16.7.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2018/973 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Iúil 2018

lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic ghrinnill sa Mhuir Thuaidh agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír sa Mhuir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe an 10 Nollaig 1982 maidir le Dlí na Farraige, a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach ann, déantar foráil maidir le hoibleagáidí caomhnaithe, lena n-áirítear an líon speiceas atá á saothrú a choinneáil ar leibhéil nó a thabhairt ar ais chuig leibhéil ar ar féidir an uastáirgeacht inbhuanaithe (“UTI”) a bhaint amach.

(2)

Ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Inbhuanaithe i Nua-Eabhrac in 2015, gheall an tAontas agus a Bhallstáit go ngníomhóidís faoi 2020 chun saothrú an éisc a rialú go héifeachtach, chun cosc a chur le ró-iascaireacht, iascaireacht neamhdhleathach, iascaireacht neamhthuairiscithe agus iascaireacht neamhrialáilte, mar aon le cleachtais iascaireachta dhíobhálacha, agus chun pleananna bainistithe eolaíochtbhunaithe a chur chun feidhme chun stoic éisc a athbhunú, laistigh den achar ama is giorra is féidir, ar a laghad chuig na leibhéil sin ar ar féidir UTI a bhaint amach, arna gcinneadh de réir a saintréithe bitheolaíocha.

(3)

Bunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) rialacha an Chomhbheartais Iascaigh (CBI) agus iad ag teacht le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais. Is ann do CBI chun cur le cosaint na muirthimpeallachta, le bainistiú inbhuanaithe na speiceas uile sin a ndéantar saothrú tráchtála orthu, agus go háirithe le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoi 2020, mar a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(4)

Is iad cuspóirí CBI, inter alia, a áirithiú gurb inbhuanaithe iad iascaireacht agus dobharshaothrú san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de, an cur chuige réamhchúraim i leith bainistiú iascaigh a chur i bhfeidhm, agus an cur chuige bunaithe ar éiceachórais i leith bainistiú iascaigh a chur chun feidhme.

(5)

D'fhonn cuspóirí CBI a bhaint amach, tá roinnt beart caomhnaithe le glacadh, de réir mar is iomchuí, i dteaglaim ar bith díobh, amhail pleananna ilbhliantúla, bearta teicniúla, socrú agus leithdháileadh deiseanna iascaireachta.

(6)

De bhun Airteagal 9 agus Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, táthar chun pleananna ilbhliantúla a bhunú ar chomhairle eolaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch. I gcomhréir leis na forálacha sin, ba cheart cuspóirí, spriocanna inchainníochtaithe le tréimhsí soiléire ama, pointí tagartha caomhnaithe, coimircí agus bearta teicniúla arna ndearadh chun gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a bheith sa phlean ilbhliantúil arna bhunú leis an Rialachán seo (“an plean”).

(7)

Ba cheart “an chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil” a thuiscint mar thagairt do chomhairle eolaíoch atá ar fáil go poiblí lena dtacaíonn na sonraí agus na modhanna eolaíocha is cothroime le dáta agus a d'eisigh nó a d'athbhreithnigh comhlacht eolaíoch neamhspleách arna aithint ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta.

(8)

Ba cheart don Choimisiún an chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil a fháil maidir leis na stoic a thagann faoi raon feidhme an phlean. Chun déanamh amhlaidh, déanann an Coimisiún Meabhráin Tuisceana a thabhairt i gcrích leis an gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES). Ba cheart an chomhairle eolaíoch arna heisiúint ag ICES a bheith bunaithe ar an bplean agus ba cheart a thabhairt le fios léi, go háirithe, raonta FUTI agus pointí tagartha bithmhaise, i.e. UTI Bspreagphointe agus Bteorainn. Ba cheart na luachanna sin a thabhairt le fios sa chomhairle stoic ábhartha agus, i gcás inarb iomchuí, i gcomhairle eolaíoch eile ar bith atá ar fáil go poiblí, lena n-áirítear, mar shampla, comhairle maidir le hiascaigh mheasctha arna heisiúint ag ICES.

(9)

Leagadh amach i Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 (5) agus Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 (6) ón gComhairle na rialacha le haghaidh shaothrú inbhuanaithe na stoc trosc, leathóg agus sól sa Mhuir Thuaidh agus ina huiscí máguaird. Is in iascaigh mheasctha a thógtar iad sin agus stoic ghrinnill eile. Dá bhrí sin, is iomchuí plean ilbhliantúil amháin a bhunú ina gcuirfear san áireamh idirghníomhaíochtaí teicniúla den sórt sin.

(10)

Ina theannta sin, ba cheart feidhm a bheith ag plean ilbhliantúil den sórt sin maidir le stoic ghrinnill agus leis an iascach a shaothraíonn iad sa Mhuir Thuaidh. Is iad sin na speicis sin d'iasc cruinn, d'iasc leathógach agus d'iasc loingeánach, gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) agus séacla Artach (Pandalus borealis) a mhaireann ar ghrinneall an cholúin uisce nó i ngar dó.

(11)

Tá roinnt stoc grinnill ann a shaothraítear sa Mhuir Thuaidh agus sna huiscí máguaird araon. Dá bhrí sin, ba cheart raon feidhme na bhforálacha sin atá sa phlean i dtaca le spriocanna agus coimircí stoc a shaothraítear sa Mhuir Thuaidh den chuid is mó a leathnú ionas go gcumhdófar leo freisin na limistéir sin lasmuigh den Mhuir Thuaidh. Ina theannta sin, i gcás stoic atá sa Mhuir Thuaidh ach a shaothraítear den chuid is mó lasmuigh den Mhuir Thuaidh, ní mór na spriocanna agus na coimircí a bhunú i bpleananna ilbhliantúla do na limistéir lasmuigh den Mhuir Thuaidh ina saothraítear na stoic sin den chuid is mó, agus raon feidhme na bpleananna ilbhliantúla sin a leathnú amach chun go gcuimseoidh siad an Mhuir Thuaidh freisin.

(12)

Ba cheart raon feidhme geografach an phlean a bheith bunaithe ar dháileadh geografach na stoc arna thabhairt le fios sa chomhairle eolaíoch stoic is déanaí arna cur ar fáil ag ICES. D'fhéadfadh gur ghá athruithe a dhéanamh amach anseo ar dháileadh geografach na stoc mar a leagtar amach é sa phlean, mar thoradh ar fhaisnéis eolaíoch fheabhsaithe nó ar imirce stoc. Dá bhrí sin, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena ndéanfar dáileadh geografach na stoc a leagtar amach sa phlean a choigeartú, más rud é go dtugtar athrú ar dháileadh geografach na stoc ábhartha le fios ag an gcomhairle eolaíoch arna cur ar fáil ag ICES.

(13)

I gcás ina mbíonn stoic ar leas coiteann iad á saothrú freisin ag tríú tíortha, ba cheart don Aontas dul i mbun plé leis na tríú tíortha sin lena áirithiú go mbainistítear na stoic sin ar bhealach inbhuanaithe atá comhsheasmhach le cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, go háirithe Airteagal 2(2) de, agus le cuspóirí an Rialacháin seo. I gcás nach dtagtar ar chomhaontú foirmiúil, ba cheart don Aontas gach iarracht a dhéanamh socruithe coiteanna a bhaint amach chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic den sórt sin ionas go bhféadfaí bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh agus, ar an gcaoi sin, cothrom na Féinne a chur chun cinn d'oibreoirí an Aontais.

(14)

Ba cheart é a bheith mar chuspóir ag an bplean cuidiú le cuspóirí CBI a bhaint amach, agus go háirithe le UTI a bhaint amach agus a choinneáil ar bun do na spriocstoic sin atá i gceist, leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme i gcás stoic ghrinnill atá faoi réir teorainneacha gabhála, le caighdeán cóir maireachtála a chur chun cinn do dhaoine a bhraitheann ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, ach iascach cósta agus gnéithe socheacnamaíocha á dtabhairt ar aird, agus leis an gcur chuige atá bunaithe ar éiceachórais i leith bainistiú iascaigh a chur chun feidhme. Ba cheart a shonrú sa phlean freisin mionsonraí do chur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír in uiscí an Aontais sa Mhuir Thuaidh do stoic uile na speiceas a bhfuil feidhm ina leith ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír faoi Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(15)

Ceanglaítear le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 go socrófar deiseanna iascaireachta i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2(2) de agus go gcomhlíonfar leo na spriocanna, na hamchláir agus na corrlaigh arna mbunú sna pleananna ilbhliantúla.

(16)

Is iomchuí go mbunófaí an spriocbhásmhaireacht iascaireachta (“F”) a fhreagraíonn don chuspóir sin UTI a bhaint amach agus a choinneáil ar bun mar raonta luachanna atá comhsheasmhach le baint amach UTI (“FUTI”). Tá gá leis na raonta sin, atá bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil, chun go mbeidh an tsolúbthacht ann forbairtí ar an gcomhairle eolaíoch a chur san áireamh, chun cuidiú le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, agus chun saintréithe an iascaigh mheasctha a chur san áireamh. Ba cheart do ICES raonta FUTI a ríomh agus a chur ar fáil, go háirithe ina comhairle thréimhsiúil maidir le gabháil. Bunaithe ar an bplean, déantar iad a dhíorthú ionas nach mbeidh ann laghdú nach mó ná 5 % ar an táirgeacht fhadtéarmach i gcomparáid le UTI, mar a leagtar amach i bhfreagairt ICES ar “iarraidh an AE ar ICES raonta FUTI a sholáthar i dtaca le rogha de Stoic de chuid na Mara Thuaidh agus Mhuir Bhailt”. Cuirtear uasteorainn leis an raon, ionas nach mó ná 5 % an dóchúlacht go dtitfidh an stoc faoi Bteorainn. Cloíonn an uasteorainn sin freisin le riail chomhairle ICES, rud a thugann le fios, nuair atá drochbhail ar an mbithmhais sceite nó ar an bhflúirse, go bhfuil F le laghdú go luach nach mó ná uasteorainn is ionann agus luach phointe FUTI arna iolrú faoin mbithmhais sceite nó faoin bhflúirse i mbliain na gabhála iomláine is incheadaithe (TAC) arna roinnt ar UBI Bspreagphointe. Úsáideann ICES na breithnithe sin maille leis an riail chomhairle agus comhairle eolaíoch á tabhairt aici faoi bhásmhaireacht iascaireachta agus roghanna gabhála.

(17)

Chun críocha deiseanna iascaireachta a shocrú, ba cheart uastairseach a bheith ann do raonta FUTI sa ghnáthúsáid, agus, ar choinníoll go meastar go bhfuil an stoc i gceist i gcaoi mhaith, ba cheart uasteorainn a bheith ann i gcásanna áirithe. Níor cheart é a bheith indéanta deiseanna iascaireachta a shocrú le bheith teoranta leis an uasteorainn ach amháin más rud é, ar bhonn comhairle eolaíoch nó fianaise eolaíoch, gur gá sin chun na cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán seo i dtaca le hiascach measctha a bhaint amach nó más gá sin chun díobháil a dhéantar do stoc de bharr dinimicí stoic laistigh den speiceas céanna nó idir-speiceas a sheachaint, nó chun éagsúlachtaí bliain go bliain i ndeiseanna iascaireachta a theorannú.

(18)

I gcás na stoc sin dá mbíonn fáil ar spriocanna a bhaineann le UTI, agus d'fhonn na bearta coimirce a chur i bhfeidhm, is gá pointí tagartha caomhnaithe a bhunú arna sloinneadh mar spreagleibhéil bithmhaise sceite do stoic éisc, agus mar spreagleibhéil flúirse do ghliomach na hIorua.

(19)

Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le bearta iomchuí coimirce ar fhaitíos go dtitfeadh méid an stoic faoi bhun na leibhéal sin. Ba cheart a áireamh sna bearta coimirce laghdú ar dheiseanna iascaireachta agus bearta caomhnaithe sonracha nuair is den riachtanas iad bearta ceartaitheacha, de réir comhairle eolaíoch. Ba cheart na bearta sin a fhorlíonadh le gach beart iomchuí eile, amhail bearta de chuid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 nó bearta de chuid na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán sin.

(20)

I gcás ghliomach na hIorua, ba cheart go bhféadfaí an TAC i roinn ICES 2a agus i bhfolimistéar 4 a shocrú mar shuim na dteorainneacha gabhála a bunaíodh do gach aonaid fheidhmiúil agus na ndronuilleog staidrimh atá lasmuigh d'aonaid fheidhmiúla an limistéir TAC sin. Ach níor cheart a chosc leis sin bearta a ghlacadh chun aonaid fheidhmiúla áirithe a chosaint.

(21)

I gcás ina gcuireann an Chomhairle san áireamh tionchar suntasach ó iascach áineasa ar chreat na ndeiseanna iascaireachta do stoc ar leith, ba cheart go mbeadh sí in ann TAC a shocrú do ghabhálacha tráchtála ina gcuirfear líon na ngabhálacha áineasa san áireamh agus/nó bearta eile a ghlacadh ina gcuirfear srian ar iascaigh áineasa amhail teorainneacha málaí agus tréimhsí dúnta.

(22)

Chun an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír arna bunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a chomhlíonadh, ba cheart foráil a dhéanamh sa phlean maidir le bearta bainistithe breise a dhéanfar tuilleadh sonraithe orthu i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán sin.

(23)

Ionas nach gcuirfear as do ghníomhaíochtaí iascaireachta ar bhealach a bhféadfadh drochthionchar a bheith aige ar staid na stoc trosc, is iomchuí córas údaruithe iascaireachta a chothabháil agus é a bheith ceangailte le teorannú ar acmhainneacht iomlán chumhacht innill na soithí iascaireachta i roinn ICES 7d, faoi mar a bhí infheidhme roimhe sin faoi Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008.

(24)

Ba cheart an spriocdháta maidir le moltaí comhpháirteacha ó Bhallstáit a bhfuil leas díreach bainistíochta acu a thíolacadh a bhunú, mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(25)

I gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ba cheart forálacha a bhunú le go ndéanfadh an Coimisiún measúnú, faoi 6 Lúnasa 2023 agus gach 5 bliana ina dhiadh sin, ar leordhóthanacht agus éifeachtúlacht chur i bhfeidhm an Rialacháin seo bunaithe ar chomhairle eolaíoch. Is féidir, de bhíthin na tréimhse ama sin, an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur i bhfeidhm go hiomlán, agus bearta réigiúnacha a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm, agus an tionchar ar na stoic agus ar na hiascaigh a léiriú. Is é sin an íostréimhse is gá de réir comhlachtaí eolaíocha freisin.

(26)

Chun teacht chun oiriúna leis an dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch ar bhealach prap agus comhréireach, chun solúbthacht a áirithiú agus chun ligean do bhearta áirithe forbairt, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán seo a fhorlíonadh i ndáil le coigeartuithe a bhaineann leis na stoic a chumhdaítear leis an Rialachán seo i ndiaidh athruithe i ndáileadh geografach na stoc, i ndáil le bearta ceartaitheacha agus i ndáil le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin a stiúradh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (7). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(27)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar, is iomchuí a shoiléiriú gur féidir bearta sealadacha scoir atá glactha chun cuspóirí an phlean a bhaint amach a mheas mar bhearta is incháilithe do thacaíocht faoi Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(28)

Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Bunaítear, leis an Rialachán seo, plean ilbhliantúil (“an plean”) i dtaca leis na stoic ghrinnill seo a leanas in uiscí an Aontais sa Mhuir Thuaidh (ranna ICES 2a, 3a agus folimistéar 4), lena n-áirítear san iascach ina saothraítear na stoic sin, agus, i gcás ina leathann na stoic sin amach níos faide ná an Mhuir Thuaidh, ina huiscí máguaird:

(a)

Trosc (Gadus morhua) i bhfolimistéar 4 (an Mhuir Thuaidh) agus i ranna 7d (Muir nIocht) agus 3a.20 (Skagerrak);

(b)

Cadóg (Melanogrammus aeglefinus) i bhfolimistéar 4 (an Mhuir Thuaidh) agus i ranna 6a (muir thiar na hAlban) agus 3a.20 (Skagerrak);

(c)

Leathóg (Pleuronectes platessa) i bhfolimistéar 4 (an Mhuir Thuaidh) agus i roinn 3a.20 (Skagerrak);

(d)

Glasán (Pollachius virens) i bhfolimistéir 4 (an Mhuir Thuaidh) agus 6 (Rocal agus muir thiar na hAlban) agus roinn 3a (Skagerrak agus Kattegat);

(e)

Sól (Solea solea) i bhfolimistéar 4 (an Mhuir Thuaidh);

(f)

Sól (Solea solea) i roinn 3a (Skagerrak agus Kattegat) agus i bhfolimistéir 22 go 24 (Muir Bhailt Thiar);

(g)

Faoitín (Merlangius merlangus) i bhfolimistéar 4 (an Mhuir Thuaidh) agus i roinn 7d (Muir nIocht thoir);

(h)

Láimhíneach (Lophius piscatorius) i roinn 3a (Skagerrak agus Kattegat) agus i bhfolimistéir 4 (an Mhuir Thuaidh) agus 6 (Rocal agus muir thiar na hAlban);

(i)

Séacla Artach (Pandalus borealis) i ranna 4a Thoir (an Mhuir Thuaidh thuaidh, Trinse na hIorua) agus 3a.20 (Skagerrak);

(j)

Gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) i roinn 3a (Aonaid Fheidhmiúla 3-4);

(k)

Gliomach na hIorua i bhfolimistéar 4 (an Mhuir Thuaidh) de réir an Aonaid Fheidhmiúil:

Gliomach na hIorua in Botney Gut-Silver Pit (Aonad Feidhmiúil 5);

Gliomach na hIorua in Farn Deeps (Aonad Feidhmiúil 6);

Gliomach na hIorua in Fladen Ground (Aonad Feidhmiúil 7);

Gliomach na hIorua i Linne Foirthe (Aonad Feidhmiúil 8);

Gliomach na hIorua i Linne Mhoireibh (Aonad Feidhmiúil 9);

Gliomach na hIorua in Noup (Aonad Feidhmiúil 10);

Gliomach na hIorua i dTrinse na hIorua (Aonad Feidhmiúil 32);

Gliomach na hIorua in Horn's Reef (Aonad Feidhmiúil 33);

Gliomach na hIorua in Devil's Hole (Aonad Feidhmiúil 34).

I gcás ina dtugann comhairle eolaíoch le fios go bhfuil athrú ann ar dháileadh geografach na stoc arna liostú sa chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 lena leasaítear an Rialachán seo trí na limistéir a liostaítear sa chéad fhomhír den mhír seo a choigeartú chun an t-athrú sin a léiriú. Ní dhéanfaidh na coigeartuithe sin na limistéir stoic a leathnú amach níos faide ná uiscí an Aontais i bhfolimistéar 2 go dtí folimistéar 7.

2.   Más rud é, ar bhonn comhairle eolaíoch, go measann an Coimisiún gur gá an liosta stoc arna leagan amach sa chéad fhomhír de mhír 1 a leasú, féadfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh chun leasú a dhéanamh ar an liosta sin.

3.   Maidir le huiscí máguaird dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ach ag Airteagal 4 agus Airteagal 6 agus na bearta a bhaineann le deiseanna iascaireachta faoi Airteagal 7.

4.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le foghabhálacha a ghabhtar sa Mhuir Thuaidh nuair a bhítear ag iascaireacht na stoc a liostaítear sa chéad fhomhír de mhír 1. Mar sin féin, i gcás ina mbunófar raonta FUTI agus coimircí atá ceangailte le bithmhais do na stoic sin faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena mbunaítear pleananna ilbhliantúla, beidh feidhm ag na raonta agus na coimircí sin.

5.   Sonraítear sa Rialachán seo freisin mionsonraí do chur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír in uiscí an Aontais sa Mhuir Thuaidh do stoic uile na speiceas a bhfuil feidhm ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír ina leith faoi Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas i dteannta na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 850/98 ón gComhairle (9), in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (10) agus in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013:

(1)

ciallaíonn “Raon FUTI” raon luachanna dá bhforáíltear sa chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil, go háirithe ag an gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES), i gcás ina mbíonn uastáirgeacht inbhuanaithe (UTI) mar thoradh san fhadtéarma ar leibhéil uile bhásmhaireachta iascaireachta laistigh den raon sin, agus patrún iascaireachta tugtha a bheith ann, agus faoi mheándálaí reatha comhshaoil gan tionchar suntasach a bheith ar an bpróiseas síolraithe don stoc atá i gceist. Déantar é a dhíorthú ionas nach ndéanfar laghdú nach mó ná 5 % ar an táirgeacht fhadtéarmach i gcomparáid leis an UTI. Cuirtear uasteorainn leis chun nach mó ná 5 % an dóchúlacht go dtitfidh an stoc faoin bpointe tagartha teorann do bhithmhais stoic sceite (Bteorainn);

(2)

ciallaíonn “UTI Físeal” an luach is ísle laistigh de raon FUTI;

(3)

ciallaíonn “UTI Fuachtair” an luach is airde laistigh de raon FUTI;

(4)

is é “luach phointe FUTI” an luach básmhaireachta iascaireachta measta a thugann an UTI fhadtéarmach ag a bhfuil patrún iascaireachta tugtha agus faoi na meándhálaí reatha comhshaoil atá ann;

(5)

ciallaíonn “raon íosta FUTI” raon ina bhfuil luachanna ó UTI Físeal suas go dtí luach phointe FUTI;

(6)

ciallaíonn “raon uasta FUTI” raon ina bhfuil luachanna ó luach phointe FUTI suas go dtí UTI Fuachtair;

(7)

ciallaíonn “Bteorainn” an pointe tagartha teorann do bhithmhais stoic sceite dá bhforáiltear sa chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil, go háirithe ag ICES, arbh fhéidir go mbeadh acmhainneacht síolraithe laghduithe faoina bhun;

(8)

ciallaíonn “UTI Bspreagphointe” an pointe tagartha bithmhaise stoic sceite, agus i gcás stoic de ghliomach na hIorua, an pointe tagartha flúirse, dá bhforáíltear sa chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil, go háirithe ag ICES, ar faoina bhun ba cheart gur thrúig le gníomhaíocht shonrach agus iomchuí bainistíochta d'fhonn a áirithiú go dtugann na rátaí saothraithe i dteannta athruithe nádúrtha na stoic ar ais go leibhéal is airde ná na leibhéil sin arb acmhainn dóibh an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh san fhadtéarma.

CAIBIDIL II

CUSPÓIRÍ

Airteagal 3

Cuspóirí

1.   Leis an bplean, rannchuideofar le cuspóirí an chomhbheartais iascaigh a liostaítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a bhaint amach, go háirithe tríd an gcur chuige réamhchúraim a chur i bhfeidhm i leith bainistíocht iascaigh agus beidh sé mar aidhm ag an bplean a áirithiú go ndéanfaidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas saothraithe a athbhunú agus a chothabháil os cionn leibhéil atá in ann UTI a bhaint amach.

2.   Rannchuideoidh an plean le hábhair mhuirí aischurtha a dhíothú, trí ghabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú, a mhéid is féidir; rannchuideoidh sé freisin le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a bunaíodh in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 i gcás na speiceas atá faoi réir teorainneacha gabhála agus lena mbaineannan Rialachán seo.

3.   Déanfaidh an plean an cur chuige atá bunaithe ar éiceachórais i leith bainistiú iascaigh a chur chun feidhme, chun a áirithiú go ndéanfar tionchair dhiúltacha gníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachóras na mara a laghdú a oiread is féidir. Beidh sé comhleanúnach le reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, go háirithe leis an gcuspóir dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoi 2020 mar a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Threoir 2008/56/CE.

4.   Go háirithe, beidh sé mar aidhm ag an bplean:

(a)

a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha a thuairiscítear i dtuairisceoir 3 atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/56/CE; agus

(b)

rannchuidiú le comhlíonadh na dtuairisceoirí ábhartha eile atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/56/CE i gcoibhneas leis an ról atá ag an iascach ina gcomhlíonadh.

5.   Déanfar bearta faoin bplean i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil. I gcás nach bhfuil go leor sonraí ann, féachfar le leibhéal inchomparáide caomhnaithe a bhaint amach do na stoic ábhartha.

CAIBIDIL III

SPRIOCANNA

Airteagal 4

Spriocanna

1.   Maidir leis an spriocbhásmhaireacht iascaireachta atá i gcomhréir le raonta FUTI a shainmhínítear in Airteagal 2, déanfar í a bhaint amach a luaithe is féidir agus ar bhonn forchéimnitheach incriminteach faoi 2020 do na stoic a liostaítear in Airteagal 1(1), agus coinneofar ar bun í uaidh sin amach laistigh de raonta FUTI, i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2.   Déanfar na raonta seo FUTI atá bunaithe ar an bplean a iarraidh ar ICES.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nuair a shocraíonn an Chomhairle deiseanna iascaireachta do stoc, déanfaidh sí na deiseanna sin a bhunú laistigh den raon íosta FUTI a bheidh ar fáil an tráth sin don stoc sin.

4.   D'ainneoin mhír 1 agus mhír 3, féadfar deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic a shocrú ar leibhéil is ísle ná na raonta FUTI.

5.   D'ainneoin mhír 3 agus mhír 4, féadfar deiseanna iascaireachta a shocrú do stoc i gcomhréir leis an raon uasta FUTI a bheidh ar fáil an tráth sin don stoc sin, ar choinníoll go bhfuil an stoc dá dtagraítear in Airteagal 1(1) os cionn UTI Bspreagphointe:

(a)

más rud é, ar bhonn comhairle nó fianaise eolaíoch, gur gá sin chun na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3 i dtaca leis an iascach measctha a shroicheadh;

(b)

más rud é, ar bhonn comhairle nó fianaise eolaíoch, gur gá sin chun díobháil thromchúiseach a sheachaint a dhéanfadh dinimic stoic ion-speiceas nó idir-speiceas don stoc; nó

(c)

chun athruithe ar dheiseanna iascaireachta ó bhliain go bliain a theorannú go leibhéal nach mó ná 20 %.

6.   I ngach cás, déanfar deiseanna iascaireachta a shocrú sa chaoi go n-áiritheofar gur lú ná 5 % an dóchúlacht go dtitfidh an bhithmhais stoic sceite faoin Bteorainn.

Airteagal 5

Bainistiú na stoc fo-ghabhála

1.   Do na stoic dá dtagraítear in Airteagal 1(4), déanfar bearta bainistíochta lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, deiseanna iascaireachta, a shocrú ag cur san áireamh an chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil agus beidh siad comhsheasmhach leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3.

2.   Déanfar na stoic sin a bhainistiú faoin gcur chuige réamhchúraim i leith bainistiú iascaigh a shainmhínítear i bpointe 8 d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 nuair nach bhfuil aon fhaisnéis eolaíoch leormhaith ar fáil.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, cuirfear san áireamh, agus bainistiú á dhéanamh ar iascach measctha maidir leis na stoic dá dtagraítear in Airteagal 1(4) den Rialachán seo, a dheacra atá sé na stoic uile a iascach ar UTI san am céanna, go háirithe i gcásanna ina ndúntar an t-iascach roimh am dá bharr sin.

CAIBIDIL IV

COIMIRCÍ

Airteagal 6

Pointí tagartha caomhnaithe

Bunaithe ar an bplean seo, iarrfar na pointí tagartha caomhnaithe seo a leanas ar ICES chun acmhainn iomlán síolraithe na stoc dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a choimirciú:

(a)

UTI Bspreagphointe do na stoic dá dtagraítear in Airteagal 1(1);

(b)

Bteorainn do na stoic dá dtagraítear in Airteagal 1(1).

Airteagal 7

Coimircí

1.   I gcás ina dtugann comhairle eolaíoch le fios gur ísle, i mbliain ar leith, ná an UTI Bspreagphointe an bhithmhais stoic sceite atá ag aon cheann de na stoic dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus, i gcás stoic de ghliomach na hIorua, gur ísle ná UTI Bspreagphointe a bhflúirse, glacfar gach beart iomchuí ceartaitheach chun a áirithiú go bhfillfidh an stoc nó an t-aonad feidhmiúil lena mbaineann go pras ar leibhéal is airde ná na leibhéil sin arb acmhainn dóibh UTI a sholáthar. Go háirithe, de mhaolú ar Airteagal 4(3) agus (5), déanfar deiseanna iascaireachta a shocrú ar leibhéil a bheidh i gcomhréir le ráta básmhaireachta iascaireachta arna laghdú faoi bhun an raoin uasta FUTI, agus an laghdú ar an mbithmhais á chur san áireamh.

2.   I gcás ina dtugann comhairle eolaíoch le fios gur ísle ná an Bteorainn an bhithmhais stoc sceite ag aon cheann de na stoic dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus, i gcás stoic de ghliomach na hIorua, gur ísle ná an Bteorainn an flúirse, déanfar bearta ceartaitheacha breise chun a áirithiú go bhfillfidh an stoc nó an t-aonad feidhmiúil lena mbaineann go pras ar leibhéal is airde ná na cinn sin arb acmhainn dóibh UTI a sholáthar. Go háirithe, féadfar a áireamh ar na bearta ceartaitheacha sin, de mhaolú ar Airteagal 4(3) agus (5), spriociascaireacht an stoic nó an aonaid fheidhmiúil lena mbaineann a chur ar fionraí agus deiseanna iascaireachta a laghdú go leordhóthanach.

3.   Féadfar a áireamh ar na bearta ceartaitheacha dá dtagraítear san Airteagal seo:

(a)

bearta éigeandála i gcomhréir le hAirteagal 12 agus Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(b)

bearta de bhun Airteagal 8 agus Airteagal 9 den Rialachán seo.

4.   Déanfar rogha na mbeart dá dtagraítear san Airteagal seo ag cur san áireamh cineál, tromchúis, fad agus atriall na staide inar ísle an bhithmhais stoic sceite agus, i gcás stoic de ghliomach na hIorua, an flúirse, ná na leibhéil dá dtagraítear in Airteagal 6.

Airteagal 8

Bearta sonracha caomhnaithe

I gcás ina dtugann comhairle eolaíoch le fios gur gá gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh chun aon cheann de na stoic ghrinnill dá dtagraítear in Airteagal 1(4) den Rialachán seo a chaomhnú, nó i gcás inar ísle ná an UTI Bspreagphointe, i mbliain ar leith, an bhithmhais stoic sceite atá ag aon cheann de na stoic a chumhdaítear le hAirteagal 1(1) agus, i gcás stoic de ghliomach na hIorua, gur ísle ná an UTI Bspreagphointe a bhflúirse, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo agus Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Féadfar an Rialachán seo a fhorlíonadh leis na gníomhartha tarmligthe sin trí rialacha a leagan síos maidir leis an méid a leanas:

(a)

saintréithe trealaimh iascaireachta, go háirithe méid mogall, méid duáin, déanamh an trealaimh, tiús sreinge, méid an trealaimh nó úsáid feistí roghnaíochta chun roghnaíocht a áirithiú nó a fheabhsú;

(b)

úsáid trealaimh iascaireachta, go háirithe an t-achar ama a mbeidh sé ar maos, an doimhneacht ag a n-úsáidfear é, chun an roghnaíocht a áirithiú nó a fheabhsú;

(c)

toirmeasc nó teorannú ar iascaireacht i limistéir shonracha chun cosaint a thabhairt d'éisc sceite, d'éisc óga, d'éisc atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe nó do speicis iasc nach spriocspeicis iad;

(d)

toirmeasc nó teorannú ar iascaireacht nó úsáid cineálacha áirithe trealaimh iascaireachta i rith tréimhsí ama sonracha, chun éisc sceite nó éisc atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe nó speicis iasc nach spriocspeicis iad a chosaint;

(e)

íosmhéideanna tagartha caomhnaithe arb aidhm dóibh cosaint a áirithiú do na hóg-orgánaigh mhuirí;

(f)

saintréithe eile a bhaineann le roghnaíocht.

CAIBIDIL V

BEARTA TEICNIÚLA

Airteagal 9

Bearta teicniúla

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo agus le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir leis na bearta teicniúla seo a leanas:

(a)

sonraíochtaí saintréithe trealaimh iascaireachta agus rialacha a rialaíonn a n-úsáid, chun roghnaíocht a áirithiú nó a fheabhsú, chun gabhálacha de thaisme a laghdú nó chun an tionchar diúltach ar an éiceachóras a íoslaghdú;

(b)

sonraíochtaí modhnuithe ar threalamh iascaireachta nó feistí breise a chuirtear le trealamh iascaireachta, chun roghnaíocht a áirithiú nó a fheabhsú, chun gabhálacha de thaisme a laghdú nó chun an tionchar diúltach ar an éiceachóras a íoslaghdú;

(c)

teorannuithe nó toirmisc ar úsáid trealaimh iascaireachta áirithe agus ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, i limistéir áirithe nó i dtréimhsí áirithe chun éisc sceite, éisc atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe nó speicis iasc nach spriocspeicis iad a chosaint, nó chun an tionchar diúltach ar an éiceachóras a íoslaghdú; agus

(d)

íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a shocrú d'aon cheann de na stoic a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo, chun cosaint a áirithiú do na hóg-orgánaigh mhuirí.

2.   Rannchuideofar leis na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach.

CAIBIDIL VI

DEISEANNA IASCAIREACHTA

Airteagal 10

Deiseanna iascaireachta

1.   Agus deiseanna iascaireachta atá ar fáil dóibh á leithdháileadh ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, déanfaidh siad an comhdhéanamh is dóchúla a bheidh ar ghabhálacha na soitheach atá rannpháirteach in iascach measctha a chur san áireamh.

2.   Féadfaidh na Ballstáit, tar éis dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún, malartú a dhéanamh ar na deiseanna iascaireachta go léir a leithdháiltear orthu de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nó ar chuid acu.

3.   Gan dochar d'Airteagal 7 den Rialachán seo, féadfar TAC an stoic sin de ghliomach na hIorua atá i muircheantair ICES 2a agus 4 a ríomh mar shuim na dteorainneacha gabhála atá ag na haonaid fheidhmiúla agus na ndronnuilleog staidrimh sin atá lasmuigh de na haonaid fheidhmiúla.

4.   I gcás ina dtugann comhairle eolaíoch le fios go bhfuil tionchar suntasach ag iascach áineasa ar bhásmhaireacht iascaireachta stoic ar leith, déanfaidh an Chomhairle an méid sin a chur san áireamh agus féadfaidh sí iascach áineasa a theorannú agus deiseanna iascaireachta á socrú aici, ionas nach sárófar an sprioc iomlán do bhásmhaireacht iascaireachta.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA ATÁ NASCTHA LEIS AN OIBLEAGÁÍD GABHÁLACHA A THABHAIRT I dTÍR

Airteagal 11

Forálacha atá nasctha leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír in uiscí an Aontais sa Mhuir Thuaidh

I gcás stoic uile na speiceas sa Mhuir Thuaidh a bhfuil feidhm ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír faoi Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leo, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo agus le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shonraí na hoibleagáide sin a mhionsonrú, mar a fhoráiltear i bpointí (a) go (e) d'Airteagal 15(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

CAIBIDIL VIII

ROCHTAIN AR UISCÍ AGUS AR ACMHAINNÍ

Airteagal 12

Údaruithe iascaireachta agus uasteorainneacha le haghaidh acmhainne

1.   Le haghaidh gach ceann de limistéir ICES dá dtagraítear in Airteagal 1(1) den Rialachán seo, eiseoidh gach Ballstát údaruithe iascaireachta i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 i gcás soithí a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu agus atá i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta sa limistéar sin. I gcás údaruithe iascaireachta den sórt sin, féadfaidh na Ballstáit freisin acmhainn iomlán soithí den sórt sin, arna sloinneadh i kW, agus iad ag baint úsáid as trealamh sonrach a theorannú.

2.   Maidir le trosc i Muir nIocht Thoir (roinn ICES 7d), gan dochar do na huasteorainneacha le haghaidh acmhainne a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní bheidh acmhainn iomlán na soithí, arna sloinneadh in kW, ar eisíodh údaruithe iascaireachta dóibh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, níos mó ná uasacmhainn na soithí a bhí gníomhach in 2006 nó in 2007 agus a bhfuil aon trealamh amháin acu seo a leanas á úsáid acu i limistéar ICES lena mbaineann:

(a)

tráil ghrinnill agus báid saighne (OTB, OTT, PTB, SDN, SSC, SPR) a bhfuil a mogall:

(i)

cothrom le 100 mm nó os a chionn;

(ii)

cothrom le 70 mm nó os a chionn agus níos lú ná 100 mm;

(iii)

cothrom le 16 mm nó os a chionn agus níos lú ná 32 mm;

(b)

tráil bhíoma (TBB) a bhfuil a mogall:

(i)

cothrom le 120 mm nó os a chionn;

(ii)

cothrom le 80 mm nó os a chionn agus níos lú ná 120 mm;

(c)

eangacha geolbhaigh, eangacha fostúcháin (GN);

(d)

traimlí (GT);

(e)

spiléir (LL).

3.   Déanfaidh gach Ballstát liosta soithí a mbeidh an t-údarú iascaireachta dá dtagraítear i mír 1 acu a bhunú agus a chothabháil agus cuirfidh siad ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile ar shuíomh gréasáin oifigiúil an Bhallstáit é.

CAIBIDIL IX

BAINISTIÚ STOIC AR LEAS COITEANN IAD

Airteagal 13

Prionsabail agus cuspóirí a bhaineann le bainistiú stoic ar leas coiteann don Aontas agus do thríú tíortha iad

1.   Nuair a shaothraíonn tríú tíortha stoic ar leas coiteann iad freisin, oibreoidh an tAontas i gcomhar leis na tríú tíortha sin chun a áirithiú go mbainistítear na stoic sin ar bhealach inbhuanaithe atá comhsheasmhach le cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, go háirithe Airteagal 2(2) de, agus le cuspóirí an Rialacháin seo. I gcás nach dtagtar ar chomhaontú foirmiúil, déanfaidh an tAontas gach iarracht teacht ar shocruithe coiteanna chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic den sórt sin ionas go bhféadfaí bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh, agus cothroime iomaíochta á cur chun cinn d'oibreoirí an Aontais ar an gcaoi sin.

2.   I gcomhthéacs bainistiú comhpháirteach stoc le tríú tíortha, féadfaidh an tAontas deiseanna iascaireachta a mhalartú le tríú tíortha de bhun Airteagal 33(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

CAIBIDIL X

RÉIGIÚNÚ

Airteagal 14

Comhar réigiúnach

1.   Beidh feidhm ag Airteagal 18(1) go (6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 8, Airteagal 9 agus Airteagal 11 den Rialachán seo.

2.   Chun críche mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit sin ag a bhfuil leas díreach bainistíochta moltaí comhpháirteacha a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 den chéad uair tráth nach déanaí ná 6 Lúnasa 2019 agus ina dhiaidh sin, 12 mhí tar éis gach meastóireacht ar an bplean a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán seo. Féadfaidh siad na moltaí sin a thíolacadh freisin nuair a mheasfaidh na Ballstáit lena mbaineann gur gá sin, go háirithe i gcás athrú tobann ar staid aon cheann de na stoic a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo. Ní mór gach moladh comhpháirteach i ndáil leis na bearta a bhaineann le bliain féilire tugtha a thíolacadh tráth nach déanaí ná an 1 Iúil den bhliain roimhe sin.

3.   Ní dochar an cumhachtú a dheonaítear faoi Airteagal 8, Airteagal 9 agus Airteagal 11 den Rialachán seo do chumhachtaí a thugtar don Choimisiún faoi fhorálacha eile de dhlí an Aontais, lena n-áirítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

CAIBIDIL XI

GNÍOMHAÍOCHT LEANTACH

Airteagal 15

Meastóireacht ar an bplean

Faoin 6 Lúnasa 2023, agus gach 5 bliana dá éis sin, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le torthaí agus tionchar an phlean ar na stoic a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo agus ar an iascach a shaothraíonn na stoic sin, go háirithe maidir le baint amach na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

CAIBIDIL XII

FORÁLACHA NÓS IMEACHTA

Airteagal 16

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus Airteagal 8, Airteagal 9 agus Airteagal 11 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 5 Lúnasa 2018. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus in Airteagal 8, Airteagal 9 agus Airteagal 11 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 1(1), agus Airteagal 8, Airteagal 9 agus Airteagal 11 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

CAIBIDIL XIII

TACAÍOCHT ÓN gCISTE EORPACH MUIRÍ AGUS IASCAIGH

Airteagal 17

Tacaíocht ón gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh

Measfar bearta scoir shealadaigh a ghlactar chun cuspóirí an phlean a bhaint amach mar scor sealadach gníomhaíochtaí iascaireachta chun críocha phointe (a) agus phointe (c) d'Airteagal 33(1) de Rialachán (AE) Uimh. 508/2014.

CAIBIDIL XIV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHACHA

Airteagal 18

Aisghairmeacha

1.   Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008.

2.   Déanfar tagairtí do na Rialacháin aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 4 Iúil 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. EDTSTADLER


(1)  IO C 75, 10.3.2017, lch. 109.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Bealtaine 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Meitheamh 2018.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(4)  Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht chomhphobail i réimse an bheartais muirthimpeallachta (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2007 lena mbunaítear plean ilbhliantúil d'iascaigh a shaothraíonn stoic leathóg agus sól sa Mhuir Thuaidh (IO L 157, 19.6.2007, lch. 1).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 lena mbunaítear plean fadtéarmach don stoc trosc agus don iascach a shaothraíonn an stoc sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 423/2004 (IO L 348, 24.12.2008, lch. 20).

(7)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 850/98 ón gComhairle an 30 Márta 1998 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint IO L 125, 27.4.1998, lch. 1.

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialachán (CE) 847/96, Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002, Rialachán (CE) Uimh. 811/2004, Rialachán (CE) Uimh. 768/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2115/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2166/2005, Rialachán (CE) Uimh. 388/2006, Rialachán (CE) Uimh. 509/2007, Rialachán (CE) Uimh. 676/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008, Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).


Comhráiteas ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le speicis thoirmiscthe

Maidir leis an Rialachán atá le glacadh ar bhonn an togra ón gCoimisiún ar acmhainní iascaigh a chaomhnú agus ar chosaint a thabhairt d'éiceachórais mhuirí trí bhearta teicniúla (2016/0074(COD)), ba cheart go mbeadh forálacha áirithe ann, inter alia, maidir leis na speicis a bhfuil sé toirmiscthe iad a iascach. Ar an gcúis sin tá sé aontaithe ag an dá institiúid gan liosta maidir leis an Muir Thuaidh a chur san áireamh sa Rialacháin seo (2016/0238(COD)).


Comhráiteas ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialú

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na forálacha um rialú seo a leanas a chur san áireamh san athbhreithniú a dhéanfar ar an Rialachán um Rialú (Rialacháin (CE) Uimh. 1224/2009) i gcás inarb ábhartha sin maidir leis an Muir Thuaidh: réamhfhógraí, ceanglais logleabhair, calafoirt ainmnithe agus forálacha eile um rialú.