21.12.2018 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
78 |
RIALACHÁN (AE) 2018/2000 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Nollaig 2018
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathghealladh a dhéanamh ar a bhfuil fágtha de na méideanna a gealladh chun tacú le cur chun feidhme Chinneadh (AE) 2015/1523 ón gComhairle agus Chinneadh (AE) 2015/1601 ón gComhairle nó maidir le leithdháileadh na méideanna sin ar ghníomhaíochtaí eile faoi na cláir náisiúnta
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2) agus Airteagal 79(2) agus (4) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a tharchur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is é is cuspóir don Rialachán seo é a bheith indéanta athghealladh a dhéanamh ar a bhfuil fágtha de na méideanna a gealladh chun tacú le cur chun feidhme Chinneadh (AE) 2015/1523 (2) ón gComhairle agus Chinneadh (AE) 2015/160 (3) ón gComhairle dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), nó na méideanna sin a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí eile faoi na cláir náisiúnta i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais agus riachtanais na mBallstát i réimsí sonracha an tearmainn agus na himirce. Is é is cuspóir dó freisin a áirithiú freisin go ndéanfaí an t-athghealladh nó an leithdháileadh sin ar bhealach trédhearcach. |
(2) |
Gheall an Coimisiún cistiú do chláir náisiúnta na mBallstát faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht chun tacú le cur chun feidhme Chinneadh (AE) 2015/1523 agus Chinneadh (AE) 2015/1601. Leasaíodh Cinneadh (AE) 2015/1601 le Cinneadh (AE) 2016/1754 ón gComhairle (5). Níl feidhm ag na Cinntí sin a thuilleadh. |
(3) |
Tá cuid den chistiú arna leithdháileadh faoi Chinneadh (AE) 2015/1523 agus faoi Chinneadh (AE) 2015/1601 in 2016 agus i roinnt cásanna in 2017 le fáil go fóill i gcláir náisiúnta na mBallstát. |
(4) |
Ba cheart do na Ballstáit bheith in ann úsáid a bhaint as na méideanna atá fágtha chun leanúint d'athlonnú a chur chun feidhme trí na méideanna sin a athghealladh maidir leis an ngníomhaíocht chéanna faoi na cláir náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit 20 % ar a laghad de na méideanna sin a athghealladh do ghníomhaíochtaí i gcláir náisiúnta nó iad a aistriú chucu, le haghaidh iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó tairbhithe cosanta idirnáisiúnta a aistriú, le haghaidh athlonnaithe nó iontrálacha daonnúla ad-hoc eile, agus le haghaidh bearta ullmhúcháin maidir le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a aistriú i ndiaidh dóibh teacht isteach san Aontas, lena n-áirítear ar muir, nó le haghaidh tairbhithe ar chosaint idirnáisiúnta a aistriú. Níor cheart a áireamh sna bearta sin ach na bearta dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (e) agus (f) den dara fomhír d'Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 516/2014. |
(5) |
I gcás ina bhfuil údar cuí leis, agus cláir náisiúnta na mBallstát á n-athbhreithniú, ba cheart do na Ballstáit bheith in ann úsáid a bhaint as suas le 80 % de na méideanna sin chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin eile i réimsí an tearmainn agus na himirce, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 516/2014. Tá riachtanais shuntasacha ag na Ballstáit sna réimsí sin go fóill. Níor cheart é a bheith indéanta na méideanna atá fágtha a athghealladh don ghníomhaíocht chéanna, ná a aistriú chuig gníomhaíochtaí eile faoin gclár náisiúnta ach aon uair amháin agus le formheas an Choimisiúin. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar na cistí a leithdháileadh i modh lena n-urramaítear go hiomlán na prionsabail a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), go háirithe prionsabail na héifeachtúlachta agus na trédhearcachta. |
(6) |
Ba cheart an spriocghrúpa atá incháilithe d'aistriú mar aon le líon na mBallstát óna ndéantar aistrithe a mhéadú chun níos mó solúbthachta a thabhairt do na Ballstáit agus aistrithe á ndéanamh acu, agus aird á tabhairt ar riachtanais shonracha mionaoiseach neamhthionlactha, nó iarratasóirí leochaileacha eile agus staid shonrach bhaill teaghlaigh tairbhithe cosanta idirnáisiúnta. Ba cheart an méadú sin a léiriú leis na forálacha sonracha a bhaineann le cnapshuimeanna le haghaidh tairbhithe cosanta idirnáisiúnta a athlonnú agus a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile. |
(7) |
Ba cheart leordhóthain ama a bheith ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún chun na cláir náisiúnta a athbhreithniú chun freastal ar na hathruithe ábhartha dá bhforáiltear leis an Rialachán seo. Dá bhrí sin, ba cheart maolú ar Airteagal 50(1) de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a chur i bhfeidhm maidir lena bhfuil fágtha de na méideanna a gealladh, chun tacú le cur chun feidhme Chinneadh (AE) 2015/1523 agus Chinneadh (AE) 2015/1601 lena ndéanfar an spriocdháta don saoradh a fhadú 6 mhí d'fhonn an nós imeachta a bhaineann le hathbhreithniú na gclár náisiúnta a chur i gcrích, dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014. |
(8) |
Ba cheart leordhóthain ama a bheith ag na Ballstáit freisin chun úsáid a bhaint as na méideanna a athghealladh don ghníomhaíocht chéanna nó a aistríodh chuig gníomhaíochtaí eile roimh shaoradh na méideanna sin. Dá bhrí sin, nuair a fhormheasann an Coimisiún athghealladh nó aistriú na méideanna sin faoin gclár náisiúnta, ba cheart a mheas gur gealladh na méideanna lena mbaineann i mbliain athbhreithnithe an chláir náisiúnta lena bhformheastar an t-athghealladh nó an t-aistriú lena mbaineann. |
(9) |
Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar bhonn bliantúil maidir le cur chun feidhme acmhainní le haghaidh aistriú iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus tairbhithe cosanta idirnáisiúnta, go háirithe a mhéid a bhaineann le haistrithe méideanna chuig gníomhaíochtaí eile faoin gclár náisiúnta mar a fhoráiltear sa Rialachán seo. |
(10) |
Ní dhéantar difear don chistiú atá ar fáil faoi Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 leis an Rialachán seo. |
(11) |
Déantar cuspóirí an Rialacháin seo a shaothrú gan dochar do na caibidlíochtaí leanúnacha maidir le hathchóiriú Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). |
(12) |
I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
(13) |
I gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá fógra tugtha ag Éirinn, le litir an 7 Nollaig 2018, gur mian léi bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
(14) |
I gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
(15) |
I bhfianaise an ghá atá lena áirithiú nach ndéanfar saoradh ar a bhfuil fágtha de na méideanna a gealladh chun tacú le cur chun feidhme Chinneadh (AE) 2015/1523 agus Chinneadh (AE) 2015/1601, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
(16) |
Mura leasófar Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 roimh dheireadh 2018, ní bheidh an cistiú ábhartha ar fáil a thuilleadh lena úsáid ag na Ballstáit faoi na cláir náisiúnta a fhaigheann tacaíocht ón gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht. I bhfianaise a phráinne atá sé Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 a leasú, measadh gurb iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, le CFAE agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach. |
(17) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:
|
(2) |
i gceannteideal agus i bhfoclaíocht tosaigh Airteagal 25, cuirtear “iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó tairbhithe cosanta idirnáisiúnta” in ionad “tairbhithe cosanta idirnáisiúnta”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 12 Nollaig 2018.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BOGNER-STRAUSS
(1) Seasamh Pharlaimint na hEorpa an 11 Nollaig 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 11 Nollaig 2018.
(2) Cinneadh (AE) 2015/1523 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2015 lena mbunaítear bearta sealadacha i réimse na cosanta idirnáisiúnta chun tairbhe na hIodáile agus na Gréige (IO L 239, 15.9.2015, lch. 146).
(3) Cinneadh (AE) 2015/1601 ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2015 lena mbunaítear bearta sealadacha i réimse na cosanta idirnáisiúnta chun tairbhe na hIodáile agus na Gréige (IO L 248, 24.9.2015, lch. 80).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, lena leasaítear Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lch. 168).
(5) Cinneadh (AE) 2016/1754 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2016 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2015/1601 lena mbunaítear bearta sealadacha i réimse na cosanta idirnáisiúnta chun tairbhe na hIodáile agus na Gréige (IO L 268, 1.10.2016, lch. 82).
(6) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301 / 2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014 /AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime (IO L 150, 20.5.2014, lch. 112).
(8) Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO L 180, 29.6.2013, lch. 31).