6.12.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 316/9


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n‐aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 312 Eagrán Speisialta Gaeilge an 7 Nollaig 2018 )

Ar leathanach 81, i bpointe (1) d’Airteagal 36:

in ionad:

“1.   Déanfar sonraí faoi dhaoine, faoi na hábhair dá dtagraítear i bpointe (a), (b), (c), (e), (g), (h), (i), (k) agus (l) d’Airteagal 38(2) agus faoi mheáin íocaíochta neamhairgid a iontráil i gcomhréir le dlí náisiúnta Bhallstát eisiúna an fholáirimh ar mhaithe le seiceálacha discréideacha, seiceálacha fiosrúcháin nó seiceálacha sonracha a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 37(3), (4) agus (5).”,

léitear:

“1.   Déanfar sonraí faoi dhaoine, faoi na hábhair dá dtagraítear i bpointe (a), (b), (c), (e), (g), (h), (j), (k) agus (l) d’Airteagal 38(2) agus faoi mheáin íocaíochta neamhairgid a iontráil i gcomhréir le dlí náisiúnta Bhallstát eisiúna an fholáirimh ar mhaithe le seiceálacha discréideacha, seiceálacha fiosrúcháin nó seiceálacha sonracha a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 37(3), (4) agus (5).”.