12.11.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2018/1670 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Deireadh Fómhair 2018

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 a mhéid a bhaineann le cainníochtaí ainmniúla de shochu aondriogtha, arna tháirgeadh i stil phota agus arna bhuidéalú sa tSeapáin, a chur ar mhargadh an Aontais

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

An 29 Samhain 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh lenar údaraíodh an Coimisiún tús a chur le caibidlíocht leis an tSeapáin maidir le Comhaontú Saorthrádála.

(2)

Tugadh an chaibidlíocht maidir le Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch (“an Comhaontú”) i gcrích go rathúil agus síníodh an Comhaontú an 17 Iúil 2018.

(3)

Foráiltear le hIarscríbhinn 2-D a ghabhann leis an gComhaontú go bhfuiltear chun a cheadú shochu aondriogtha, mar a shainmhínítear é i bhfo-alt 10 d’Airteagal 3 den Dlí um Cháin ar Dheochanna Meisciúla na Seapáine (Dlí Uimh. 6 de 1953) arna tháirgeadh i stil phota agus arna bhuidéalú sa tSeapáin, a chur ar mhargadh an Aontais i mbuidéil thraidisiúnta de mhéid ceithre go (

Image

) agus aon sho (

Image

) atá cothrom leis na cainníochtaí ainmniúla 720 ml agus 1 800 ml, faoi seach, ar choinníoll go gcomhlíontar ceanglais dhlíthiúla eile de chuid an Aontais is infheidhme.

(4)

Foráiltear le Treoir 2007/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) nach féidir deochanna biotáilleacha réamhphacáilte a chur ar mhargadh an Aontais ach amháin má réamhphacáiltear iad de réir na gcainníochtaí ainmniúla a liostaítear i roinn 1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir sin. Maidir le deochanna biotáilleacha, déantar tagairt i roinn 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2007/45/CE do naoi gcainníocht ainmniúla feadh an eatraimh idir 100 ml agus 2 000 ml. Ní chuirtear san áireamh sna cainníochtaí ainmniúla sin 720 ml agus 1 800 ml, arb iad sin na cainníochtaí ainmniúla ina ndéantar shochu aondriogtha, arna tháirgeadh i stil phota, a bhuidéalú agus a chur ar an margadh sa tSeapáin.

(5)

Is gá, dá bhrí sin, maolú ar na cainníochtaí ainmniúla a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2007/45/EC maidir le biotáillí chun a áirithiú gur féidir shochu aondriogtha, deoch bhiotáilleach arna tháirgeadh i stil phota agus arna bhuidéalú sa tSeapáin, a chur ar mhargadh an Aontais, faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 2-D a ghabhann leis an gComhaontú, i mbuidéil de chainníochtaí ainmniúla 720 ml agus de 1 800 ml atá cothrom le méideanna buidéal traidisiúnta Seapánach ceithre go (

Image

) agus aon sho (

Image

) amháin, faoi seach.

(6)

Is gá an maolú ar Threoir 2007/45/CE a thabhairt isteach trí leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), chun a áirithiú gur féidir shochu aondriogtha, deoch bhiotáilleach arna tháirgeadh i stil phota agus arna bhuidéalú sa tSeapáin, a chur ar an margadh i gcomhthráth sna Ballstáit uile ar theacht i bhfeidhm don Chomhaontú.

(7)

Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 a leasú dá réir sin.

(8)

Chun cur chun feidhme an Chomhaontaithe a áirithiú maidir le shochu aondriogtha, deoch bhiotáilleach arna tháirgeadh i stil phota agus arna bhuidéalú sa tSeapáin, a chur ar mhargadh an Aontais, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach i gCaibidil IV de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008:

“Airteagal 24a

Maolú ar cheanglais maidir le cainníochtaí ainmniúla i dTreoir 2007/45/CE

De mhaolú ar Airteagal 3 de Threoir 2007/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), agus ón séú sraith i roinn 1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir sin, is féidir shochu  (*2) aondriogtha, deoch bhiotáilleach arna tháirgeadh i stil phota agus arna bhuidéalú sa tSeapáin, a chur ar mhargadh an Aontais i gcainníochtaí ainmniúla 720 ml agus 1 800 ml.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 23 Deireadh Fómhair 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. EDTSTADLER


(1)  IO C 367, 10.10.2018, lch. 119.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Meán Fómhair 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2018.

(3)  Treoir 2007/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena leagtar síos na rialacha maidir le cainníochtaí ainmniúla táirgí réamhphacáilte, lena n-aisghairtear Treoracha 75/106/CEE agus 80/232/CEE ón gComhairle, agus lena leasaítear Treoir 76/211/CEE ón gComhairle (IO L 247, 21.9.2007, lch. 17).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (IO L 39, 13.2.2008, lch. 16).