|
30.10.2019 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 278/1 |
CINNEADH (AE) 2019/1810 ÓN GCOMHAIRLE EORPACH
arna dhéanamh i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe
an 29 Deireadh Fómhair 2019
lena gcuirtear síneadh leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3)CAE
TÁ AN CHOMHAIRLE EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 50(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 29 Márta 2017, thug an Ríocht Aontaithe fógra don Chomhairle Eorpach go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach ("Euratom") i gcomhréir le hAirteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a bhfuil feidhm aige maidir le Euratom de bhua Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 50 CAE, chaibidligh an tAontas Eorpach comhaontú leis an Ríocht Aontaithe lena leagtar amach na socruithe dá tarraingt siar, ag féachaint don chreat don chaidreamh a bheidh aici leis an Aontas sa todhchaí. |
|
(3) |
An 25 Samhain 2018, d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an dréacht-Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach ("an Comhaontú um Tharraingt Siar") agus d'fhormheas sí an Dearbhú Polaitiúil lena leagtar amach an creat don chaidreamh a bheidh ann sa todhchaí idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann ("An Dearbhú Polaitiúil"). An 11 Eanáir 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/274 (1) maidir le síniú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar (2). |
|
(4) |
De réir Airteagal 50(3) CAE, tá na Conarthaí le scor d'fheidhm a bheith acu maidir leis an mBallstát atá ag tarraingt siar ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar nó, ina éagmais sin, dhá bhliain tar éis an fhógra, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an mBallstát i dtrácht, an tréimhse sin a shíneadh. |
|
(5) |
Le Cinneadh (AE) 2019/476 (3), chinn an Chomhairle Eorpach ar dtús, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, síneadh a chur leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3) CAE go dtí an 12 Aibreán 2019. Cuireadh síneadh breise leis an tréimhse sin go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2019 le Cinneadh (AE) 2019/584 ón gComhairle arna dhéanamh i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe (4). |
|
(6) |
Tar éis caibidlíocht idir idirbheartaithe an Aontais agus na Ríochta Aontaithe le linn mhí Mheán Fómhair agus mhí Dheireadh Fómhair 2019, thángthas ar chomhaontú i dtaca le téacs athbhreithnithe den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann atá san áireamh sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, agus i dtaca le hoiriúnuithe teicniúla riachtanacha ar Airteagail 184 agus 185 den Chomhaontú sin, agus i dtaca le téacs athbhreithnithe an Dearbhaithe Pholaitiúil. An 17 Deireadh Fómhair 2019, d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an Comhaontú leasaithe um Tharraingt Siar agus d'fhormheas sí téacs athbhreithnithe an Dearbhaithe Pholaitiúil. An 21 Deireadh Fómhair 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/1750 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2019/274 (5) maidir le síniú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar. |
|
(7) |
Thíolaic an Ríocht Aontaithe, an 19 Deireadh Fómhair 2019, iarraidh ar an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 50(3) CAE a shíneadh go dtí an 31 Eanáir 2020. Deirtear san iarraidh gurb amhlaidh, más rud é go bhfuil na páirtithe in ann an Comhaontú a dhaingniú roimh an 31 Eanáir 2020, go molann an Rialtas gur cheart an tréimhse a fhoirceannadh go luath. |
|
(8) |
Thug Rialtas RA isteach an reachtaíocht is gá chun leanúint ar aghaidh leis an gComhaontú um Tharraingt Siar a dhaingniú. An 21 Deireadh Fómhair 2019, d'fhormheas Comhairle an Aontais Eorpaigh an dréacht-Chinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus chuir sé ar aghaidh é chuig Parlaimint na hEorpa d'fhonn a toiliú a fháil. Níl na nósanna imeachta inmheánacha is gá chun an Comhaontú um Tharraingt Siar a dhaingniú curtha i gcrích ag an Aontas ná ag an Ríocht Aontaithe go fóill. Táthar i mbun plé a dhéanamh sa Ríocht Aontaithe ar an gcaoi le saincheist an daingniúcháin a réiteach, agus tá sé molta ag Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe gur cheart olltoghchán a thionól. |
|
(9) |
Chun go bhféadfar bailchríoch a chur ar dhaingniú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, aontaíonn an Chomhairle Eorpach le síneadh breise go dtí an 31 Eanáir 2020. |
|
(10) |
Meabhraíonn an Chomhairle Eorpach gurb amhlaidh, faoi Airteagal 50(3) CAE, go bhféadfadh an Comhaontú um Tharraingt Siar teacht i bhfeidhm ar dháta ba luaithe, i gcás ina gcuirfeadh na Páirtithe a nósanna imeachta daingniúcháin faoi seach i gcrích roimh dheireadh na tréimhse faoi Airteagal 50(3) CAE. Dá thoradh sin, ba cheart an tarraingt siar a dhéanamh an chéad lá den mhí tar éis chur i gcrích na nósanna imeachta daingniúcháin nó an 1 Feabhra 2020, cibé acu is túisce. |
|
(11) |
Ní féidir ligean don síneadh breise seo dochar a dhéanamh do ghnáthfheidhmiú an Aontais ná a institiúidí. Fairis sin, beidh mar iarmhairt aige go leanfaidh an Ríocht Aontaithe de bheith ina Ballstát go dtí dáta nua na tarraingthe siar, go mbeidh na cearta uile aici agus na hoibleagáidí uile uirthi i gcomhréir le hAirteagal 50 CAE, lena n-áirítear an oibleagáid iarrthóir a mholadh lena cheapadh mar chomhalta den Choimisiún Eorpach. Meabhraítear go mbeidh an ceart ag an Ríocht Aontaithe an fógra a thug sí a chúlghairm tráth ar bith. Tugann an Chomhairle Eorpach dá haire an gealltanas a thug an Ríocht Aontaithe gníomhú go cuiditheach agus go freagrach i gcaitheamh thréimhse an tsínidh i gcomhréir le dualgas an chomhair dhílis agus tá sí ag súil go gcomhlíonfaidh an Ríocht Aontaithe an gealltanas agus an dualgas Conarthach sin ar mhodh a léireoidh a cás mar Bhallstát atá ag tarraingt siar. Chuige sin, éascóidh an Ríocht Aontaithe gnóthú chúraimí an Aontais agus staonfaidh sí ó aon bheart a d'fhéadfadh gnóthú chuspóirí an Aontais a chur i gcontúirt, go háirithe nuair a bheidh sí rannpháirteach i bpróisis chinnteoireachta an Aontais. |
|
(12) |
Tiocfaidh deireadh le sainorduithe leanúnacha chomhaltaí na n-institiúidí, na gcomhlachtaí, na n‐oifigí agus na ngníomhaireachtaí de chuid an Aontais a ainmníodh, a ceapadh nó a toghadh i dtaca le comhaltas na Ríochta Aontaithe san Aontas a luaithe a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe, i.e. ar dháta na tarraingthe siar. |
|
(13) |
Eisiatar, leis an síneadh seo, aon ath-oscailt ar an gComhaontú um Tharraingt Siar. Aon ghealltanas nó ráiteas aontaobhach nó gníomh aontaobhach eile arna dhéanamh ag an Ríocht Aontaithe, ba cheart é a bheith ag luí le fuarlitir agus le spiorad an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, agus ní fhéadfaidh sé cur isteach ar a chur chun feidhme. Ní fhéadfar síneadh den sórt sin a úsáid chun tús a chur leis an gcaibidlíocht faoin gcaidreamh a bheidh ann sa todhchaí. |
|
(14) |
Faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 50(4) CAE, níor ghlac an Ríocht Aontaithe páirt i bpléití na Comhairle Eorpaí maidir leis an gcinneadh seo ná ina ghlacadh. Mar sin féin, mar a leagtar amach sa litir ó Phríomh-Aire na Ríochta Aontaithe an 28 Deireadh Fómhair 2019, d'aontaigh sí, i gcomhréir le hAirteagal 50(3) CAE, go gcuirfí síneadh leis an tréimhse dá dtagraítear san Airteagal sin agus leis an gcinneadh seo, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Leis seo, cuirtear síneadh breise, go dtí an 31 Eanáir 2020, leis an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 50(3) CAE, arna síneadh le Cinneadh (AE) 2019/584 ón gComhairle Eorpach.
2. I gcomhréir le hAirteagal 50(3) CAE agus mar a fhoráiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, i gcás ina gcuirfidh na Páirtithe sa Chomhaontú sin a nósanna imeachta daingniúcháin faoi seach i gcrích agus i gcás ina dtabharfaidh siad fógra don taiscí maidir le cur i gcrích na nósanna imeachta sin i Samhain 2019, Nollaig 2019 nó Eanáir 2020, tiocfaidh an Comhaontú um Tharraingt Siar i bhfeidhm ar cheann de na dátaí seo a leanas faoi seach:
|
— |
1 Nollaig 2019; |
|
— |
1 Eanáir 2020; nó |
|
— |
1 Feabhra 2020. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a nglacfar é.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Deireadh Fómhair 2019.
Thar ceann na Comhairle Eorpaí
An tUachtarán
D. TUSK
(1) Cinneadh (AE) 2019/274 ón gComhairle an 11 Eanáir 2019 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach. (IO L 47 I, 19.2.2019, lch. 1).
(2) Foilsíodh téacs an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar atá i gceangal le Cinneadh (AE) 2019/274 in IO C 66I, 19.2.2019, lch. 1.
(3) Cinneadh (AE) 2019/476 ón gComhairle Eorpach arna dhéanamh i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe an 22 Márta 2019 lena gcuirtear síneadh leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3) CAE (IO L 80 I, 22.3.2019, lch. 1).
(4) Cinneadh (AE) 2019/584 ón gComhairle Eorpach arna dhéanamh i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe an 11 Aibreán 2019 lena gcuirtear síneadh leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3) CAE (IO L 101, 11.4.2019, lch. 1).
(5) Cinneadh (AE) 2019/1750 ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2019/274 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 274 I, 28.10.2019, lch. 1).