|
23.4.2018 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
8 |
CINNEADH (AE) 2018/598 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Aibreán 2018
lena dtugtar tuilleadh cúnamh macra-airgeadais don tSeoirsia
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212 (2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Leantar den chaidreamh idir an tAontas Eorpach (“an tAontas”) agus an tSeoirsia a fhorbairt faoi chuimsiú Bheartas Comharsanachta na hEorpa (BCE) agus Chomhpháirtíocht an Oirthir. Tháinig an tSeoirsia isteach i gComhpháirtíocht an Oirthir de chuid AE in 2009, rud a tharla i ndiaidh na caibidlíochta ar chomhaontú comhlachais idir an tAontas agus an tSeoirsia. Rinneadh an comhaontú sin (2) (an “Comhaontú Comhlachais”), lena n-áirítear Limistéar Domhain agus Cuimsitheach Saorthrádála (LDCST) a thabhairt isteach de réir a chéile, a shíniú i mí an Mheithimh 2014 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2016. |
|
(2) |
Tá an tSeoirsia fós i ngleic le timpeallacht sheachtrach lag atá, trí onnmhairí agus seoltáin laghdaithe, tar éis rannchuidiú le fás sách íslithe ar OTI in 2016. Cé gur tháinig feabhas ar an bhfás réigiúnach agus domhanda in 2017, tá rioscaí meathlaithe fós ag gabháil leis. |
|
(3) |
Tá easnamh fioscach na Seoirsia fós suntasach agus tá méadú ag teacht ar an gcóimheas fiachais phoiblí le OTI sa tír sin. Tá staid chomhordú íocaíochtaí na Seoirsia fós leochaileach mar gheall ar an easnamh an-mhór sa chuntas reatha agus ar an bhfiach seachtrach ard. I ndearbhthéarmaí, bhí cúlchistí malairte eachtraí na Seoirsia éirithe cobhsaí, ach, mar gheall ar riachtanais cúlchistí atá ag méadú, tá siad tite faoin leibhéal a mheas an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) a bheith ina leibhéal leormhaith. Leanann an tSeoirsia freisin de bheith ag oiriúnú do cheanglais LDCST leis an Aontas. |
|
(4) |
Sa chomhthéacs seo, chomhaontaigh údaráis na Seoirsia agus CAI, in Aibreán 2017, comhshocrú 3 bliana i leith Saoráid Fhadaithe Cistiúcháin (SFC) de USD 285.3 milliún don tréimhse 2017-2020. Rinne Bord Feidhmiúcháin CAI an comhshocrú a fhormheas an 12 Aibreán 2017. Is é is aidhm don chomhsocrú SFC ná tacú le clár athchóirithe eacnamaíochta a chuideoidh leis an tSeoirsia leochaileachtaí eacnamaíocha a laghdú, chomh maith le fás eacnamaíoch níos airde agus níos cuimsithí a chur chun cinn. |
|
(5) |
I bhfianaise riachtanais iarmharacha maoinithe sheachtraigh na Seoirsia, d'iarr údaráis na Seoirsia i Meitheamh 2017 cúnamh macra-airgeadais comhlántach ar an Aontas. |
|
(6) |
Ó bhí an choimhlint mhíleata leis an Rúis ann i Lúnasa 2008, thairbhigh an tSeoirsia ó dhá oibríocht chúnaimh mhacra-airgeadais a gheall an tAontas di ag Comhdháil Idirnáisiúnta na nDeontóirí sa Bhruiséil i nDeireadh Fómhair 2008. Rinneadh an chéad cheann de na hoibríochtaí sin, EUR 46 mhilliún a rinneadh go hiomlán i bhfoirm deontas a chur chun feidhme in 2009-2010. Rinneadh an dara ceann, EUR 46 mhilliún arís, a rinneadh a leath i ndeontais agus a leath in iasachtaí, a chur chun feidhme in 2015-2017. Rinne an tAontas freisin EUR 610-746 mhilliún a chur ar fáil don tSeoirsia faoin Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht le haghaidh na tréimhse 2014-2020, lena n-áirítear tacaíocht bhuiséadach agus cúnamh teicniúil. Sa bhreis air sin, tairbhíonn an tSeoirsia de Shaoráid Infheistíochta na Comharsanachta lenar ranníocaíodh isteach agus amach le EUR 86 mhilliún chuig tionscadail sa tSeoirsia i rith na tréimhse 2008-2017. |
|
(7) |
I bhfianaise gur tír í an tSeoirsia atá cuimsithe ag BCE, ba cheart a mheas go bhfuil sí incháilithe chun cúnamh macra-airgeadais a fháil ón Aontas. |
|
(8) |
Ba cheart gurb é a bheadh i gcúnamh macra-airgeadais an Aontais ná ionstraim airgeadais eisceachtúil de thacaíocht comhordaithe íocaíochtaí, atá neamhcheangailte agus neamhainmnithe, agus a bhfuil sé mar aidhm leis aghaidh a thabhairt ar riachtanais láithreacha maoinithe sheachtraigh an tairbhí, agus ba cheart go mbeadh sé mar bhonn taca do chur chun feidhme clár beartais ina bhfuil bearta láidre agus láithreacha le haghaidh coigeartú agus athchóiriú struchtúrtha atá ceaptha chun feabhas a chur ar staid an chomhordaithe íocaíochtaí sa ghearrthéarma. |
|
(9) |
I bhfianaise go bhfuil bearna iarmharach shuntasach fós sa mhaoiniú seachtrach a mhéid a bhaineann le comhordú íocaíochtaí na Seoirsia, ar bearna í atá go mór os cionn na n-acmhainní a sholáthraíonn CAI agus institiúidí iltaobhacha eile, meastar, sna himthosca eisceachtúla atá faoi láthair ann, gur freagairt iomchuí ar iarraidh na Seoirsia ar thacaíocht don chobhsú eacnamaíoch, i gcomhar le clár CAI, atá i gcúnamh macra-airgeadais an Aontais don tSeoirsia. Thacódh cúnamh macra-airgeadais an Aontais le cobhsú airgeadais agus clár oibre athchóirithe struchtúrtha na Seoirsia, trína ndéanfaí forlíonadh a chur le hacmhainní atá ar fáil faoi chomhshocrú airgeadais CAI. |
|
(10) |
Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm le cúnamh macra-airgeadais an Aontais go dtabharfaí tacaíocht d'athshlánú staid inbhuanaithe maoinithe sheachtraigh don tSeoirsia agus ar an tslí sin go dtacófaí lena forbairt eacnamaíoch agus shóisialta. |
|
(11) |
Tá sainiú mhéid chúnamh macra-airgeadais an Aontais bunaithe ar mheasúnú cainníochtúil iomlán ar riachtanais iarmharacha maoinithe sheachtraigh na Seoirsia, agus cuireann sé san áireamh a hacmhainneacht í féin a mhaoiniú as a cuid acmhainní dílse, go háirithe na cúlchistí idirnáisiúnta atá ar fáil di. Ba cheart go mbeadh cúnamh macra-airgeadais an Aontais ina chomhlánú ar chláir agus acmhainní atá á soláthar ag CAI agus ag an mBanc Domhanda. Maidir le méid an chúnaimh a chinneadh, cuirtear san áireamh freisin na ranníocaíochtaí airgeadais ionchasacha ó dheontóirí déthaobhacha agus iltaobhacha agus an gá atá lena áirithiú go mbeidh comhroinnt chothrom ar an ualach idir an tAontas agus deontóirí eile, chomh maith leis an imscaradh a dhéantar ar ionstraimí eile airgeadais sheachtraigh de chuid an Aontais atá cheana ann agus an bhreisluach a ghabhann le rannpháirtíocht fhoriomlán an Aontais. |
|
(12) |
Agus aird á tabhairt ar riachtanais iarmharacha maoinithe sheachtraigh na Seoirsia, ar leibhéal a forbartha eacnamaíche agus sóisialta, arna thomhas mar ioncam per capita agus forleithne na bochtaineachta, agus a leibhéal féichiúnais, ba cheart cuid den chúnamh a thabhairt i bhfoirm deontas. |
|
(13) |
Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil cúnamh macra-airgeadais an Aontais ag luí go dlíthiúil agus go substaintiúil leis na heochairphrionsabail do ghníomhaíocht sheachtrach a chumhdaítear in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus le cuspóirí na réimsí éagsúla de ghníomhaíocht sheachtrach agus de bheartais ábhartha eile an Aontais, chomh maith le bearta a ghlactar laistigh de na réimsí sin. |
|
(14) |
Ba cheart do chúnamh macra-airgeadais an Aontais tacú le beartas seachtrach an Aontais i leith na Seoirsia. Ba cheart do sheirbhísí an Choimisiúin agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí oibriú go dlúth le chéile le linn na hoibríochta cúnaimh macra-airgeadais chun beartas seachtrach an Aontais a chomhordú agus comhleanúnachas an bheartais sin a áirithiú. |
|
(15) |
Ba cheart do chúnamh macra-airgeadais an Aontais tacú le tiomantas na Seoirsia i leith luachanna a roinneann sí leis an Aontas, lena n-áirítear an daonlathas, an smacht reachta, dea-rialachas, urraim do chearta an duine, forbairt inbhuanaithe agus laghdú na bochtaineachta, chomh maith lena tiomantas i leith phrionsabail na trádála oscailte, riailbhunaithe agus cothroime. |
|
(16) |
Ba cheart go mbeadh sé mar réamhchoinníoll do chúnamh macrairgeadais an Aontais a dheonú go n-urramaíonn an tSeoirsia sásraí daonlathacha éifeachtach — lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí – agus an smacht reachta, agus go ráthaíonn siad an urraim do chearta an duine. Sa bhreis air sin, ba cheart go neartódh sainchuspóirí chúnamh macra-airgeadais an Aontais éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistithe airgeadais phoiblí sa tSeoirsia, agus go ndéanfadh siad athchóirithe struchtúrtha a chur chun cinn, arb athchóirithe iad atá dírithe ar thacú le fás inbhuanaithe agus cuimsitheach, le cruthú fostaíochta agus le comhdhlúthú fioscach. Ba cheart bearta chun tacú le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Chomhlachais, lena n-áirítear LDCST, a bheith ar áireamh freisin i gcúnamh macra-airgeadais an Aontais don tSeoirsia. Chun a áirithiú gur féidir sainchuspsóirí a mheasúnú go cuí, is gá iad a leagan amach ar shlí atá infhíoraithe agus intomhaiste. Ba cheart don Choimisiún agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar chomhall na réamhchoinníollacha agus ar ghnóthú na gcuspóirí sin. Más rud é nach gcomhlíontar an réamhchoinníoll agus na cuspóirí nó má dhéantar neamhaird go ginearálta d'aidhmeanna agus prionsabail an Chomhaontaithe Chomhlachais, ba cheart don Choimisiún eisíoc chúnamh macra-airgeadais an Aontais a fhionraí go sealadach nó a chealú. |
|
(17) |
Chun a áirithiú go ndéantar leasanna airgeadais an Aontais atá nasctha le cúnamh macra-airgeadais an Aontais a chosaint go héifeachtúil, ba cheart don tSeorsia bearta iomchuí a ghlacadh, ar bearta iad a bhaineann le calaois, éilliú agus aon mhírialtachtaí eile atá nasctha le cúnamh mhacra-airgeadais an Aontais a chosc, agus comhrac ina n-aghaidh. Sa bhreis air sin, ba cheart a fhoráil go ndéanfadh an Coimisiún seiceálacha agus go ndéanfadh an Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí. |
|
(18) |
Tá fuascailt chúnamh macra-airgeadais an Aontais gan dochar do chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, mar údarás buiséadach. |
|
(19) |
Maidir le méideanna an chúnaimh macra-airgeadais a sholáthraítear i bhfoirm deontas agus leis na méideanna den soláthar a éilítear le haghaidh cúnamh macra-airgeadais i bhfoirm iasachtaí, ba cheart go mbeidís comhsheasmhach leis na leithreasaí buiséadacha dá bhforáiltear sa chreat airgeadais ilbhliantúil. |
|
(20) |
Ba cheart don Choimisiún cúnamh macra-airgeadais an Aontais a bhainistiú. Chun a áirithiú go bhfuil Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in ann cur chun feidhme an Chinnidh seo a leanúint, ba cheart don Choimisiún iad a chur ar an eolas go tráthrialta i dtaobh forbairtí a bhaineann leis an gcúnamh agus na doiciméid ábhartha a sholáthar dóibh. |
|
(21) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an gCinneadh seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
|
(22) |
Ba cheart cúnamh macra-airgeadais an Aontais a bheith faoi réir coinníollacha beartais eacnamaíoch, a bheidh le leagan síos i Meabhrán Tuisceana. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme agus ar chúiseanna éifeachtúlachta, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na coinníollacha sin a chaibidliú le húdaráis na Seoirsia faoi mhaoirseacht coiste d'ionadaithe ó na Ballstáit i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Faoin Rialachán sin, ba cheart, mar riail ghinearálta, go mbeadh feidhm ag an nós imeachta comhairliúcháin sna cásanna uile seachas sna cásanna dá bhforáiltear sa Rialachán sin. I bhfianaise go bhféadfadh tionchar tábhachtach a bheith ag cúnamh atá níos mó ná EUR 90 milliún, is iomchuí an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid le haghaidh oibríochtaí atá os cionn na tairsí sin. I bhfianaise mhéid chúnamh macra-airgeadais an Aontais don tSeoirsia, ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a chur i bhfeidhm maidir le glacadh an Mheabhráin Tuisceana, agus maidir le haon laghdú, fionraí nó cealú ar an gcúnamh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Déanfaidh an tAontas cúnamh macra-airgeadais ina mbeidh méid uasta de EUR 45 mhilliún a chur ar fáil don tSeoirsia (“cúnamh macra-airgeadais an Aontais”), d'fhonn tacú le cobhsú eacnamaíoch na Seoirsia agus le clár oibre athchóirithe substainteach. Den mhéid uasta sin, déanfar suas le EUR 35 mhilliún a sholáthar i bhfoirm iasachtaí agus suas le EUR 10 milliún i bhfoirm deontas. Beidh fuascailt chúnamh macra-airgeadais an Aontais faoi réir a fhormheasta ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle i mbuiséad an Aontais don bhliain ábhartha. Rannchuideoidh an cúnamh sin le riachtanais chomhordú íocaíochtaí na Seoirsia a chlúdach, de réir mar a shainaithnítear na riachtanais sin i gclár CAI.
2. Chun an chomhchuid iasachta de chúnamh macra-airgeadais an Aontais a mhaoiniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún thar ceann an Aontais na cistí is gá a fháil ar iasacht sna margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais agus iad a thabhairt ar aghaidh ar iasacht don tSeoirsia. Beidh meánaibíocht uasta de 15 bliana ag gabháil leis na hiasachtaí.
3. Is é an Coimisiún a bhainisteoidh fuascailt chúnamh macra-airgeadais an Aontais agus déanfaidh sé an méid sin ar shlí a bheidh ag luí leis na comhaontuithe nó na comhthuiscintí a dhéanfar idir CAI agus an tSeoirsia, agus le heochairphrionsabail agus cuspóirí na n-athchóirithe eacnamaíocha a leagtar amach sa Chomhaontú Comhlachais, lena n-áirítear LDCST.
Déanfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas go tráthrialta i dtaobh forbairtí i dtaca le cúnamh macra-airgeadais an Aontais, lena n-áirítear eisíocaíochtaí an chúnaimh sin, agus déanfaidh sé na doiciméid ábhartha a sholáthar in am trátha do na hinstitiúidí sin.
4. Déanfar cúnamh macra-airgeadais an Aontais a chur ar fáil ar feadh tréimhse 2bhliain go leith, ag tosú ón gcéad lá tar éis don Mheabhrán Tuisceana dá dtagraítear in Airteagal 3(1) teacht i bhfeidhm.
5. Más rud é go dtagann laghdú fuaimintiúil ar riachtanais airgeadais na Seoirsia le linn thréimhse eisíocaíochta chúnamh macra-airgeadais an Aontais i gcomparáid leis na tuartha a rinneadh ar dtús, déanfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2), méid an chúnaimh a laghdú nó déanfaidh sé an cúnamh a fhionraí nó a chealú.
Airteagal 2
1. Beidh sé mar réamhchoinníoll do chúnamh macra-airgeadais an Aontais a dheonú go n-urramaíonn an tSeoirsia sásraí daonlathacha éifeachtacha — lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí — agus an smacht reachta, agus go ráthaíonn sí an urraim do chearta an duine.
2. Déanfaidh an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí faireachán ar chomhlíonadh an réamhchoinníll a leagtar amach i mír 1 ar feadh shaolré chúnamh macra-airgeadais an Aontais.
3. Déanfar mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (4).
Airteagal 3
1. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2), coinníollacha beartais eacnamaíochta agus airgeadais, a bheidh sainithe go soiléir, a chomhaontú le húdaráis na Seoirsia, ina ndíreofar ar athchóirithe struchtúrtha agus ar chistí poiblí fónta, a mbeidh cúnamh macra-airgeadais an Aontais faoina réir agus a bheidh le leagan síos i meabhrán tuisceana (an “Meabhrán Tuisceana”) ina n-áireofar creat ama maidir leis na coinníollacha sin a chomhall. Na coinníollacha beartais eacnamaíochta agus airgeadais a leagfar amach sa Mheabhrán Tuisceana, beidh siad ag luí leis na comhaontuithe nó na comhthuiscintí dá dtagraítear in Airteagal 1(3), lena n-áirítear an coigeartú macra-eacnamaíoch agus na cláir athchóirithe struchtúrtha arna gcur chun feidhme ag an tSeoirsia le tacaíocht ó CAI.
2. Na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, beidh mar aidhm leo, go háirithe, feabhas a chur ar éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistithe airgeadais poiblí sa tSeoirsia, lena n-áirítear le haghaidh úsáid chúnamh macra-airgeadais an Aontais. Nuair a bheidh bearta beartais á gceapadh, tabharfar aird chuí freisin ar an dul chun cinn maidir le hoscailt fhrithpháirteach an mhargaidh, ar fhorbairt trádála riailbhunaithe agus cothroime, agus ar thosaíochtaí eile i gcomhthéacs bheartas seachtrach an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún faireachán tráthrialta ar ghnóthú na gcuspóirí sin.
3. Déanfar téarmaí airgeadais mionsonraithe chúnamh macra-airgeadais an Aontais a leagan síos i gcomhaontú iasachta agus i gcomhaontú deontais a bheidh le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus údaráis na Seoirsia.
4. Déanfaidh an Coimisiún a fhíorú go tráthrialta go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 4(3) fós á gcomhlíonadh, lena n-áirítear cibé an bhfuil beartais eacnamaíocha na Seoirsia i gcomhréir le cuspóirí chúnamh macra-airgeadais an Aontais. Á dhéanamh sin dó, beidh an Coimisiún ag comhordú go dlúth le CAI agus leis an mBanc Domhanda, agus, i gcás inar gá, le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle.
Airteagal 4
1. Faoi réir na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh an Coimisiún cúnamh macra-airgeadais an Aontais a chur ar fáil in dhá thráthchuid, a mbeidh gach aon cheann díobh comhdhéanta de ghné iasachta agus de ghné dheontais. Déanfar méid gach tráthchoda a leagan síos sa Mheabhrán Tuisceana.
2. An méid de chúnamh macra-airgeadais an Aontais a thabharfar i bhfoirm iasachtaí, déanfar foráil maidir leo, i gcás inar gá sin, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (5).
3. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le fuascailt na dtráthchodanna faoi réir gach ceann de na coinníollacha seo a leanas a bheith á gcomhall:
|
(a) |
an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(1); |
|
(b) |
teist shásúil agus leanúnach ar chur chun feidhme cláir bheartais ina bhfuil bearta láidre don choigeartú agus don athchóiriú struchtúrtha a fhaigheann tacaíocht ó chomhshocrú creidmheasa CAI nach bhfuil faoi réir réamhchúraim; agus |
|
(c) |
na coinníollacha beartais eacnamaíoch agus airgeadais arna gcomhaontú sa Mheabhrán Tuisceana a bheith á gcur chun feidhme go sásúil. |
I bprionsabal, ní tharlóidh fuascailt an dara tráthchuid níos túisce ná trí mhí tar éis fhuascailt na chéad tráthchoda.
4. Más rud é nach bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 3 á gcomhlíonadh, déanfaidh an Coimisiún eisíoc chúnamh macra-airgeadais an Aontais a fhionraí go sealadach nó a chealú. Sna cásanna sin, cuirfidh sé in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na cúiseanna a bhí aige leis an bhfionraí nó leis an gcealú.
5. Is le Banc Náisiúnta na Seoirsia a dhéanfar cúnamh macra-airgeadais an Aontais a eisíoc. Faoi réir na bhforálacha a bheidh le comhaontú sa Mheabhrán Tuisceana, lena n-áirítear dearbhú ar riachtanais iarmharacha an mhaoinithe bhuiséadaigh, féadfar cistí ón Aontas a aistriú chuig Aireacht Airgeadais na Seoirsia ina cáil mar thairbhí deiridh.
Airteagal 5
1. Na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe a bhaineann leis an gcomhchuid iasachta de chúnamh macra-airgeadais an Aontais, déanfar iad in euro agus úsáid á baint as an dáta luacha céanna, agus fágfaidh siad nach mbeidh an tAontas páirteach i dtiontú aibíochtaí agus nach mbeidh neamhchosaint aige in aghaidh aon riosca malairte nó ráta úis, nó aon riosca tráchtála eile.
2. In imthosca ina gceadófar é sin, agus má iarrann an tSeoirsia amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún bearta a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar clásal luath-aisíocaíochta a chur ar áireamh sna téamaí agus coinníollacha don iasachtú agus ar an gcuma chéanna go mbeidh clásal comhfhreagrach sna téarmaí agus coinníollacha do na hoibríochtaí iasachtaíochta.
3. In imthosca ina gceadófar feabhas a chur ar ráta úis na hiasachta agus má iarrann an tSeoirsia amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh a iasachtaíocht tosaigh a athmhaoiniú, ina iomláine nó i bpáirt, nó féadfaidh sé na coinníollacha airgeadais comhfhreagracha a athstruchtúrú. Oibríochtaí athmhaoinithe agus athstruchtúraithe, déanfar iad i gcomhréir le mír 1 agus mír 4 agus ní bheidh sé d'éifeacht acu aibíocht na hiasachtaíochtaí i dtrácht a fhadú ná cur leis an méid caipitil a bheidh gan íoc ar dháta an athmhaoinithe nó an athstruchtúraithe.
4. Gach costas a thabhaíonn an tAontas agus a bhaineann le hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe faoin gCinneadh seo, is í an tSeoirsia a sheasfaidh iad.
5. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas i dtaobh forbairtí sna hoibríochtaí dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3.
Airteagal 6
1. Déanfar cúnamh macra-airgeadais an Aontais a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún (7).
2. Beidh cur chun feidhme chúnamh macra-airgeadais an Aontais faoi bhainistíocht dhíreach.
3. An comhaontú iasachta agus an comhaontú deontais dá dtagraítear in Airteagal 3(3), beidh iontu forálacha:
|
(a) |
lena n-áiritheofar go seiceálann an tSeoirsia go tráthrialta go bhfuil an maoiniú a fhaigheann sí ó bhuiséad an Aontais úsáidte go cuí, go ndéanann sí bearta iomchuí chun neamhrialtachtaí agus calaois a chosc agus, más gá, go dtionscnaíonn sí caingean dlí chun aon chistí arna soláthar faoin gCinneadh seo agus a ndearnadh mí-leithghabháil orthu a ghnóthú; |
|
(b) |
lena n-áiritheofar cosaint do leasanna airgeadais an Aontais, go háirithe foráil maidir le bearta sonracha i ndáil le calaois, éilliú agus aon neamhrialtachaí eile a dhéanann difear do chúnamh macra-airgeadais an Aontais a chosc, agus comhrac ina gcoinne, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle (8), Rialachán (Euratom, CE,) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (9) agus Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10); |
|
(c) |
lena n-údarófar go sainráite don Choimisiún, lena n-áirítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, nó a ionadaithe seiceálacha a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair; |
|
(d) |
lena n-údarófar go sainráite don Choimisiún agus don Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh le linn agus tar éis na tréimhse ina mbeidh cúnamh macra-airgeadais an Aontais á fháil, lena n-áirítear iniúchtaí ar dhoiciméid agus iniúchtaí ar an láthair, amhail measúnuithe oibríochtúla; agus |
|
(e) |
lena n-údarófar go bhfuil an tAontas i dteideal luath-aisíocaíocht a dhéanamh ar an iasacht agus/nó lán-aisíocaíocht a dhéanamh ar an deontas sa chás go mbeidh sé suite, i ndáil le bainistiú chúnamh macra-airgeadais an Aontais, go raibh an tSeoirsia ag gabháil d'aon ghníomh calaoise nó éillithe nó d'aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais. |
4. Sula ndéanfar cúnamh macra-airgeadais an Aontais a chur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún measúnú, trí bhíthin measúnú oibríochtúil, ar fhóntacht shocruithe airgeadais na Seoirsia, ar a nósanna imeachta riaracháin agus a sásraí rialaithe inmheánaigh agus sheachtraigh atá ábhartha don chúnamh.
Airteagal 7
1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 8
1. Faoin 30 Meitheamh gach bliain, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo don bhliain roimhe sin, lena n-áirítear meastóireacht ar an gcur chun feidhme sin, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Déanfar sa tuarascáil sin:
|
(a) |
scrúdú ar an dul chun cinn a bheidh déanta i gcur chun feidhme chúnamh macra-airgeadais an Aontais; |
|
(b) |
measúnú ar staid agus ionchais eacnamaíocha na Seoirsia, chomh maith le measúnú ar an dul chun cinn a bheidh déanta i gcur chun feidhme na mbeart beartais dá dtagraítear in Airteagal 3(1); |
|
(c) |
léiriú a thabhairt ar an nasc idir na coinníollacha beartais eacnamaíoch arna leagan síos sa Mheabhrán Tuisceana, feidhmíocht reatha eacnamaíoch agus fhioscach na Seoirsia agus cinntí an Choimisiúin maidir le tráthchodanna de chúnamh macra-airgeadais an Aontais a fhuascailt. |
2. Tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis don tréimhse infhaighteachta dá dtagraítear in Airteagal 1(4) a dhul in éag, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil meastóireachta ex post, ina ndéanfar measúnú ar thorthaí agus ar éifeachtúlacht na coda de chúnamh macra-airgeadais an Aontais atá críochnaithe agus ar a mhéid ar rannchuidigh sé le haidhmeanna an chúnaimh, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
Airteagal 9
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 18 Aibreán 2018.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. PAVLOVA
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus an cinneadh ón gComhairle an 12 Aibreán 2018.
(2) Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, ar thaobh amháin, agus an tSeoirsia, ar an taobh eile (IO L 261, 30.8.2014, lch. 4).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(4) Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagraíocht agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).
(5) Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 lena mbunaítear Ciste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha (IO L 145, 10.6.2009, lch. 10).
(6) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).
(7) Rialachán arna Tharmligean (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).
(8) Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).
(9) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(10) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe a dhéanann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).