19.2.2019 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
CINNEADH (AE) 2019/274 ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Eanáir 2019
maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 50 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 29 Márta 2017, thug an Ríocht Aontaithe fógra don Chomhairle Eorpach go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“Euratom”) i gcomhréir le hAirteagal 50 CFAE, a bhfuil feidhm aige maidir le Euratom de bhua Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach. |
(2) |
An 22 Bealtaine 2017, d'údaraigh an Chomhairle don Choimisiún an chaibidlíocht a thosú leis an Ríocht Aontaithe le haghaidh comhaontú lena leagtar amach na socruithe dá tarraingt siar, ag féachaint don chreat don chaidreamh a bheidh aici leis an Aontas sa todhchaí. |
(3) |
Rinneadh an chaibidlíocht a sheoladh i bhfianaise na dtreoirlínte arna dtabhairt ag an gComhairle Eorpach an 29 Aibreán agus an 15 Nollaig 2017 agus an 23 Márta 2018 agus é mar chuspóir foriomlán léi tarraingt siar rianúil na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus as Euratom a áirithiú. |
(4) |
An 25 Samhain 2018, d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“an Comhaontú”). |
(5) |
Ós rud é gur tugadh an chaibidlíocht i gcrích, ba cheart an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir chomhlíonadh na nósanna imeachta a cheanglaítear lena thabhairt i gcrích dáta dá éis sin. |
(6) |
I gcomhréir le hAirteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, tá feidhm ag Airteagal 50 CAE maidir le Euratom. |
(7) |
Foráiltear sa Chomhaontú d'idirthréimhse ar lena linn — d'ainneoin na n-iarmhairtí go léir a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe a bheith ag tarraingt siar as an Aontas a mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe in institiúidí, i gcomhlachtaí, in oifigí agus i ngníomhaireachtaí an Aontais — a bheidh dlí an Aontais, lena n-áirítear comhaontuithe idirnáisiúnta, infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, fógra a thabhairt, thar ceann an Aontais agus Euratom, do na páirtithe eile sna comhaontuithe sin, go bhfuiltear chun caitheamh leis an Ríocht Aontaithe mar Bhallstát chun críocha na gcomhaontuithe sin le linn na hidirthréimhse. |
(8) |
Sa dara mír d'Airteagal 185 den Chomhaontú, foráiltear, maidir le haon Bhallstát a thug cúiseanna ar aird a bhaineann le prionsabail bhunúsacha dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin, go bhféadfaidh an tAontas a dhearbhú gurb amhlaidh, agus an fógra i scríbhinn á thabhairt aige faoi chur i gcrích a nósanna imeachta inmheánacha is gá, le linn na hidirthréimhse, i dteannta na bhforas i dtaca le neamhfhorghníomhú barántais gabhála Eorpaigh dá dtagraítear i gCinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle (1), go bhféadfaidh údaráis bhreithiúnacha fhorghníomhaitheacha an Bhallstáit sin diúltú a náisiúnaigh a thabhairt suas don Ríocht Aontaithe de bhun Barántas Gabhála Eorpach. Dá bhrí sin, is iomchuí teorainn ama a shocrú ar lena linn ba cheart do na Ballstáit a bhfuil sé ar intinn acu leas a bhaint as an bhféidearthacht sin an méid sin a chur in iúl don Choimisiún agus d'Ardrúnaíocht na Comhairle. |
(9) |
Faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 50(4) CAE, níor ghlac an Ríocht Aontaithe páirt i bpléití na Comhairle maidir leis an gcinneadh seo ná maidir lena ghlacadh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir le síniú, thar ceann an Aontais agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, údaraítear leis seo é, faoi réir an Comhaontú sin a thabhairt i gcrích.
Tá téacs an Chomhaontaithe i gceangal leis an gCinneadh seo. (2)
Airteagal 2
Údaraítear leis seo d'Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus d'Uachtarán an Choimisiúin an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.
Airteagal 3
Go díreach tar éis shíniú an Chomhaontaithe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do na páirtithe eile sna comhaontuithe idirnáisiúnta dá dtagraítear i bpointe (a)(iv) d'Airteagal 2 den Chomhaontú, go bhfuiltear, faoi réir theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe, chun caitheamh leis an Ríocht Aontaithe mar Bhallstát chun críocha na gcomhaontuithe idirnáisiúnta sin le linn na hidirthréimhse.
Airteagal 4
Na Ballstáit sin a bhfuil sé ar intinn acu leas a bhaint as an bhféidearthacht dá bhforáiltear sa dara mír d'Airteagal 185 den Chomhaontú, cuirfidh siad in iúl don Choimisiún agus d'Ardrúnaíocht na Comhairle go bhfuil sé ar intinn acu déanamh amhlaidh roimh an 15 Feabhra 2019.
Airteagal 5
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Eanáir 2019.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. CIAMBA
(1) Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002, lch. 1).