|
6.12.2019 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 316/1 |
CINNEADH (AE) 2019/2071 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE
an 5 Nollaig 2019
lena gceaptar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (1), agus go háirithe Airteagal 53(1) de,
Ag féachaint do liosta na n‐iarrthóirí arna tharraingt suas ag an gCoimisiún Eorpach an 30 Deireadh Fómhair 2019, i gcomhréir le hAirteagal 53(1) de Rialachán (AE) 2018/1725, tar éis glao poiblí ar iarrthóirí, d’fhonn an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a cheapadh,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh 2014/886/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ceapadh Giovanni BUTTARELLI, Uas. mar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus ceapadh Wojciech Rafał WIEWIÓROWSKI, Uas. mar an Maoirseoir Cúnta, don tréimhse ón 4 Nollaig 2014 go dtí an 5 Nollaig 2019. |
|
(2) |
Cailleadh Giovanni BUTTARELLI, Uas. an 20 Lúnasa 2019. I gcomhréir le hAirteagal 100(4) de Rialachán (AE) 2018/1725, tháinig an Maoirseoir Cúnta, dá bhrí sin, in áit an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí don chuid eile de théarma oifige an Mhaoirseora Chúnta, a thagann chun deiridh an 5 Nollaig 2019. |
|
(3) |
Tá an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí le ceapadh de thoil a chéile ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar feadh tréimhse cúig bliana ón 6 Nollaig 2019, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déantar leis seo Wojciech Rafał WIEWIÓROWSKI, Uas. a cheapadh mar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí don tréimhse ón 6 Nollaig 2019 go dtí an 5 Nollaig 2024.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 5 Nollaig 2019.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2019.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. LINTILÄ
(1) IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.
(2) Cinneadh 2014/886/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Nollaig 2014 lena gceaptar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus an Maoirseoir Cúnta (IO L 351, 9.12.2014, lch 9).