|
25.4.2019 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
CINNEADH (AE) 2019/642 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Aibreán 2019
lena leasaítear Cinneadh (AE) 2019/274 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 50 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 29 Márta 2017, thug an Ríocht Aontaithe fógra don Chomhairle Eorpach go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“Euratom”) i gcomhréir le hAirteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (“CAE”), a bhfuil feidhm aige maidir le Euratom de bhua Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 50 CAE, tháinig an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe ar chomhaontú trí idirbheartaíocht ina leagtar amach na socruithe maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe, ag féachaint don chreat don chaidreamh a bheidh aici leis an Aontas sa todhchaí (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”). |
|
(3) |
An 11 Eanáir 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/274 (1) maidir le síniú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar (2). |
|
(4) |
An 21 Márta 2019, d'fhormheas an Chomhairle Eorpach an Ionstraim i dtaca leis an gComhaontú um Tharraingt Siar agus an Ráiteas Comhpháirteach lena ndéantar forlíonadh ar an Dearbhú Polaitiúil a aontaíodh idir an Príomh-Aire May agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Juncker an 11 Márta 2019. |
|
(5) |
Le Cinneadh (AE) 2019/476 (3), chinn an Chomhairle Eorpach, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, ar shíneadh a chur leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3) CAE go dtí an 22 Bealtaine 2019 i gcás inar fhormheas Teach na dTeachtaí an Comhaontú um Tharraingt Siar faoin 29 Márta 2019, nó, i gcás nár fhormheas, go dtí an 12 Aibreán 2019. Níor fhormheas Teacht na dTeachtaí an Comhaontú um Tharraingt Siar faoin 29 Márta 2019. |
|
(6) |
An 5 Aibreán 2019, thíolaic an Ríocht Aontaithe iarraidh eile chuig an gComhairle Eorpach ar shíneadh a chur leis an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 50(3) CAE. An 11 Aibreán 2019, le Cinneadh (AE) 2019/584 (4), chinn an Chomhairle Eorpach, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, ar shíneadh a chur leis an tréimhse sin go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2019. Mheabhraigh an Chomhairle Eorpach go bhféadfadh sé go dtiocfadh an Comhaontú um Tharraingt Siar i bhfeidhm ar dháta níos luaithe, faoi Airteagal 50(3) CAE, dá mba rud é go mbeadh a gcuid nósanna imeachta daingniúcháin faoi seach curtha i gcrích ag na Páirtithe faoin 31 Deireadh Fómhair 2019. Dá réir sin, ba cheart an tarraingt siar tarlú an chéad lá den mhí tar éis chur i gcrích na nósanna imeachta daingniúcháin nó an 1 Samhain 2019, cibé acu is luaithe. Ina theannta sin, mar a léirítear sa dara mír d'Airteagal 2 den Chinneadh sin, scoirfidh an Cinneadh sin d'fheidhm a bheith aige an 31 Bealtaine 2019 sa chás nach mbeidh toghcháin chuig Parlaimint na hEorpa tionólta ag an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme agus nach mbeidh an Comhaontú um Tharraingt Siar daingnithe aici faoin 22 Bealtaine 2019. |
|
(7) |
Dá thoradh sin, b'éigean dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar a oiriúnú chun an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 50(3) CAE, arna shíneadh ag an gComhairle Eorpach i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, a léiriú. |
|
(8) |
An 11 Aibreán 2019, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, rinneadh an Comhaontú um Tharraingt Siar a oiriúnú i dtrí chás mar a leanas:
|
|
(9) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (AE) 2019/274 a leasú dá réir. |
|
(10) |
Mar a fhoráiltear in Airteagal 50(4) CAE, níor ghlac an Ríocht Aontaithe páirt i bplé na Comhairle faoin gcinneadh seo ná ina ghlacadh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2019/274:
“Airteagal 1
Tá síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, mar a oiriúnaíodh é, údaraithe leis seo, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin.
Tá téacs an Chomhaontaithe, mar a oiriúnaíodh é, i gceangal leis an gCinneadh seo. (*1).
Airteagal 2
Cuirtear téacs an Chomhaontaithe oiriúnaithe atá i gceangal leis an gCinneadh seo (5) in ionad théacs an Chomhaontaithe atá i gceangal le Cinneadh (AE) 2019/274.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Aibreán 2019.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. CIAMBA
(1) Cinneadh (AE) 2019/274 ón gComhairle an 11 Eanáir 2019 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 47 I, 19.2.2019, lch. 1).
(2) Is in IO C 66 I, 19.2.2019, lch. 1 a foilsíodh téacs an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar atá i gceangal le Cinneadh (AE) 2019/274.
(3) Cinneadh (AE) 2019/476 ón gComhairle Eorpach an 22 Márta 2019, arna dhéanamh i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, lena gcuirtear síneadh leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3) CAE (IO L 80 I, 22.3.2019, lch. 1).
(4) Cinneadh (AE) 2019/584ón gComhairle Eorpach an 11 Aibreán 2019, arna dhéanamh i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, lena gcuirtear síneadh leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3) CAE (IO L 101, 11.4.2019, lch. 1).