2.5.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

29


TREOIR (AE) 2018/645 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Aibreán 2018

lena leasaítear Treoir 2003/59/CE maidir le cáiliú tosaigh agus le hoiliúint thréimhsiúil tiománaithe feithiclí áirithe bóthair i gcomhair iompar earraí nó paisinéirí agus Treoir 2006/126/CE maidir le ceadúnais tiomána

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe Airteagal 91 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Sa Pháipéar Bán uaidh an 28 Márta 2011, dar teideal Roadmap to a Single European Transport Area — Towards a competitive and resource efficient transport system (Treochlár i dtreo Limistéar Iompair Eorpach Aonair — I dtreo córas iompair atá iomaíoch agus éifeachtúil ó thaobh acmhainní de), leagann an Coimisiún cuspóir “fís nialais” amach ar cheart dá réir don Aontas dul i dtreo staid ina laghdófaí an méid básanna in iompar de bhóthar go nialas nó geall leis faoi 2050.

(2)

Sa teachtaireacht uaidh ar threoshuíomhanna beartais maidir le sábháilteacht ar bhóithre 2011-2020, dar teideal Towards a European road safety area: policy orientations on road safety for 2011-2020 (I dtreo limistéir Eorpaigh sábháilteachta ar bhóithre: treoshuíomhanna beartas maidir le sábháilteacht ar bhóithre 2011-2020), mhol an Coimisiún an sprioc go ndéanfaí líon iomlán na mbásanna ar na bóithre a laghdú faoina leath faoi 2020, ó 2010 ar aghaidh. D'fhonn an sprioc sin a bhaint amach, leag an Coimisiún seacht gcuspóir straitéiseacha síos, lena n-áirítear feabhas a chur ar oideachas agus oiliúint úsáideoirí bóithre agus úsáideoirí leochaileacha bóithre a chosaint.

(3)

D'fhormhuinigh Comhairle Eorpach an 23-24 Deireadh Fómhair 2014 sprioc cheangailteach de laghdú intíre ar astaíochtaí gás ceaptha teasa an gheilleagair iomláin de 40 % ar a laghad i gcomparáid le 1990, faoin mbliain 2030. Cabhróidh an sprioc seo maidir le laghduithe astaíochtaí le spriocanna fadtéarmacha Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh agus ba cheart gach earnáil den gheilleagar a cion a dhéanamh chun an sprioc sin a bhaint amach. Is gá cur chuige cuimsitheach don earnáil iompair chun laghduithe astaíochtaí agus éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn. Ba cheart dul chun cinn a dhéanamh i dtreo gluaiseacht íseal-astaíochtaí, inter alia trí thaighde agus trí chur chun cinn teicneolaíocha atá ar fáil cheana féin a thabhairt isteach. Is gá an oiliúint chuí a chur ar thiománaithe tiomáint ar an dóigh is éifeachtúla.

(4)

Tar éis dó meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme Threoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), shainaithin an Coimisiún roinnt easnamh ann. Deacrachtaí agus éiginnteacht dhlíthiúil agus díolúintí á léirmhíniú ab ea na príomheasnaimh a sainaithníodh; ábhar na hoiliúna, nár measadh é a bheith ábhartha ach i bpáirt do riachtanais tiománaithe; na deacrachtaí atá ag tiománaithe agus iad ag iarraidh aithint fhrithpháirteach a fháil ar oiliúint a atá curtha i gcrích acu go hiomlán nó go páirteach i mBallstát eile; agus neamhréireachtaí maidir leis na ceanglais aoise íosta idir Treoir 2003/59/CE agus Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(5)

D'fhonn an tsoiléireacht dlí a fheabhsú i dTreoir 2003/59/CE, ba cheart gach tagairt do ghníomhartha an Aontais a aisghaireadh nó ar cuireadh gníomhartha ina n-ionad a bhaint nó a leasú.

(6)

D'fhonn cinnteacht agus comhsheasmhacht le gníomhartha eile de chuid an Aontais a áirithiú, ba cheart roinnt athruithe a dhéanamh ar na díolúintí ó Threoir 2003/59/CE, agus díolúintí den chineál céanna faoi Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) á gcur san áireamh. Baineann cuid de na díolúintí sin le cásanna nach í an tiomáint príomhghníomhaíocht an tiománaí agus ina gcuirfeadh sé ualach díréireach ar thiománaithe a cheangal orthu ceanglais Threoir 2003/59/CE a chomhlíonadh. Meastar de ghnáth nach í an tiomáint príomhghníomhaíocht an tiománaí nuair a chuimsíonn sí níos lú ná 30 % den am oibre míosúil rollach.

(7)

I gcás nach mbítear ag tiomáint go rómhinic, ina dtarlaíonn an tiomáint i gceantair faoin tuath agus ina mbíonn tiománaithe ag tiomáint a bhíonn ag soláthar dá ngnó féin, ba cheart go mbeadh feidhm ag díolúintí, ar choinníoll go n-áirithítear an tsábháilteacht ar bhóithre mar sin féin. Mar gheall ar na coinníollacha éagsúla i limistéir tuaithe laistigh den Aontas ó thaobh na tíreolaíochta, na haeráide agus dlús daonra de, ba cheart go mbeadh rogha ag Ballstáit a chinneadh an féidir tiomáint den sórt sin a mheas mar thiomáint ócáideach agus an mbeadh tionchar ag díolúine den sórt sin ar shábháilteacht ar bhóithre: mar shampla ar bhonn an chineáil bóithre, ar mhéid na tráchta nó ar cé acu an bhfuil úsáideoirí bóithre leochaileacha ar na bóithre nó nach bhfuil.

(8)

Ós rud é go bhfuil éagsúlacht ann ó thaobh na n-achar is gá do dhaoine a chumhdach le linn a gcuid oibre ar fud an Aontais, daoine a oibríonn i réimse na talmhaíochta, na gairneoireachta, na foraoiseachta, na feirmeoireachta agus na hiascaireachta, atá díolmhaithe ó chur i bhfeidhm na Treorach seo, ba cheart go bhfágfaí faoi na Ballstáit cinneadh a dhéanamh ina ndlí náisiúnta, achair incheadaithe uasta, a ríomhtar ó bhunáit an ghnóthais, lena mbeadh feidhm ag na díolúintí.

(9)

Ba cheart go mbeadh ceangal mar sin féin ar na tiománaithe sin, a bhí díolmhaithe ón gceanglas maidir le cáilíocht tosaigh, dul faoi oiliúint thréimhsiúil chun a áirithiú go bhfuil a gcuid eolais maidir le cúrsaí atá bunriachtanach dá gcuid oibre fós cothrom le dáta, agus an díolúine sin á coimeád acu ag an am céanna.

(10)

Ba cheart do na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, faisnéis maidir le deimhnithe ar inniúlacht ghairmiúil (CPC) a mhalartú go leictreonach. Ba cheart dóibh an t-ardán leictreonach is gá a fhorbairt agus measúnú costais is tairbhe ón gCoimisiún á cur san áireamh, lena n-áirítear an rogha chun gréasán AE um cheadúnais tiomána arna bhunú faoi Threoir 2006/126/CE a leathnú. Cuirfidh sé seo ar chumas na mBallstát, i measc tairbhí eile, rochtain a fháil go héasca ar fhaisnéis maidir le hoiliúint atá curtha i gcrích, nach bhfuil taifeadta ar cheadúnas tiomána an tiománaí. Tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún iarrachtaí an fheidhmiúlacht seo a fhorbairt a thuilleadh, le rochtain fíor-ama le linn seiceálacha cois bóithre mar chuspóir air.

(11)

Agus na forbairtí san oiliúint agus san oideachas á gcur san áireamh, agus d'fhonn feabhas a chur ar an méid a chuirtear le sábháilteacht ar bhóithre agus le hábharthacht na hoiliúna do thiománaithe le Treoir 2003/59/CE, ba cheart ábhair a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a neartú sna cúrsaí oiliúna, amhail brath guaise, cosaint úsáideoirí leochaileacha bóithre, go háirithe coisithe, rothaithe agus daoine faoi luaineacht theoranta; tiomáint atá éifeachtúil ó thaobh breosla de; tiomáint i ndálaí adhaimsire agus iompar ualaí neamhghnácha. Sa chomhthéacs seo, ba cheart go mbeadh baint ag na cúrsaí le córais chliste iompair agus ba cheart go n-athródh siad bonn ar bhonn chun coimeád cothrom le dáta le forbairtí theicneolaíoch.

(12)

Ba cheart go dtabharfaí rogha shoiléir do na Ballstáit cleachtais oiliúna a fheabhsú agus a nuachóiriú trí úsáid a bhaint as uirlisí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) amhail ríomhfhoghlaim agus foghlaim chumaisc, le haghaidh cuid den oiliúint, agus cáilíocht na hoiliúna á háirithiú acu ag an am céanna. Agus feabhas á chur agus athnuachan á dhéanamh ar chleachtaí oiliúna le húsáid uirlisí TFC, tá sé tábhachtach cur san áireamh an fíoras go n-éilíonn roinnt ábhair shonracha oiliúint phraiticiúil agus nach féidir aghaidh cheart a thabhairt orthu leis na huirlisí foghlama seo: mar shampla, slabhraí sneachta a fheistiú nó na hualaí a dhaingniú, nó gnéithe oiliúna eile ina bhfuil an taobh praiticiúil tábhachtach. D'fhéadfadh tiomáint a bheith i gceist le hoiliúint phraiticiúil ach ní gá gurbh amhlaidh. Ba cheart méid suntasach den oiliúint a éilítear faoin Treoir seo a dhéanamh ag ionad oiliúna formheasta.

(13)

Chun comhsheasmhacht idir na foirmeacha difriúla oiliúna a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais a áirithiú, ba cheart gur féidir leis na Ballstáit cineálacha difriúla oiliúna ábhartha a chur le chéile: mar shampla, ba cheart gur féidir leo oiliúint ar iompar earraí contúirteacha, oiliúint i bhfeasacht ar mhíchumas agus oiliúint ar iompar ainmhithe a chomhcheangal leis an oiliúint dá bhforáiltear i dTreoir 2003/59/CE.

(14)

Chun a chinntiú nach mbeidh cleachtais dhifriúla idir na Ballstáit ina gcúis le bac a chur ar aithint fhrithpháirteach agus le srian a chur leis an gceart atá ag tiománaithe tabhairt faoin oiliúint thréimhsiúil sa Bhallstát ina n-oibríonn siad, ba cheart ceangal a chur ar údaráis na mBallstát, mura féidir oiliúint a cuireadh i gcrích a mharcáil ar an gceadúnas tiomána, cárta cáilíochta tiománaí, san fhoirm a leagtar síos sna múnlaí caighdeánacha, a eisiúint lena n-áiritheofar aithint fhrithpháirteach do gach tiománaí a chomhlíonfaidh ceanglais Threoir 2003/59/CE.

(15)

D'fhéadfadh bac a bheith in úsáid na bhfianuithe tiománaithe ag tiománaithe ó thríú tíórtha mar fhianaise ar chomhlíonadh na gceanglas oiliúna ar thiománaithe nuair a thugann an tarlóir an fianú ar ais do na húdaráis eisiúna, go háirithe nuair is mian leis na tiománaithe sin dul i mbun fostaíochta i mBállstát eile. Chun cásanna a sheachaint ina mbeadh ar thiománaithe a n-oiliúint a dhéanamh arís agus iad ag dul i mbun fostaíochta nua, i ndálaí den sórt sin, ba cheart na Ballstáit a spreagadh comhoibriú le chéile agus faisnéis ar cháilíochtaí tiománaithe a mhalartú.

(16)

Chun gur féidir aistriú réidh a dhéanamh, ba cheart fianuithe tiománaithe bailí agus cártaí cáilíochta tiománaithe bailí, arna n-eisiúint i gcomhréir leis na rialacha a bhfuil feidhm leo roimh chur i bhfeidhm na bhforálacha arna leasú ag an Treoir seo, a aithint ar feadh na tréimhse seo go dtí a ndáta éaga. Ní fhágann na leasuithe sin nach bailí an oiliúint a rinneadh, ná na ceadúnais tiomána arna n-eisiúint chun oiliúint den sórt sin a dheimhniú, sula gcuirfear i bhfeidhm iad.

(17)

D'fhonn soiléire dhlíthiúil a sholáthar agus ceanglais chomhchuibhithe aoise íosta a áirithiú chun na gcríoch a leagtar síos i dTreoir 2003/59/CE, ba cheart maolú soiléir a sholáthar i dTreoir 2006/126/CE, lena leagtar síos go bhféadfar ceadúnais tiomána a eisiúint ag na haoiseanna íosta dá bhforáiltear i dTreoir 2003/59/CE. Baineann an soiléiriú sin leis an aois íosta ghinearálta do thiománaithe i gcatagóirí feithiclí áirithe a bhfuil CPC acu, agus ní leasaítear leis an soiléiriú sin na roghanna reatha maidir leis na ceanglais aoise íosta sin a laghdú ná díolúintí a sholáthar ina leith.

(18)

Ba cheart go mbeadh na leasuithe ar Threoir 2006/126/CE teoranta dóibh siúd a bhaineann go díreach leis an athbhreithniú ar Threoir 2003/59/CE agus d'úsáid feithiclí breosla ionadúil a éascú. Is cosúil gur mhaith an rud é anailís níos críochnúla a dhéanamh ar chur chun feidhme agus cur i bhfeidhm Threoir 2006/126/CE, lena n-áirítear catagóirí áirithe feithiclí a shainaithint óna chéile agus ba cheart an anailís sin a bheith in aon athbhreithniú atá le déanamh ar Threoir 2006/126/CE sa todhchaí.

(19)

D'fhonn cur le hastaíochtaí gás teasa ceaptha a laghdú agus le cáilíocht aeir a fheabhsú, trí úsáid feithiclí breosla ionadúil, ba cheart go dtabharfaí an fhéidearacht do na Ballstáit, ina gcríoch féin, sealbhóirí ceadúnais tiomána de chatagóir B a cheadú cineálacha áirithe feithiclí breosla ionadúil a thiomáint, ar feithiclí iad a bhfuil a mais údaraithe uasta níos mó ná 3 500 kg ach nach sáraíonn 4 250 kg. Ba cheart don fhéidearacht 3 500 kg a shárú a bheith bunaithe ar an gcoinníoll gur de thoradh na gcóras tiomána ionadúil, agus dá thoradh sin amháin, is ann don mhais bhreise cheadaithe agus ba cheart di a bheith faoi réir srianta agus coinníollacha chun tionchair dhiúltacha ar shábháilteacht ar bhóithre a sheachaint.

(20)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon an caighdeán uile-Aontais a fheabhsú maidir le cáiliú tosaigh agus le hoiliúint thréimhsiúil do thiománaithe feithiclí áirithe bóthair i gcomhair iompar earraí agus paisinéirí, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr chineál trasteorann an iompair de bhóthar agus na saincheisteanna a mbeartaítear aghaidh a thabhairt orthu leis an Treoir seo, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(21)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2003/59/CE agus Treoir 2006/126/CE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 2003/59/CE mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

“Airteagal 1

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis an ngníomhaíocht arb éard í tiomáint mar a dhéanann na daoine seo a leanas:

(a)

náisiúnaigh de Bhallstát, agus

(b)

náisiúnaigh de thríú tíortha atá fostaithe nó a úsáideann gnóthas arna bhunú i mBallstát,

dá ngairtear ‘tiománaithe’ anseo feasta, ar tiománaithe iad atá i mbun iompair de bhóthar laistigh den Aontas, ar bhóithre atá oscailte don phobal, agus leas é bhaint acu as:

feithiclí a n-éilítear ceadúnas tiomána de chatagóir C1, C1 + E, C nó C + E, mar a shainmhínítear i dTreoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), nó ceadúnas tiomána a aithnítear a bheith coibhéiseach leis, ina leith,

feithiclí a n-éilítear ceadúnas tiomána de chatagóir D1, D1 + E, D nó D + E, mar a shainmhínítear i dTreoir 2006/126/CE, nó ceadúnas tiomána a aithnítear a bheith coibhéiseach leis, ina leith.

Chun críocha na Treorach seo, léifear na tagairtí do chatagóirí ceadúnas tiomána a bhfuil comhartha (‘+’) leo i gcomhréir leis an tábla comhfhreagrach a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

(*1)  Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le ceadúnais tiomána (IO L 403, 30.12.2006, lch. 18).”."

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

“Airteagal 2

Díolúintí

1.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le tiománaithe feithiclí:

(a)

nach sáraíonn a n-uasluas údaraithe 45 km/u;

(b)

atá in úsáid, nó faoi rialú, ag na fórsaí armtha, ag seirbhísí cosanta sibhialta, ag an tseirbhís dóiteáin, ag fórsaí atá freagrach as an ord poiblí a choimeád, agus seirbhísí otharchairr éigeandála, i gcás ina dtugtar faoin iompar mar thoradh ar na cúraimí a shanntar do na seirbhísí sin;

(c)

atá i mbun tástálacha bóthair maidir le forbairt theicniúil, chun críocha deisithe nó cothabhála, nó tiománaithe feithiclí nua nó atógtha nár cuireadh i seirbhís go fóill.

(d)

a n-éilítear ceadúnas tiomána de chatagóir D nó D1 ina leith agus a thiomáineann pearsanra cothabhála gan phaisinéirí chuig ionad cothabhála atá lonnaithe i limistéar na bunáite cothabhála is cóngaraí atá á húsáid ag an oibreoir iompair nó ón ionad sin, ar choinníoll nach ionann tiomáint na feithicle agus príomhghníomhaíocht an tiománaí;

(e)

a úsáidtear i gcásanna éigeandála nó a shanntar do mhisin tarrthála, lena n-áirítear feithiclí a úsáidtear le haghaidh iompar neamhthráchtála cabhrach daonnúil;

(f)

a úsáidtear le haghaidh teagasc tiomána agus chun tástáil a dhéanamh ar dhuine ar bith ar mian leis nó léi ceadúnas tiomána nó Deimhniú ar Inniúlacht Ghairmiúil (CPC) a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 8(1), ar choinníoll nach bhfuil siad á n-úsáid le haghaidh iompar tráchtála earraí agus paisinéirí;

(g)

a úsáidtear le haghaidh iompar neamhthráchtála paisinéirí nó earraí;

(h)

lena n-iompraítear ábhar, trealamh nó innealra lena úsáid ag na tiománaithe ina gcuid oibre, ar choinníoll nach í tiomáint na bhfeithiclí príomhghníomhaíocht na dtiománaithe.

Ag féachaint do phointe (f) den mhír seo, ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le haon duine ar mian leis nó léi ceadúnas tiomána nó CPC a fháil, i gcomhréir le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 8(1), nuair atá an duine sin ag dul faoi oiliúint bhreise tiomána le linn foghlaim obairbhunaithe, ar choinníoll go bhfuil duine atá deimhnithe ag CPC, nó teagascóir tiomána, in éineacht leis an duine sin, don chatagóir feithicle a úsáidtear chun na críche a leagtar amach sa phointe sin.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

feidhmíonn na tiománaithe feithiclí i gceantair tuaithe chun gnó an tiománaí féin a sholáthar,

(b)

ní thairgeann na tiománaithe seirbhísí iompair,

(c)

measann na Ballstáit gur iompar ócáideach atá ann agus nach bhfuil tionchar aige ar shábháilteacht ar bhóithre.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le tiománaithe feithiclí atá in úsáid, nó atá á bhfáil ar cíos gan tiománaí, ag gnóthais talmhaíochta, ghairneoireachta, foraoiseachta, iascaireachta nó iascaigh d'fhonn earraí a iompar mar chuid dá ngníomhaíocht fiontraíochta féin, ach amháin i gcás go bhfuil an tiomáint mar chuid de phríomhghníomhaíocht an tiománaí nó go sáraíonn an tiomáint achar a leagtar síos sa dlí náisiúnta ó bhunáit an ghnóthais a bhfuil an fheithicil faoi úinéireacht aige, á friliú aige nó á léasú aige.”.

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

“Airteagal 7

Oiliúint thréimhsiúil

Cuimseoidh oiliúint thréimhsiúil oiliúint lena gcuirfear ar chumas daoine ag a bhfuil CPC an t-eolas atá bunriachtanach dá gcuid oibre a choinneáil cothrom le dáta, agus béim ar leith á leagan ar shábháilteacht ar bhóithre, ar shláinte agus sábháilteacht ag an obair, agus ar an laghdú ar an tionchar comhshaoil a bhaineann leis an tiomáint.

Eagróidh ionad oiliúna formheasta an oiliúint sin, i gcomhréir le roinn 5 d'Iarscríbhinn I. Cuimseoidh an oiliúint teagasc i seomra ranga, oiliúint phraiticiúil, agus oiliúint trí úsáid a bhaint as uirlisí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC), má tá fáil orthu, nó as ionsamhlóirí den chéad scoth. Má bhogann an tiománaí chuig gnóthas eile, ní mór an oiliúint thréimhsiúil atá déanta cheana a chur san áireamh.

Déanfar oiliúint thréimhsiúil a dhearadh chun roinnt de na hábhair dá dtagraítear i roinn 1 d'Iarscríbhinn I a fhorbairt agus athbhreithniú a dhéanamh orthu. Cuimseofar raon leathan ábhar inti agus beidh ábhar amháin ar a laghad a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre i gcónaí mar chuid di. Cuirfear san áireamh sna hábhair oiliúna forbairtí sa reachtaíocht ábhartha agus sa teicneolaíocht ábhartha, agus cuirfear san áireamh, a mhéid is féidir, riachtanais oiliúna shonracha an tiománaí.”.

(4)

In Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Gnóthóidh tiománaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 1 den Treoir seo an cháilíocht tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 5 den Treoir seo sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí orthu, mar a shainmhínítear in Airteagal 12 de Threoir 2006/126/CE.”.

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

“Airteagal 10

Cód an Aontais

1.   Ar bhonn an CPC cáilíocht tosaigh a dheimhniú agus ar bhonn an CPC oiliúint thréimhsiúil a dheimhniú, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát, agus forálacha Airteagal 5(2) agus (3) den Treoir seo agus Airteagal 8 den Treoir seo á gcur san áireamh acu, cód comhchuibhithe Aontais, ‘95’, dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/126/CE a shonrú, i dteannta na gcatagóirí comhfhreagracha ceadúnais:

ar an gceadúnas tiománaí, nó

ar an gcárta cáilíochta tiománaí arna dhréachtú i gcomhréir leis an tsamhail a léirítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo.

Mura féidir le húdaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuarthas an CPC an cód Aontais a shonrú ar an gceadúnas tiomána, déanfaidh siad cárta cáilíochta tiománaí a eisiúint chuig an tiománaí.

Déanfar an cárta cáilíochta tiománaí arna eisiúint ag Ballstát a aithint go frithpháirteach. Nuair a eiseofar an cárta, seiceálfaidh na húdaráis inniúla bailíocht an cheadúnais tiomána le haghaidh chatagóir na feithicle lena mbaineann.

2.   Tabharfar cead, freisin, do thiománaí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 1 a thiomáineann feithiclí a úsáidtear chun earraí a iompar de bhóthar a chruthú go bhfuil an cháilíocht agus an oiliúint aige nó aici dá bhforáiltear sa Treoir seo trí bhíthin an fhianaithe tiománaí dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), ar choinníoll go bhfuil cód an Aontais, ‘95’, air. Chun críocha na Treorach seo, déanfaidh an Ballstát eisiúna cód an Aontais, ‘95’, a shonrú i roinn nótaí an fhianaithe más rud é gur chomhlíon an tiománaí lena mbaineann na ceanglais cháilíochta agus na ceanglais oiliúna dá bhforáiltear sa Treoir seo.

3.   Glacfar le fianuithe tiománaí nach bhfuil cód an Aontais, ‘95’, orthu agus a eisíodh roimh 23 Bealtaine 2020 i gcomhréir le hAirteagal 5, agus go háirithe le mír 7, de Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009, d'fhonn comhlíonadh na riachtanas oiliúna faoin Treoir seo a dheimhniú, glacfar leis sin mar chruthúnas ar cháilíocht go dtí a ndáta éaga.

(*2)  Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (IO L 300, 14.11.2009, lch. 72).”."

(6)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 10a

Líonra forfheidhmithe

1.   Déanfaidh Ballstáit, chun críocha forfheidhmithe, faisnéis a mhalartú ar CPCanna a eisíodh nó a aistarraingíodh. Chun na críche seo, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an gCoimisiún, líonra leictreonach a fhorbairt nó obair a dhéanamh ar shíneadh líonra atá ann cheana, ag cur san áireamh measúnú ón gCoimisiún ar an rogha is costéifeachtaí.

2.   D'fhéadfaí faisnéis atá sna CPCanna a bheith sa líonra mar aon le faisnéis a bhaineann le nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le CPCanna.

3.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil chun a fhíorú go gcomhlíonfar an Treoir seo agus chun na críche sin amháin, go háirithe na riachtanais oiliúna a leagtar síos sa Treoir seo, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3).

4.   Déanfar rochtain ar an líonra a shlánú. Féadfaidh na Ballstáit rochtain a thabhairt do na húdaráis inniúla atá freagrach as an Treoir seo a chur chun feidhme agus a chomhlíonadh a rialú.

(*3)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).”."

(7)

Leasaítear Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinní II i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

Leasaítear Treoir 2006/126/CE mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 4 mar a leanas:

(i)

i bpointe (e), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fleasc:

“—

socraítear an aois íosta do chatagóirí C1 agus C1E ag 18 mbliana d'aois”;

(ii)

i bpointe (g), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fleasc:

“—

socraítear an aois íosta do chatagóir C agus do chatagóir CE ag 21 bhliain d'aois;”;

(iii)

i bpointe (i), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fleasc:

“—

socraítear an aois íosta do chatagóir D1 agus do chatagóir D1E ag 21 bhliain d'aois;”;

(iv)

i bpointe (k), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fleasc:

“—

socraítear an aois íosta do chatagóir D agus do chatagóir DE ag 24 bliana d'aois;”;

(b)

cuirtear isteach an mhír 7 seo a leanas:

“7.   De mhaolú ar na haoiseanna íosta a leagtar síos i bpointí (g), i bpointe (i) agus i bpointe (k) d'Airteagal 4(4) de mhír 4 den Airteagal seo seo, beidh an íosaois le haghaidh ceadúnas tiomána a eisiúint i gcatagóirí C agus CE; D1 agus D1E, D agus DE faoi seach ar an aois íosta a fhorordaítear chun feithiclí den chineál sin a thiomáint maidir le daoine a bhfuil CPC acu a leagtar síos in Airteagal 5(2), sa chéad mhír d'Airteagal 5(3)(a)(i), sa chéad mhír d'Airteagal 5(3)(a)(ii) nó i bpointe (b) d'Airteagal 5(3) de Threoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4), mar is infheidhme.

I gcás, i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 5(3)(a)(i) nó an dara mír d'Airteagal 5(3)(a)(ii) de Threoir 2003/59/CE, ina ndéanfaidh Ballstát tiomáint a údarú ina chríoch ó aois níos ísle, beidh bailíocht an cheadúnais tiomána teoranta do chríoch an Bhallstáit eisiúna amháin go dtí go mbeidh an aois íosta ábhartha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo bainte amach ag sealbhóir an cheadúnais agus go mbeidh CPC aige.

(*4)  Treoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le cáiliú tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil tiománaithe feithiclí áirithe bóthair d'iompar earraí agus paisinéirí, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle agus Treoir 91/439/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 76/914/CEE ón gComhairle (IO L 226, 10.9.2003, lch. 4).”"

(2)

In Airteagal 6(4), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(c)

feithiclí breosla ionadúil dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir 96/53/CE) (*5) ón gComhairle ag a bhfuil mais údaraithe uasta os cionn 3 500 kg ach nach sáraíonn 4 250 kg chun earraí a iompar agus iad á n-oibriú gan leantóir ag sealbhóirí ceadúnais tiomána de chatagóir B a eisíodh ar a laghad 2 bhliain roimhe sin, ar choinníoll gur de thoradh mhais bhreise an chórais tiomána 3 500 kg is ann don mhais bhreise i gcomparáid le córas tiomána feithicle atá ar aon toisí léi, atá feistithe le hinneall dócháin inmheánaigh a bhfuil adhaint dheimhneach nó adhaint chomhbhrú aige, agus dá thoradh sin amháin, agus ar choinníoll nach méadaítear an toilleadh lasta i gcomparáid leis an bhfeithicil chéanna.

(*5)  Treoir 96/53/CE ón gComhairle an 25 Iúil 1996 lena leagtar síos toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus meáchan údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí bóthair áirithe ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (IO L 235, 17.9.1996, lch. 59).”;"

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

“Airteagal 15

Cúnamh frithpháirteach

1.   Cabhróidh na Ballstáit lena chéile maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme agus déanfaidh siad faisnéis a mhalartú i ndáil leis na ceadúnais a ndearna siad a eisiúint, a mhalartú, a ionadú, a athnuachan nó a chúlghairm. Úsáidfidh siad líonra AE um cheadúnais tiomána a bunaíodh chun na gcríoch sin, a luaithe is a bheidh an líonra seo ag feidhmiú.

2.   Féadfar an líonra a úsáid freisin chun faisnéis a mhalartú chun críocha rialaithe dá bhforáiltear i reachtaíocht an Aontais.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na sonraí pearsanta dá dtagraítear sa Treoir seo a phróiseáil chun an Treoir seo agus Treoir 2003/59/CE agus Treoir (AE) 2015/413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6) a chur chun feidhme agus chun na críche sin amháin. Beidh aon phróiseáil ar shonraí pearsanta a dhéantar faoi chuimsiú na Treorach seo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 (*7) agus le Rialachán (AE) Uimh. 2001/45 (*8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

4.   Déanfar rochtain ar an líonra a shlánú. Ní fhéadfaidh na Ballstáit rochtain a thabhairt ach do na húdaráis inniúla atá freagrach as an Treoir seo agus Treoir 2003/59/CE agus Treoir (AE) 2015/413 a chur chun feidhme agus a rialú.

(*6)  Treoir (AE) Uimh. 2015/413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 lena n-éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre (IO L 68, 13.3.2015, lch. 9-25);"

(*7)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1);"

(*8)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).”"

Airteagal 3

1.   Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoi23 Bealtaine 2020, seachas na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun pointe 6 d'Airteagal 1 den Treoir seo a chomhlíonadh, a thabharfar i bhfeidhm faoi 23 Bealtaine 2021. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in Strasbourg, an 18 Aibreán 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. PAVLOVA


(1)  IO C 288, 31.8.2017, lch. 115.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 12 Aibreán 2018.

(3)  Treoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le cáiliú tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil ar thiománaithe feithiclí bóthair áirithe a úsáidtear chun earraí agus paisinéirí a iompar, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle agus Treoir 91/439/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 76/914/CEE ón gComhairle (IO L 226, 10.9.2003, lch. 4).

(4)  Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le ceadúnais tiomána (IO L 403, 30.12.2006, lch. 18).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 agus Rialachán (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear na hiarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2003/59/CE mar a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

leasaítear Roinn 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Beidh an leibhéal íosta cáilíochta inchomparáide le leibhéal 2 ar a laghad den Chreat Eorpach um Cháilíochtaí, dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 (*1).

(*1)  Moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le bunú an Chreata Eorpaigh um Cháilíochtaí d'fhoghlaim ar feadh an tsaoil (IO C 111, 6.5.2008, lch. 1).”;"

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.2:

1.2.   Cuspóir: eolas a ghnóthú ar shaintréithe teicniúla agus oibriú teicniúil na rialuithe sábháilteachta chun an fheithicil a rialú, caitheamh agus cuimilt a íoslaghdú agus mífheidhmiú a chosc;

teorainneacha le húsáid na gcoscán agus an choscáin innill, úsáid chomhcheangailte na gcoscán agus an choscáin innill, úsáid níos fearr a bhaint as luas agus as an gcóimheas bosca giarála, úsáid a bhaint as táimhe feithicle, úsáid a bhaint as bealaí chun moilliú agus coscánú ar stráicí le fána, bearta i gcás cliseadh, úsáid a bhaint as feistí leictreonacha agus meicniúla amhail Clár Cobhsaíochta Leictreonach (ESP), Ardchórais Coscánaithe Éigeandála (AEBS), Córas Coscánaithe Frithghlasála (ABS), córais rialaithe tarraingthe (TCS) agus córais faireacháin infheithicle (IVMS) agus as feistí cúnaimh tiománaí nó feistí uathoibrithe eile atá formheasta lena n-úsáid.”;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.3:

1.3.   Cuspóir: an cumas chun an t-ídiú breosla a bharrfheabhsú:

an t-ídiú breosla a bharrfheabhsú trí fhios gnó a chur i bhfeidhm i dtaca le pointe 1.1 agus pointe 1.2, an tábhacht a bhaineann leis an sruth tráchta a réamh-mheas, leis an bhfad cuí a choinneáil ó fheithiclí eile agus le móiminteam na feithicle a úsáid, le luas seasta, le stíl shocair tiomána agus le brú cuí bonn, agus eolas ar chórais iompair chliste a chuirfidh feabhas ar éifeachtúlacht tiomána agus a chabhróidh le pleanáil bhealaigh.”;

(iv)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach mar a leanas roimh an gceannteideal “Ceadúnais C, C + E, C1, C1 + E”:

1.3a.   Cuspóir: an cumas chun rioscaí sa trácht a réamh-mheas agus a mheasúnú, agus chun oiriúnú dóibh:

 

a bheith eolach ar dhálaí éagsúla bóthair, tráchta agus aimsire, agus oiriúnú dóibh, agus a bheith ag súil le himeachtaí atá le teacht; a thuiscint conas turas a ullmhú agus a phleanáil le linn dálaí aimsire neamhghnácha; a bheith eolach ar threalamh sábháilteachta gaolmhar a úsáid agus a thuiscint cathain is gá turas a chur siar nó a chur ar ceal mar gheall ar dhálaí adhaimsire; oiriúnú do na rioscaí tráchta, lena n-áirítear iompar contúirteach sa trácht nó tiomáint agus seachrán ar dhuine (de bharr gléasanna leictreonacha, ó bheith ag ithe, ó bheith ag ól, etc.); cásanna contúirteacha a aithint agus oiriúnú dóibh agus a bheith ábalta déileáil leis an strus a eascraíonn astu, go háirithe cásanna a bhaineann le méid agus meáchan na bhfeithiclí agus le húsáideoirí leochaileacha bóithre amhail coisithe, rothaithe agus dé-rothaigh chumhachtaithe;

 

cásanna a d'fhéadfadh a bheith contúirteach a shainaithint agus tuiscint cheart a ghnóthú ar conas a d'fhéadfadh na cásanna sin iompú ina gcásanna nach mbeifí in ann tuairteanna a sheachaint a thuilleadh agus bearta a roghnú agus a chur chun feidhme lena méadófaí an lamháil sábháilteachta an oiread is go bhféadfaí tuairt a sheachaint fós i gcás ina dtarlódh na guaiseanna féideartha.”;

(v)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.4:

1.4.   Cuspóir: an cumas chun an fheithicil a lódáil, agus aird chuí á tabhairt ar rialacha sábháilteachta agus ar úsáid chuí feithicle:

 

fórsaí a imríonn tionchar ar fheithiclí agus iad ag gluaiseacht, cóimheasa bosca giarála a úsáid de réir lasta na feithicle agus phróifíl an bhóthair, córais thras-seolta uathoibríoch a úsáid, pálasta na feithicle nó na cóimeála a ríomh, an toirt iomlán a ríomh, dáileadh an lasta, na hiarmhairtí a bhaineann leis an acastóir a rólódáil, cobhsaíocht agus meáchanlár na feithicle, cineálacha pacáistíochta agus pailléad;

 

na príomhchatagóirí earraí nach mór a dhaingniú, teicnící clampála agus daingnithe, strapaí daingnithe a úsáid, feistí daingnithe a sheiceáil, trealamh láimhseála a úsáid, tarpóil a leagan agus a bhaint.”;

(vi)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.5:

1.5.   Cuspóir: an cumas compord agus sábháilteacht paisinéirí a áirithiú:

gluaiseacht chomhréireach agus chliathánach a choigeartú, comhroinnt bóthair, suíomh ar an mbóthar, coscánú rianúil, oibríocht starrtha, bonneagair shonracha a úsáid (limistéir phoiblí, lánaí tiomnaithe), coinbhleachtaí idir tiomáint shábháilte agus róil eile mar thiománai a bhainistiú, idirghníomhú le paisinéirí, na tréithe speisialta de ghrúpaí paisinéirí áirithe (daoine faoi mhíchumas, páistí).”;

(vii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.6:

1.6.   Cuspóir: an cumas chun an fheithicil a lódáil, agus aird chuí á tabhairt ar rialacha sábháilteachta agus ar úsáid chuí feithicle;

fórsaí a imríonn tionchar ar fheithiclí agus iad ag gluaiseacht, cóimheasa bosca giarála a úsáid de réir lasta na feithicle agus phróifíl an bhóthair, córais thras-seolta uathoibríocha a úsáid, pálasta na feithicle nó na cóimeála a ríomh, dáileadh an lasta, na hiarmhairtí a bhaineann leis an acastóir a rólódáil, cobhsaíocht agus meáchanlár na feithicle.”;

(viii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.1:

2.1.   Cuspóir: eolas a ghnóthú ar thimpeallacht shóisalta an iompair de bhóthar agus na rialacha lena rialaítear í:

tréimhsí uasta oibre atá sonrach don tionscal iompair; prionsabail, cur i bhfeidhm agus iarmhairtí Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 (*2) agus Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 (*3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; pionóis as mainneachtain an tacagraf a úsáid, as é a úsáid go míchuí agus as crioscaíl a dhéanamh leis; eolas ar thimpeallacht shóisialta an iompair de bhóthar; na cearta atá ag tiománaithe agus na dualgais atá orthu i dtaca le cáilíocht tosaigh agus le hoiliúint thréimhsiúil.

(*2)  Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 agus Rialachán (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1)."

(*3)  Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1)”;"

(ix)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.2:

2.2.   Cuspóir: eolas a ghnóthú ar na rialacháin lena rialaítear iompar earraí:

ceadúnais oibríochta iompair, doiciméid le hiompar san fheithicil, coisc ar bhóithre áirithe a úsáid, táillí ar úsáid bóithre, oibleagáidí faoi chonarthaí caighdeánacha maidir le hiompar earraí, doiciméid a dhréachtú lena gcruthófar an conradh iompair, ceadanna iompair idirnáisiúnta, oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún ar an gConradh le haghaidh Iompar Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar, an nóta coinsíneachta idirnáisiúnta a dhréachtú, teorainneacha a thrasnú, seoltóirí lasta, doiciméid speisialta a ghabhann le hearraí.”;

(x)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.7:

3.7.   Cuspóir: eolas a ghnóthú ar thimpeallacht eacnamaíoch tarlaithe bóthair agus ar chomheagrú an mhargaidh:

iompar de bhóthar i dtaca le modhanna eile iompair (iomaíocht, seoladóirí), gníomhaíochtaí difriúla iompair de bhóthar (iompar ar fruiliú nó ar airgead, iompar ar a chuntas féin, gníomhaíochtaí iompair tánáisteacha), eagrú na bpríomhchineálacha cuideachtaí iompair agus na bpríomhchineálacha gníomhaíochtaí iompair tánáisteacha, speisialtóireachtaí difriúla iompair (tancaer, teocht rialaithe, earraí contúirteacha, iompar ainmhithe, etc.), athruithe sa tionscal (éagsúlú na seirbhísí arna gcur ar fáil, iarnród, fochonraitheoireacht, etc.).”;

(xi)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.8:

3.8.   Cuspóir: eolas a ghnóthú ar thimpeallacht eacnamaíoch an iompair paisinéirí de bhóthar agus ar chomheagrú an mhargaidh:

iompar paisinéirí de bhóthar i dtaca le modhanna eile iompair paisinéirí (iarnród, carr príobháideach), gníomhaíochtaí difriúla lena mbaineann iompar paisinéirí de bhóthar, feasacht ar mhíchumas, trasnú teorainneacha (iompar idirnáisiúnta), eagrú na bpríomhchineálacha cuideachtaí atá ag gabháil d'iompar paisinéirí de bhóthar.”;

(b)

leasaítear Roinn 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.1:

“2.1.   Rogha lena gcomhcheanglaítear freastal ar chúrsa agus tástáil

Ní mór teagasc na n-ábhar go léir atá sa liosta faoi chuid 1 a bheith ar áireamh sa cháilíocht tosaigh. Ní mór fad na cáilíochta tosaigh sin a bheith cothrom le 280 uair.

Ní mór do gach tiománaí faoi oiliúint tiomáint ina aonar ar feadh 20 uair ar a laghad i bhfeithicil atá den chatagóir i dtrácht agus a chomhlíonann, ar a laghad, na ceanglais le haghaidh feithiclí tástála, mar a leagtar amach i dTreoir 2006/126/CE.

Agus é ag tiomáint ina aonar, ní mór teagascóir atá fostaithe in ionad oiliúna formheasta a bheith in éineacht le tiománaí faoi oiliúint. Féadfaidh gach tiománaí 8 n-uaire ar a mhéad den 20 uair den tiomáint aonair a chaitheamh ag tiomáint ar thír-raon speisialta nó ar ionsamhlóir den chéad scoth le go mbeifear in ann measúnú a dhéanamh ar an oiliúint i dtiomáint stuama bunaithe ar rialacháin sábháilteachta, agus go háirithe i dtaca le láimhseáil feithicle i ndálaí difriúla bóthair agus ar an dóigh a n-athraíonn siad de réir dálaí difriúla atmaisféir agus de réir an ama sa lá nó san oíche agus ar an gcumas chun ídiú breosla a bharrfheabhsú.

Féadfaidh na Ballstáit a cheadú go soláthróidh an t-ionad oiliúna formheasta cuid den oiliúint trí úsáid a bhaint as uirlisí TFC amhail an ríomhfhoghlaim, agus ardcháilíocht agus éifeachtúlacht na hoiliúna á gcoimeád acu ag an am céanna, agus trí na hábhair a roghnú inar féidir uirlisí TFC a úsáid ar an mbealach is éifeachtaí. Go háirithe, éileoidh na Ballstáit aitheantas úsáideora iontaofa agus modhanna rialaithe iomchuí. Féadfaidh na Ballstáit oiliúint shonrach mar a cheanglaítear faoi reachtaíocht eile an Aontais a áireamh mar chuid den oiliúint. Aírítear léi seo, oiliúint in iompar earraí contúirteacha a cheanglaítear faoi Threoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4), oiliúint i bhfeasacht ar mhíchumas faoi Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5) agus oiliúint in iompar ainmhithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle (*6), ach níl sí teoranta don oiliúint sin.

I gcás na dtiománaithe dá dtagraítear in Airteagal 5(5), ní mór fad na cáilíochta tosaigh a bheith cothrom le 70 uair, lena n-áirítear 5 huaire de thiomáint ina n-aonar.

Ar chur i gcrích na hoiliúna sin, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát nó an t-eintiteas atá ainmnithe acu tástáil scríofa nó tástáil ó bhéal a chur ar an tiománaí. Ní mór ceist amháin ar a laghad ar gach ceann de na cuspóirí sa liosta ábhar faoi chuid 1 a bheith ar áireamh sa tástáil.

(*4)  Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13)."

(*5)  Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 55, 28.2.2011, lch. 1)."

(*6)  Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 an 22 Nollaig 2004 ón gComhairle maidir le hainmhithe a chosaint le linn iompair agus le linn oibríochtaí gaolmhara agus lena leasaítear Treoir 64/432/CEE agus Treoir 93/119/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 (IO L 3, 5.1.2005, lch. 1).”;"

(ii)

i bpointe 2.2(b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Ní mór an fheithicil a úsáidtear le haghaidh na tástála praiticiúla na ceanglais le haghaidh feithiclí tástála, ar a laghad, a chomhlíonadh, mar a leagtar amach i dTreoir 2006/126/CE.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn 3 agus Roinn 4:

“Roinn 3: Cáilíocht tosaigh luathaithe dá bhforáiltear in Airteagal 3(2)

Ní mór teagasc na n-ábhar go léir sa liosta i roinn 1 a bheith ar áireamh sa cháilíocht tosaigh luathaithe. Ní mór fad na cáilíochta tosaigh luathaithe sin a bheith cothrom le 140 uair.

Ní mór do gach oiliúnaí tiomáint ina aonar ar feadh 10 n-uaire i bhfeithicil atá den chatagóir i dtrácht agus a chomhlíonann, ar a laghad, na ceanglais le haghaidh feithiclí tástála, mar a leagtar amach i dTreoir 2006/126/CE.

Agus é ag tiomáint ina aonar, ní mór teagascóir atá fostaithe in ionad oiliúna formheasta a bheith in éineacht le tiománaí faoi oiliúint. Féadfaidh an tiománaí faoi oiliúint 4 huaire de na 10 n-uaire den tiomáint aonair ar a mhéad a chaitheamh ag tiomáint ar thír-raon speisialta nó ar ionsamhlóir den chéad scoth le go mbeifear in ann measúnú a dhéanamh ar an oiliúint i dtiomáint stuama bunaithe ar rialacháin sábháilteachta, go háirithe maidir le láimhseáil feithicle i ndálaí difriúla bóthair agus ar an dóigh a n-athraíonn na dálaí bóthair sin de réir dálaí difriúla atmaisféir, de réir an ama sa lá nó san oíche agus de réir an chumais chun ídiú breosla a bharrfheabhsú.

Beidh feidhm ag forálacha an cheathrú fomhír de phointe 2.1 maidir leis an gcáilíocht tosaigh luathaithe freisin.

I gcás na dtiománaithe dá dtagraítear in Airteagal 5(5), ní mór fad cáilíochta tosaigh luathaithe a bheith cothrom le 35 huaire, lena n-áirítear 2 Formula uair de thiomáint ina n-aonar.

Ar chur i gcrích na hoiliúna sin, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát nó an t-eintiteas atá ainmnithe acu tástáil scríofa nó tástáil ó bhéal a chur ar an tiománaí. Ní mór ceist amháin ar a laghad ar gach ceann de na cuspóirí sa liosta ábhar faoi chuid 1 a bheith ar áireamh sa tástáil.

Roinn 4: Oiliúint thréimhsiúil éigeantach dá bhforáiltear i bpointe (b) d'Airteagal 3(1)

Ní mór cúrsaí oiliúna tréimhsiúla éigeantacha a eagrú ag ionad oiliúna formheasta. Ní mór fad na gcúrsaí a bheith cothrom le 35 huaire gach 5 bliana agus ní mór iad a thabhairt i dtréimhsí nach lú ná 7 n-uaire ar fad agus féadfar tréimhse amháin a roinnt thar 2 lá. Gach uair a úsáidfear an ríomhfhoghlaim, déanfaidh an t-ionad oiliúna formheasta a áirithiú go ndéanfaí caighdeán na hoiliúna a chothábháil, lena n-áirítear trí na hábhair a roghnú inar féidir uirlisí TFC a úsáid ar an mbealach is éifeachtaí. Éileoidh na Ballstáit, go háirithe, aitheantas úsáideora iontaofa agus modhanna rialaithe iomchuí. Ní bheidh níos mó ná 12 uair i gceist le huasfhad na hoiliúna ríomhfhoghlama. Clúdófar ábhar a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre i gceann amháin de na tréimhsí cúrsa oiliúna ar a laghad. Tabharfar aird in ábhar na hoiliúna ar na riachtanais oiliúna a bhaineann go sonrach leis na hoibríochtaí iompair a dhéanann an tiománaí agus ar fhorbairtí sa reachtaíocht agus teicneolaíocht ábhartha agus ba cheart go dtabharfaí aird ar riachtanais oiliúna shonracha an tiománaí, a mhéid is féidir. Ba cheart réimse ábhar éagsúil a chumhdach thar an tréimhse 35 huaire, lena n-áirítear athoiliúint i gcás ina léirítear go dteastaíonn oiliúint feabhais shonrach ón tiománaí.

Féadfaidh na Ballstáit a bhreithniú oiliúint shonrach atá curtha i gcrích mar a cheanglaítear faoi reachtaíocht eile ón Aontas a áireamh le haghaidh suas le ceann amháin de na tréimhsí 7 n-uaire atá mar choinníoll. Áirítear leis sin oiliúint in iompar earraí contúirteacha a cheanglaítear faoi Threoir 2008/68/CE, oiliúint in iompar ainmhithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1/2005, agus, i gcás iompar paisinéirí, oiliúint i bhfeasacht ar mhíchumas faoi Rialachán (AE) 181/2011, ach níl sé teoranta d'oiliúint den chineál sin amháin. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, áfach, go bhféadfar oiliúint shonrach atá curtha i gcrích mar a cheanglaítear faoi Threoir 2008/68/CE maidir le hearraí contúirteacha a iompar a áireamh mar dhá cheann de na tréimhsí 7 n-uaire, ar an gcoinníoll gurb í sin an t-aon oiliúint eile a chuirfear san áireamh san oiliúint thréimhsiúil.”;

(2)

leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“SOCRUITHE LE hAGHAIDH SHAMHAIL AN AONTAIS EORPAIGH DO CHÁRTA CÁILÍOCHTA TIOMÁNAÍ”;

(b)

leasaítear Roinn 2 mar a leanas:

(i)

maidir le taobh 1 den chárta cáilíochta tiománaí, leasaítear é mar a leanas:

i bpointe (d), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (9):

“9.

na catagóirí feithiclí a gcomhlíonann an tiománaí na ceanglais maidir le cáiliú tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil ina leith;”;

i bpointe (e), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

“an teideal ‘samhail an Aontais Eorpaigh’ i dteanga nó teangacha an Bhallstáit atá ag eisiúint an chárta agus an ceannteideal ‘cárta cáilíochta tiománaí’ i dteangacha oifigiúla eile an Aontais, beidh siad priontáilte i gcló gorm chun cúlra an chárta a chruthú:”;

(ii)

maidir le taobh 2 den chárta cáilíochta tiománaí, i bpointe (a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (9) agus phointe (10):

“9.

na catagóirí feithiclí a gcomhlíonann an tiománaí na ceanglais maidir le cáiliú tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil ina leith;

10.

cód comhchuibhithe an Aontais, ‘95’, dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/126/CE;”;

(c)

leasaítear Roinn 4 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

“SAMHAIL AN AONTAIS EORPAIGH DO CHÁRTA CÁILÍOCHTA TIOMÁNAÍ”.

(ii)

ar thaobh 2 den mhúnla, faoi uimhir 10, cuirtear “cód an Aontais” in ionad “cód an Chomhphobail”;

(d)

cuirtear an chuid seo a leanas leis:

“5.   Forálacha idirthréimhseacha

Beidh cártaí cáilíochta tiománaí a eisíodh roimh 23 Bealtaine 2020 bailí go dtí a ndáta éaga.”.

(3)

cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas isteach:

IARSCRÍBHINN III

TÁBLA COMHFHREAGRACH DO NA TAGAIRTÍ DO CHATAGÓIRÍ ÁIRITHE CEADÚNAS TIOMÁNA

Tagairt sa Treoir seo

Tagairt i dTreoir 2006/126/CE

C + E

CE

C1 + E

C1E

D + E

DE

D1 + E

D1E

”.