|
9.7.2018 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
RIALACHÁN (AE) 2018/956 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 28 Meitheamh 2018
maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ó fheithiclí nua tromshaothair agus ar ídiú breosla na bhfeithiclí sin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Formhuiníodh sprioc ceangailteach de laghdú intíre 40 %, ar a laghad, ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair faoi 2030 i gcomparáid le 1990 sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 23-24 Deireadh Fómhair 2014 maidir le creat beartais 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus rinneadh an sprioc sin a athdhearbhú ag cruinniú na Comhairle Eorpaí an 17-18 Márta 2016. |
|
(2) |
Rinneadh foráil i gconclúidí na Comhairle Eorpaí an 23-24 Deireadh Fómhair 2014 nach mór don Aontas ina iomláine an sprioc sin a bhaint amach ar an mbealach is costéifeachtaí is féidir, agus laghduithe 43 % sa chóras trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas (“CTA AE”) agus laghduithe 30 % sna hearnálacha nach earnálacha CTA iad a bhaint amach faoi seach faoi 2030 i gcomparáid le 2005. I gComhaontú Pháras (3), inter alia, leagtar amach sprioc fhadtéarmach a thagann leis an gcuspóir an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus leanúint de na hiarrachtaí é a choimeád faoi bhun 1.5 °C. Tá sé riachtanach go mbeadh gach Ballstát rannpháirteach sna hiarrachtaí sin, agus do gach earnáil den gheilleagar, lena n-áirítear earnáil an iompair, rannchuidiú chun na laghduithe sin ar astaíochtaí a chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach a bhaint amach agus chun na spriocanna fadtéarmacha atá i gComhaontú Pháras a chomhlíonadh. |
|
(3) |
Leagtar síos mar uaillmhian ag Straitéis Eorpach 2016 an Choimisiúin maidir le soghluaisteacht íseal-astaíochtaí, go gcaithfidh laghdú 60 % ar a laghad teacht ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ón earnáil iompair faoi lár an chéid i gcomparáid le 1990 agus gur gá go ndéanfaí dícheall ag iarraidh an sprioc astaíochtaí nialasacha a bhaint amach. |
|
(4) |
Chun an sprioc sin a bhaint amach, is iomchuí réimse éagsúil beart a mheas. Anuas ar chaighdeáin astaíochta CO2 a leagan síos d’fheithiclí tromshaothair, eadhon leoraithe, busanna agus cóistí, d’fhéadfaí gníomhaíochtaí eile a áireamh ar na bearta sin a chuideodh le feabhas a chur ar éifeachtúlacht feithiclí tromshaothair agus leis na hastaíochtaí CO2 uathu a laghdú, gníomhaíochtaí amhail barrfheabhsú ualaigh, dlúthghrúpáil, tiománaithe a chur faoi oiliúint, úsáid a bhaint as breoslaí ailtéarnacha, scéimeanna athchóirithe flít, boinn íosfhriotaíocht rollta, plódú a laghdú agus infheistíochtaí i gcothabháil an bhonneagair. |
|
(5) |
Faoi láthair is ionann na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó fheithiclí tromshaothair, agus thart ar aon cheathrú de na hastaíochtaí ó iompar de bhóthar san Aontas agus, mura ndéanfar bearta breise, meastar go dtiocfaidh méadú 10 % air sin idir 2010 agus 2030 agus méadú 17 % idir 2010 agus 2050. Is gá bearta éifeachtacha a thabhairt isteach chun astaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair a shrianadh chun cuidiú a thabhairt na laghduithe is gá ar astaíochtaí san earnáil iompair a bhaint amach. |
|
(6) |
I dteachtaireacht uaidh in 2014 maidir le Straitéis chun ídiú breosla agus astaíochtaí CO2 Feithiclí Tromshaothair a laghdú, d’aithin an Coimisiún gur réamhriachtanas é i gcás bearta den chineál sin a thabhairt isteach, nós imeachta rialáilte chun astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla a chinneadh. |
|
(7) |
Is le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a chuirtear an creat chun nós imeachta rialáilte den chineál sin a bhunú ar fáil. Leis na tomhais a dhéantar i gcomhréir leis an nós imeachta sin, soláthrófar sonraí stóinseacha inchomparáide maidir le hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla do gach feithicil tromshaothair i ndáil le cuid shuntasach den fhlít feithiclí tromshaothair san Aontas. Beidh teacht ag ceannaitheoir feithicle tromshaothair ar leithligh agus ag an mBallstát clárúcháin ábhartha ar an bhfaisnéis sin, agus dúnfaidh sé seo cuid den bhearna faisnéise. |
|
(8) |
Is fiontair bheaga agus mheánmhéide iad formhór na gcuideachtaí iompair. Ina theannta sin, níl rochtain acu fós ar fhaisnéis chaighdeánaithe chun meastóireacht a dhéanamh ar theicneolaíochtaí um éifeactúlacht breosla nó chun comparáid a dhéanamh idir feithiclí tromshaothair d’fhonn na cinntí ceannaigh is eolasaí a dhéanamh, agus a gcuid billí breosla á laghdú dá réir sin acu, rud ar fiú breis agus an ceathrú cuid dá gcostais oibriúcháin. |
|
(9) |
Ba cheart fáil a bheith go poiblí ar fhaisnéis ar fheidhmíocht feithicle tromshaothair maidir le hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla chun cabhrú le gach oibreoir feithicle cinntí eolasacha ceannaigh a dhéanamh agus chun ardleibhéal trédhearcachta a áirithiú. Beidh gach monaróir feithiclí tromshaothair in ann comparáid a dhéanamh idir feidhmíocht a bhfeithiclí agus feidhmíocht feithiclí de dhéantúis eile. Méadófar leis sin na dreasachtaí chun nuálaíochta agus spreagfar forbairt feithiclí tromshaothair a bheidh níos tíosaí ar fhuinneamh agus dá réir sin méadófar an iomaíocht. Beidh an fhaisnéis sin ina bonn fónta do lucht ceaptha beartas ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát chun beartais a fhorbairt agus chun feithiclí tromshaothair atá níos tíosaí ar fhuinneamh a chur chun cinn. |
|
(10) |
Chun teacht ar fhaisnéis iomlán maidir le cumraíocht fhlít na bhfeithiclí tromshaothair san Aontas, an fhorbairt a thiocfaidh uirthi le himeacht ama agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige sin ar astaíochtaí CO2, is iomchuí go ndéanfadh údaráis inniúla na mBallstát faireachán agus tuairisciú don Choimisiún ar shonraí ar chlárúchán gach feithicle nua tromshaothair agus gach leantóra nua, lena n-áirítear sonraí ar ghléasraí cumhachta chomh maith leis an gcabhail ábhartha. |
|
(11) |
Is iomchuí, dá réir sin, go ndéanfaidh monaróirí feithiclí tromshaothair faireachán ar na luachanna astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla a chinntear do gach feithicil tromshaothair de bhun Rialachán (AE) 2017/2400 ón gCoimisiún (5) agus go ndéanfaidh siad iad a thuairisciú don Choimisiún. |
|
(12) |
Beidh infhaighteacht na sonraí maidir le hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla i gcás na gcatagóirí éagsúla feithicle tromshaothair ag brath ar cén uair a chumhdófar na catagóirí le Rialachán (AE) 2017/2400. D’fhonn soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt maidir leis na hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe atá ar mhonaróirí, ba cheart go leagfaí amach leis an Rialachán seo na túsbhlianta le haghaidh faireachán agus tuairisciú ar gach catagóir feithicle tromshaothair a thagann faoina raon feidhme. De bhun Rialachán (AE) 2017/2400 beidh fáil ar shonraí le haghaidh feithiclí áirithe nua tromshaothair arna gclárú in 2019. Ón mbliain sin amach ba cheart é a bheith de cheangal ar mhonaróirí faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na sonraí teicniúla maidir leis na feithiclí sin. Maidir le catagóirí agus grúpaí eile feithicle tromshaothair, ní bheidh na sonraí ar fáil ach ó dháta níos déanaí. Ba cheart tréimhse réasúnach amach a leagan síos chun na túsbhlianta a chinneadh maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar shonraí na gcatagóirí agus grúpaí feithicle sin. Ós rud é go mbaineann castacht theicniúil le forbairt nósanna imeachta chun astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla na gcatagóirí agus grúpaí feithicle tromshaothair atá fágtha a chinneadh, ba cheart tréimhse ama 7 mbliana a leagan síos ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
|
(13) |
Is ar leas an phobail atá sé go ndéanfaí sonraí teicniúla atá fíor-riachtanach chun astaíochtaí CO2 agus feidhmíocht ídithe breosla feithicle tromshaothair a chinneadh a scaipeadh go gníomhach ar an bpobal chun trédhearcacht shonraíochtaí na feithicle tromshaothair a mhéadú chomh maith le feidhmíocht ghaolmhar na feithicle, agus chun iomaíocht a chothú i measc monaróirí. Níor cheart sonraí atá íogair ar chúinsí a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta agus iomaíocht chóir a fhoilsiú. Ba cheart sonraí áirithe a bhaineann le feidhmíocht aeraidinimiciúil feithiclí tromshaothair a chur ar fáil don phobal i bhformáid raoin d’fhonn breithnithe i dtaca leis an iomaíocht chóir a chur san áireamh. Ba cheart na sonraí arna dtuairisciú a chur ar fáil don phobal ar bhealach atá inrochtana go héasca agus saor in aisce. Ni dochar an Rialachán seo do na cearta breise maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol, inter alia, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). |
|
(14) |
Tá sé tábhachtach go mbeadh an córas faireacháin agus tuairiscithe soláimhsithe do gach oibreoir iompair beag beann ar a mhéid ná ar a acmhainní. Ar an gcuma chéanna, tá sé tábhachtach go ndéanfadh an Coimisiún córas den chineál sin a chur chun cinn go gníomhach chun a áirithiú go mbeidh tionchar bríoch aige ar an earnáil agus chun feasacht a mhúscailt maidir le hinfhaighteacht na sonraí arna dtuairisciú. |
|
(15) |
Maidir leis an anailís ón gCoimisiún ar na sonraí arna dtarchur ag na Ballstáit agus ag monaróirí don bhliain féilire roimhe sin, ba cheart í a chur i láthair an phobail ar bhealach ina léireofaí feidhmíocht fhlít fheithiclí tromshaothair an Aontais, agus feidhmíocht gach Ballstáit agus gach monaróra. Ba cheart go gceadófaí léi comparáideacht laistigh de na flíteanna agus idir na flíteanna maidir le meánídiú breosla agus meánastaíochtaí CO2 do gach grúpa feithicle tromshaothair de réir próifíle misin. |
|
(16) |
Tá sé fíor-riachtanach go dtabharfaidh na luachanna astaíochtaí CO2 agus ídithe breosla a chinntear de bhun Rialachán (AE) 2017/2400 léiriú cruinn ar fheidhmíocht na bhfeithiclí tromshaothair. Leis an Rialachán sin, dá bhrí sin, leagtar amach forálacha maidir le comhréireacht a fhíorú agus a áirithiú a mhéid a bhaineann le hoibríocht na huirlise ionsamhlúcháin agus a bhaineann le hastaíochtaí CO2, chomh maith le hairíonna de na comhpháirteanna ábhartha a bhaineann le hídiú breosla, agus le haonaid agus córais theicniúla ar leithligh. Ba cheart tástáil ar bhóthar a bheith san áireamh sa nós imeachta fíoraithe sin. Leis an gcreat nua cineálcheadaithe mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) cuirtear an modh ar ar fáil chun a áirithiú go ndéanfadh an monaróir bearta ceartaitheacha i gcás diallta agus, i gcás neamhchomhlíonta, go mbeadh an Coimisiún in ann fineálacha riaracháin a fhorchur. Aithníonn an creat nua sin freisin a thábhachtaí atá sé an cead a thabhairt do thríú páirtithe tástáil neamhspleách ar a dhéanamh ar fheithiclí agus rochtain a bheith acu ar na sonraí is gá. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar thorthaí thástálacha fíoraithe den chineál sin agus ba cheart dó anailís ar na torthaí a chur ina thuarascáil bhliantúil. |
|
(17) |
Tá sé tábhachtach a áirithiú go mbíonn na sonraí a ndéantar faireachán agus tuairisciú orthu stóinseach agus iontaofa. Dá bhrí sin, ba cheart modhanna a bheith ag an gCoimisiún le fíorú agus, más gá, leasú, a dhéanamh ar na sonraí deiridh. Ba cheart foráil a dhéanamh leis na riachtanais faireacháin, dá bhrí sin, maidir le paraiméadair lena lamhálfar na sonraí a rianú agus a fhíorú go leordhóthanach. |
|
(18) |
Ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún fíneáil riaracháin a ghearradh i gcás ina measann sé go ndiallann na sonraí arna dtuairisciú ag an monaróir ó na sonraí arna dtaifeadadh i gcreat Rialachán (AE) Uimh. 595/2009 agus go háirithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 585/2011 ón gCoimisiún (8) agus Rialachán (AE) 2017/2400 nó i gcás ina mainníonn an monaróir na sonraí riachtanacha a chur ar fáil faoin spriocdháta is infheidhme. Ba cheart na fíneálacha sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. |
|
(19) |
Ar bhonn na taithí a fuarthas ó bheith ag déanamh faireachán agus tuairisciú ar shonraí maidir le hastaíochtaí CO2 de bhun Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) maidir le gluaisteáin nua paisinéirí agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) maidir le feithiclí nua tráchtála éadroma, is iomchuí a thabhairt don Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil an fhreagracht maidir le malartú sonraí den sórt sin le húdaráis inniúla na mBallstát agus na monaróirí, agus an fhreagracht an bunachar sonraí deiridh a bhainistiú thar ceann an Choimisiúin. Is iomchuí freisin na nósanna imeachta faireacháin agus tuairiscithe maidir le feithiclí tromshaothair a thabhairt i gcomhréir a mhéid is féidir leis na nósanna imeachta atá i bhfeidhm cheana d’fheithiclí saothair éadroma. |
|
(20) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin seo maidir leis na sonraí a ndearnadh faireachán orthu a fhíorú agus a cheartú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). |
|
(21) |
Chun a áirithiú go bhfanann na riachtanais sonraí agus an nós imeachta faireacháin agus tuairiscithe de bheith ábhartha le himeacht ama maidir le measúnú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 flít feithiclí tromshaothair, chun a áirithiú go mbeidh fáil ar shonraí maidir le teicneolaíochtaí nua agus ardteicneolaíochtaí chun CO2 a laghdú, agus maidir leis na torthaí ar thástálacha fíoraithe ar bhóthar agus chun a áirithiú go mbeidh luachanna cúltarraingthe aeir ábhartha i gcónaí chun críocha faisnéise agus comparáideachta, agus chun na forálacha maidir le fíneálacha riaracháin a fhorlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 ar an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis: na túsbhlianta a thabhairt i gcrích maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na catagóirí feithiclí tromshaothair a chumhdaítear, na ceanglais sonraí a leasú agus an nós imeachta faireacháin agus tuairiscithe a leagtar síos sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, na sonraí a bheidh le tuairisciú ag na Ballstáit le faireachán a dhéanamh ar thorthaí na dtástálacha fíoraithe ar bhóthar a shonrú, agus na luachanna cúltarraingthe aeir a leasú, agus na critéir, an ríomh agus modh bailithe na bhfíneálacha riaracháin arna ngearradh ar mhonaróirí a shainiú. Tá sé ríthábhachtach go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (12). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus tá rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(22) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, mar atá faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí nua tromshaothair san Aontas, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin seo, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos leis an Rialachán seo na riachtanais maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí nua tromshaothair arna gclárú san Aontas.
Airteagal 2
Raon feidhme
Tá feidhm leis an Rialachán seo maidir le faireachán agus tuairisciú ag na Ballstáit agus ag monaróirí feithiclí tromshaothair ar shonraí maidir le feithiclí nua tromshaothair.
Tá feidhm leis maidir leis na catagóirí feithiclí seo a leanas:
|
(a) |
feithiclí sna catagóirí M1, M2, N1 and N2 ar mó a mais tagartha ná 2 610 kg nach dtagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), agus gach feithicil i gcatagóirí M3 and N3; |
|
(b) |
feithiclí i gcatagóirí O3 agus O4. |
Chun críocha an Rialacháin seo tagraítear do na feithiclí sin mar fheithiclí tromshaothair.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm leis na sainmhínithe a leagtar amach i dTreoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus i Rialachán (CE) Uimh. 595/2009.
Airteagal 4
Faireachán agus tuairisciú ag na Ballstáit
1. Ón 1 Eanáir 2019 amach, agus i gcás gach bliain féilire ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit faireachán ar na sonraí a shonraítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I maidir le feithiclí tromshaothair nua a chláraítear den chéad uair san Aontas.
Faoin 28 Feabhra gach bliain, ó 2020 amach, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát na sonraí sin a thuairisciú don Choimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta tuairiscithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
Ní dhéanfar faireachán agus tuairisciú ar shonraí maidir le feithiclí nua tromshaothair a cláraíodh roimhe lasmuigh den Aontas, ach amháin i gcás ina ndearnadh an clárú sin tráth is lú ná 3 mhí roimh an gclárú san Aontas.
2. Is iad na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar shonraí i gcomhréir leis an Rialachán seo na húdaráis inniúla sin arna n-ainmniú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 8(7) de Rialachán (CE) Uimh. 443/2009.
Airteagal 5
Faireachán agus tuairisciú ag monaróirí
1. Ó na túsbhlianta a leagtar amach i bpointe 1 de Chuid B d’Iarscríbhinn I amach, déanfaidh monaróirí feithiclí tromshaothair faireachán, ar bhonn bliain féilire, ar na sonraí a shonraítear i bpointe 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn I, i gcás gach feithicil nua tromshaothair.
Faoin 28 Feabhra gach bliain, ó na túsbhlianta a leagtar amach i bpointe 1 de Chuid B d’Iarscríbhinn I amach, déanfaidh monaróirí feithiclí tromshaothair na sonraí sin a thuairisciú, i gcás gach feithicle nua tromshaothair le dáta ionsamhlúcháin sa bhliain féilire roimhe sin, don Choimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta tuairiscithe a leagtha amach in Iarscríbhinn II.
Is ionann an dáta ionsamhlúcháin agus an dáta a thuairiscítear i gcomhréir le hiontráil sonraí 71 i bpointe 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn I.
2. Ceapfaidh gach monaróir pointe teagmhála chun críche sonraí a thuairisciú i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Airteagal 6
Clár Lárnach do shonraí maidir le feithiclí tromshaothair
1. Coimeádfaidh an Coimisiún Clár Lárnach do na sonraí maidir le feithiclí tromshaothair (“an Clár”) arna dtuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 5.
Beidh an Clár ar fáil go poiblí ach amháin i gcás iontráil sonraí (a) a shonraítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I agus iontrálacha sonraí 1, 24, 25, 32, 33, 39 agus 40 a shonraítear i bpointe 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn I. Maidir le hiontráil sonraí 23 a shonraítear i bpointe 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn I, déanfar an luach a chur ar fáil don phobal i bhformáid raoin a leagtar amach i gCuid C d’Iarscríbhinn I.
2. An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil a dhéanfaidh an Clár a bhainistiú thar ceann an Choimisiúin.
Airteagal 7
Faireachán a dhéanamh ar thorthaí tástálacha fíoraithe ar bhóthar
1. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar thorthaí tástálacha fíoraithe ar bhóthar, i gcás ina mbeidh fáil ar na torthaí sin, faoi chuimsiú Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 chun fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí nua tromshaothair.
2. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 d’fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh chun na sonraí a shonrú a bheidh le tuairisciú ag údaráis inniúla na mBallstát chun críocha mhír 1 den Airteagal seo.
Airteagal 8
Cáilíocht na sonraí
1. Is iad na húdaráis inniúla agus na monaróirí a bheidh freagrach as cruinneas agus cáilíocht na sonraí a thuairiscíonn siad de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 5. Cuirfidh siad in iúl don Choimisiún, gan mhoill, aon earráid a bhraitear sna sonraí arna dtuairisciú.
2. Déanfaidh an Coimisiún a fhíorú féin ar cháilíocht na sonraí arna dtuairisciú de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 5.
3. I gcás ina gcuirtear earráidí sna sonraí in iúl don Choimisiún, nó ina bhfionnann an Coimisiún neamhréitigh sa tacar sonraí, de bhun a fhíoraithe féin, glacfaidh sé, nuair is iomchuí, na bearta is gá chun na sonraí atá foilsithe sa Chlár dá dtagraítear in Airteagal 6 a cheartú.
4. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta fíoraithe agus ceartaithe dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo a chinneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12.
Airteagal 9
Fíneálacha riaracháin
1. Féadfaidh an Coimisiún fíneáil riaracháin a ghearradh i ngach ceann de na cásanna seo a leanas:
|
(a) |
i gcás ina bhfionnann sé, maidir le sonraí arna dtuairisciú ag an monaróir de bhun Airteagal 5 den Rialachán seo, go ndiallann siad ó shonraí a eascraíonn ó chomhad taifead an mhonaróra nó ó dheimhniú cineálcheadaithe an innill arna eisiúint faoi chuimsiú Rialachán (CE) Uimh. 595/2009, agus gur d’aonghnó a rinneadh an diall nó mar gheall ar mhórfhaillí é an diall; |
|
(b) |
I gcás nach ndéantar na sonraí a tharchur faoin spriocdháta is infheidhme de bhun Airteagal 5(1) agus nach bhfuil bonn cirt cuí a leis an moill sin. |
Chun críocha na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) a fhíorú, rachaidh an Chomhairle i gcomhairle leis na húdaráis chineálcheadaithe ábhartha.
Beidh na fíneálacha riaracháin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus ní bheidh siad níos mó ná EUR 30 000 in aghaidh na feithicle tromshaothair ar a bhfuil tionchar ag sonraí diallta nó moillithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b).
2. Glacfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo, gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 13 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an nós imeachta, modhanna ríofa agus bailithe na bhfíneálacha riaracháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a leagan síos.
3. Leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2, urramófar na prionsabail seo a leanas:
|
(a) |
leis an nós imeachta arna bhunú ag an gCoimisiún urramófar an ceart chun dea-riaracháin, agus go háirithe an ceart chun éisteacht a fháil agus an ceart chun rochtain a fháil ar an gcomhad, agus leasanna dlisteanacha na rúndachta agus rún tráchtála á n-urramú ag an am céanna; |
|
(b) |
agus an fhíneáil iomchuí riaracháin á ríomh aige, beidh prionsabail na héifeachtachta, na comhréireachta agus na hathchomhairleachta mar threoir ag an gCoimisiún, agus aird á tabhairt, i gcás inarb iomchuí, ar thromchúis agus ar éifeachtaí an diallta nó na moille, líon na bhfeithiclí tromshaothair lena mbaineann na sonraí diallta nó moillithe, meon macánta an mhonaróra, méid díchill agus comhoibrithe an mhonaróra, athdhéanamh, minicíocht nó ré an tsáraithe nó na moille chomh maith le smachtbhannaí a forchuireadh roimhe sin ar an oibreoir eacnamaíoch céanna; |
|
(c) |
baileofar fíneálacha riaracháin gan aon mhoill mhíchuí trí spriocdhátaí a shocrú le haghaidh na híocaíochta agus, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear deis a chur ar fáil na híocaíochtaí a roinnt ina dtráthchodanna agus ina gcéimeanna éagsúla. |
4. Measfar, maidir leis na méideanna a thiocfaidh ó na fíneálacha riaracháin, gur ioncam iad le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais.
Airteagal 10
Tuarascáil
1. Faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil lena anailís ar na sonraí a tharchuir na Ballstáit agus na monaróirí don bhliain féilire roimhe sin.
2. San anailís, léireofar, ar a laghad, feidhmíocht fhlít fheithiclí tromshaothair an Aontais chomh maith le feidhmíocht gach Ballstáit agus gach monaróra maidir le meánídiú breosla agus meánastaíochtaí CO2 do gach grúpa feithicle tromshaothair de réir próifíle misin, ualaigh agus teaglama breosla. Cuirfear san áireamh freisin sonraí maidir le húsáid nuatheicneolaíochtaí agus ardteicneolaíochtaí laghdaithe CO2, i gcás ina mbeidh fáil orthu, chomh maith le gléasraí cumhachta malartacha. Ina theannta sin, áireofar anailís ar thorthaí tástálacha fíoraithe ar bhóthar, i gcás ina mbeidh fáil orthu, faoi mar a rinneadh faireachán orthu i gcomhréir le hAirteagal 7.
3. Ullmhóidh an Coimisiún an anailís le tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil.
Airteagal 11
Na hIarscríbhinní a leasú
1. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréirle hAirteagal 13 d’fhonn Iarscríbhinní a leasú chun críche an mhéid seo a leanas:
|
(a) |
na riachtanais sonraí a shonraítear i gCuid A agus i gCuid B d’Iarscríbhinn I a nuashonrú nó a choigeartú i gcás ina meastar gur gá sin chun gur féidir anailís chríochnúil a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 10; |
|
(b) |
na túsbhlianta a luaitear i bpointe 1 de Chuid B d’Iarscríbhinn I a chríochnú; |
|
(c) |
na raonta a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn I a nuashonrú nó a choigeartú chun athruithe i ndearadh feithicle tromshaothair a chur san áireamh agus chun a áirithiú go leanfaidh na raonta de bheith ábhartha fós chun críocha faisnéise agus inchomparáideachta; |
|
(d) |
an nós imeachta faireacháin agus tuairiscithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II a choigeartú chun an taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur san áireamh. |
2. Glacfar na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 faoin 30 Iúil 2025.
Airteagal 12
Nós imeachta coiste
1. Déanfaidh an Coiste um Athrú Aeráide a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cúnamh a thabhairt don Choimisiún (15). Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 13
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(2), Airteagal 9(2) agus Airgeagal 11(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 7 mbliana amhail ón 29 Iúil 2018. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 7 mbliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), Airteagal 9(2) agus Airteagal 11(1) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(2), Airteagal 9(2) agus Airteagal 11(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 14
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 28 Meitheamh 2018.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. PAVLOVA
(1) IO C 81, 2.3.2018, lch. 95.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Meitheamh 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 21 Meitheamh 2018.
(3) Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le mótarfheithiclí agus innill a chineál-cheadú i leith astaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi fheithiclí a dheisiú agus a chothabháil agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Treoir 2007/46/EC agus lena n-aisghairtear Treoir 80/1269/CEE, Treoir 2005/55/CE agus Treoir 2005/78/CE (IO L 188, 18.7.2009, lch. 1).
(5) Rialachán (CE) 2017/2400 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2017 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (EC) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cinneadh a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ar ídiú breosla feithiclí tromshaothair agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún (IO L 349, 29.12.2017, lch. 1).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil ar institiúidí agus comhlachtaí ar Chomhphobail. (IO L 264, 25.9.2006, lch. 13).
(7) Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus ar chórais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, Ich. 1).
(8) Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 an 25 Bealtaine 2011 ón gCoimisiún lena cuirtear chun feidhme agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI) agus lena leasaítear Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 167, 5.6.2011, lch. 1).
(9) Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí do ghluaisteáin nua phaisinéirí mar chuid de chur chuige comhtháite an Chomhphobail chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 140, 5.6.2009, lch. 1).
(10) Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComahirle an 11 Bealtaine 2011 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta d’astaíochtaí ó fheithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 145, 31.5.2011, lch. 1).
(11) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(12) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(13) Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 171, 29.6.2007, lch. 1).
(14) Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat chun mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá beartaithe le haghaidh feithiclí den sórt sin a cheadú (Treoir Réime) (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1).
(15) Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 13).
IARSCRÍBHINN I
Rialacha maidir le sonraí a bhfuil faireachán agus tuairisciú le déanamh orthu
CUID A: SONRAÍ A BHFUIL FAIREACHÁN AGUS TUAIRISCIÚ LE DÉANAMH ORTHU AG NA BALLSTÁIT:
|
(a) |
uimhreacha aitheantais feithicle na bhfeithicilí nua tromshaothair uile dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) den dara mír d’Airteagal 2 atá cláraithe i gcríoch an Bhallstáit; |
|
(b) |
ainm an mhonaróra; |
|
(c) |
déantús (trádainm an mhonaróra); |
|
(d) |
cód na cabhlach mar a shainítear in iontráil 38 den deimhniú comhréireachta, má tá sé ar fáil; |
|
(e) |
i gcás na bhfeithiclí tromshaothair dá dtagraítear i bpointe (a) den dara mír d’Airteagal 2, an t-eolas ar an gcóras tiomána mar a shainítear in iontráil 23, iontráil 23.1 agus iontráil 26 den deimhniú comhréireachta. |
CUID B: SONRAÍ A bhFUIL FAIREACHÁN AGUS TUAIRISCIÚ LE DÉANAMH ORTHU AG MONARÓIRÍ FEITHICLÍ TROMSHAOTHAIR
|
1. |
Túsbhlianta don fhaireachán agus don tuairisciú ar chatagóirí feithicle tromshaothair atá leagtha amach i bpointe (a) agus pointe (b) den dara mír d’Airteagal 2:
|
|
2. |
Sonraí a bhfuil faireachán agus tuairisciú le déanamh orthu:
|
CUID C: RAONTA LUACH CÚLTARRAINGTHE AEIR (CDXA) CHUN CRÍCHE FOILSITHE I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 6
Chun críche an luach CdxA a sonraíodh in iontráil sonraí 23 a chur ar fáil go poiblí i gcomhréir le hAirteagal 6, bainfidh an Coimisiún úsáid as na raonta a shainmhínítear sa tábla seo a leanas ina bhfuil an raon comhfhreagrach le gach luach CdxA:
|
Raon |
luach CdxA [m2] |
|
|
Íosluach CdxA (CdxA >= íosluach CdxA) |
Uasluach CdxA (CdxA <UasluachCdxA) |
|
|
A1 |
0,00 |
3,00 |
|
A2 |
3,00 |
3,15 |
|
A3 |
3,15 |
3,31 |
|
A4 |
3,31 |
3,48 |
|
A5 |
3,48 |
3,65 |
|
A6 |
3,65 |
3,83 |
|
A7 |
3,83 |
4,02 |
|
A8 |
4,02 |
4,22 |
|
A9 |
4,22 |
4,43 |
|
A10 |
4,43 |
4,65 |
|
A11 |
4,65 |
4,88 |
|
A12 |
4,88 |
5,12 |
|
A13 |
5,12 |
5,38 |
|
A14 |
5,38 |
5,65 |
|
A15 |
5,65 |
5,93 |
|
A16 |
5,93 |
6,23 |
|
A17 |
6,23 |
6,54 |
|
A18 |
6,54 |
6,87 |
|
A19 |
6,87 |
7,21 |
|
A20 |
7,21 |
7,57 |
|
A21 |
7,57 |
7,95 |
|
A22 |
7,95 |
8,35 |
|
A23 |
8,35 |
8,77 |
|
A24 |
8,77 |
9,21 |
(1) Cúltarraingt aeir
(2) Traiseoladh Láimhe Sioncrónaithe.
(3) Traiseoladh Láimhe Uathoibrithe nó Traiseoladh Inneallghníomach Uathoibríoch.
(4) Traiseoladh Cumhachta Aistrithe Uathoibríoch.
(5) Ciallaíonn “Cás S” an socrú sraitheach maidir le tiontaire casmhóiminte agus codanna meicniúla ceangailte an traiseolta.
(6) Ciallaíonn “Cás P” an socrú comhthreomhar maidir le tiontaire casmhóiminte agus codanna meicniúla ceangailte an traseolta (m.sh. i suiteálacha cumhachta deighilte).
(7) An Córas Modúlach Eorpach (EMS) i gcomhréir le Treoir 96/53/CE ón gComhairle an 25 Iúil 1996 lena leagtar síos toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus na meáchan údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí áirithe bóthair ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (IO L 235 17.9.1996, lch. 59).
(8) Timthriall Tiomána Díomuan Comhchuibhithe Domhanda.
(9) Timthriall Foistine Comhchuibhithe Domhanda.
IARSCRÍBHINN II
Sonraí a thuairisciú agus a bhainistiú
1. TUAIRISCIÚ AG NA BALLSTÁIT
|
1.1. |
Is pointe teagmhála an údaráis inniúil a dhéanfaidh na sonraí a shonraítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 4 trí mheán aistriú sonraí leictreonacha chuig an Stór Sonraí Lárnach arna bhainistiú ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (“An Ghníomhaireacht”).
Tabharfaidh an pointe teagmhála fógra don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht nuair a tharchuirtear na sonraí trí ríomhphost chuig na seoltaí seo: EC-CO2-HDV-IMPLEMENTATION@ec.europa.eu agus HDV-monitoring@eea.europa.eu |
2. TUAIRISCIÚ AG MONARÓIRÍ
|
2.1. |
Tabharfaidh monaróirí fógra don Choimisiún gan mhoill agus tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2018 faoin eolas seo a leanas:
Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún, gan mhoill, faoi aon athrú a thagann ar an eolas sin. Cuirfear na fógraí chuig na seoltaí dá dtagraítear i bpointe 1.1. |
|
2.2. |
Tabharfaidh monaróirí nua a thagann isteach sa mhargadh fógra don Choimisiún gan mhoill faoin bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe 2.1. |
|
2.3. |
Déanfaidh pointe teagmhála an mhonaróra na sonraí a shonraítear i bpointe 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn I a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 5(1) trí mheán aistriú sonraí leictreonacha chuig an Stór Sonraí Gnó atá á bhainistiú ag an nGníomhaireacht.
Tabharfaidh an pointe teagmhála fógra don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht an tráth a aistrítear na sonraí ar ríomhphost chuig na seoltaí a shainítear i bpointe 1.1. |
3. PRÓISEÁIL SONRAÍ
|
3.1. |
Déanfaidh an Ghníomhaireacht na sonraí a tharchuirfear i gcomhréir le pointe 1.1 agus pointe 2.3 a phróiseáil agus déanfaidh sé taifead ar na sonraí próiseáilte sa Chlár. |
|
3.2. |
Cuirfear na sonraí maidir le feithiclí tromshaothair a cláraíodh sa bhliain féilire roimhe agus atá taifeadta sa Chlár ar fáil don phobal faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain, ar a dhéanaí, ó 2020 amach, cé is moite de na hiontrálacha sonraí sin a shonraítear in Airteagal 6(1). |
|
3.3. |
I gcás ina n-aithníonn údarás inniúil nó monaróirí earráidí sna sonraí a cuireadh isteach, tabharfaidh siad fógra faoin méid sin don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht gan mhoill trí fhógra tuairisce earráide a chur chuig an Stór Sonraí Lárnach nó chuig an Stór Sonraí Gnó, agus trí ríomhphost a sheoladh chuig na seoltaí dá dtagraítear i bpointe 1.1. |
|
3.4. |
Fíoróidh an Coimisiún, le tacaíocht ón nGníomhaireacht, na hearráidí a bhfuarthas fógra ina leith agus, nuair is iomchuí, ceartóidh siad na sonraí sa Chlár. |
|
3.5. |
Cuirfidh an Coimisiún, le tacaíocht ón nGníomhaireacht, formáidí leictreonacha ar fáil do na tarchuir sonraí dá dtagraítear i bpointe 1.1 agus pointe 2.3 in am trátha roimh na spriocdhátaí don tarchur. |
(1) Rialachán (AE) Uimh. 19/2011 ón gCoimisiún an 11 Eanáir 2011 maidir le ceanglais cineálcheadaithe do phláta reachtach an mhonaróra agus d’uimhir aitheantais feithicle do mhótarfheithiclí agus a leantóirí agus lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na ceanglais i gcomhair cineál-cheadaithe le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí, a leantóiri agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n-aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (IO L 8, 12.1.2011, lch. 1).