14.6.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

141


TREOIR (AE) 2018/852 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Bealtaine 2018

lena leasaítear Treoir 94/62/CE maidir le pacáistíocht agus le dramhaíl ó phacáistíocht

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ba cheart feabhas a chur ar bhainistiú dramhaíola san Aontas d’fhonn cáilíocht an chomhshaoil a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, sláinte an duine a chosaint, úsáid stuama, éifeachtúil agus réasúnach acmhainní nádúrtha a áirithiú, prionsabail an gheilleagair chiorclaigh a chur chun cinn, úsáid an fhuinnimh in-athnuaite a fheabhsú, éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, spleáchas an Aontais ar acmhainní allmhairithe a laghdú, deiseanna eacnamaíocha nua a sholáthar agus cur le hiomaíochas fadtéarmach. Trí úsáid níos éifeachtúla a bhaint as acmhainní, bhainfí amach freisin glanchoigilteas shubstaintiúla do ghnólachtaí, d’údaráis phoiblí agus do thomhaltóirí an Aontais agus, ag an am céanna, laghdófaí iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa.

(2)

Ba cheart na spriocanna a leagtar síos i dTreoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) maidir le hathghabháil agus athúsáid pacáistíochta agus dramhaíola ó phacáistíocht a leasú trí athchúrsáil dramhaíola ó phacáistíocht a mhéadú chun go tabharfaí léiriú níos fearr iontu ar uaillmhian an Aontais gluaiseacht i dtreo geilleagar ciorclach.

(3)

Thairis sin, chun comhchuibheas níos fearr i ndlí an Aontais maidir le dramhaíl a áirithiú, ba cheart na sainmhínithe i dTreoir 94/62/CE a ailíniú, i gcás inarb ábhartha, leo sin i dTreoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a bhfuil feidhm aici maidir le dramhaíl i gcoitinne.

(4)

Is é cosc ar dhramhaíl an bealach is éifeachtúla chun éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú agus chun laghdú a dhéanamh ar an tionchar ar an gcomhshaol atá ag dramhaíl. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go ndéanfadh na Ballstáit bearta iomchuí chun an méadú ar sciar na pacáistíochta in-athúsáidte a chuirtear ar an margadh agus athúsáid pacáistíochta a spreagadh. Is féidir a áireamh i mbearta den sórt sin úsáid córas ina n-aisíoctar éarlais ar thabhairt ar ais agus dreasachtaí eile, amhail spriocanna cainníochtúla a shocrú, agus athúsáid á cur san áireamh le haghaidh spriocanna athchúrsála a bhaint amach, agus ranníocaíochtaí airgeadais difreáilte le haghaidh pacáistíocht in-athúsáidte faoi scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora le haghaidh pacáistíochta. Ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun dreasachtaí a thabhairt ionas go mbainfí úsáid níos mó as pacáistíocht in-athúsáidte agus ionas go ndéanfaí laghdú ar thomhaltas pacáistíochta nach bhfuil in-athchúrsáilte agus ar phacáistíocht iomarcach.

(5)

Ós rud é gurb é atá i gceist le hathúsáid ná go seachnaítear pacáistíocht nua a chur ar an margadh agus méideanna na dramhaíola ó phacáistíocht a ghintear a mhéadú, ba cheart pacáistíocht díolacháin in-athúsáidte a chuirtear ar an margadh den chéad uair agus pacáistíocht adhmaid a dhéantar a dheisiú lena hathúsáid a chur san áireamh chun na spriocanna athchúrsála pacáistíochta faoi seach a bhaint amach.

(6)

Ba cheart do na Ballstáit dreasachtaí leordhóthanacha maidir le cur i bhfeidhm ord na réiteach dramhaíola a chur ar bun, lena n-áirítear ionstraimí eacnamaíocha agus bearta eile. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag bearta den sórt sin íoslaghdú a dhéanamh ar na tionchair ar an gcomhshaol atá ag pacáistíocht agus ag dramhaíl ó phacáistíocht ó thaobh saolré de, agus na tairbhí a bhaineann le hábhair bhithbhunaithe agus ábhair atá oiriúnach d’il-athchúrsáil a úsáid á gcur san áireamh, i gcás inarb iomchuí. Is féidir le bearta chun cur le feasacht an phobail faoi na tairbhí a thiocfaidh as pacáistíocht atá déanta as ábhair athchúrsáilte rannchuidiú le méadú a dhéanamh ar an earnáil athchúrsála i gcás dramhaíola ó phacáistíocht. I gcás ina bhfuil pacáistíocht aon-úsáide riachtanach chun sláinteachas bia agus sláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí a ráthú, ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar pacáistíocht den sórt sin a athchúrsáil.

(7)

Trí bhithgheilleagar inbhuanaithe a chothú, is féidir rannchuidiú le laghdú a dhéanamh ar spleáchas an Aontais ar amhábhair allmhairithe. D’fhéadfadh sé gur deis chun foinsí in-athnuaite le haghaidh táirgeadh pacáistíochta a chur chun cinn a bheadh i bpacáistíocht in-athchúrsáilte bhithbhunaithe agus pacáistíocht in-bhithmhillte inmhúirínithe, i gcás ina léireofaí go bhfuil siad sin tairbhiúil ó thaobh saolré de.

(8)

Bruscar, bíodh sé i gcathracha, ar an talamh, in aibhneacha agus sna farraigí, nó in áiteanna eile, bíonn tionchair dhíobhálacha dhíreacha agus indíreacha aige ar an gcomhshaol, ar fholláine na saoránach agus ar an ngeilleagar, agus tá na costais a bhaineann lena ghlanadh suas ina ualach eacnamaíoch nach bhfuil gá leis ar an tsochaí. Tá dramhaíl ó phacáistíocht i measc roinnt mhaith de na rudaí is minice a aimsítear ar thránna agus tá tionchar fadtéarmach ar an gcomhshaol ag na rudaí sin mar aon le tionchar ar thurasóireacht agus ar an tairbhe a bhaineann an pobal as na limistéir nádúrtha sin. Sa bhreis air sin, mar gheall ar dhramhaíl ó phacáistíocht a bheith sa mhuirthimpeallacht, déantar ord tosaíochta an oird réitigh dramhaíola a chur as a riocht, go háirithe trí athúsáid, athchúrsáil agus aisghabháil eile a sheachaint.

(9)

Thiocfadh tairbhí soiléire comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta ach na spriocanna a leagtar síos i dTreoir 94/62/CE maidir le hathchúrsáil dramhaíola ó phacáistíocht a mhéadú tuilleadh. Ba cheart a áirithiú go ndéanfar ábhair dhramhaíola atá luachmhar ó thaobh an gheilleagair de a aisghabháil de réir a chéile agus go héifeachtach trí bhainistiú dramhaíola cuí agus i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola a leagtar síos i dTreoir 2008/98/CE, agus go ndéanfar iad a dhíriú ar ais chuig geilleagar na hEorpa, agus leis sin dhéanfaí dul chun cinn maidir le cur chun feidhme Theachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Samhain 2008 dar teideal “An tionscnamh amhábhar: ag freastal ar ár riachtanais chriticiúla d’fhás agus do phoist san Eoraip” agus le geilleagar ciorclach a chruthú.

(10)

Níl an bonneagar bainistithe dramhaíola a bhfuil gá leis forbartha go hiomlán i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola ag mórán Ballstát fós. Tá sé fíor-riachtanach, dá bhrí sin, cuspóirí beartais soiléire fadtéarmacha a leagan síos chun go seachnófar an cás ina mbeadh ábhair ar féidir iad a athchúrsáil sáinnithe ar na leibhéil is ísle d’ord na réiteach dramhaíola.

(11)

Leagtar síos sa Treoir seo spriocanna fadtéarmacha le haghaidh bhainistiú dramhaíola an Aontais agus tugtar inti treoir shoiléir do na hoibreoirí eacnamaíocha agus do na Ballstáit maidir leis na hinfheistíochtaí a bhfuil gá leo chun na cuspóirí sin a bhaint amach. I bhforbairt a bpleananna náisiúnta bainistithe dramhaíola agus a n-infheistíochtaí pleanála i mbonneagar bainistithe dramhaíola, ba cheart do na Ballstáit úsáid fhónta a bhaint as infheistíochtaí, lena n-áirítear trí Chistí an Aontais, trí chosc, lena n-áirítear athúsáid, agus athchúrsáil a chur in ord tosaíochta, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola.

(12)

Mar thoradh ar an teaglaim de spriocanna athchúrsála agus srianta ar líonadh talún a leagtar síos i dTreoir 2008/98/CE agus i dTreoir 1999/31/CE ón gComhairle (6), níl gá a thuilleadh le spriocanna a shocrú maidir le haisghabháil ná le spriocanna uasta a shocrú maidir le hathchúrsáil dramhaíola ó phacáistíocht.

(13)

Ba cheart spriocanna athchúrsála leithleacha a shocrú maidir le miotail fheiriúla agus alúmanam chun sochair shuntasacha eacnamaíocha agus comhshaoil a bhaint amach mar go ndéanfaí níos mó alúmanaim a athchúrsáil agus as sin thiocfadh coigilteas suntasach fuinnimh agus laghdú ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin. Dá bhrí sin, ba cheart an sprioc maidir leis an ullmhú d’athúsáid agus athchúrsáil le haghaidh pacáistíocht mhiotail atá ann cheana a dheighilt ina spriocanna leithleacha don dá chineál dramhaíola sin.

(14)

Ba cheart scrúdú a dhéanamh ar spriocanna athchúrsála 2030 le haghaidh pacáistíochta d’fhonn iad a choimeád ar bun nó, i gcás inarb iomchuí, d’fhonn iad a mhéadú. Le linn an athbhreithnithe sin, ba cheart aird a thabhairt freisin ar shruthanna sonracha dramhaíola ó phacáistíocht amhail dramhaíl tí, thionsclaíoch agus tráchtála ó phacáistíocht mar aon le dramhaíl ó phacáistíocht ilchodach.

(15)

Ba cheart ríomh na spriocanna athchúrsála a bheith bunaithe ar mheáchan na dramhaíola ó phacáistíocht a théann isteach in athchúrsáil. Mar riail ghinearálta, ba cheart tomhas iarbhír mheáchan na dramhaíola ó phacáistíocht a áireamh mar dhramhaíl athchúrsáilte a dhéanamh ag an bpointe a théann an dramhaíl ó phacáistíocht isteach san oibríocht athchúrsála. Mar sin féin, chun teorainn a chur le hualaí riaracháin, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit, faoi choinníollacha dochta agus de mhaolú ar an riail ghinearálta, meáchan na dramhaíola ó phacáistíocht a dhéantar a athchúrsáil a shuíomh bunaithe ar aschur oibríochta sórtála ar bith a thomhas. Maidir le caillteanais ábhar a tharlaíonn sula dtéann an dramhaíl isteach san oibríocht athchúrsála, mar shampla caillteanais mar gheall ar shórtáil nó réamhoibríochtaí eile, níor ceart iad a chur san áireamh sna méideanna a thuairiscítear mar ábhar athchúrsáilte. Is féidir na caillteanais sin a shuíomh ar bhonn cláir leictreonacha, sonraíochtaí teicniúla, rialacha mionsonraithe le haghaidh meánrátaí caillteanais a ríomh maidir le sruthanna dramhaíola éagsúla nó ar bhonn bearta coibhéiseacha eile. Ba cheart do na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar bhearta den sórt sin sna tuarascálacha maidir le seiceáil a dhéanamh ar cháilíocht a ghabhann leis na sonraí a thuairisceoidh siad don Choimisiún maidir le hathchúrsáil dramhaíola. B’fhearr na meánrátaí caillteanais a shuíomh ar leibhéal na saoráidí sórtála aonair agus ba cheart iad a nascadh leis na príomhchineálacha dramhaíola éagsúla, na foinsí éagsúla (amhail foinsí teaghlaigh nó tráchtála), na scéimeanna éagsúla bailithe agus na cineálacha éagsúla de phróisis sórtála. Níor cheart na meánrátaí caillteanais a úsáid ach amháin i gcás nach bhfuil aon sonraí iontaofa eile ar fáil, go háirithe i gcomhthéacs dramhaíl a loingsiú nó a onnmhairiú. Níor cheart caillteanais i meáchan ábhar nó substaintí de thoradh próisis chlaochlaitheacha fhisiceacha nó cheimiceacha ar cuid bhunúsach den oibríocht athchúrsála iad, i gcás inarb amhlaidh go ndéantar dramhaíl ó phacáistíocht a athphróiseáil go hiarbhír ina táirgí, ina hábhair nó ina substaintí, a asbhaint ó mheáchan na dramhaíola a dhéanfar a thuairiscítear mar dhramhaíl athchúrsáilte.

(16)

Más rud é nach dramhaíl a thuilleadh iad na hábhair dhramhaíola ó phacáistíocht de thoradh oibríocht ullmhúcháin sula ndearnadh iad a athphróiseáil go hiarbhír, is féidir ábhair den sórt sin a áireamh mar ábhair athchúrsáilte ar choinníoll go bhfuil siad beartaithe lena n-athphróiseáil ina dtáirgí, ina n-ábhair nó ina substaintí ina dhiaidh sin, bíodh sé sin chun na gcríoch bunaidh a bhí acu nó chun críocha eile. Maidir le hábhair nach dramhaíl a thuilleadh iad atá le húsáid mar bhreoslaí nó mar mhodhanna eile chun fuinneamh a ghiniúint, a dhéantar a aislíonadh nó a dhiúscairt, nó atá le húsáid in aon oibríocht a bhfuil an cuspóir céanna léi is atá le haisghabháil dramhaíola seachas athchúrsáil, níor cheart na hábhair sin a áireamh faoi chomhair bhaint amach na spriocanna athchúrsála.

(17)

I gcás ina gcuirtear ríomh an ráta athchúrsála i bhfeidhm maidir le cóireáil aeróbach nó anaeróbach dramhaíola in-bhithmhillte ó phacáistíocht, féadfar an méid dramhaíola a théann isteach sa chóireáil aeróbach nó anaeróbach a áireamh mar dhramhaíl athchúrsáilte ar choinníoll go ngineann an chóireáil sin aschur atá le húsáid mar tháirge athchúrsáilte, mar ábhar athchúrsáilte nó mar shubstaint athchúrsáilte. Cé gur minic gur múirín nó díleáiteán an t-aschur ó chóireáil den sórt sin, d’fhéadfaí aschur eile a chur san áireamh freisin ar choinníoll go n-áirítear ann cainníochtaí inchomparáide d’ábhar athchúrsáilte i ndáil leis an méid dramhaíola in-bhithmhillte ó phacáistíocht atá cóireáilte. I gcásanna eile, i gcomhréir leis an sainmhíniú ar athchúrsáil, níor cheart athphróiseáil dramhaíola in-bhithmhillte ó phacáistíocht ina hábhair atá le húsáid mar bhreoslaí nó mar mhodhanna eile chun fuinneamh a ghiniúint, a dhéantar a dhiúscairt, nó atá le húsáid in aon oibríocht a bhfuil an cuspóir céanna léi agus le haisghabháil dramhaíola seachas athchúrsáil, a áireamh faoi chomhair bhaint amach na spriocanna athchúrsála.

(18)

I gcás onnmhairí dramhaíola ó phacáistíocht ón Aontas chun í a athchúrsáil, ba cheart do na Ballstáit úsáid éifeachtach a bhaint as na cumhachtaí cigireachta dá bhforáiltear in Airteagal 50(4c) de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) lena n-éilítear fianaise dhoiciméadach chun a fháil amach an bhfuil loingsiú ceaptha d’oibríochtaí aisghabhála a chomhlíonann Airteagal 49 den Rialachán sin agus an bhfuil sé á bhainistiú, dá bhrí sin, ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de i saoráid atá ag oibriú i gcomhréir le caighdeáin maidir le sláinte an duine agus cosaint an chomhshaoil atá coibhéiseach a bheag nó a mhór leis na caighdeáin arna mbunú i reachtaíocht an Aontais. Agus an cúram sin á dhéanamh acu, d’fhéadfadh na Ballstáit comhoibriú le gníomhaithe ábhartha eile, amhail na húdaráis inniúla sa tír chinn scríbe, comhlachtaí deimhniúcháin tríú páirtí neamhspleácha nó eagraíochtaí a dhéanann oibleagáidí a bhaineann le freagracht leathnaithe táirgeora a chur chun feidhme thar ceann táirgeoirí táirgí arna mbunú faoi scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora, a d’fhéadfadh seiceálacha fisiceacha agus seiceálacha eile a dhéanamh ar shaoráidí i dtríú tíortha. Sa tuarascáil maidir le seiceáil a dhéanamh ar cháilíocht a ghabhann leis na sonraí ar bhaint amach na spriocanna, ba cheart do na Ballstáit tuairisciú ar na bearta chun an oibleagáid a chur chun feidhme maidir lena áirithiú go ndéantar dramhaíl a onnmhairítear ón Aontas a chóireáil i gcoinníollacha atá coibhéiseach a bheag nó a mhór leo sin a cheanglaítear i ndlí ábhartha an Aontais maidir leis an gcomhshaol.

(19)

Chun cur chun feidhme níos fearr, níos tráthúla agus níos aonfhoirmí den Treoir seo a áirithiú agus chun aon laigí sa chur chun feidhme a réamh-mheas, ba cheart córas de thuarascálacha luathrabhaidh a bhunú chun easnaimh a bhrath agus chun bheith in ann gníomhaíocht a dhéanamh roimh na spriocdhátaí chun na spriocanna a bhaint amach.

(20)

Ós rud é go mbraitheann méid agus cineál na pacáistíochta de ghnáth ar roghanna a dhéanann an táirgeoir seachas ar roghanna a dhéanann an tomhaltóir, ba cheart scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora a bhunú. Is féidir le scéimeanna éifeachtacha freagrachta leathnaithe táirgeora tionchar dearfach a imirt ar an gcomhshaol trí laghdú a dhéanamh ar ghiniúint dramhaíola ó phacáistíocht agus trí mhéadú a dhéanamh ar í a bhailiú ar leithligh agus a athchúrsáil. Cé gurb ann do scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora le haghaidh pacáistíochta sa chuid is mó de na Ballstáit, tá éagsúlachtaí móra ann maidir leis an mbealach a bhfuil siad curtha ar bun, a n-éifeachtúlacht agus raon freagrachta na dtáirgeoirí. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha maidir le freagracht leathnaithe táirgeora a leagtar síos i dTreoir 2008/98/CE maidir le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora le haghaidh tairgeoirí pacáistíochta.

(21)

Chun an cosc ar dhramhaíl ó phacáistíocht a threisiú, chun a tionchar ar an gcomhshaol a laghdú agus chun ábhair athchúrsála atá ar ardcháilíocht a chur chun cinn, agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh á áirithiú, bacainní ar thrádáil á seachaint agus saobhadh agus srianadh ar iomaíocht laistigh den Aontas á seachaint ag an am céanna, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar cheanglais bhunriachtanacha Threoir 94/62/CE agus Iarscríbhinn II a ghabhann léi, agus más gá ba cheart iad a leasú chun na ceanglais a neartú d’fhonn feabhas a chur ar an dearadh le haghaidh athúsáide agus athchúrsáil d’ardcháilíocht ar phacáistíocht a áirithiú.

(22)

Tá na sonraí a thuairiscíonn na Ballstáit bunriachtanach don Choimisiún chun comhlíonadh dhlí an Aontais maidir le dramhaíl ar fud na mBallstát a mheas. Ba cheart cáilíocht, iontaofacht agus inchomparáideacht na sonraí a fheabhsú trí phointe iontrála aonair a thabhairt isteach le haghaidh na sonraí dramhaíola go léir, trí cheanglais tuairiscithe atá imithe i léig a scriosadh, trí mhodheolaíochtaí tuairiscithe náisiúnta a thagarmharcáil agus trí thuarascáil maidir le seiceáil a dhéanamh ar cháilíocht sonraí a thabhairt isteach.

(23)

Maidir leis na tuarascálacha cur chun feidhme a ullmhaíonn na Ballstáit gach 3 bliana, is léir nárbh uirlis éifeachtach iad chun comhlíonadh a fhíorú nó chun cur chun feidhme maith a áirithiú, agus is léir go bhfuil ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo á gcruthú acu. Is iomchuí, dá bhrí sin, go n-aisghairfí na forálacha a chuireann oibleagáid ar na Ballstáit tuarascálacha den sórt sin a tháirgeadh. Ina ionad sin, ba cheart na críocha a bhaineann le faireachán ar chomhlíonadh a bheith bunaithe go heisiach ar na sonraí a thuairiscíonn na Ballstáit gach bliain don Choimisiún.

(24)

Tá tuairisciú iontaofa ar shonraí i dtaca le bainistiú dramhaíola ríthábhachtach le haghaidh cur chun feidhme éifeachtúil agus chun inchomparáideacht sonraí i measc na mBallstát a áirithiú. Dá bhrí sin, agus tuairisciú á dhéanamh acu maidir le baint amach na spriocanna a leagtar amach i dTreoir 94/62/CE, arna leasú leis an Treoir seo, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit úsáid a bhaint as na rialacha is déanaí atá forbartha ag an gCoimisiún agus as na mhodheolaíochtaí atá forbartha ag na húdaráis inniúla náisiúnta faoi seach atá freagrach as an Treoir seo a chur chun feidhme.

(25)

Chun Treoir 94/62/CE a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hAirteagal 11(3) agus Airteagal 19(2) agus le hAirteagal 20 den Treoir sin, arna leasú leis an Treoir seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (8). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(26)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Treoir 94/62/CE a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca le hAirteagail 5(4), 6a(9), 12(3d) agus 19(1) den Treoir sin, arna leasú leis an Treoir seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(27)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon ar thaobh amháin, cosc a chur ar aon tionchar ó phacáistíocht agus ó dhramhaíl ó phacáistíocht ar an gcomhshaol nó tionchar den sórt sin a laghdú, agus ar an gcaoi sin leibhéal ard cosanta comhshaoil a chur ar fáil, agus, ar an taobh eile, feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus bacainní ar thrádáil agus saobhadh agus srianadh ar iomaíocht laistigh den Aontas a sheachaint, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fairsinge agus éifeachtaí na mbeart, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(28)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 94/62/CE a leasú dá réir sin.

(29)

De réir Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha theicníocht an athmhúnlaithe do ghníomhartha reachtacha (10), modh iomchuí atá i dteicníocht an athmhúnlaithe chun inléiteacht reachtaíocht an Aontais a áirithiú ar bhonn buan agus uilechoiteann trí chosc a chur ar iomadú gníomhartha leasaitheacha scoite ar minic go bhfágann siad go bhfuil gníomhartha reachtacha deacair a thuiscint. Thairis sin, i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, dhearbhaigh na trí institiúid go raibh siad tiomanta d’úsáid a bhaint níos minice as an teicníc reachtach d’athmhúnlú chun modhnú a dhéanamh ar reachtaíocht atá cheana ann. Dá bhrí sin, i bhfianaise go bhfuiltear tar éis Treoir 94/62/CE a leasú sé huaire cheana, bheadh sé iomchuí Treoir 94/62/CE a athmhúnlú go luath amach anseo.

(30)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (11), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den chineál sin a tharchur,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe

Leasaítear Treoir 94/62/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Chuige sin, leagtar síos leis an Treoir seo bearta arb é is aidhm dóibh, mar chéadtosaíocht, cosc a chur ar tháirgeadh na dramhaíola ó phacáistíocht agus, mar bhunphrionsabail bhreise, pacáistíocht a athúsáid, athchúrsáil agus cineálacha eile aisghabhála a bheith ann do dhramhaíl ó phacáistíocht agus, dá bhrí sin, laghdú a dhéanamh ar dhiúscairt deiridh na dramhaíola sin chun cur leis an aistriú i dtreo geilleagar ciorclach.”;

(2)

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

i bpointe 1, scriostar an téacs seo a leanas:

“Scrúdóidh an Coimisiún, nuair is iomchuí, agus athbhreithneoidh sé, nuair is gá, na samplaí léiritheacha le haghaidh pacáistiú a shainmhíniú arna thabhairt in Iarscríbhinn I. Mar thosaíocht, díreofar ar na rudaí seo a leanas: cásanna CD agus físeán, potaí bláthanna, feadáin agus sorcóirí a bhfuil ábhar solúbtha arna chasadh thart orthu, cúlstiallacha ó lipéid fhéinghreamaitheacha agus páipéar beartán. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 21(3).”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

“2.

ciallaíonn ‘dramhaíl ó phacáistíocht’ aon phacáistíocht nó ábhar pacáistíochta a chuimsítear faoin sainmhíniú ar dhramhaíl a leagtar síos in Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE, gan iarmhair an táirgthe a bheith san áireamh;”;

(c)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

“2a.

ciallaíonn ‘pacáistíocht in-athúsáidte’ pacáistíocht atá ceaptha, deartha agus curtha ar an margadh chun cúrsaíochtaí iomadúla nó rothluithe iomadúla a bhaint amach le linn a saolré trína bheith athlíonta nó athúsáide le haghaidh na críche céanna a raibh sí ceaptha ina leith;

2b.

ciallaíonn ‘pacáistíocht ilchodach’ pacáistíocht atá déanta as dhá shraith nó níos mó d’ábhair éagsúla nach féidir a dheighilt de lámh agus ar aon aonad comhtháite aonair iad, a bhfuil gabhdán laistigh di agus a bhfuil feireadh thart timpeall uirthi, agus a dhéantar a líonadh, a stóráil, a iompar agus a fholmhú dá réir sin;

2c.

tá feidhm ag na sainmhínithe ar ‘dramhaíl’, ‘bainistiú dramhaíola’, ‘bailiú’, ‘bailiú ar leithligh’, ‘cosc’, ‘athúsáid’, ‘cóireáil’, ‘aisghabháil’, ‘athchúrsáil’, ‘diúscairt’, agus ‘scéim freagrachta leathnaithe táirgeora’ a leagtar síos in Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE;”;

(d)

scriostar pointí 3 go 10;

(3)

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar, sa bhreis ar na bearta a dhéanfaidh siad i gcomhréir le hAirteagal 9, bearta coisctheacha eile a chur chun feidhme chun cosc a chur ar ghiniúint dramhaíola ó phacáistíocht agus chun íoslaghdú a dhéanamh ar an tionchar ar an gcomhshaol atá ag pacáistíocht.

Féadfaidh bearta coisctheacha eile den sórt sin a bheith comhdhéanta de chláir náisiúnta, de dhreasachtaí trí scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora chun íoslaghdú a dhéanamh ar an tionchar ar an gcomhshaol atá ag pacáistíocht, nó de ghníomhaíochtaí comhchosúla a ghlacfar, más iomchuí, i gcomhairle le hoibreoirí eacnamaíocha, agus le heagraíochtaí tomhaltóirí agus le heagraíochtaí comhshaoil, agus atá ceaptha chun na tionscnaimh éagsúla maidir le cosc atá ar bun sna Ballstáit a thabhairt le chéile agus chun buntáiste a bhaint díobh.

Bainfidh na Ballstáit úsáid as ionstraimí eacnamaíocha agus as bearta eile chun dreasachtaí a chur ar fáil chun ord na réiteach dramhaíola a chur i bhfeidhm amhail na dreasachtaí sin a léirítear in Iarscríbhinn IVa a ghabhann le Treoir 2008/98/CE nó in ionstraimí iomchuí eile agus i mbearta iomchuí eile.”;

(b)

scriostar mír 3;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

“Airteagal 5

Athúsáid

1.   I gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola a leagtar síos in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE, déanfaidh na Ballstáit bearta chun an méadú ar sciar na pacáistíochta in-athúsáidte a chuirtear ar an margadh agus na gcóras le haghaidh pacáistíocht a athúsáid ar bhealach atá slán ó thaobh an chomhshaoil de agus atá i gcomhréir leis an gConradh a spreagadh, gan sláinteachas bia ná sábháilteacht tomhaltóirí a chur i mbaol. Féadfar a áireamh ar bhearta den sórt sin, inter alia:

(a)

scéimeanna ina n-aisíoctar éarlais ar thabhairt ar ais a úsáid;

(b)

spriocanna cáilíochtúla nó cainníochtúla a shocrú;

(c)

dreasachtaí eacnamaíocha a úsáid;

(d)

íoschéatadán a shocrú le haghaidh pacáistíocht in-athúsáidte a chuirtear ar an margadh gach bliain le haghaidh gach srutha pacáistíochta ar leith.

2.   Féadfaidh Ballstát a chinneadh leibhéal coigeartaithe a bhaint amach maidir leis na spriocanna dá dtagraítear i bpointí (f) go (i) d’Airteagal 6(1) i leith bliain ar leith trí aird a tabhairt ar mheánsciar na pacáistíochta díolacháin in-athúsáidte, i rith na 3 bliana roimhe sin, a cuireadh ar an margadh den chéad uair agus a athúsáideadh mar chuid de chóras le haghaidh pacáistíocht a athúsáid.

Déanfar an leibheál coigeartaithe a ríomh ar an gcaoi seo a leanas:

(a)

as na spriocanna a leagtar síos i bpointí (f) agus (h) d’Airteagal 6(1), dealaítear an sciar den phacáistíocht díolacháin in-athúsáidte dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i ngach pacáistíocht díolacháin a chuirtear ar an margadh, agus

(b)

as na spriocanna a leagtar síos i bpointí (g) agus (i) d’Airteagal 6(1), dealaítear an sciar den pacáistíocht díolacháin in-athúsáidte dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, agus comhdhéanta den ábhar pacáistíochta faoi seach, i ngach pacáistíocht díolacháin atá comhdhéanta den ábhar sin a chuirtear ar an margadh.

Ní dhéanfar níos mó ná cúig phointe céatadáin den sciar sin a chur san áireamh agus an sprioc coigeartaithe a bhaineann leis an sciar sin á ríomh

3.   Féadfaidh Ballstát méideanna na pacáistíochta adhmaid a dheisítear lena hathúsáid a chur san áireamh agus na spriocanna a leagtar síos i bpointe (f), i bpointe (g)(ii), i bpointe (h) agus i bpointe (i)(ii) d’Airteagal 6(1) á ríomh aige.

4.   Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh faoin 31 Márta 2019 lena mbunófar rialacha chun sonraí a ríomh, a fhíorú agus a thuairisciú, agus chun na spriocanna de bhun mhír 3 den Airteagal seo a ríomh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2).

5.   Faoin 31 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar na sonraí maidir le pacáistíocht in-athúsáidte arna soláthar ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 12 agus Iarscríbhinn III d’fhonn a mheas an mbeadh sé indéanta spriocanna cainníochtúla le haghaidh athúsáid pacáistíochta a shocrú, lena n-áireofaí na rialacha ríomha, mar aon le haon bhearta eile chun athúsáid pacáistíochta a chur chun cinn. Chuige sin, déanfaidh Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, a mbeidh togra reachtach ag gabháil léi, más iomchuí.”;

(5)

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear na pointí seo a leanas léi:

“(f)

tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2025, déanfar íosmhéid de 65 % de réir meáchain den dramhaíl ó phacáistíocht go léir a athchúrsáil;

(g)

tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2025, déanfar na spriocanna íosta de réir meáchain seo a leanas don athchúrsáil a bhaint amach maidir leis na hábhair shonracha seo a leanas a bhíonn i ndramhail ó phacáistíocht:

(i)

50 % de phlaisteach;

(ii)

25 % d’adhmad;

(iii)

70 % de mhiotail fheiriúla;

(iv)

50 % d’alúmanam;

(v)

70 % de ghloine;

(vi)

75 % de pháipéar agus cairtchlár;

(h)

tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2030, déanfar íosmhéid de 70 % de réir meáchain den dramhaíl ó phacáistíocht go léir a athchúrsáil;

(i)

tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2030, déanfar na spriocanna íosta seo a leanas de réir meáchain don athchúrsáil a bhaint amach maidir leis na hábhair shonracha seo a leanas a bhíonn i ndramhaíl ó phacáistíocht:

(i)

55 % de phlaisteach;

(ii)

30 % d’adhmad;

(iii)

80 % de mhiotail fheiriúla;

(iv)

60 % d’alúmanam;

(v)

75 % de ghloine;

(vi)

85 % de pháipéar agus cairtchlár.”;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“1a.   Gan dochar do phointí (f) ná (h) de mhír 1, maidir leis na spriocdhátaí faoi seach chun na spriocanna dá dtagraítear i bpointe (g)(i) go (vi) agus i bpointe (i)(i) go (vi) de mhír 1 a bhaint amach, féadfaidh Ballstát na spriocdhátaí sin a chur ar atráth ar feadh suas le 5 bliana, faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil an maolú teoranta d’uasmhéid de 15 phointe céatadáin ó aon sprioc aonair nó roinnte idir dhá sprioc,

(b)

mar thoradh ar an maolú, nach ndéanfar an ráta athchúrsála le haghaidh aon sprioc aonair a laghdú faoi bhun 30 %,

(c)

mar thoradh ar an maolú, nach ndéanfar an ráta athchúrsála le haghaidh aon sprioc aonair dá dtagraítear i bpointe (g)(v) agus (vi) i bpointe (i)(v) agus (vi) de mhír 1 a laghdú faoi bhun 60 %; agus

(d)

go ndéanfaidh an Ballstát fógra a thabhairt don Choimisiún, ar a dhéanaí 24 mhí roimh an spriocdháta faoi seach a leagtar síos i bpointí (g) nó (i) de mhír 1 den Airteagal seo, go bhfuil sé beartaithe aige an spriocdháta faoi seach a chur ar atráth agus go ndéanfaidh sé plean cur chun feidhme a thíolacadh i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir seo. Féadfaidh an Ballstát an plean sin a chomhcheangal le plean cur chun feidhme a thíolacfar de bhun phointe (b) d’Airteagal 11(3) de Threoir 2008/98/CE;

1b.   Laistigh de 3 mhí tar éis dó an plean cur chun feidhme arna thíolacadh de bhun phointe (d) de mhír 1a a fháil, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar Bhallstát athbhreithniú a dhéanamh ar an bplean sin má mheasann an Coimisiún nach gcomhlíonann an plean sin na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn IV. Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann plean athbhreithnithe a thíolacadh laistigh de 3 mhí tar éis dó an iarraidh ón gCoimisiún a fháil.

1c.   Faoin 31 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na spriocanna a leagtar síos i bpointí (h) agus (i) de mhír 1 d’fhonn iad a choinneáil nó, más iomchuí, iad a mhéadú. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, a mbeidh togra reachtach ag gabháil léi, más iomchuí.”;

(c)

scriostar míreanna 2, 3, 5, 8 agus 9;

(6)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 6a

Rialacha maidir le baint amach na spriocanna a ríomh

1.   Chun a ríomh ar baineadh amach na spriocanna a leagtar síos i bpointí (f) go (i) d’Airteagal 6(1):

(a)

déanfaidh na Ballstáit meáchan na dramhaíola ó phacáistíocht atá ginte agus athchúrsáilte i mbliain féilire ar leith a ríomh. Féadfar dramhaíl ó phacáistíocht a ghintear i mBallstát a mheas a bheith comhionann le méid na pacáistíochta a chuirtear ar an margadh sa bhliain chéanna laistigh den Bhallstát sin;

(b)

déanfar meáchan na dramhaíola ó phacáistíocht atá athchúrsáilte a ríomh mar mheáchan na pacáistíochta atá éirithe ina dramhaíl agus, tar éis í a chur faoin tseiceáil, faoin tsórtáil agus faoi na réamhoibríochtaí eile a bhfuil gá leo chun ábhair dhramhaíola nach ndírítear orthu leis an athphróiseáil iartheachtach a bhaint aisti agus chun athchúrsáil ar ardchaighdeán a áirithiú, a théann isteach san oibríocht athchúrsála ar dá réir a dhéantar ábhair dhramhaíola a athphróiseáil go hiarbhír ina dtáirgí, ina n-ábhair nó ina substaintí.

2.   Chun críocha phointe (a) de mhír 1, déanfar meáchan na dramhaíola ó phacáistíocht atá athchúrsáilte a thomhas nuair a rachaidh an dramhaíl isteach san oibríocht athchúrsála.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfar meáchan na dramhaíola ó phacáistíocht atá athchúrsáilte a thomhas ag aschur aon oibríochta sórtála ar choinníoll:

(a)

go ndéanfar dramhaíl aschuir den sórt sin a athchúrsáil ina dhiaidh sin;

(b)

nach ndéanfar meáchan na n-ábhar nó na substaintí a bhaintear aisti trí oibríochtaí breise roimh an oibríocht athchúrsála agus nach ndéanfar a athchúrsáil ina dhiaidh sin a áireamh i meáchan na dramhaíola a dhéanfar a thuairisciú mar dhramhaíl athchúrsáilte.

3.   Bunóidh na Ballstáit córas éifeachtach de rialú cáilíochta agus inrianaitheacht maidir leis an dramhaíl ó phacáistíocht chun a áirithiú go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo agus i bpointí (a) agus (b) de mhír 2 den Airteagal seo. Chun iontaofacht agus cruinneas na sonraí arna mbailiú maidir le dramhaíl ó phacáistíocht atá athchúrsáilte a áirithiú, féadfaidh clárlanna leictreonacha arna gcur ar bun de bhun Airteagal 35(4) de Threoir 2008/98/CE, sonraíochtaí teicniúla maidir le ceanglais cháilíochta don dramhaíl shórtáilte, nó meánrátaí caillteanais don dramhaíl shórtáilte maidir le cineálacha éagsúla dramhaíola agus cleachtas bainistithe dramhaíola a bheith i gceist sa chóras sin. Ní bhainfear úsáid as meánrátaí caillteanais ach amháin i gcásanna nach féidir sonraí iontaofa a fháil ar bhealach eile agus déanfar na rátaí sin a ríomh ar bhonn na rialacha ríomha a bhunaítear sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 11a(10) de Threoir 2008/98/CE.

4.   Chun a ríomh ar baineadh amach na spriocanna a leagtar síos i bpointí (f) go (i) d’Airteagal 6(1), féadfar méid na dramhaíola ó phacáistíocht in-bhithmhillte a théann isteach i gcóireáil aeróbach nó anaeróbach a áireamh mar dhramhaíl athchúrsáilte más rud é go nginfidh an chóireáil sin múirín, díleáiteán, nó aschur eile ina mbeidh cainníocht chomhchosúil d’inneachar athchúrsáilte i gcomparáid leis an gcainníocht a bhí san ionchur, agus a bheidh le húsáid mar tháirge athchúrsáilte, mar ábhar athchúrsáilte nó mar shubstaint athchúrsáilte. I gcás ina mbainfear úsáid as an aschur ar thalamh, ní fhéadfaidh na Ballstáit é a áireamh mar ní athchúrsáilte ach amháin más rud é gurb ann do thairbhí don talmhaíocht mar thoradh ar an úsáid sin nó má thagann feabhas éiceolaíoch as an úsáid sin.

5.   Más rud é nach dramhaíl a thuilleadh iad na hábhair dhramhaíola ó phacáistíocht de thoradh ar oibríocht ullmhúcháin sula ndéantar iad a athphróiseáil, féadfar na hábhair sin a áireamh mar ábhar athchúrsáilte ar choinníoll go bhfuil na hábhair sin beartaithe lena n-athphróiseáil ina dtáirgí, ina n-ábhair nó ina substaintí ina dhiaidh sin, bíodh sé sin chun na gcríoch bunaidh nó chun críocha eile. Mar sin féin, ábhair nach dramhaíl a thuilleadh iad atá le húsáid mar bhreoslaí nó mar mhodhanna eile chun fuinneamh a ghiniúint, nó atá le loscadh, le haislíonadh nó le cur i líonadh talún, ní dhéanfar iad a áireamh faoi chomhair bhaint amach na spriocanna athchúrsála.

6.   Chun a ríomh ar baineadh amach na spriocanna a leagtar síos i bpointí (f) go (i) d’Airteagal 6(1), féadfaidh na Ballstáit a chur san áireamh méid na miotal a dhéanfar a athchúrsáil tar éis dóibh a bheith deighilte tar éis an dramhaíl a loscadh i gcoibhneas le sciar na dramhaíola ó phacáistíocht a dhéanfar a loscadh, ar choinníoll go bhfuil critéir cháilíochta áirithe a leagtar síos sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 11a(9) de Threoir 2008/98/CE á gcomhlíonadh ag na miotail athchúrsáilte.

7.   Dramhaíl ó phacáistíocht a chuirtear chuig Ballstát eile chun í a athchúrsáil nó a aisghabháil sa Bhallstát eile sin, ní fhéadfaidh ach an Ballstát inar bailíodh an dramhaíl ó phacáistíocht sin í a áireamh faoi chomhair bhaint amach na spriocanna a leagtar síos i bpointí (f) go (i) d’Airteagal 6(1).

8.   Ní áireofar dramhaíl ó phacáistíocht a dhéanfar a onnmhairiú ón Aontas faoi chomhair bhaint amach na spriocanna a leagtar síos in Airteagal 6(1) den Treoir seo ag an Ballstát inar bailíodh í ach amháin más rud é go bhfuil na ceanglais i mír 3 den Airteagal seo á gcomhlíonadh agus, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), gur féidir leis an onnmhaireoir a chruthú go gcomhlíonann an loingsiú dramhaíola ceanglais an Rialacháin sin agus go ndearnadh an chóireáil ar an dramhaíl ó phacáistíocht lasmuigh den Aontas i gcoinníollacha atá coibhéiseach a bheag nó a mhór le ceanglais dhlí ábhartha an Aontais maidir leis an gcomhshaol.

9.   Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le mír 1 go mír 5 den Airteagal seo a chur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh faoin 31 Márta 2019 lena mbunófar rialacha maidir le sonraí a ríomh, a fhíorú agus a thuairisciú, go háirithe maidir le meáchan na dramhaíola ó phacáistíocht a ghinfear. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2).

(*1)  Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsithe dramhaíola (IO L 190, 12.7.2006, lch. 1).”;"

(7)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 6b

Tuarascáil luathrabhaidh

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, tuarascálacha a tharraingt suas maidir le dul chun cinn i leith bhaint amach na spriocanna a leagtar síos i bpointí (f) go (i) d’Airteagal 6(1) 3 bliana ar a dhéanaí roimh gach spriocdháta a leagtar síos iontu.

2.   Beidh an méid seo a leanas mar chuid de na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1:

(a)

meastachán ar bhaint amach na spriocanna ag gach Ballstát;

(b)

liosta na mBallstát ar baolach nach ndéanfaidh siad na spriocanna a bhaint amach laistigh de na spriocdhátaí faoi seach, a mbeidh moltaí iomchuí do na Ballstáit lena mbaineann ag gabháil leis;

(c)

samplaí de dhea-chleachtais a úsáidtear ar fud an Aontais a d’fhéadfadh treoir a thabhairt maidir le dul chun a dhéanamh faoi chomhair bhaint amach na spriocanna.”;

(8)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

“Airteagal 7

Córais maidir le tabhairt ar ais, bailiú agus aisghabháil

1.   Chun na cuspóirí a leagtar síos sa Treoir seo a bhaint amach, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar córais a chur ar bun chun foráil a dhéanamh don méid seo a leanas:

(a)

pacáistíocht úsáidte agus/nó dramhaíl ó phacáistíocht ón tomhaltóir, ó úsáideoir deiridh eile, nó ón sruth dramhaíola a thabhairt ar ais agus/nó a bhailiú chun í a dhíriú chuig na roghanna bainistithe dramhaíola eile is iomchuí;

(b)

an phacáistíocht agus/nó an dramhaíl ó phacáistíocht a bhailítear a athúsáid nó a athghabháil, lena n-áirítear í a athchúrsáil.

Beidh na córais sin ar oscailt do rannpháirtíocht oibreoirí eacnamaíocha na n-earnálacha lena mbaineann agus do rannpháirtíocht na n-údarás inniúil poiblí. Beidh feidhm acu freisin maidir le táirgí a dhéanfar a allmhairiú faoi choinníollacha neamh-idirdhealaitheacha, lena n-áirítear na socruithe mionsonraithe agus aon taraifí a dhéanfar a fhorchur le haghaidh rochtain a fháil ar na córais, agus déanfar iad a dhearadh ionas go ndéanfar bacainní ar thrádáil nó saobhadh iomaíochta a sheachaint i gcomhréir leis an gConradh.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar, faoin 31 Nollag 2024, scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora a chur ar bun le haghaidh gach pacáistíochta i gcomhréir le hAirteagal 8 agus Airteagal 8a de Threoir 2008/98/CE.

3.   Beidh na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 ina gcuid de bheartas lena gclúdófar an phacáistíocht go léir agus an dramhaíl go léir ó phacáistíocht agus déanfar a chur san áireamh leo, go háirithe, ceanglais maidir leis an gcomhshaol agus sláinte, sábháilteacht agus sláinteachas tomhaltóirí a chosaint, le cáilíocht, barántúlacht agus saintréithe teicniúla na n-earraí pacáistithe agus na n-ábhar a úsáidfear a chosaint, agus le cearta maoine tionsclaíocha agus tráchtála a chosaint.

4.   Déanfaidh na Ballstáit bearta chun athchúrsáil ar ardcháilíocht a chur chun cinn maidir le dramhaíl ó phacáistíocht agus chun na caighdeáin cháilíochta is gá do na hearnálacha athchúrsála ábhartha a chomhlíonadh. Chuige sin, beidh feidhm ag Airteagal 11(1) de Threoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl ó phacáistíocht, lena n-áirítear dramhaíl ó phacáistíocht ilchodach.”;

(9)

in Airteagal 9, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“5.   Faoin 31 Nollaig 2020, déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar an bhféadfar na ceanglais bhunriachtanacha a neartú d’fhonn, inter alia, dearadh le haghaidh athúsáide a fheabhsú agus athchúrsáil ar ardcháilíocht a chur chun cinn, chomh maith lena bhforfheidhmiú a neartú. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, a mbeidh togra reachtach ag gabháil léi, más iomchuí”;

(10)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11(3):

“3.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmlighte a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21a chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na coinníollacha a chinneadh ar fúthu nach mbeidh feidhm ag na leibhéil tiúchana dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le hábhair athchúrsáilte agus le lúba táirge atá i slabhra atá iata agus rialaithe, agus trí na cineálacha pacáistíochta a chinneadh atá díolmhaithe ón gceanglas a leagtar síos sa tríú fleasc de mhír 1 den Airteagal seo.”;

(11)

leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

cuirtear “Córais faisnéise agus tuairisciú” in ionad an teidil;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Áireofar sna bunachair sonraí dá dtagraítear i mír 1 na sonraí atá bunaithe ar Iarscríbhinn III agus cuirfidh siad, go háirithe, faisnéis ar fáil ar mhéid, ar shaintréithe agus ar fhorás na sreabh pacáistíochta agus dramhaíola ó phacáistíocht ar leibhéal na mBallstát aonair, lena n-áirítear faisnéis ar thocsaineacht nó ar chontúirt na n-ábhar pacáistíochta agus na gcomhpháirteanna a úsáidtear chun iad a mhonarú.”;

(c)

scriostar mír 3;

(d)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“3a.   Déanfaidh na Ballstáit na sonraí a bhaineann le cur chun feidhme phointí (a) go (i) d’Airteagal 6(1) agus sonraí ar phacáistíocht in-athúsáidte a thuairisciú don Choimisiún le haghaidh gach bliana féilire.

Déanfaidh siad na sonraí a thuairisciú go leictreonach laistigh de 18 mí ó dheireadh na bliana tuairiscithe a ndéanfar na sonraí a bhailiú ina leith. Déanfar na sonraí a thuairisciú san fhormáid arna bunú ag an gCoimisiún ar bhonn Iarscríbhinn III i gcomhréir le mír 3d den Airteagal seo.

Tosóidh an chéad tréimhse tuairiscithe maidir leis na spriocanna a leagtar amach i bpointí (f) go (i) d’Airteagal 6(1) agus ar shonraí maidir le pacáistíocht in-athúsáidte sa chéad bhliain féilire iomlán tar éis ghlacadh an ghnímh cur chun feidhme lena mbunófar an fhormáid don tuairisciú, i gcomhréir le mír 3d den Airteagal seo, agus cumhdóidh sé na sonraí don tréimhse tuairiscithe sin.

3b.   Beidh tuarascáil maidir le seiceáil a dhéanamh ar cháilíocht agus tuarascáil ar na bearta a rinneadh de bhun Airteagal 6a(3) agus (8), lena n-áirítear faisnéis mhionsonraithe ar na meánrátaí caillteanais i gcás inarb infheidhme, ag gabháil leis na sonraí a dhéanfaidh na Ballstáit a thuairisciú i gcomhréir leis an Airteagal seo.

3c.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na sonraí a thuairiscítear i gcomhréir leis an Airteagal seo agus foilseoidh sé tuarascáil ar thorthaí a athbhreithnithe. Déanfar measúnú sa tuarascáil ar eagrú an bhailiúchán sonraí, ar fhoinsí na sonraí agus ar an modheolaíocht a úsáidtear sna Ballstáit mar aon le hiomláine, iontaofacht, tráthúlacht agus comhsheasmhacht na sonraí sin. Féadfar moltaí sonracha le haghaidh feabhais a áireamh sa mheasúnú. Déanfar an tuarascáil a tharraingt suas tar éis chéad thuairisciú na sonraí ag na Ballstáit agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin.

3d.   Faoin 31 Márta 2019, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos an fhormáid chun sonraí a thuairisciú i gcomhréir le mír 3a den Airteagal seo. Chun críocha tuairiscithe ar chur chun feidhme phointí (a) go (e) d’Airteagal 6(1) den Treoir seo, úsáidfidh na Ballstáit an fhormáid arna bunú i gcomhréir le Cinneadh 2005/270/CE ón gCoimisiún (*2). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2) den Treoir seo.

(*2)  Cinneadh 2005/270/CE ón gComhairle an 22 Márta 2005 lena mbunaítear na formáidí a bhaineann leis an gcóras bunachair sonraí de bhun Threoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 86, 5.4.2005, lch. 6).”;"

(e)

scriostar mír 5;

(12)

scriostar Airteagal 17;

(13)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:

“Airteagal 19

Oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil

1.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhfuil gá leo chun an córas aitheantais dá dtagraítear in Airteagal 8(2) agus in Airteagal 10, an dara mír, an séú fleasc, a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2).

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21a chun na samplaí léiritheacha don sainmhíniú ar phacáistíocht a liostaítear in Iarscríbhinn I a leasú.”;

(14)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20:

“Airteagal 20

Bearta sonracha

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21a d’fhonn an Treoir seo a fhorlíonadh i gcás inar gá chun déileáil le haon deacrachtaí a thagann chun cinn i gcur i bhfeidhm fhorálacha na Treorach seo, go háirithe maidir le hábhair thámha phacáistíochta a chuirtear ar an margadh i gcainníochtaí an-bheaga (i.e. tuairim is 0,1 % de réir meáchain) san Aontas, maidir le pacáistíocht phríomhúil le haghaidh feistí leighis agus táirgí cógaisíochta, maidir le pacáistíocht bheag agus maidir le só-phacáistíocht.”;

(15)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:

“Airteagal 21

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an coiste a bunaíodh le hAirteagal 39 de Threoir 2008/98/CE cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3).

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(*3)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”;"

(16)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 21a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 11(3) agus Airteagal 19(2) agus Airteagal 20 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 4 Iúil 2018. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 11(3) agus Airteagal 19(2) agus Airteagal 20 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*4).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 11(3) agus Airteagal 19(2) agus Airteagal 20 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*4)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(17)

leasaítear Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo;

(18)

cuirtear Iarscríbhinn IV mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo isteach.

Airteagal 2

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 5 Iúil 2020. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach lena ndéanfar tagairtí den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas faoi sin.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 30 Bealtaine 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. PAVLOVA


(1)  IO L 264, 20.7.2016, lch. 98.

(2)  IO L 17, 18.1.2017, lch. 46.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2018 (nár foilsíodh fós san Irish Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2018.

(4)  Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 365, 31.12.1994, lch. 10).

(5)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(6)  Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl (IO L 182, 16.7.1999, lch. 1).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsithe dramhaíola (IO L 190, 12.7.2006, lch. 1).

(8)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(10)  IO C 77, 28.3.2002, lch. 1.

(11)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.


IARSCRÍBHINN

(1)   

Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

i bpointe 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fleasc:

“—

Déanfar pacáistíocht a dhearadh, a tháirgeadh agus a thráchtálú ar bhealach lena bhféadfar í a athúsáid nó a aisghabháil, lena n-áirítear í a athchúrsáil, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, agus chun íoslaghdú a dhéanamh ar an tionchar ar an gcomhshaol a bheidh aici nuair a dhéanfar dramhaíl ó phacáistíocht nó iarmhair ó oibríochtaí bainistithe dramhaíola ó phacáistíocht a dhiúscairt.”;

(b)

i bpointe 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (c) agus (d):

“(c)

Pacáistíocht atá in-aisghafa i bhfoirm múirínithe

Dramhaíl ó phacáistíocht a dhéanfar a phróiseáil chun críche múirínithe, beidh sí de chineál in-bhithmhillte nach gcuirfidh bac leis an mbailiú ar leithligh agus an próiseas múirínithe nó gníomhaíocht mhúirínithe a ndéanfar í a thabhairt isteach ann.

(d)

Pacáistíocht in-bhithmhillte

Beidh pacáistíocht in-bhithmhillte de chineál go bhféadfaidh sé go dtiocfaidh dianscaoileadh fisiceach, ceimiceach, teirmeach nó bitheolaíoch uirthi a fhágfaidh go ndianscaoilfear an chuid is mó den múirín críochnaithe ina dhé-ocsaíd charbóin, ina bhithmhais agus ina uisce. Ní dhéanfar pacáistíocht phlaisteach ocsó-díghrádaithe a mheas a bheith in-bhithmhillte.”.

(2)   

Leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:

(a)

i dTáblaí 1 agus 2, cuirtear dhá shraith dar teideal “Miotal feiriúil” agus “Alúmanam” in ionad na sraitheanna dar teideal “Miotal”;

(b)

leasaítear Tábla 2 mar a leanas:

(i)

sa dara colún, cuirtear “Tonnáiste na pacáistíochta a chuirfear ar an margadh den chéad uair” in ionad “Tonnáiste na pacáistíochta úsáidte”;

(ii)

sa tríú colún, cuirtear “Pacáistíocht in-athúsáidte” in ionad an teidil “Pacáistíocht athúsáidte”;

(iii)

tar éis an tríú colún, cuirtear an méid seo a leanas leis:

“Pacáistíocht díolacháin in-athúsáidte

Tonnáiste

Céatadán”;

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

(c)

i dTáblaí 3 agus 4, cuirtear dhá shraith dar teideal “Pacáistíocht mhiotail fheiriúil” agus “Pacáistíocht alúmanaim” in ionad na sraitheanna dar teideal “Pacáistíocht mhiotail”;

(3)   

Cuirtear an iarscríbhinn seo a leanas léi:

“IARSCRÍBHINN IV

PLEAN CUR CHUN FEIDHME ATÁ LE TÍOLACADH DE BHUN PHOINTE (D) D’AIRTEAGAL 6(1A)

Beidh an méid seo a leanas sa phlean cur chun feidhme atá le tíolacadh de bhun phointe (d) d’Airteagal 6(1a):

1.

measúnú ar na rátaí a bhí ann, na rátaí reatha agus na rátaí atá réamh-mheasta i dtaca le hathchúrsáil, líonadh talún agus cóireáil eile ar dhramhaíl ó phacáistíocht agus ar na sruthanna a bhfuil sí comhdhéanta díobh;

2.

measúnú ar chur chun feidhme pleananna bainistithe dramhaíola agus clár coiscthe dramhaíola atá i bhfeidhm de bhun Airteagal 28 agus Airteagal 29 de Threoir 2008/98/CE;

3.

cúiseanna a mheasann an Ballstát go bhféadfadh sé nach mbeadh sé ábalta an sprioc ábhartha a leagtar síos i bpointí (g) agus (i) d’Airteagal 6(1) a bhaint amach laistigh den spriocdháta a leagtar amach iontu agus measúnú ar an síneadh ama is gá chun an sprioc sin a bhaint amach;

4.

na bearta is gá chun na spriocanna a leagtar amach i bpointí (g) agus (i) d’Airteagal 6(1) den Treoir seo is infheidhme maidir leis an mBallstát le linn an tsínidh ama, lena n-áirítear ionstraimí eacnamaíocha iomchuí agus bearta eile chun dreasachtaí a sholáthar chun ord na réiteach dramhaíola mar a leagtar amach é in Airteagal 4(1) de Threoir 2008/98/CE, agus Iarscríbhinn IVa a ghabhann léi, a chur i bhfeidhm;

5.

clár ama chun na bearta a shainaithnítear i bpointe 4 a chur chun feidhme, an comhlacht atá freagrach as a gcur chun feidhme a chinneadh agus measúnú ar a rannchuidiú aonair chun na spriocanna is infheidhme a bhaint amach i gcás síneadh ama;

6.

faisnéis maidir le cistiú le haghaidh bainistiú dramhaíola i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as;

7.

bearta chun cáilíocht na sonraí a fheabhsú, de réir mar is iomchuí, d’fhonn pleanáil níos fearr agus faireachán níos fearr a dhéanamh ar fheidhmíocht i mbainistiú dramhaíola.”.