15.10.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2018/1504Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 2 Deireadh Fómhair 2018

lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 256/2014 maidir le fógra a thabhairt don Choimisiún faoi thionscadail infheistíochta sa bhonneagar fuinnimh laistigh den Aontas Eorpach

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún comhoibriú le chéile chun reachtaíocht an Aontais a nuashonrú agus a shimpliú trí bhíthin Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (3).

(2)

Chun méid reachtaíocht an Aontais a laghdú agus slacht a chur uirthi, is gá an reachtaíocht atá imithe i léig nó nach bhfuil oiriúnach dá feidhm níos mó a shainaithint. Is maith mar a fhónann sé an reachtaíocht sin a aisghairm d’fhonn an creat reachtach a choinneáil trédhearcach, soiléir agus so-úsáidte.

(3)

Le Rialachán (AE) Uimh. 256/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), cuirtear de cheangal ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún i dtaobh tionscadail infheistíochta a bhfuil tús curtha le hobair thógála nó le hobair dhíchoimisiúnaithe nó a bhfuil cinneadh deiridh infheistíochta déanta ina leith.

(4)

Na hoibleagáidí faoi Rialachán (AE) Uimh. 256/2014 maidir le fógra a thabhairt i dtaobh tionscadail infheistíochta, agus faisnéis agus sonraí áirithe a bhaineann leis an bhfógra sin, leagadh síos roimhe sin iad i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 617/2010 ón gComhairle (5). Chuir an Chúirt Bhreithiúnais Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 617/2010 (6) ar neamhní, á gcinneadh gur cheart é a bheith glactha faoi bhunús dlí eile, ach bhí a éifeachtaí i bhfeidhm fós go dtí gur tháinig Rialachán (AE) Uimh. 256/2014 i bhfeidhm.

(5)

Ba é an aidhm a bhí le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 617/2010 sonraí agus faisnéis a thabhairt don Choimisiún faoi fhorbairtí beartaithe ar acmhainní táirgthe, tarchuir agus stórála agus faoi thionscadail sna hearnálacha fuinnimh. Bhí sé beartaithe léargas foriomlán a thabhairt don Choimisiún ar fhorbairt na hinfheistíochta i mbonneagar fuinnimh san Aontas.

(6)

Ó cruthaíodh na hoibleagáidí a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 617/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 256/2014, rinneadh trí bheart tuairiscithe in 2011, 2013 agus 2015. Ina theannta sin, rinne an Coimisiún socrú go ndéanfaí staidéar seachtrach tar éis na dtrí bheart tuairiscithe a rinne na Ballstáit faoi Rialachán (AE) Uimh. 256/2014. Dá bharr sin, tá go leor ama caite agus fuarthas taithí leordhóthanach le go raibh an Coimisiún in ann anailís chriticiúil atá bunaithe ar fhianaise a dhéanamh i dtaobh ar baineadh amach le Rialachán (AE) Uimh. 256/2014 na torthaí lena rabhthas ag súil.

(7)

In 2016, rinne an Coimisiún an t-athbhreithniú dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 256/2014, lena n-áirítear comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara inar cumhdaíodh na hoibleagáidí pleanála agus tuairiscithe go léir san earnáil fuinnimh. Ba é conclúid an Choimisiúin go raibh forluí suntasach ann idir oibleagáidí tuairiscithe na mBallstát faoi Rialachán (AE) Uimh. 256/2014 agus oibleagáidí na mBallstát maidir le tuairisciú don líonra Eorpach um oibreoirí córais tarchurtha leictreachais (“ENTSO-E”) agus don líonra Eorpach um oibreoirí córais tarchurtha gáis (“ENTSO-G”). Bhí sé soiléir freisin gur mhinic go raibh cáilíocht agus oiriúnacht na faisnéise agus na sonraí a fuarthas ar chaighdeán íseal, agus gur cuireadh an fhaisnéis agus na sonraí sin ar fáil don Choimisiún trí fhoinsí eile, amhail an líonra Eorpach um oibreoirí córais tarchurtha (“ENTSOnna”), pleananna forbartha líonraí deich mbliana (“TYNDPanna”), na tuarascálacha bliantúla ó na hOibreoirí Córais Tarchurtha agus ó chuideachtaí fóntais, agus pleananna forbartha náisiúnta. Ina theannta sin, tugadh ar aird freisin go bhfuil rochtain dhíreach ag an gCoimisiún ar shonraí margaidh trína Chóras Breathnóireachta ar Mhargadh an Fhuinnimh (“EMOS”).

(8)

Dá bhrí sin, níor baineadh amach le Rialachán (AE) Uimh. 256/2014 na torthaí lena rabhthas ag súil i dtéarmaí chainníocht, cháilíocht agus oiriúnacht na sonraí agus na faisnéise a fuair an Coimisiún.

(9)

Ba cheart dá bhrí sin Rialachán (AE) Uimh. 256/2014 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 256/2014.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil anAontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 2 Deireadh Fómhair 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BOGNER-STRAUSS


(1)  IO C 227, 28.6.2018, lch. 103.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Iúil 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2018.

(3)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 256/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le fógra a thabhairt don Choimisiún faoi thionscadail infheistíochta sa bhonneagar fuinnimh laistigh den Aontas Eorpach agus a chuirtear in ionad Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 617/2010 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 736/96 ón gComhairle (IO L 84, 20.3.2014, lch. 61).

(5)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 617/2010 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2010 maidir le fógra a thabhairt don Choimisiún faoi thionscadail infheistíochta sa bhonneagar fuinnimh laistigh den Aontas Eorpach lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 736/96 (IO L 180, 15.7.2010, lch. 7).

(6)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2012 i gCás C-490/10, an Pharlaimint v an Chomhairle, ECLI:EU:C:2012:525.