais agus d'údaráis réitigh fochuideachtaí, agus tabharfaidh siadsan an tuarascáil sin do na fochuideachtaí atá laistigh dá sainchúram, agus d'údaráis réitigh dlínsí ina bhfuil brainsí suntasacha suite. Ullmhófar an tuarascáil ar dhul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, agus beidh anailísiú ann ar na baic shubstaintiúla ar chur i bhfeidhm éifeachtach na n-uirlisí réitigh agus ar fheidhmiú na gcumhachtaí réitigh i ndáil leis an ngrúpa agus le grúpaí réitigh má bhíonn níos mó ná grúpa réitigh amháin sa ghrúpa sin freisin. Breithneofar sa tuarascáil sin freisin an tionchar ar shamhail ghnó an ghrúpa agus molfar inti aon bhearta comhréireacha agus spriocdhírithe is gá nó is iomchuí, dar le húdarás réitigh leibhéal an ghrúpa, chun na baic sin a bhaint. Má bhíonn bac ar inréititheacht an ghrúpa de dheasca cás sonrach ghrúpeintitis dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 17(3), tabharfaidh údarás réitigh leibhéal an ghrúpa fógra don mháthairghnóthas de chuid an Aontais tar éis dó dul i gcomhairle le húdarás réitigh an eintitis réitigh agus le húdaráis réitigh a fho-institiúidí go ndearna sé measúnú ar an mbac sin. 3. Tráth nach déanaí ná ceithre mhí tar éis dó an tuarascáil a fháil, féadfaidh an máthairghnóthas de chuid an Aontais barúlacha a chur isteach agus bearta malartacha a mholadh don Bhord chun na baic atá sainaitheanta sa tuarascáil a leigheas. I gcás gurb é is cúis leis na baica sainaithnítear sa tuarascáilan cás sonrach ina bhfuil grúpeintiteas dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 17(3) den Treoir seo, molfaidh an máthairghnóthas de chuid an Aontais, tráth nach déanaí ná dhá sheachtain ó gheofar an fógra arna dhéanamh i gcomhréir leis an dara fhomhír de mhír 2 den Airteagal seo, d'údarás réitigh leibhéal an ghrúpa bearta féideartha maille le hamlíne lena gcur chun feidhme d'fhonn a áirithiú go gcloíonn an grúpeintiteas leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 45e nó Airteagal 45f den Treoir seo, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis an gceanglas maoláin chomhcheangailte, agus leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 45e agus 45f den Treoir seo arna sloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 429 agus in Airteagal 429a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Cuirfear san áireamh san amlíne faoina gcuirfear chun feidhme na bearta arna moladh sa dara fomhír na cúiseanna atá leis an mbac substainteach. Déanfaidh an t-údarás réitigh, tar íes dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, measúnú a dhéanamh an dtugtar aghaidh go héifeachtach, leis na bearta sin, ar an mbac substainteach nó an gcuirtear deireadh leis. 4. Cuirfidh údarás réitigh leibhéal an ghrúpa in iúl aon bheart a mhol an máthairghnóthas de chuid an Aontais don mhaoirseoir comhdhlúthaithe, do ÚBE, d'údaráis réitigh na bhfochuideachtaí agus d'údaráis réitigh na ndlínsí ina bhfuil brainsí suntasacha suite a mhéid is ábhartha don bhrainse suntasach atá i gceist. Déanfaidh údaráis réitigh leibhéal an ghrúpa agus údaráis réitigh na bhfochuideachtaí, ar dhul i gcomhairle dóibh leis na húdaráis inniúla agus le húdaráis réitigh dlínsí ina bhfuil brainsí suntasacha suite, déanfaidh siad a bhfuil ar a gcumas chun cinneadh comhpháirteach a dhéanamh laistigh den choláiste réitigh i ndáil le baic shubstainteacha a shainaithint, agus, más gá, leis an measúnú ar bhearta arna moladh ag an máthairghnóthas de chuid an Aontais agus leis na bearta arna gceangal ag na húdaráis chun aghaidh a thabhairt ar na baic nó deireadh a chur leo, agus sa mheasúnú sin cuirfear tionchar féideartha na mbeart sna Ballstáit uile ina n-oibríonn an grúpa san áireamh. 5. Déanfar an cinneadh comhpháirteach tráth nach déanaí ná ceithre mhí ó chuirfidh an máthairghnóthas de chuid an Aontais barúlacha isteach. I gcás nár chuir an máthairghnóthas de chuid an Aontais barúlacha isteach, déanfar an cinneadh comhpháirteach tráth nach déanaí ná aon mhí amháin ó rachaidh in éag an tréimhse ceithre mhí dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 3. Déanfar an cinneadh comhpháirteach faoin mbac ar inréititheacht de dheasca cás dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 17 3 laistigh de dhá sheachtain ó chuir an máthairghnóthas de chuid an Aontais aon bharúlacha isteach i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo. Cuirfear an réasúnú a bhaineann leis an gcinneadh comhpháirteach i ndoiciméad a chuirfidh údarás réitigh leibhéal an ghrúpa ar fáil don mháthairghnóthas de chuid an Aontais agus leagfar an cinneadh comhpháirteach amach sa doiciméad sin. Féadfaidh ÚBE, ar iarratas ó údarás réitigh, cuidiú leis na húdaráis réitigh cinneadh comhpháirteach a dhéanamh i gcomhréir le pointe (c) den dara mír d'Airteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. 6. Mura ndéanfar cinneadh comhpháirteach laistigh den tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 5, déanfaidh an máthairghnóthas de chuid an Aontais a chinneadh féin faoi bhearta iomchuí atá le déanamh i gcomhréir le hAirteagal 17(4) ar leibhéal an ghrúpa nó ar leibhéal an ghrúpa réitigh. Beidh réasúnú iomlán leis an gcinneadh agus cuirfear tuairimí agus ábhair amhrais údarás réitigh eile san áireamh ann. Tabharfaidh údarás réitigh leibhéal an ghrúpa an cinneadh don mháthairghnóthais de chuid an Aontais. Más rud é, ag deireadh na tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, gur chuir aon údarás réitigh ábhar atá luaite i mír 9 den Airteagal faoi bhráid ÚBE de réir Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh údarás réitigh leibhéal an ghrúpa a chinneadh siar agus fanfaidh sé le haon chinneadh a ghlacfaidh ÚBE de réir Airteagal 19(3) den Rialachán sin maidir lena chinneadh, agus déanfaidh sé a chinneadh i gcomhréir le cinneadh ÚBE. Measfar gurb í an tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo an tréimhse idir-réitigh de réir bhrí Rialachán (AE) uimh. 1093/2010. Déanfaidh ÚBE an cinneadh laistigh d'aon mhí amháin. Ní chuirfear an t-ábhar faoi bhráid ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo ná tar éis cinneadh comhpháirteach a dhéanamh. Mura ndéana ÚBE cinneadh, beidh feidhm ag cinneadh údarás réitigh leibhéal an ghrúpa. 6a. Mura ndéanfar cinneadh comhpháirteach laistigh den tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, déanfaidh údarás réitigh an eintitis ábhartha réitigh a chinneadh féin faoi bhearta iomchuí atá le déanamh i gcomhréir le hAirteagal 17(4) ar leibhéal an ghrúpa réitigh. Beidh réasúnú iomlán leis an gcinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, agus cuirfear san áireamh inti pé tuairimí agus ábhair amhrais a bheidh ag údarás réitigh na n-eintiteas eile atá sa ghrúpa réitigh céanna agus ag údarás réitigh leibhéal an ghrúpa. Tabharfaidh an t-údarás ábhartha réitigh an cinneadh sin don eintiteas réitigh. Más rud é, ag deireadh na tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, gur chuir aon údarás réitigh ábhar atá luaite i mír 9 den Airteagal faoi bhráid ÚBE de réir Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh údarás réitigh an eintitis réitigh a chinneadh siar agus fanfaidh sé le haon chinneadh a ghlacfaidh ÚBE de réir Airteagal 19(3) den Rialachán sin maidir lena chinneadh, agus déanfaidh sé a chinneadh i gcomhréir le cinneadh ÚBE. Measfar gurb í an tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo an tréimhse idir-réitigh de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Déanfaidh ÚBE an cinneadh laistigh d'aon mhí amháin. Ní chuirfear an t-ábhar faoi bhráid ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo ná tar éis cinneadh comhpháirteach a dhéanamh. Mura ndéana ÚBE cinneadh, beidh feidhm ag cinneadh údarás réitigh an eintitis réitigh 7. Mura ndéanfar cinneadh comhpháirteach, déanfaidh údaráis réitigh fochuideachtaí nach eintitis réitigh iad a gcinntí féin faoi na bearta iomchuí atá le déanamh ag fochuideachtaí, gach ceann léi féin, i gcomhréir le hAirteagal 17(4). Beidh réasúnú iomlán leis an gcinneadh agus cuirfear tuairimí agus ábhair amhrais na n-údarás réitigh eile san áireamh ann. Cuirfear an cinneadh in iúl don fhochuideachta lena mbaineann agus d'eintiteas réitigh an ghrúpa réitigh chéanna, d'údarás réitigh an eintitis réitigh sin agus, i gcás nach ionann iad, d'údarás réitigh leibhéal an ghrúpa. Más rud é, ag deireadh na tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, gur chuir aon údarás réitigh ábhar atá luaite i mír 9 den Airteagal faoi bhráid ÚBE de réir Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh údarás réitigh na fochuideachta a chinneadh siar agus fanfaidh sé le haon chinneadh a ghlacfaidh ÚBE de réir Airteagal 19(3) den Rialachán sin maidir lena chinneadh, agus déanfaidh sé a chinneadh i gcomhréir le cinneadh ÚBE. Measfar gurb í an tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo an tréimhse idir-réitigh de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Déanfaidh an ÚBE an cinneadh laistigh d'aon mhí amháin. Ní chuirfear an t-ábhar faoi bhráid ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse ábhartha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo ná tar éis cinneadh comhpháirteach a dhéanamh. Mura ndéana ÚBE cinneadh, beidh feidhm ag cinneadh údarás réitigh na fochuideachta.”; |
|
(9) |
In Airteagal 32(1), cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (b):
|
|
(10) |
Cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas: “Airteagal 32a Coinníollacha réitigh maidir le comhlacht lárnach agus institiúidí creidmheasa atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis réitigh gníomhaíocht réitigh a ghlacadh i dtaca le comhlacht lárnach agus i dtaca le gach institiúid creidmheasa bhuanchleamhnaithe de chuid an ghrúpa réitigh chéanna i gcás ina gcomhlíonann an grúpa sin ina iomláine na coinníollacha arna mbunú in Airteagal 32(1). Airteagal 32b Imeachtaí dócmhainneachta i leith institiúidí agus eintitis nach bhfuil faoi réir gníomhaíocht réitigh I dtaca le hinstitiúid nó eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b), (c) nó (d) d'Airteagal 1(1) a measann an t-údarás réitigh go sásaíonn siad na coinníollacha atá i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 32(1), ach nach chun leas an phobail gníomhaíocht a bheadh gníomhaíocht réitigh i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 32(1), áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar iad a fhoirceannadh go hordúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.”; |
|
(11) |
In Airteagal 33, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2, mhír 3 agus mhír 4: “2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis réitigh gníomhaíocht réitigh i ndáil le heintiteas dá dtagraítear i bpointe (c) nó pointe (d) d'Airteagal 1(1), má chomhlíonann an t-eintiteas sin na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 32(1). 3. Má bhíonn fo-institiúidí cuideachta sealbhaíochta gníomhaíochtaí measctha i seilbh, go díreach nó go hindíreach, ag cuideachta sealbhaíochta airgeadais idirmheánach, forálfar sa phlean réitigh go sainaithneofar an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mar eintiteas réitigh agus áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gníomhaíochtaí réitigh chun críocha réitigh grúpa i ndáil leis an gcuideachta sealbhaíochta airgeadais idirmheánach. Áiritheoidh na Ballstát nach ndéanfaidh na húdaráis réitigh gníomhaíochtaí réitigh chun críocha réitigh grúpa i ndáil leis an gcuideachta sealbhaíochta gníomhaíochtaí measctha. 4. Faoi réir mhír 3 den Airteagal seo, fiú i gcás nach gcomhlíonann eintiteas dá dtagraítear i bpointe (c) nó pointe (d) d'Airteagal 1(1) na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 32(1), féadfaidh na húdaráis réitigh gníomhaíocht réitigh a dhéanamh i ndáil le heintiteas dá dtagraítear i bpointe (c) nó pointe (d) d'Airteagal 1(1), má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:
|
|
(12) |
Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 33a An chumhacht oibleagáidí áirithe a chur ar fionraí 1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh de chumhacht ag na húdaráis réitigh, ar dhul i gcomhairle do na húdaráis sin leis na húdaráis inniúla, a fhreagróidh ar bhonn tráthúil, aon oibleagáidí íocaíochta nó seachadta a fhionraí, de bhun aon chonartha inar páirtí an institiúid nó an-t-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b), (c) nó (d) d'Airteagal 1(1), i gcás ina sásaítear na coinníollacha uile seo a leanas:
2. Ní bheidh feidhm ag an gcumhacht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i leith oibleagáídí íocaíochta nó seachadtaite maidir leo seo a leanas:
Déanfaidh na húdaráis réitigh raon na cumhachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a shocrú de réir cúinsí gach aon chás. Go sonrach, déanfaidh na húdaráis réitigh measúnú cúramach ar a iomchuí atá sé an fionraí a shíneadh chun go gcuimseofar faoi taiscí is incháilithe de réir an tsainmhínithe atá i bpointe (4) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/49/AE, go mór mór chun go gcuimseofar faoi taiscí faoi chumhdach de chuid daoine nádúrtha, micrifhiontar, agus fiontar beag agus meánmhéide. 3. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go ndéanfaidh na húdaráis réitigh a áirithiú, i gcás ina bhfeidhmítear an chumhacht fionraíochta i leith taiscí is incháilithe, go mbeidh rochtain ag taisceoirí ar shuim iomchuí as na taiscí sin gach lá. 4. Beidh an tréimhse fionraíochta a ghearrfar de bhun mhír 1 chomh gearr agus is féidir agus ní sháróidh sí an íostréimhse is gá, dar leis an údarás réitigh, chun na gcríoch a shonraítear i bpointe (c) agus (d) de mhír 1, ná ní mhairfidh sí, i ngach cás, níos faide ná an tréimhse ó fhoilsiú an fhógra fionraíochta de bhun mhír 8 go huair an mheán oíche sa Bhallstát ina bhfuil údarás réitigh na hinstitiúide nó an eintitis ar an gcéad lá gnó eile ó foilsíodh an fógra. Ach a dté in éag an tréimhse fionraíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, scoirfidh an fhionraíocht d'éifeacht a bheith aici. 5. Agus cumhachtaí á bhfeidhmiú acu dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh aird ag na húdaráis réitigh ar an iarmhairt a d'fhágfadh feidhmiú na cumhachta sin ar fheidhmiú ordúil na margaí airgeadais agus tabharfaidh siad dá n-aire na rialacha reatha náisiúnta, agus na cumhachtaí maoirseachta agus breithiúnacha, chun go gcosnófar cearta na gcreidiúnaithe agus go dtabharfar an chóir chéanna dóibh sna gnáthimeachtaí dócmhainneachta. Beidh aird ag na húdaráis réitigh, go háirithe, ar an bhféidearthacht imeachtaí náisiúnta dócmhainneachta a chur i bhfeidhm ar an institiúid nó ar an eintiteas i ngeall ar an gcinneadh atá i bpointe (c) d'Airteagal 32(1) agus déanfaidh siad pé socruithe a mheasann siad is iomchuí leis chun comhordú leordhóthanach a áirithiú leis na húdaráis náisiúnta riaracháin nó bhreithiúnacha. 6. Nuair a chuirfear ar fionraí oibleagáidí íocaíochta nó seachadta faoi chonradh de bhun mhír 1, cuirfear oibleagáidí íocaíochta nó seachadta chontrapháirtithe an chonartha sin ar fionraí le linn na tréimhse céanna. 7. Oibleagáid íocaíochta nó seachadta a bheadh dlite le linn na tréimhse fionraíochta, beidh sí dlite láithreach ach a dté an tréimhse sin in éag. 8. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na húdaráis réitigh scéala chuig an institiúid nó chuig an eintiteas dá dtagraítear i bpointe (b), (c) nó (d) d'Airteagal 1(1) agus chuig na húdaráis dá dtagraítear i bpointí (a) go (h) d'Airteagal 83(2) gan mhoill tráth a mbeidh a gcumhacht fionraíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á feidhmiú acu i dtaca le hoibleagáidí áirithe ón uair a chinnfear go bhfuil an institiúid ag cliseadh nó ar dóigh di cliseadh de bhun phointe (a) d'Airteagal 32(1)(a) agus sula nglacfar an cinneadh réitigh. Foilseoidh an t-údarás réitigh féin, nó áiritheoidh sé go gcuirfear á foilsiú, an t-ordú nó an ionstraim lenar cuireadh ar fionraí na hoibleagáidí faoin Airteagal seo, mar aon le téarmaí agus tréimhse na fionraíochta, ar an dóigh dá dtagraítear in Airteagal 83(4). 9. Tá an tAirteagal seo gan dochar do na forálacha atá i ndlí náisiúnta na mBallstát lena dtugtar de chumhacht oibleagáidí íocaíochta nó seachadta a chur ar fionraí sula ndéantar cinneadh gur institiúidí nó eintitis atá ag cliseadh na hinstitiúidí nó na heintitis sin nó gur dóigh dóibh cliseadh faoi phointe (a) d'Airteagal 32(1) nó sula ndéantar cinneadh oibleagáidí íocaíochta nó seachadta institiúidí nó eintitis atá le foirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta a fhionraí,agus a théann thar an raon feidhme agus an ré dá bhforáiltear sa nAirteagal seo. Déanfar na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir leis an raon fheidhme, an ré agus na coinníollacha dá bhforáiltear sna dlithe náisiúnta ábhartha. Na coinníollacha dá bhforáiltear san airteagal seo, ní dochar iad do na coinníollacha a bhaineann leis na cumhachtaí íocaíochta nó oibleagáidí seachadta a chur ar fionraí, 10. Áiritheoidh na Ballstáit gurb amhlaidh, nuair a fheidhmíonn údarás réitigh cumhacht fionraíochta i leith oibleagáidí íocaíochta nó seachadta i dtaca le hinstitiúid nó le heintiteas dá dtagraítear i bpointe (b), (c) nó (d) d'Airteagal 1(1) de bhun mhír 1 den Airteagal seo, go bhfuil an t-údarás réitigh in ann, le linn ré na fionraíochta sin, an chumhacht a fheidhmiú freisin, le linn ré na fionraíochta sin:
11. Agus cinneadh déanta ag an údarás réitigh go bhfuil institiúid nó eintiteas ag cliseadh nó ar dóigh dóibh cliseadh de bhun phointe (a) d'Airteagal 32(1), má tharlaíonn sé go bhfuil an t-údarás réitigh tar éis an chumhacht a fheidhmiú i leith oibleagáidí íocaíochta nó seachadta fhionraí sna cúinsí a leagtar amach i mír 1 nó 10 den Airteagal seo, agus má ghlactar gníomhaíocht réitigh dá éis sin i leith na hinstitiúide nó an eintitis sin, ní fheidhmeoidh an t-údarás réitigh a chuid cumhachtaí faoi Airteagal 69(1), Airteagal 70(1) nó Airteagal 71(1) i leith na hinstitiúide nó an eintitis sin.”; |
|
(13) |
Leasaítear Airteagal 36 mar a leanas
|
|
(14) |
Leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:
|
|
(15) |
Leasaítear Airteagal 44 mar a leanas:
|
|
(16) |
Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 44a Dliteanais incháilithe fo-ordaithe a dhíol le cliaint mhiondíola 1. Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh díoltóir dliteanas incháilithe a chomhlíonann na coinníollacha uile dá dtagraítear in Airteagal 72a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, seachas pointe (b) d'Airteagal 72a(1), agus míreanna (3) go (5) d'Airteagal 72b den Rialachán sin, na dliteanais sin a dhíol le cliant miondíola, mar a shainmhínítear i bpointe 11 d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, ach amháin ar choinníoll go sásaítear na coinníollacha uile seo a leanas:
In ainneoin na chéad fhomhíre, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh feidhm ag na coinníollacha a leagtar síos i bpointí (a) go (c) den fhomhír sin i dtaca le díoltóirí ionstraimí eile a cháilíonn mar chistí dílse nó mar dhliteanais in-fhortharrthála. 2. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 agus nach airde ná EUR 500 000 punann ionstraimí airgeadais an chliaint miondíola sin tráth a gceannófar, áiritheoidh an díoltóir, bunaithe ar an bhfaisnéis a chuirfidh an cliant miondíola ar fáil i gcomhréir le mír 3, go sásófar an dá choinníoll seo a leanas tráth a gceannófar:
3. Soláthróidh an cliant miondíola faisnéis chruinn don díoltóir maidir le punann ionstraime airgeadais an chliaint, lena n-áirítear aon infheistíocht i ndliteanais dá dtagraítear i mír 1. 4. Chun críocha mhír 2 agus mhír 3, áireofar i bpunann ionstraime airgeadais an chliaint miondíola taiscí in airgead tirim agus ionstraimí airgeadais, ach eiseofar aon ionstraim airgeadais a tugadh mar chomhthaobhacht. 5. Gan dochar d'Airteagal 25 de Threoir 2014/65/AE, agus de mhaolú ar na ceanglais a leagtar amach i mír 1 go mír 4 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit íos-suim a leagan síos dar luach EUR 50,000, ar a laghad, i gcás na ndliteanas dá dtagraítear i mír 1, á chur san áireamh dóibh dálaí agus cleachtais an mhargaidh sa Bhallstát sin mar aon leis na bearta reatha cosanta tomhaltóirí laistigh de dhlínse an Bhallstáit réamhráite. 6. I gcás nach airde ná EUR 50 billiún luach foriomlán na sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 1(1) atá bunaithe i gceann de na Ballstáit agus iad faoi réir na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45e, is ceadmhach don Bhallstát sin, de mhaolú ar na ceanglais a leagtar amach i mír 1 go mír 5 den Airteagal seo, gan ach na ceanglais a leagtar amach i mír 2(b) den Airteagal seo a chur i bhfeidhm. 7. Ní cheanglófar ar na Ballstáit an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm ar dhliteanais dá dtagraítear i mír 1 arna n-eisiúint roimh … [18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].”; |
|
(17) |
Cuirtear na hAirteagail seo a leanas in ionad Airteagal 45: “Airteagal 45 An t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a ríomh agus a chur i bhfeidhm 1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh institiúidí agus eintitis dá dtagraítear i bpointe (b), pointe (c) agus pointe (d) d'Airteagal 1(1), i gcónaí, na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe nuair is gá sin agus i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagal 45a go 45i. 2. Ríomhfar an ceanglas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 45c(3), (5) nó (7), de réir mar is infheidhme, mar mhéid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe arna shloinneadh mar chéatadáin de na méideanna seo a leanas:
Airteagal 45a Díolmhú ón íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe 1. D'ainneoin Airteagal 45, déanfaidh na húdaráis réitigh institiúidí creidmheasa morgáiste a mhaoinítear le bannaí faoi chumhdach nach bhfuil cead acu, de réir an dlí náisiúnta, taiscí a fháil a dhíolmhú ón gceanglas a leagtar síos in Airteagal 45(1) ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:
2. Ní bheidh institiúidí a díolmhaíodh ón gceanglas a leagtar síos in Airteagal 45(1) ina gcuid den chomhdhlúthú dá dtagraítear in Airteagal 45e(1). Airteagal 45b Dliteanais incháilithe le haghaidh eintitis réitigh 1. Ní chuimseofar dliteanais i méid chistí dílse agus dhliteanas na n-eintiteas réitigh ach amháin má chomhlíonann siad na coinníollacha dá dtagraítear sna hAirteagail seo a leanas de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013:
De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, i gcás ina dtagraítear sa Treoir seo do na ceanglais atá in Airteagal 92a nó in Airteagal 92b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is éard a bheidh i gceist le dliteanais incháilithe, chun críche na nAirteagal sin, dliteanais incháilithe mar a shainmhínítear iad in Airteagal 72k den Rialachán sin agus mar a chinntear iad i gcomhréir le Caibidil 5a de Theideal I de Chuid a Dó den Rialachán sin. 2. I dtaca le dliteanais a eascraíonn as ionstraimí fiachais ina bhfuil comhpháirt dhíorthach leabaithe, amhail nótaí struchtúrtha, a chomhlíonann na coinníollacha atá sa chéad fhomhír de mhír 1, cé is moite de phointe (l) d'Airteagal 72a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní áireofar iad i suim na gcistí dílse agus dliteanais incháilithe ach i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
I dtaca le hionstraimí fiachais dá dtagraítear sa chéad fhomhír, lena n-áirítear a gcuid díorthach neadaithe, ní bheidh siad faoi réir aon chomhaontú glanluachála agus ní bheidh luacháil na n-ionstraimí sin faoi réir Airteagal 49(3). Ní chuimseofar na dliteanais dá dtagraítear sa chéad fhomhír i méid na gcistí dílse agus dliteanas incháilithe ach i gcás na coda den dliteanas a chomhfhreagraíonn don phríomhshuim dá dtagraítear i bpointe (a) den bhfomhír sin nó don tsuim shocraithe nó mhéadaitheach dá dtagraítear i bpointe (b) den fhomhír sin. 3. Maidir le dliteanais arna n-eisiúint ag fochuideachta atá bunaithe san Aontas do cheann dá scairshealbhóir atá ann cheana agus nach cuid den ghrúpa réitigh céanna é, agus go bhfuil an fhochuideachta sin mar chuid den ghrúpa réitigh céanna leis an eintiteas réitigh, cuimseofar na dliteanais sin mar chuid de chistí dílse agus dhliteanas incháilithe an eintitis réitigh sin ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
4. Gan dochar don íoscheanglas atá in Airteagal 45c(5) nó pointe (a) d'Airteagal 45d(1)(a), áiritheoidh na húdaráis réitigh go ndéanfaidh eintitis réitigh ar GSIIanna iad nó ar eintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 45c(5)nó (6) iad, cuid den cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 45e is comhionann le 8 % de na dliteanais iomlána, lena n-áirítear cistí dílse, a chomhlíonadh lena gcistí dílse féin, le hionstraimí incháilithe fo-ordaithe nó le dliteanais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Féadfaidh an t-údarás réitigh a cheadú go bhféadfaidh údaráis réitigh ar GSIIanna iad nó ar eintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 45c(5) nó (6) iad, leibhéal is ísle ná 8 % d'iomlán na ndliteanas, lena n-áirítear cistí dílse, ach is airde ná an méid is toradh ar chur i bhfeidhm na foirmle (1-X1/X2) x8 % de na dliteanais iomlána, lena n-áirítear cistí dílse, a chomhlíonadh lena gcistí dílse féin, le hionstraimí incháilithe fo-ordaithe nó le dliteanais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach in Airteagal 72b(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus i gcás ina gcomhlíontar, i bhfianaise an laghdaithe is ceadmhach faoi Airteagal 72b (3) den Rialachán, gur fíor an méid seo a leanas:
I dtaca le heintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 45c(5), más rud é gur ceanglas is airde ná 27 % de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca is toradh ar chur i bhfeidhm na chéad fhomhíre den mhír seo, teorannóidh an t-údarás réitigh, i gcás an einteatas réitigh lena mbaineann, an chuid sin den cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 45e, atá le comhlíonadh le húsáid cistí dílse, le hionstraimí incháilithe fo-ordaithe, nó leis na dliteanais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo – do mhéid is ionann agus 27 % de mhéid iomlán na neamhchosanta riosca, má mheasann an t-údarás réitigh an méid seo a leanas:
Agus an measúnú dá dtagraítear sa dara fomhír á chur i gcrích, cuirfidh an t-údarás réitigh san áireamh an riosca go mbeidh tionchar díréireach ar shamhail ghnó an eintitis réitigh lena mbaineann. Ní infheidhme an dara fomhír den mhír seo d'eintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 45c(6). 5. I gcás eintitis réitigh nach GSIIanna iad ná eintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 45c(5) nó (6) féadfaidh an t-údarás réitigh a chinneadh go ndéanfar cuid den cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 45e nach airde ná 8 % de dhliteanais iomlána an eintitis réitigh, lena n-áirítear cistí dílse, móide an fhoirmle dá dtagraítear i mír 7, a chomhlíonadh trí chistí dílse, ionstraimí incháilithe fo-ordaithe hionstraimí nó dliteanais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a úsáid, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
I gcás ina gcinnfidh an t-údarás réitigh gurb amhlaidh, laistigh d'aicme dliteanas lena gcuimsítear dliteanais incháilithe, gur mó é méid na ndliteanas a bhfuil sé réasúnta dóchúil go n-eisiafar iad ó chur i bhfeidhm cumhachtaí díluachála agus comhshó i gcomhréir le hAirteagal 44(2) nó Airteagal 44(3), gur mó é ná 10 % den aicme sin, déanfaidh an t-údarás réitigh an riosca dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo a mheasúnú. 6. Chun críocha mhír 4, mhír 5 agus mhír 7, áireofar dliteanais dhíorthacha sna dliteanais iomlána ar an mbonn go dtugtar lánaitheantas do chearta glanluachála contrapháirtí. Cistí dílse de chuid eintiteas réitigh a úsáidtear chun an ceanglas maoláin chomhcheangailte a chomhlíonadh, beidh siad incháilithe chun na ceanglais dá dtagraítear i mír 4, i mír 5 agus i mír 7 a chomhlíonadh. 7. De mhaolú ar mhír 4 den Airteagal seo, féadfaidh an t-údarás réitigh a chinneadh gur eintitis réitigh ar GSIIanna iad nó ar eintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 45c(5) agus (6) den Treoir seo iad a dhéanfaidh na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 45e den Treoir seo a chomhlíonadh, le cistí dílse, le ionstraimí incháilithe fo-ordaithe, nó le dliteanais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, a mhéid is nach airde suim na gcistí dílse, na n-ionstraimí, ná na ndliteanas sin – mar gheall ar an oibleagáid atá ar an eintiteas réitigh cloí leis an gceanglas maoláin chomhcheangailte agus na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, Airteagal 45c(5) agus Airteagal 45e den Treoir seo – ná an tsuim is airde díobh seo a leanas:
8. Féadfaidh na húdaráis réitigh an chumhacht dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo a fheidhmiú i dtaca leis na heintitis réitigh ar G-SIIanna iad nó atá faoi réir Airteagal 45c(5) nó (6), agus a chomhlíonann ceann de na coinníollacha a leagtar síos sa dara fomhír den mhír seo, ar choinníoll nach mó líon na n-eintiteas réitigh a shainaithnítear ná 30 % de na heintitis réitigh ar G-SIIanna iad nó atá faoi réir Airteagal 45c(5) nó (6) agus arb é an t-údarás réitigh a chinneann an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45e ina leith. Is iad na coinníollacha a leanas a bhreithneoidh na húdaráis réitigh:
Chun críocha na gcéatadán dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, déanfaidh an t-údarás réitigh an uimhir a eascraíonn as an ríomh a shlánú suas go dtí an uimhir iomlán is gaire. Trí shainiúlachtaí an chórais baincéireachta náisiúnta acu féin a chur san áireamh, lena n-áirítear go háirithe eintitis réitigh ar GSIIanna iad nó atá faoi réir Airteagal 45c(5) nó (6) agus arb é an t-údarás náisiúnta réitigh a chinneann an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45e ina leith, féadfaidh na Ballstáit an céatadán dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shocrú ar leibhéal is airde ná 30 %. 9. Is tar éis dul i gcomhairle leis an údarás inniúil amháin a ghlacfaidh an t-údarás réitigh na cinnti dá dtagraítear i mír 5 nó i mír 7. Agus na cinntí sin á ndéanamh ag an údarás réitigh, cuirfidh sé san áireamh an méid seo a leanas:
Airteagal 45c An t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chinneadh 1. Is é an t-údarás réitigh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, a chinnfidh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) i gcás gach eintitis, ar bhonn na gcritéar seo a leanas:
2. Má fhoráiltear sa phlean réitigh go bhfuil an ghníomhaíocht réitigh le déanamh nó go bhfuil an chumhacht chun ionstraimí caipitil agus dliteanais incháilithe ábhartha a dhíluacháil agus a chomhshó i gcomhréir le hAirteagal 59 le feidhmiú, i gcomhréir leis an gcás dá dtagraítear in Airteagal 10(3), beidh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) cothrom le pé méid is leor chun a áirithiú:
I gcás ina bhforáiltear sa phlean réitigh go bhfuil an t-eintiteas le foirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, nó faoi nósanna imeachta náisiúnta coibhéiseacha eile, measfaidh an t-údarás réitigh cé acu atá nó nach bhfuil bonn cirt le teorannú a dhéanamh ar an gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) le haghaidh an eintitis sin, ionas nach mbeidh sé os cionn méid is leor chun caillteanais a iompar i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír. Sa mheasúnú a dhéanfaidh an t-údarás réitigh, déanfar meastóireacht ar an teorainn dá dtagraítear sa dara fomhír maidir le haon tionchar a d'fhéadfadh a bheith ar an gcobhsaíocht airgeadais agus ar an riosca aicídithe i ndáil leis an gcóras airgeadais. 3. I gcás eintitis réitigh, is éard a bheidh sa mhéid dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2 an méid seo a leanas:
Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 45(2), sloinnfear an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) i dtéarmaí céatadán mar an méid a ríomhadh i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír, roinnte ar mhéid na neamhchosanta ar riosca iomlán. Chun críocha phointe (b) d'Airteagal 45(2), sloinnfear an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) i dtéarmaí céatadán mar an méid a ríomhadh i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, roinnte ar thomhas na neamhchosanta iomláine. Agus an ceanglas aonair dá bhforáiltear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo á socrú aige, cuirfidh an t-údarás réitigh san áireamh na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 37(10), 44(5) agus 44(8). Agus na méideanna athchaipitliúcháin dá dtagraítear sna fomhíreanna roimhe seo á socrú, déanfaidh an t-údarás réitigh:
Beidh an t-údarás réitigh in ann an ceanglas dá bhforáiltear i bpointe (a) (ii) den chéad fhomhír a mhéadú méid iomchuí is gá chun a áirithiú go bhfuil an t-eintiteas in ann muinín mhargaidh leordhóthanach a chothú, tar éis an réitigh, ar feadh tréimhse ama iomchuí, nach faide ná bliain amháin. I gcás ina mbeidh feidhm ag an séú fomhír den mhír seo, is é a bheidh sa mhéid dá dtagráitear san fhomhír sin méid is ionann agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte a bhfuil feidhm le bheith aige tar éis chur i bhfeidhm na n-uirlisí réitigh, lúide an méid dá dtagraítear i bpointe (a) de phointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/ AE. Déanfar an méid dá dtagraítear sa séú fomhír den mhír seo a choigeartú anuas más rud é, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, go gcinneann an t-údarás réitigh, gurb indéanta agus inchreidte é gur leordhóthanach méid níos ísle chun muinín an mhargaidh a chaomhnú agus lena háirithiú go leanfaidh an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 1(1) d'fheidhmeanna criticiúla eacnamaíochta a sholáthar agus go mbeadh rochtain ar mhaoiniú gan gá le tacaíocht airgeadaisphoiblí urghnách seachas ranníocaíochtaí ó shocruithe maoinithe réitigh, i gcomhréir le agus Airteagal 44(5) agus (8) agus le hAirteagal 101 (2), tar éis chur chun feidhme na straitéise réitigh. Déanfar an méid sin a ardú más rud é, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, go gcinneann an t-údarás réitigh gur gá leibhéal níos airde chun muinín mhargaidh leordhóthanach a chothú agus lena háirithiú go leanfaidh an institiúid nó eintiteas dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) d'Airteagal 1 (1) d'fheidhmeanna criticiúla eacnamaíochta a sholáthar agus go mbeadh rochtain aige nó aici ar mhaoiniú gan gá le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách seachas ranníocaíochtaí ó shocruithe maoinithe réitigh, i gcomhréir le hAirteagal 44(5) agus (8) agus le hAirteagal 101(2), ar feadh tréimhse iomchuí ama nach faide ná bliain amháin. 4. Ceapfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an mhodheolaíocht atá le húsáid ag na húdaráis réitigh chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte a mheas i dtaca le heintitis réitigh leibhéal comhdhlúite an ghrúpa i gcás nach mbíonn an grúpa réitigh faoi réir na gceanglas sin per se de bhun na Treorach réamhráite. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [sé mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo]. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. 5. I dtaca le heintitis réitigh nach bhfuil faoi réir Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus atá mar chuid de ghrúpa réitigh ar mó ná EUR 100 billiún a shócmhainní iomlána, beidh leibhéal an cheanglais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ar a laghad cothrom:
De mhaolú ar Airteagal 45b, na heintitis réitigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, comhlíonfaidh siad leibhéal an cheanglais dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo atá cothrom le 13.5 % nuair a ríomhtar i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 45(2) é agus cothrom le 5 % nuair a ríomhtar i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 45(2) é ag úsáid cistí dílse, ionstraimí incháilithe fo-ordaithe, nó dliteanais dá dtagraítear in Airteagal 45b(3) den Treoir seo. 6. Ar dhul i gcomhairle leis an údarás inniúil, féadfaidh an t-údarás a chinneadh na ceanglais a leagtar síos i mír 5 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm maidir le heintiteas réitigh nach bhfuil faoi réir Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus atá mar chuid de ghrúpa réitigh ar lú ná EUR 100 billiún a shócmhainní iomlána, agus a measann an t-údarás réitigh gur dócha go réasúnta, dar leis an údarás náisiúnta réitigh, riosca sistéamach a bheith ag gabháil leis i gcás a chliste. Agus cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a dhéanamh, cuirfidh an t-údarás náisiúnta réitigh an méid seo san áireamh:
I gcás nach ndéantar cinneadh de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo, beidh sin gan dochar d'aon chinneadh a dhéanfar faoi Airteagal 45b(5). 7. I gcás eintitis nach eintitis réitigh iontu féin iad, is éard a bheidh sa mhéid dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2 an méid seo a leanas:
Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 45(2), sloinnfear an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) i dtéarmaí céatadán mar an méid a ríomhadh i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo roinnte ar mhéid na neamhchosanta ar riosca iomlán. Chun críocha phointe (b) d'Airteagal 45(2), sloinnfear an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) i dtéarmaí céatadán mar an méid a ríomhadh i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, roinnte ar thomhas na neamhchosanta iomláine. Agus an ceanglas aonair dá bhforáiltear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo á shocrú aige, cuirfidh an t-údarás réitigh san áireamh na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 37(10), 44(5) agus 44(8). Agus na méideanna athchaipitliúcháin dá dtagraítear sna fomhíreanna sin roimhe seo á socrú aige, déanfaidh an t-údarás réitigh an méid seo a leanas:
Beidh an t-údarás réitigh in ann an ceanglas dá bhforáiltear i bpointe (a) (ii) den chéad fhomhír den mhír seo a mhéadú méid iomchuí is gá chun a áirithiú, tar éis an chumhacht chun ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanais incháilithe a dhíluacháil nó a chomhshó i gcomhréir le hAirteagal 59 a fheidhmiú, go bhfuil an t-eintiteas in ann muinín mhargaidh leordhóthanach a chothú ar feadh tréimhse iomchuí ama nach faide ná bliain amháin. I gcás ina mbeidh feidhm ag an séú fomhír den mhír seo, beidhméid an dá dtagraítrear san fhomhír ionann agus an ceanglas maoláin comhcheangailte atá le feidhm a bheith aige, tar éis an chumhacht dá dtagraítear Airteagal 59 a fheidhmiú, nó tar éis réiteach an eintitis réitigh, lúide an méid dá dtagraítear i bpointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/ AE Déanfar an méid dá dtagraítear sa séú fomhír den mhír seo a choigeartú aníos, más rud é, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, go gcinneann an t-údarás réitigh gurb indéanta agus inchreidte é gur leordhóthanach méid níos ísle chun muinín an mhargaidh a áirithiú agus lena áirithiú go leanfaidh an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b), (c ) nó (d) d'Airteagal 1(1) d'fheidhmeanna criticiúla eacnamaíochta a sholáthar agus go mbeadh rochtain aige nó aici ar mhaoiniú gan gá le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách seachas ranníocaíochtaí ó shocruithe maoinithe réitigh, i gcomhréir agus le míreanna 5 agus 8 d'Airteagal 44 agus le hAirteagal 101(2), tar éis fheidhmiú na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 59 nó tar éis réiteach an ghrúpa réitigh. Déanfar an méid sin a choigeartú suas más rud é, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, go gcinneann an Bord gur gá méid níos airde chun muinín mhargaidh leordhóthanach a chothú agus lena áirithiú go leanfaidh an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b), (c ) nó (d) d'Airteagal 1(1) d'fheidhmeanna criticiúla eacnamaíochta a sholáthar agus go mbeadh rochtain aige nó aici ar mhaoiniú gan gá le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách seachas ranníocaíochtaí ó shocruithe maoinithe réitigh, i gcomhréir lemíreanna 5 agus 8 d'Airteagal 44(5) agus (8) agus le hAirteagal 101(2) ar feadh tréimhse iomchuí ama nach faide ná bliain amháin. 8. I gcás inar dóigh leis an údarás réitigh go bhfuil sé réasúnta dóchúil go n-eisiafar, go hiomlán nó go páirteach, aicmí áirithe dliteanas incháilithe ón bhfortharrtháil de bhun Airteagal 44(3) nó go n-aistreofaí iad go iomlán chuig faighteoir in aistriú páirteach, déanfar an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) a chomhlíonadh le cistí dílse nó dliteanais incháilithe eile ar leor iad chun:
9. I gcinneadh ar bith ón údarás réitigh íoscheangal cistí dílse agus dliteanas incháilithe a fhorchur faoin Airteagal seo, beidh na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin, lena n-áirítear measúnú iomlán ar na heilimintí dá dtagraítear i míreanna 2 go dtí 8 den Airteagal seo, agus déanfaidh an t-údarás réitigh athbhreithniú air gan aon mhoill mhíchuí chun aon athruithe ar leibhéal an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE a léiriú. 10. Chun críocha mhír 3 agus mhír 7 den Airteagal seo, léireofar na ceanglais chaipitil i gcomhréir leis an gcur i bhfeidhm a dhéanann an t-údarás inniúil ar fhorálacha idirthréimhseacha a leagtar síos i gCaibidil 1, Caibidil 2 agus Caibidil 4 de Theideal I de Chuid a Deich de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i bhforálacha na reachtaíochta náisiúnta a fheidhmíonn na roghanna a tugadh do na húdaráis inniúla leis an Rialachán sin. Article 45d An t-íoscheanglas a chinneadh maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe i gcás eintitis réitigh de chuid G-SIIanna agus fochuideachtaí ábhartha de chuid an Aontais nach G-SIIanna de chuid an Aontais Eorpaigh iad 1. Beidh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) d'eintiteas réitigh ar G-SII nó cuid de G-SII é déanta de na nithe seo a leanas:
2. Is éard a bheidh sa cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1), d'fhochuideachta ábhartha de chuid an Aontais de G-SII neamh-AE/ na nithe seo a leanas:
3. Ní fhorchuirfidh an t-údarás réitigh ceanglas breise maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 agus i bpointe (b) de mhír 2 ach amháin sa chás seo a leanas:
4. Chun críocha Airteagal 45h(2), i gcás inar eintitis réitigh níos mó ná eintiteas G-SII amháin de chuid an G-SII céanna de chuid an Aontais Eorpaigh, ríomhfaidh na húdaráis réitigh an méid dá dtagraítear i mír 3:
5. I gcinneadh an údaráis réitigh ceanglas breise cistí dílse agus dliteanas incháilithe a fhorchur faoi phointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo nó faoi phointe (b) de mhír 2 den Airteagal seo, beidh na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin, lena n-áirítear measúnú iomlán ar na heilimintí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, agus déanfaidh an t-údarás réitigh athbhreithniú air gan aon mhoill mhíchuí chun aon athruithe ar leibhéal an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE is infheidhme maidir leis an ngrúpa réitigh nó le fochuideachta ábhartha de chuid an Aontais de G-SII neamh-AE a léiriú. Airteagal 45e An t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chinneadh a chur i bhfeidhm maidir le heintitis réitigh 1. Comhlíonfaidh eintitis réitigh na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 45b go 45d ar bhonn comhdhlúite ar leibhéal an ghrúpa réitigh. 2. Cinnfidh an t-údarás réitigh an ceanglas d'eintitis réitigh dá dtagraítear in Airteagal 45(1) ar leibhéal an ghrúpa chomhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 45h ar bhonn na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 45b go 45d agus ar bhonn cé acu atá nó nach bhfuil fochuideachtaí tríú tír an ghrúpa le réiteach in éineacht leis an eintiteas réitigh de réir an phlean réitigh. 3. I gcás grúpaí réitigh a shainaithnítear i gcomhréir le pointe (b) de phointe (83b) d'Airteagal 2(1), cinnfidh an t-údarás ábhartha réitigh, ag brath ar ghnéithe an tsásra dlúthpháirtíochta agus na straitéise réitigh tosaíochta roghnaithe, cé na heintitis sa ghrúpa réitigh a mbeidh de cheangal orthu Airteagal 45c(3) agus(5) agus Airteagal 45d(1)a chomhlíonadh, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an grúpa réitigh ina iomláine an ceanglas dá dtagraítear i mír (1) agus i mír (2) den Airteagal seo agus an chaoi a ndéanfaidh eintitis den sórt sin an méid sin i gcomhréir leis an bplean réitigh. Airteagal 45f Íoscheanglais cistí dílse agus dliteanais eintitis incháilithe nach eintitis réitigh iad féin a chur i bhfeidhm 1. Comhlíonfaidh institiúidí ar fochuideachtaí d'eintiteas réitigh iad nó d'eintiteas tríú tír agus nach eintitis réitigh iad féin na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 45c ar bhonn aonair. Féadfaidh údarás réitigh, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, a chinneadh an ceanglas a leagtar síos san Airteagal sin a chur i bhfeidhm ar eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b) (c) nó (d) d'Airteagal 1(1) ar fochuideachta d'eintiteas réitigh é agus nach eintiteas réitigh é féin. De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh máthairghnóthais de chuid an Aontais nach eintitis réitigh iad féin ach ar fochuideachtaí de chuid eintitis tríú tír iad, na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 45c go hAirteagal 45d ar bhonn comhdhlúite. I dtaca le grúpaí réitigh arna sainaithint i gcomhréir le pointe (b) de phointe (83b) d'Airteagal 2(1), le hinstitiúidí creidmheasa atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach ach nach eintitis réitigh iad féin, comhlacht lárnach nach eintitis réitigh í féin, agus aon eintitis réitigh nach bhfuil faoi réir ceanglais faoi Airteagal 45e(3), comhlíonfaidh siad siúd Airteagal 45c(7) ar bhonn aonair. Déanfar an ceanglas a leagfar ar eintiteas dá dtagraítear sa mhír seo a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 45h agus Airteagal 89, nuair is infheidhme, agus ar bhonn na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 45c. 2. Déanfar an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) d'eintitis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh le ceann amháin nó níos mó díobh seo a úsáid:
3. Féadfaidh údarás réitigh fochuideachta nach eintiteas réitigh é cur i bhfeidhm an Airteagail seo ar an bhfochuideachta a tharscaoileadh i gcás:
4. Féadfaidh údarás réitigh fochuideachta nach eintiteas réitigh é cur i bhfeidhm an Airteagail seo ar an bhfochuideachta a tharscaoileadh freisin, i gcás:
5. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i bpointí (a) agus (b) de mhír 3, féadfaidh údarás réitigh na fochuideachta a cheadú dá dtagraítear in Airteagal(1) go sásófar an ceanglas go hiomlán nó go páirteach trí ráthaíocht a fháil ón eintiteas réitigh a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:
Chun críocha phointe (g) den chéad fhomhír, arna iarraidh sin don údarás réitigh, soláthróidh an t-eintiteas réitigh tuairim dhlíthiúil neamhspleách, réasúnaithe i scríbhinn uaidh nó léireoidh sé go sásúil ar shlí eile nach ann d'aon bhacainní rialála ná oibríochtúla ar chomhthaobhacht a aistriú ón eintiteas réitigh chuig an bhfochuideachta ábhartha. 6. Ceapfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar a thuilleadh na modheolaíochtaí a úsáidfear chun nach mbeidh ionstraimí, a aithnítear chun críocha an Airteagail seo arna suibscríobh, go páirteach nó go hiomlán, ag an eintiteas réitigh, ina gconstaic roimh chur chun feidhme rianúil na straitéise réitigh. Ba cheart go háirithe, leis na modhanna sin, a áirithiú go rachaidh caillteanais chomh fada leis an eintiteas réitigh mar is cóir agus caipiteal chomh fada leis na heintitis ar cuid den ghrúpa réitigh iad ach nach eintitis réitigh iad féin, mar is cóir, agus go bhfeidhmeoidh na modhanna mar shásra chun nach ndéanfar áireamh dúbailte ar ionstraimí incháilithe a aithnítear chun críocha an Airteagail 45 seo. Córas asbhainte nó a choibhéis de chur chuige stóinseach a bheidh sna modhanna sin lena n-áiritheofar go mbeidh ag eintitis, nach iad féin an t-eintiteas réitigh per se, toradh is ionann agus dá ndéanfadh an t-eintiteas réitigh suibscríobh lán díreach ar na hionstraimí arna n-aithint chun críocha an Airteagail seo. Cuirfidh an tÚdarás Baincéireachta Eorpach na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [sé mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Airteagal 45g Tarscaoileadh i gcás comhlacht lárnach agus institiúidí creidmheasa atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach Féadfaidh an t-údarás réitigh cur i bhfeidhm Airteagal 45f maidir le comhlacht lárnach nó institiúid chreidmheasa atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach a tharscaoileadh, go páirteach nó go hiomlán, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas uile:
Airteagal 45h Nós imeachta maidir leis an gceanglas a chinneadh 1. Údarás réitigh an eintitis réitigh, an t-údarás réitigh ar leibhéal an ghrúpa, i gcás nach ionann é agus údarás réitigh an eintitis réitigh, agus na húdaráis réitigh atá freagrach as fochuideachtaí grúpa réitigh atá faoi réir an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 45f ar bhonn aonair, déanfaidh siad sin gach dá bhfuil ar a gcumas chun teacht ar chinneadh comhpháirteach maidir le:
Áiritheofar leis an gcinneadh comhpháirteach go mbeidh comhlíonadh Airteagal 45e agus 45f lánréasúnaithe agus:
Féadfar a fhoráil sa chinneadh comhpháirteach arna ghlacadh i gcomhréir leis an Airteagal seo, ach sin a bheith ag teacht leis an straitéis réitigh agus a fhad is nár cheannaigh an t-eintiteas réitigh go díreach nó go hindíreach leordhóthain ionstraimí i gcomhréir le hAirteagal 45f(2), go bhfuil na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 45c(7) comhlíonta go páirteach ag an bhfochuideachta i gcomhréir le hAirteagal 45f(2) le hionstraimí arna n-eisiúint do na heintitis nach mbaineann leis an ngrúpa réitigh agus á gceannach acu. 2. I gcás inar eintitis réitigh níos mó ná GS-II amháin a bhaineann leis an GS-II céanna, déanfaidh na húdaráis réitigh dá dtagraítear i mír 1 cur i bhfeidhm Airteagal 72e de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a phlé agus a chomhaontú, i gcás ina bhfuil sin iomchuí agus comhsheasmhach le straitéis réitigh G-SII, agus aon choigeartú a dhéanfar chun an difríocht idir suim na méideanna dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 45d(4) agus in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le heintitis réitigh aonair agus suim na méideanna dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 45d(4) agus in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, an difríocht sin a íoslaghdú nó a dhíothú. Féadfar coigeartú den chineál sin a chur i bhfeidhm faoi réir an mhéid seo a leanas:
Ní bheidh suim na méideanna dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 45d(4) den Treoir seo agus in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le heintitis réitigh aonair níos lú ná suim na méideanna dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 45d(4) den Treoir seo agus in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. 3. Mura dtagtar ar chinneadh comhpháirteach laistigh de cheithre mhí, déanfar cinneadh i gcomhréir le míreanna 4 go 6. 4. I gcás nach dtagtar ar chinneadh comhpháirteach laistigh de cheithre mhí de thoradh easaontú maidir le ceanglas comhdhlúite ar leibhéal an ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 45e, déanfaidh údarás réitigh an eintitis réitigh cinneadh maidir leis an gceanglas comhdhlúite tar éis an méid seo a chur san áireamh go hiomchuí:
Más rud é, ag deireadh na tréimhse ceithre mhí, gur chuir aon cheann de na húdaráis an t-ábhar a chur faoi bhráid ÚBE de réir Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh údarás réitigh an eintitis réitigh a chinneadh siar agus fanfaidh sé ar aon chinneadh a ghlacfaidh ÚBE de réir Airteagal 19(3) den Rialachán sin maidir lena chinneadh, agus glacfaidh sé a chinneadh i gcomhréir le cinneadh ÚBE. Cuirfidh cinneadh ÚBE pointí (a) agus (b) den chéad fhomhír san áireamh. Measfar gurb é an tréimhse ceithre mhí an tréimhse idir-réitigh de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh 1093/2010. Déanfaidh an ÚBE an cinneadh laistigh d'aon mhí amháin. Ní chuirfear an t-ábhar ar aghaidh chuig ÚBE má tá an tréimhse ceithre mhí thart nó má thángthas ar chinneadh comhpháirteach. In éagmais chinneadh ó ÚBE laistigh d'aon mhí amháin, beidh feidhm ag cinneadh údarás réitigh an eintitis réitigh. 5. Mura dtagtar ar chinneadh comhpháirteach laistigh de cheithre mhí de thoradh easaontú maidir le leibhéal an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 45f a bheidh le cur i bhfeidhm ar aon eintiteas de chuid grúpa réitigh ar bhonn aonair, déanfaidh údaráis réitigh an eintitis sin faoi seach an cinneadh i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas go léir:
I gcás, ag deireadh na tréimhse ceithre mhí, ina bhfuil údarás réitigh an eintitis réitigh nó an t-údarás réitigh ar leibhéal grúpa tar éis an t-ábhar a chur faoi bhráid ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh na húdaráis réitigh atá freagrach as na fochuideachtaí ar bhonn aonair a gcinntí siar agus fanfaidh siad ar aon chinneadh a fhéadfaidh ÚBE a dhéanamh de réir Airteagal 19(3) den Rialachán sin, agus déanfaidh siad a gcinneadh i gcomhréir le cinneadh ÚBE. Cuirfidh cinneadh ÚBE pointí (a) agus (b) den chéad fhomhír san áireamh. Measfar gurb é an tréimhse ceithre mhí an tréimhse idir-réitigh de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh 1093/2010. Déanfaidh an ÚBE an cinneadh laistigh d'aon mhí amháin. Ní chuirfear an t-ábhar ar aghaidh chuig ÚBE má tá an tréimhse ceithre mhí thart nó má thángthas ar chinneadh comhpháirteach. Ní dhéanfaidh údarás réitigh an eintitis réitigh ná údarás réitigh leibhéal an ghrúpa an scéal a chur faoi bhráid ÚBE le hidirghabháil cheangailteach a dhéanamh nuair atá an leibhéal a shocraigh údarás réitigh na fochuideachta:
Cheal ar chinneadh ó ÚBE laistigh de mhí amháin, beidh feidhm ag cinntí údarás réitigh na bhfochuideachtaí. Déanfar an cinneadh comhpháirteach agus aon chinntí a dhéanfar mura ndéantar cinneadh comhpháirteach a athbhreithniú agus a nuashonrú ar bhonn rialta i gcás inarb ábhartha. 6. Mura dtagtar ar chinneadh comhpháirteach laistigh de cheithre mhí de thoradh easaontú maidir le leibhéal cheanglas an ghrúpa réitigh comhdhlúite agus leibhéal an cheanglais a bheidh le cur ar eintitis an ghrúpa réitigh ar bhonn aonair, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
7. Beidh an cinneadh comhpháirteach dá dtagraítear i mír 1 agus aon chinntí a dhéanfaidh na húdaráis réitigh dá dtagraítear i míreanna 4, 5 agus 6 mura ndéantar cinneadh comhpháirteach, beidh siad sin ina gceangal ar na húdaráis réitigh lena mbaineann. Déanfar an cinneadh comhpháirteach agus aon chinntí a dhéanfar mura ndéantar cinneadh comhpháirteach a athbhreithniú agus a nuashonrú ar bhonn rialta i gcás inarb ábhartha. 8. Éileoidh údaráis réitigh, i gcomhar leis na húdaráis inniúla, agus fíoróidh siad go gcomhlíonfaidh eintitis an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1), agus déanfaidh siad aon chinneadh de bhun an Airteagail seo i gcomhthráth le forbairt agus cothabháil na bpleananna réitigh. Airteagal 45i Tuairisciú maoirseachta agus nochtadh poiblí a dhéanamh ar an gceanglas 1. Cuirfidh na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), faoi réir an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 45(1), an fhaisnéis seo a leanas ar fáil dá gcuid údarás inniúil agus réitigh:
Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid tuairisciú a dhéanamh ar mhéideanna na ndliteanas in-fhortharrthála eile dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo maidir le heintitis a shealbhaíonn, ar dháta tuairiscithe na faisnéise sin, méideanna cistí dílse agus dliteanais incháilithe de 150 % ar a laghad den cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) arna ríomh i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo. 2. Tuairisceoidh na heintitis dá dtagraítear i mír 1:
Mar sin féin, arna iarraidh sin don údarás inniúil nó don údarás réitigh, tuairisceoidh na heintitis dá dtagraítear i mír 1 an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 níos minice ná sin. 3. Cuirfidh na heintitis dá dtagraítear i mír 1 an fhaisnéis seo a leanas ar fáil go poiblí ar bhonn bliantúil ar a laghad:
4. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo i dtaca le heintitis a bhforáiltear ina bplean réitigh gur faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta a dhéanfar an t-eintiteas a fhoirceannadh. 5. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na teimpléid aonfhoirmeacha don tuairisciú a shonrú, mar aon leis na treoracha agus an mhodheolaíocht chun na teimpléid a úsáid, minicíocht agus dátaí an tuairiscithe, na sainmhínithe agus na réitigh teicneolaíochta faisnéise maidir leis an tuairisciú dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2. Leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin, sonrófar bealach caighdeánaithe chun faisnéis maidir le rangú ítimí dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 is infheidhme in imeachtaí náisiúnta dócmhainneachta i ngach Ballstát. I gcás institiúidí nó eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b),(c ) agus (d) d'Airteagal 1(1) den Treoir seo atá faoi réir Airteagal 92a agus Airteagal 92b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, beidh na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin, i gcás inarb iomchuí, ailínithe leis na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 430 den Rialachán sin. Cuirfidh ÚBE na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin … [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo]. Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. 6. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun formáidí aonfhoirmeacha, an mhinicíocht agus treoracha gaolmhara don nochtadh a shonrú i gcomhréir leo a ndéanfar na nochtaí a cheanglaítear faoi mhír 3. Leis na formáidí aonfhoirmeacha sin, cuirfear faisnéis ar leor a cuimsitheacht agus a hinchomparáideacht in iúl chun próifílí riosca na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a mheas agus a mhéid a chomhlíonann siad an ceanglas is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 45e nó Airteagal 45f. I gcás inarb iomchuí, beidh formáidí don nochtadh i bhformáid tábla. I gcás institiúidí nó eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b), (c ) agus (d )d'Airteagal 1(1) den Treoir seo atá faoi réir Airteagal 92a agus Airteagal 92b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, beidh na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin, i gcás inarb iomchuí, ailínithe leis na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 434a den Rialachán sin. Cuirfidh ÚBE na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin … [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo]. Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. 7. I gcás inar cuireadh gníomhaíochtaí réitigh chun feidhme nó i gcás ina ndearnadh na cumhachtaí díluachála nó comhshó dá dtagraítear in Airteagal 59 a fheidhmiú, beidh feidhm ag ceanglais maidir le nochtadh poiblí dá dtagraítear i mír 3 ón spriocdháta chun ceanglais Airteagal 45e nó Airteagal 45f dá dtagraítear in Airteagal 45m a chomhlíonadh. Airteagal 45j Tuairisc a thabhairt do ÚBE 1. Cuirfidh na húdaráis réitigh in iúl do ÚBE an t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a socraíodh i gcomhréir le hAirteagal 45e nó le hAirteagal 45f do gach eintiteas atá faoina ndlínse. 2. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun teimpléid tuairiscithe aonfhoirmeacha a shonrú agus, ina theannta sin, na treoracha agus an mhodheolaíocht chun na teimpléid sin a úsáid, an mhinicíocht agus dátaí an tuairiscithe, na sainmhínithe agus na réitigh teicneolaíochta faisnéise chun faisnéis a shainaithint agus a tharchur ag údaráis réitigh, i gcomhar leis na húdaráis inniúla, chuig ÚBE chun críocha mhír 1. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meitheamh 2020. Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Airteagal 45k Sáruithe ar an íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe 1. Tabharfaidh na húdaráis ábhartha aghaidh ar aon sárú ar an íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 45e nó Airteagal 45f ar bhonn ceann amháin de na pointí seo a leanas:
Ina theannta sin, féadfaidh na húdaráis ábhartha measúnú a dhéanamh le fáil amach an bhfuil nó nach bhfuil an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 1(1) ag cliseadh nó gur dócha go gclisfidh sé nó sí, i gcomhréir le hAirteagal 32, 32a nó le hAirteagal 33, de réir mar is infheidhme. 2. Rachaidh údaráis réitigh agus údaráis inniúla i gcomhairle le chéile nuair a fheidhmeoidh siad a gcumhachtaí faoi seach dá dtagraítear i mír 1. Airteagal 45l Tuarascálacha 1. Cuirfidh ÚBE, i gcomhar leis na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh, tuarascáil faoi bhráid an Choimisiún go bliantúil ina soláthrófar measúnuithe ar na nithe seo a leanas ar a laghad:
2. Le cois na tuarascála bliantúla dá bhforáiltear i mír 1, cuirfidh ÚBE, gach trí bliana, tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina ndéanfar measúnú ar na nithe seo a leanas:
3. Tíolacfarr an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 don Choimisiún faoin 30 Meán Fómhair sa bhliain féilire tar éis na bliana deireanaí a chumhdófar sa tuarascáil. Cuirfear an chéad tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin tráth nach déanaí ná … [30 Meán Fómhair na bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Cumhdóidh an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 trí bliana féilire agus déanfar í a thíolacadh don Choimisiún faoin 31 Nollaig na bliana féilire tar éis na bliana deireanaí a chumhdófar sa tuarascáil. Cuirfear an chéad tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2022. Airteagal 45m Socruithe idirthréimhseacha agus iar-réitigh 1. De mhaolú ar Airteagal 45(1), cinnfidh na húdaráis réitigh idirthréimhsí iomchuí d'institiúid nó d'eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 1(1) na ceanglais in Airteagal 45e agus in Airteagal 45f a chomhlíonadh nó ceanglais atá de thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 45b(4), Airteagal 45b(5) ó Airteagal 45b(7), a chomhlíonadh, mar is iomchuí. Is é an spriocdháta do na hinstitiúidí agus na heintitis na ceanglais atá in Airteagal 45e nó in Airteagal 45f a chomhlíonadh, nó ceanglais de bharr chur i bhfeidhm Airteagal 45b(4), Airteagal 45b(5) nó Airteagal 45b(7) a chomhlíonadh an 1 Eanáir 2024. Cinnfidh an t-údarás réitigh spriocleibhéal idirmheánach do na ceanglais atá in Airteagail 45e nó 45f, nó do cheanglas atá de thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 45b(4), Airteagal 45b(5) nó Airteagal 45b(7) mar is iomchuí, nach mór d'institiúidí nó d'eintitis dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 1(1) a chomhlíonadh ar an 1 Eanáir 2022. Is ceart, de ghnáth, go n-áiritheofaí leis na leibhéil sprice idirmheánaí méadú líneach ar na cistí dílse agus ar na dliteanais incháilithe ionsar an cheanglas. Féadfaidh an t-údarás réitigh idirthréimhse a leagan síos a dtagann deireadh léi tar éis 1 Eanáir 2024 i gcás ina mbeidh údar cuí leis agus nuair is iomchuí ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear i mír 7, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
2. Is é an spriocdháta a chomhlíonfaidh na heintitis réitigh íosleibhéal na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45c(5) nó (6) an 1 Eanáir 2022.. 3. Ní bheidh feidhm ag leibhéil íosta na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45c(5) agus Airteagal 45c(6) laistigh den tréimhse dhá bhliain tar éis:
4 Ní bheidh feidhm ag na ceanglais dá dtagraítear in in Airteagal 45b(4) agus Airteagal 45b(7) ná in Airteagal 45c(5) agus Airteagal 45c(6), mar is infheidhme, laistigh den tréimhse thrí bliana tar éis an dáta a dtosaíonn an t-eintiteas réitigh nó an grúpa a bhfuil an t-eintiteas réitigh mar chuid de a bheith aitheanta mar GSII, nó má tharlaíonn go dtosaíonn an t-eintiteas réitigh a bheith sa staid dá dtagraítear in Airteagal 45c(5) nó Airteagal 45c(6). 5. De mhaolú ar Airteagal 45(1), cinnfidh na húdaráis réitigh idirthréimhse iomchuí chun na ceanglais atá in Airteagal 45e nó in Airteagal 45f a chomhlíonadh laistigh de, nó ceanglas atá de thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 45b(4), (5) nó (7) a chomhlíonadh laistigh de, de réir mar is iomchuí, d'institiúidí nó d'eintitis dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 1(1) a ndearnadh uirlisí réitigh, nó an chumhacht díluachála nó comhshó dá dtagraítear in Airteagal 59 a chur i bhfeidhm maidir leo. 6. Chun críocha mhír 1 go mír 5, cuirfidh údaráis réitigh an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 1(1) ar an eolas faoin íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe atá pleanáilte do gach tréimhse 12 mhí le linn na hidirthréimhse d'fhonn an acmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin atá ag an institiúid nó ag an eintiteas a mhéadú de réir a chéile. Ag deireadh na hidirthréimhse, beidh an t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe cothrom leis an méid a chinnfear faoi Airteagal 45b(4), (5) nó (7), Airteagal 45c(5) nó (6) nó Airteagal 45e nó Airteagal 45f mar is infheidhme. 7. Agus na hidirthréimhsí á chinneadh acu, cuirfidh na húdaráis réitigh an méid seo a leanas san áireamh:
8. Faoi réir mhír 1, ní chuirfear cosc ar an mBord athbhreithniú a dhéanamh, ina dhiaidh sin, ar an idirthréimhse nó ar aon íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe pleanáilte a cuireadh in iúl faoi mhír 6.”; |
|
(18) |
in Airteagal 46, cuirtear na focail 'dliteanais in-fhortharrthála' in ionad na bhfocal 'dliteanais incháilithe'; |
|
(19) |
i bpointe (b) (ii) d' Airteagal 47(1), cuirtear na focail 'dliteanais in-fhortharrthála' in ionad na bhfocal 'dliteanais incháilithe';' |
|
(20) |
Leasaítear Airteagal 48 mar a leanas:
|
|
(21) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 55: “Airteagal 55 Fortharrtháil chonarthach a aithint 1. Cuirfidh na Ballstáit de cheanglas ar institiúidí agus eintitis dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 1(1) téarma conarthach a chur san áireamh trína n-aithneoidh an creidiúnaí nó an páirtí sa chomhaontú nó san ionstraim lena gcruthaítear an dliteanas go bhféadfaidh an dliteanas sin a bheith faoi réir na gcumhachtaí díluachála agus comhshó agus go dtoileoidh sé a bheith faoi réir aon laghdú ar an bpríomhshuim nó aon mhéid gan íoc atá dlite, aon chomhshó nó cealú a bhfuil tionchar ag feidhmiú na gcumhachtaí sin orthu ag údarás réitigh, ar choinníoll go gcomhlíonann an dliteanas sin na coinníollacha seo uile a leanas:
Féadfaidh údaráis réitigh a chinneadh nach mbeidh feidhm ag an oibleagáid sa chéad fhomhír de mhír 1 i ndáil le hinstitiúidí ná eintitis i gcás ina bhfuil an méid ionsúcháin caillteanais, mar a shainmhínítear faoi phointe (a) d'Airteagal 45c(2), cothrom leis an gceanglas faoi Airteagal 45(1) ina leith, ar choinníoll nach n-áirítear ionsair an cheanglais sin dliteanais a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) den chéad fhomhír agus ar dliteanais iad nach gcuimsíonn an téarma conarthach dá dtagraítear san fhomhír sin. Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás ina gcinneann údarás réitigh Ballstáit gur féidir le húdarás réitigh Ballstáit na dliteanais nó na hionstraimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bheith faoi réir dhíluacháil nó chomhshó de bhun dlí tríú tír nó de bhun comhaontú ceangailteach arna thabhairt i gcrích leis an tríú tír sin. 2. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina gcineann institiúid nó eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b), c) nó (d) d'Airteagal 1(1) go bhfuil sé dofheidhmithe, ó thaobh an dlí nó eile de, téarma a chur isteach i bhforálacha conarthacha lena rialaítear dliteanas ábhartha ar téarma é a cheanglaítear i gcomhréir le mír 1, tabharfaidh institiúid nó eintiteas den sórt sin fógra faoina gcinneadh don údarás réitigh, ina n-áireofar ainmniú aicme an dliteanais agus an réasúnú faoi deara an chinnidh sin. Soláthróidh an institiúid nó an t-eintiteas an fhaisnéis go léir don údarás réitigh a fhéadfaidh an t-údarás réitigh a iarraidh laistigh de thréimhse réasúnta tar éis an fógra a fháil, d'fhonn éifeacht fógra den sórt sin ar inréiteacht na hinstitiúide nó an eintitis sin a mheasúnú ag an eintiteas réitigh. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás fógra a fháil faoin gcéad fhomhír den mhír seo, go gcuirfear ar fionraí go huathoibríoch tráth a fhaigheann an t-údarás réitigh an fógra an oibleagáid téarma a áireamh a cheanglaítear sna forálacha conarthacha i gcomhréir le mír 1. I gcás ina gcinneann an t-údarás réitigh nach bhfuil sé dofheidhmithe, ó thaobh an dlí nó eile de, téarma a chur isteach i bhforálacha conarthacha a cheanglaítear i gcomhréir le mír 1, ag cur san áireamh an gá atá le hinréiteacht na hinstitiúide nó an eintitis a áirithiú, ceanglófar, laistigh de thréimhse réasúnta tar éis an fógra a fháil de bhun na chéad fhomhíre, go n-áiritheofar téarma conarthach den sórt sin. Anuas air sin, féadfaidh an t-údarás réitigh a cheangal ar an institiúid nó ar an eintiteas a gcuid cleachtas maidir le cur i bhfeidhm na díolúine ó aitheantas conarthach a thabhairt don fhortharrtháil. Ní áireofar sna dliteanais dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo ionstraimí Breise Leibhéal 1, ionstraimí Leibhéal 2, na hionstraimí fiachais dá dtagraítear i bpointe (48)(ii) d'Airteagal 2(1), i gcás inar dliteanais neamhurraithe iad. Ina theannta sin, na dliteanais dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, beidh rangú sinsearachta acu ar na dliteanais dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 108(2) agus in Airteagal 108(3). I gcás ina gcinnfidh an t-údarás réitigh, i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar inréititheacht institiúide nó eintitis dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 1(1) i gcomhréir le hAirteagal 15 agus le hAirteagal 16, nó tráth ar bith eile, gurb amhlaidh laistigh d'aicme dliteanas lena gcuimsítear dliteanais incháilithe, gur mó líon na ndliteanas sin, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo, nach gcuimsítear leo an téarma conarthach dá dtagraítear i mír 1, mar aon leis na dliteanais atá eisiata ó chur i bhfeidhm na huirlise fortharrthála i gcomhréir le hAirteagal 44(2) nó ar dócha go n-eiseofar iad i gcomhréir le hAirteagal 44(3), gur mó é ná 10 % den aicme sin, déanfaidh sé measúnú láithreach ar thionchar an fhíorais áirithe sin ar inréititheacht na hinstitiúide nó an eintitis sin, lena n-áirítear an tionchar ar an inréititheacht a eascraíonn as an riosca a bheith ann nuair a sháraítear coimircí an chreidiúnaithe dá bhforáiltear in Airteagal 73 agus na cumhacht díluachála agus comhshó á gcur i bhfeidhm acu. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás réitigh, ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear sa chúigiú fomhír den mhír seo, i dtaobh na dliteanas, nach gcuimsítear leo, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, an téarma conarthach dá dtagraítear i mír 1, go gcruthaíonn siad bac substaintiúil ar inréititheacht, cuirfidh sé i bhfeidhm na cumhachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 17 mar is iomchuí chun fáil réidh leis an mbac sin ar an inréititheacht. I gcás ina mainníonn an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b),(c) nó (d) d'Airteagal 1(1) an téarma a cheanglaítear faoi mhír 1 den Airteagal seo a áirithint sna forálacha conarthacha i leith dliteanas nó, i gcás nach bhfuil feidhm ag an gceangal sin i gcomhréir leis an mír seo, ní chuirfear na dliteanais sin san áireamh i gcomhair an íoscheanglais do chistí dílse ná do dhliteanais incháilithe. 3. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis réitigh ceanglas a chur ar institiúidí agus eintitis dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 1(1) tuairim dhlíthiúil a chur ar fáil do na húdaráis maidir le hinfhorghníomhaíocht dhlíthiúil agus éifeachtacht an téarma chonarthaigh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. 4. I gcás nch ndéanann institiúid nó eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b), (c) nó (d) d'Airteagal 1(1) téarma conarthach a chur sna forálacha conarthacha lena rialaítear dliteanas ábhartha a cheanglaítear i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ní chuirfidh sé sin cosc ar an údarás réitigh a chumhachtaí díluachála agus comhshó a fheidhmiú i dtaca leis an dliteanas sin. 5. Forbróidh ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála chun an liosta dliteanas lena mbaineann an t-eisiamh i mír 1agus inneachar an téarma chonarthaigh dá gceanglaítear sa mhír sin a chinneadh a thuilleadh, agus samhlacha gnó difriúla institiúidí á gcur san áireamh. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. 6. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú tuilleadh:
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meitheamh 2020. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. 7. Sonróidh an t-údarás réitigh, má mheasann sé gur gá, catagóirí na ndliteanas ar féidir le hinstitiúid nó eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b), (c) nó (d) d'Airteagal 1(1) a chinneadh ina leith go bhfuil sé dofheidhmithe, ó thaobh an dlí nó eile de, an téarma conarthach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, bunaithe ar na coinníollacha a shonraítear tuilleadh de bharr mír 6 a chur i bhfeidhm. 8. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun formáidí agus teimpléid aonfhoirmeacha a shonrú le haghaidh sainaithint agus traschur faisnéise ag údaráis réitigh, i gcomhar leis na húdaráis inniúla, chuig ÚBE chun críocha mhír 1. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meitheamh 2020. Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.”; |
|
(22) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil V de Theideal IV: “Ionstraimí caipitil agus dliteanais incháilithe a dhíluacháil nó a chomhshó”; |
|
(23) |
Leasaítear Airteagal 59 mar a leanas:
|
|
(24) |
Leasaítear Airteagal 60 mar a leanas:
|
|
(25) |
In Airteagal 61(3) cuirtear isteach fomhír nua: “I gcás ina n-aithnítear na hionstraimí caipitil ábhartha, nó na dliteanais incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 59 (1a) den Treoir seo, chun críocha an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45f(1) den Treoir seo a chomhlíonadh, is é an t-údarás atá freagrach as an gcinneadh a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 59(3) den Treoir seo údarás iomchuí an Bhallstáit inar údaraíodh an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b), (c) nó (d) d'Airteagal 1(1) den Treoir seo i gcomhréir le Teideal III de Threoir 2013/36/AE.”; |
|
(26) |
Leasaítear Airteagal 62 mar a leanas:
|
|
(27) |
i bpointe (e), (f) agus (j) d'Airteagal 63(1), cuirtear na focail “dliteanais in-fhortharrthála” in ionad na bhfocal “dliteanais incháilithe”; |
|
(28) |
in Airteagal 66(4), cuirtear na focail “dlitheanais in-fhortharrthála” in ionad na bhfocal “dliteanais incháilithe”; |
|
(29) |
Leasaítear Airteagal 68 mar a leanas:
|
|
(30) |
Leasaítear Airteagal 69 mar a leanas:
|
|
(31) |
in Airteagal 70, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Ní fheidhmeoidh na húdaráis réitigh na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le haon cheann acu seo a leanas:
|
|
(32) |
In Airteagal 71, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. Ní bheidh feidhm ag aon fhionraíocht faoi mhír 1 nó mír 2 maidir leis an méid seo a leanas:
|
|
(33) |
Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: “Airteagal 71a Aitheantas conarthach a thabhairt do chumhachtaí um bac réitigh 1. Ceanglóidh Ballstáit ar institiúidí agus ar eintitis dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 1(1) téarma a áireamh in aon chonradh airgeadais a dhéanfaidh siad agus atá faoi rialú dlíthe tríú tír, ar téarmaí iad lena n-aithníonn na páirtithe go bhféadfadh an conradh airgeadais a bheith faoi réir feidhmiú cumhachtaí an údaráis réitigh cearta agus oibleagáidí a chur ar fionraí nó a shrianadh de réir Airteagal 33a, Airteagal 69, Airteagal 70 agus Airteagal 71 agus go bhfuil siad faoi cheangal cheanglais Airteagal 68. 2. D'fhéadfadh Ballstáit a cheangal chomh maith go n-áiritheoidh máthairghnóthais Aontais dá dtagraítear i mír 1 go n-áireoidh a gcuid fochuideachtaí i dtríú tír, téarmaí ina gcuid conarthaí airgeadais dá dtagraítear i mír 1, ar téarmaí iad lena n-eisiafar gur forais bhailí le haghaidh luathfhoirceanta, fionraíochta, modhnaithe, glanluachála, feidhmiú cearta fritháirimh, nó forghníomhú leasanna urrúis i ndáil leis na conarthaí sin feidhmiú chumhacht an údaráis réitigh cearta agus oibleagáidí máthairghnóthais de chuid an Aontais a chur ar fionraí nó a shrianadh. D'fhéadfadh feidhm a bheith ag an gceanglas sa chéad fhomhír maidir le fochuideachtaí i dtríú tír arb iad:
3. Beidh feidhm ag mír 1 maidir le haon chonradh airgeadais:
4. I gcás nach ndéanann institiúid nó eintiteas an téarma conarthach a chur san áireamh a cheanglaítear i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ní chuirfidh an méid sin cosc ar an údarás réitigh na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 33a, Airteagal 68, Airteagal 69, Airteagal 70 nó Airteagal 71 a chur i bhfeidhm i ndáil leis an gconradh airgeadais sin. 5. Forbróidh ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála chun inneachar an téarma chonarthaigh dá gceanglaítear i mír 1 a chinneadh a thuilleadh, agus samhlacha gnó difriúla institiúidí agus eintiteas á gcur san áireamh. Cuirfidh an tÚdarás Baincéireachta Eorpach na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meitheamh 2020. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.”; |
|
(34) |
Leasaítear Airteagal 88 mar a leanas:
|
|
(35) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 89: “Airteagal 89 Coláistí réitigh Eorpacha 1. I gcás ina bhfuil fochuideachtaí atá bunaithe san Aontas nó máthairghnóthais atá bunaithe san Aontas ag institiúid tríú tír nó máthairghnóthas tríú tír, atá bunaithe in dhá Bhallstát nó níos mó, nó dhá bhrainse nó níos mó san Aontas a mheasann dhá Bhallstát nó níos mó go bhfuil siad suntasach, déanfaidh údaráis réitigh na mBallstát ina bhfuil na heintitis sin bunaithe nó ina bhfuil na brainsí sin lonnaithe aon choláiste réitigh Eorpach amháin a bhunú. 2. Déanfaidh an coláiste réitigh Eorpach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na feidhmeanna agus na cúraimí a shonraítear in Airteagal 88 i dtaca leis na heintitis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus, sa mhéid is go bhfuil na cúraimí sin ábhartha, i dtaca leis na brainsí. Cuimseofar sna cúraimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo leagan amach an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 45 go hAirteagal 45h. Nuair a bheidh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45 go hAirteagal 45h á leagan amach cuirfidh comhaltaí an choláiste réitigh Eorpaigh san áireamh an straitéis réitigh dhomhanda, más ann di, arna glacadh ag údaráis tríú tír. I gcás nach eintitis réitigh iad fochuideachtaí atá bunaithe san Aontas nó máthairghnóthas an Aontais agus a cuid fo-institiúidí i gcomhréir leis an straitéis réitigh dhomhanda, agus i gcás ina gcomhaontaíonn comhaltaí an choláiste réitigh Eorpaigh leis an straitéis sin, comhlíonfaidh fochuideachtaí atá bunaithe san Aontas nó, ar bhonn comhdhlúite, máthairghnóthas an Aontais ceanglas Airteagal 45f(1) trí ionstraimí a eisiúint dá dtagraítear i bpointe (a) agus (b) d'Airteagal 45f(2) dá máthairghnóthas deiridh atá bunaithe i dtríú tír, nó d'fhochuideachtaí an mháthairghnóthais deiridh sin atá bunaithe sa tríú tír chéanna nó d'eintitis eile faoi na coinníollacha atá leagtha amach i bpointe (a)(i) agus i bpointe (b)(ii) d'Airteagal 45f(2). 3. I gcás ina shealbhaíonn máthairghnóthas amháin san Aontas fochuideachtaí uile an Aontais tríú tír nó máthairghnóthas tríú tír, is é údarás réitigh an Bhallstáit, ina bhfuil an máthairghnóthas san Aontas bunaithe, a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an gcoláiste réitigh Eorpach. I gcás nach mbeidh feidhm ag an gcéad fhomhír, is é údarás réitigh máthairghnóthais an Aontais nó fochuideachta an Aontais, ar airde luach na sócmhainní cláir chomhardaithe a shealbhaíonn sé, is é sin an t-údarás réitigh a ghníomhóidh mar chathaoirleach ar an gcoláiste réitigh Eorpach. 4. Féadfaidh na Ballstáit, trí chomhaontú frithpháirteach na bpáirtithe ábhartha, tarscaoileadh a dhéanamh ar an gceanglas coláiste réitigh Eorpach a bhunú má dhéanann grúpa nó coláiste eile na feidhmeanna agus na cúraimí céanna a shonraítear san Airteagal seo agus má chomhlíonann sé, na coinníollacha agus na nósanna imeachta lena gcumhdaítear ballraíocht agus rannpháirtíocht i gcoláistí réitigh Eorpacha san áireamh, a bhunaítear san Airteagal seo agus in Airteagal 90. I gcás den chineál sin, tuigfear gur tagairt do na grúpaí nó na coláistí eile sin gach tagairt do choláistí réitigh Eorpacha sa Treoir seo. 5. Faoi réir mhíreanna 3 agus 4 den Airteagal seo, feidhmeoidh an coláiste réitigh Eorpach seachas sin i gcomhréir le hAirteagal 88.”. |
|
(36) |
i bpointe (6) de Roinn B agus i bpointe (17) de Roinn C den Iarscríbhinn, cuirtear na focail “dliteanais in-fhortharrthála” in ionad na bhfocal “dliteanais incháilithe”. |
Airteagal 2
Leasuithe ar Threoir 98/26/CE
Leasaítear Treoir 98/26/CE mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
|
(2) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 12a Faoin 28 Meitheamh 2021 athbhreithneoidh an Coimisiún mar a chuireann na Ballstáit an Treoir seo i bhfeidhm maidir lena gcuid institiúidí intíre atá rannpháirteach go díreach i gcórais atá á rialú faoi dhlí tríú tír agus ar shlándáil chomhthaobhach a chuirtear ar fáil i dtaca le rannpháirtíocht i gcórais den sórt sin. Déanfaidh an Coimisiún measúnú go háirithe ar an ngá a bheidh le tuilleadh leasuithe a dhéanamh ar an Treoir seo maidir le córais arna rialú ag dlí tríú tír. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena ngabhfaidh, más iomchuí, tograí le haghaidh athbhreithniú na Treorach seo.”. |
Airteagal 3
Trasuí
1. Tabharfaidh na Ballstáit i bhfeidhm na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh faoin 28 Nollaig 2020. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Déanfaidh na Ballstáit na bearta sin a chur i bhfeidhm an dáta a thiocfaidh siad i bhfeidhm sa dlí náisiúnta, ar dáta é nach déanaí ná 28 Nollaig 2020.
Cuirfidh na Ballstáit Airteagal pointe (17) d'Airteagal 1 den Treoir seo, maidir le hAirteagal 45i(3) de Threoir 2014/59/AE i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2024 amach. I gcás ina socróidh an t-údarás réitigh, i gcomhréir le hAirteagal 45m(1) de Threoir 2014/59/AE, spriocdháta maidir le comhlíonadh a dtiocfaidh deireadh leis tar éis 1 Eanáir 2024, beidh dáta chur i bhfeidhm phointe (17) d'Airteagal 1 den Treoir seo, maidir le Airteagal 45i(3) de Threoir 2014/59/AE mar an gcéanna leis an spriocdháta maidir le comhlíonadh.
2. Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta dá dtagraítear i mír 1, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
3. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún agus do ÚBE.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 5
Seolaithe
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna déanamh sa Bhruiséil, an 20 Bealtaine 2019.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. CIAMBA
(1) IO C 34, 31.1.2018, lch. 17.
(2) IO C 209, 30.6.2017, lch. 36
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Bealtaine 2019.
(4) Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus do réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).
(7) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE, (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(8) Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1075 ón gCoimisiún an 23 Márta 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ábhar na bpleananna téarnaimh, na bpleananna réitigh agus na ngrúp-phleananna réitigh, na híoschritéir ar a ndéanfaidh an t-údarás inniúil measúnú maidir leis na pleananna téarnaimh agus na grúp-phleananna téarnaimh, na coinníollacha maidir le ghrúpthacaíocht airgeadais, na ceanglais do luachálaithe neamhspleácha, aitheantas conarthach cumhachtaí díluachála agus athraithe, nósanna imeachta agus ábhar na gceanglas um fhógra maidir le fionraí agus feidhmiú oibríochtúil na gcoláistí réitigh (IO L 184, 8.7.2016, lch. 1).
(9) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún, (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
(10) Treoir 2014/49AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149).
(11) Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).