14.6.2018 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
100 |
TREOIR (AE) 2018/850 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Bealtaine 2018
lena leasaítear Treoir 1999/31/CE maidir le líonadh talún le dramhaíl
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Ba cheart feabhas a chur ar bhainistiú dramhaíola san Aontas d’fhonn cáilíocht an chomhshaoil a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, sláinte an duine a chosaint, úsáid stuama, éifeachtúil agus réasúnach acmhainní nádúrtha a áirithiú, prionsabail an gheilleagair chiorclaigh a chur chun cinn, éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus spleáchas an Aontais ar acmhainní allmhairithe a laghdú. |
(2) |
Ba cheart na spriocanna a leagtar síos i dTreoir 1999/31/CE ón gComhairle (4) lena leagtar síos srianta ar líonadh talún a neartú chun go dtabharfaí léiriú níos fearr iontu ar uaillmhian an Aontais gluaiseacht go geilleagar ciorclach agus chun dul chun cinn a dhéanamh i gcur chun feidhme Theachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Samhain 2008 dar teideal “An tionscnamh amhábhar: ag freastal ar ár riachtanais chriticiúla d’fhás agus do phoist san Eoraip” trí laghdú de réir a chéile a dhéanamh go híosmhéid an méid dramhaíola a chuirtear i líonadh talún i gcás dramhaíl atá ceaptha do líonadh talún do dhramhaíl neamhghuaiseach. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a áirithiú go n-oirfidh laghdú den sórt sin do bheartas comhtháite a áirithíonn go ndéanfar ord na réiteach dramhaíola a chur i bhfeidhm go fónta, go bhfeabhsóidh sé bogadh i dtreo coiscthe lena n-áirítear athúsáid, ullmhú d’athúsáid agus athchúrsáil, agus go gcoiscfidh sé bogadh ó chur i líonadh talún i dtreo loiscthe. |
(3) |
Chun comhchuibheas níos fearr i ndlí an Aontais maidir le dramhaíl a áirithiú, ba cheart na sainmhínithe a leagtar amach i dTreoir 1999/31/CE a ailíniú, i gcás inarb ábhartha, leo sin i dTreoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). |
(4) |
Ní mór an sainmhíniú atá ann faoi láthair ar “lonnaíocht scoite” a oiriúnú maidir leis na réigiúin is forimeallaí, chun sainiúlachtaí lonnaíochtaí den sórt sin a chur i gcuntas, rud a dhéanann imní ábhartha éagsúil ó thaobh an chomhshaoil i gcomparáid le réigiúin eile a chur in iúl. |
(5) |
Ba cheart raon feidhme Threoir 1999/31/CE a ailíniú le raon feidhme Threoir 2006/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus ba cheart di leanúint de thaisceadh dramhaíola ó na tionscail eastóscacha nach gcumhdaítear le Treoir 2006/21/CE a chumhdach. |
(6) |
Thiocfadh sochair shoiléire chomhshaoil, eacnamaíocha agus shóisialta as srianú breise a dhéanamh ar chur i líonadh talún, ag tosú le sruthanna dramhaíola atá faoi réir bailiú ar leithligh, amhail plaistigh, miotail, gloine, páipéar agus bithdhramhaíl. Ba cheart féidearthacht theicniúil, chomhshaoil nó eacnamaíoch na hathchúrsála nó aisghabháil eile ar dhramhaíl iarmharach atá mar thoradh ar dhramhaíl a bhailítear ar leithligh a chur san áireamh i gcur chun feidhme na srianta sin ar líonadh talún. |
(7) |
Is sciar mór de dhramhaíl chathrach í dramhaíl chathrach in-bhithmhillte. Trí dhramhaíl chathrach in-bhithmhillte neamhchóireáilte a chur i líonadh talún, cruthaítear iarmhairtí suntasacha diúltacha comhshaoil ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa agus truailliú uisce dromchla, screamhuisce, ithreach agus aeir. Bíodh is go leagtar amach cheana le Treoir 1999/31/CE spriocanna d’atreorú líonadh talún maidir le dramhaíl in-bhithmhillte, is iomchuí tuilleadh srianta a chur ar bun maidir le dramhaíl in-bhithmhillte a chur i líonadh talún trí thoirmeasc a chur ar dhramhaíl in-bhithmhillte a chur i líonadh talún, ar dramhaíl í a bhailítear ar leithligh lena hathchúrsáil i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE. |
(8) |
Chun a áirithiú go gcuirfear ord na réiteach dramhaíola i bhfeidhm go cuí, ba cheart bearta iomchuí a dhéanamh chun srianta ar chur i líonadh talún a chur i bhfeidhm, amhail ó 2030, maidir le gach dramhaíl atá oiriúnach le haghaidh athchúrsála nó le hábhar eile nó aisghabháil fuinnimh. Níor cheart feidhm a bheith ag na srianta sin i gcás gur féidir a léiriú nach bhfuil an dramhaíl oiriúnach le haghaidh athchúrsála nó aisghabháil eile agus go dtiocfadh an toradh comhshaoil is fearr as an líonadh talún i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola a leagtar síos i dTreoir 2008/98/CE. |
(9) |
Níl an bonneagar bainistithe dramhaíola a bhfuil gá leis forbartha go hiomlán ag mórán Ballstát fós. Le leagan síos spriocanna maidir le laghdú líonadh tálún, ceanglófar mórathruithe ar bhainistiú dramhaíola i mórán Ballstát agus éascóidh sé tuilleadh dul chun cinn agus infheistíochta i mbailiú ar leithligh, sórtáil agus athchúrsáil dramhaíola agus seachnófar an cás ina mbeadh ábhair in-athchúrsáilte sáinnithe ar an leibhéal is ísle d’ord na réiteach dramhaíola. |
(10) |
Tá gá le laghdú de réir a chéile a dhéanamh ar chur i líonadh talún chun tionchair dhíobhálacha ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a sheachaint agus chun a áirithiú go ndéanfar ábhair dhramhaíola atá luachmhar ó thaobh an gheilleagair de a aisghabháil de réir a chéile agus go héifeachtach trí bhainistiú dramhaíola cuí agus i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola a leagtar síos i dTreoir 2008/98/CE. Ba cheart leis an laghdú sin forbairt ar acmhainneacht iomarcach do chóireáil saoráidí dramhaíola iarmharaí a sheachaint, amhail trí aisghabháil fuinnimh nó cóireáil bhitheolaíoch mheicniúil íosghráid ar dhramhaíl chathrach neamhchóireáilte, mar dá bharr sin, d’fhéadfadh sé go mbainfí an bonn de bhaint amach ullmhú fadtéarmach an Aontais d’athúsáid agus spriocanna athchúrsála an Aontais le haghaidh dramhaíl chathrach faoi mar a leagtar síos i dTreoir 2008/98/CE. Ar an gcuma chéanna, bíodh is gur cheart do na Ballstáit gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú nach gcuirtear ach dramhaíl chóireáilte i líonadh talún d’fhonn cosc a chur ar thionchair dhíobhálacha ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, níor cheart, le comhlíonadh na hoibleagáide sin, ró-acmhainneachtaí a chruthú do chóireáil dramhaíola cathrach iarmharaí. Sa bhreis air sin, chun comhsheasmhacht a áirithiú idir na spriocanna a leagtar síos i dTreoir 2008/98/CE agus an sprioc maidir le laghdú ar líonadh talún a leagtar amach i dTreoir 1999/31/CE, arna leasú leis an Treoir seo, agus chun pleanáil chomhordaithe a áirithiú ar na bonneagair agus na hinfheistíochtaí a bhfuil gá leo chun na spriocanna sin a bhaint amach, ba cheart, maidir leis na Ballstáit a chuir níos mó ná 60 % dá ndramhaíl chathrach in 2013 i líonadh talún de réir sonraí a tuairiscíodh faoi Cheistneoir Chomhpháirteach ECFE agus Eurostat, an deis a bheith acu cinneadh a dhéanamh an t-am a leathnú chun an sprioc líonta talún a bunaíodh do 2035 a chomhlíonadh. |
(11) |
Chun iontaofacht na sonraí a áirithiú, tá sé tábhachtach na rialacha a leagan síos ar bhealach níos beaichte ar dá réir ba cheart do na Ballstáit dramhaíl chathrach a cuireadh i líonadh talún a thuairisciú. Ba cheart don tuairisciú bheith bunaithe ar an méid dramhaíola cathrach arna chur i líonadh talún tar éis oibríochtaí cóireála chun dramhaíl den sórt sin a ullmhú i gcomhair cur i líonadh talún dá éis sin, amhail cobhsú dramhaíola cathrach in-bhithmhillte, agus ar an ionchur in oibríochtaí loiscthe diúscartha. Maidir le dramhaíl chathrach a théann isteach in oibríochtaí cóireála sula ndéantar dramhaíl a athchúrsáil agus a aisghabháil, amhail sórtáil agus cóireáil mheicniúil, ba cheart an dramhaíl atá ann mar thoradh ar oibríochtaí den sórt sin ar a ndearnadh líonadh talún ar deireadh a mheas freisin chun críocha an sprioc líonta talún a ríomh. |
(12) |
Agus an oibleagáid a leagtar síos i dTreoir 1999/31/CE á cur chun feidhme chun a áirithiú go ndéantar dramhaíl a chóireáil sula gcuirfear i líonadh talún í, ba cheart do na Ballstáit an chóireáil is oiriúnaí a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear cobhsú an chodáin orgánaigh dramhaíola, chun na héifeachtaí díobhálacha a bhaineann le dramhaíl den sórt sin a chur i líonadh talún ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine a laghdú a oiread is féidir. Agus oiriúnacht cóireála á measúnú, ba cheart do na Ballstáit bearta atá curtha i bhfeidhm cheana féin chun na héifeachtaí díobhálacha sin a laghdú a chur i gcuntas, go háirithe deighilt bithdhramhaíola agus bailiú ar leithligh páipéir agus cairtchláir. |
(13) |
Chun cur chun feidhme níos fearr, níos tráthúla agus níos aonfhoirmí den Treoir seo a áirithiú agus chun aon laigí sa chur chun feidhme a réamh-mheas, ba cheart córas de thuarascálacha luathrabhaidh a bhunú chun easnaimh a bhrath agus chun a bheith in ann gníomhaíocht a dhéanamh roimh na spriocdhátaí chun na spriocanna a bhaint amach. |
(14) |
Chun cuidiú le cuspóirí Threoir 1999/31/CE a bhaint amach, agus chun an t-aistriú go geilleagar ciorclach a threisiú, ba cheart don Choimisiún comhordú agus malartú faisnéise agus dea-chleachtas a chur chun cinn i measc na mBallstát agus earnálacha éagsúla an gheilleagair. |
(15) |
Maidir leis na tuarascálacha cur chun feidhme a ullmhaíonn na Ballstáit gach 3 bliana, is léir nárbh uirlis éifeachtach iad chun comhlíonadh a fhíorú nó chun cur chun feidhme maith a áirithiú, agus is léir go bhfuil ualaigh riaracháin nach bhfuil gá leo á gcruthú acu. Is iomchuí, dá bhrí sin, go n-aisghairfí na forálacha a chuireann oibleagáid ar na Ballstáit tuarascálacha den sórt sin a tháirgeadh. Ina ionad sin, ba cheart na críocha a bhaineann le faireachán ar chomhlíonadh a bheith bunaithe go heisiach ar na sonraí a thuairiscíonn na Ballstáit gach bliain don Choimisiún. |
(16) |
Tá na sonraí a thuairiscíonn na Ballstáit bunriachtanach don Choimisiún chun comhlíonadh dhlí an Aontais maidir le dramhaíl ag na Ballstáit a mheas. Ba cheart cáilíocht, iontaofacht agus inchomparáideacht na sonraí a fheabhsú trí phointe iontrála aonair a thabhairt isteach le haghaidh na sonraí dramhaíola go léir, trí cheanglais tuairiscithe atá imithe i léig a scriosadh, trí mhodheolaíochtaí tuairiscithe náisiúnta a thagarmharcáil agus trí thuarascáil maidir le seiceáil a dhéanamh ar cháilíocht sonraí a thabhairt isteach. Tá tuairisciú iontaofa ar shonraí i dtaca le bainistiú dramhaíola ríthábhachtach le haghaidh cur chun feidhme éifeachtúil, chun bonneagar cóireála dramhaíola a phleanáil go stuama, agus chun inchomparáideacht sonraí i measc na mBallstát a áirithiú. Dá bhrí sin, agus tuairisciú á dhéanamh acu maidir le baint amach na spriocanna a leagtar amach i dTreoir 1999/31/CE, arna leasú leis an Treoir seo, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit úsáid a bhaint as na rialacha is déanaí atá forbartha ag an gCoimisiún agus as na modheolaíochtaí atá forbartha ag na húdaráis inniúla náisiúnta faoi seach atá freagrach as an Treoir seo a chur chun feidhme. |
(17) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Treoir 1999/31/CE a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca le hAirteagail 5a(4) agus 15(5) agus Airteagail 15b agus 15c di, arna leasú leis an Treoir seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). |
(18) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon feabhas a chur ar bhainistiú dramhaíola san Aontas, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le cosaint, caomhnú agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil agus le húsáid stuama agus réasúnach acmhainní nádúrtha, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na mbeart, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
(19) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 1999/31/CE a leasú dá réir sin. |
(20) |
I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (8), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe:
Leasaítear Treoir 1999/31/CE mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. D’fhonn tacú le haistriú an Aontais go geilleagar ciorclach agus tacú le ceanglais Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), agus go háirithe Airteagal 4 agus Airteagal 12 di, a chomhlíonadh, is é aidhm na Treorach seo a áirithiú go ndéanfar laghdú leanúnach ar dhramhaíl arna cur i líonadh talún, go háirithe dramhaíl atá oiriúnach le haghaidh athchúrsála nó aisghabháil eile, agus, trí bhíthin ceanglais dhiana oibríochtúla agus theicniúla maidir le dramhaíl agus líonadh talún, foráil a dhéanamh maidir le bearta, nósanna imeachta agus treoir chun éifeachtaí diúltacha ar an gcomhshaol, go háirithe truailliú uisce dromchla, screamhuisce, ithreach agus aeir, agus ar an timpeallacht dhomhanda, lena n-áirítear an iarmhairt cheaptha teasa, chomh maith le haon riosca do shláinte an duine atá ann dá bharr, a bhaineann le dramhaíl a chur i líonadh talún, a chosc nó a laghdú a mhéid is féidir, le linn shaolré iomlán an líonta talún. (*1) Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).”;" |
(2) |
leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
(3) |
leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
(4) |
leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
|
(5) |
cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach: “Airteagal 5a Rialacha maidir le baint amach na spriocanna a ríomh 1. Chun a ríomh ar baineadh amach na spriocanna a leagtar síos in Airteagal 5(5) agus (6):
2. Bunóidh na Ballstáit córas éifeachtach rialaithe cáilíochta agus inrianaitheachta maidir leis an dramhaíl chathrach arna cur i líonadh talún chun a áirithiú go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo. Féadfaidh siad an córas a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 11a(3) de Threoir 2008/98/CE a úsáid chun na críche sin. 3. I gcás ina loingsítear dramhaíl chathrach chuig Ballstát eile nó i gcás ina ndéantar í a onnmhairiú ón Aontas chun críocha cur i líonadh talún, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), déanfaidh an Ballstát inar bailíodh an dramhaíl sin an dramhaíl a áireamh faoi chomhair an mhéid dramhaíola a cuireadh i líonadh talún, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. 4. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Airteagal seo a chur i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Márta 2019, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar rialacha maidir le sonraí a ríomh, a fhíorú agus a thuairisciú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2). Airteagal 5b Tuarascáil luathrabhaidh 1. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, tuarascáil a tharraingt suas maidir leis an dul chun cinn faoi chomhair bhaint amach na spriocanna a leagtar síos in Airteagal 5(5) agus (6) 3 bliana ar a dhéanaí roimh gach spriocdháta a leagtar síos iontu. 2. Beidh an méid seo a leanas mar chuid de na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1:
Airteagal 5c Faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú Eagróidh an Coimisiún malartú rialta faisnéise agus dea-chleachtas i measc na mBallstát, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, maidir le cur chun feidhme praiticiúil cheanglais na Treorach seo. (*2) Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsithe dramhaíola (IO L 190, 12.7.2006, lch. 1).”;" |
(6) |
i bpointe (a) d’Airteagal 6, cuirtear an abairt seo a leanas leis: “Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh na bearta a ghlactar i gcomhréir leis an bpointe seo an bonn a bhaint de bhaint amach spriocanna Threoir 2008/98/CE, go háirithe ord na réiteach dramhaíola agus an méadú ar ullmhú d’athúsáid agus athchúrsáil mar a leagtar amach in Airteagal 11 den Treoir sin.”; |
(7) |
in Airteagal 11(2), scriostar an dara fomhír; |
(8) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15: “Airteagal 15 Tuairisciú 1. Déanfaidh na Ballstáit na sonraí a bhaineann le cur chun feidhme Airteagal 5(2), (5) agus (6) le haghaidh gach bliain féilire a thuairisciú don Choimisiún. Déanfaidh siad na sonraí a thuairisciú go leictreonach laistigh de 18 mí ó dheireadh na bliana tuairiscithe a ndéanfar na sonraí a bhailiú ina leith. Déanfar na sonraí a thuairisciú san fhormáid arna bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo. Tosóidh an chéad tréimhse tuairiscithe maidir le hAirteagal 5(5) agus (6) a chur chun feidhme sa chéad bhliain féilire iomlán tar éis ghlacadh an ghnímh cur chun feidhme lena mbunaítear an fhormáid don tuairisciú, i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo, agus cumhdóidh sé na sonraí don tréimhse tuairiscithe sin. 2. Déanfaidh na Ballstáit na sonraí a bhaineann le cur chun feidhme na spriocanna a leagtar síos in Airteagal 5(2) a thuairisciú go dtí an 1 Eanáir 2025. 3. Beidh tuarascáil maidir le seiceáil a dhéanamh ar cháilíocht ag gabháil leis na sonraí a dhéanfaidh na Ballstáit a thuairisciú i gcomhréir leis an Airteagal seo. 4. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na sonraí a thuairiscítear i gcomhréir leis an Airteagal seo agus foilseoidh sé tuarascáil ar thorthaí a athbhreithnithe. Déanfar measúnú sa tuarascáil ar eagrú an bhailithe sonraí, ar fhoinsí na sonraí agus ar an modheolaíocht a úsáidtear sna Ballstáit mar aon le hiomláine, iontaofacht, tráthúlacht agus comhsheasmhacht na sonraí sin. Féadfar moltaí sonracha le haghaidh feabhais a áireamh sa mheasúnú. Déanfar an tuarascáil a tharraingt suas tar éis chéad thuairisciú na sonraí ag na Ballstáit agus gach 4 bliana dá éis sin. 5. Faoin 31 Márta 2019, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos an fhormáid chun na sonraí a thuairisciú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2).”; |
(9) |
cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach: “Airteagal 15a Ionstraimí chun bogadh i dtreo geilleagar níos ciorclaí a chur chun cinn Chun rannchuidiú leis na cuspóirí a leagtar síos sa Treoir seo, úsáidfidh na Ballstáit ionstraimí eacnamaíocha agus bearta eile chun dreasachtaí a sholáthar chun ord na réiteach dramhaíola a chur i bhfeidhm. Féadfar a bheith ar áireamh in ionstraimí agus bearta den sórt sin na cinn sin a luaitear in Iarscríbhinn IVa a ghabhann le Treoir 2008/98/CE nó ionstraimí agus bearta iomchuí eile. Airteagal 15b An chomhéifeacht tréscaoilteachta i gcomhair líonadh talún a chinneadh Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos an modh atá le húsáid chun an chomhéifeacht tréscaoilteachta i gcomhair líonadh talún a chinneadh, ar an láthair agus do mhéid iomlán an láithreáin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2). Airteagal 15c Caighdeán an Aontais chun dramhaíl a shampláil Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena bhforbrófar caighdeán chun dramhaíl a shampláil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2). Go dtí go nglacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin, féadfaidh na Ballstáit caighdeáin agus nósanna imeachta náisiúnta a chur i bhfeidhm.”; |
(10) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16: “Airteagal 16 Athbhreithniú ar na hIarscríbhinní Coimeádfaidh an Coimisiún na hIarscríbhinní faoi athbhreithniú agus, i gcás inar gá, déanfaidh sé tograí reachtacha iomchuí.”; |
(11) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17: “Airteagal 17 Nós imeachta coiste 1. Déanfaidh an Coiste a bunaíodh le hAirteagal 39 de Threoir 2008/98/CE cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3). 2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. (*3) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”;" |
(12) |
in Iarscríbhinn I, scriostar pointe 3.5; |
(13) |
in Iarscríbhinn II, scriostar pointe 5; |
(14) |
in Iarscríbhinn III, pointe 2, scriostar an chéad fhomhír; |
(15) |
cuirtear Iarscríbhinn IV mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo isteach. |
Airteagal 2
Trasuí
1. Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, na rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 5 Iúil 2020. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas faoin méid sin.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Seolaithe
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 30 Bealtaine 2018.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. PAVLOVA
(1) IO L 264, 20.7.2016, lch. 98.
(2) IO L 17, 18.1.2017, lch. 46.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2018.
(4) Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl (IO L 182, 16.7.1999, lch. 1).
(5) Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).
(6) Treoir 2006/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le dramhaíl ó na tionscail eastóscacha a bhainistiú agus lena leasaítear Treoir 2004/35/CE (IO L 102, 11.4.2006, lch. 15).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(8) IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an iarscríbhinn seo a leanas léi:
“IARSCRÍBHINN IV
PLEAN CUR CHUN FEIDHME ATÁ LE TÍOLACADH DE BHUN AIRTEAGAL 5(6)
Beidh an méid seo a leanas sa phlean cur chun feidhme atá le tíolacadh de bhun Airteagal 5(6):
1. |
measúnú ar na rátaí a bhí ann, na rátaí reatha agus na rátaí atá réamh-mheasta i dtaca le hathchúrsáil, cur i líonadh talún agus cóireáil eile ar dhramhaíl chathrach agus ar na sruthanna a bhfuil sí comhdhéanta díobh; |
2. |
measunú ar chur chun feidhme pleananna bainistithe dramhaíola agus clár coiscthe dramhaíola atá i bhfeidhm de bhun Airteagal 28 agus Airteagal 29 de Threoir 2008/98/CE; |
3. |
cúiseanna a mheasann an Ballstát go bhféadfadh sé nach mbeadh sé ábalta an sprioc ábhartha a leagtar síos in Airteagal 5(5) a bhaint amach laistigh den spriocdháta a leagtar amach ann agus measúnú ar an síneadh ama is gá chun an sprioc sin a bhaint amach; |
4. |
na bearta is gá chun na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 5(8) den Treoir seo a bhaint amach, ar spriocanna iad is infheidhme maidir leis an mBallstát le linn an tsínidh ama, lena n-áirítear ionstraimí eacnamaíocha iomchuí agus bearta eile chun dreasachtaí a sholáthar chun ord na réiteach dramhaíola mar a leagtar amach é in Airteagal 4(1) de Threoir 2008/98/CE, agus Iarscríbhinn IVa a ghabhann léi, a chur i bhfeidhm; |
5. |
clár ama chun na bearta a shainaithnítear i bpointe 4 a chur chun feidhme, chun an comhlacht atá inniúil maidir lena gcur chun feidhme a chinneadh, agus chun measúnú a dhéanamh ar a rannchuidiú aonair chun na spriocanna is infheidhme a bhaint amach i gcás síneadh ama; |
6. |
faisnéis maidir le cistiú le haghaidh bainistiú dramhaíola i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as; |
7. |
bearta chun cáilíocht sonraí a fheabhsú, de réir mar is iomchuí, d’fhonn pleanáil níos fearr agus faireachán níos fearr a dhéanamh ar fheidhmíocht i mbainistiú dramhaíola.”. |