|
27.12.2017 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
34 |
RIALACHÁN (AE) 2017/2396 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Nollaig 2017
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 2015/1017 i ndáil le síneadh a chur le ré an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha chomh maith le feabhsuithe teicniúla ar an gCiste sin agus ar an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht a thabhairt isteach
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 agus Airteagal 173, an tríú mír d’Airteagal 175 agus Airteagal 182(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Ón uair a cuireadh an teachtaireacht ón gCoimisiún “Plean Infheistíochta don Eoraip” (an “Plean Infheistíochta”) i láthair an 26 Samhain 2014, tá feabhas tagtha ar chúrsaí sa dóigh go bhfuil na dálaí ann anois le haghaidh méadú ar infheistiú agus tá muinín á cur athuair i ngeilleagar na hEorpa agus ina chumas fáis. Is í seo an ceathrú bliain as a chéile a bhfuil téarnamh measartha ar siúl san Aontas, agus bhí ráta fáis 2 % faoi Olltáirgeacht Intíre an Aontais in 2015, ach tá na rátaí dífhostaíochta fós níos airde ná mar a bhí siad roimh an ngéarchéim. Tá torthaí nithiúla cheana ar na hiarrachtaí cuimsitheacha ar cuireadh tús leo leis an bPlean Infheistíochta, in ainneoin nach féidir meastachán a dhéanamh fós ar an tionchar iomlán a bhí ag an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS) ar an bhfás mar nach féidir éifeachtaí maicreacnamaíocha a bheith ag tionscadail mhóra infheistíochta láithreach bonn. Tá méadú tar éis teacht de réir a chéile ar infheistiú i rith 2017 ach tá an luas fós mall go maith agus fós faoi bhun na leibhéal stairiúil. |
|
(2) |
Ba cheart an móiminteam dearfach infheistíochta sin a chothabháil agus ba cheart leanúint ar aghaidh leis na hiarrachtaí chun infheistíocht a thabhairt ar ais chuig treocht fhadtéarmach inbhuanaithe sa chaoi is go sroicheann sí an fíorgheilleagar. Oibríonn sásraí an Phlean Infheistíochta, agus ba cheart iad a atreisiú chun leanúint d’infheistíochtaí príobháideacha a shlógadh ar shlí a fhágfaidh tionchar maicreacnamaíoch substainteach agus a chuirfeadh le poist a chruthú in earnálacha atá tábhachtach do thodhchaí na hEorpa agus ina bhfuil clistí ar an margadh nó ina bhfuil cúrsaí infheistíochta fo-optamacha go fóill féin. |
|
(3) |
An 1 Meitheamh 2016, d’eisigh an Coimisiún teachtaireacht dar teideal “Europe investing again — Taking stock of the Investment Plan for Europe and next steps” (An Eoraip i mbun infheistíochta arís — Breithniú ar an bPlean Infheistíochta don Eoraip agus na chéad chéimeanna eile) inar leagadh amach an méid atá bainte amach de thoradh an Phlean Infheistíochta agus ar na chéad chéimeanna eile atá beartaithe, lena n-áirítear síneadh ama a chur le ré CEIS i ndiaidh na chéad 3 bliana a beartaíodh ina chomhair, ionú na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna) a mhéadú laistigh den chreat atá ann cheana agus an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht (MCEI) a fheabhsú. |
|
(4) |
An 11 Samhain 2016, ghlac Cúirt Iniúchóirí na hEorpa tuairim maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) 2015/1017 agus an mheastóireacht a ghabhann léi ón gCoimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(2) de Rialachán (AE) 2015/1017, dar teideal “CEIS: togra luath chun leathnú agus fairsingiú”. |
|
(5) |
Tá CEIS, ciste a dhéanann Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) a chur chun feidhme agus a chomhurrú, ar an mbóthar ceart, ó thaobh cainníochta de, lena chuspóir a sheachadadh, mar atá EUR 315 000 000 000 ar a laghad d’infheistíochtaí breise a shlógadh san fhíorgheilleagar faoi lár 2018. Tá luas ar leith ag baint leis an bhfreagairt ón margadh agus an ionsú ag an margadh faoi ionú FBM lena bhfuil CEIS ag seachadadh i bhfad níos mó ná a raibh súil leis agus iad ag tógáil ar an úsáid a baineadh as saoráidí agus sainorduithe láithreacha an Chiste Eorpaigh Infheistíochta (CEI) (InnovFin Saoráid Ráthaíochta FBM, Saoráid Iasachta faoi Ráthaíocht COSME (LGF) agus sainordú Acmhainní Caiptil Riosca BEI (RCR)) i dtosach le cur chun feidhme brostaithe a bheith ann. Dá réir sin, méadaíodh ionú na FBManna EUR 500 000 000 i mí Iúil 2016 laistigh de pharaiméadair láithreacha Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). I bhfianaise éileamh eisceachtúil an mhargaidh ar mhaoiniú FBManna faoi CEIS, ní mór sciar níos mó den mhaoiniú a bheith dírithe ar FBManna. I dtaca leis sin de, 40 % den chumas méadaithe atá ag CEIS maidir le riosca a sheasamh, ba cheart go ndíreofaí é ar rochtain ar mhaoiniú a mhéadú do FBManna. |
|
(6) |
An 28 Meitheamh 2016, ba é conclúid na Comhairle Eorpaí go raibh an Plean Infheistíochta, go háirithe CEIS, i ndiaidh torthaí nithiúla a bhaint amach cheana agus go raibh sé tar éis bheith ina cuidiú mór le cuidiú le hinfheistiú príobháideach a shlógadh, agus úsáid chliste á baint as acmhainní ganna an bhuiséid. Thug an Chomhairle Eorpach dá haire go raibh sé beartaithe ag an gCoimisiún tograí a thíolacadh go luath maidir lena bhfuil i ndán do CEIS, ar ghá do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle scrúdú a dhéanamh orthu mar ábhar práinne. |
|
(7) |
Bunaíodh CEIS ar feadh tréimhse tosaigh 3 bliana agus ba é ab aidhm dó infheistíochtaí breise EUR 315 000 000 000, ar a laghad, a shlógadh, agus, dá réir sin, tacú leis an gcuspóir fás agus poist a chothú. Níor cheart, áfach, tús áite a bheith ag an tiomáint chun an phríomhsprioc a bhaint amach seachas ag breisíocht na dtionscadal a roghnófar. Tá an tAontas Eorpach tiomanta, mar sin, ní amháin chun cur le ré infheistíochta agus le hacmhainn maoinithe CEIS, ach chun cur leis an mbéim a chuirtear ar an mbreisíocht freisin. Cumhdaítear leis an síneadh ré an chreata airgeadais ilbhliantúil atá ann faoi láthair agus ba cheart go gcuirfí ar fáil, dá bharr sin, infheistíochtaí EUR 500 000 000 000 ar a laghad faoi 2020. Chun acmhainn CEIS a fheabhsú tuilleadh fós agus an sprioc a leagtar amach an infheistíocht a dhúbailt a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit ranníocaíocht a dhéanamh leis freisin mar ábhar tosaíochta. |
|
(8) |
Ní féidir lánacmhainn CEIS agus a chur chun feidhme a bhaint amach gan gníomhaíochtaí a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh an margadh aonair a neartú, timpeallacht ghnó fhabhrach a chruthú agus athchóirithe struchtúracha atá cothrom ó thaobh na sochaí de agus inbhuanaithe a chur chun feidhme. Thairis sin, tá tionscadail dea-struchtúrtha, mar chuid de phleananna infheistíochta agus forbartha ar leibhéal na mBallstát ríthábhachtach maidir le rath CEIS. |
|
(9) |
I gcás na tréimhse ó 2020 amach, tá sé ar intinn ag an gCoimisiún na moltaí is gá a dhéanamh lena áirithiú go leanfar den infheistíocht straitéiseach sin ar leibhéal inbhuanaithe. Ba cheart go mbeadh aon togra reachtach bunaithe ar na conclúidí i dtuarascáil ón gCoimisiún agus ar mheastóireacht neamhspleách lena n-áirítear measúnú maicreacnamaíoch ar an úsáideacht a bhainfeadh le scéim a chothabháil chun tacú le hinfheistíocht. Ba cheart scrúdú a dhéanamh freisin sa tuarascáil agus sa mheastóireacht neamhspleách sin, a mhéid is infheidhme, ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2015/1017 arna leasú leis an Rialachán seo, faoi ré sínithe chur chun feidhme CEIS. |
|
(10) |
Le CEIS, arna shíniú leis an Rialachán seo, ba cheart go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar aon chlistí sa mhargadh agus ar staideanna infheistíochta fo-optamacha atá fós ann agus leanúint ar aghaidh, le breisíocht neartaithe, de mhaoiniú ón earnáil phríobháideach a shlógadh in infheistíochtaí a bheidh ríthábhachtach do chruthú post amach anseo san Eoraip, lena n-áirítear don aos óg, agus don fhás agus don iomaíochas. I measc na n-infheistíochtaí sin tá infheistíochtaí i réimsí amhail fuinneamh, an comhshaol agus gníomhú ar son na haeráide, caipiteal sóisialta agus daonna agus bonneagar a bhaineann leis sin, cúram sláinte, taighde agus nuálaíocht, iompar trasteorann agus inbhuanaithe, chomh maith leis an athrú mór i dtreo saol digiteach. Go háirithe, ba cheart atreisiú a dhéanamh ar an méid a rannchuidíonn oibríochtaí a dtacaítear leo le CEIS chun spriocanna uaillmhianacha an Aontais, a leagadh amach ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP21), a bhaint amach, agus ba cheart atreisiú dhéanamh ar thiomantas an Aontais chun laghdú de 80 go 95 % a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. Chun gné an ghníomhaithe ar son na haeráide a atreisiú faoi CEIS, ba cheart do BEI tógáil ar an taithí atá aige mar cheann de na soláthraithe is mó ar domhan den mhaoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide agus ba cheart dó an mhodheolaíocht atá aige, ar mhodheolaíocht úrscothach í arna comhaontú go hidirnáisiúnta, a úsáid chun comhpháirteanna tionscail maidir le gníomhú ar son na haeráide nó chun na sciartha de na costais a shainaithint ar bhealach inchreidte. Níor cheart tionscadáil a struchtúrú ar bhealach saorga d’fhonn teacht faoi shainmhínithe FBManna agus cuideachtaí beaga meánchaipitlithe. Ba cheart díriú níos mó freisin ar thionscadail tosaíochta idirnaisc fuinnimh agus tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh de réir a chéile. Thairis sin, ba cheart go mbeadh tacaíocht CEIS do mhótarbhealaí teoranta do thacaíocht a thabhairt d’infheistíocht phríobháideach agus/nó d’infheistíocht phoiblí sa chóras iompair i dtíortha an chomhtháthaithe, i réigiúin bheagfhorbartha nó i dtionscadail iompair trasteorann nó, más gá uasghrádú a dhéanamh, sábháilteacht ar bhóithre a chothabháil nó a fheabhsú, gléasanna córais chliste iompair (ITS) a fhorbairt, sláine agus caighdeáin na mótarbhealaí atá ann cheana ar an ngréasán iompair trasEorpach a ráthú, go háirithe limistéir shábháilte pháirceála, stáisiúin bhreoslaí glana malartacha agus córais luchtaithe leictreacha, nó cur leis an líonra iompair tras-Eorpach faoi 2030 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 (6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. San earnáil dhigiteach, agus laistigh de raon feidhme bheartas uaillmhianach an Aontais maidir leis an nGeilleagar Digiteach, ba cheart spriocanna nua don bhonneagar digiteach a shocrú lena n-áiritheofar go ndéanfar an bhearna dhigiteach a dhúnadh agus go mbeidh ról ceannródaíoch ag an Aontas i ré nua idirlíon na rudaí nithiúla, mar a thugtar air, na teicneolaíochta slabhrabhloc, agus na cibearslándála agus na slándála líonra. Ar mhaithe le soiléireacht, cé go bhfuil siad incháilithe cheana féin, ba cheart a leagan síos go sainráite gur laistigh de na cuspóirí ginearálta atá incháilithe do thacaíocht CEIS a thiteann tionscadail i réimsí na talmhaíochta, na foraoiseachta, an iascaigh agus an dobharshaothraithe agus eilimintí eile an bhithgheilleagair i gcoitinne. |
|
(11) |
Tá ról ríthábhachtach ag tionscail chultúrtha agus chruthaitheacha maidir leis an Eoraip a thionsclú in athuair, agus tá siad mar thiomántóir don fhás agus tá suíomh straitéiseach acu chun tionchar nuálach a spreagadh in earnalácha tionsclaíocha eile, amhail an turasóireacht, an miondíol, agus teicneolaíochtaí digiteacha. Mar aon le Clár Eoraip na Cruthaitheachta arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus le Saoráid Ráthaíochta Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta arna bunú leis an Rialachán sin, ba cheart go gcuideodh CEIS le ganntanais chaipitil sna hearnálacha sin a shárú trí thacaíocht bhreise a chur ar fáil ar bhealach ar chóir dó a bheith comhlántach leis an tacaíocht arna soláthar faoi Chlár Eoraip na Cruthaitheachta agus faoi Shaoráid Ráthaíochta Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta, chun go bhféadfaí líon is mó de na tionscadail ardriosca sin a mhaoiniú. |
|
(12) |
Oibríochtaí lena mbaineann eintitis atá lonnaithe san Aontas agus a shíneann lasmuigh den Aontas, ba cheart tacaíocht a thabhairt dóibh freisin le CEIS, i gcás ina mbíonn an infheistíocht san Aontas á cur chun cinn acu, go háirithe nuair a bhíonn eilimintí trasteorann iontu. Ba cheart don MCEI tacaíocht réamhghníomhach a chur ar fáil chun na hoibríochtaí sin a chur chun cinn agus a spreagadh. |
|
(13) |
Ba cheart breisíocht, ar gné lárnach í de CEIS, a neartú le linn roghnú na dtionscadal. Go háirithe, níor cheart d’oibríochtaí a bheith incháilithe do thacaíocht CEIS ach amháin má théann siad i ngleic le clistí soiléire sa mhargadh nó le staideanna infheistíochta fo-optamacha soiléire. Ba cheart a mheas gur léiriú láidir ar an mbreisíocht iad oibríochtaí i mbonneagar fisiceach faoin ionú bonneagair agus nuálaíochta a nascann 2 Bhallstát nó níos mó le chéile, ríomh-bhonneagar san áireamh, agus go háirithe bonneagar leathanbhanda, mar aon le seirbhísí is gá chun an bonneagar sin a thógáil, a chur chun feidhme, a chothabháil nó a fheidhmiú, i ngeall ar a ndeacracht shainiúil agus ar an mbreisluach mór don Aontas a bhaineann leo. |
|
(14) |
Go ginearálta, ba cheart le CEIS go ndíreofaí ar thionscadail a bhfuil próifíl riosca níos airde ag baint leo ná a bhaineann le tionscadail a dtacaíonn BEI leo agus ba cheart do Choiste Infheistíochta EFSI (an “Coiste Infheistíochta”) aird a thabhairt ar na rioscaí atá ina mbac ar infheistíocht agus an bhreisíocht á meas aige, amhail rioscaí tírshonracha, earnáilsonracha nó réigiúnsonracha agus na rioscaí a bhaineann le nuálaíocht, go háirithe maidir le teicneolaíochtaí neamhchruthaithe atá in ainm is fás, inbhuanaitheacht agus táirgíocht a fheabhsú. |
|
(15) |
Chun á áirithiú go mbeidh cumhdach geografach níos leithne ag CEIS agus chun éifeachtúlacht idirghabháil CEIS a mhéadú, ba cheart spreagadh a thabhairt d’oibríochtaí comhcheangail agus/nó measctha lena gcuirtear foirmeacha tacaíochta agus/nó ionstraimí airgeadais neamh-inaisíoctha ó bhuiséad ginearálta an Aontais le chéile, amhail Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa nó iad siúd atá ar fáil faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Fís 2020 — an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), agus don mhaoiniú ó Ghrúpa BEI, lena n-áirítear maoiniú BEI faoi CEIS, agus ó infheisteoirí eile chomh maith. Is é is aidhm don chomhcheangal agus/nó don mheascadh breisluach chaiteachas an Aontais a fheabhsú trí acmhainní breise a mhealladh ó infheisteoirí príobháideacha agus a áirithiú go mbeidh na gníomhaíochtaí a dtacaítear leo ina ngníomhaíochtaí atá inmharthana ón taobh eacnamaíoch agus ó thaobh airgeadais de. Chuige sin, ag an am céanna a rinneadh an togra ón gCoimisiún maidir leis an Rialachán seo a thíolacadh, rinneadh luach EUR 1 000 000 000 de leithreasuithe a aistriú ó ionstraimí airgeadais SCE chuig cuid deontais SCE d’fhonn meascadh le CEIS a éascú. Rinneadh glao rathúil ar mheascadh chuige sin i mí Feabhra 2017. Tá EUR 145 000 000 eile á n-aistriú chuig ionstraimí ábhartha eile, go háirithe chucu sin atá tiomanta don éifeachtúlacht fuinnimh. Is gá gníomhaíocht bhreise a dhéanamh chun a áirithiú go bhféadfar cistí de chuid an Aontais agus tacaíocht CEIS a chomhcheangal go héasca. Cé go bhfuil treoir nithiúil maidir leis an ábhar sin foilsithe cheana ag an gCoimisiún, ba cheart forbairt bhreise a dhéanamh ar an tsaincheist maidir le cistí de chuid an Aontais Eorpaigh a chomhcheangal le CEIS d’fhonn cur leis na hinfheistíochtaí lena mbaintear leas ag an ngiaráil arna baint amach trí chistí de chuid an Aontais a chomhcheangal le CEIS, agus forbairtí reachtacha a d’fhéadfadh a bheith ann á gcur i gcuntas. Chun éifeachtúlacht eacnamaíoch agus giaráil leordhóthanach a áirithiú, níor cheart, i bprionsabal, gur mhó na teaglamaí airgeadais sin ná 90 % de chostais iomlána tionscadail do na réigiúin bheagfhorbartha agus 80 % i gcás gach réigiún eile. |
|
(16) |
Chun go mbainfear níos mó úsáide as CEIS i réigiúin bheagfhorbartha agus i réigiúin trasdula, ba cheart raon na gcuspóirí ginearálta atá incháilithe do thacaíocht CEIS a mhéadú. Bheadh tionscadail fós faoi réir scrúdú ón gCoiste Infheistíochta agus ba cheart dóibh cloí leis na critéir incháilitheachta chéanna atá ann chun an ráthaíocht a bunaíodh de bhun Rialachán (AE) 2015/2017 (“ráthaíocht AE”) a úsáid, lena n-áirítear prionsabal na breisíochta. Os rud é nár cheart go mbeadh aon srian ar mhéid na dtionscadal atá incháilithe do thacaíocht ó CEIS, níor cheart go ndéanfaí tionscadail ar mhionscála a dhíspreagadh ó iarratas ar mhaoiniú CEIS a dhéanamh. Thairis sin, is gá gníomhaíocht bhreise a dhéanamh chun cúnamh teicniúil a neartú agus chun CEIS a chur chun cinn i réigiúin bheagfhorbartha agus i réigiúin trasdula ina bhfuil gá leis. |
|
(17) |
Tá ardáin infheistíochta ina n-uirlís ríthábhachtach chun déileáil le clistí sa mhargadh, go háirithe le linn maoiniú a thabhairt do thionscadail iolracha, réigiúnacha, nó earnálacha, lena n-áirítear tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus tionscadail trasteorann. Tá sé tábhachtach freisin comhpháirtíochtaí le bainc náisiúnta chur chun cinn nó le hinstitiúidí náisiúnta cur chun cinn a spreagadh, lena n-áirítear d’fhonn ardáin infheistíochta a chur ar bun. Is féidir ról tábhachtach a bheith ag comhoibriú le hidirghabhálaithe airgeadais freisin ina leith sin. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do BEI, i gcás inarb iomchuí, an mheasúnacht, an roghnú agus an faireachán a bhaineann le fothionscadail ar mhionscála a tharmligean chuig idirghabhálaithe airgeadais nó chuig meáin incháilithe formheasta. |
|
(18) |
I gcás tharmligean na measúnachta, an roghnaithe agus an fhaireacháin ar thionscadail ar mhionscála chuig idirghabhálaithe airgeadais nó chuig meáin incháilithe formheasta, níor cheart go mbeadh sé fós de cheart ag an gCoiste Infheistíochta úsáid ráthaíocht AE a fhormheas le haghaidh fothionscadail faoin maoiniú sin BEI agus faoi oibríochtaí infheistíochta i gcás ina mbeidh an ranníocaíocht ó CEIS do na fothionscadail ar mhionscála sin faoi thairseach sainithe. Ba cheart do Bhord Stiúrtha CEIS (an “Bord Stiúrtha”), i gcás inarb iomchuí, treoir a sholáthar maidir leis an nós imeachta a bheidh le húsáid ag an gCoiste Infheistíochta chun meastóireacht a dhéanamh ar fhothionscadail os cionn na tairsí sin. |
|
(19) |
Le linn thréimhse iomlán na hinfheistíochta, ba cheart don Aontas ráthaíocht AE a sholáthar, ráthaíocht nár cheart gur mhó ná EUR 26 000 000 000 ag aon tráth í, chun go mbeifear in ann tacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí le CEIS, agus ba cheart EUR 16 000 000 000 uasta, de sin, a bheith ar fáil roimh an 6 Iúil 2018. |
|
(20) |
Táthar ag súil leis, nuair a dhéanfar ráthaíocht AE a chomhcheangal leis an tsuim de EUR 7 500 000 000 atá le soláthar ag BEI, gur cheart go nginfeadh tacaíocht CEIS EUR 100 000 000 000 d’infheistíocht bhreise ó BEI agus ó CEI. Táthar ag súil leis go nginfidh an tsuim de EUR 100 000 000 000, arna dtacú le CEIS, EUR 500 000 000 000 d’infheistíocht bhreise san fhíorgheilleagar roimh dheireadh 2020. |
|
(21) |
Chun maoiniú a dhéanamh go páirteach ar an ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta an Aontais chuig ciste ráthaíocht AE chun na hinfheistíochtaí breise a dhéanamh, ba cheart aistriú a dhéanamh ón imchlúdach atá ar fáil don SCE, dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, agus ón ioncam agus ó na haisíocaíochtaí ó Ionstraim Fiachais SCE agus ó Chiste Eorpach 2020 le haghaidh Fuinnimh, an Athraithe Aeráide agus Bonneagair (“Ciste Marguerite”). Chun gur féidir an t-aistriú ó ioncam agus aisíocaíochtaí a chur i gcrích, ní mór maolú a dhéanamh ar an dara agus ar an tríú fomhír d’Airteagal 140(6) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) ionas gur féidir a n-úsáid ag ionstraim eile a údarú. |
|
(22) |
Ar bhonn na taithí a fuarthas ó na hinfheistíochtaí ar tugadh tacaíocht dóibh ó CEIS, ba cheart spriocmhéid an chiste ráthaíochta a thabhairt go 35 % d’oibleagáidí iomlána ráthaíocht AE, á áirithiú ar an dóigh sin leibhéal leordhóthanach cosanta. |
|
(23) |
I gcomhréir leis an éileamh ollmhór ón margadh ar mhaoiniú do FBManna faoi CEIS, éileamh a leanfaidh ar aghaidh de réir gach cosúlachta, ba cheart ionú na FBManna de chuid CEIS a fheabhsú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar fhiontair shóisialta agus ar sheirbhísí sóisialta, lena n-áirítear trí ionstraimí nua a bheidh leordhóthanach le haghaidh riachtanas agus sainiúlachtaí earnáil na bhfiontar sóisialta agus na seirbhísí sóisialta a fhorbairt agus a chur in úsáid. |
|
(24) |
Ba cheart do BEI agus do CEI a áirithiú go mbeidh na tairbhithe deiridh, FBManna san áireamh, ar an eolas faoi thacaíocht CEIS a bheith ar fáil, sa chaoi go mbeidh ráthaíocht AE níos infheicthe. Ba cheart tagairt shoiléir do CEIS a chur in iúl go soiléir i gcomhaontuithe lena gcuirtear tacaíocht CEIS ar fáil. |
|
(25) |
D’fhonn trédhearcacht oibríochtaí CEIS a fheabhsú, ba cheart don Choiste Infheistíochta, sna cinntí a dhéanann sé, a chuirtear ar fáil don phobal agus atá inrochtana, míniú a thabhairt ar na cúiseanna a bhfuil sé den tuairim gur cheart ráthaíocht AE a thabhairt d’oibríocht, agus béim ar leith á leagan aige ar chomhlíonadh an chritéir bhreisíochta. Ba cheart scórchlár na dtáscairí a chur ar fáil don phobal a luaithe a shíneofar oibríocht faoi ráthaíocht AE. Níor cheart faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a bheith san fhoilseachán. |
|
(26) |
Ba cheart an scórchlár a úsáid i ndianchomhréir leis an Rialachán seo, agus le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1558 ón gCoimisiún (10), agus leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, mar uirlís mheasúnaithe neamhspleách agus thrédhearcach agus lena ndéanfaidh an Coiste Infheistíochta tosaíocht a thabhairt d’úsáid ráthaíocht AE le haghaidh oibríochtaí a léireoidh scóir is airde agus breisluach. Ba cheart do BEI na scóir agus na táscairí a ríomh ex ante agus faireachán a dhéanamh ar na torthaí tráth a chuirfear an tionscadal i gcrích. |
|
(27) |
D’fhonn measúnú ar thionscadail a fheabhsú, ba cheart don Bhord Stiúrtha, le linn threoshuíomh straitéiseach CEIS, scór íosta a bhunú do gach colún sa scórchlár. |
|
(28) |
Tá beartas ábhartha an Aontais maidir le dlínsí atá neamh-chomhoibríoch chun críocha cánach leagtha síos i ngníomhartha dlíthiúla an Aontais agus i gConclúidí ón gComhairle, go háirithe san Iarscríbhinn a ghabhann leo sin an 8 Samhain 2016, agus in aon nuashonrú ina dhiaidh sin. |
|
(29) |
Ba cheart a chur san áireamh i ndícheall cuí maidir le hoibríochtaí infheistíochta agus maoinithe BEI faoin Rialachán seo, seiceáil chuimsitheach ar chomhlíonadh reachtaíocht infheidhme an Aontais agus caighdeán comhaontaithe idirnáisiúnta agus Aontais maidir le frithsciúradh airgid, leis an gcomhrac i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, le calaois chánach agus le seachaint cánach. Thairis sin, i gcomhthéacs tuairiscithe ó CEIS, ba cheart do BEI faisnéis a sholáthar, tír ar thír, i ndáil lena mhéid atá beartas BEI agus CEI maidir le dlínsí neamh-chomhoibríocha á chomhlíonadh ag oibríochtaí CEIS, mar aon leis an liosta d’idirghabhálaithe lena bhfuil BEI agus CEI ag comhoibriú a sholáthar. |
|
(30) |
Is iomchuí soiléirithe teicniúla áirithe a dhéanamh i ndáil lena bhfuil sa chomhaontú faoi bhainistiú CEIS, agus maidir le deonú ráthaíocht AE agus maidir leis na hionstraimí atá cumhdaithe ag an gcomhaontú, lena n-áirítear cumhdach do riosca ó ráta malartaithe airgeadraí i gcásanna áirithe. Ba cheart an comhaontú le BEI maidir le bainistiú CEIS agus maidir le deonú ráthaíocht AE a oiriúnú i gcomhréir leis an Rialachán seo. |
|
(31) |
D’ainneoin an chuspóra atá ag MCEI chun cur le seirbhísí reatha comhairliúcháin de chuid BEI agus de chuid an Choimisiúin, agus ionas gur féidir leis gníomhú mar mhol comhairleach teicniúil aonair le haghaidh maoinithe tionscadal laistigh den Aontas, ba cheart MCEI a fheabhsú agus ba cheart a ghníomhaíochtaí a bheith dírithe freisin ar rannchuidiú go gníomhach le héagsúlú earnálach agus geografach CEIS, ar thacaíocht a thabhairt do BEI agus do bhainc náisiúnta chur chun cinn agus d’institiúidí náisiúnta cur chun cinn le linn oibríochtaí a thionscnamh agus a fhorbairt, go háirithe i réigiúin bheagfhorbartha agus i réigiúin trasdula, agus ar chuidiú le struchtúr a chur ar an éileamh ar thacaíocht CEIS, i gcás inar gá. Ba cheart do MCEI féachaint le comhaontú comhair amháin ar a laghad a chur i gcrích, in aghaidh gach Ballstáit, le banc nó institiúid náisiúnta chur chun cinn. Sna Ballstát nach ann do bhainc náisiúnta chur chun cinn ná d’institiúidí náisiúnta cur chun cinn, ba cheart do MCEI tacaíocht chomhairleach réamhghníomhach a sholáthar ar an mbanc nó ar an institiúid sin a bhunú, i gcás inarb iomchuí, agus arna iarraidh sin ag an mBallstát i dtrácht. Ba cheart do MCEI aird ar leith a dhíriú ar thacaíocht a thabhairt do thionscadail a bhfuil baint ag 2 Bhallstát nó níos mó leo a ullmhú, agus do thionscadail a chuireann le cuspóirí COP21 a bhaint amach. Ba cheart dó cur go gníomhach le hardáin infheistíochta a bhunú freisin agus comhairle a thabhairt maidir le foinsí eile cistithe ón Aontas a mheascadh le cistiú ó CEIS. Ba cheart láithreacht áitiúil MCEI a áirithiú i gcás inar gá, agus scéimeanna tacaíochta á gcur i gcuntas, d’fhonn cabhair atá inláimhsithe, réamhghníomhach agus saincheaptha a sholáthar ar an láthair. |
|
(32) |
Tá an Seimeastar Eorpach chun beartas eacnamaíoch a chomhordú bunaithe ar anailís mhionsonraithe ar phleananna na mBallstát le haghaidh athchóirithe buiséadacha, maicreacnamaíocha agus struchtúrtha, agus déanann sé moltaí atá sonrach do thíortha ar leith a thabhairt dóibh. I bhfianaise an mhéid sin, ba cheart do BEI an Coimisiún a chur ar an eolas maidir lena chinntí faoi bhacainní agus scrogaill ar an infheistíocht sna Ballstáit, ar bacainní agus scrogaill iad a shainaithnítear agus oibríochtaí infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo á gcur i gcrích. Iarrtar ar an gCoimisiún na torthaí sin, i measc nithe eile, a chur san áireamh agus é i mbun oibre i gcomhthéacs an tríú colún den Phlean Infheistíochta. |
|
(33) |
Chun aghaidh a thabhairt ar chlistí agus bearnaí sa mhargadh, chun infheistíochtaí breise leordhóthanacha a spreagadh agus chun cothromaíocht gheografach agus réigiúnach a chur chun cinn in oibríochtaí CEIS-tacaithe, tá gá le cur chuige comhtháite agus cuíchóirithe arb é is aidhm leis fás, poist agus infheistíochtaí a chur chun cinn. Ba cheart go gcuideodh an costas a bhaineann le CEIS a mhaoiniú leis na cuspóirí sin a bhaint a amach. |
|
(34) |
Chun na cuspóirí infheistíochta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2015/1017 a chur chun cinn, ba cheart meascadh le cistí atá ann cheana a spreagadh, i gcás inarb iomchuí, chun lamháltais leordhóthanacha a sholáthar sna téarmaí agus sna coinníollacha maoinithe, lena n-áirítear costas, a bhaineann le hoibríochtaí CEIS. |
|
(35) |
I gcásanna ina mbeadh dálaí struis sa mhargadh airgeadais ina mbac ar thionscadal inmharthana a chur i gcrích nó inar gá é chun éascaíocht a dhéanamh ar ardáin infheistíochta a bhunú nó ar thionscadail in earnálacha nó i réimsí ina bhfuil cliseadh suntasach sa mhargadh nó staid ina ndéantar infheistíocht fo-optamach a mhaoiniú, ba cheart do BEI agus don Choimisiún athruithe a chur chun feidhme, go háirithe maidir le luach saothair ráthaíocht AE, chun cur le laghdú a dhéanamh ar chostas maoinithe na hoibríochta a íocann tairbhí mhaoiniú BEI faoi CEIS chun a chur chun feidhme a éascú. Ba cheart iarrachtaí dá samhail a dhéanamh i gcás inar gá lena áirithiú go dtacaíonn CEIS le tionscadail ar mhionscála. I gcás go gceadóidh úsáid idirghabhálaithe áitiúla nó réigiúnacha laghdú ar chostas mhaoiniú CEIS do thionscadail ar mhionscála, ba cheart breithniú a dhéanamh ar an bhfoirm sin úsáide freisin. |
|
(36) |
I gcomhréir leis an ngá atá le hinbhuanaitheacht airgeadais CEIS, maidir leis na hiarrachtaí chun laghdú a dhéanamh ar chostais oibríochtaí CEIS i dtréimhsí struis sa mhargadh airgeadais nó chun éascú a dhéanamh ar ardáin infheistíochta a bhunú nó ar thionscadail in earnálacha nó i réimsí ina bhfuil cliseadh suntasach sa mhargadh nó staid ina ndéantar infheistíocht fho-optamach a mhaoiniú, ba cheart iad a chomhordú le hacmhainní airgeadais eile de chuid an Aontais atá ar fáil agus leis na hionstraimí atá in úsáid ag Grúpa BEI. |
|
(37) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) 2015/1017 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 mar a leanas:
|
(1) |
In Airteagal 2(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
|
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 4(2) mar a leanas:
|
|
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(1) “1. Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “breisíocht” an tacaíocht ó CEIS le haghaidh oibríochtaí a thugann aghaidh ar chlistí sa mhargadh nó ar staideanna infheistíochta fo-optamacha, arb oibríochtaí iad nárbh fhéidir a chur i gcrích ag BEI, ag CEI nó faoi ionstraimí airgeadais de chuid an Aontais atá ann cheana sa tréimhse ar lena linn is féidir ráthaíocht AE a úsáid, nó nárbh fhéidir iad a úsáid a mhéid céanna, ag BEI, ag CEI nó faoi ionstraimí airgeadais de chuid an Aontais atá ann cheana, gan tacaíocht CEIS. Maidir leis na tionscadail a fhaigheann tacaíocht ó CEIS, tacóidh siad leis na cuspóirí ginearálta a leagtar síos in Airteagal 9(2), déanfar gach iarracht fostaíocht agus fás inbhuanaithe a chruthú leo agus mar is dual dóibh beidh próifíl riosca níos airde acu ná mar a bheidh ag na tionscadail a fhaigheann tacaíocht ó ghnáthoibríochtaí BEI. Beidh próifíl riosca níos airde ar an mórchuid ag punann CEIS ná mar a bheidh ag an bpunann infheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó BEI faoina chuid gnáthbheartas infheistíochta sula dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Chun dul i ngleic le clistí sa mhargadh nó le staideanna infheistíochta fo-optamacha ar bhealach níos fearr, agus chun éascú a dhéanamh, go háirithe, ar úsáid a bhaint as ardáin infheistíochta do thionscadail ar mhionscála agus, dá réir sin, comhlántacht a áirithiú agus mar sin plódú amach rannpháirtithe sa mhargadh céanna a sheachaint, mar rogha slí agus má bhíonn údar iomchuí leis, beidh na nithe seo a leanas ag baint le gníomhaíochtaí speisialta BEI:
Gan dochar don cheanglas sainmhíniú ar bhreisíocht a chomhlíonadh mar a leagtar amach sa chéad fhomhír, is léiriú maith ar bhreisíocht iad na gnéithe seo a leanas:
|
|
(4) |
Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
|
|
(5) |
Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
|
|
(6) |
Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
|
|
(7) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) d’Airteagal 10(2):
|
|
(8) |
Leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:
|
|
(9) |
Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:
|
|
(10) |
Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:
|
|
(11) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16(1): “1. Cuirfidh BEI gach 6 mhí, i gcomhar le CEI, i gcás inarb iomchuí, tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le hoibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Beidh sa tuarascáil measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le húsáid ráthaíocht AE agus na bpríomhtháscairí feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 4(2)(f)(iv). Beidh sa tuarascáil freisin sonraí staidrimh, airgeadais agus cuntasaíochta maidir le gach oibríocht maoinithe agus infheistíochta de chuid BEI agus ar bhonn comhiomlán. Uair amháin in aghaidh na bliana, beidh sa tuarascáil freisin faisnéis maidir le bacainní ar infheistíocht a bhainfidh do BEI agus oibríochtaí infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo á gcur i gcrích.”; |
|
(12) |
Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:
|
|
(13) |
Leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:
|
|
(14) |
In Airteagal 19, cuirtear isteach an mhír seo a leanas: “Cuirfidh BEI agus CEI na tairbhithe deiridh, FBManna san áireamh, ar an eolas go bhfuil tacaíocht le fáil ó CEIS, nó cuirfidh sé iallach ar idirghabhálaithe airgeadais iad a chur ar an eolas faoi sin tríd an bhfaisnéis sin a thaispeáint ar dhóigh infheicthe, go háirithe i gcás FBManna, sa chomhaontú ábhartha lena gcuirtear tacaíocht CEIS ar fáil, rud a dhéanfaidh feasacht an phobail a mhéadú agus infheictheacht a fheabhsú.”; |
|
(15) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20(2): “2. Chun críche mhír 1 den Airteagal seo agus ar iarraidh ón gCúirt Iniúchóirí agus i gcomhréir le hAirteagal 287(3) CFAE, deonófar rochtain di ar aon doiciméad nó faisnéis is gá chun a cúram a chomhlíonadh.”; |
|
(16) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22(1): “1. Ina n-oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear faoin Rialachán seo, déanfaidh BEI agus CEI reachtaíocht an Aontais is infheidhme agus caighdeáin chomhaontuithe idirnáisiúnta agus Aontais a chomhlíonadh agus, dá bhrí sin, ní thacóidh siad le tionscadail faoin Rialachán seo a rannchuidíonn le sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, seachaint cánach, calaois chánach nó imghabháil cánach. Thairis sin, ní dhéanfaidh BEI agus CEI oibríochtaí nua nó athnuaite le heintitis atá ionchorpraithe nó bunaithe i ndlínsí a liostaítear faoi bheartas ábhartha an Aontais maidir le dlínsí neamh-chomhoibríocha, nó a shainaithnítear mar thríú tíortha ardriosca de bhun Airteagal 9(2) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), nó nach gcomhlíonann go héifeachtach na caighdeáin chánach maidir le trédhearcacht agus malartú faisnéise atá ag AE nó atá comhaontaithe go hidirnáisiúnta. Nuair a bheidh comhaontuithe á dtabhairt i gcrích le hidirghabhálaithe airgeadais, déanfaidh BEI agus CEI na ceanglais dá dtagraítear san Airteagal seo a thrasuí sna comhaontuithe ábhartha agus iarrfaidh siad ar na hidirghabhálaithe airgeadais tuairisciú a dhéanamh maidir lena n-urramú. Déanfaidh BEI agus CEI athbhreithniú ar a mbeartas maidir le dlínsí neamh-chomhoibríocha ar a dhéanaí tar éis ghlacadh liosta an Aontais de dhlínsí atá neamh-chomhoibríoch chun críocha cánach. Gach bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh BEI agus CEI tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme a mbeartas i ndáil le dlínsí neamh-chomhoibríocha i dtaca le hoibríochtaí maoinithe agus infheistíochta CEIS lena n-áirítear faisnéis de réir gach tíre agus liosta d’idirghabhálaithe lena bhfuil BEI agus CEI ag comhoibriú. (*3) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).”;" |
|
(17) |
In Airteagal 23(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte agus an dara habairt den chéad fhomhír: “Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(13) agus (14) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse 5 bliana amhail ón 4 Iúil 2015. Déanfaidh an Coimisiún tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana tuarascáil a ullmhú maidir le tarmligean na cumhachta.”; |
|
(18) |
Déantar Iarscríbhinn II a leasú mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5: “1. Tá an t-imchlúdach airgeadais chun SCE a chur chun feidhme don tréimhse 2014 go 2020 socraithe ag EUR 30 192 259 000 i bpraghsanna reatha. Leithdháilfear an méid sin mar a leanas:
Tá na méideanna sin gan dochar don sásra solúbthachta a chur i bhfeidhm dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (*4). (*4) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).”;" |
|
(2) |
In Airteagal 14, cuirtear na míreanna seo a leanas leis: “5. De mhaolú ar an dara agus ar an tríú fomhír d’Airteagal 140(6) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, is éard a bheidh in ioncam agus in aisíocaíochtaí ó na hionstraimí airgeadais a bhunaítear faoin Rialachán seo agus ó na hionstraimí airgeadais arna mbunú faoi Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 a rinneadh a mheascadh le hionstraimí airgeadais a bhunaítear faoin Rialachán seo, i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, is éard a bheidh san ioncam agus sna haisíocaíochtaí sin ioncam inmheánach sannta de réir bhrí Airteagal 21(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 don Chiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha arna bhunú le Rialachán (AE) 2015/2017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5) 6. De mhaolú ar an dara agus an tríú fomhír d’Airteagal 140(6), de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, is éard a bheidh in ioncam agus in aisíocaíochtaí ó Chiste Eorpach 2020 d’Fhuinneamh, d’Athrú Aeráide & do Bhonneagar (“Ciste Marguerite”), arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 680/2007, ioncam sannta inmheánach de réir bhrí Airteagal 21(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 don Chiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha arna bhunú le Rialachán (AE) 2015/2017. (*5) Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2015 maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, leis an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht agus leis an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 — an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (IO L 169 1.7.2015, lch. 1).”." |
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 13 Nollaig 2017.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. MAASIKAS
(1) IO C 75, 10.3.2017, lch. 57.
(2) IO C 185, 9.6.2017, lch. 62.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Nollaig 2017 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 12 Nollaig 2017.
(4) Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2015 maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, leis an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht agus leis an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 — an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (IO L 169 1.7.2015, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2014 go 2020) a bhunú agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1718/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1855/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1041/2009/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 221).
(8) Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 — An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104).
(9) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle. (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).
(10) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1558 an 22 Iúil 2015 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí bhunú scórchláir tháscairí chun ráthaíocht AE a chur i bhfeidhm (IO L 244, 19.9.2015, lch. 20).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/1017 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Roinn 2 mar a leanas:
|
|
(2) |
I Roinn 3, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
|
|
(3) |
I Roinn 5, cuirtear isteach an abairt seo a leanas: “Cuirfear an scórchlár ar fáil go poiblí a luaithe a shínítear oibríocht faoi ráthaíocht AE, ach nach n-áireofar ann faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála.”; |
|
(4) |
Leasaítear Roinn 6 mar a leanas:
|
|
(5) |
I Roinn 7, pointe (c), scriostar an focal “tosaigh”; |
|
(6) |
Leasaítear Roinn 8 mar a leanas:
|
Ráiteas ón gCoimisiún maidir leis an méadú de EUR 225 milliún i gclár Shaoráid um Chónascadh na hEorpa
Mar thoradh ar an gcomhaontú polaitiúil idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le maoiniú CEIS 2.0, déanfar EUR 275 milliún a ath-imlonnú ó ionstraimí airgeadais SCE, ar laghdú de EUR 225 milliún é sin i gcomparáid leis an togra ón gCoimisiún.
Dearbhaíonn an Coimisiún go ndéanfar an cláreagrú airgeadais a leasú chun freagairt don mhéadú comhfhreagrach de EUR 225 milliún i gclár SCE.
I gcreat na nósanna imeachta buiséadacha bliantúla do na blianta 2019-2020, cuirfidh an Coimisiún na tograí iomchuí ar aghaidh chun leithdháileadh optamach an mhéid sin laistigh de chlár SCE a áirithiú.