|
25.7.2019 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
Ráiteas comhpháirteach ón bParlaimint, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le Rialachán (AE) 2019/1243 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena ndéantar roinnt gníomhartha dlí maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a oiriúnú d’Airteagal 290 agus Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (1)
I bpointe 27 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr d’aithin na trí institiúid gur gá an reachtaíocht uile atá ann cheana a ailíniú leis an gcreat reachtach a tugadh isteach le Conradh Liospóin, agus go háirithe gur gá ardtosaíocht a thabhairt d’ailíniú pras na ngníomhartha bunúsacha uile atá fós ag tagairt don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú. Mar thoradh ar an togra ón gCoimisiún chun na críche sin, freagraíonn an rialachán seo ar an ngá sin trí fhoráil a dhéanamh d’ailíniú an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú i líon suntasach gníomhartha atá sa togra sin. Leanfaidh na trí institiúid leis an obair atá ar bun acu chun ailíniú a dhéanamh ar na gníomhartha eile atá sa togra sin.