|
14.1.2019 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
3 |
TREOIR (AE) 2019/1 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Nollaig 2018
maidir le húdaráis iomaíochta na mBallstát a chumhachtú le bheith ina bhforfheidhmitheoirí níos éifeachtaí agus chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 103 agus Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1)
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Is leis an mbeartas poiblí a bhaineann Airteagail 101 agus 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus ba cheart iad a chur i bhfeidhm go héifeachtach ar fud an Aontais chun a áirithiú nach saobhfaí an iomaíocht sa mhargadh inmheánach. Is gá forfheidhmiú éifeachtach Airteagail 101 agus 102 CFAE chun a áirithiú go mbeidh margaí iomaíocha níos oscailte agus níos cothroime san Aontas, go mbeidh cuideachtaí ag iomaíocht iontu ar a mbuanna féin gan cuideachtaí bacainní ar dhul isteach sa mhargadh a chur suas, sa dóigh gur féidir leo rachmas a ghiniúint agus poist a chruthú. Tugann an forfheidhmiú sin cosaint don tomhaltóir agus do ghnóthais atá gníomhach sa mhargadh inmheánach ar chleachtais ghnó a choinneodh praghas na n-earraí agus na seirbhísí go hard ar dhóigh shaorga agus méadaíonn sé rogha an tomhaltóra maidir le hearraí agus seirbhísí nuálacha. |
|
(2) |
Is iad údaráis iomaíochta náisiúnta (ÚINanna) na mBallstát a dhéanann forfheidhmiú poiblí Airteagail 101 agus 102 CFAE i gcomhthráth leis an gCoimisiún de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle (3). Le chéile, is gréasán údarás poiblí iad na húdaráis iomaíochta náisiúnta agus an Coimisiún a chuireann rialacha iomaíochta an Aontais i bhfeidhm i ndlúthchomhar (an “Gréasán Eorpach Iomaíochta”). |
|
(3) |
Le hAirteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, ceanglaítear ar na ÚINanna agus ar na cúirteanna náisiúnta Airteagail 101 agus 102 CFAE a chur i bhfeidhm ar chomhaontuithe ar iompraíocht a d'fhéadfadh difear a dhéanamh don trádáil idir na Ballstáit. Go praiticiúil, cuireann formhór na ÚINanna an dlí iomaíochta náisiúnta i bhfeidhm i gcomhthráth le hAirteagail 101 agus 102 CFAE. Dá bhrí sin, leis an Treoir seo, arb é is cuspóir di a áirithiú go bhfuil ag ÚINanna na ráthaíochtaí is gá maidir le neamhspleáchas, achmhainní agus cumhachtaí forfheidhmiúcháin agus fíneála le bheith in ann Airteagail 101 agus 102 CFAE a chur i bhfeidhm go héifeachtach, is léir go n-imreofar tionchar ar an dlí iomaíochta náisiúnta a chuireann ÚINanna i bhfeidhm i gcomhthráth. Ina theannta sin, agus an dlí iomaíochta náisiúnta á chur i bhfeidhm ag ÚINanna maidir leis na comhaontuithe nó na cleachtais chomhbheartaithe a d'fhéadfadh difear a dhéanamh don trádáil idir na Ballstáit, ní fhéadfaidh toradh éagsúil teacht as sin ná an toradh ar tháinig ÚIN air faoi dhlí an Aontais de bhun Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003. Dá bhrí sin, i gcásanna den sórt sin ina ndéantar an dlí iomaíochta náisiúnta agus dlí an Aontais a chur i bhfeidhm go comhthráthach, is den riachtanas gurb ionann na ráthaíochtaí ag ÚINanna i dtaca le neamhspleáchas, acmhainní agus cumhachtaí forfheidhmiúcháin agus fíneála dá bhforáiltear faoin Treoir seo lena áirithiú nach mbeidh toradh éagsúil ann. |
|
(4) |
Anuas air sin, tríd an gcumhacht a thabhairt do ÚINanna an fhaisnéis uile faoin ngnóthas atá faoi imscrúdú a fháil, lena n-áirítear i bhfoirm dhigiteach, gan beann ar an meán ina bhfuil sin stóráilte, dhéanfadh difear do raon feidhme na gcumhachtaí atá ag ÚINanna tráth a ndéanann siad, go luath sna himeachtaí, an beart imscrúdaitheach cuí ar bhonn, an dlí iomaíochta náisiúnta a chuirtear i bhfeidhm i gcomhthráth le hAirteagail 101 agus 102 CFAE. Dá dtabharfaí do ÚINanna cumhachtaí iniúchta de raon feidhme éagsúil de réir mar a dhéanfaidís, ar deireadh thiar, an dlí iomaíochta náisiúnta amháin a chur i bhfeidhm nó Airteagail 101 agus 102 CFAE a chur i bhfeidhm freisin i gcomhthráth, laghdófaí éifeachtacht fhorfheidhmiú dhlí na hiomaíochta sa mhargadh inmheánach. Dá réir sin, ba cheart do raon feidhme na Treorach idir chur i bhfeidhm Airteagail 101 agus 102 CFAE ar bhonn aonair agus chur i bhfeidhm an dlí iomaíochta náisiúnta i gcomhthráth ar an gcás céanna a chumhdach. Maidir le cosaint na ráiteas trócaire agus na n-aighneachtaí socraíochta ba cheart don Treoir seo cur i bhfeidhm an dlí iomaíochta náisiúnta ar bhonn aonair a chumhdach freisin. |
|
(5) |
Mar sin féin, de dheasca an dlí náisiúnta tá an-chuid ÚINanna ann nach bhfuil na ráthaíochtaí riachtanacha acu maidir le neamhspleáchas agus cumhachtaí forfheidhmiúcháin agus fíneála chun go mbeidís in ann na rialacha sin a fhorfheidhmiú go héifeachtach. Baineann sé sin an bonn ón gcumas atá acu chun Airteagail 101 agus 102 CFAE a chur i bhfeidhm go héifeachtach, agus an dlí iomaíochta náisiúnta a chur i bhfeidhm i gcomhthráth le hAirteagal 101 CFAE agus hAirteagal 102 CFAE de réir mar is iomchuí. Mar shampla, faoin dlí náisiúnta fágtar a lán ÚINanna gan uirlisí éifeachtacha chun fianaise a aimsiú maidir le sáruithe ar Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 102 CFAE, nó chun fíneáil a fhorchur ar chuideachtaí a bhris an dlí, nó níl acu neamhspleáchas oibríochtúil ná acmhainní leordhóthanacha daonna agus airgeadais chun Airteagail 101 agus 102 CFAE a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Cuireann an méid sin cosc orthu aon ghníomhaíocht a dhéanamh nó cuireann sé iallach orthu a ngníomhaíocht forfheidhmiúcháin a theorannú. Mar gheall ar an easpa uirlisí oibríochtúla agus ráthaíochtaí atá ar a lán ÚINanna chun Airteagail 101 agus 102 CFAE a chur i bhfeidhm go héifeachtach, is amhlaidh gur féidir difear mór a bheith ann maidir leis na torthaí a bhíonn ar na himeachtaí a dhéantar i gcoinne gnóthais atá ag gabháil do chleachtais fhrithiomaíocha ag brath ar na Ballstáit ina bhfuil siad gníomhach: d'fhéadfadh nach mbeidís faoi réir aon ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin faoi Airteagal 101 CFAE nó Airteagal 102 CFAE, nó d'fhéadfadh go mbeidís faoi réir gníomhaíocht neamhéifeachtach forfheidhmiúcháin. Mar shampla, ní gá do ghnóthais i mBallstáit áirithe ach iad féin a athstruchtúrú chun dliteanais i leith fíneálacha a sheachaint. |
|
(6) |
Mar gheall ar fhorfheidhmiú neamh-chomhsheasmhach Airteagail 101 agus 102 CFAE bíodh sé sin ar bhonn aonair nó i gcomhthráth leis an dlí iomaíochta náisiúnta, cailltear deiseanna chun deireadh a chur le bacainní ar dhul isteach sa mhargadh agus chun margaí iomaíocha níos cothroime a chruthú ar fud an Aontais, áit a rachadh gnóthais in iomaíocht le chéile bunaithe ar a mbuanna. Déantar an dochar is mó ina leith sin do ghnóthais agus do thomhaltóirí sna Ballstáit sin inar laige na cumhachtaí atá ag ÚINanna chun bheith ina bhforfheidhmitheoirí éifeachtacha. Ní féidir le gnóthais dul in iomaíocht bunaithe ar a mbuanna féin fad atá tearmainn ann inar féidir cleachtais fhrithiomaíocha a chur i gcrích toisc, mar shampla, nach féidir fianaise a bhailiú ar chleachtais fhrithiomaíocha nó toisc gur féidir le gnóthais dliteanas i leith fíneálacha a sheachaint sna háiteanna sin. Is díspreagadh an méid sin orthu dul isteach i margaí den sórt sin agus chun leas a bhaint as na cearta atá acu chun gnó a bhunú agus earraí agus seirbhísí a sholáthar iontu. Na tomhaltóirí atá lonnaithe i mBallstáit inar lú an forfheidhmiú, cailleann siad na tairbhí a bhaineann le forfheidhmiú éifeachtach iomaíochta. Ar an dóigh sin, de dheasca forfheidhmiú neamh-chomhsheasmhach Airteagail 101 agus 102 CFAE agus an dlí iomaíochta náisiúnta, bíodh sé sin ar bhonn aonair nó i gcomhthráth leis an dlí iomaíochta náisiúnta, fud fad an Aontais, saobhtar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach agus baintear an bonn óna fheidhmiú cuí. |
|
(7) |
Baineann bearnaí agus laigí in uirlisí agus ráthaíochtaí ÚINanna an bonn ón gcóras cumhachtaí comhthráthacha chun Airteagail 101 agus 102 CFAE a fhorfheidhmiú, córas atá ceaptha feidhmiú mar aonad comhtháite atá bunaithe ar dhlúthchomhar laistigh den Ghréasán Eorpach Iomaíochta. Cuid dhílis den chóras sin is ea na húdaráis a bheith in ann brath ar a chéile chun bearta bailithe fíoras a dhéanamh thar ceann a chéile le gur féidir an comhar agus an cúnamh frithpháirteach a chothú i measc na mBallstát. Ní oibríonn an córas sin go maith nuair is ann d'údaráis iomaíochta náisiúnta go fóill nach bhfuil uirlisí leordhóthanacha bailithe fíoras acu. Níl na húdaráis iomaíochta náisiúnta in ann cúnamh frithpháirteach a thabhairt dá chéile i réimsí tábhachtacha eile ach oiread. Mar shampla, is amhlaidh, i bhformhór na mBallstát, go bhfuil gnóthais atá ag oibriú ar bhonn trasteorann in ann fíneálacha a sheachaint ar an mbonn nach bhfuil láithreacht dhlíthiúil acu i gcinn áirithe de chríocha na mBallstát ina bhfuil siad gníomhach. Laghdaíonn sé sin na dreasachtaí atá acu chun Airteagail 101 agus 102 CFAE a chomhlíonadh. An ghníomhaíocht neamhéifeachtach forfheidhmiúcháin a thagann as sin, saobhann sí an iomaíocht do ghnóthais atá géilliúil don dlí agus baineann sí an bonn ón muinín atá ag tomhaltóirí as an margadh inmheánach, go háirithe as an timpeallacht dhigiteach. |
|
(8) |
Ar mhaithe le limistéar comhchoiteann forfheidhmiúcháin iomaíochta a bheith ann dáiríre san Aontas, limistéar ina soláthrófar cothroime iomaíochta níos fearr do ghnóthais atá ag oibriú sa mhargadh inmheánach agus ina laghdófar dálaí míchothroma do thomhaltóirí, is gá ráthaíochtaí bunúsacha maidir le neamhspleáchas agus acmhainní leordhóthanacha airgeadais, daonna, teicniúla agus teicneolaíocha agus íoschumhachtaí forfheidhmiúcháin agus fíneála a thabhairt isteach i leith Airteagail 101 agus 102 CFAE a chur i bhfeidhm agus an dlí iomaíochta náisiúnta a chur i bhfeidhm i gcomhthráth leis na hAirteagail sin ionas go mbeidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin lánéifeachtach. |
|
(9) |
Is iomchuí Airteagail 103 agus 114 CFAE araon a bheith mar bhunús dlí leis an Treoir seo. Is amhlaidh atá toisc go gcumhdaíonn an Treoir seo ní hamháin cur i bhfeidhm Airteagail 101 agus 102 CFAE agus cur i bhfeidhm an dlí iomaíochta náisiúnta i gcomhthráth leis na hAirteagail sin, ach go gcumhdaíonn sí freisin na bearnaí agus na heasnaimh a bhaineann leis na huirlisí agus na ráthaíochtaí atá ag ÚINanna chun Airteagail 101 agus 102 CFAE a chur i bhfeidhm, rud a dhéanann dochar don iomaíocht agus do dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh araon. |
|
(10) |
Ráthaíochtaí bunúsacha a thabhairt isteach chun a áirithiú go gcuirfidh ÚINanna Airteagail 101 agus 102 CFAE i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus go héifeachtach, ní dochar an méid sin don chumas atá ag na Ballstáit chun ráthaíochtaí níos fairsinge maidir le neamhspleáchas agus acmhainní a choinneáil nó a thabhairt isteach le haghaidh údaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin agus chun rialacha níos mionsonraithe a choinneáil nó a thabhairt isteach maidir le cumhachtaí forfheidhmiúcháin agus fíneála na n-údarás iomaíochta náisiúnta sin. Go háirithe, féadfaidh na Ballstáit cumhachtaí breise, nach gcuimsítear sa tacar bunaidh cumhachtaí dá bhforáiltear sa Treoir seo, a thabhairt do ÚINanna chun a n-éifeachtacht a threisiú a thuilleadh, amhail cumhachtaí chun fíneálacha a fhorchur ar dhaoine nádúrtha nó mar eisceacht air sin an chumhacht chun iniúchtaí a dhéanamh le toiliú na ndaoine sin atá faoi réir iniúchta. |
|
(11) |
Os a choinne sin, tá rialacha mionsonraithe ag teastáil i réimse na gcoinníollacha maidir le trócaire a dheonú do chairtéil rúnda. Ní dhéanfaidh cuideachtaí an fhírinne lom ar na cairtéil rúnda ina raibh siad páirteach ach amháin i gcás ina bhfuil deimhneacht dhlíthiúil dhóthanach acu maidir le cé acu a dheonófar nó nach ndeonófar díolúine ó fhíneálacha dóibh. Mar gheall ar na difríochtaí suntasacha atá ann i measc na gclár trócaire is infheidhme sna Ballstáit, cruthaítear éiginnteacht dhlíthiúil d'iarratasóirí féideartha ar thrócaire agus d'fhéadfadh sé go lagófaí na dreasachtaí atá acu chun iarratas a dhéanamh ar thrócaire dá bharr sin. Dá bhféadfadh na Ballstáit rialacha trócaire níos soiléire agus níos comhchuibhithe a chur chun feidhme nó a chur i bhfeidhm sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo, ní hé amháin go gcuirfeadh sé sin leis an gcuspóir atá ann chun na dreasachtaí d'iarratasóirí cairtéil rúnda a nochtadh a choinneáil ar mhaithe le forfheidhmiú iomaíochta san Aontas a dhéanamh chomh héifeachtach is féidir, ach dhéanfadh sé an chothroime iomaíochta a rathú do ghnóthais atá ag oibriú sa mhargadh inmheánach freisin. Níor cheart an méid sin cosc a chur ar na Ballstáit cláir thrócaire a chur i bhfeidhm, lena gcumhdaítear ní hamháin cairtéil rúnda ach, ina theannta sin, sáruithe eile ar Airteagal 101 CFAE agus forálacha coibhéiseacha an dlí iomaíochta náisiúnta, nó iarratais ar thrócaire a ghlacadh ó dhaoine nádúrtha faoina n-ainm féin. Ina theannta sin, ní dochar an Treoir seo do chláir thrócaire nach ndéantar foráil iontu ach do dhíolúine ó smachtbhannaí in imeachtaí breithiúnacha coiriúla maidir le forfheidhmiú Airteagal 101 CFAE. |
|
(12) |
Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le dlíthe náisiúnta sa mhéid go bhforáiltear iontu maidir le smachtbhannaí coiriúla a fhorchur ar dhaoine nádúrtha, cé is moite de na rialacha lena rialaítear an t-idirghníomhú idir cláir trócaire agus forchur smachtbhannaí ar dhaoine nádúrtha. Níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ach an oiread maidir le dlíthe náisiúnta lena bhforáiltear do smachtbhannaí riaracháin a fhorchur ar dhaoine nádúrtha nach n-oibríonn i margadh mar ghníomhaí eacnamaíoch neamhspleách. |
|
(13) |
De bhun Airteagal 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 féadfaidh na Ballstáit forfheidhmiú Airteagail 101 agus 102 CFAE a chur de chúram ar údarás iomaíochta riaracháin amháin, mar is amhlaidh i gcás fhormhór na ndlínsí, nó féadfaidh siad é sin a chur de chúram ar na húdaráis bhreithiúnacha agus ar na húdaráis riaracháin. Sa chás deireanach sin, is é an t-údarás riaracháin atá freagrach go príomha, ar a laghad, as an imscrúdú a dhéanamh agus is gnách go dtabharfar de chumhacht don údarás breithiúnach cinntí a dhéanamh maidir le fíneálacha a fhorchur agus d'fhéadfadh a bheith de chumhacht aige cinntí eile a dhéanamh, amhail go ndearnadh sárú ar Airteagail 101 agus 102 CFAE. |
|
(14) |
Ba cheart feidhmiú na gcumhachtaí, lena n-áirítear na cumhachtaí imscrúdaitheacha, a thugtar trí bhíthin na Treorach seo do ÚINanna a bheith faoi réir coimircí cuí a chomhlíonann ar a laghad caighdeáin phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, go háirithe i gcomhthéacs na nósanna imeachta a d'fhéadfadh a bheith ina gcionsiocair le forchur pionós. Áirítear ar na coimircí sin an ceart chun dea-riaracháin agus chun cosanta atá ag gnóthais a urramú, rud a bhfuil an ceart chun éisteacht a fháil ina ghné riachtanach de. Go háirithe, ba cheart do ÚINanna fógra a thabhairt do na páirtithe atá á n-imscrúdú faoi na réamhagóidí a rinneadh ina n-aghaidh faoi Airteagal 101 CFAE nó Airteagal 102 CFAE i ráiteas agóidí nó i mbeart comhchosúil sula ndéanfaidh siad cinneadh go raibh sárú ann agus ba cheart deis a thabhairt do na páirtithe lena mbaineann chun a dtuairimí ar na hagóidí sin a chur in iúl go soiléir sula ndéanfar aon chinneadh den sórt sin. Páirtithe ar tugadh fógra dóibh faoi réamhagóidí maidir le sárú líomhnaithe ar Airteagal 101 CFAE nó Airteagal 102 CFAE, ba cheart an ceart a bheith acu chun rochtain a fháil ar an gcáschomhad ábhartha de chuid ÚINanna ionas gur féidir leo leas éifeachtach a bhaint as na cearta cosanta atá acu. Tá an ceart rochtana ar an gcomhad faoi réir an leasa dhlisteanaigh atá ag gnóthais a rúin ghnó a chosaint agus ní chumhdaíonn sé faisnéis rúnda agus doiciméid inmheánacha de chuid ÚINanna ná an Choimisiúin ná comhfhreagras idir na húdaráis iomaíochta náisiúnta agus an Coimisiún. Thairis sin, i gcás cinntí ÚINanna, go háirithe na cinntí lena gcinntear go ndearnadh sárú ar Airteagal 101 CFAE nó Airteagal 102 CFAE, agus lena ndéantar leigheasanna nó fíneálacha a fhorchur, ba cheart an ceart a bheith ag na seolaithe chun leigheas éifeachtach os comhair binse, i gcomhréir le hAirteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ba cheart cinntí den sórt sin ó ÚINanna a bheith réasúnaithe ionas go mbeidh na seolaithe ar a bhfuil na cinntí sin dírithe in ann na cúiseanna leis an gcinneadh a thuiscint agus leas a bhaint as an gceart atá acu chun leigheas éifeachtach a fháil. Thairis sin, i gcomhréir leis an gceart chun dea-riaracháin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, agus Airteagail 101 agus 102 CFAE á gcur i bhfeidhm acu, go seolann ÚINanna imeachtaí laistigh de thréimhse ama réasúnach, ina gcuirtear san áireamh sainiúlachtaí gach cáis. Ba cheart na cosaintí sin a bheith ceaptha ar bhealach ina mbaintear cothromaíocht amach idir cearta bunúsacha na ngnóthas a urramú agus an dualgas chun a áirithiú go bhforfheidhmeofar Airteagail 101 agus 102 CFAE go héifeachtach. |
|
(15) |
Ba cheart malartú faisnéise idir ÚINanna agus úsáid na faisnéise sin i bhfianaise maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101 CFAE nó Airteagal 102 CFAE a dhéanamh de bhun Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003. |
|
(16) |
Gné riachtanach de chur i bhfeidhm éifeachtach aonfhoirmeach na rialacha iomaíochta an Aontais is ea cumhacht a thabhairt d'údaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin chun Airteagail 101 agus 102 CFAE a chur i bhfeidhm go neamhchlaonta agus ar mhaithe le forfheidhmiú éifeachtach na rialacha. |
|
(17) |
Ba cheart neamhspleáchas oibríochtúil údarás iomaíochta náisiúnta riaracháin a neartú chun cur i bhfeidhm éifeachtach aonfhoirmeach Airteagail 101 agus 102 CFAE a áirithiú. Chuige sin, ba cheart foráil shainráite a dhéanamh sa dlí náisiúnta chun a áirithiú go gcosnófar údaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin, le linn dóibh Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm, ar idirghabháil sheachtrach nó brú polaitiúil ar dóigh dó measúnú neamhspleách na n-údarás ar ábhair a thagann os a gcomhair a chur i mbaol. Chun na críche sin, ba cheart na forais a leagan síos roimh ré sa dlí náisiúnta i dtaca leo siúd a dhífhostú as an údarás iomaíochta náisiúnta, a mbíonn cinntí á ndéanamh acu agus na cumhachtaí á bhfeidhmiú acu dá dtagraítear in Airteagail 10, 11, 12, 13 agus 16 den Treoir seo, chun deireadh a chur le haon amhras réasúnta atá ann maidir le neamhchlaontacht an údaráis agus maidir leis an údarás a bheith beag beann ar thosca seachtracha. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart rialacha agus nósanna imeachta soiléire trédhearcacha maidir le roghnú, earcú nó ceapachán na ndaoine sin a leagan síos roimh ré sa dlí náisiúnta. Thairis sin, chun go mbeidh neamhchlaontacht na n-údarás iomaíochta náisiúnta riaracháin ina bonn taca, níor cheart úsáid a bhaint as na fíneálacha a fhorchuirfear maidir leis na sáruithe ar Airteagail agus 102 CFAE chun ÚINanna a mhaoiniú go díreach. |
|
(18) |
Chun neamhspleáchas oibríochtúil na n-údarás iomaíochta náisiúnta riaracháin a áirithiú, ba cheart dá gcinn feidhme, dá bhfoireann agus dóibh siúd a dhéanann cinntí gníomhú go hionraic agus staonadh ó aon ghníomhaíocht nach luíonn le feidhmiú a ndualgas. Ionas gur féidir cosc a chur ar aon bhaol do neamhspleáchas an mheasúnaithe a dhéanfaidh cinn, foireann agus iad siúd a dhéanann cinntí, ba cheart dóibh, le linn a dtréimhse fostaíochta nó a dtéarma oifige agus ar feadh achar réasúnta ina dhiaidh sin, staonadh ó aon ghairm neamhoiriúnach, bíodh an ghairm sin sochrach nó ná bíodh. |
|
(19) |
Is éard is ciallaíonn sin le linn a dtréimhse fostaíochta nó a dtéarma oifige, nár cheart go mbeadh an fhoireann ná iad siúd a dhéanann cinntí in ann a bheith ag plé leis na himeachtaí forfheidhmithe Airteagal 101 CFAE nó Airteagal 102 CFAE a raibh siad féin gafa iontu nó ina bhfuil baint dhíreach ag na himeachtaí sin leis na gnóthais nó le comhlachais gnóthas a rinne iad a fhostú nó ina bhfuil siad gafa leo go gairmiúil ar dhóigh eile a mhéid a d'fhéadfadh sé sin cur as do neamhchlaontacht cáis shonraigh. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart aon leas a bheith ag an bhfoireann ná acu siúd a dhéanann cinntí ná ag a ngarghaolta in aon ghnólachtaí nó eagraíochtaí atá faoi réir imeachtaí forfheidhmithe Airteagal 101 CFAE nó Airteagal 102 CFAE a mbeidh siad rannpháirteach iontu a mhéid a d'fhéadfadh sé sin cur as dá neamhchlaontacht i gcás sonrach. Sa mheasúnú cibé an mbeidh a neamhchlaontacht lagaithe, ba cheart go gcuirfí san áireamh i ngach cás, cineál agus méid an leasa agus leibhéal na rannpháirtíochta den duine aonair lena mbaineann. I gcás inar gá neamhchlaontacht an imscrúdaithe agus an phróisis cinnteoireachta a áirithiú, ba cheart don duine aonair lena mbaineann é féin/í féin a scaoileadh ón gcás sonrach. |
|
(20) |
Ciallaíonn sé sin freisin ar feadh achar réasúnta tar éis dóibh an t-údarás iomaíochta náisiúnta riaracháin a fhágáil, cibé uair a bhíonn iarfhoireann nó iad siúd a rinne cinntí gafa le gairm a bhaineann leis na himeachtaí maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101 CFAE nó Airteagal 102 CFAE lena raibh siad ag plé le linn a dtéarma fostaíochta nó le linn a dtéarma oifige, níor cheart go mbeidís rannpháirteach sa chás céanna sa ghairm nua a bheidh acu. Féadfar fad na tréimhse sin a chinneadh ina gcuirfear san áireamh cineál na gairme nua de na daoine aonair lena mbaineann mar aon lena leibhéal rannpháirtíochta agus freagrachta sna himeachtaí sin le linn a dtréimhse fostaíochta nó a dtéarma oifige san údarás iomaíochta náisiúnta riaracháin. |
|
(21) |
Ba cheart do gach údarás iomaíochta náisiúnta riaracháin cód iompair a fhoilsiú, gan dochar do rialacha náisiúnta níos déine a chur i bhfeidhm, ina gcumhdaítear rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa. |
|
(22) |
Ní choisceann neamhspleáchas oibríochtúil údarás iomaíochta náisiúnta riaracháin athbhreithniú breithiúnach ná maoirseacht pharlaiminteach i gcomhréir le dlíthe na mBallstát. Cuireann ceanglais chuntasachta le creidiúnacht agus dlisteanacht gníomhaíochtaí údarás iomaíochta náisiúnta riaracháin a áirithiú freisin. Sampla de cheanglas cuntasachta comhréireach is ea tuarascálacha tréimhsiúla maidir lena ngníomhaíochtaí a bheith á bhfoilsiú ag údaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin do chomhlacht rialtais nó parlaiminteach. Féadfar údaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin a chur faoi réir rialú nó faireachán maidir lena gcaiteachas airgeadais freisin, ar an gcoinníoll nach ndéanfaidh sé sin difear dá neamhspleáchas. |
|
(23) |
Ba cheart d'údaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin a bheith in ann tosaíocht a thabhairt dá n-imeachtaí i leith fhorfheidhmiú Airteagail 101 agus 102 CFAE ionas go mbeidh siad in ann úsáid éifeachtach a bhaint as a n-acmhainní agus ionas go gcumasófar dóibh díriú ar iompraíocht fhrithiomaíoch a shaobhann an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a chosc agus ar agus deireadh a chur le hiompraíocht den sórt sin. Chuige sin, ba cheart dóibh a bheith in ann gearáin a dhiúltú ar na forais nach saincheisteanna tosaíochta iad, cé is moite de na cinn sin arna dtaisceadh ag na húdaráis phoiblí, ina ndéantar inniúlacht maidir le forfheidhmiú Airteagail 101 agus 102 CFAE agus dlí iomaíochta náisiúnta a roinnt le húdarás iomaíochta náisiúnta riaracháin i gcás inar iomchuí. Ba cheart an méid sin a dhéanamh gan dochar don chumhacht atá ag údaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin chun gearáin a dhiúltú ar fhorais eile, amhail an easpa inniúlachta, nó chun a chinneadh nach bhfuil aon fhorais ann le gníomhaíocht ar a dtaobh féin. I gcásanna gearáin a chuirtear isteach go foirmiúil, bheadh diúltú den sórt sin faoi réir na leigheasanna éifeachtacha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ní dhéanfaidh an chumhacht atá ag údaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin chun tosaíocht a thabhairt dá n-imeachtaí forfheidhmiúcháin dochar don cheart atá ag rialtas Ballstáit chun rialacha nó treoirlínte beartais ghinearálta nó tosaíochta a eisiúint chuig na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin nuair is treoirlínte iad nach mbaineann le fiosrúcháin earnála ná le himeachtaí sonracha i leith fhorfheidhmiú Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 102 CFAE. |
|
(24) |
Ba cheart do na húdaráis iomaíochta náisiúnta na hacmhainní leordhóthanacha, ó thaobh foireann cháilithe atá in ann na measúnaithe dlí agus eacnamaíocha a dhéanamh, acmhainní airgeadais, saineolas agus trealamh teicniúil agus teicneolaíoch lena n-áirítear uirlisí teicneolaíochta faisnéise leordhóthanacha a bheith acu chun a áirithiú gur féidir leo a gcúraimí a fheidhmiú go héifeachtach le linn dóibh Airteagail 101 agus 102 CFAE a chur i bhfeidhm. I gcás ina leathnófar a ndualgais agus a gcumhachtaí faoin dlí náisiúnta, ba cheart acmhainní leordhóthanacha a bheith acu go fóill chun na cúraimí sin a fheidhmiú. |
|
(25) |
Ba cheart go gcuirfí le neamhspleáchas ÚINanna trína chumasú dóibh caiteachas na leithdháiltí buiséid a chinnidh go neamhspleách chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh, gan dochar do na rialacha agus nósanna imeachta buiséadacha náisiúnta. |
|
(26) |
Chun a áirithiú go bhfuil na hacmhainní riachtanacha ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh, d'fhéadfaí modhanna éagsúla maoinithe a mheas, amhail maoiniú ó fhoinsí malartacha seachas ó bhuiséad an stáit. |
|
(27) |
Ionas gur féidir faireachán éifeachtach ar chur chun feidhme na Treorach seo a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin tuarascálacha tréimhsiúla maidir lena ngníomhaíochtaí agus lena n-acmhainní a chur faoi bhráid comhlacht rialtais nó parlaiminteach. Ba cheart go n-aireofaí sna tuarascálacha sin faisnéis faoi chomhaltaí den chomhlacht cinnteoireachta a ceapadh agus a dífhostaíodh, an méid acmhainní a leithdháileadh sa bhliain ábhartha agus aon athrú sa mhéid sin le hais na mblianta roimhe sin. Ba cheart tuarascálacha den sórt sin a chur ar fáil go poiblí. |
|
(28) |
Teastaíonn ó ÚINanna sraith íosta cumhachtaí imscrúdaitheacha agus cinnteoireachta comhchoiteanna ionas gur féidir leo Airteagail 101 agus 102 CFAE a chur i bhfeidhm go héifeachtach. |
|
(29) |
Ba cheart cumhachtaí éifeachtacha imscrúdaithe a thabhairt d'údaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin ionas gur féidir leo aon chomhaontú, aon chinneadh nó aon chleachtas comhbheartaithe a thoirmisctear le hAirteagal 101 CFAE nó aon mhí-úsáid ceannasachta a thoirmisctear le hAirteagal 102 CFAE a bhrath ag aon chéim de na himeachtaí atá os a gcomhair. Ba cheart ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin feidhm a bheith ag na cumhachtaí sin maidir le gnóthais agus le comhlachais ghnóthas is ábhar d'imeachtaí i leith chur i bhfeidhm Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 102 CFAE, mar aon le rannpháirtithe eile margaidh a bhféadfadh faisnéis a bheith acu a bhainfeadh le himeachtaí den sórt sin. Ba cheart go n-áiritheofaí leis na cumhachtaí éifeachtacha imscrúdaitheacha sin do gach údaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin go bhfuil gach ceann de na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin sin in ann cúnamh a thabhairt dá chéile nuair a iarrtar orthu iniúchadh nó aon bheart bailithe fíoras a dhéanamh ar a gcríoch féin mar gheall ar ÚIN eile agus thar a cheann de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003. |
|
(30) |
Is gá go leor cumhachtaí imscrúdaitheacha a bheith ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin chun dúshláin forfheidhmiúcháin na timpeallachta digití a sheasamh agus ba cheart iad a úsáid chun cumasú do na ÚINanna gach faisnéis a bhaineann le gnóthas nó comhlachas gnóthas is ábhar don bheart imscrúdaitheach a fháil i bhfoirm dhigiteach, lena n-áirítear sonraí a fhaightear trí mhodhanna fóiréinseacha, beag beann ar an meán ina bhfuil an fhaisnéis stóráilte, amhail ríomhairí glúine, fóin phóca, gléasanna móibíleacha agus néalstóráil. |
|
(31) |
Ba cheart do na húdaráis iomaíochta náisiúnta a bheith in ann na hiniúchtaí riachtanacha uile a dhéanamh ar áitribh gnóthas agus comhlachas gnóthas, i gcás ina bhfuil siad i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus i gcás ina bhfuil forais réasúnta ar a laghad ann lena mheas go ndearnadh sárú ar Airteagal 101 CFAE nó 102 CFAE. Ní chuireann an Treoir seo cosc ar na Ballstáit údarú a éileamh roimh ré ó údarás náisiúnta breithiúnach maidir le hiniúchtaí den sórt sin. |
|
(32) |
Ionas go mbeidh siad éifeachtach, leis an gcumhacht atá acu chun iniúchtaí a dhéanamh, ba cheart do na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin a bheith in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis a bhfuil rochtain ag an ngnóthas nó ag an gcomhlachas gnóthas nó ag an duine is ábhar don iniúchadh uirthi i gcás ina mbaineann an fhaisnéis sin leis an ngnóthas atá á imscrúdú. Áirítear mar riachtanas air sin an chumhacht chun doiciméid, comhaid nó sonraí i dtaobh feistí a chuardach, ar nithe iad nach ndearnadh a shainaithint go beacht roimh ré. Gan an chumhacht sin, bheadh sé dodhéanta an fhaisnéis is gá a fháil don iniúchadh dá mba rud é go mbeadh meon constaiceach ag gnóthais nó dá ndiúltóidís comhoibriú. Leis an gcumhacht chun scrúdú a dhéanamh ar leabhair nó ar thaifid, cumhdaítear gach comhfhreagras, amhail teachtaireachtaí leictreonacha, beag beann ar cé acu a léadh nó a scriosadh iad. |
|
(33) |
Ar mhaithe le fadú neamhriachtanach ar iniúchtaí a sheachaint, ba cheart cumhacht a thabhairt do na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin leanúint de chuardach a dhéanamh in áitribh an údaráis nó in áitribh ainmnithe eile agus cóipeanna nó sleachta de leabhair agus taifid a roghnú a bhaineann le gnó an ghnóthais nó an chomhlachais ghnóthas atá á iniúchadh. Ba cheart a áirithiú sna cuardaigh sin go leanfaí d'urraim chuí a thabhairt do chearta cosanta na ngnóthas. |
|
(34) |
Is léir ón taithí atá faighte go dtí seo go bhféadfadh go mbeadh taifid ghnó á gcoinneáil i dtithe stiúrthóirí, bainisteoirí agus ball foirne eile de ghnóthais agus de chomhlachais gnóthas, go háirithe mar gheall ar an méadú ar úsáid socruithe solúbtha oibre. Chun a áirithiú go mbeidh na hiniúchtaí éifeachtach, ba cheart an chumhacht a thabhairt do na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin chun dul isteach in aon áitreabh, lena n-áirítear tithe príobháideacha, i gcás inar féidir a léiriú go bhfuil amhras réasúnta ann go bhfuil taifid ghnó á gcoinneáil sna háitribh sin a d'fhéadfadh a bheith ábhartha maidir lena chruthú go ndearnadh sárú ar Airteagal 101 CFAE nó ar Airteagal 102. Ba cheart feidhmiú na cumhachta sin a bheith faoi réir údarú a bheith faighte ag údarás iomaíochta náisiúnta riaracháin ó údarás náisiúnta breithiúnach, lena bhféadfadh ionchúisitheoir poiblí i gcórais náisiúnta dlí áirithe a bheith san áireamh. Níor cheart an méid sin cosc a chur ar na Ballstáit i gcásanna fíorphráinne cúraimí údaráis náisiúnta bhreithiúnaigh a thabhairt d'údarás iomaíochta náisiúnta riaracháin atá ag gníomhú i gcáil údarás breithiúnach nó, mar eisceacht, an chumhacht a thabhairt iniúchtaí den sórt sin a dhéanamh le toiliú na ndaoine is ábhar don iniúchadh. D'fhéadfadh údarás iomaíochta náisiúnta riaracháin ann na hiniúchtaí sin a dhéanamh a chur de chúram ar na póilíní nó ar údarás feidhmiúcháin coibhéiseach, ar choinníoll go ndéantar an t-iniúchadh i láthair an údaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin. Níor cheart gur dhochar an méid sin do cheart an údaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin an t-iniúchadh a dhéanamh é féin agus cúnamh riachtanach a fháil ó na póilíní nó ó ghníomhaireacht feidhmiúcháin choibhéiseach, lena n-áirítear mar bheart réamhchúraim, i gcás ina mbeadh sé i gceist acu siúd is ábhar don iniúchadh cur ina choinne. |
|
(35) |
Ba cheart do ÚINanna cumhachtaí éifeachtacha a bheith acu chun a cheangal ar ghnóthais nó ar chomhlachais gnóthas an fhaisnéis is gá a chur ar fáil chun sáruithe ar Airteagail 101 agus 102 CFAE a bhrath. Chuige sin, ba cheart do ÚINanna a bheith in ann a chur de cheangal go ndéanfaí faisnéis a nochtadh a d'fhéadfadh a chur ar a gcumas imscrúdú a dhéanamh ar na sáruithe toimhdean. Ba cheart a áireamh air sin, an ceart chun faisnéis a éileamh i bhfoirm dhigiteach ar bith, lena n-airítear ríomhphoist agus teachtaireachtaí córais teachtaireachtaí meandracha, beag beann ar an áit a bhfuil sí stóráilte, lena n-áirítear i néalta agus ar fhreastalaithe, ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis sin le fáil ag an ngnóthas nó comhlachas gnóthas arb é an seolaí é a bhfuil an iarraidh ar fhaisnéis dírithe air. Níor cheart go mbeadh oibleagáid ar ghnóthas de bharr an chirt sin, ar oibleagáid í atá díréireach le ceanglais an imscrúdaithe; ní bheidh costais ná iarrachtaí iomarcacha á dtabhú ag an ngnóthas dá bharr, mar shampla. D'ainneoin go bhfuil an ceart chun faisnéis a éileamh ríthábhachtach chun sáruithe a bhrath, ba cheart gurbh iomchuí raon feidhme na n-iarrataí sin. Níor cheart do na hiarrataí sin a chur faoi deara do ghnóthas chun a admháil go ndearna sé sárú, arb é an cúram atá ar ÚINanna lena chruthú. Níor cheart gur dhochar an méid sin d'oibleagáidí gnóthas ceisteanna fíorasacha a fhreagairt agus doiciméid a chur ar fáil. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart go mbeadh uirlisí éifeachtacha ag ÚINanna chun a chur de cheangal ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach faisnéis a chur ar fáil a d'fhéadfadh a bheith ábhartha i leith chur i bhfeidhm na n-Airteagal 101 agus 102 CFAE. Ba cheart é a bheith de shaoirse ag na Ballstáit foráil a dhéanamh do rialacha nós imeachta i dtaca le hiarrachtaí den sórt sin ar fhaisnéis, amhail an fhoirm dlí a bheidh iontu, ar choinníoll gur féidir, de bhíthin na rialacha sin, úsáid éifeachtach a bhaint as an uirlis sin. Ina theannta sin, is léir ón taithí atá faighte go dtí seo gur féidir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear ar bhonn deonach, mar fhreagairt ar iarrataí ar fhaisnéis neamhéigeantach, a bheith ina foinse luachmhar i gcomhar forfheidhmiú eolach láidir. Ar an gcaoi chéanna, féadfaidh soláthar faisnéise ag tríú páirtithe sa mhargadh, amhail iomaitheoirí, custaiméirí agus tomhaltóirí, ar a dtionscnamh féin cur le forfheidhmiú éifeachtach agus ba cheart do ÚINanna é sin a chothú. |
|
(36) |
Is léir ón taithí atá faighte go dtí seo gur uirlis fhónta é an chumhacht chun agallaimh a dhéanamh le fianaise a bhailiú agus cuidiú leis na húdaráis iomaíochta measúnú a dhéanamh ar luach na fianaise a bailíodh cheana féin. Ba cheart modhanna éifeachtacha a bheith ag ÚINanna chun aon ionadaí thar ceann gnóthais nó comhlachas gnóthas nó daoine dlítheanacha eile agus aon duine nádúrtha a ghairm chuig agallamh, a bhféadfadh faisnéis a bheith acu a bheadh ábhartha i leith chur i bhfeidhm Airteagal CFAE 101 agus Airteagal 102 CFAE. Ba cheart é a bheith de shaoirse ag na Ballstáit foráil a dhéanamh do rialacha lena rialaítear an chaoi a ndéantar na hagallaimh sin, ar choinníoll gur féidir, de bhíthin na rialacha sin, úsáid éifeachtach a bhaint as an uirlis sin. |
|
(37) |
Is riachtanach do ÚINanna a bheith in ann a chur de cheangal ar ghnóthais agus ar chomhlachais gnóthas deireadh a chur le sárú ar Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 102 CFAE, lena n-áirítear i gcás ina leantar den sárú tar éis d'imeachtaí ÚINanna a thionscnamh go foirmiúil. Thairis sin, ba cheart modhanna éifeachtacha a bheith ag ÚINanna chun an iomaíocht a athbhúnú sa mhargadh trí leigheasanna struchtúracha agus iompraíochta a fhorchur atá comhréireach leis an sárú a rinneadh agus atá riachtanach le gur féidir deireadh a chur leis an sárú. Ceanglaítear le prionsabal na comhréireachta, i gcás ina bhfuil rogha le déanamh idir dhá leigheas atá chomh héifeachtach céanna, ba cheart do ÚINanna an leigheas is lú anró don ghnóthas a roghnú. Déanann leigheasanna struchtúracha, amhail oibleagáidí chun fáil réidh le scairsheilbh iomaitheora nó chun an t-aonad gnó a dhídhílsiú, difear do shócmhainní gnóthais agus d'fhéadfaí a mheas go bhfuil ualach níos troime i gceist leo don ghnóthas. Ina dhiaidh sin féin, níor cheart go gcuirfí cosc mar gheall air sin ar ÚINanna a fhionnadh in imthosca sáraithe shonraigh ina bhfuil bonn cirt le sárú ar leith ann cinneadh a dhéanamh go bhfuil bonn cirt le leigheas struchtúrtha a fhorchur ós rud é gurbh éifeachtaí a bheadh sé ó thaobh deireadh a chur leis an sárú ná mar a bheadh leigheas iompraíochta. |
|
(38) |
Uirlis thábhachtach is ea na bearta eatramhacha lena áirithiú, fad atá imscrúdú ar bun, nach ndéanann an sárú atá á imscrúdú dochar doleasaithe tromchúiseach don iomaíocht. Tá an uirlis sin tábhachtach chun forbairtí sa mhargadh a sheachaint, ar forbairtí iad a fhágfadh gur deacair iad a chur ina gceart le haon chinneadh a dhéanfaidh ÚIN ag deireadh na n-imeachtaí. Ba cheart a bheith de chumhacht ag ÚINanna mar sin bearta eatramhacha a fhorchur trí bhíthin cinnidh. Ar a laghad, ba cheart feidhm a bheith ag an gcumhacht sin i gcásanna ina ndéanann ÚIN cinneadh prima facie go ndearnadh sárú ar Airteagal 101 CFAE agus 102 CFAE agus i gcás a bhfuil baol ann go ndéanfaí dochar tromchúiseach doleigheasta don iomaíocht. Tá de chead ag na Ballstáit cumhachtaí níos leithne a thabhairt do ÚINanna chun bearta eatramhacha a fhorchur. Níor cheart do chinneadh lena bhforchuirtear bearta eatramhacha a bheith bailí ach amháin ar feadh tréimhse sonraithe, cibé acu go dtí go gcuirfidh ÚIN deireadh leis na himeachtaí, nó ar feadh tréimhse ama shocraithe gur féidir a athnuachan a mhéid is gá agus is iomchuí. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir dlíthiúlacht, lena n-áirítear comhréireacht, na mbeart sin a athbhreithniú i nósanna imeachta brostaithe achomhairc nó i nósanna imeachta eile lena ndéantar foráil freisin do rialú brostaithe breithiúnach. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit dálaí a chruthú le go mbeifear in ann a áirithiú gur féidir ÚINanna úsáid a bhaint as na bearta eatramhacha go praiticiúil. Is gá go gcuirfí ar chumas na n-údarás iomaíochta uile chun bheith ag plé le forbairtí i margaí broidiúla agus dá bhrí sin, a marana a dhéanamh laistigh den Ghréasán Eorpach Iomaíochta maidir leis an úsáid a bhaintear as na bearta eatramhacha agus an taithí sin a chur san áireamh in aon bheart bog ábhartha nó in aon athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar an Treoir seo. |
|
(39) |
Más rud é, le linn imeachtaí a bhféadfadh sé go dtoirmiscfí comhaontú nó cleachtas dá mbarr, go dtairgeann gnóthais nó comhlachais gnóthas do ÚINanna gealltanais a mhaolaíonn ábhair imní na n-údarás sin, ba cheart do na húdaráis sin bheith in ann cinntí a ghlacadh lena ndéantar na gealltanais sin ceangailteach ar na gnóthais lena mbaineann agus lena ndéantar iad in-fhorfheidhmithe ina n-aghaidh. I bprionsabal, níl cinntí gealltanais den sórt sin iomchuí i gcás na gcairtéal rúnda, ar cheart gurb iad na ÚINanna a dhéanfadh fíneálacha a fhorchur ina leith. Ba cheart a leagan síos i gcinntí gealltanais nach bhfuil aon fhorais ann a thuilleadh le gníomhaíocht ag ÚINanna, gan conclúid a bhaint cé acu a bhí nó nach raibh sárú ar Airteagal 101 nó 102 CFAE ann. Ba cheart a bheith de rogha ag ÚINanna cé acu an nglacfaidh nó nach nglacfaidh siad gealltanais. Ní dhéanfaidh cinntí gealltanais dochar do na cumhachtaí atá ag údaráis iomaíochta agus cúirteanna na mBallstát chun a chinneadh go raibh sárú ann agus chun cinneadh a dhéanamh ar an gcás. Thairis sin, tá sé cruthaithe gur uirlisí éifeachtachta do na húdaráis iomaíochta iad modhanna éifeachta le faireachán a dhéanamh go bhfuil na gealltanais á gcomhlíonadh ag gnóthais agus smachtbhannaí a fhorchur i gcásanna neamhchomhlíonta. I gcásanna ina bhfuil athrú ábhartha ar aon cheann de na fíorais ar a bhfuil an cinneadh bunaithe, nó i gcás ina ngníomhaíonn an gnóthas ar neamhréir lena ghealltanais, nó i gcás ina raibh cinneadh bunaithe ar fhaisnéis a chuir páirtithe ar fáil, ar faisnéis í a bhí neamhiomlán, mícheart nó míthreorach, ba cheart modhanna éifeachta a bheith ag ÚINanna chun imeachtaí a athoscailt. |
|
(40) |
Chun forfheidhmiú éifeachtach aonfhoirmeach Airteagail 101 agus 102 CFAE a áirithiú, ba cheart do na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin an chumhacht a bheith acu chun fíneálacha éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur ar ghnóthais agus ar chomhlachais gnóthas i leith sáruithe ar Airteagal 101 nó 102 CFAE ina n-imeachtaí féin, go háirithe in imeachtaí riaracháin, ar choinníoll go mbeifear in ann, de bhíthin na n-imeachtaí náisiúnta sin, fíneálacha éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur, nó fíneálacha a fhorchur in imeachtaí breithiúnacha neamhchóiriúla. Ní dhéanfaidh sé sin dochar do dhlíthe náisiúnta lena bhforáiltear go bhféadfaidh na cúirteanna smachtbhannaí a fhorchur ar ghnóthais agus ar chomhlachais gnóthas in imeachtaí breithiúnacha i leith sárú ar Airteagail 101 agus 102 CFAE i gcás inar cion cóiriúil an sárú sin faoin dlí náisiúnta agus ar choinníoll nach mbíonn tionchar aige ar fhorfheidhmiú éifeachtach agus aonfhoirmeanch Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 102 CFAE. |
|
(41) |
Chun a áirithiú go ndéanfaí gnóthais agus comhlachais gnóthas a dhreasú na bearta imscrúdaitheacha agus cinnteoireachta atá ag ÚINanna a chomhlíonadh, ní mór do na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin a bheith in ann fíneálacha éifeachtacha a fhorchur i leith neamhchomhlíonadh na mbeart agus na gcinntí dá dtagraítear in Airteagail 6, 8, 9, 10, 11 agus 12, ina n-imeachtaí féin agus ní mór dóibh a bheith in ann féachaint le fíneálacha a fhorchur in imeachtaí breithiúnacha neamhchóiriúla. Ní dhéanfaidh sé sin dochar do dhlí náisiúnta lena bhforáiltear go bhféadfaidh na cúirteanna fíneálacha den sórt sin a fhorchur ar ghnóthais agus ar chomhlachais gnóthas in imeachtaí breithiúnacha coiriúla. |
|
(42) |
I gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, in imeachtaí os comhair údarás iomaíochta náisiúnta riaracháin nó, de réir mar a bheidh, ba cheart fíneálacha a fhorchur in imeachtaí náisiúnta breithiúnacha neamhchóiriúla, i gcás ina ndearnadh sárú d'aon ghnó nó le faillí. Ba cheart coincheapa i dtaobh rúin agus faillí a fhormhíniú i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 101 agus 102 CFAE sna himeachtaí a reáchtálann na húdaráis chóiriúla maidir le hábhair chóiriúla. Ní dochar an méid sin do na dlíthe náisiúnta ar dá réir a bhunófar go raibh sárú ann ar chritéir an dliteanais oibiachtúil ar choinníoll go bhfuil sé i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Thairis sin, ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do na rialacha náisiúnta maidir le caighdeán an chruthúnais ná d'oibleagáidí ÚINanna fíorais an cháis ábhartha a fháil amach, ar choinníoll go bhfuil na rialacha agus na hoibleagáidí sin i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais. |
|
(43) |
Ba cheart na fíneálacha a chinneadh i gcomhréir le láimhdeachas iomlán domhanda na ngnóthas agus na gcomhlachas gnóthas lena mbaineann. |
|
(44) |
Uirlis thábhachtach iad íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla lena áirithiú go bhfuil modhanna éifeachta ag ÚINanna le dul i ngleic le neamhchomhlíonadh leanúnach agus neamhchomhlíonadh amach anseo gnóthas agus comhlachas gnóthas i dtaobh a mbearta agus a gcinntí dá dtagraítear in Airteagail 6, 8, 9, 10, 11 agus 12. Níor cheart feidhm a bheith aige sin ar sháruithe a rinneadh san am a chuaigh thart. Ní dochar an chumhacht íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur do chumhacht ÚINanna neamhchomhlíonadh na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 13(2) a phionósú. Ba cheart íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla den sórt sin a chinneadh i gcomhréir le meánláimhdeachas iomlán laethúil domhanda na ngnóthas agus na gcomhlachas gnóthas lena mbaineann. |
|
(45) |
Chun críche fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, ba cheart a chur san áireamh sa téarma “cinneadh”, na héifeachtaí dlí atá ceangailteach ar an seolaí, agus a d'fhéadfadh difear a dhéanamh dá leasanna, trí athrú ar leith a chur i bhfeidhm ar an seasamh dlí atá aige/aici. |
|
(46) |
Chun cur i bhfeidhm éifeachtach aonfhoirmeach Airteagail 101 agus 102 CFAE a áirithiú, ba cheart coincheap an ghnóthais, mar a leagtar amach in Airteagail 101 agus 102 CFAE é, a chur i bhfeidhm i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é sin, gur aonad eacnamaíoch é an gnóthas, fiú amháin i gcás ina bhfuil sé comhdhéanta de roinnt daoine dlítheanacha nó nádúrtha. Dá réir sin, ba cheart do ÚINanna a bheith in ann coincheap an ghnóthais a chur i bhfeidhm chun a chinneadh go bhfuil máthairchuideachta faoi dhliteanas i leith iompar fochuideachta dá cuid, agus chun fíneálacha a fhorchur uirthi ina leith, i gcás inar aonad eacnamaíoch aonair iad an mháthairchuideachta agus an fhochuideachta lena mbaineann. Ionas nach mbeidh gnóthais in ann dliteanas a sheachaint i leith fíneálacha i leith sáruithe ar Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 102 CFAE, trí athruithe dlíthiúla nó eagraíochtúla a dhéanamh, ba cheart do ÚINanna a bheith in ann a chinneadh go bhfuil comharbaí dlíthiúla nó eacnamaíocha an ghnóthais faoi dhliteanas i leith sárú ar Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 102 CFAE, agus fíneálacha a fhorchur orthu ina leith, i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. |
|
(47) |
Chun a áirithiú go mbeidh na fíneálacha a fhorchuirfear i leith sáruithe ar Airteagail 101 agus 102 CFAE ag teacht le tábhacht eacnamaíoch an tsáraithe, ba cheart do ÚINanna aird a thabhairt ar thromchúis an tsáraithe. Chomh maith leis sin, ba cheart do ÚINanna a bheith in ann fíneálacha a shocrú atá comhréireach le fad an tsáraithe. Ba cheart na tosca sin a mheasúnú i gcomhréir le cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus ar shlí lena n-áirithítear díspreagadh. Ba cheart an measúnú ar thromchúis an tsáraithe a dhéanamh de réir an cháis maidir le gach cineál sárú, lena gcuirtear cúinsí uile an cháis san áireamh. Ar na tosca a d'fhéadfaí a chur san áireamh tá an méid seo a leanas: cineál an tsáraithe, an sciar den mhargadh ar an iomlán atá ag gach gnóthas lena mbaineann, raon feidhme geografach an tsáraithe, cibé ar cuireadh an sárú chun feidhme nó nár cuireadh, luach na ndíolachán earraí agus seirbhísí de chuid an ghnóthais a bhfuil baint dhíreach nó indíreach ag an sárú leo agus méid agus cumhacht mhargaidh an ghnóthais lena mbaineann. Thairis sin, le sáruithe arís is arís eile ag an ngnóthas céanna léirítear an claonadh atá ag an ngnóthas sin sáruithe den sórt sin a dhéanamh, agus dá bhrí sin, is léiriú an-suntasach é sin ar an ngá atá le leibhéal an phionóis a mhéadú le go mbeidh sé ina dhíspreagadh éifeachtach. Dá réir sin, ba cheart an deis a bheith ag ÚINanna méadú a dhéanamh ar an bhfíneáil a fhorchuirfear ar ghnóthas nó ar chomhlachas gnóthas i gcás ina leanfaidh sé den sárú céanna a dhéanamh, nó ina ndéanfaidh sé sárú den chineál céanna, tar éis don Choimisiún nó do ÚIN cinneadh a dhéanamh go ndearna an gnóthas nó an comhlachas gnóthas lena mbaineann sárú ar Airteagal 101 CFAE nó Airteagal 102 CFAE. I gcomhréir le Treoir 2014/104/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ba cheart do ÚINanna a bheith in ann aon chúiteamh a íocadh de thoradh réiteach comhthoiliúil a chur san áireamh. Ina theannta sin, in imthosca eisceachtúla, ba cheart do ÚINanna inmharthanacht eacnamaíoch an ghnóthais lena mbaineann a chur san áireamh. |
|
(48) |
Is léir ón taithí atá faighte go dtí seo, gur minic a imríonn comhlachais gnóthas ról i sáruithe iomaíochta agus ba cheart do ÚINanna, dá bhrí sin, a bheith in ann fíneáil a chur go héifeachtach ar chomhlachais den sórt sin. Agus measúnú á dhéanamh ar thromchúis an tsáraithe chun suim na fíneála a chinneadh in imeachtaí arna dtionscnamh in aghaidh comhlachais gnóthas i gcás ina mbaineann an sárú le gníomhaíochtaí na mball, ba cheart go bhféadfaí suim na ndíolachán earraí agus seirbhísí de chuid na ngnóthas is baill den chomhlachas a mheas a bhfuil baint dhíreach nó indíreach ag an sárú leo. I gcás ina bhforchuirfear fíneáil ní hamháin ar an gcomhlachas ach ar a chuid ball chomh maith, níor cheart láimhdeachas na mball ar a bhforchuirfear fíneáil a chur san áireamh agus an fhíneáil a ghearrtar ar an gcomhlachas á ríomh. Chun a áirithiú go ngnóthófar go héifeachtach na fíneálacha arna bhforchur ar chomhlachais gnóthas as na sáruithe atá déanta acu, is gá na coinníollacha a leagan síos ina bhfuil sé de rogha ag ÚINanna ceangal a chur ar chomhaltaí an chomhlachais an fhíneáil a íoc i gcás nach bhfuil an comhlachas féin sócmhainneach. Agus sin á dhéanamh acu, ba cheart do ÚINanna aird a thabhairt ar mhéid choibhneasta na ngnóthas ar leis an gcomhlachas iad agus go háirithe ar chás na bhfiontar beag agus meánmhéide. Ní dochar íocaíocht na fíneála ag comhalta amháin nó ag roinnt comhaltaí de chuid an chomhlachais do rialacha den dlí náisiúnta lena bhforáiltear maidir le gnóthú an mhéid arna íoc ó chomhaltaí eile den chomhlachas. |
|
(49) |
Is mór an difear idir éifeacht díspreagthach na bhfíneálacha fud fad na hEorpa agus i mBallstáit áirithe is fíor-íseal uasmhéid na fíneála is féidir a fhorchur. Lena áirithiú gur féidir le ÚINanna fíneálacha athchomhairleacha a leagan síos, ba cheart uasmhéid na fíneála a d'fhéadaí a fhorchur ar gach sárú ar Airteagail 101 agus 102 CFAE a shocrú ar leibhéal nach lú ná 10 % de láimhdeachas iomlán domhanda an ghnóthais lena mbaineann. Níor cheart don mhéid sin cosc a chur ar na Ballstáit uasmhéid fíneála is féidir a fhorchur is airde ná sin a choinneáil nó a thabhairt isteach. |
|
(50) |
Uirlis thábhachtach maidir le cairtéil rúnda a bhrath is ea cláir thrócaire agus ar an dóigh sin, cuidiú is ea iad agus na sáruithe is tromchúisí ar dhlí na hiomaíochta á n-ionchúiseamh agus pionóis á bhforchur ina leith. Tá difríochtaí suntasacha ann faoi láthair i measc na gclár trócaire is infheidhme sna Ballstáit, áfach. Cruthaíonn na difríochtaí sin éiginnteacht dhlíthiúil do ghnóthais atá ag sárú rialacha maidir leis na coinníollacha faoinar féidir leo iarratas a dhéanamh ar thrócaire agus maidir leis an díolúine a gheobhaidh siad faoin gclár trócaire/faoi na cláir thrócaire lena mbaineann. D'fhéadfadh sé go laghdódh an éiginnteacht sin na dreasachtaí atá ag iarratasóirí féideartha ar thrócaire chun iarratas a dhéanamh. Dá réir sin, laghdaítear éifeacht an gníomhaíochta forfheidhmiúcháin iomaíochta san Aontas toisc nach féidir an oiread céanna cairtéal rúnda a bhrath. |
|
(51) |
Cuireann na difríochtaí idir na cláir thrócaire ar leibhéal na mBallstát an chothroime iomaíochta i mbaol do ghnóthais atá ag oibriú sa mhargadh inmheánach freisin. Is iomchuí, dá bhrí sin, an deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú do ghnóthais sa mhargadh inmheánach agus a tharraingtí atá na cláir thrócaire ar fud an Aontais a mhéadú trí dheireadh a chur leis na difríochtaí sin agus gach ÚIN a chumasú díolúine ó fhíneálacha agus laghdú fíneálacha a cheadú agus go bhféadfaidh sé glacadh le hiarratais achoimre faoi na coinníollacha céanna. D'fhéadfadh go mbeadh tuilleadh iarrachtaí ón nGréasán Eorpach Iomaíochta de dhíth maidir le cláir thrócaire a ailíniú amach anseo. |
|
(52) |
Ba cheart do ÚINanna díolúine ó fhíneálacha, agus laghduithe fíneálacha, a dheonú do ghnóthais i gcás ina sásaítear coinníollacha áirithe. Ba cheart do chomhlachais gnóthas a dhéanann gníomhaíocht eacnamaíoch thar a gceann féin a bheith incháilithe le haghaidh díolúine ó fhíneálacha agus laghduithe fíneálacha má bhíonn siad rannpháirteach i gcairtéal líomhnaithe thar a gceann féin agus ní thar ceann a mball. |
|
(53) |
Ní gá go mbeadh gach gné den iompar rúnda, le gur féidir a mheas gur cairtéal rúnda atá i gcairtéal. Go háirithe, féadfar a mheas gur cairtéal rúnda atá i gcairtéal nuair atá eilimintí ann, nach eol don phobal ná do na custaiméirí ná do na soláthróirí, a fhágann gur deacra atá sé a fhairsinge atá an t-iompar a bhrath. |
|
(54) |
Ionas gur féidir cáiliú le haghaidh trócaire, ba cheart don iarratasóir deireadh a chur lena rannpháirtíocht sa chairtéal rúnda líomhnaithe, seachas i gcás ina measann ÚIN go luíonn sé le réasún leanúint den rannpháirtíocht sin chun sláine an imscrúdaithe a chaomhnú, chun a áirithiú nach mbeadh fios ag na rannpháirtithe líomhnaithe eile sa chairtéal go bhfuil ÚIN curtha ar an eolas faoin gcairtéal líomhnaithe sula ndéanann ÚIN na bearta imscrúdaitheacha amhail iniúchtaí gan fógra, mar shampla. |
|
(55) |
Ionas gur féidir cáiliú le haghaidh trócaire, ba cheart don iarratasóir comhoibriú go dílis agus go hiomlán ar bhonn leanúnach tapa le ÚIN. Ciallaíonn sin, inter alia, nár cheart don iarratasóir fianaise ar an gcairtéal rúnda líomhnaithe a scriosadh, a bhrionnú ná a cheilt nuair atá sé ag beartú iarratas a dhéanamh chuig ÚIN. Nuair atá gnóthas ag beartú iarratas a dhéanamh, tá baol ann go scriosfadh na stiúrthóirí, na bainisteoirí agus an fhoireann eile atá aige fianaise chun a cheilt go raibh siad rannpháirteach i gcairtéal ach d'fhéadfadh sin tarlú ar chúiseanna eile. Mar sin, agus é á mheas cibé an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann iarratasóir an coinníoll sin, ba cheart do na húdaráis náisiúnta iomaíochta na himthosca sonracha a chur san áireamh a bhféadfadh gur tharla sé gur scriosadh fianaise faoina mbun agus a thábhachtaí a bheadh an scriosadh sin a chur san áireamh agus é á mheas an gciallaíonn an scriosadh sin go bhfuil amhras ann faoi chomhoibriú dílis an iarratasóra. |
|
(56) |
Ionas gur féidir an coinníoll maidir le comhar dílis, iomlán, leanúnach tapa a chomhlíonadh, nuair atá sé ag beartú iarratas a dhéanamh chuig ÚIN níor cheart don iarratasóir a nochtadh go raibh sé ag beartú iarratas a dhéanamh ná cuid ar bith d'ábhar a iarratais bheartaithe a nochtadh, seachas d'údaráis iomaíochta náisiúnta eile, don Choimisiún nó d'údaráis iomaíocht tríú tíortha. Ní chuirfidh sé sin bac ar iarratasóir a iompar a thuairisciú d'údaráis phoiblí eile mar a cheanglaítear le dlíthe ábhartha, ní dhéanann sé ach cosc a chur air a nochtadh go bhfuil sé ag beartú iarratas a dhéanamh ar thrócaire agus cosc a chur air ráitis trócaire a thabhairt ar láimh do na húdaráis. Mar sin féin, agus a chuid oibleagáidí á gcomhlíonadh aige faoi na dlíthe ábhartha sin, ba cheart don iarratasóir machnamh a dhéanamh freisin ar a thábhachtaí atá sé gan dochar a dhéanamh don imscrúdú a d'fhéadfadh a bheith ag ÚIN. |
|
(57) |
Ba cheart an deis a bheith ag iarratasóirí ráitis trócaire maidir le hiarratais iomlána nó iarratais achoimre i scríbhinn a chur isteach agus córas a bheith i bhfeidhm ag ÚINanna freisin lena gcumasófar dóibh ráitis a ghlacadh ó bhéal nó, ar bhealaí eile rud a cheadóidh nach mbeidh na hiarratais trócaire a cuireadh isteach i seilbh an iarratasóra, faoi choimeád an iarratasóra nó faoi rialú an iarratasóra. Ba cheart do ÚINanna a bheith in ann an modh a roghnú lena ndéanfaidh siad na ráitis trócaire a ghlacadh. |
|
(58) |
Ba cheart do na gnóthais ar mian leo iarratas a dhéanamh ar dhíolúine iarratas a dhéanamh chuig na húdaráis iomaíochta náisiúnta ar mharcóir ar dtús chun áit a fháil sa scuaine i ndáil le trócaire, ionas gur féidir an fhianaise agus an fhaisnéis riachtanach a bhailiú chun an tairseach ábhartha fianaise a chomhlíonadh. Ní dhéanfaidh sé sin dochar do na Ballstáit foráil a dhéanamh don fhéidearthacht iarratas a dhéanamh chuig gnóthais ar mharcóir freisin, ar gnóthais iad ar mian leo iarratas a dhéanamh ar laghduithe fíneálacha. |
|
(59) |
Thairis sin, ionas gur féidir an t-ualach riaracháin agus ualach eile nach beag a laghdú, ó thaobh ama de, ba cheart do na hiarratasóirí a bheith in ann ráitis trócaire a chur isteach maidir le hiarratais iomlána nó iarratais achoimre mar aon le hiarratais ar mharcóirí i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit den údarás iomaíochta náisiúnta lena mbaineann, nó, i dteanga oifigiúil eile de chuid an Aontais, i gcás inar chomhaontaigh an t-údarás iomaíochta náisiúnta agus an t-iarratasóir é sin go déthaobhach. Meastar gurb ann do chomhaontú den sórt sin i gcás ina bhfuil glacadh ginearálta ag ÚINanna leis na haighneachtaí sin sa teanga sin. |
|
(60) |
I bhfianaise na n-inniúlachtaí roinnte idir an Coimisiún agus ÚINanna maidir le forfheidhmiú Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 102 CFAE, is den riachtanas córas maidir le hiarratais achoimre a bheith i bhfeidhm a fheidhmíonn i gceart. Iarratasóirí a rinne iarratas ar thrócaire chuig an gCoimisiún i dtaca le cairtéal rúnda líomhnaithe, ba cheart dóibh a bheith in ann iarratais achoimre do ÚINanna i dtaca leis an gcairtéal sin a chur isteach, ar choinníoll go gcumhdaítear leis an iarratas chuig an gCoimisiún níos mó ná trí cinn de na Ballstáit ó thaobh críocha dá ndéantar difear. Ní dochar an méid sin d'fhéidearthacht an Choimisiúin chun plé le cásanna, más rud é go bhfuil dlúthbhaint acu le forálacha eile de chuid an Aontais a d'fhéadfadh an Coimisiúin a chur i bhfeidhm go heisiach nó ar shlí níos éifeachtaí, i gcás ina bhfuil sé chun leasa an Aontais cinneadh ón gCoimisiún a ghlacadh chun beartas iomaíochta an Aontais a fhorbairt nuair a thiocfaidh saincheist nua maidir leis an iomaíocht chun cinn nó chun forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú. |
|
(61) |
De bhíthin an chórais maidir le hiarratais achoimre, is ceart go mbeadh cuideachtaí in ann iarratas ar thrócaire a chur isteach chuig ÚINanna ar bhonn na faisnéise teoranta, i gcás inar tugadh iarratas iomlán don Choimisiún maidir le cairtéal líomhnaithe. Ba cheart do ÚINanna mar sin glacadh le hiarratais achoimre ina bhfuil tacar íosta faisnéise maidir leis an gcairtéal líomhnaithe i gcás gach ceann de na míreanna a leagtar amach in Airteagal 22(2). Ní dochar an méid sin don fhéidearthacht atá ann don iarratasóir faisnéis níos mionsonraithe ar fáil tráth níos déanaí. Arna iarraidh sin don iarratasóir ar thrócaire, ba cheart do ÚINanna admháil a thabhairt dó ina luafar an dáta agus an t-am a fuarthas an t-iarratas. I gcás nach bhfuair údarás iomaíochta náisiúnta iarratas ar thrócaire den sórt sin go fóill faoin gcairtéal rúnda líomnaithe céanna, agus ina measann sé go gcomhlíonann an t-iarratas achomair ceanglais Airteagal 22(2), ba cheart do ÚIN é sin a chur in iúl don iarratasóir dá réir sin. |
|
(62) |
Is éard is aidhm leis an gcóras maidir le hiarratais achoimre an t-ualach riaracháin atá ar iarratasóirí a laghdú a chuireann iarratas ar thrócaire chuig an gCoimisiún maidir le cairtéal rúnda líomhnaithe lena gcumhdaítear níos mó ná trí cinn de na Ballstáit ó thaobh críocha dá ndéantar difear. Ós rud é gurb é an Coimisiún a fhaigheann iarratas iomlán i gcásanna den sórt sin, is é is ceart a bheith ina phríomhidirghabhálaí don iarratasóir ar thrócaire, go háirithe ó thaobh treoracha a chur ar fáil maidir le hiompar aon imscrúdaithe inmheánaigh bhreise a dhéanfaidh an t-iarratasóir, sula mbeidh soiléireacht ann cibé an leanfaidh nó nach leanfaidh an Coimisiún an cás ina iomláine nó i bpáirt. Déanfaidh an Coimisiún a dhícheall cinneadh a dhéanamh faoin ábhar sin laistigh de thréimhse ama réasúnta agus ÚINanna a chur ar an eolas dá réir sin, gan dochar d'Airteagal 11(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003. In imthosca eisceachtúla, nuair is fíorghá sin i gcás idirdhealú cásanna nó leithdháileadh cásanna, d'fhéadfaí a iarraidh ar iarratasóir iarratas iomlán a chur chuig ÚIN roimh ré. Níor cheart úsáid a bhaint as an deis sin ach go fíorannamh. I gcásanna eile, níor cheart ach a iarraidh ar an iarratasóir iarratas iomlán a chur chuig ÚIN a fuair iarratas achomair, a luaithe gur léir nach bhfuil sé i gceist ag an gCoimisiún an cás a leanúint ina iomláine nó i bpáirt. |
|
(63) |
Ba cheart an deis a bheith ag na hiarrthóirí iarratais iomlána ar thrócaire a chur isteach chuig ÚIN ar chuir siad iarratais achoimre chucu. I gcás ina gcuirfidh an t-iarratasóir na hiarratais iomlána isteach laistigh den tréimhse atá sonraithe ag ÚIN, is ceart go measfaí an fhaisnéis atá istigh ann a bheith curtha isteach ar an dáta agus ag an am a cuireadh an t-iarratas achomair isteach, ar choinníoll go gcumhdaítear san iarratas achomair an táirge/na táirgí agus an chríoch/na críocha céanna dá ndéantar difear agus an ré céanna maidir leis an gcairtéal líomhnaithe agus atá san iarratas ar thrócaire a cuireadh isteach chuig an gCoimisiún, a bhféadfadh gur tharla sé go ndearnadh é a thabhairt cothrom le dáta. Mar sin féin, ba cheart gur faoi na hiarratasóirí atá sé ÚINanna ar chuir siad iarratais achoimre isteach chucu a chur ar an eolas má thagann athrú ar scóip a n-iarratais ar thrócaire chuig an gCoimisiún, rud a fhágann go ndéantar na hiarratais achoimre a thabhairt cothrom le dáta. Ba cheart do ÚINanna a bheith in ann a sheiceáil cibé an mbaineann raon feidhme an iarratais achomair le raon feidhme an iarratais ar thrócaire a cuireadh isteach chuig an gCoimisiúin de bhíthin an chomhair laistigh den Ghréasán Eorpach Iomaíochta. |
|
(64) |
Mar gheall ar an éiginnteacht dhlíthiúil atá ann maidir le cé acu a bheidh nó nach mbeidh stiúrthóirí reatha agus iarstiúrthóirí, bainisteoirí reatha agus iarbhainisteoirí agus baill foirne reatha agus iarbhaill foirne eile de chuid iarratasóirí ar dhíolúine faoi réir smachtbhannaí aonair, amhail fíneálacha, dícháiliú nó príosúnacht, cuirtear cosc ar iarratasóirí féideartha iarratas a dhéanamh ar thrócaire. I bhfianaise a rannchuidithe ó thaobh na cairtéil rúnda a bhrath agus a imscrúdú, ba cheart, i bprionsabal, na daoine aonair sin a chosaint ar aon smachtbhannaí a fhorchuirfidh údaráis phoiblí in imeachtaí breithiúnacha coiriúla, in imeachtaí breithiúnacha riaracháin agus in imeachtaí breithiúnacha neamhchóiriúla, mar gheall ar a rannpháirtíocht sa chairtéal rúnda a chumhdaítear leis an iarratas de bhun na ndlíthe náisiúnta arb ionann cuspóir dóibh den chuid is mó agus d'Airteagal 101 CFAE, amhail dlíthe náisiúnta maidir le camastaíl tairiscintí, má chomhlíontar na coinníollacha dá bhforáiltear leis an Treoir seo. Ceann de na coinníollacha sin is ea gur cheart go ndearnadh iarratas ar dhíolúine sular thug na húdaráis iomaíochta náisiúnta fógra do na daoine aonair sin faoi na himeachtaí is siocair le smachtbhannaí a fhorchur. Airítear ar na himeachtaí sin tráth a gcuirtear ina leith go bhfuil amhras ann gur sháraigh siad na dlíthe náisiúnta sin. Tá de chead ag na Ballstáit foráil a dhéanamh faoin dlí náisiúnta do mhódúlachtaí maidir le cé mar is ceart daoine aonair oibriú i gcomhair leis na húdaráis ábhartha le feidhmiú éifeachtach na cosanta sin a áirithiú. Áirítear ar chosaint ar smachtbhannaí coiriúla nuair nach ndéanann na húdaráis iomaíochta náisiúnta an t-ionchúiseamh a chur i bhfeidhm faoi choinníollacha nó treoracha áirithe maidir le hiompar an duine aonair amach anseo. |
|
(65) |
De mhaolú air sin, ionas gur féidir a áirithiú go bhfuil an chosaint ar smachtbhannaí atá le forchur ar dhaoine aonair in imeachtaí cóiriúla i gcomhréir le bunphrionsabail a gcórais dlí, d'fhéadfadh na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhfuil na húdaráis inniúla in ann rogha a dhéanamh idir cosaint ar smachtbhannaí nó na smachtbhannaí a mhaolú amháin agus an leas maidir leis na daoine aonair sin a ionchúiseamh agus/nó smachtbhannaí a chur ar an duine aonair agus rannchuidiú an duine aonair ó thaobh an cairtéal a bhrath agus a imscrúdú a chur sa mheá. Agus measúnú á dhéanamh ar an leas maidir leis na daoine aonair sin a ionchúiseamh agus/nó smachtbhannaí a chur orthu, i measc tosca eile, ní mór a bhfreagracht phearsanta as an sárú nó a rannchuidiú pearsanta leis an sárú a chur san áireamh. |
|
(66) |
Ní chuirtear bac ar na Ballstáit cosaint ar smachtbhannaí nó maolú smachtbhannaí a sholáthar freisin do stiúrthóirí reatha agus iarstiúrthóirí, bainisteoirí reatha agus iarbhainisteoirí agus baill foirne reatha agus iarbhaill foirne eile de chuid iarratasóirí ar laghduithe fíneálacha. |
|
(67) |
Ionas go bhfeidhmeoidh an chosaint i gcásanna ina bhfuil níos mó ná dlínse amháin i gceist, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh i gcásanna ina bhfuil an t-údarás inniúil forchurtha smachtbhannaí nó an t-údarás ionchúisimh i ndlínse nach bhfuil i ndlínse an údaráis iomaíochta a bhfuil an cás á leanúint aige, ba cheart d'údarás iomaíochta náisiúnta na dlínse den údarás inniúil forchurtha smachtbhannaí nó den údarás ionchúisimh na teagmhálaithe is gá eatarthu a áirithiú. |
|
(68) |
I gcóras ina bhfuil cumhachtaí comhthráthacha chun Airteagail 101 agus 102 CFAE a chur i bhfeidhm ag ÚINanna agus an Coimisiún, tá dlúthchomhar idir ÚINanna agus idir ÚINanna agus an Coimisiún ag teastáil. Go háirithe, i gcás ina ndéanfaidh ÚIN iniúchadh nó agallamh faoina dhlí náisiúnta thar ceann ÚIN eile de bhun Airteagal 22(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle, ba cheart láithreacht agus cúnamh na n-oifigeach ón údarás is iarratasóir a chumasú ar mhaithe le feabhas a chur ar éifeachtacht na n-iniúchtaí agus na n-agallamh den sórt sin trí acmhainní, eolas agus saineolas teicniúil breise a sholáthar. Ba cheart an chumhacht a thabhairt do ÚINanna freisin a iarraidh ar ÚINanna eile cuidiú leo sa phróiseas chun a shuí ar mhainnigh gnóthais nó comhlachais gnóthas na bearta agus cinntí imscrúdaitheacha a chomhlíonadh a rinne ÚINanna is iarratasóirí. |
|
(69) |
Ba cheart socruithe a chur i bhfeidhm chun ÚINanna a chumasú cúnamh frithpháirteach a iarraidh chun fógra a thabhairt faoi dhoiciméid a bhaineann le cur i bhfeidhm Airteagal 101 CFAE nó Airteagal 102 CFAE ar bhonn trasteorann do pháirtithe sna himeachtaí nó do ghnóthais, do chomhlachais gnóthas nó do dhaoine nádúrtha eile a d'fhéadfadh a bheith ina seolaithe i dtaobh na bhfógraí sin. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart do ÚINanna a bheith in ann a iarraidh go bhforchuirfeadh na húdaráis sna Ballstáit eile fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla i gcás ina bhfuil iarracht réasúnta déanta ag an údarás is iarratasóir chun a fháil amach nach leor na hacmhainní atá ag an ngnóthas i mBallstát an údaráis is iarratasóir sin a bhfuil an fhíneáil nó an íocaíocht thréimhsiúil pionósach infheidhmithe ina choinne. Ba cheart do na Ballstáit a fhoráil freisin, go háirithe, i gcás nach bhfuil an gnóthas, a bhfuil an fhíneáil nó an íocaíocht thréimhsiúil pionósach infheidhmithe ina choinne, bunaithe i mBallstáit an údaráis is iarratasóir, go bhféadfaidh an t-údarás iarrtha cinntí den sórt sin a ghlac an t-údarás is iarratasóir a fhorfheidhmiú, arna iarraidh sin ag an údarás is iarratasóir. D'áiritheodh sé sin forfheidhmiú éifeachtach Airteagail 101 agus 102 CFAE agus chuirfeadh sé le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. Ionas gur féidir a áirithiú gur leor na hacmhainní a chuireann ÚINanna go leataobh maidir le hiarraidh ar chúnamh frithpháirteach agus chun cúnamh den sórt sin a dhreasú, ba cheart do na húdaráis iarrtha a bheith in ann na costais a thabhófar a aisghabháil. Ní dochar an cúnamh frithpháirteach sin do chur i bhfeidhm Chinneadh Réime 2005/214/CGB ón gComhairle (5). |
|
(70) |
Chun a áirithiú go ndéanfaidh ÚINanna Airteagail 101 agus 102 CFAE a fhorfheidhmiú go héifeachtach, is gá rialacha fónta a sholáthar maidir le tréimhsí teorann. Go háirithe, i gcóras cumhachtaí comhthráthacha, ba cheart tréimhsí teorann náisiúnta a chur ar fionraí nó a bhriseadh fad atá imeachtaí ar siúl os comhair ÚINanna Ballstáit eile nó os comhair an Choimisiúin. Níor cheart go gcuirfeadh an fhionraíocht nó an briseadh sin cosc ar na Ballstáit dearbhthréimhsí teorann a choinneáil nó a thabhairt isteach, ar an gcoinníoll nach bhfágfaidh fad na ndearbhthréimhsí ama sin go mbeidh sé chóir a bheith dodhéanta nó ródheacair Airteagail 101 agus 102 CFAE a fhorfheidhmiú go héifeachtach. |
|
(71) |
Chun a áirithiú go ndéileálfar le cásanna ar bhealach éifeachtach éifeachtúil laistigh den Ghréasán Eorpach Iomaíochta, sna Ballstáit sin ina bhfuil údarás iomaíochta náisiúnta riaracháin agus údarás iomaíochta náisiúnta breithiúnach ainmnithe mar ÚINanna chun críche Airteagail 101 agus 102 CFAE dá dtagraítear in Airteagail 6, 7, 8, 9, 10, 11, 12, 13 agus 16 den Treoir seo, ba cheart na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin a bheith in ann an chaingean a thabhairt go díreach os comhair an údaráis iomaíochta náisiúnta bhreithiúnaigh. Ina theannta sin, agus a mhéid a ghníomhaíonn cúirteanna náisiúnta in imeachtaí a thionscnaítear in aghaidh cinntí a rinne ÚINanna atá ag cur Airteagal 101 CFAE nó Airteagal 102 CFAE i bhfeidhm, ba cheart teidlíocht iomlán a bheith ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta astu féin chun páirt a ghlacadh mar ionchúisitheoir, mar chosantóir nó mar fhreagróir sna himeachtaí sin agus ba cheart na cearta céanna a bheith acu le páirtí poiblí den sórt sin sna himeachtaí sin. |
|
(72) |
An baol go nochtfar ábhar féin-inchoiritheach lasmuigh de chomhthéacs an imscrúdaithe dár soláthraíodh é, is féidir leis an mbaol sin laghdú a dhéanamh ar na dreasachtaí atá ag iarratasóirí féideartha ar thrócaire chun comhoibriú le húdaráis iomaíochta. Mar thoradh air sin, agus beag beann ar an bhfoirm ina gcuirtear ráitis trócaire isteach, níor cheart úsáid a bhaint as an bhfaisnéis atá i ráitis trócaire a fuarthas trí rochtain a fháil ar an gcomhad ach amháin nuair is gá déanamh amhlaidh chun cearta cosanta a fheidhmiú in imeachtaí os comhair chúirteanna na mBallstát i gcásanna an-teoranta atá bainteach go díreach leis an gcás inar deonaíodh an rochtain. Níor cheart cosc a chur ar údaráis iomaíochta leis sin na cinntí uathu a fhoilsiú i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme nó an dlí náisiúnta is infheidhme. |
|
(73) |
Gné thábhachtach d'Airteagail 101 agus 102 CFAE a fhorfheidhmiú is ea an fhianaise. Ba cheart do ÚINanna a bheith in ann fianaise iomchuí a mheas, is cuma cé acu a tugadh an fhianaise sin i scríbhinn, ó bhéal nó i bhfoirm leictreonach nó thaifeadta. Ba cheart go n-áireofaí air sin taifeadtaí ceilte arna ndéanamh ag daoine dlítheanacha nó nádúrtha nach údaráis phoiblí iad a mheas, ar an gcoinníoll nach bhfuil na taifeadtaí sin ar an aon fhoinse fianaise amháin atá ar fáil. Níor cheart gur dhochar an méid sin don cheart chun éisteacht a fháil agus d'inghlacthacht aon taifead a rinne na húdaráis phoiblí nó a fhaigheann siad. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart do ÚINanna a bheith in ann teachtaireachtaí leictreonacha a mheas mar fhianaise iomchuí, is cuma má dhealraíonn sé nár léadh iad nó gur scriosadh iad. |
|
(74) |
Ba cheart go neartófaí an gá leis an dlúthchomhar agus le cumarsáid éifeachtach iltaobhach déthaobhach sa Ghréasán Eorpach Iomaíochta trína áirithiú go bhfuil na cumhachtaí ag ÚINanna a theastaíonn uatha chun go mbeidís ina bhforfheidhmitheoirí níos éifeachtaí. Áirítear air sin bearta boga a fhorbairt chun tacú le cur i bhfeidhm na Treorach agus é sin a éascú. |
|
(75) |
Chun tacú le dlúthchomhar laistigh den Ghréasán Eorpach Iomaíochta, ba cheart don Choimisiún córas lárnach faisnéise (Córas an Ghréasáin Eorpaigh Iomaíochta) a chothabháil, a fhorbairt, a óstáil, a oibriú agus a chothú i gcomhréir leis na caighdeáin iomchuí maidir le rúndacht, cosaint sonraí agus slándáil sonraí. Tá an Gréasán Eorpach Iomaíochta ag brath ar idir-inoibritheacht ionas gur féidir leis feidhmiú ar bhealach éifeachtach éifeachtúil. Is ar bhuiséad ginearálta an Aontais ba cheart na costais a chur a bhaineann leis an gCóras an Ghréasáin Eorpaigh Iomaíochta a chothabháil, a fhorbairt, a óstáil agus a oibriú agus ar na costais a bhaineann le tacaíocht a thabhairt d'úsáideoirí an chórais, mar aon le costais riaracháin eile a thabhófar i dtaca le feidhmiú an Ghréasáin Eorpaigh Iomaíochta, go háirithe na costais a bhaineann le cruinnithe a eagrú. Go dtí an bhliain 2020, foráiltear go gcumhdóidh an clár um réitigh idir-inoibritheachta agus comhchreataí do chórais riaracháin phoiblí Eorpacha (clár ISA2) arna bunaítear ag Cinneadh (AE) 2015/2240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) na costais a bhaineann le Córas an Ghréasáin Eorpaigh Iomaíochta, ag brath ar na hacmhainní atá ar fáil don chlár, ar incháilitheacht agus ar chritéir tosaíochta. |
|
(76) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, is iad sin, a áirithiú go mbeidh ag ÚINanna na ráthaíochtaí maidir le neamhspleáchas agus acmhainní agus cumhachtaí forfheidhmiúcháin agus fíneála riachtanacha ionas go mbeidh siad in ann Airteagail 101 agus 102 CFAE a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus Airteagail 101 agus 102 CFAE a chur i bhfeidhm go héifeachtach i gcomhthráth leis an dlí iomaíochta náisiúnta, agus feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh agus an Ghréasáin Eorpaigh Iomaíochta a áirithiú, a ghnóthú go leordhóthanach ina n-aonar agus, de bharr na héifeachtachta agus na haonfhoirmeachta a theastaíonn maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 102 CFAE, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais amháin, go háirithe i bhfianaise raon feidhme críochach na Treorach, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
|
(77) |
I gcomhréir leis an gComhdhearbhú Polaitíochta an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (7), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil bonn cirt leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra faoina mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an caidreamh idir comhábhair treorach agus páirteanna comhfhreagracha ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil bonn cirt le doiciméid den sórt sin a tharchur, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Leis an Treoir seo, leagtar amach rialacha deimhne chun a áirithiú go mbeidh ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta na ráthaíochtaí maidir le neamhspleáchas, acmhainní, agus cumhachtaí forfheidhmiúcháin agus fíneála riachtanacha ionas go mbeidh siad in ann Airteagail 101 agus 102 CFAE a chur i bhfeidhm go héifeachtach ionas nach saobhfar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach agus nach gcuirfear tomhaltóirí agus gnóthais faoi mhíbhuntáiste le dlíthe agus bearta náisiúnta lena gcuirtear cosc ar na húdaráis iomaíochta náisiúntabheith ina bhforfheidhmitheoirí éifeachtacha.
2. Leis an Treoir seo, cumhdaítear cur i bhfeidhm Airteagail 101 agus 102 CFAE agus cur i bhfeidhm comhthráthach an dlí iomaíochta náisiúnta ar an gcás céanna. Maidir le hAirteagal 31(3) agus Airteagal 31(4) den Treoir seo, cumhdaítear leis an Treoir seo freisin dlí iomaíochta náisiúnta arna chur i bhfeidhm ar bhonn aonair.
3. Leis an Treoir seo, leagtar amach rialacha deimhne maidir le cúnamh frithpháirteach chun feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus feidhmiú rianúil an chórais dlúthchomhair sa Ghréasán Eorpach Iomaíochta a chosaint.
Airteagal 2
Sainmhínithe
1. Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn “údarás iomaíochta náisiúnta” údarás arna ainmniú ag Ballstát de bhun Airteagal 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 mar údarás atá freagrach as Airteagail 101 agus 102 CFAE a chur i bhfeidhm; féadfaidh Ballstáit údarás iomaíochta riaracháin amháin nó níos mó (údaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin) a ainmniú chomh maith le húdaráis breithiúnacha (údaráis iomaíochta náisiúnta breithiúnacha); |
|
(2) |
ciallaíonn “údarás iomaíochta náisiúnta riaracháin” údarás riaracháin arna ainmniú ag Ballstát chun feidhmeanna uile údaráis iomaíochta náisiúnta a dhéanamh nó cuid díobh a dhéanamh; |
|
(3) |
ciallaíonn “údarás iomaíochta náisiúnta breithiúnach” údarás breithiúnach arna ainmniú ag Ballstát chun cuid de na feidhmeanna de chuid údaráis iomaíochta náisiúnta a dhéanamh; |
|
(4) |
ciallaíonn “údarás iomaíochta” údarás iomaíochta náisiúnta, an Coimisiún, nó an dá cheann díobh, de réir mar a éilíonn an comhthéacs; |
|
(5) |
ciallaíonn “an Gréasán Eorpach Iomaíochta” an gréasán údarás poiblí arna chur ar bun ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta agus ag an gCoimisiún chun fóram plé agus comhair a chur ar fáil a mhéid a bhaineann le hAirteagail 101 agus 102 CFAE a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú; |
|
(6) |
ciallaíonn “dlí iomaíochta náisiúnta” forálacha an dlí náisiúnta arb ionann cuspóir dóibh den chuid is mó agus d'Airteagail 101 agus 102 CFAE agus a chuirtear i bhfeidhm ar an gcás céanna agus i gcomhthráth le dlí iomaíochta an Aontais de bhun Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, mar aon le forálacha an dlí náisiúnta arb ionann cuspóir dóibh den chuid is mó agus d'Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE agus a chuirtear i bhfeidhm ar bhonn aonair maidir le hAirteagal 31(3) agus Airteagal 31(4) den Treoir seo, seachas forálacha den dlí náisiúnta lena bhforchuirtear pionóis choiriúla ar dhaoine nádúrtha; |
|
(7) |
ciallaíonn “cúirt náisiúnta” cúirt nó binse de chuid Ballstáit de réir bhrí Airteagal 267 CFAE; |
|
(8) |
ciallaíonn “cúirt athbhreithnithe” cúirt náisiúnta a dtugtar cumhacht di le gnáthmhodhanna achomhairc chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí údaráis iomaíochta náisiúnta nó chun athbhreithniú a dhéanamh ar bhreithiúnais lena bhfógraítear na cinntí sin, beag beann ar cé acu atá nó nach bhfuil an chumhacht ag an gcúirt sin í féin chun sárú ar dhlí na hiomaíochta a chinneadh; |
|
(9) |
ciallaíonn “imeachtaí forfheidhmiúcháin” na himeachtaí os comhair údarás iomaíochta chun Airteagal 101 CFAE nó Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm go dtí go ndúnfaidh an t-údarás iomaíochta sin imeachtaí den sórt sin trí chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 10, Airteagal 12 nó Airteagal 13 den Treoir seo a dhéanamh i gcás údaráis iomaíochta náisiúnta, nó cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 7, Airteagal 9 nó Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 a dhéanamh i gcás an Choimisiúin, nó fad nár tháinig an t-údarás iomaíochta ar an tátal nach bhfuil aon fhorais ann le tuilleadh gníomhaíochta uaidh; |
|
(10) |
ciallaíonn “gnóthas” dá dtagraítear in Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 102 CFAE eintiteas ar bith atá i mbun gníomhaíocht gheilleagrach, beag beann ar a stádas dlíthiúil agus ar an dóigh a maoinítear é; |
|
(11) |
ciallaíonn “cairtéal” comhaontú nó cleachtas comhbheartaithe idir dhá iomaitheoir nó níos mó arb é is aidhm dó a n-iompraíocht iomaíoch sa mhargadh a chomhordú nó dul i gcion ar pharaiméadair ábhartha iomaíochta trí chleachtais amhail, ach gan a bheith teoranta don mhéid seo a leanas, praghsanna ceannaigh nó díola nó coinníollacha eile trádála, lena n-áirítear i ndáil le cearta maoine intleachtúla, a shocrú nó a chomhordú; cuótaí táirgeachta nó díolacháin a leithdháileadh; margaí agus custaiméirí, a pháirtiú, lena n-áirítear camastaíl tairiscintí; srianta a chur le hallmhairí nó le honnmhairí; nó gníomhartha frithiomaíocha a dhéanamh in aghaidh iomaitheoirí eile; |
|
(12) |
ciallaíonn “cairtéal rúnda” cairtéal a bhfuil a láithreacht ceilte go páirteach nó go hiomlán; |
|
(13) |
ciallaíonn “díolúine ó fhíneálacha” díolúine ó fhíneálacha a d'fhorchuirfí seachas sin ar ghnóthas as páirt a ghlacadh i gcairtéal rúnda, mar luach saothair ar chomhoibriú le húdarás iomaíochta faoi chuimsiú clár trócaire; |
|
(14) |
ciallaíonn “laghdú fíneálacha” laghdú i méid na fíneála a d'fhorchuirfí seachas sin ar ghnóthas as páirt a ghlacadh i gcairtéal rúnda, mar luach saothair ar chomhoibriú le húdarás iomaíochta faoi chuimsiú clár trócaire; |
|
(15) |
ciallaíonn “trócaire” díolúine ó fhíneálacha agus laghdú fíneálacha araon; |
|
(16) |
ciallaíonn “clár trócaire” clár a bhaineann le cur i bhfeidhm Airteagal 101 CFAE nó foráil chomhfhreagrach faoi dhlí iomaíochta náisiúnta ar ar a bhonn a chomhoibríonn rannpháirtí i gcairtéal rúnda, go neamhspleách ar na gnóthais eile atá rannpháirteach sa chairtéal, le himscrúdú de chuid an údaráis iomaíochta trí léirithe a thabhairt go deonach faoi eolas an rannpháirtí sin ar an gcairtéal agus faoin ról a bhí aige ann, rud ar a bhfaighidh an rannpháirtí sin mar chúiteamh, trí chinneadh nó trí dheireadh a chur le himeachtaí, díolúine ó fhíneálacha nó laghdú fíneálacha as a rannpháirtíocht sa chairtéal; |
|
(17) |
ciallaíonn “ráiteas trócaire” léiriú ó bhéal nó i scríbhinn, nó taifead de, arna thabhairt ag gnóthas nó duine nádúrtha, nó thar a cheann, d'údarás iomaíochta ina ndéantar cur síos ar an eolas atá ag an ngnóthas nó an duine nádúrtha sin ar chairtéal agus ina ndéantar cur síos ar a ról ann, ar léiriú é a tarraingíodh suas go sonrach lena chur faoi bhráid an údaráis iomaíochta d'fhonn díolúine nó laghdú fíneálacha a fháil faoi chlár trócaire, gan fianaise a áireamh atá ann beag beann ar imeachtaí forfheidhmiúcháin, bíodh an fhaisnéis sin i gcomhad údarás iomaíochta nó ná bíodh, eadhon faisnéis a bhí ar fáil roimhe sin; |
|
(18) |
ciallaíonn “aighneacht socraíochta” léiriú deonach arna thabhairt ag gnóthas, nó thar a cheann, d'údarás iomaíochta ina ndéantar cur síos ar admháil an ghnóthais, nó ar a dhiúltú do shéanadh, maidir lena rannpháirtíocht i sárú ar Airteagal 101 CFAE nó Airteagal 102 CFAE nó ar an dlí iomaíochta náisiúnta agus maidir lena fhreagracht as an sárú sin, ar léiriú é a tarraingíodh suas go sonrach chun cur ar chumas an údaráis iomaíochta nós imeachta simplithe nó brostaithe a chur i bhfeidhm; |
|
(19) |
ciallaíonn “iarratasóir” gnóthas a dhéanann iarratas ar dhíolúine ó fhíneálacha nó ar laghdú fíneálacha faoi chlár trócaire; |
|
(20) |
ciallaíonn “údarás is iarratasóir” údarás iomaíochta náisiúnta a dhéanann iarraidh ar chúnamh frithpháirteach dá dtagraítear in Airteagail 24, 25, 26, 27 nó 28; |
|
(21) |
ciallaíonn “údarás iarrtha” údarás iomaíochta náisiúnta a fhaigheann iarraidh ar chúnamh frithpháirteach agus, i gcás iarraidh ar chúnamh dá dtagraítear in Airteagail 25, 26, 27 nó 28, ciallaíonn sé, mar is iomchuí, an comhlacht poiblí, inniúil ar a bhfuil freagracht phríomha as forfheidhmiú cinntí den sórt sin faoi dhlíthe, rialacháin agus cleachtas riaracháin náisiúnta; |
|
(22) |
ciallaíonn “cinneadh críochnaitheach” cinneadh nach féidir achomharc a dhéanamh ina aghaidh ar an ngnáthbhealach, nó nach féidir achomharc a dhéanamh ina aghaidh ar an ngnáthbhealach a thuilleadh. |
2. Le gach tagairt sa Treoir seo do chur i bhfeidhm Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 102 CFAE, nó do sháruithe orthu, tuigfear go gcuimsítear an dlí iomaíochta náisiúnta a chur i bhfeidhm ar an gcás céanna i gcomhthráth.
CAIBIDIL II
CEARTA BUNÚSACHA
Airteagal 3
Bearta cosanta
1. Imeachtaí a bhaineann le sáruithe ar Airteagal 101 CFAE nó ar Airteagal 102 CFAE, lena n-áirítear feidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear sa Treoir seo ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta, comhlíonfaidh na himeachtaí sin prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear i mír 1 faoi réir coimircí iomchuí maidir le cearta cosanta na ngnóthas, lena n-áirítear an ceart chun éisteacht a fháil agus an ceart chun leighis éifeachtaigh os comhair binse.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar imeachtaí forfheidhmiúcháin na n-údarás iomaíochta náisiúnta a sheoladh laistigh de thréimhse ama réasúnach. Áiritheoidh na Ballstáit go nglacfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta ráiteas agóidí sula ndéanfaidh siad cinneadh de bhun Airteagal 10 den Treoir seo.
CAIBIDIL III
NEAMHSPLEÁCHAS AGUS ACMHAINNÍ
Airteagal 4
Neamhspleáchas
1. Chun neamhspleáchas na n-údarás iomaíochta náisiúnta riaracháin a áirithiú agus Airteagail 101 agus 102 CFAE á gcur i bhfeidhm acu, áiritheoidh na Ballstáit gur go neamhchlaonta agus ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach aonfhoirmeach na bhforálacha sin a chomhlíonfaidh údaráis den chineál sin a ndualgais agus a fheidhmeoidh siad a gcumhachtaí, faoi réir ceanglais chuntasachta chomhréireacha agus gan dochar don dlúthchomhar idir na húdaráis iomaíochta sa Ghréasán Eorpach Iomaíochta.
2. Go háirithe, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú, ar a laghad, go gcomhlíonfaidh na baill foirne agus na daoine a dhéanann cinntí sna húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin agus na cumhachtaí in Airteagal 10 go hAirteagal 13 agus Airteagal 16 den Treoir seo á bhfeidhmiú acu, go gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
go mbeidh siad in ann a ndualgais a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú le haghaidh Airteagail 101 agus 102 CFAE a chur i bhfeidhm go neamhspleách ar thionchar polaitiúil agus tionchar seachtrach eile; |
|
(b) |
ní dhéanfaidh siad aon treoracha a iarraidh ná a ghlacadh ón rialtas ná ó aon eintiteas poiblí nó príobháideach eile le linn dóibh a ndualgais a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú le haghaidh Airteagail 101 agus 102 CFAE a chur i bhfeidhm, gan dochar don cheart atá ag rialtas Ballstáit, nuair is iomchuí, rialacha ginearálta beartais a eisiúint nach bhfuil baint acu le fiosrúcháin earnála ná le himeachtaí forfheidhmiúcháin sonracha agus; |
|
(c) |
staonfaidh siad ó aon ghníomhaíocht nach luíonn le comhlíonadh a ndualgas agus/nó le feidhmiú a gcumhachtaí le haghaidh Airteagail 101 agus 102 CFAE a chur i bhfeidhm agus atá faoi réir nósanna imeachta a áirithíonn, ar feadh tréimhse réasúnta tar éis dóibh a bpost a fhágáil, go staonfaidh siad ó bheith ag plé le himeachtaí forfheidhmiúcháin a d'fhéadfadh a bheith ina gcionsiocair le coinbhleachtaí leasa. |
3. Na daoine a dhéanann cinntí sna húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin lena bhfeidhmítear na cumhachtaí in Airteagal 10 go hAirteagal 13 agus Airteagal 16 den Treoir seo, ní dhífhostófar iad ó údaráis den sórt sin ar chúiseanna a bhaineann le comhlíonadh cuí a ndualgas nó le feidhmiú cuí a gcumhachtaí agus Airteagail 101 agus 102 CFAE á gcur i bhfeidhm, dá dtagraítear in Airteagal 5(2) den Treoir seo. Ní fhéadfar iad a dhífhostú ach amháin mura gcomhlíonann siad na coinníollacha is gá chun a ndualgais a chomhlíonadh a thuilleadh nó má fhaightear ciontach iad i mí-iompar tromchúiseach faoin ndlí náisiúnta. Déanfar na coinníollacha is gá chun a ndualgais a chomhlíonadh agus a bhfuil i gceist le mí-iompar tromchúiseach a leagan síos roimh ré sa dlí náisiúnta, ag cur san áireamh an gá le forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú.
4. Áiritheoidh Ballstáit go ndéantar na baill den chomhlacht cinnteoireachta d'údaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin a roghnú, a earcú nó a cheapadh de réir nósanna imeachta soiléire agus trédhearcacha a leagtar síos roimh ré sa dlí náisiúnta.
5. Beidh an chumhacht ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin chun a dtosaíochtaí a shocrú le haghaidh na cúraimí a dhéanamh chun Airteagail 101 agus 102 CFAE a chur i bhfeidhm, dá dtagraítear in Airteagal 5(2) den Treoir seo. A mhéid atá oibleagáid ar na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin gearáin fhoirmiúla a mheas, beidh an chumhacht ag na húdaráis sin chun gearáin den sórt sin a dhiúltú ar na forais nach measann siad gur tosaíochtaí forfheidhmiúcháin iad na gearáin sin. Ní dochar an méid sin don chumhacht atá ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin chun gearáin a dhiúltú ar fhorais eile a shainítear sa dlí náisiúnta.
Airteagal 5
Acmhainní
1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil ar a laghad líon leordhóthanach foirne cáilithe agus líon leordhóthanach acmhainní airgeadais, teicniúla agus teicneolaíochta is gá ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh go héifeachtach, agus chun a gcuid cumhachtaí a fheidhmiú go héifeachtach agus Airteagail 101 agus 102 CFAE á gcur i bhfeidhm mar a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo.
2. Chun críocha mhír 1, beidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta in ann, ar a laghad, imscrúduithe a dhéanamh d'fhonn Airteagail 101 agus 102 CFAE a chur i bhfeidhm, cinntí a ghlacadh lena ndéantar na forálacha sin a chur i bhfeidhm ar bhonn Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003; agus obair a dhéanamh i ndlúthchomhair sa Ghréasán Eorpach Iomaíochta d'fhonn cur i bhfeidhm éifeachtach aonfhoirmeach Airteagail 101 agus 102 CFAE a áirithiú. A mhéid a fhoráiltear faoin dlí náisiúnta, beidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta in ann comhairle a chur ar institiúidí agus ar chomhlachtaí poiblí, nuair is iomchuí, maidir le bearta reachtacha, rialála agus riaracháin a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar iomaíocht sa mhargadh inmheánach agus beidh siad in ann cur le feasacht an phobail ar Airteagal 101 CFAE agus ar Airteagal 102 CFAE.
3. Gan dochar do rialacha agus nósanna imeachta buiséadacha náisiúnta, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar neamhspleáchas do na húdaráis iomaíochta náisiúnta agus an buiséad arna leithdháileadh á chaitheamh acu chun críocha a gcuid dualgas a chomhlíonadh mar a leagtar amach i mír 2 iad.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go dtíolacfaidh údaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin tuarascálacha tréimhsiúla do chomhlacht rialtais nó parlaiminteach maidir lena gcuid gníomhaíochtaí agus a gcuid acmhainní. Áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar sna tuarascálacha sin faisnéis faoi chomhaltaí de chomhlacht cinnteoireachta a cheapadh agus a dhífhostú, an méid acmhainní a leithdháileadh sa bhliain ábhartha agus aon athrú sa mhéid sin le hais na mblianta roimhe sin. Cuirfear na tuarascálacha sin ar fáil go poiblí.
CAIBIDIL IV
CUMHACHTAÍ
Airteagal 6
Cumhacht chun iniúchadh a dhéanamh ar áitribh ghnó
1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin in ann aon iniúchtaí neamhfhógartha is gá dhéanamh ar ghnóthais agus comhlachais gnóthas le haghaidh Airteagail 101 agus 102 CFAE a chur i bhfeidhm. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar na cumhachtaí seo a leanas ar a laghad do na hoifigigh agus do dhaoine tionlacain eile arna údarú nó arna gceapadh ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta chun iniúchtaí den sórt sin a dhéanamh:
|
(a) |
an chumhacht chun dul isteach in aon áitreabh, ar aon talamh agus in aon mhodh iompair de chuid gnóthas agus comhlachas gnóthas; |
|
(b) |
an chumhacht chun scrúdú a dhéanamh ar na leabhair agus ar na taifid eile a bhaineann leis an ngnó, beag beann ar an meán ina bhfuil siad stóráilte, agus an ceart a bheith acu chun rochtain a fháil ar aon fhaisnéis ar a bhfuil rochtain ag an eintiteas is ábhar don iniúchadh; |
|
(c) |
an chumhacht chun cóipeanna nó sleachta as na leabhair nó na taifid sin a ghlacadh nó a fháil i bhfoirm ar bith, agus i gcás ina measfaidh siad é a bheith iomchuí, leanúint de chuardaigh den sórt sin a dhéanamh agus na cóipeanna nó na sleachta sin a roghnú in áitreabh na n-údarás iomaíochta náisiúnta nó in aon áitreabh ainmnithe eile; |
|
(d) |
an chumhacht chun aon áitreabh gnó agus aon leabhair nó taifid a shéalú ar feadh thréimhse an iniúchta agus a mhéid is gá chun críche an iniúchta; |
|
(e) |
an chumhacht chun iarraidh ar aon ionadaí ón ngnóthas nó ón gcomhlachas gnóthas nó ar aon bhall foirne den ghnóthas nó den chomhlachas gnóthas mínithe a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus cuspóir an iniúchta agus an freagra a thaifeadadh. |
2. Áiritheoidh na Ballstáit go gceanglófar ar ghnóthais agus ar chomhlachais gnóthas géilleadh do na hiniúchtaí dá dtagraítear i mír 1. I gcás ina gcuirfidh gnóthas nó comhlachas gnóthas i gcoinne iniúchta a d'ordaigh údarás iomaíochta náisiúnta riaracháin agus/nó a d'údaraigh údarás breithiúnach náisiúnta, féadfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta cúnamh riachtanach a fháil ó na póilíní nó ó údarás coibhéiseach forfheidhmiúcháin chun ligean dóibh an t-iniúchadh a dhéanamh. Féadfar cúnamh den sórt sin a fháil mar bheart réamhchúraim.
3. Ní dochar an tAirteagal seo do na ceanglais faoin dlí náisiúnta maidir le réamhúdarú iniúchtaí den chineál sin a fháil ó údarás breithiúnach náisiúnta.
Airteagal 7
Cumhacht chun iniúchadh a dhéanamh ar áitribh eile
1. I gcás ina mbeidh amhras réasúnta ann go bhfuil leabhair nó taifid eile a bhaineann leis an ngnóthas agus le hábhar an iniúchta, agus a d'fhéadfadh a bheith ábhartha chun sárú ar Airteagal 101 CFAE nó Airteagal 102 CFAE a chruthú, á gcoinneáil in aon áitribh nó in aon talamh nó modh iompair seachas iad sin dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Treoir seo, lena n-áirítear tithe na stiúrthóirí, na mbainisteoirí agus na mball foirne eile de ghnóthais nó de chomhlachais gnóthas, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin in ann iniúchtaí neamhfhógartha a dhéanamh ar aon áitribh, talamh agus modhanna iompair den sórt sin.
2. Ní dhéanfar iniúchtaí den sórt sin gan réamhúdarú ó údarás breithiúnach náisiúnta.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí sin a leagtar amach i bpointe (a), (b) agus (c) d'Airteagal 6(1) agus Airteagal 6(2) ar a laghad ag na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile atá údaraithe nó ceaptha ag údaráis iomaíochta náisiúnta chun iniúchadh a dhéanamh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.
Airteagal 8
Iarrataí ar fhaisnéis
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin ceangal a chur ar ghnóthais agus comhlachais gnóthas an fhaisnéis riachtanach ar fad a chur ar fáil laistigh de theorainn ama sonraithe, réasúnta le haghaidh Airteagail 101 agus 102 CFAE a chur i bhfeidhm. Beidh iarrataí ar fhaisnéis den sórt sin comhréireach agus ní chuirfidh siad iallach ar seolaithe na n-iarrataí sárú ar Airteagail 101 agus 102 CFAE a admháil. Cumhdófar leis an oibleagáid chun faisnéis uile is gá a chur ar fáil faisnéis a bhfuil rochtain ag gnóthais nó ag comhlachais gnóthas den sórt sin uirthi. Tabharfar de chumhacht do na húdaráis iomaíochta náisiúnta freisin chun a chur de cheangal ar aon duine eile, atá ina duine nádúrtha nó dlítheanach, faisnéis a chur ar fáil a d'fhéadfadh a bheith ábhartha i leith chur i bhfeidhm Airteagail 101 agus 102 CFAE laistigh de theorainn ama atá sonraithe agus réasúnta.
Airteagal 9
Agallaimh
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de chumhacht ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin aon ionadaí de chuid gnóthais nó de chuid comhlachas gnóthas, aon ionadaí de chuid na ndaoine dlítheanacha eile, agus aon duine nádúrtha, a d'fhéadfadh faisnéis a bheith ag ionadaí nó duine den sórt sin a bheadh ábhartha i leith chur i bhfeidhm Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 102 CFAE, a ghairm chuig agallamh.
Airteagal 10
Sárú a chinneadh agus deireadh a chur leis
1. I gcás ina gcinnfidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta go ndearnadh sárú ar Airteagal 101 CFAE nó Airteagal 102 CFAE, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta, trí chinneadh a dhéanamh, ceangal a chur ar na gnóthais agus na comhlachais gnóthas lena mbaineann deireadh a chur leis an sárú sin. Chun na críche sin, féadfaidh siad aon leigheasanna iompraíochta nó struchtúrtha a fhorchur atá comhréireach leis an sárú a rinneadh agus atá riachtanach chun deireadh a chur leis an sárú go héifeachtach. Agus rogha á déanamh idir dhá réiteach atá chomh héifeachtach céanna, roghnóidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta an réiteach a roghnú, arb é an ceann is lú ualach oibríochtúil don ghnóthas é, i gcomhréir le prionsabail na comhréireachta.
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sé de chumhacht ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta a chinneadh go ndearnadh sárú ar Airteagal 101 nó 102 CFAE san am a chuaigh thart.
2. I gcás ina gcinneann na húdaráis iomaíochta náisiúnta, tar éis dóibh an Coimisiún a chur ar an eolas faoi i gcomhréir le hAirteagal 11(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, nach bhfuil aon fhoras ann le leanúint le himeachtaí forfheidhmiúcháin, agus dá bhrí sin, go gcuireann siad deireadh leis na himeachtaí forfheidhmiúcháin sin, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta an Coimisiún ar an eolas dá réir.
Airteagal 11
Bearta eatramhacha
1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sé de chumhacht ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta gníomhú ar a dtionscnamh féin trí chinneadh a dhéanamh go bhforchuirfí bearta eatramhacha ar ghnóthais agus ar chomhlachais gnóthas, sna cásanna sin ar a laghad ina bhfuil práinn leo mar gheall ar an mbaol go ndéanfaí dochar tromchúiseach doleigheasta don iomaíocht ar bhonn cinnidh prima facie go ndearnadh sárú ar Airteagal 101 CFAE nó Airteagal 102 CFAE. Beidh cinneadh den sórt sin comhréireach agus beidh feidhm aige ar feadh tréimhse shonraithe ama a bhféadfaí síneadh a chur léi a mhéid is gá agus is cuí, nó go dtí go ndéanfar an cinneadh críochnaitheach. Cuirfidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta an Gréasán Eorpach Iomaíochta ar an eolas go ndearnadh na bearta eatramhacha sin a fhorchur.
2. Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na mbeart eatramhach dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear ar a gcuid comhréireachta, i nósanna imeachta achomhairc brostaithe.
Airteagal 12
Gealltanais
1. In imeachtaí forfheidhmiúcháin arna dtionscnamh d'fhonn cinneadh a ghlacadh lena gceanglaítear go gcuirfear deireadh le sárú ar Airteagal 101 CFAE nó Airteagal 102 CFAE, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh údaráis iomaíochta náisiúnta, tar éis dóibh dearcadh na rannpháirtithe sa mhargadh a fháil, go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil, trí chinneadh a dhéanamh, na gealltanais a thugann gnóthais nó comhlachais gnóthas a chur de cheangal, i gcás ina gcomhlíonann na gealltanais sin na hábhair imní a chuireann na húdaráis iomaíochta náisiúnta in iúl. Féadfar cinneadh den sórt sin a ghlacadh ar feadh tréimhse shonrach ama, agus tiocfar ar an gconclúid ann nach bhfuil aon fhorais ann a thuilleadh le gníomhaíocht ag an údarás iomaíochta náisiúnta lena mbaineann.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na cumhachtaí éifeachtacha ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta chun faireacháin a dhéanamh ar chur chun feidhme na ngealltanas dá dtagraítear i mír 1.
3. Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir leis na húdaráis iomaíochta náisiúnta imeachtaí forfheidhmiúcháin a athoscailt i gcás inar tháinig athruithe ábhartha ar aon cheann de na fíorais ar a raibh cinneadh dá dtagraítear i mír 1 bunaithe, i gcás ina ngníomhaíonn na gnóthais nó na comhlachais ghnóthas ar bhealach atá contrártha dá gcuid gealltanas, nó i gcás ina raibh cinneadh dá dtagraítear i mír 1 bunaithe ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach a chuir na páirtithe ar fáil.
CAIBIDIL V
FÍNEÁLACHA AGUS ÍOCAÍOCHTAÍ PIONÓSACHA TRÉIMHSIÚLA
Airteagal 13
Fíneálacha ar ghnóthais agus ar chomhlachais ghnóthas
1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin fíneálacha éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur trí chinneadh ina n-imeachtaí forfheidhmiúcháin féin, nó trína iarraidh in imeachtaí breithiúnacha neamhchoiriúla go bhforchuirfí iad, ar ghnóthais nó ar chomhlachais gnóthas i gcás ina mbeidh Airteagal 101 CFAE nó Airteagal 102 CFAE sáraithe acu, d'aon ghnó nó le faillí.
2. Áiritheoidh na Ballstáit, ar a laghad, go bhféadfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin fíneálacha éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur trí chinneadh ina n-imeachtaí forfheidhmiúcháin féin, nó trína iarraidh in imeachtaí breithiúnacha neamhchoiriúla go bhforchuirfí iad, ar ghnóthais agus ar chomhlachais gnóthas. Déanfar fíneálacha den sórt sin a chinneadh i gcomhréir lena láimhdeachas iomlán domhanda, i gcás inarb amhlaidh, d'aon ghnó nó le faillí:
|
(a) |
go mainníonn siad iniúchadh dá dtagraítear in Airteagal 6(2) a chomhlíonadh; |
|
(b) |
gur briseadh séalaí arna bhfeistiú ag oifigigh nó ag daoine tionlactha eile arna n-údarú ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 6(1); |
|
(c) |
maidir le ceist dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 6(1), go dtugann siad freagra mícheart, míthreorach, go mainníonn said nó go ndiúltaíonn siad freagra iomlán a thabhairt; |
|
(d) |
go ndéanann siad faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a thabhairt mar fhreagra ar iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 8 nó nach dtugann siad an fhaisnéis laistigh den teorainn ama arna sonrú; |
|
(e) |
go mainníonn siad teacht chuig agallamh dá dtagraítear in Airteagal 9; |
|
(f) |
go mainníonn siad cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 10, Airteagal 11 agus Airteagal 12 a chomhlíonadh. |
3. Áiritheoidh na Ballstáit go gceadaítear leis na himeachtaí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 fíneálacha éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur.
4. Ní dochar an tAirteagal seo do na dlíthe náisiúnta ina gceadaítear smachtbhannaí a fhorchur in imeachtaí breithiúnacha coiriúla ar choinníoll nach ndéanann cur i bhfeidhm na ndlíthe sin difear d'fhorfheidhmiú éifeachtach agus aonfhoirmeach Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 102 CFAE.
5. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear coincheap an ghnóthais i bhfeidhm chun críche fíneálacha a fhorchur ar mháthairchuideachtaí agus ar chomharbaí dlíthiúla agus eacnamaíocha gnóthas.
Airteagal 14
Fíneálacha a ríomh
1. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar aird ar thromchúis agus ar ré an tsáraithe agus méid na fíneála atá le forchur i leith sárú ar Airteagal 101 CFAE nó Airteagal 102 CFAE á chinneadh ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta.
2. Agus méid na fíneála á chinneadh ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta, atá le forchur mar thoradh ar shárú ar Airteagal 101 CFAE nó Airteagal 102 CFAE, féadfaidh na húdaráis sin, i gcomhréir le hAirteagal 18(3) de Threoir 2014/104/AE, aon chúiteamh a íocadh mar thoradh ar chomhshocrú toiliúil a mheas.
3. I gcás ina bhforchuirfear fíneáil ar chomhlachas gnóthas mar gheall ar shárú ar Airteagal 101 CFAE nó ar Airteagal 102 CFAE, agus aird á tabhairt ar láimhdeachas a chuid ball, agus nach mbeidh an comhlachas sócmhainneach, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ceangal ar an gcomhlachas ranníocaíochtaí a iarraidh óna chuid ball chun suim na fíneála a íoc.
4. I gcás nach ndearnadh na ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 3 ina n-iomláine laistigh de theorainn ama arna socrú ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta a éileamh go ndéanfar ceann ar bith de na gnóthais a raibh a n-ionadaithe ina gcomhaltaí de chomhlachtaí cinnteoireachta an chomhlachais an fhíneáil a íoc go díreach. Tar éis dóibh íocaíocht a iarraidh ó na gnóthais sin, i gcás inar gá chun a áirithiú go n-íoctar an fhíneáil ina hiomláine, féadfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta a éileamh go ndéanfaidh ceann ar bith de na baill den chomhlachas a bhí gníomhach sa mhargadh ina ndearnadh an sárú an méid den fhíneáil atá amuigh a íoc. Ní éileofar íocaíocht faoin mír seo, áfach, ar na gnóthais sin a léiríonn nár chuir siad cinneadh sáraitheach an chomhlachais chun feidhme agus nach raibh siad eolach air nó nár thug siad aon aird ar an gcinneadh sular cuireadh tús leis an imscrúdú.
Airteagal 15
Méid uasta na fíneála
1. Maidir leis an bhfíneáil a fhéadfaidh údaráis iomaíochta náisiúnta a fhorchur ar gach gnóthas nó comhlachas gnóthas a ghlacann páirt i sárú ar Airteagal 101 nó Airteagal 102 CFAE, áiritheoidh na Ballstáit nach lú méid uasta na fíneála ná 10 % dá láimhdeachas domhanda iomlán sa bhliain ghnó roimh an gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 13(1).
2. I gcás ina mbainfidh sárú ag comhlachas gnóthas le gníomhaíochtaí a chuid ball, ní shocrófar méid uasta na fíneála ar leibhéal atá faoi bhun 10 % de shuim láimhdeachas domhanda iomlán gach baill atá gníomhach sa mhargadh a dtéann an sárú ag an gcomhlachas i gcion air. Mar sin féin, ní mó ná an méid uasta a shocraítear i gcomhréir le mír 1 dliteanas airgeadais gach gnóthais i leith íoc na fíneála.
Airteagal 16
Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin, trí chinneadh, pionósacha tréimhsiúla atá éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach a fhorchur ar ghnóthais agus ar chomhlachais gnóthas. Déanfar íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla den sórt sin a chinneadh i gcomhréir lena meánláimhdeachas domhanda iomlán laethúil don bhliain ghnó roimhe sin in aghaidh an lae agus arna ríomh ón dáta a socraítear sa chinneadh d'fhonn iallach a chur ar na gnóthais agus ar na comhlachais gnóthas sin an méid seo a leanas a dhéanamh ar a laghad:
|
(a) |
faisnéis iomlán cheart a sholáthar, mar fhreagairt ar iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 8, |
|
(b) |
teacht chuig agallamh dá dtagraítear in Airteagal 9. |
2. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta, trí chinneadh a dhéanamh, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur ar ghnóthais agus ar chomhlachais gnóthas. Déanfar íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla den sórt sin a chinneadh i gcomhréir le meánláimhdeachas domhanda iomlán laethúil ghnóthas nó chomhlachas gnóthas den sórt sin sa bhliain ghnó roimhe sin in aghaidh an lae agus arna ríomh ón dáta a socraítear sa chinneadh d'fhonn iallach a chur orthu an méid seo a leanas a dhéanamh ar a laghad:
|
(a) |
géilleadh d'iniúchadh dá dtagraítear in Airteagal 6(2); |
|
(b) |
cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 10, Airteagal 11 agus Airteagal 12 a chomhlíonadh. |
CAIBIDIL VI
CLÁIR THRÓCAIRE DO CHAIRTÉIL RÚNDA
Airteagal 17
Díolúine ó fhíneálacha
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cláir thrócaire i bhfeidhm ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta lena gcumasófar dóibh díolúine ó fhíneálacha a dheonú do ghnóthais as rannpháirtíocht a nochtadh i gcairtéil rúnda. Ní dochar an méid sin do chláir thrócaire a bheith ar bun ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta do sháruithe nach sáruithe maidir le cairtéil rúnda iad nó do chláir thrócaire a bheith ar bun acu lena gcumasaítear dóibh díolúine ó fhíneálacha a dheonú do dhaoine nádúrtha.
2. Áiritheoidh na Ballstáit nach ndeonaítear díolúine ó fhíneálacha ach sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
go gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19; |
|
(b) |
go nochtann an t-iarratasóir a rannpháirtíocht i gcairtéal rúnda; agus |
|
(c) |
go bhfuil an gnóthas ar an gcéad cheann le fianaise a chur isteach, ar fianaise í:
|
3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh gach gnóthas incháilithe le haghaidh díolúine ó fhíneálacha cé is moite de ghnóthais a rinne bearta chun iallach a chur ar ghnóthais eile a bheith rannpháirteach i gcairtéal rúnda nó leanúint de bheith rannpháirteach ann.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta iarratasóir ar dhíolúine ar an eolas maidir le cibé ar tugadh díolúine coinníollach ó fhíneálacha dó nó nár tugadh. Féadfaidh an t-iarratasóir ar dhíolúine a iarraidh go ndéanfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta é a chur ar an eolas i scríbhinn maidir le toradh a iarratais ar dhíolúine ó fhíneálacha. I gcásanna diúltaithe, féadfaidh an t-iarratasóir lena mbaineann iarraidh ar an údarás iomaíochta náisiúnta a mheas a dhéanamh ar an iarratas ar laghdú ar fhíneálacha.
Airteagal 18
Fíneálacha a laghdú
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cláir thrócaire i bhfeidhm ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta lena gcumasófar dóibh laghdú ar fhíneálacha atá le forchur as rannpháirtíocht i gcairtéil rúnda a dheonú do ghnóthais nach gcáilíonn le haghaidh díolúine ó fhíneálacha. Ní dochar an méid sin do chláir thrócaire a bheith ar bun ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta do sháruithe nach sáruithe maidir le cairtéil rúnda iad nó do chláir thrócaire a bheith ar bun acu lena gcumasaítear dóibh laghdú fíneálacha a dheonú do dhaoine nádúrtha.
2. Áiritheoidh na Ballstáit nach ndeonófar laghdú fíneálacha ach amháin:
|
(a) |
i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19 |
|
(b) |
go nochtfaidh an t-iarratasóir a rannpháirtíocht i gcairtéal rúnda; agus |
|
(c) |
go dtabharfaidh sé fianaise ar an gcairtéal rúnda líomhnaithe don údarás iomaíochta náisiúnta arb ionann í agus breisluach suntasach chun a chruthú go ndearnadh sárú a chuimsítear faoin glár trócaire nó ar fhoráil chomhfhreagrach den dlí náisiúnta, i gcoibhneas leis an bhfianaise atá i seilbh an údaráis iomaíochta náisiúnta tráth an iarratais. |
3. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina dtabharfaidh an t-iarratasóir fianaise láidir a mbainfidh an t-údarás iomaíochta náisiúnta úsáid aisti chun fírinne tuilleadh fíoras a chruthú as a dtiocfaidh méadú ar fhíneálacha i gcomparáid leis na fíneálacha a d'fhorchuirfí ar na rannpháirtithe sa chairtéal rúnda seachas sin, ní chuirfidh an t-údarás iomaíochta náisiúnta na fíorais sin san áireamh agus fíneáil ar bith á socrú a fhorchuirfear ar an iarratasóir ar laghdú fíneálacha a chuir an fhianaise sin ar fáil.
Airteagal 19
Coinníollacha ginearálta le haghaidh trócaire
Chun cáiliú le haghaidh trócaire as rannpháirtíocht i gcairtéil rúnda, áiritheoidh na Ballstáit go gceanglaítear ar an iarratasóir na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
|
(a) |
chuir sé deireadh lena rannpháirtíocht sa chairtéal rúnda líomhnaithe díreach tar éis dó a iarratas a dhéanamh, ar a dhéanaí, seachas an méid sin a bheadh ag teastáil le réasún, i dtuairim an údaráis iomaíochta náisiúnta inniúil, chun sláine a imscrúdaithe a chaomhnú; |
|
(b) |
comhoibríonn sé go dílis agus go hiomlán ar bhonn leanúnach tapa leis an údarás iomaíochta náisiúnta ón uair a dhéanann sé iarratas go dtí go mbeidh a imeachtaí forfheidhmiúcháin in aghaidh gach páirtí atá á n-imscrúdú tugtha chun críche ag an údarás trí chinneadh a ghlacadh nó go dtí go mbeidh deireadh curtha ag an údarás lena imeachtaí forfheidhmiúcháin ar shlí eile; áirítear leis an gcomhar sin:
|
|
(c) |
nuair atá sé ag beartú iarratas a dhéanamh chuig an údarás iomaíochta náisiúnta, ní mór an méid seo a leanas gan a bheith déanta aige:
|
Airteagal 20
Foirm na ráiteas trócaire
1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil iarratasóirí is ann ráitis trócaire maidir le hiarratais iomlána nó iarratais achoimre i scríbhinn a chur isteach agus go bhfuil córas i bhfeidhm ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta freisin lena gcumasófar dóibh glacadh le ráitis den sórt sin, ó bhéal nó ar bhealaí eile, lena gceadaítear d'iarratasóirí gan seilbh a ghlacadh ar na hiarratais sin a cuireadh isteach ná na ráitis sin a choimeád ná dul i gceannas orthu.
2. Arna iarraidh sin ag an iarratasóir, déanfaidh an t-údarás iomaíochta náisiúnta a admháil i scríbhinn go bhfuair sé an t-iarratas iomlán nó achomair ar thrócaire agus luafar an dáta agus an t-am a fuarthas an t-iarratas.
3. Beidh iarratasóirí in ann ráitis trócaire a thíolacadh maidir le hiarratais iomlána nó achoimre i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla Bhallstát an údaráis iomaíochta náisiúnta lena mbaineann nó i dteanga oifigiúil eile de chuid an Aontais arna haontú go déthaobhach idir an t-údarás iomaíochta náisiúnta agus an t-iarratasóir.
Airteagal 21
Marcóirí d'iarratais ar dhíolúine ó fhíneálacha
1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar, ar dtús, áit sa scuaine le haghaidh trócaire a dheonú do ghnóthais ar mhaith leo iarratas ar dhíolúine ó fhíneálacha a dhéanamh ina ndéantar an méid sin a iarraidh amhlaidh, ar feadh tréimhse a bheidh le sonrú de réir an cháis ag an údarás iomaíochta náisiúnta, d'fhonn deis a thabhairt don t-iarratasóir an fhaisnéis agus an fhianaise riachtanach a bhailiú chun an tairseach ábhartha fianaise le haghaidh díolúine ó fhíneálacha a chomhlíonadh.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta a roghnú cé acu a dheonóidh nó nach ndeonóidh siad an iarraidh de bhun mhír 1.
Aon ghnóthas a thíolacfaidh iarraidh den sórt sin, cuirfidh sé faisnéis ar fáil, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, don údarás iomaíochta náisiúnta, amhail:
|
(a) |
ainm agus seoladh an iarratasóra; |
|
(b) |
bunús an ábhair imní as a d'eascair an t-iarratas; |
|
(c) |
ainmneacha gach gnóthas eile atá rannpháirteach nó a bhí rannpháirteach sa chairtéal rúnda líomhnaithe; |
|
(d) |
na táirgí agus na críocha lena mbaineann; |
|
(e) |
ré agus cineál iompraíocht an chairtéil rúnda líomhnaithe; |
|
(f) |
faisnéis maidir le hiarratais ar thrócaire a cuireadh san am a chuaigh thart, nó a d'fhéadfaí a chur amach anseo, chuig aon údarás iomaíochta, maidir leis an gcairtéal rúnda líomhnaithe. |
3. Aon fhaisnéis agus fianaise a chuireann an t-iarratasóir ar fáil laistigh den tréimhse shonraithe dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh na Ballstáit go measfar an fhaisnéis agus an fhianaise sin a bheith curtha isteach tráth a rinneadh an iarraidh thosaigh.
4. Beidh iarratasóirí in ann iarraidh de bhun mhír 1 a thíolacadh i dteanga oifigiúil nó i gceann de theanga oifigiúla Bhallstát an údaráis iomaíochta náisiúnta lena mbaineann nó i dteanga oifigiúil eile de chuid an Aontais a aontaíodh go déthaobhach idir an t-údarás iomaíochta náisiúnta agus an t-iarratasóir.
5. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin don fhéidearthacht go ndéanfaidh gnóthais ar mian leo iarratas a dhéanamh ar laghdú fíneálacha, iarraidh a dhéanamh ar dtús ar áit sa scuaine do thrócaire.
Airteagal 22
Iarratais achoimre
1. Áiritheoidh na Ballstáit go nglacfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta le hiarratais achoimre ó iarratasóirí a chuir iarratas ar thrócaire chuig an gCoimisiún, trí iarratas a dhéanamh ar mharcóir nó trí iarratas iomlán a dhéanamh maidir leis an gcairtéal rúnda líomhnaithe céanna, ar choinníoll go gcuimsítear níos mó ná trí Bhallstát sna hiarratais mar chríocha lena mbaineann.
2. Is éard a bheidh in iarratais achoimre cur síos gearr ar gach ceann de na nithe seo a leanas:
|
(a) |
ainm agus seoladh an iarratasóra; |
|
(b) |
ainmneacha páirtithe eile sa chairtéal rúnda líomhnaithe; |
|
(c) |
an táirge/na táirgí lena mbaineann; |
|
(e) |
ré agus cineál iompraíocht an chairtéil líomhnaithe; |
|
(e) |
an Ballstát/na Ballstáit ar dócha go mbeidh fianaise ar fáil ann/iontu; agus |
|
(f) |
faisnéis faoi iarratais eile a rinne an t-iarratasóir ar thrócaire san am atá thart nó a d'fhéadfadh sé a dhéanamh sa todhchaí i dtaca leis an gcairtéal líomhnaithe. |
3. I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún iarratas iomlán agus ina bhfaigheann na húdaráis iomaíochta náisiúnta iarratais achoimre, is é an Coimisiún a bheidh ina phríomhidirghabhálaí don iarratasóir ar thrócaire, go háirithe ó thaobh treoracha a chur ar fáil maidir le seoladh aon imscrúdaithe inmheánaigh bhreise a dhéanfaidh an t-iarratasóir, sa tréimhse sula mbeidh soiléireacht ann cibé an saothróidh nó nach saothróidh an Coimisiún an cás ina iomláine nó i bpáirt. Le linn na tréimhse sin, cuirfidh an Coimisiún na húdaráis iomaíochta náisiúnta lena mbaineann ar an eolas maidir leis an staid mar atá arna iarraidh sin dóibh.
Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta soiléirithe sonracha a iarraidh ach amháin maidir leis na nithe a leagtar síos i mír 2 sula mbeidh sé de cheangal acu iarratas iomlán a thíolacadh de bhun mhír 5.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta a gheobhaidh iarratas achoimre a fhíorú cé acu a fuair nó nach bhfuair siad iarratas achoimre ar thrócaire nó iarratas iomlán ar thrócaire roimhe sin ó iarratasóir eile i dtaca leis an gcairtéal rúnda líomhnaithe céanna tráth a gheofar iarratais den sórt sin. I gcás nach bhfuair údarás iomaíochta náisiúnta iarratas ar thrócaire den sórt sin agus ina measann sé go gcomhlíonann an t-iarratas achomair ceanglais mhír 2, cuirfidh sé an t-iarratasóir ar an eolas dá réir sin.
5. Tráth a gcuirfidh an Coimisiún na húdaráis iomaíochta náisiúnta lena mbaineann ar an eolas nach bhfuil sé i gceist aige an cás a shaothrú go hiomlán nó go páirteach, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar deis do na hiarratasóirí iarratais iomlána ar thrócaire a thíolacadh do na húdaráis iomaíochta náisiúnta lena mbaineann. Ach amháin i gcúinsí eisceachtúla, nuair atá dianghá leis le haghaidh idirdhealú cásanna nó leithdháileadh cásanna, ní fhéadfaidh údarás iomaíochta náisiúnta an t-iarratas iomlán a iarraidh ón iarratasóir sula gcuirfidh an Coimisiún na húdaráis iomaíochta náisiúnta lena mbaineann ar an eolas nach bhfuil sé i gceist aige an cás a shaothrú go hiomlán nó go páirteach. Beidh an chumhacht ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta tréimhse réasúnta ama a shonrú ar lena linn nach mór don iarratasóir an t-iarratas iomlán agus an fhianaise agus an fhaisnéis chomhfhreagrach a chur isteach. Ní dochar an méid sin do cheart an iarratasóra iarratas iomlán a thíolacadh go deonach ag tráth níos luaithe.
6. I gcás ina gcuirfidh an t-iarratasóir an t-iarratas iomlán isteach i gcomhréir le mír 6 agus laistigh den tréimhse atá sonraithe ag an údarás iomaíochta náisiúnta, áiritheoidh na Ballstáit go measfar an fhaisnéis atá istigh ann a bheith curtha isteach ar an dáta agus ag an am a cuireadh an t-iarratas achoimre isteach, ar choinníoll go gcumhdaíonn an t-iarratas achoimre an táirge nó na táirgí agus an chríoch nó na críocha céanna chomh maith le ré an chairtéil líomhnaithe chéanna leis an iarratas ar thrócaire a cuireadh isteach chuig an gCoimisiúin, a d'fhéadfadh a bheith tugtha cothrom le dáta.
Airteagal 23
An t-idirghníomhú idir iarratais ar dhíolúine ó fhíneálacha agus smachtbhannaí ar dhaoine nádúrtha
1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar stiúrthóirí, bainisteoirí agus baill foirne reatha agus iarstiúrthóirí, iarbhainisteoirí agus iarbhaill foirne eile de chuid iarratasóirí chuig údaráis iomaíochta ar dhíolúine ó fhíneálacha a chosaint go hiomlán ar aon smachtbhannaí arna bhforchur in imeachtaí breithiúnacha riaracháin agus neamhchoiriúla, i ndáil lena rannpháirtíocht sa chairtéal rúnda a chumhdaítear leis an iarratas ar dhíolúine ó fhíneálacha, maidir le sáruithe ar dhlíthe náisiúnta lena saothraítear na cuspóirí céanna leis na cuspóirí a shaothraítear le hAirteagal 101 CFAE, sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
an t-iarratas ar dhíolúine ó fhíneálacha ón ngnóthas chuig an údarás iomaíochta a bhfuil an cás á shaothrú aige, comhlíonann an t-iarratas sin an tairseach fianaise a leagtar amach i bpointe (b) agus (c) d'Airteagal 17(2); |
|
(b) |
oibríonn na stiúrthóirí, bainisteoirí agus baill foirne eile sin i ndlúthchomhar i ndáil leis an méid sin leis an údarás iomaíochta atá ag leanúint den chás agus |
|
(c) |
cuireadh iarratas ar dhíolúine ó fhíneálacha ón ngnóthas isteach sular chuir údaráis inniúla na mBallstát na stiúrthóirí, na bainisteoirí agus na baill foirne eile lena mbaineann ar an eolas maidir leis na himeachtaí as a d'eascair forchur na smachtbhannaí dá dtagraítear sa mhír seo. |
2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar stiúrthóirí, bainisteoirí agus baill foirne reatha agus iarstiúrthóirí, iarbhainisteoirí agus iarbhaill foirne eile de chuid iarratasóirí chuig údaráis iomaíochta ar dhíolúine ó fhíneálacha, go ndéanfar iad a chosaint ar aon smachtbhannaí arna bhforchur in imeachtaí breithiúnacha coiriúla, i ndáil lena rannpháirtíocht sa chairtéal rúnda a chumhdaítear leis an iarratas, maidir le sáruithe ar dhlíthe náisiúnta lena saothraítear na cuspóirí céanna leis na cuspóirí a shaothraítear le hAirteagal 101 CFAE, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 agus go gcomhoibreoidh siad go gníomhach leis an údarás ionchúisimh inniúil. Mura gcomhlíontar coinníoll an chomhair leis an údarás ionchúisimh inniúil, féadfaidh an t-údarás sin leanúint den imscrúdú.
3. D'fhonn comhréireacht a áirithiú le prionsabail a gcóras dlíthiúil, ar prionsabail atá ann cheana, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, de mhaolú ar mhír 2, go bhfuil na húdaráis inniúla in ann gan smachtbhanna a fhorchur nó an smachtbhanna atá le forchur a mhaolú a mhéid a bheidh rannchuidiú na ndaoine aonair, dá dtagraítear i mír 1, le brath agus imscrúdú an chairtéil rúnda, níos treise ná an leas maidir le hionchúiseamh a dhéanamh agus/nó smachtbhannaí a fhorchur ar na daoine aonair sin.
4. Ionas go bhfeidhmeoidh an chosaint dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 3 i gcásanna ina bhfuil níos mó ná dlínse amháin i gceist, déanfaidh na Ballstáit foráil i gcásanna ina bhfuil an t-údarás inniúil smachtbhannaí nó ionchúisimh i ndlínse nach dlínse an údaráis iomaíochta é a bhfuil an cás á shaothrú aige, déanfaidh údarás iomaíochta náisiúnta dhlínse an údaráis inniúil smachtbhannaí nó ionchúisimh an teagmháil is gá eatarthu a áirithiú.
5. Ní dochar an tAirteagal seo do cheart na n-íospartach a d'fhulaing díobháil mar thoradh ar shárú ar dhlí na hiomaíochta cúiteamh iomlán a éileamh as an díobháil sin, i gcomhréir le Treoir 2014/104/AE.
CAIBIDIL VII
CÚNAMH FRITHPHÁIRTEACH
Airteagal 24
Comhar idir na húdaráis iomaíochta náisiúnta
1. I gcás ina ndéanfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin iniúchadh nó agallamh thar ceann údarás iomaíochta eile, agus mar gheall air, de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, tabharfar cead d'oifigigh agus do dhaoine tionlacain eile atá údaraithe ag an údarás iomaíochta náisiúnta is iarratasóir dul chuig an údarás iomaíochta náisiúnta iarrtha agus cabhrú leis go gníomhach san iniúchadh nó san agallamh nuair a dhéanann an t-údarás iarrtha na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6, Airteagal 7 agus Airteagal 9 den Treoir seo a fheidhmiú, faoi mhaoirseacht oifigigh an údaráis iarrtha.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht do na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin ina gcríoch féin na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 6 go 9 den Treoir seo a fheidhmiú, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta ar son agus na n-údarás iomaíochta náisiúnta eile agus do chuntas na n-údarás sin le fáil amach ar mhainnigh gnóthais nó comhlachais gnóthas na bearta imscrúdaitheacha agus cinntí ón údarás is iarratasóir, dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 8 go 12 den Treoir seo, a chomhlíonadh. Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis náisiúnta is iarratasóirí agus na húdaráis náisiúnta iarrtha faisnéis a mhalartú agus a úsáid mar fhaisnéis chun na críche sin, faoi réir na mbeart coimirce a leagtar amach in Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003.
Airteagal 25
Iarrataí ar fhógra a thabhairt faoi réamhagóidí agus faoi dhoiciméid eile
Gan dochar d'aon fhoirm eile fógra a thabharfaidh údarás is iarratasóir i gcomhréir leis na rialacha atá i bhfeidhm ina Bhallstát, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an t-údarás iarrtha, arna iarraidh sin ag an údarás is iarratasóir, fógra a thabhairt don eintiteas lena mbaineann thar ceann an údaráis is iarratasóir:
|
(a) |
aon réamhagóidí in aghaidh an tsáraithe líomhnaithe ar Airteagail 101 agus 102 CFAE agus in aghaidh aon chinntí lena gcuirtear na hairteagail sin i bhfeidhm; |
|
(b) |
aon ghníomh nós imeachta eile a glacadh i gcomhthéacs imeachtaí forfheidhmiúcháin ar cheart fógra a thabhairt ina leith i gcomhréir leis an dlí náisiúnta; agus |
|
(c) |
aon doiciméid ábhartha eile a bhaineann le hAirteagail 101 agus 102 CFAE a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear doiciméid a bhaineann le forfheidhmiú cinntí lena bhforchuirtear fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla. |
Airteagal 26
Iarrataí ar fhorfheidhmiú cinntí lena bhforchuirtear fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
1. Áiritheoidh na Ballstáit, arna iarraidh sin ag an údarás is iarratasóir, go bhforfheidhmeoidh an t-údarás iarrtha cinntí lena bhforchuirtear fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 agus Airteagal 16 ag an údarás is iarratasóir. Ní bheidh feidhm ag an méid sin ach sa mhéid, tar éis dó iarrachtaí réasúnta a dhéanamh ina chríoch féin, go gcinneann an t-údarás is iarratasóir nach bhfuil dóthain sócmhainní ag an ngnóthas a bhfuil an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil infhorfheidhmithe ina choinne i mBallstát an údaráis is iarratasóir chun go bhféadfar an fhíneáil nó an pionós tréimhsiúil sin a aisghabháil.
2. I gcásanna nach gcumhdaítear le mír 1 den Airteagal seo, go háirithe cásanna nach bhfuil an gnóthas, a bhfuil an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil infhorfheidhmithe ina choinne, bunaithe i mBallstát an údaráis is iarratasóir, déanfaidh na Ballstáit a fhoráil, arna iarraidh sin don údarás is iarratasóir, go bhféadfaidh an t-údarás iarrtha cinntí, lena bhforchuirtear fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, agus a ghlacann an t-údarás is iarratasóir i gcomhréir le hAirteagal 13 agus Airteagal 16, go bhféadfaidh sé iad a fhorfheidhmiú.
Ní bheidh feidhm ag pointe (d) d'Airteagal 27(3) chun críocha na míre seo.
3. Ní fhéadfaidh an t-údarás is iarratasóir iarraidh ar fhorfheidhmiú a dhéanamh ach amháin i gcás cinneadh críochnaitheach.
4. Is le dlí náisiúnta an Bhallstáit is iarratasóir a rialófar ceisteanna faoi thréimhsí teorann d'fhorfheidhmiú fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla..
Airteagal 27
Prionsabail ghinearálta chomhair
1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an t-údarás iarrtha na hiarrataí dá dtagraítear in Airteagal 25 agus Airteagal 26 a fhorghníomhú i gcomhréir le dlí náisiúnta Bhallstát an údaráis iarrtha.
2. Déanfar iarrataí dá dtagraítear in Airteagal 25 agus Airteagal 26 gan moill mhíchuí trí bhíthin ionstraim aonfhoirmeach a mbeidh cóip den ghníomh a ndéanfar fógra ina leith nó atá le forfheidhmiú ag gabháil léi, agus léireofar an méid seo a leanas sa chóip sin:
|
(a) |
ainm an tseolaí agus an seoladh atá ar eolas ina leith, chomh maith le haon sonraí nó faisnéis eile chun an seolaí a shainaithint; |
|
(b) |
achoimre ar na fíorais agus na cúinsí ábhartha; |
|
(c) |
cur síos ar an ngníomh atá ag gabháil léi; |
|
(d) |
ainm, seoladh agus sonraí teagmhála eile an údaráis iarrtha; agus |
|
(e) |
an tréimhse ar cheart fógra nó forfheidhmiú a thabhairt lena linn amhail spriocanna reachtúla nó tréimhsí teorann. |
3. I gcás iarrataí dá dtagraítear in Airteagal 26, anuas ar na ceanglais a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, léireoidh an ionstraim aonfhoirmeach:
|
(a) |
faisnéis maidir leis an gcinneadh lena gceadaítear forfheidhmiú i mBallstát an údaráis is iarratasóir |
|
(b) |
an dáta óna bhfuil éifeacht res judicata leis an gcinneadh; |
|
(c) |
méid na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla; agus |
|
(d) |
faisnéis lena léirítear na hiarrachtaí réasúnta a rinneadh an t-údarás is iarratasóir an cinneadh a fhorfheidhmiú ar a chríoch féin. |
4. Is í an ionstraim aonfhoirmeach lena gceadaítear forfheidhmiú ag an údarás iarrtha an t-aon bhonn amháin a bheidh leis na bearta forfheidhmiúcháin a thabharfaidh an t-údarás iarrtha, ar choinníoll go gcomhlíonfar na ceanglais dá dtagraítear i mír 2. Ní bheidh an ionstraim faoi réir aon ghnímh arb é is aidhm dó an ionstraim sin a aithint, a fhorlíonadh ná a athsholáthar sa Bhallstát den údarás iarrtha. Déanfaidh an t-údarás iarrtha na bearta uile is gá chun an t-iarratas seo a fhorghníomhú, mura rud é go ndéanann an t-údarás iarrtha mír 6 a agairt.
5. Áiritheoidh an t-údarás is iarratasóir go ndéantar an ionstraim aonfhoirmeach a sheoladh chuig an údarás iarrtha i dteanga oifigiúil nó i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit den údarás iarrtha, nó in aon teanga eile arna haontú go déthaobhach idir an t-údarás iarrtha agus an t-údarás is iarratasóir ar bhonn cás ar chás. I gcás inar gá faoi dhlí an Bhallstáit den údarás iarrtha, cuirfidh an t-údarás is iarratasóir aistriúchán ar fáil den doiciméad a bhfuil fógra le tabhairt ina leith nó den chinneadh lena gceadaítear forfheidhmiú na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla, agus an t-aistriúchán sin go teanga oifigiúil nó go ceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit den údarás iarrtha. Ní dochar an méid sin, do cheart an údárais iarrtha agus don údarás is iarratasóir gurb i dteanga ar bith eile arna haontú go déthaobhach idir an t-údarás iarrtha agus an t-údarás is iarratasóir ar bhonn cás ar chás a fhéadfar an t-aistriúchán a chur ar fáil.
6. Ní bheidh sé d'oibleagáid ar an údarás iarrtha iarraidh a fhorghníomhú dá dtagraítear in Airteagal 25 nó Airteagal 26 i gcás:
|
(a) |
nach gcomhlíonann an iarraidh riachtanais an Rialacháin seo; nó |
|
(b) |
ina bhfuil an t-údarás iarrtha in ann forais réasúnacha a thaispeáint ina léirítear go mbeadh sé sin contrártha go follasach do bheartas poiblí an Bhallstáit ina bhfuil an forfheidhmiú á iarraidh. |
Má tá sé i gceist ag an údarás iarrtha iarraidh ar chúnamh dá dtagraítear in Airteagal 25 nó 26 a dhiúltú nó má theastaíonn faisnéis bhreise uaidh, rachaidh sé i dteagmháil leis an údarás is iarratasóir.
7. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina n-iarrfaidh an t-údarás iarrtha é, go seasann an t-údarás is iarratasóir na costais bhreise réasúnta uile, lena n-áirítear costais aistriúcháin, saothair agus riaracháin, maidir le gníomhartha a rinneadh dá dtagraítear in Airteagal 24 nó Airteagal 25.
8. Féadfaidh an t-údarás iarrtha na costais iomlána arna dtabhú maidir le gníomhaíocht a rinneadh dá dtagraítear in Airteagal 26 ó na fíneálacha nó na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailigh sé don údarás is iarratasóir a aisghabháil, lena n-áirítear costais aistriúcháin, saothair agus riaracháin. Mura n-éiríonn leis an údarás iarrtha na fíneálacha nó na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailiú, féadfaidh sé iarraidh ar an údarás is iarratasóir na costais arna dtabhú a sheasamh.
Tá de chead ag na Ballstáit a fhoráil go bhféadfaidh an t-údarás iarrtha na costais arna dtabhú ó chinntí den sórt sin a fhorfheidhmiú a aisghabháil ón ngnóthas a bhfuil an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil in-fhorfheidhmithe ina leith.
Déanfaidh an t-údarás iarrtha na méideanna atá dlite in airgeadra a Bhallstáit a aisghabháil, i gcomhréir leis na dlíthe, rialacháin agus nósanna imeachta nó cleachtais riaracháin sa Bhallstát sin.
Déanfaidh an t-údarás iarrtha, más gá amhlaidh, i gcomhréir lena dhlí agus lena chleachtais náisiúnta, na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a chomhshó in airgeadra Bhallstát an údaráis iarrtha ag an ráta malairte a bhfuil feidhm aige ar an dáta a forchuireadh na fíneálacha nó na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla.
Airteagal 28
Díospóidí a bhaineann le hiarrataí ar fhógra a thabhairt agus ar fhorfheidhmiú cinntí lena bhforchuirtear fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
1. Tiocfaidh díospóidí faoi inniúlacht chomhlachtaí inniúla Bhallstát an údaráis is iarratasóir agus rialófar iad le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin:
|
(a) |
dlíthiúlacht birt a bhfuil fógra le tabhairt faoi i gcomhréir le hAirteagal 25 nó cinnidh atá le forchur i gcomhréir le hAirteagal 26; agus |
|
(b) |
an ionstraim aonfhoirmeach lena gceadaítear forfheidhmiú i mBallstát an údaráis iarrtha,. |
2. Díospóidí a bhaineann leis na bearta forfheidhmiúcháin arna ndéanamh i mBallstát an údaráis iarrtha nó a bhaineann le bailíocht fógra arna thabhairt ag an údarás iarrtha, tiocfaidh siad faoi inniúlacht chomhlachtaí inniúla Bhallstáit an údaráis iarrtha agus rialófar iad leis dlí náisiúnta an Bhallstáit sin.
CAIBIDIL VIII
TRÉIMHSÍ TEORANN
Airteagal 29
Rialacha maidir le tréimhsí teorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur
1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na tréimhsí teorann do na húdaráis iomaíochta náisiúnta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur de bhun Airteagal 13 agus Airteagal 16 a chur ar fionraí nó a bhriseadh ar feadh fhad na n-imeachtaí forfheidhmiúcháin os comhair údaráis iomaíochta náisiúnta de chuid Ballstáit eile nó os comhair an Choimisiúin i dtaca le sárú lena mbaineann an comhaontú céanna, an cinneadh comhlachais céanna nó an cleachtas comhbheartaithe céanna nó iompar eile a thoirmisctear le hAirteagal 101 nó 102 CFAE.
Déanfar an tréimhse teorann a chur ar fionraí nó a bhriseadh ón tráth a ndéanfar an chéad bheart imscrúdaitheach foirmiúil a fhógairt do ghnóthas amháin, ar a laghad, atá faoi réir na n-imeachtaí forfheidhmiúcháin. Beidh feidhm aige maidir le gach gnóthas nó comhlachas gnóthas a bhí rannpháirteach sa sárú.
Cuirfear deireadh leis an bhfionraíocht nó leis an mbriseadh ar an lá a chuireann an t-údarás deireadh leis na himeachtaí forfheidhmiúcháin, trí chinneadh a dhéanamh, dá dtagraítear in Airteagail 10, 12 nó 13 den Treoir seo nó de bhun Airteagail 7, 9 nó 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, nó a chinneann sé nach bhfuil aon fhorais le tuilleadh gníomhaíochta uaidh. Ní dochar ré na fionraíochta nó na bristeacha do dhearbhthréimhsí teorann dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta.
2. An tréimhse teorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ag údarás iomaíochta náisiúnta, cuirfear ar fionraí í nó brisfear í fad atá cinneadh an údaráis sin faoi réir imeachtaí atá ar feitheamh os comhair cúirt athbhreithnithe.
3. Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear fógra maidir le tús beart imscrúdaitheach foirmiúil a fhaightear ó údarás iomaíochta náisiúnta faoi Airteagal 11(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ar fáil d'údaráis iomaíochta náisiúnta na mBallstát eile sa Ghréasán Eorpach Iomaíochta.
CAIBIDIL IX
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 30
Ról na n-údarás iomaíochta náisiúnta riaracháin os comhair cúirteanna náisiúnta
1. Na Ballstáit a ainmneoidh idir údarás iomaíochta náisiúnta riaracháin agus údarás iomaíochta náisiúnta breithiúnach chun Airteagail 101 agus 102 CFAE a fhorfheidhmiú, áiritheoidh siad go bhféadfaidh an t-údarás iomaíochta náisiúnta riaracháin an chaingean a thabhairt go díreach os comhair an údaráis iomaíochta náisiúnta bhreithiúnaigh.
2. A mhéid a bheidh na cúirteanna náisiúnta ag gníomhú mar chúirteanna athbhreithnithe in imeachtaí arna dtionscnamh in aghaidh cinntí arna ndéanamh ag údaráis iomaíochta náisiúnta lena ndéantar na cumhachtaí dá dtagraítear i gCaibidil IV agus in Airteagail 13 agus 16 den Treoir seo a fheidhmiú chun Airteagal 101 CFAE nó Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear forfheidhmiú fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla arna bhforchur i dtaca leis an méid sin, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh teidlíocht iomlán ag an údarás iomaíochta náisiúnta as féin chun páirt a ghlacadh sna himeachtaí sin de réir mar is iomchuí, mar ionchúisitheoir, mar chosantóir nó mar fhreagróir agus go mbeidh aige na cearta céanna le páirtí poiblí den sórt sin sna himeachtaí sin.
3. Tabharfar de chumhacht don údarás iomaíochta náisiúnta riaracháin achomharc a dhéanamh, leis na cearta céanna a leagtar amach i mír 2, i gcoinne:
|
(a) |
cinntí ó chúirteanna náisiúnta lena bhfógraítear cinntí a bhaineann le hAirteagal 101 CFAE nó Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm, dá dtagraítear i gCaibidil IV agus Airteagail 13 agus 16 den Treoir seo, lena n-áirítear forfheidhmiú fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a forchuireadh i ndáil leis an méid sin; agus |
|
(b) |
diúltú ó údarás breithiúnach náisiúnta réamhúdarú d'imscrúdú a dheonú dá dtagraítear in Airteagal 6 agus Airteagal 7 den Treoir seo, a mhéid is gá údarú den sórt sin. |
Airteagal 31
Rochtain ar an gcomhad ag páirtithe agus teorainneacha maidir le faisnéis a úsáid
1. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, i gcás ina n-éilíonn údarás iomaíochta náisiúnta ar dhuine nádúrtha faisnéis a thabhairt ar bhonn bearta dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 6(1), Airteagal 8 nó Airteagal 9, ní úsáidfear an fhaisnéis sin mar fhianaise chun smachtbhannaí a fhorchur ar an duine nádúrtha sin nó ar gharghaolta leis an duine sin.
2. Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar na húdaráis iomaíochta náisiúnta, a n-oifigigh, a bhaill foirne ná aon duine eile a oibríonn faoi mhaoirseacht na n-údarás sin, faisnéis a fuarthas ar bhonn na gcumhachtaí dá dtagraítear sa Treorach seo agus faisnéis atá cumhdaithe faoi oibleagáid na rúndachta gairmiúla a nochtadh, ach amháin i gcásanna ina cheadaítear nochtadh den sórt sin faoin dlí náisiúnta.
3. Áiritheoidh na Ballstáit nach dtabharfar rochtain ar na ráitis trócaire ná ar na haighneachtaí socraíochtaí ach do pháirtithe faoi réir na n-imeachtaí ábhartha agus chun críocha a gcearta cosanta a fheidhmiú amháin.
4. Áiritheoidh na Ballstáit nach féidir leis an bpáirtí dar tugadh rochtain ar an gcomhad maidir le himeachtaí forfheidhmiúcháin na n-údarás iomaíochta náisiúnta úsáid a bhaint as faisnéis arna tógáil ó na ráitis trócaire agus aighneachtaí socraíochta ach amháin nuair is gá sin chun a chearta cosanta a fheidhmiú in imeachtaí os comhair chúirteanna na mBallstát i gcásanna a bhaineann go díreach leis an gcás ar deonaíodh an rochtain ina leith, agus a bhaineann leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
leithdháileadh fíneála idir rannpháirtithe cairtéil a d'fhorchuir údarás iomaíochta náisiúnta orthu i gcomhpháirt agus go leithleach; nó |
|
(b) |
athbhreithniú ar chinneadh a rinne údarás iomaíochta náisiúnta gurbh ann do shárú ar Airteagal 101 CFAE nó Airteagal 102 CFAE nó ar fhorálacha den dlí iomaíochta náisiúnta. |
5. Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis na catagóirí faisnéise seo a leanas arna bhfáil ag páirtí le linn imeachtaí forfheidhmiúcháin os comhair údarás iomaíochta náisiúnta, nach n-úsáidfidh an páirtí sin in imeachtaí os comhair na gcúirteanna náisiúnta iad sula mbeidh deireadh curtha ag an údarás iomaíochta náisiúnta lena chuid imeachtaí i gcoinne gach páirtí atá faoi imscrúdú trí chinneadh a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 10 go 12 nó sular chuir sé deireadh lena imeachtaí ar shlí eile:
|
(a) |
faisnéis a d'ullmhaigh daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile i gcomhair imeachtaí forfheidhmiúcháin an údarás iomaíochta náisiúnta go sonrach; |
|
(b) |
faisnéis a tharraing an t-údarás iomaíochta náisiúnta suas agus a chuir sé chuig na páirtithe le linn na n-imeachtaí forfheidhmiúcháin; agus |
|
(c) |
aighneachtaí socraíochtaí a tarraingíodh siar. |
6. Áiritheoidh na Ballstáit nach malartófar na ráitis trócaire ach idir údaráis iomaíochta náisiúnta de bhun Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003:
|
(a) |
le toiliú an iarratasóra; nó |
|
(b) |
i gcás ina bhfuil iarratas ar thrócaire a bhaineann leis an sárú céanna faighte ón iarratasóir céanna ag an údarás a gheobhadh ráiteas agus ag údarás iomaíochta náisiúnta a tharchurtha, ar choinníoll nach bhfuil, tráth a dtarchuirfí an ráiteas trócaire, an deis ar fáil don iarratasóir an fhaisnéis a tharraingt siar a chuir sé faoi bhráid an údaráis iomaíochta náisiúnta a gheobhadh ráiteas trócaire. |
7. Beidh feidhm ag míreanna 3 go 6 gan beann ar an bhfoirm ina gcuirfear isteach na ráitis trócaire de bhun Airteagal 20.
Airteagal 32
Inghlacthacht fianaise os comhair údaráis iomaíochta náisiúnta
Áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar doiciméid, ráitis ó bhéal, teachtaireachtaí leictreonacha, taifeadtaí agus gach mír eile a chuimsíonn faisnéis, beag beann ar an bhfoirm ina bhfuil sé agus ar an meán ina bhfuil an fhaisnéis stóráilte, ar na cineálacha cruthúnais atá inghlactha mar fhianaise os comhair údarás iomaíochta náisiúnta.
Airteagal 33
Oibriú an Ghréasáin Eorpaigh Iomaíochta
1. Is as buiséad ginearálta an Aontais, faoi chuimsiú na leithreasuithe atá ar fáil, a fhreastalófar ar na costais a thabhóidh an Coimisiún i dtaca le cothabháil agus forbairt a dhéanamh ar chóras an Ghréasáin Eorpaigh Iomaíochta agus le comhar laistigh den Ghréasán Eorpach Iomaíochta.
2. Beidh an Gréasán Eorpach Iomaíochta in ann forbairt agus, i gcás inarb iomchuí, dea-chleachtais agus moltaí a fhoilsiú ar ábhair amhail an neamhspleáchas, acmhainní, cumhachtaí, fíneálacha agus cúnamh frithpháirteach.
CAIBIDIL X
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 34
Trasuí
1. Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 4 Feabhra 2021. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 35
Athbhreithniú
Faoin 12 Nollaig 2024, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir le trasuí agus cur chun feidhme na Treorach seo. Nuair is iomchuí, féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir seo agus, más gá sin, féadfaidh sé togra reachtach a thíolacadh.
Airteagal 36
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 37
Seolaithe
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna déanamh in Strasbourg, an 11 Nollaig 2018.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BOGNER-STRAUSS
(1) IO C 345, 13.10.2017, lch. 70.
(2) Seasamh ó Pharliamint na hEorpa an 14 Samhain 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil)] agus Cinneadh ón gComhairle an 4 Nollaig 2018.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagal 81 agus in Airteagal 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lch. 1).
(4) Treoir 2014/104/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le rialacha áirithe lena rialaítear caingne i leith damáistí faoin dlí náisiúnta maidir le sáruithe ar fhorálacha dhlí iomaíochta thíortha AE agus an Aontais Eorpaigh
(5) Cinneadh Réime 2005/214/CGB ón gComhairle maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm ar phionóis airgeadais (IO L 76, 22.3.2005, lch. 16).
(6) Cinneadh (AE) 2015/2240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 lena mbunaítear clár maidir le réitigh idir-inoibritheachta agus le creataí comhchoiteanna d'údaráis riaracháin phoiblí, do ghnólachtaí agus do shaoránaigh na hEorpa (clár ISA2) chun an earnáil phoiblí a nuachóiriú (IO L 318, 4.12.2015, lch. 1).
Dearbhú ón gCoimsiún
Tugann an Coimisiún dá aire an téacs atá in Airteagal 11 arna chomhaontú ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle maidir le bearta eatramhacha.
Is féidir le bearta eatramhacha bheith mar phríomhuirlis d'údaráis iomaíochta lena áirithiú nach ndéantar dochar d'iomaíocht fad is atá imscrúdú ar siúl.
D'fhonn cur ar chumas údarás iomaíochta déileáil le forbairtí i margaí broidiúla ar bhealach níos éifeachtaí, geallann an Coimisiún go dtabharfaidh sé faoi anailís le fíorú an bhfuil modhanna ann chun glacadh beart eatramhach a shimpliú laistigh den Ghréasán Eorpach Iomaíochta laistigh de dhá bhliain ó dháta thrasuí na Treorach seo. Tíolacfar torthaí an mhéid sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.