20.6.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

30


CINNEADH (AE) 2019/984 Ó PHARLAIMINT NA EORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Meitheamh 2019

lena leasaítear Treoir 96/53/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an teorainn ama do chur chun feidhme na rialacha speisialta maidir le fad uasta i gcás cábáin lena seachadtar feidhmíocht aeraidinimiciúil, éifeachtúlacht fuinnimh agus feidhmíocht sábháilteachta níos fearr

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leasaíodh Treoir 96/53/CE ón gComhairle (3) le Treoir (AE) 2015/719 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus é mar aidhm leis sin tomhaltas fuinnimh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, chun an reachtaíocht a oiriúnú d'fhorbairtí teicniúla agus riachtanais athraitheacha an mhargaidh agus an t-iompar idirmhódúil a éascú.

(2)

Leis an bhfeabhas ar aeraidinimic na gcábán i mótarfheithiclí, d’fhéadfaí dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir le feidhmíocht fuinnimh na bhfeithiclí. Ní fhéadfaí an feabhsú sin a dhéanamh, áfach, faoi na srianta maidir le fad uasta a leagtar amach le Treoir 96/53/CE gan acmhainn ualaigh na feithicle a laghdú. Dá bhrí sin, tugadh isteach maolú ó shrianta ar fhad uasta le Treoir (AE) 2015/719.

(3)

Tá an maolú ó na srianta ar fhad uasta a tugadh isteach le Treoir (AE) 2015/719 le feidhm a bheith aige ón dáta arb é 3 bliana tar éis an dáta le haghaidh thrasuí nó chur i bhfeidhm na leasuithe riachtanacha i dtaca le ceanglais chineálcheadaithe theicniúla.

(4)

Chun go dtiocfaidh ann, chomh luath agus is féidir, na tairbhí a bhaineann le cábáin aeraidinimiciúla, i dtéarmaí feidhmíocht fuinnimh feithiclí earraí troma, ach ina theannta sin i dtéarmaí infheictheacht níos fearr do thiománaithe, sábháilteacht níos fearr d’úsáideoirí bóthair eile mar aon le sábháilteacht agus compord do thiománaithe, is gá a áirithiú gur féidir na cábáin aeraidinimiciúla sin a thabhairt isteach gan moill mhíchuí a luaithe a bheidh na ceanglais chineálcheadaithe i bhfeidhm.

(5)

Tá gá ag an earnáil iompair agus ag monaróirí trealaimh le dóthain ama le seirbhísí agus táirgí nua a fhorbairt. D’fhonn leas a bhaint as rialacha deartha níos solúbtha do chábáin, tá sé tábhachtach go ndéanfadh an Coimisiún gníomhaíocht chun a áirithiú gur féidir na forálacha teicniúla atá riachtanach a ghlacadh a luaithe is féidir, le go dtiocfadh glúin nua cábán ar an margadh go réidh agus gan mhoill. Anuas air sin, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit, ag gníomhú dóibh ina róil faoi seach ar an gCoiste Teicniúil maidir le Mótarfheithiclí, a bunaíodh le Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a seacht ndícheall a dhéanamh chun a áirithiú go dtabharfar tuairim go gasta. Mura mbeidh na bearta atá beartaithe ag an gCoimisiún i gcomhréir le tuairim an choiste sin, nó mura dtugtar tuairim ar bith, gníomhóidh an Coimisiún gan mhoill i gcomhréir le hAirteagal 5a(4) de Chinneadh 1999/468/CE (6).

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 96/53/CE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Airteagal 9a de Threoir 96/53/CE mar a leanas:

(1)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír, i ndiaidh phointe (d):

“Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún na bearta is gá, faoi chuimsiú Threoir 2007/46/CE, chun foráil a dhéanamh do chineálcheadú feithiclí nó cónasc feithiclí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo faoin 1 Samhain 2019.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Beidh feidhm ag mír 1 ón 1 Meán Fómhair 2020 amach.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 5 Meitheamh 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)   IO C 62, 15.2.2019, lch. 286.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2019.

(3)  Treoir 96/53/CE ón gComhairle an 25 Iúil 1996 lena leagtar síos na toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus na meáchain údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí bóthair áirithe ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (IO L 235, 17.9.1996, lch. 59).

(4)  Treoir (AE) 2015/719 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 lena leasaítear Treoir 96/53/CE ón gComhairle lena leagtar síos na toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus na meáchain údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí bóthair áirithe ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (IO L 115, 6.5.2015, lch. 1).

(5)  Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat i gcomhair mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla faoi leith atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin a cheadú (Treoir Réime) (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1).

(6)  Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta i gcomhair fheidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme a thugtar don Choimisiún (IO L 184, 17.7.1999, lch. 23).