|
2.5.2018 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
RIALACHÁN (AE) 2018/643 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Aibreán 2018
maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d'iarnród
(athmhúnlú)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a leasú go substaintiúil roinnt uaireanta (4). Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh air, ba cheart an Rialachán sin a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht. |
|
(2) |
Cuid thábhachtach de ghréasáin iompair an Aontais is ea na hiarnróid. |
|
(3) |
Tá gá le staidreamh i ndáil le hiompar earraí agus paisinéirí d'iarnród ionas go bhféadfaidh an Coimisiún faireachán a dhéanamh ar an gcomhbheartas iompair agus é a fhorbairt, mar aon le gnéithe iompair na mbeartas a bhaineann leis na réigiúin agus leis na gréasáin tras-Eorpacha. |
|
(4) |
Tá gá le staidreamh freisin i ndáil le sábháilteacht iarnróid ionas go bhféadfaidh an Coimisiún gníomhaíocht an Aontais i réimse na sábháilteachta iompar a ullmhú agus faireachán a dhéanamh uirthi. Bailíonn Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh sonraí faoi thionóiscí faoi Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) i dtaca le táscairí sábháilteachta comhchoiteanna agus maidir le modhanna comhchoiteanna chun costais tionóisce a ríomh. |
|
(5) |
Ina theannta sin, is gá staidreamh ar leibhéal an Aontais maidir le hiompar d'iarnród ionas go gcomhlíonfar na cúraimí faireacháin dá bhforáiltear in Airteagal 15 de Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). |
|
(6) |
Ba cheart staidreamh ar leibhéal an Aontais i ndáil le gach modh iompair a bhailiú de réir coincheapa coiteanna agus caighdeáin choiteanna ionas go bhféadfaí an inchomparáideacht is iomláine is féidir idir modhanna iompair a bhaint amach. |
|
(7) |
Tá sé tábhachtach go ndéanfar dúbláil na hoibre a sheachaint, agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an bhfaisnéis atá ann cheana, ar faisnéis í ar féidir í a úsáid chun críocha staidrimh. Chuige sin, agus d'fhonn faisnéis inrochtana go héasca agus úsáideach a chur ar fáil do shaoránaigh an Aontais agus do pháirtithe leasmhara eile maidir le sábháilteacht iompair d'iarnród agus maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid, lena n-áirítear an bonneagar iarnróid, ba cheart comhaontuithe comhair iomchuí a bhunú maidir le gníomhaíochtaí staidrimh idir seirbhísí an Choimisiúin agus eintitis ábhartha, lena n-áirítear ar an leibhéal idirnáisiúnta. |
|
(8) |
Ba cheart go mbainfí cothromaíocht amach idir riachtanais na n-úsáideoirí agus an t-ualach a chuirtear ar fhreagróirí agus staidreamh Eorpach á sholáthar acu. |
|
(9) |
Sa tuarascáil a chuir an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar an taithí a fuair sé agus Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 á chur i bhfeidhm, thagair an Coimisiún don fhíric gurb é an toradh is dócha a bheidh ar fhorbairtí fadtéarmacha scriosadh nó simpliú na sonraí atá bailithe cheana féin de réir an Rialacháin sin, agus gurb í an aidhm an tréimhse chun sonraí a tharchur a laghdú i ndáil le sonraí bliantúla faoi phaisinéirí iarnróid. Ba cheart don Choimisiún leanúint de thuarascálacha a sholáthar go tráthrialta maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. |
|
(10) |
De thoradh gnóthais iarnróid atá faoi úinéireacht phoiblí agus gnóthais iarnróid atá faoi úinéireacht phríobháideach a bheith ag oibriú san am céanna i margadh iompair tráchtála d'iarnród, is gá a shonrú go sainráite cén fhaisnéis staidrimh ba cheart do ghnóthais iarnróid a sholáthar agus ba cheart do Eurostat a scaipeadh. |
|
(11) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon caighdeáin choiteanna staidrimh a chruthú lena bhféadfar sonraí comhchuibhithe a tháirgeadh agus atá le cur i bhfeidhm i ngach Ballstát faoi údarás na gcomhlachtaí agus na n-institiúidí atá i gceannas ar staidreamh oifigiúil a tháirgeadh, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a scála agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
|
(12) |
Is é Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a sholáthraíonn an creat tagartha do na forálacha a leagtar síos sa Rialachán seo. |
|
(13) |
Chun forbairtí nua sna Ballstáit a léiriú agus ag leanúint le bailiú comhchuibhithe sonraí i ndáil le hiompar d'iarnród ar fud an Aontais, ag an am céanna, agus d'fhonn ardcháilíocht na sonraí arna dtarchur ag na Ballstáit a chaomhnú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán seo a leasú le hoiriúnú a dhéanamh ar na sainmhínithe teicniúla agus le foráil a dhéanamh do shainmhínithe teicniúla breise. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (8). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(14) |
Ba cheart don Choimisiún a áirithiú nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe sin ualach riaracháin breise suntasach ar na Ballstáit ná ar na freagróirí. |
|
(15) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le sainiú na faisnéise atá le soláthar le haghaidh na dtuarascálacha ar cháilíocht agus inchomparáideacht na dtorthaí, agus maidir leis na socruithe i leith scaipeadh na dtorthaí sin ag an gCoimisiún (Eurostat). Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). |
|
(16) |
Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuspóir
Is é cuspóir an Rialacháin seo comhrialacha a leagan síos maidir le táirgeadh staidrimh ar leibhéal an Aontais maidir le hiompar d'iarnród.
Airteagal 2
Raon feidhme
Cumhdóidh an Rialachán seo na hiarnróid uile san Aontas. Tuairisceoidh gach Ballstát staidreamh maidir le hiompar d'iarnród ar a chríoch náisiúnta. I gcás ina n-oibreoidh gnóthas iarnróid i níos mó ná aon Bhallstát amháin, ceanglóidh na húdaráis náisiúnta lena mbaineann ar an ngnóthas sin sonraí a sholáthar ar leithligh le haghaidh gach tír ina n-oibríonn sé ionas gur féidir staidreamh náisiúnta a thiomsú.
Féadfaidh na Ballstáit iad seo a leanas a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo:
|
(a) |
gnóthais iarnróid a oibríonn go hiomlán nó go príomha laistigh de shuiteálacha tionsclaíocha nó a macasamhail, lena n-áirítear cuanta; |
|
(b) |
gnóthais iarnróid ar sheirbhísí turasóireachta áitiúla is mó a sholáthraíonn siad, amhail iarnróid ghaile staire arna gcaomhnú. |
Airteagal 3
Sainmhínithe
1. Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn “tír thuairiscithe” an Ballstát atá ag tarchur sonraí chuig Eurostat; |
|
(2) |
ciallaíonn “údaráis náisiúnta” institiúidí staidrimh náisiúnta agus comhlachtaí eile i ngach Ballstát atá freagrach as staidreamh Eorpach a tháirgeadh; |
|
(3) |
ciallaíonn “iarnród” líne chumarsáide atá comhdhéanta de ráille ar le haghaidh úsáid eisiach feithiclí iarnróid í; |
|
(4) |
ciallaíonn “feithicil iarnróid” trealamh soghluaiste a ritheann go heisiach ar ráillí, agus a bhogann faoina chumhacht féin (feithiclí tarraingthe) nó a dtarraingíonn feithicil eile é (cóistí, leantóirí cairr iarnróid, veaineanna agus vaigíní); |
|
(5) |
ciallaíonn “gnóthas iarnróid” aon ghnóthas poiblí nó príobháideach a sholáthraíonn seirbhísí le haghaidh iompar earraí agus/nó paisinéirí d'iarnród. Ní áirítear gnóthais arb é a ngnó iomlán é seirbhísí a sholáthar le haghaidh iompar paisinéirí de mheitreo, de thram agus/nó d'iarnród éadrom; |
|
(6) |
ciallaíonn “iompar earraí d'iarnród” aistriú earraí ag úsáid feithiclí iarnróid idir an t-ionad luchtaithe agus an t-ionad díluchtaithe; |
|
(7) |
ciallaíonn “iompar paisinéirí d'iarnród” aistriú paisinéirí ag úsáid feithiclí iarnróid idir an t-ionad bordála agus an t-ionad díbhordála. Ní áirítear iompar paisinéirí de mheitreo, de thram agus/nó d'iarnród éadrom; |
|
(8) |
ciallaíonn “meitreo” (ar a dtugtar freisin “traein faoi thalamh”, “mearchóras iarnróid cathrach” nó “iarnród faoi thalamh”) iarnród leictreach le haghaidh paisinéirí a iompar a bhfuil acmhainn ann do mhéid mór tráchta agus arb iad a chomharthaí sóirt cearta eisiacha slí, traenacha ilcharranna, ardluas agus luasghéarú mear, comharthú sofaisticiúil agus easpa crosairí comhréidhe ar mhaithe le hardmhinicíocht traenacha agus ardlód ardán. Comhartha sóirt eile de chuid an mheitreo is ea stáisiúin atá spásáilte go dlúth, is é sin de ghnáth achar 700 go 1 200 m idir na stáisiúin. Tagraíonn “ardluas” don chomparáid le tramanna agus iarnród éadrom, agus ciallaíonn sé sa chás seo thart ar 30 go 40 km/u feadh achar gearr, 40 go 70 km/u feadh achar fada; |
|
(9) |
ciallaíonn “tram” feithicil bhóthair do phaisinéirí atá ceaptha le go bhfuil áit suí inti do bhreis is naonúr (lena n-áirítear an tiománaí), atá ceangailte le seoltóirí leictreacha nó cumhachtaithe ag inneall díosail agus atá ráille-iompartha; |
|
(10) |
ciallaíonn “iarnród éadrom” iarnród le haghaidh paisinéirí a iompar a úsáideann go minic carranna ráille-iompartha atá cumhachtaithe le leictreachas agus a oibrítear ina n-aonar nó i dtraenacha gearra ar línte déráille dobhogtha. Is iondúil gur lú ná 1 200 m an t-achar idir na stáisiúin/stadanna. I gcomparáid leis an meitreo, is éadroime déanamh an iarnróid éadroim, is do mhéid tráchta níos lú a ceapadh é agus is lú an luas ag a n-imíonn sé de ghnáth. Is deacair uaireanta dealú beacht a dhéanamh idir an t-iarnród éadrom agus an tram; is iondúil nach mbíonn an tram ar leithligh ón trácht bóthair, ach féadann an t-iarnród éadrom a bheith ar leithligh ó chórais eile; |
|
(11) |
ciallaíonn “iompar náisiúnta” iompar d'iarnród idir dhá áit (an t-ionad luchtaithe/bordála agus an t-ionad díluchtaithe/díbhordála) atá suite sa tír thuairiscithe. Féadtar idirthuras tríd an dara tír a bheith ina chuid de; |
|
(12) |
ciallaíonn “iompar idirnáisiúnta” iompar d'iarnród idir áit (an t-ionad luchtaithe/bordála nó an t-ionad díluchtaithe/díbhordála) sa tír thuairiscithe agus áit (an t-ionad luchtaithe/bordála nó an t-ionad díluchtaithe/díbhordála) i dtír eile; |
|
(13) |
ciallaíonn “idirthuras” iompar d'iarnród tríd an tír thuairiscithe idir dhá áit (an t-ionad luchtaithe/bordála agus an t-ionad díluchtaithe/díbhordála) lasmuigh den tír thuairiscithe. Ní mheastar gur idirthuras atá in oibríochtaí iompair ina ndéantar earraí/paisinéirí a luchtú/bhordáil nó a dhíluchtú/dhíbhordáil ag teorainn na tíre tuairiscithe ar/ó mhodh eile iompair; |
|
(14) |
ciallaíonn “paisinéir iarnróid” aon duine, diomaite de bhaill d'fhoireann na traenach, a dhéanfaidh turas d'iarnród. I gcás staidreamh tionóisce, áirítear paisinéirí atá ag iarraidh bordáil/díbhordáil ar/ó thraein atá faoi shiúl; |
|
(15) |
ciallaíonn “líon na bpaisinéirí'”líon na dturas a dhéanann paisinéirí iarnróid, áit a sainítear gach turas mar an aistear ón ionad bordála go dtí an t-ionad díbhordála, bíodh aistriú ó fheithicil iarnróid amháin go ceann eile i gceist nó ná bíodh. I gcás ina n-úsáidfidh paisinéirí seirbhísí níos mó ná gnóthas iarnróid amháin, ní chomhairfear iad breis is uair amháin, más féidir; |
|
(16) |
ciallaíonn “paisinéir km” an t-aonad tomhais a sheasann d'iompar aon phaisinéir amháin d'iarnród feadh aon chiliméadair. Ní chuirfear san áireamh ach an t-achar laistigh de chríoch náisiúnta na tíre tuairiscithe; |
|
(17) |
ciallaíonn “meáchan” méid na n-earraí i dtonaí (1 000 cileagram). Cuimsítear leis an meáchan nach mór a chur san áireamh, sa bhreis ar mheáchan na n-earraí arna n-iompar, meáchan na pacáistíochta agus meáchan glan na gcoimeádán, na gcabhlacha soghluaiste, na bpailléad agus na bhfeithiclí bóthair arna n-iompar d'iarnród le linn comhoibríochtaí iompair. I gcás ina n-iomprófar na hearraí ag úsáid seirbhísí níos mó ná gnóthas iarnróid amháin, ní chomhairfear meáchan na n-earraí breis is uair amháin, más féidir; |
|
(18) |
ciallaíonn “tona-km” an t-aonad tomhais d'iompar earraí a sheasann d'iompar aon tona (1 000 cileagram) amháin d'earraí d'iarnród feadh aon chiliméadair. Ní chuirfear san áireamh ach an t-achar laistigh de chríoch náisiúnta na tíre tuairiscithe; |
|
(19) |
ciallaíonn “traein” feithicil iarnróid amháin nó níos mó arna tarraingt ag inneall féinghluaiste amháin nó níos mó nó carr iarnróid amháin nó níos mó, nó carr iarnróid amháin ag imeacht ina aonar, ag rith faoi uimhir áirithe nó faoi ainmniú sonrach ó phointe tosaigh seasta go críochphointe seasta. Ní mheastar gur traein inneall éadrom, is é sin le rá inneall féinghluaiste atá ag imeacht ina aonar; |
|
(20) |
ciallaíonn “traein-km” an t-aonad tomhais a sheasann do ghluaiseacht traenach feadh 1 chileaméadair. Is é an t-achar iarbhír a chuathas a úsáidfear, má tá sin le fáil, seachas sin is é an t-achar caighdeánach gréasáin idir an túsphointe agus an ceann scríbe a úsáidfear. Ní chuirfear san áireamh ach an t-achar laistigh de chríoch náisiúnta na tíre tuairiscithe; |
|
(21) |
ciallaíonn “aonualach traenach” aon choinsíneacht ina bhfuil lán vaigín amháin nó níos mó arna hiompar ag aon am amháin ag aon seoltóir amháin ó aon stáisiún amháin agus arna cur ar aghaidh, gan comhdhéanamh na traenach a athrú, chuig seoladh aon choinsíní amháin ag aon stáisiún ceann scríbe amháin; |
|
(22) |
ciallaíonn “lán vaigín iomlán”aon choinsíneacht earraí a dteastaíonn úsáid eisiach an vaigín uaithi, bíodh an acmhainn luchtaithe iomlán á húsáid nó ná bíodh; |
|
(23) |
ciallaíonn “TEU (Twenty-foot Equivalent Unit — Aonad Coibhéise Fiche Troigh)” aonad caighdeánach atá bunaithe ar choimeádán ISO atá 20 troigh ar fad (6,10 m), a úsáidtear mar thomhas staidrimh ar shreafaí nó ar thoilleadh tráchta. Is ionann aon choimeádán 40 troigh amháin de chaighdeán ISO Sraith 1 agus 2 TEU. Maidir le cabhlacha soghluaiste, faoi 20 troigh comhfhreagraíonn siad do 0,75 TEU, idir 20 troigh agus 40 troigh comhfhreagraíonn siad do 1,5 TEU agus os cionn 40 troigh do 2,25 TEU. |
2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10, lena leasaítear an tAirteagal seo, chun na sainmhínithe teicniúla a leagtar amach i bpointí (8), (9), (10), (21), (22) agus (23) de mhír 1 den Airteagal seo a oiriúnú agus chun foráil a dhéanamh do shainmhínithe teicniúla breise, nuair is gá d'fhonn forbairtí nua a chur san áireamh a éilíonn go ndéanfar leibhéal áirithe sonraí teicniúla a shainiú chun comhchuibheas staidrimh a áirithiú.
Agus an chumhacht sin á feidhmiú aige áiritheoidh an Coimisiún nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí. Thairis sin, tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt do na gníomhaíochtaí staidrimh dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe sin, agus leas á bhaint aige, nuair is iomchuí, as anailís ar chost-éifeachtúlacht, lena n-áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais táirgeachta, amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 14(3) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.
Airteagal 4
Bailiú sonraí
1. Leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo an staidreamh atá le bailiú. Cumhdófar sonraí de na cineálacha seo a leanas:
|
(a) |
staidreamh bliantúil maidir le hiompar earraí — tuairisciú mionsonraithe (Iarscríbhinn I); |
|
(b) |
staidreamh bliantúil maidir le hiompar paisinéirí — tuairisciú mionsonraithe (Iarscríbhinn II); |
|
(c) |
staidreamh ráithiúil maidir le hiompar earraí agus paisinéirí (Iarscríbhinn III); |
|
(d) |
staidreamh réigiúnach maidir le hiompar earraí agus paisinéirí (Iarscríbhinn IV); |
|
(e) |
staidreamh maidir le sreafaí tráchta ar an ngréasán iarnróid (Iarscríbhinn V). |
2. Déanfaidh na Ballstáit tuairisciú faoi Iarscríbhinn I agus faoi Iarscríbhinn II ar shonraí maidir le gnóthais a bhfuil na nithe seo a leanas acu:
|
(a) |
méid iomlán 200 000 000 tona-km ar a laghad nó 500 000 tona ar a laghad d'iompar earraí; |
|
(b) |
méid iomlán 100 000 000 paisinéir-km ar a laghad d'iompar paisinéirí. |
Maidir le tuairisciú faoi Iarscríbhinn I agus faoi Iarscríbhinn II, beidh sin roghnach i ndáil le gnóthais a thagann faoi bhun na dtairseach dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b).
3. Déanfaidh na Ballstáit na sonraí iomlána maidir le gnóthais a thagann faoi na tairseacha dá dtagraítear i mír 2 a thuairisciú faoi Iarscríbhinn VIII mura ndéantar tuairisciú ar na sonraí sin de réir Iarscríbhinn I nó de réir Iarscríbhinn II, mar a shonraítear in Iarscríbhinn VIII.
4. Chun críocha an Rialacháin seo, aicmeofar earraí i gcomhréir le hIarscríbhinn VI. Sa bhreis air sin, aicmeofar earraí contúirteacha i gcomhréir le hIarscríbhinn VII.
Airteagal 5
Foinsí sonraí
1. Ainmneoidh na Ballstáit eagraíocht phoiblí nó phríobháideach le páirt a ghlacadh sa bhailiú sonraí a cheanglaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo.
2. Féadfar na sonraí is gá a fháil ag úsáid aon mheascán de na foinsí seo a leanas:
|
(a) |
suirbhéanna éigeantacha; |
|
(b) |
sonraí riaracháin, lena n-áirítear sonraí arna mbailiú ag údaráis rialála, go háirithe an bille iompair lasta iarnróid má tá ceann ar fáil; |
|
(c) |
nósanna imeachta meastacháin staidrimh; |
|
(d) |
sonraí arna soláthar ag eagraíochtaí gairmiúla sa tionscal iarnróid; |
|
(e) |
staidéir ad hoc. |
3. Déanfaidh na húdaráis náisiúnta bearta chun na foinsí sonraí a úsáidtear a chomhordú agus chun cáilíocht an staidrimh arna tharchur chuig Eurostat a áirithiú.
Airteagal 6
Staidreamh a tharchur chuig Eurostat
1. Déanfaidh na Ballstáit an staidreamh dá dtagraítear in Airteagal 4 a tharchur chuig Eurostat.
2. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na socruithe maidir le tarchur an staidrimh dá dtagraítear in Airteagal 4. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcáin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).
Airteagal 7
Scaipeadh
1. Scaipfidh an Coimisiún (Eurostat) staidreamh a bhunófar ar shonraí atá sonraithe in Iarscríbhinní I go V agus Iarscríbhinn VIII.
2. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na socruithe maidir le scaipeadh na dtorthaí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).
Airteagal 8
Cáilíocht an staidrimh
1. Chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit cáilíocht an staidrimh a chaomhnú i réimse an iompair d'iarnróid, déanfaidh Eurostat moltaí modheolaíocha a fhorbairt agus a fhoilsiú. Cuirfear san áireamh sna moltaí sin dea-chleachtais na n-údarás náisiúnta, na ngnóthas iarnróid agus na n-eagraíochtaí gairmiúla sa tionscal iarnróid.
2. Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá le cáilíocht na sonraí arna dtarchur a áirithiú.
3. Déanfaidh Eurostat meastóireacht ar cháilíocht na sonraí staidrimh. Chuige sin, soláthróidh na Ballstáit faisnéis faoi na modhanna arna n-úsáid chun an staidreamh a tháirgeadh, arna iarraidh sin do Eurostat.
4. Chun críocha an Rialacháin seo, is iad na critéir cháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 na critéir cháilíochta atá le cur i bhfeidhm maidir leis na sonraí atá le tarchur.
5. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na socruithe mionsonraithe, an struchtúr agus na heilimintí tréimhsiúlachta agus inchompráideachta i gcomhair na dtuarascálacha cáilíochta caighdeánacha. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).
Airteagal 9
Tuarascálacha ar chur chun feidhme
Faoin 31 Nollaig 2020 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus maidir le forbairtí amach anseo.
Sa tuarascáil sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh faisnéis ábhartha arna soláthar ag na Ballstáit a bhaineann le cáilíocht na sonraí arna dtarchur, na modhanna bailithe sonraí arna n-úsáid agus faisnéis maidir le feabhsuithe a d'fhéadfaí a dhéanamh agus maidir le riachtanais na n-úsáideoirí.
Go háirithe, sa tuarascáil sin déanfar an méid a leanas:
|
(a) |
measúnú ar na sochair a fhabhróidh don Aontas, do na Ballstáit agus do sholáthróirí agus d'úsáideoirí faisnéise staidrimh, ón staidreamh a táirgeadh, le hais na gcostas a ghabhann leis an staidreamh sin; |
|
(b) |
measúnú ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur, ar na modhanna bailithe sonraí arna n-úsáid agus ar cháilíocht an staidrimh arna tháirgeadh. |
Airteagal 10
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 13 Nollaig 2016. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 11
Nós imeachta coiste
1. Beidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 12
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 91/2003.
Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn X.
Airteagal 13
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 18 Aibreán 2018.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. PAVLOVA
(1) Tuairim an 6 Nollaig 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an14 Márta 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil), agus cinneadh ón gComhairle an 12 Aibreán 2018.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d'iarnród (IO L 14, 21.1.2003, lch. 1).
(4) Féach Iarscríbhinn IX.
(5) Treoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sábháilteacht ar iarnróid an Chomhphobail agus lena leasaítear Treoir 95/18/CE ón gComhairle maidir le ceadúnú gnóthas iarnróid agus Treoir 2001/14/CE maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a leithdháileadh agus muirir ar úsáid bonneagair agus ar dheimhniúchán sábháilteachta a ghearradh (Treoir um Shábháilteacht Iarnróid) (IO L 164, 30.4.2004, lch. 44).
(6) Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).
(7) Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).
(8) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(9) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
IARSCRÍBHINN I
|
STAIDREAMH BLIANTÚIL MAIDIR LE hIOMPAR EARRAÍ — TUAIRISCIÚ MIONSONRAITHE |
|||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Liosta athróg agus aonad tomhais |
Earraí arna n-iompar de réir:
Gluaiseachtaí traenacha earraí de réir:
Líon na n-aonad iompair idirmhódúil arna n-iompar de réir:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Tréimhse thagartha |
Bliain amháin |
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Minicíocht |
Gach bliain |
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Liosta táblaí agus an miondealú do gach tábla |
Tábla I1: earraí arna n-iompar, de réir an chineáil iompair Tábla I2: earraí arna n-iompar, de réir an chineáil earra (Iarscríbhinn VI) Tábla I3: earraí arna n-iompar (i gcás trácht idirnáisiúnta agus idirthurais) de réir tír luchtaithe agus tír dhíluchtaithe Tábla I4: earraí arna n-iompar, de réir catagóir d'earraí contúirteacha (Iarscríbhinn VII) Tábla I5: earraí arna n-iompar, de réir an chineáil coinsíneachta (roghnach) Tábla I6: earraí arna n-iompar in aonaid iompair idirmhódúla, de réir an chineáil iompair agus an chineáil aonaid iompair Tábla I7: líon na n-aonad iompair idirmhódúil luchtaithe arna n-iompar, de réir an chineáil iompair agus an chineáil aonaid iompair Tábla I8: líon na n-aonad iompair idirmhódúil folamh arna n-iompar, de réir an chineáil iompair agus an chineáil aonaid iompair Tábla I9: gluaiseachtaí traenacha earraí |
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
An spriocdháta do tharchur sonraí |
Cúig mhí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha |
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
An chéad tréimhse thagartha le haghaidh tháblaí I1, I2 agus I3 |
2003 |
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
An chéad tréimhse thagartha le haghaidh tháblaí I4, I5, I6, I7, I8 agus I9 |
2004 |
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Nótaí |
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
IARSCRÍBHINN II
|
STAIDREAMH BLIANTÚIL MAIDIR LE hIOMPAR PAISINÉIRÍ — TUAIRISCIÚ MIONSONRAITHE |
|||||||||
|
Liosta athróg agus aonad tomhais |
Iompar paisinéirí de réir:
Gluaiseachtaí traenacha paisinéirí de réir:
|
||||||||
|
Tréimhse thagartha |
Bliain amháin |
||||||||
|
Minicíocht |
Gach bliain |
||||||||
|
Liosta táblaí agus an briseadh síos do gach tábla |
Tábla II1: paisinéirí arna n-iompar, de réir an chineáil iompair Tábla II2: paisinéirí idirnáisiúnta arna n-iompar, de réir tíre bordála agus de réir tíre díbhordála Tábla II3: gluaiseachtaí traenacha paisinéirí |
||||||||
|
An spriocdháta do tharchur sonraí |
Ocht mí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha. |
||||||||
|
An chéad tréimhse thagartha |
2016 |
||||||||
|
Nótaí |
|
||||||||
IARSCRÍBHINN III
|
STAIDREAMH RÁITHIÚIL MAIDIR LE hIOMPAR EARRAÍ AGUS PAISINÉIRÍ |
|||||||||
|
Liosta athróg agus aonad tomhais |
Earraí arna n-iompar de réir:
Iompar paisinéirí de réir:
|
||||||||
|
Tréimhse thagartha |
Ráithe amháin |
||||||||
|
Minicíocht |
Gach ráithe |
||||||||
|
Liosta táblaí agus an miondealú do gach tábla |
Tábla III1: earraí arna n-iompar Tábla III2: paisinéirí arna n-iompar |
||||||||
|
An spriocdháta do tharchur sonraí |
Trí mhí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha |
||||||||
|
An chéad tréimhse thagartha |
An chéad ráithe de 2004 |
||||||||
|
Nótaí |
|
||||||||
IARSCRÍBHINN IV
|
STAIDREAMH RÉIGIÚNACH MAIDIR LE hIOMPAR EARRAÍ AGUS PAISINÉIRÍ |
|||||||||
|
Liosta athróg agus aonad tomhais |
Earraí arna n-iompar de réir:
Iompar paisinéirí de réir:
|
||||||||
|
Tréimhse thagartha |
Bliain amháin |
||||||||
|
Minicíocht |
Gach 5 bliana |
||||||||
|
Liosta táblaí agus an miondealú do gach tábla |
Tábla IV1: iompar earraí náisiúnta de réir an réigiúin luchtaithe agus an réigiúin díluchtaithe (NUTS 2) Tábla IV2: iompar earraí idirnáisiúnta de réir an réigiúin luchtaithe agus an réigiúin díluchtaithe (NUTS 2) Tábla IV3: iompar paisinéirí náisiúnta de réir an réigiúin bordála agus an réigiúin díbhordála (NUTS 2) Tábla IV4: iompar paisinéirí idirnáisiúnta de réir an réigiúin bordála agus an réigiúin díbhordála (NUTS 2) |
||||||||
|
An spriocdháta do tharchur sonraí |
12 mhí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha |
||||||||
|
An chéad tréimhse thagartha |
2005 |
||||||||
|
Nótaí |
|
||||||||
IARSCRÍBHINN V
|
STAIDREAMH MAIDIR LE SREAFAÍ TRÁCHTA AR AN nGRÉASÁN IARNRÓID |
|||||||||
|
Liosta athróg agus aonad tomhais |
Iompar earraí:
Iompar paisinéirí:
Eile (traenacha seirbhísí, etc.) (roghnach):
|
||||||||
|
Tréimhse thagartha |
Bliain amháin |
||||||||
|
Minicíocht |
Gach 5 bliana |
||||||||
|
Liosta táblaí agus an miondealú do gach tábla |
Tábla V1: iompar earraí, de réir deighleog ghréasáin Tábla V2: iompar paisinéirí, de réir deighleog ghréasáin Tábla V3: eile (traenacha seirbhísí, etc.), de réir deighleog ghréasáin (roghnach) |
||||||||
|
An spriocdháta do tharchur sonraí |
18 mí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha |
||||||||
|
An chéad tréimhse thagartha |
2005 |
||||||||
|
Nótaí |
|
||||||||
IARSCRÍBHINN VI
NST 2007
|
Rannán |
Tuairisc |
|
01 |
Táirgí talmhaíochta, fiaigh agus foraoiseachta; iasc agus táirgí eile iascaireachta |
|
02 |
Gual agus lignít; peitriliam amh agus gás nádúrtha |
|
03 |
Mianta miotail agus táirgí eile mianadóireachta agus cairéalúcháin; móin; úráiniam agus tóiriam |
|
04 |
Táirgí bia, deochanna agus tobac |
|
05 |
Teicstílí agus táirgí teicstíleacha; leathar agus táirgí leathair |
|
06 |
Adhmad agus táirgí adhmaid agus coirc (seachas troscán); earraí tuí agus ábhar fite; laíon, páipéar agus táirgí páipéir; ábhar clóite agus meáin thaifeadta |
|
07 |
Táirgí cóic agus peitriliam scagtha |
|
08 |
Ceimiceáin, táirgí ceimiceacha, agus snáithíní saorga; táirgí rubair agus plaisteacha; breosla núicléach |
|
09 |
Táirgí mianracha neamh-mhiotalacha eile |
|
10 |
Miotail bhunúsacha; táirgí déanta as miotal, seachas innealra agus trealamh |
|
11 |
Innealra agus trealamh gan aicmiú in áit ar bith eile; innealra agus ríomhairí oifige; innealra agus gléasra leictreach gan aicmiú in áit ar bith eile; trealamh agus gairis raidió, teilifíse agus cumarsáide; uirlisí míochaine, mionchruinnis agus optúla; uaireadóirí agus cloig |
|
12 |
Trealamh iompair |
|
13 |
Troscán; earraí monaraithe eile gan aicmiú in áit ar bith eile |
|
14 |
Amhábhair thánaisteacha; dramhaíl bhardasach agus dramhaíl eile |
|
15 |
Post, bearta |
|
16 |
Trealamh agus ábhar a úsáidtear chun earraí a iompar |
|
17 |
Earraí a bhogtar le linn aistriú tí nó oifige; bagáiste a iompraítear ar leithligh ó na paisinéirí; mótarfheithiclí a aistrítear lena ndeisiú; earraí eile neamh-mhargaidh gan aicmiú in áit ar bith eile |
|
18 |
Earraí grúpáilte: meascán de chineálacha earraí a iompraítear le chéile |
|
19 |
Earraí do-aitheanta: earraí, ar cibé cúis, nach féidir a aithint agus, dá dheasca sin, nach féidir a shannadh do ghrúpaí 1–16 |
|
20 |
Earraí eile gan aicmiú in áit ar bith eile |
IARSCRÍBHINN VII
AICMIÚ EARRAÍ CONTÚIRTEACHA
|
1. |
Pléascáin |
|
2. |
Gáis atá comhbhrúite, leachtaithe nó tuaslagtha faoi bhrú |
|
3. |
Leachtanna inadhainte |
|
4.1. |
Solaid inadhainte |
|
4.2. |
Substaintí so-uathdhóite |
|
4.3. |
Substaintí a astaíonn gáis inadhainte nuair a thagann siad i dteagmháil le huisce |
|
5.1. |
Substaintí ocsaídeacha |
|
5.2. |
Sárocsaídí orgánacha |
|
6.1. |
Substaintí tocsaineacha |
|
6.2. |
Substaintí ionfhabhtaíocha |
|
7. |
Ábhar radaighníomhach |
|
8. |
Substaintí creimneacha |
|
9. |
Substaintí contúirteacha ilghnéitheacha |
Nóta:
Is éard atá sna catagóirí seo na catagóirí a shainítear sna rialacháin maidir le hiompar idirnáisiúnta earraí contúirteacha d'iarnród, ar a dtugtar RID de ghnáth, arna nglacadh faoi Threoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).
(1) Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13).
IARSCRÍBHINN VIII
Tábla VIII.1
|
LEIBHÉAL GNÍOMHAÍOCHTA IOMPAIR I dTACA LE hIOMPAR EARRAÍ |
|||||||
|
Liosta athróg agus aonad tomhais |
Iompar earraí de réir:
Gluaiseachtaí traenacha earraí de réir:
|
||||||
|
Tréimhse thagartha |
Bliain amháin |
||||||
|
Minicíocht |
Gach bliain |
||||||
|
An spriocdháta do tharchur sonraí |
Cúig mhí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha |
||||||
|
An chéad tréimhse thagartha |
2017 |
||||||
|
Nótaí |
Do na gnóthais sin amháin a bhfuil méid iomlán iompair lasta faoi bhun 200 milliún tona-km agus faoi bhun 500 000 tona acu agus nach ndéanann tuairisciú faoi Iarscríbhinn I (tuairisciú mionsonraithe) |
||||||
Tábla VIII.2
|
LEIBHÉAL GNÍOMHAÍOCHTA IOMPAIR I dTACA LE hIOMPAR PAISINÉIRÍ |
|||||||
|
Liosta athróg agus aonad tomhais |
Iompar paisinéirí de réir:
Gluaiseachtaí traenacha paisinéirí de réir:
|
||||||
|
Tréimhse thagartha |
Bliain amháin |
||||||
|
Minicíocht |
Gach bliain |
||||||
|
An spriocdháta do tharchur sonraí |
Ocht mí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha |
||||||
|
An chéad tréimhse thagartha |
2017 |
||||||
|
Nótaí |
Do na gnóthais sin amháin a bhfuil méid iomlán iompair paisinéirí faoi bhun 100 milliún paisinéir-km acu agus nach ndéanann tuairisciú faoi Iarscríbhinn II (tuairisciú mionsonraithe). |
||||||
IARSCRÍBHINN IX
AN RIALACHÁN AISGHAIRTHE AGUS LIOSTA DE NA LEASUITHE COMHLEANÚNACHA A RINNEADH AIR
|
Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle |
|
|
Rialachán (CE) Uimh. 1192/2003 ón gCoimisiún |
|
|
Rialachán (CE) Uimh. 1304/2007 ón gCoimisiún |
Airteagal 3 amháin |
|
Rialachán (CE) Uimh. 219/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle |
Pointe 4.4 den Iarscríbhinn amháin |
|
Rialachán (AE) Uimh. 2016/2032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle |
|
IARSCRÍBHINN X
TÁBLA COMHGHAOIL
|
Rialachán (CE) Uimh 91/2003 |
An Rialachán seo |
|
Airteagal 1, Airteagal 2 agus Airteagal 3 |
Airteagal 1, Airteagal 2 agus Airteagal 3 |
|
Airteagal (1), an fhoclaíocht tosaigh |
Airteagal 4(1), an fhoclaíocht tosaigh |
|
Airteagal 4(1)(a) |
Airteagal 4(1)(a) |
|
Airteagal 4(1)(c) |
Airteagal 4(1)(b) |
|
Airteagal 4(1)(e) |
Airteagal 4(1)(c) |
|
Airteagal 4(1)(f) |
Airteagal 4(1)(d) |
|
Airteagal 4(1)(g) |
Airteagal 4(1)(e) |
|
Airteagal 4(2), (3) agus (4) |
Airteagal 4(2), (3) agus (4) |
|
Airteagal 4(5) |
— |
|
Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 7 |
Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 7 |
|
Airteagal 8(1) |
Airteagal 8(1) |
|
Airteagal 8(1a) |
Airteagal 8(2) |
|
Airteagal 8(2) |
Airteagal 8(3) |
|
Airteagal 8(3) |
Airteagal 8(4) |
|
Airteagal 8(4) |
Airteagal 8(5) |
|
Airteagal 9, Airteagal 10 agus Airteagal 11 |
Airteagal 9, Airteagal 10 agus Airteagal 11 |
|
— |
Airteagal 12 |
|
Airteagal 13 |
Airteagal 13 |
|
Iarscríbhinn A |
Iarscríbhinn I |
|
Iarscríbhinn C |
Iarscríbhinn II |
|
Iarscríbhinn E |
Iarscríbhinn III |
|
Iarscríbhinn F |
Iarscríbhinn IV |
|
Iarscríbhinn G |
Iarscríbhinn V |
|
Iarscríbhinn J |
Iarscríbhinn VI |
|
Iarscríbhinn K |
Iarscríbhinn VII |
|
Iarscríbhinn L |
Iarscríbhinn VIII |
|
— |
Iarscríbhinn IX |
|
— |
Iarscríbhinn X |