27.12.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2017/2394 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Nollaig 2017

maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá foráil i Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir le rialacha agus nósanna imeachta comhchuibhithe arb é is aidhm dóibh comhar a éascú idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe chun tomhaltóirí a chosaint a fhorfheidhmiú thar theorainneacha. In Airteagal 21a de Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004, tá foráil maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtacht an Rialacháin sin agus ar a shásraí oibríochtúla. I ndiaidh an athbhreithnithe sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar bhealach éifeachtach ar na dúshláin forfheidhmiúcháin a bhaineann leis an Margadh Aonair, lena n-áirítear na dúshláin a bhaineann leis an Margadh Aonair Digiteach.

(2)

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2015“Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach don Eoraip”, aithníodh go bhfuil muinín tomhaltóirí a neartú trí reachtaíocht maidir le tomhaltóirí a fhorfheidhmiú ar bhealach níos tapa agus níos comhsheasmhaí ar thosaíocht de chuid na Teachtaireachta sin. Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2015“An Straitéis maidir leis an Margadh Aonair Digiteach a uasdátú: tuilleadh deiseanna do dhaoine agus don ghnó”, cuireadh i dtábhacht arís gur cheart forfheidhmiú reachtaíocht cosanta tomhaltóirí an Aontais a athneartú trí Rialachán (CE) Uimh 2006/2004 a athchóiriú.

(3)

Leis an reachtaíocht maidir le cásanna sáruithe trasteorann a fhorfheidhmiú go mí-éifeachtach, lena n-áirítear sa timpeallacht dhigiteach, bíonn trádálaithe in ann dul timpeall ar fhorfheidhmiú an dlí trí athlonnú go háit eile laistigh den Aontas. Ina theannta sin cruthaítear saobhadh iomaíochta do na trádálaithe a bhíonn i gcomhréir leis an dlí, bídís ag feidhmiú go náisiúnta nó thar theorainneacha, rud lena ndéantar díobháil dhíreach do thomhaltóirí agus lena lagaítear an mhuinín a bhíonn ag tomhaltóirí as idirbhearta trasteorann agus as an margadh inmheánach. Dá bhrí sin, tá gá le leibhéal comhchuibhithe níos airde, lena n-áirítear comhar forfheidhmiúcháin éifeachtach éifeachtúil a bhaint amach i measc na n-údarás inniúil poiblí forfheidhmiúcháin chun sáruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo a bhrath agus a imscrúdú, agus chun ordú a thabhairt scor díobh nó iad a thoirmeasc.

(4)

Le Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004, bunaíodh líonra d’údaráis inniúla forfheidhmiúcháin phoiblí ar fud an Aontais. Tá gá le comhordú éifeachtach idir na húdaráis inniúla éagsúla atá rannpháirteach sa líonra sin, agus idir údaráis phoiblí eile ar leibhéal na mBallstát chomh maith. Ba cheart ról comhordúcháin na hoifige idirchaidrimh aonair a chur de chúram ar údarás poiblí i ngach Ballstát. Ba cheart gur údarás a bhfuil a dhóthain cumhachtaí agus na hacmhainní atá riachtanach aige chun an ról tábhachtach seo a ghlacadh chuige féin a bheadh san údarás sin. Spreagtar gach Ballstát chun ceann de na húdaráis inniúla a ainmniú mar an oifig idirchaidrimh aonair de bhun an Rialacháin seo.

(5)

Ba cheart tomhaltóirí a chosaint freisin ar sháruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo ar scoireadh díobh cheana féin ach a bhféadfadh a ndrochthionchar maireachtáil. Ba cheart na híoschumhachtaí atá riachtanach a bheith ag údaráis inniúla chun sáruithe den sórt sin a imscrúdú agus ordú a thabhairt scor díobh nó iad a thoirmeasc amach anseo, d’fhonn a n-athdhéanamh a sheachaint, agus chun cosaint ardleibhéil na dtomhaltóirí a áirithiú le linn dóibh déanamh amhlaidh.

(6)

Ba cheart sraith íosta cumhachtaí imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin a bheith ag na húdaráis inniúla chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm,chun dul i mbun comhair le chéile ar bhonn níos gasta agus níos éifeachtúla agus chun trádálaithe a dhíspreagadh ó sháruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo a dhéanamh. Ba cheart na cumhachtaí sin a bheith leordhóthanach chun dul i ngleic go héifeachtach leis na dúshláin forfheidhmiúcháin a bhaineann le ríomhthráchtáil agus leis an timpeallacht dhigiteach agus chun cosc a chur ar thrádálaithe neamhchomhlíontacha teacht i dtír as bearnaí sa chóras forfheidhmiúcháin trí athlonnú go dtí na Ballstáit sin nach bhfuil ar chumas na n-údarás inniúil acu dul i ngleic le cleachtais neamhdhleathacha. Ba cheart a áirithiú leis na cearta sin gur féidir leis na Ballstáit an fhaisnéis agus an fhianaise atá riachtanach a mhalartú ar dhóigh bhailí i measc na n-údarás inniúil chun go mbainfear amach leibhéal comhionann forfheidhmiúcháin éifeachtach sna Ballstáit uile.

(7)

Ba cheart do gach Ballstát a áirithiú go mbeidh ag na húdaráis inniúla ar fad atá laistigh dá dhlínse na híoschumhachtaí uile atá riachtanach chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm mar is ceart. Ar a shon sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh gan na cumhachtaí go léir a thabhairt do gach údarás inniúil, ar choinníoll go bhféadfaidh aon údarás inniúil amháin, gach cumhacht díobh a fheidhmiú go héifeachtach agus de réir mar is gá, i ndáil le haon sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh freisin, i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo, cúraimí áirithe a shannadh do chomhlachtaí ainmnithe nó an chumhacht a thabhairt d’údaráis inniúla dul i gcomhairle le heagraíochtaí tomhaltóirí, le comhlachais trádálaithe, le comhlachtaí ainmnithe, nó le daoine eile lena mbaineann maidir lena éifeachtaí atá na gealltanais a thograigh trádálaí i ndáil le scor den sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Mar sin féin, níor cheart na Ballstáit a bheith faoi aon oibleagáid tabhairt ar chomhlachtaí ainmnithe a bheith páirteach i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo ná foráil a dhéanamh maidir le comhairliúcháin le heagraíochtaí tomhaltóirí, le comhlachais trádálaithe, le comhlachtaí ainmnithe, nó le daoine eile lena mbaineann, maidir lena éifeachtaí atá na gealltanais arna dtogrú i ndáil le scor den sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

(8)

Ba cheart go mbeadh údaráis inniúla in ann tús a chur le himscrúduithe nó le himeachtaí ar a dtionscnamh féin má chuirtear sáruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo ar a súile dóibh ar aon dóigh seachas mar ghearáin ó thomhaltóirí.

(9)

Ba cheart rochtain a bheith ag údaráis inniúla ar aon doiciméid, aon sonraí agus aon fhaisnéis atá riachtanach a bhaineann le hábhar imscrúdaithe nó le hábhar imscrúduithe comhbheartaithe ar mhargaí tomhaltóirí (“scuab-imscrúduithe”) chun a chinneadh an ndearnadh sárú ar dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí, nó an bhfuil sárú den sórt sin á dhéanamh, agus go háirithe chun an trádálaí atá freagrach a shainaithint, is cuma cé aige a bhfuil na doiciméid, an fhaisnéis nó na sonraí atá i gceist, agus beag beann ar a bhfoirm nó a bhformáid, modh a stórála ar an áit a bhfuil siad. Ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann a iarraidh go díreach ar thríú páirtithe sa slabhra luacha dhigitigh aon fhianaise, aon sonraí agus aon fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil, i gcomhréir le Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus i gcomhréir leis an reachtaíocht faoi chosaint sonraí pearsanta.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh na húdaráis inniúla in ann a iarraidh go ndéanfadh aon údarás, comhlacht nó gníomhaireacht phoiblí laistigh dá mBallstát nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear, mar shampla, soláthraithe seirbhísí íocaíochta, soláthraithe seirbhísí idirlín, oibreoirí teileachumarsáide, clárlanna agus cláraitheoirí fearann agus soláthraithe seirbhíse óstála, aon fhaisnéis ábhartha a sholáthar chun a shuíomh an bhfuil sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo déanta nó á dhéanamh.

(11)

Ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann na cigireachtaí atá riachtanach a dhéanamh ar an láthair, agus ba cheart an chumhacht a bheith acu dul isteach in aon áitreabh, ar aon talamh nó in aon mhodh iompair a úsáideann an trádálaí lena mbaineann an chigireacht chun críocha a bhaineann lena thrádáil, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm.

(12)

Ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann a iarraidh ar aon ionadaí nó ball foirne de chuid an trádálaí lena mbaineann an chigireacht míniú a thabhairt ar fhiricí, faisnéis, sonraí nó doiciméid a bhaineann le hábhar na cigireachta agus na freagraí a thugann an t-ionadaí nó an ball foirne sin a thaifeadadh.

(13)

Ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann a fhíorú go bhfuil dlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí á gcomhlíonadh agus fianaise a fháil faoi sháruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo, lena n-áirítear sáruithe a dhéantar le linn nó tar éis earraí nó seirbhísí a cheannach. Ba cheart, dá bhrí sin, an chumhacht a bheith ag na húdaráis inniúla earraí nó seirbhísí a cheannach, i gcás ina bhfuil an méid sin riachtanach, faoi chéannacht cheilte, chun sáruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo a bhrath, amhail ceart tarraingt siar an tomhaltóra a dhiúltú i gcás cianchonarthaí, agus chun fianaise a fháil. Ba cheart a áireamh sa chumhacht sin freisin an chumhacht chun cigireacht a dhéanamh ar tháirge nó ar sheirbhís nó é nó í a ghrinniú nó staidéar a dhéanamh air nó uirthi, nó é nó í a dhíchóimeáil nó a thástáil, ar táirge nó seirbhís é nó í a cheannaigh an t údarás inniúil chun na gcríoch sin. D’fhéadfadh sé go gcuimseofaí sa chumhacht chun earraí nó seirbhísí a cheannach mar cheannacháin tástála cumhacht na n-údarás inniúil a áirithiú go n-aisíoctar aon íocaíocht a rinneadh más rud é nach mbeadh an t-aisíoc sin díréireach agus go gcomhlíonfaí dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta leis murach sin.

(14)

Sa timpeallacht dhigiteach go háirithe, ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann sáruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo a stopadh go tapa agus go héifeachtach, agus go háirithe i gcásanna ina ndéanann an trádálaí atá ag díol earraí nó seirbhísí a chéannacht a cheilt nó ina n-athlonnaíonn sé laistigh den Aontas nó go tríú tír chun forfheidhmiú a sheachaint. I gcásanna ina bhfuil an baol ann go ndéanfar díobháil thromchúiseach do chomhleasanna tomhaltóirí, ba cheart go mbeadh na húdaráis inniúla in ann bearta eatramhacha a ghlacadh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear ábhar a bhaint ó chomhéadán ar líne nó a ordú go dtaispeánfar rabhadh follasach do thomhaltóirí nuair a bheidh rochtain á fáil ar an gcomhéadan ar líne. Maidir leis na bearta eatramhacha, níor cheart dóibh dul thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a bhaint amach. Lena chois sin, ba cheart an chumhacht a bheith ag na húdaráis inniúla a ordú go dtaispeánfaí rabhadh follasach do thomhaltóirí nuair a bheidh rochtain á fáil ar chomhéadan ar líne acu, nó a ordú go mbainfí nó go modhnófaí ábhar digiteach mura bhfuil aon mheáin éifeachtacha eile ann chun cleachtas neamhdhleathach a stopadh. Maidir leis na bearta sin, níor cheart dóibh dul thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach, eadhon deireadh a chur leis an sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo nó é a thoirmeasc.

(15)

Agus cuspóir an Rialacháin seo á shaothrú ag na húdaráis inniúla agus béim á cur acu ar an tábhacht a bhaineann le toil na dtrádálaithe gníomhú i gcomhréir le dlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí agus sáruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo ar a n-iarmhairtí a leigheas, ba cheart an fhéideartheacht bheith ag na húdaráis inniúla teacht ar chomhaontú leis na trádálaithe maidir le gealltanais ina leagfaí amach na céimeanna agus na bearta a bheadh le glacadh ag trádálaí i ndáil le sárú, agus go háirithe chun go scoirfí den sárú.

(16)

Is cuid thábhachtach den chóras forfheidhmiúcháin pionóis mar gheall ar sháruithe ar dhlí na dtomhaltóirí toisc go mbíonn tionchar díreach acu ar leibhéal an díspreagtha a chuirtear i bhfeidhm tríd an bhforfheidhmiú poiblí. Mar chuid dá níoschumhachtaí, ba cheart an ceart a bheith ag na húdaráis inniúla pionóis a fhorchur mar gheall ar sháruithe laistigh den Aonta a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ós rud é nach ndéantar gné trasteorann an tsáraithe a chur san áireamh i gcónaí i gcórais náisiúnta pionós. Níor cheart a cheangal ar na Ballstáit córas nua do phionóis a leagan amach do sháruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Ina ionad sin, ba cheart dóibh an córas is infheidhme don sárú baile céanna a chur i bhfeidhm, agus scála agus raon feidhme iarbhír an tsáraithe lena mbaineann á gcur san áireamh i gcás ina bhfuil an méid sin indéanta. I bhfianaise Thuarascáil an Choimisiúin ar an tSeiceáil Oiriúnachta ar an dlí tomhaltóireachta agus margaíochta, d’fhéadfadh sé go measfaí go mbeadh sé riachtanach neartú a dhéanamh ar leibhéal na bpionós mar gheall ar sháruithe ar dhlí tomhaltóirí an Aontais.

(17)

Ba cheart do thomhaltóirí a bheith i dteideal sásamh a fháil as díobháil arb í is cúis léi sáruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Maidir le cumhacht na n-údarás inniúil gealltanais bhreise feabhais a fháil ón trádálaí do thomhaltóirí a ndéanann an sárú líomhnaithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo difear dóibh nó, i gcás inarb iomchuí, chun féachaint le gealltanais a fháil ón trádálaí go ndéanfadh sé leigheasanna dóthanacha a thairiscint do na tomhaltóirí a ndéanann an sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo difear dóibh, ba cheart, leis an gcumhacht sin, go rannchuideofaí le deireadh a chur leis an drochthionchar ar thomhaltóirí ar sárú trasteorann is cúis leis. D’fhéadfaí a áireamh, inter alia, sna leigheasanna sin, deisiú, athsholáthar, praghsanna a laghdú, conarthaí a fhoirceannadh nó an praghas a íocadh ar na hearraí nó na seirbhísí a aisíoc de réir mar is iomchuí chun go maolófaí na hiarmhairtí diúltacha atá ag an sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo ar an tomhaltóir lena mbaineann, i gcomhréir le ceanglais dhlí an Aontais. Ba cheart nár dhochar an méid seo do cheart an tomhaltóra sásamh a lorg trí mhodhanna iomchuí. I gcás inarb infheidhme, ba cheart do na húdaráis inniúla na tomhaltóirí sin a éilíonn go ndearnadh díobháil dóibh mar thoradh ar shárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo, a chur ar an eolas faoin gcaoi chun cúiteamh a lorg faoin dlí náisiúnta.

(18)

Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, ba cheart go mbeadh cur chun feidhme agus feidhmiú na gcumhachtaí sin comhréireach agus dóthanach i bhfianaise chineál agus dhíobháil iarbhír nó fhéideartha an tsáraithe ar dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí. Ba cheart do na húdaráis inniúla fíricí agus imthosca uile an cháis a chur san áireamh agus na bearta is iomchuí a roghnú atá fíór-riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar an sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart do na bearta sin a bheith comhréireach, éifeachtach agus athchomhairleach.

(19)

Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, ba cheart go gcomhlíonfadh cur chun feidhme agus feidhmiú na gcumhachtaí dlí eile an Aontais agus dlí náisiúnta eile freisin, lena n-áirítear na coimircí nós imeachta is infheidhme agus prionsabail na gceart bunúsach. Ba cheart do na Ballstáit a bheith saor i gcónaí chun coinníollacha agus teorainneacha a leagan amach chun na cumhachtaí a fheidhmiú sa dlí náisiúnta, i gcomhréir le dlí an Aontais. I gcás, mar shampla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ina gceanglaítear réamhúdarú ó údarás breithiúnach an Bhallstáit lena mbaineann chun dul isteach ar áitreabh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, níor cheart an chumhacht chun dul isteach ar an áitreabh sin a úsáid ach tar éis an réamhúdarú sin a fháil.

(20)

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh cé acu an mbainfidh na húdaráis inniúla leas as na cumhachtaí sin go díreach, faoina n-údarás féin, trí dhul ar iontaoibh údaráis inniúla eile nó údaráis phoiblí eile, trí threoir a thabhairt do chomhlachtaí ainmnithe nó trí iarratas a chur faoi bhráid na gcúirteanna inniúla. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar na cumhachtaí sin a fheidhmiú go héifeachtach agus go pras.

(21)

Agus freagra á thabhairt ar iarrataí arna ndéanamh tríd an sásra um chúnamh frithpháirteach, ba cheart do na húdaráis inniúla, nuair is iomchuí, úsáid a bhaint freisin as cumhachtaí nó bearta eile arna ndeonú dóibh ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear an chumhacht chun ionchúiseamh coiriúil a thionscnamh nó ábhair a tharchur le haghaidhionchúiseamh coiriúil. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh na hacmhainní agus na cumhachtaí atá riachtanach ag cúirteanna agus údaráis eile, go háirithe cúirteanna agus údaráis a bhíonn ag plé le hionchúisimh choiriúla, chun dul i mbun comhair le húdaráis inniúla go héifeachtach agus go pras.

(22)

Ba cheart éifeachtúlacht agus éifeachtacht an tsásra um chúnamh frithpháirteach a fheabhsú. Ba cheart pé faisnéis a iarrfar a sholáthar laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach sa Rialachán seo agus ba cheart na bearta imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin atá riachtanach a ghlacadh go pras. Ba cheart do na húdaráis inniúla freagra a thabhairt ar iarrataí ar fhaisnéis agus ar fhorfheidhmiú i dtréimhsí ama a shocraítear, mura rud é go gcomhaontaítear a mhalairt. Ba cheart na hoibleagáidí atá ar an údaráis inniúil, faoi chuimsiú an chúnaimh fhrithpháirtigh, a bheith ann i gcónaí, mura rud é gur dóigh go n-áiritheofar, le gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin agus cinntí riaracháin a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta lasmuigh de chreat an chúnaimh fhrithpháirtigh go scoirfí den sárú laistigh den Aontas nó go dtoirmeascfaí é ar bhealach gasta éifeachtach. Ba cheart a thuiscint go mbeidh cinntí riaracháin ina leith sin ina gcinntí lena dtugtar éifeacht do na bearta a dhéantar chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú laistigh den Aontas nó go dtoirmeascfaí é. Sna cásanna eisceachtúla sin, ba cheart d’údaráis inniúla a bheith i dteideal diúltú iarraidh a chomhlíonadh, ar iarraidh ar bhearta forfheidhmiúcháin faoi chuimsiú an chúnaimh fhrithpháirtigh í.

(23)

Ba cheart go dtiocfadh feabhas ar chumas an Choimisiúin comhordú agus faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú an tsásra um chúnamh frithpháirteach, treoir a eisiúint, moltaí a dhéanamh agus tuairimí a eisiúint do na Ballstáit nuair a thagann fadhbanna chun cinn. Ba cheart gurbh fhearr a bheadh an Coimisiún in ann, freisin, cúnamh éifeachtach tapa a thabhairt do na húdaráis inniúla chun teacht ar réiteach ar dhíospóidí maidir le léiriú na n-oibleagáidí atá orthu de dhroim an tsásra um chúnamh frithpháirteach.

(24)

Ba cheart don Rialachán seo foráil a dhéanamh do rialacha comhchuibhithe lena leagtar amach na nósanna imeachta maidir le comhordú, a dhéanamh ar bhearta imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin ar sháruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais. Ba cheart a áirithiú leis na gníomhaíochtaí comhordaithe i gcoinne sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais go bhféadfaidh na húdaráis inniúla na huirlisí is oiriúnaí agus is éifeachtaí a roghnú chun na sáruithe forleathana sin a stopadh agus, i gcás inarb iomchuí, chun gealltanais feabhais a fháil nó a lorg ó na trádálaithe atá freagrach chun leas tomhaltóirí.

(25)

Ba cheart do na húdaráis inniúla lena mbaineann, mar chuid de ghníomhaíocht chomhordaithe, a gcuid beart imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin a chomhordú d’fhonn dul i ngleic go héifeachtach leis an sárú forleathan agus leis an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais agus chun a chur faoi deara go scoirfí de nó go dtoirmeascfaí é. Chun na críche sin, ba cheart an fhianaise agus an fhaisnéis uile atá riachtanach a mhalartú idir na húdaráis inniúla agus ba cheart pé cúnamh atá riachtanach a chur ar fáil. Maidir leis na húdaráis inniúla lena mbaineann an sárú forleathan nó an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais, ba cheart dóibh na bearta forfheidhmiúcháin atá riachtanach a dhéanamh ar bhealach comhordaithe chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú sin nó go dtoirmeascfaí é.

(26)

Ba cheart gur leordhóthanach rannpháirtíocht gach údaráis inniúil sa ghníomhaíocht chomhordaithe i gcomhréir leis na bearta imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin a cheanglaítear ar údarás inniúil a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an sárú forleathan nó an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais ar bhealach éifeachtach. Níor cheart na húdaráis inniúla lena mbaineann an sárú sin a bheith faoi cheangal ach chun na bearta imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin a dhéanamh atá riachtanach chun an fhianaise agus an fhaisnéis uile atá riachtanach a fháil maidir leis an sárú forleathan agus an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú nó go dtoirmeascfaí é. Mar sin féin, níor cheart easpa acmhainní infhaighte de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann an sárú sin a mheas mar ní lena dtugtar bonn cirt le gan páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht chomhordaithe.

(27)

Na húdaráis inniúla a mbaineann an sárú forleathan leo nó sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais leo agus atá rannpháirteach i ngníomhaíocht chomhordaithe, ba cheart dóibh a bheith in ann bearta náisiúnta imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin a dhéanamh i ndáil leis an sárú céanna. Ag an am céanna, áfach, an oibleagáid atá ar an údarás inniúil maidir lena chuid gníomhaíochtaí imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin a chomhordú faoi chuimsiú na gníomhaíochta comhordaithe le húdaráis inniúla eile lena mbaineann an sárú sin, ba cheart an oibleagáid sin a choimeád i bhfeidhm, mura rud é gur dóigh go n-áiritheoidh gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin agus cinntí riaracháin arna ndéanamh ar an leibhéal náisiúnta lasmuigh de chreat na gníomhaíochta comhordaithe go scoirfí den sárú forleathan nó den sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais nó go dtoirmeascfaí é, ar bhealach gasta, éifeachtach. Ba cheart cinntí riaracháin ina leith sin a thuiscint mar chinntí lena dtugtar éifeacht do na bearta a dhéantar chun a chur faoi deara go scoirfí de nó go dtoirmeascfaí é. Sna cásanna eisceachtúla sin, ba cheart go mbeadh na húdaráis inniúla i dteideal diúltú bheith rannpháirteach sa ghníomhaíocht chomhordaithe.

(28)

Má tá drochamhras réasúnach ann go bhfuil sárú forleathan ann, ba cheart do na húdaráis inniúla lena mbaineann an sárú sin tús a chur le gníomhaíocht chomhordaithe, trí chomhaontú. D’fhonn a shuí cé na húdaráis inniúla lena mbaineann an sárú forleathan, ba cheart gnéithe ábhartha uile an tsáraithe sin a bhreithniú, go háirithe an áit a bhfuil an trádálaí bunaithe nó a bhfuil cónaí air, an suíomh ina bhfuil sócmhainní na dtrádálaithe, an áit a bhfuil na tomhaltóirí a ndearna an sárú líomhnaithe díobháil dóibh agus an áit a bhfuil pointí díolacháin an trádálaí, i.e. siopaí agus suíomhanna gréasáin.

(29)

Ba cheart don Choimisiún comhoibriú níos dlúithe leis na Ballstáit chun cosc a chur ar sháruithe arna ndéanamh ar mhórscála. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún fógra a thabhairt ar bhealach gníomhach do na húdaráis inniúla má tá drochamhras air faoi aon sáruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Má tá drochamhras réasúnach ar an gCoimisiún, de bharr faireachán a dhéanamh mar shampla ar na foláirimh a eisíonn na húdaráis inniúla, go ndearnadh sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais, ba cheart dó fógra a thabhairt do na Ballstáit, trí na húdaráis inniúla agus na hoifigí idirchaidrimh aonair lena mbaineann an sárú líomhnaithe sin, agus na forais lena dtugtar bonn cirt don ghníomhaíocht chomhordaithe a d’fhéadfaí a dhéanamh á lua san fhógra. Na húdaráis inniúla lena mbaineann, ba cheart dóibh imscrúduithe iomchuí a dhéanamh bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil dóibh nó a bhfuil teacht acu uirthi go héasca. Ba cheart dóibh fógra faoi thorthaí a n-imscrúduithe a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil eile, na n-oifigí idirchaidrimh aonair lena mbaineann an sárú sin agus faoi bhráid an Choimisiúin. I gcás ina dtiocfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann ar an tátal go léiríonn na himscrúduithe sin go bhféadfadh sé go bhfuil sárú á dhéanamh, ba cheart dóibh tús a chur leis an ngníomhaíocht chomhordaithe trí na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo, a dhéanamh. Ba cheart gurbh é an Coimisiún i gcónaí a chomhordódh gníomhaíocht chomhordaithe lena dtéitear i ngleic le sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais. Más dealraitheach go mbaineann an sárú sin leis an mBallstát, ba cheart dó páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht chomhordaithe d’fhonn cabhrú chun an fhaisnéis uile agus an fhianaise uile atá riachtanach a bhaineann leis an sárú a bhailiú agus chun a chur faoi deara go scoirfí de nó go dtoirmeascfaí é. Maidir leis na bearta forfheidhmiúcháin, níor cheart go ndéanfaí aon difear d’imeachtaí coiriúla ná breithiúnacha sna Ballstáit le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart prionsabal ne bis in idem a urramú. Mar sin féin, má dhéanann an trádálaí céanna na gníomhartha céanna nó an neamhghníomh céanna athuair, agus más sárú é a chumhdaítear leis an Rialachán seo ar tugadh aghaidh air cheana le nósanna imeachta forfheidhmiúcháin lenar scoireadh den sárú sin nó lenar toirmeascadh é dá thoradh, ba cheart an méid sin a mheas mar shárú nua agus ba cheart do na húdaráis inniúla aghaidh a thabhairt air.

(30)

Na húdaráis inniúla lena mbaineann, ba cheart dóibh na bearta imscrúdúcháin atá riachtanach a dhéanamh chun mionsonraí an tsáraithe fhorleathain nó an tsáraithe fhorleathain lena mbaineann gné Aontais a shuí, agus go háirithe céannacht an trádálaí, agus na gníomhartha, nó na neamhghníomhartha arna ndéanamh ag an trádálaí, mar aon le tionchar an tsáraithe. Ba cheart na bearta forfheidhmiúcháin a bheith bunaithe ar thoradh an imscrúdaithe. I gcás inarb iomchuí, ba cheart toradh an imscrúdaithe mar aon leis an measúnú ar an sárú forleathan nó ar an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais a leagan amach i gcomhsheasamh arna chomhaontú i measc údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann an ghníomhaíocht chomhordaithe, agus ba cheart é a dhíriú ar an trádálaí atá freagrach as an sárú sin. Níor cheart gur cinneadh ceangailteach de chuid na n-údarás inniúil é an comhsheasamh. Ba cheart, áfach, an deis a thabhairt don seolaí é féin a chur in iúl i ndáil leis na hábhair atá ina gcuid den chomhsheasamh.

(31)

I gcomhthéacs sáruithe forleathana nó sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais, ba cheart na cearta chun cosanta atá ag na trádálaithe lena mbaineann a urramú. Chuige sin, go háirithe, tá sé riachtanach cearta a thabhairt don trádálaí le linn na n-imeachtaí arb iad an ceart go n-éistfí é agus an ceart chun teanga oifigiúil nó ceann de na teangacha oifigiúla a úsáid a úsáidtear chun críocha oifigiúla sa Bhallstát ina bhfuil an trádálaí bunaithe nó ina bhfuil cónaí air. Tá sé ríthábhachtach freisin a áirithiú go gcomhlíontar dlí an Aontais maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochtaithe a chosaint.

(32)

Na húdaráis inniúla lena mbaineann, ba cheart dóibh na bearta riachtanacha imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin a dhéanamh laistigh dá ndlínse féin. Mar sin féin, níl éifeachtaí sáruithe forleathana nó sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais teoranta d’aon Bhallstát amháin. Dá bhrí sin, tá comhar idir-údaráis inniúla ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar na sáruithe sin agus chun a chur faoi deara go scoirfí díobh nó go dtoirmeascfaí iad.

(33)

Ba cheart tacú le sáruithe forleathana a chumhdaítear leis an Rialachán seo a bhrath go héifeachtach trí fhaisnéis a mhalartú idir na húdaráis inniúla agus an Coimisiún trí fholáirimh a eisiúint má tá drochamhras réasúnach ann go bhfuil na sáruithe sin ann. Ba cheart don Choimisiún comhordú a dhéanamh ar fheidhmiú an mhalartaithe faisnéise.

(34)

Tá ról ríthábhachtach ag eagraíochtaí tomhaltóirí ó thaobh tomhaltóirí a chur ar an eolas faoina gcearta, a bhfeasacht a neartú, agus a leasanna a chosaint, lena n-áirítear díospóidí a réiteach. Ba cheart tomhaltóirí a spreagadh le dul i mbun comhair leis na húdaráis inniúla chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a neartú.

(35)

Ba cheart a cheadú do chomhlachais tomhaltóirí agus, i gcás inarb iomchuí, do chomhlachais trádála, a bheith rannpháirteach sa sásra foláirimh freisin, chun go bhféadfaidh siad fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla faoi sháruithe drochamhrasta a chumhdaítear leis an Rialachán seo, faisnéis a chomhroinnt leo a theastaíonn chun sáruithe a bhrath, a imscrúdú agus a stopadh, tuairim uathu a thabhairt faoi imscrúduithe nó faoi sháruithe agus fógra a thabhairt d’údaráis inniúla faoi mhí-úsáid dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí.

(36)

D’fhonn a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme mar is ceart, ba cheart do na Ballstáit an chumhacht a thabhairt do chomhlachtaí ainmnithe, do na Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí, d’eagraíochtaí agus do chumainn tomhaltóirí, agus, i gcás inarb iomchuí do chomhlachais trádálaithe, a bhfuil an saineolas riachtanach acu, foláirimh sheachtracha a eisiúint d’údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann agus chun an Coimisiún a chur ar an eolas faoi sháruithe drochamhrasta a chumhdaítear leis an Rialachán seo, agus pé faisnéis atá riachtanach atá ar fáil dóibh a sholáthar. D’fhéadfadh cúiseanna iomchuí a bheith ag na Ballstáit gan an chumhacht a thabhairt do na heintitis sin dul i mbun na ngníomhaíochtaí sin. Sa chomhthéacs seo, i gcás ina gcinnfidh Ballstát gan an chumhacht a thabhairt d’aon cheann de na heintitis sin foláirimh sheachtracha a eisiúint, ba cheart dó míniú lena dtugtar na cúiseanna a bhí aige déanamh amhlaidh a chur ar fáil.

(37)

Is saghas eile comhordú forfheidhmiúcháin na scuab-imscrúduithe ar mhargaí tomhaltais, agus tá sé léirithe gur uirlis éifeachtach iad i gcoinne sáruithe ar dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí, agus ba cheart leanúint de bheith á úsáid agus é a neartú amach anseo, i gcás na n-earnálacha ar líne agus as líne araon. Ba cheart scuab-imscrúduithe a dhéanamh go háirithe i gcás ina dtugtar le tuiscint, le treochtaí sa mhargadh, le gearáin tomhaltóirí nó le sonraí eile, go bhféadfadh sé go ndearnadh sáruithe ar dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí nó go bhfuil sáruithe á ndéanamh orthu.

(38)

Is minic gur mór an cuidiú ag lucht déanta beartas, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, sonraí a bheith ar fáil dóibh a bhaineann le gearáin tomhaltóirí, chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú margaí tomhaltóirí agus sáruithe a bhrath. Is é an ceart é go gcuirfí chun cinn ar leibhéal an Aontais malartú sonraí den chineál sin.

(39)

Tá sé ríthábhachtach, a mhéid is gá sin chun rannchuidiú le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, go gcuirfeadh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoina gcuid gníomhaíochtaí i dtaca le leasanna tomhaltóirí a chosaint, lena n-áirítear faoina gcuid tacaíochta do ghníomhaíochtaí ionadaithe tomhaltóirí, faoina gcuid tacaíochta do ghníomhaíochtaí comhlachtaí atá freagrach as díospóidí tomhaltóirí a réiteach go seachbhreithiúnach agus faoina gcuid tacaíochta do rochtain tomhaltóirí ar an gceartas. I gcomhar leis an gCoimisiún, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann dul i mbun gníomhaíochtaí comhpháirteacha maidir le faisnéis a bhaineann le beartas tomhaltóirí a mhalartú sna réimsí thuasluaite.

(40)

Na dúshláin forfheidhmiúcháin atá ann, téann siad thar theorainneacha an Aontais, agus is gá leasanna thomhaltóirí an Aontais a chosaint ó thrádálaithe bradacha atá bunaithe i dtríú tíortha. Ar an ábhar sin, ba cheart caibidliú a dhéanamh le tríú tíortha ar chomhaontuithe idirnáisiúnta maidir le cúnamh frithpháirteach chun dlí an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí a fhorfheidhmiú. Ba cheart an t-ábhar a leagtar síos sa Rialachán seo a bheith san áireamh sna comhaontuithe idirnáisiúnta sin agus ba cheart iad a chaibidil ar leibhéal an Aontais chun an chosaint is fearr is féidir do thomhaltóirí an Aontais agus comhar rianúil le tríú tíortha a áirithiú.

(41)

An fhaisnéis a mhalartaítear idir na húdaráis inniúla, ba cheart í a bheith faoi réir rialacha diana rúndachta agus sicréideachta ghairmiúla agus tráchtála d’fhonn a áirithiú nach gcuirfear imscrúduithe i gcontúirt agus nach ndéanfar dochar go héagórach do chlú na dtrádálaithe. Ba cheart do na húdaráis inniúla an nochtadh a chinneadh i gcónaí ar bhonn an cháis a bhíonn i gceist agus gan é a dhéanamh ach amháin nuair is iomchuí agus nuair is gá, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, agus aird á tabhairt ar leas an phobail, amhail sábháilteacht an phobail, cosaint an tomhaltóra, an tsláinte phoiblí nó cosaint an chomhshaoil agus seoladh cuí imscrúduithe coiriúla.

(42)

Chun feabhas a chur ar a thrédhearcaí atá an gréasán comhair, agus chun feasacht a mhúscailt i measc tomhaltóirí agus i measc an phobail i gcoitinne, gach dara bliain, ba cheart don Choimisiún forléargas a dhéanamh ar an bhfaisnéis, ar an staidreamh agus ar a bhfuil ag titim amach i réimse fhorfheidhmiú dhlí na dtomhaltóirí, a bhaileofar faoi chuimsiú an chomhair fhorfheidhmiúcháin dá bhforáiltear sa Rialachán seo, agus é a chur ar fáil don phobal.

(43)

Ba cheart sáruithe forleathana a réiteach go héifeachtach agus go héifeachtúil. Ba cheart córas malartaithe dhébhliantúil tosaíochtaí forfheidhmiúcháin a chur i bhfeidhm chun é sin a bhaint amach.

(44)

D’fhonn na socruithe praiticiúla agus na socruithe oibríochta maidir le feidhmiú an bhunachair sonraí a leagan síos, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(45)

Ní dochar an Rialachán seo do rialacha earnála an Aontais lena ndéantar foráil maidir le comhar idir rialaitheoirí earnála ná níl sé infheidhme do rialacha earnála an Aontais maidir le cúiteamh do thomhaltóirí as díobháil a eascraíonn as sáruithe ar na rialacha sin. Ní dochar an Rialachán seo do chórais ná do líonraí eile comhair atá leagtar amach i reachtaíocht earnála an Aontais. Méadaíonn an Rialachán seo an comhar agus an comhordú idir an líonra cosanta tomhaltóirí agus i measc líonraí na gcomhlachtaí agus na n-údarás rialála a bunaíodh le reachtaíocht earnála an Aontais. Ní dochar an Rialachán seo do bhearta a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus choiriúla a chur i bhfeidhm sna Ballstáit.

(46)

Ní dochar an Rialachán seo don cheart chun cúiteamh a éileamh, ar bhonn aonair nó comhchoiteann, ar faoi réir an dlí náisiúnta atá sé, agus ní dhéanann sé foráil d’fhorfheidhmiú na n-éileamh sin.

(47)

Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus ag Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcomhthéacs an Rialacháin seo (8).

(48)

Tá an Rialachán seo gan dochar do rialacha an Aontais is infheidhme maidir le cumhachtaí comhlachtaí náisiúnta rialála a bunaíodh le reachtaíocht earnála an Aontais. Más iomchuí agus más féidir, ba cheart do na comhlachtaí sin na cumhachtaí atá ar fáil dóibh faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta a úsáid chun a chur faoi deara go scoirfí de sháruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo nó go dtoirmeascfaí iad, agus chun cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla déanamh amhlaidh.

(49)

Ní dochar an Rialachán seo do ról agus cumhachtaí na n-údarás inniúil agus an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh maidir le comhleasanna eacnamaíocha tomhaltóirí a chosaint in ábhair a bhaineann le seirbhísí do chuntais íocaíochta agus comhaontuithe creidmheasa a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe faoi Threoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus faoi Threoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(50)

I bhfianaise na sásraí comhair arb ann dóibh cheana faoi Threoir 2014/17/AE agus faoi Threoir 2014/92/AE, níor cheart feidhm a bheith ag an sásra um chúnamh frithpháirteach (Caibidil III) maidir le sáruithe laistigh den Aontas ar na Treoracha sin.

(51)

Ní dochar an Rialachán seo do Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle (11).

(52)

Leis an Rialachán seo, urramaítear seo cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear, go háirithe, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus atá ann i dtraidisiúin bhunreachtúla na mBallstát. Dá réir sin, ba cheart an Rialachán seo a léiriú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus prionsabail sin, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le saoirse an phreasa agus saoirse cainte. Agus na híoschumhachtaí atá leagtha amach sa Rialachán seo á bhfeidhmiú acu, ba cheart do na húdaráis inniúla an chothromaíocht iomchuí a bhaint amach idir na leasanna arna gcosaint ag na cearta bunúsacha amhail leibhéal ard cosanta do thomhaltóirí, an tsaoirse chun gnó a sheoladh agus an tsaoirse faisnéise.

(53)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú, a ghnóthú go leordhóthanach toisc nach féidir leo comhar agus comhordú a áirithiú agus iad ag gníomhú leo féin, ach gur fearr, de bharr raon feidhme críochach agus pearsanta an Rialacháin, is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(54)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA RÉAMHRÁITEACHA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos na coinníollacha faoina ndéanfaidh údaráis inniúla, tar éis dá mBallstáit iad a ainmniú mar na húdaráis atá freagrach as dlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí a fhorfheidhmiú, gníomhaíochtaí a chomhordú le chéile agus leis an gCoimisiún, chun comhlíonadh na dlíthe sin a fhorfheidhmiú agus chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach go rianúil, agus chun cosaint leasanna eacnamaíocha tomhaltóirí a fheabhsú.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le sáruithe laistigh den Aontas, le sáruithe forleathana agus le sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais, fiú má scoireadh de na sáruithe sin sula dtosaítear ar an bhforfheidhmiú nó sula gcríochnaítear é.

2.   Ní dochar an Rialachán seo do rialacha an Aontais maidir leis an dlí príobháideach idirnáisiúnta, go háirithe rialacha a bhaineann le dlínse cúirteanna agus na dlíthe is infheidhme.

3.   Ní dochar an Rialachán do bhearta a chur i bhfeidhm sna Ballstáit a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus choiriúla agus, go háirithe feidhmiú an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh.

4.   Ní dochar an Rialachán seo do na Ballstáit aon oibleagáidí breise a chomhlíonadh atá orthu maidir le cúnamh frithpháirteach ar mhaithe le comhleasanna eacnamaíocha tomhaltóirí a chosaint, lena n-áirítear in ábhair choiriúla a eascraíonn as gníomhartha eile dlí, lena n-áirítear comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha.

5.   Ní dochar an Rialachán seo do Threoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

6.   Ní dochar an Rialachán seo don fhéideartheacht atá ann tuilleadh gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin poiblí nó príobháideacha a thionscnamh faoin dlí náisiúnta.

7.   Ní dochar an Rialachán seo do reachtaíocht ábhartha an Aontais atá infheidhme maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta.

8.   Ní dochar an Rialachán seo don dlí náisiúnta atá infheidhme maidir le cúiteamh do thomhaltóirí as díobháil arb é is cúis léi sáruithe ar dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí.

9.   Ní dochar an Rialachán do cheart na n-údarás inniúil gníomhaíochtaí imscrúdúcháin ná gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a thionscnamh i gcoinne níos mó ná trádálaí amháin as sáruithe comhchosúla a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

10.   Níl feidhm ag Caibidil III den Rialachán seo maidir le sáruithe laistigh den Aontas ar Threoracha 2014/17/AE agus 2014/92/AE.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

Ciallaíonn “dlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí” na Rialacháin agus na Treoracha, mar a trasuíodh i ndlíchórais na mBallstát iad, a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis seo;

(2)

ciallaíonn “sárú laistigh den Aontas” aon ghníomh nó neamhghníomh atá contrártha do dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí, ar sárú é a rinne díobháil, a dhéanann díobháil nó ar dóigh dó díobháil a dhéanamh, do chomhleasanna na dtomhaltóirí a chónaíonn i mBallstát seachas an Ballstát:

(a)

inar thosaigh nó ina ndearnadh an gníomh nó ar an neamhghníomh;

(b)

ina bhfuil an trádálaí atá freagrach as an ngníomh nó neamhghníomh bunaithe; nó

(c)

ina bhfuil fianaise nó sócmhainní de chuid an trádálaí a bhaineann leis an ngníomh nó leis an neamhghníomh le fáil;

(3)

ciallaíonn “sárú forleathan”:

(a)

aon ghníomh nó neamhghníomh atá contrártha do dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí, ar gníomh é a rinne díobháil, a dhéanann díobháil nó ar dóigh dó díobháil a dhéanamh, do chomhleasanna na dtomhaltóirí in dhá cheann, ar a laghad, de na Ballstáit, seachas sa Bhallstát

(i)

inar tionscnaíodh an gníomh nó inar tharla an neamhghníomh;

(ii)

ina bhfuil an trádálaí atá freagrach as an ngníomh nó as an neamhghníomh bunaithe; nó

(iii)

ina bhfuil fianaise nó sócmhainní an trádálaí a bhaineann leis an ngníomh nó leis an neamhghníomh le fáil; nó

(b)

aon ghníomhartha nó neamhghníomhartha atá contrártha do dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóírí, ar gníomhartha nó neamhghníomhartha iad a rinne díobháíl, a dhéanann díobháil nó ar dóigh dóibh díobháil a dhéanamh do chomhleasanna na dtomhaltóirí agus a bhfuil tréithe coiteanna ag baint leo, lena n-áirítear an cleachtas mídhleathach céanna, an leas céanna a bheith á shárú agus ar nithe iad arna ndéanamh ag an trádálaí céanna, i gcomhthráth, i dtrí cinn, ar a laghad, de na Ballstáit;

(4)

ciallaíonn “sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais” sárú forleathan a rinne nó a dhéanann díobháil nó ar dóigh dó díobháil a dhéanamh, do chomhleasanna na dtomhaltóirí in dhá thrian de na Ballstáit ar a laghad agus an dá thrian sin cothrom le dhá thrian de dhaonra an Aontais, ar a laghad.

(5)

ciallaíonn “sáruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo” sáruithe laistigh den Aontas, sáruithe forleathana agus sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais.

(6)

ciallaíonn “údarás inniúil” aon údarás poiblí a bunaíodh ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, agus atá ainmnithe ag Ballstát mar an t-údarás atá freagrach as dlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí a fhorfheidhmiú;

(7)

ciallaíonn “oifig idirchaidrimh aonair” an t-údarás poiblí atá ainmnithe ag Ballstát mar an t-údarás atá freagrach as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chomhordú laistigh den Bhallstát sin;

(8)

ciallaíonn “comhlacht ainmnithe” comhlacht a bhfuil leas dlisteanach aige i scor sáruithe, nó iad a thoirmeasc, ar sáruithe iad ar dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí, ar comhlacht é atá ainmnithe ag Ballstát agus a dtugann údarás inniúil treoir dó chun an fhaisnéis atá riachtanach a bhailiú agus pé bearta forfheidhmiúcháin atá riachtanach atá ar fáil don chomhlacht sin faoin dlí náisiúnta a ghlacadh chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú nó go dtoirmeascfaí é, agus a ghníomhaíonn thar ceann an údaráis inniúil sin;

(9)

ciallaíonn “údarás is iarratasóir” an t-údarás inniúil a dhéanann iarraidh ar chúnamh frithpháirteach;

(10)

ciallaíonn “údarás faighte iarrata” an t-údarás inniúil a fhaigheann iarraidh ar chúnamh frithpháirteach;

(11)

ciallaíonn “trádálaí” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, is cuma cé acu faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí atá sé, atá ag gníomhú, lena n-áirítear trí aon duine eile atá ag gníomhú faoina ainm nó thar a cheann, chun críocha a bhfuil baint acu lena thrádáil, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm,

(12)

ciallaíonn “tomhaltóir” aon duine nádúrtha a ghníomhaíonn lasmuigh dá thrádáil, dá ghnó, dá cheird nó dá ghairm;

(13)

ciallaíonn “gearán ó thomhaltóir” ráiteas, a bhfuil fianaise réasúnach ag tacú leis, go ndearna trádálaí sárú ar dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí, go bhfuil sárú den sórt sin á dheanamh aige nó gur dóigh go ndéanfaidh sé sárú den sórt sin;

(14)

ciallaíonn “díobháil do chomhleasanna tomhaltóirí” díobháil iarbhír nó fhéideartha do leasanna roinnt tomhaltóirí ar tomhaltóirí a ndéanann sáruithe laistigh den Aontas, sáruithe forleathana nó sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais difear dóibh;

(15)

ciallaíonn “comhéadan ar líne” aon bhogearra, lena n-áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár, a oibríonn trádálaí nó a oibrítear thar a cheann, agus a fhónann chun rochtain a thabhairt do thomhaltóirí ar earraí nó seirbhísí an trádálaí;

(16)

ciallaíonn “scuab-imscrúduithe” imscrúduithe chomhbheartaithe a dhéanamh ar mhargaí tomhaltóirí trí bhíthin gníomhaíochtaí comhordaithe rialaithe comhuaineacha a dhéanamh chun comhlíonadh dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí a sheiceáil, nó chun sáruithe orthu a bhrath.

Airteagal 4

Fógra a thabhairt faoi thréimhsí teorann

Tabharfaidh gach oifig idirchaidrimh aonair fógra don Choimisiún faoi na tréimhsí teorann atá i bhfeidhm ina Bhallstát féin agus a bhfuil feidhm acu maidir le bearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 9(4). Déanfaidh an Coimisiún achoimre ar na tréimhsí teorann a dtugtar fógra fúthu agus cuirfidh sé an achoimre sin ar fáil do na húdaráis inniúla.

CAIBIDIL II

NA hÚDARÁIS INNIÚLA AGUS A gCUMHACHTAÍ

Airteagal 5

Na húdaráis inniúla agus oifigí idirchaidrimh aonair

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó agus an oifig idirchaidrimh aonair atá freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

2.   Comhlíonfaidh na húdaráis inniúla a gcuid oibleagáidí faoin Rialachán seo amhail is dá mba ag gníomhú thar ceann thomhaltóirí a mBallstáit féin agus ar a gcuntas féin a bheidís.

3.   Laistigh de gach Ballstát, is í an oifig idirchaidrimh aonair a bheidh freagrach as comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin na n-údarás inniúil, na n-údarás poiblí eile amhail dá dtagraítear in Airteagal 6 agus, más infheidhme, na gcomhlachtaí ainmnithe i dtaca le sáruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil ag na húdaráis inniúla agus ag na hoifigí idirchaidrimh aonair na hacmhainní atá riachtanach chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear leordhóthain acmhainní buiséadacha agus acmhainní de chineálacha eile, saineolas, nósanna imeachta agus socruithe eile.

5.   I gcás ina bhfuil níos mó ná aon údarás inniúil amháin ina gcríoch, áiritheoidh na Ballstáit go saineofar dualgais na n-údarás inniúil sin faoi seach go soiléir agus go n-oibreoidh siad i ndlúthchomhar le chéile ionas gur féidir leo na dualgais sin a dhéanamh go héifeachtach.

Airteagal 6

Comhar chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm sna Ballstáit

1.   Chun go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm go cuí, áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh na húdaráis inniúla, maille le húdaráis phoiblí eile agus, más infheidhme, na comhlachtaí ainmnithe, comhar éifeachtach le chéile.

2.   Glacfaidh na húdaráis phoiblí eile dá dtagraítear i mír 1, arna iarraidh sin orthu ag údarás inniúil, gach beart atá riachtanach atá ar fáil dóibh faoin dlí náisiúnta chun a chur faoi deara go scoirfí de sháruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo. nó go dtoirmeascfaí iad

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na hacmhainní agus na cumhachtaí atá riachtanach ag na húdaráis phoiblí eile dá dtagraítear i mír 1 chun dul i mbun comhair go héifeachtach leis na húdaráis inniúla i gcur i bhfeidhm chun an Rialacháin seo. Déanfaidh na húdaráis phoiblí eile sin na húdaráis inniúla a chur ar an eolas go rialta faoi na bearta arna ndéanamh chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

Airteagal 7

Ról na gcomhlachtaí ainmnithe

1.   I gcás inarb infheidhme, féadfaidh údarás inniúil (“údarás treorach”) i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, treoir a thabhairt do chomhlacht ainmnithe pé faisnéis atá riachtanach a bhailiú maidir le sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo nó pé bearta forfheidhmiúcháin atá riachtanach atá ar fáil dó faoin dlí náisiúnta a ghlacadh chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú sin nó go dtoirmeascfaí é. Ní thabharfaidh an t-údarás treorach treoir do chomhlacht inniúil ach amháin más rud é, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás is iarratasóir nó leis na húdaráis inniúla eile lena mbaineann an sárú a chumhdaítear leis na Rialachán seo, go gcomhaontaíonn an t-údarás is iarratasóir agus údarás faighte na hiarrata araon nó na húdaráis inniúla uile lena mbaineann, gur dóigh go bhfaighidh an comhlacht ainmnithe an fhaisnéis atá riachtanach nó chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú nó go dtoirmeascfaí é ar bhealach atá chomh héifeachtúil agus chomh héifeachtach, ar a laghad, le gníomhaíocht de chuid an údaráis threoraigh.

2.   Más rud é go bhfuil an t-údarás is iarratasóir nó na húdaráis eile lena mbaineann an sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo den tuairim nár comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach i mír 1, cuirfidh siad an t-údarás treorach ar an eolas faoi sin gan mhoill, agus leagfaidh siad amach na cúiseanna lena dtugtar bonn cirt don tuairim sin. Mura bhfuil an t-údarás treorach den tuairim chéanna, féadfaidh sé an t-ábhar a tharchur chuig an gCoimisiún, agus-is é an Coimisiún a eiseoidh tuairim ar an ábhar gan mhoill.

3.   Leanfaidh an t-údarás treorach d’oibleagáid a bheith air an fhaisnéis atá riachtanach a bhailiú nó de na bearta imscrúdúcháin nó forfheidhmiúcháin atá riachtanach a dhéanamh más rud é:

(a)

go mainníonn an comhlacht ainmnithe an fhaisnéis atá riachtanach a fháil nó chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo nó go dtoirmeascfaí é gan mhoill; nó

(b)

nach gcomhaontaíonn na húdaráis inniúla lena mbaineann sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo go bhféadfar treoir a thabhairt don chomhlacht ainmnithe de bhun mhír 1.

4.   Déanfaidh an t-údarás treorach na bearta uile atá riachtanach chun cosc a chur le nochtadh faisnéise atá faoi réir na rialacha maidir le rúndacht agus le sicréideacht ghairmiúil agus tráchtála a leagtar amach in Airteagal 33.

Airteagal 8

Faisnéis agus liostaí

1.   Cuirfidh gach Ballstát an fhaisnéis seo a leanas agus aon athruithe uirthi in iúl don Choimisiún gan mhoill:

(a)

céannacht agus sonraí teagmhála na n-údarás inniúil, na hoifige idirchaidrimh aonair, na gcomhlachtaí ainmnithe agus na n-eintiteas a eisíonn foláirimh sheachtracha de bhun Airteagal 27(1); agus

(b)

faisnéis maidir le heagrúchán, cumhachtaí agus cúraimí na n-údarás inniúil.

2.   Déanfaidh an Coimisiún liosta a mbeidh fáil ag an bpobal air de na hoifigí idirchaidrimh aonair, de na húdaráis inniúla, de na comhlachtaí agus eintitis ainmnithe a eisíonn foláirimh sheachtracha de bhun Airteagal 27(1) nó(2) a chothabháil agus a uasdátú ar a shuíomh gréasáin.

Airteagal 9

Íoschumhachtaí na n-údarás inniúil

1.   Beidh ag gach údarás inniúil na cumhachtaí imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin de bhun mhíreanna 3, 4, 6 agus 7 den Airteagal seo atá riachtanach chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus feidhmeoidh sé iad faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 10.

2.   D’ainneoin mhír 1, agus ar choinníoll go bhféadfaidh údarás inniúil amháin ar a laghad gach cumhacht de na cumhachtaí sin a fheidhmiú go héifeachtach agus de réir mar atá riachtanach i ndáil le haon sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 10, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan na cumhachtaí uile a thabhairt do gach údarás inniúil.

3.   Beidh ag na húdaráis inniúla na cumhachtaí imscrúdúcháin seo a leanas, ar a laghad:

(a)

an chumhacht chun rochtain a fháil ar aon doiciméid, sonraí nó faisnéis ábhartha a bhaineann le sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo, gan beann ar a bhfoirm ná ar a bhformáid, ar mheán a stórála ná ar an ionad ina stóráiltear iad;

(b)

an chumhacht chun a cheangal ar aon údarás poiblí, comhlacht nó gníomhaireacht laistigh dá mBallstát aon fhaisnéis ábhartha, sonraí nó doiciméid in aon fhoirm nó formáid gan beann ar mheán nó ionad a stórála, a sholáthar agus/nó sin a cheangal ar aon duine nádúrtha nó ar aon duine dlítheanach chun a shuí an ndearnadh sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo nó an bhfuil sé á dhéanamh, agus chun tréithe an tsáraithe sin a shuíomh, lena n-áirítear a shreabha airgeadais agus a mhionsonraí a rianú, céannacht daoine a fhionnadh a bhfuil baint acu le sreabha airgeadais, agus sonraí, faisnéis faoi chuntais bainc, agus úinéireacht suíomhanna gréasáin a fhionnadh;

(c)

an chumhacht chun aon chigireachtaí atá riachtanach a dhéanamh ar an láthair, lena n-áirítear an chumhacht dul isteach in aon áitreabh, ar aon talamh nó in aon chóir iompair a úsáideann an trádálaí lena mbaineann an chigireacht chun críocha a bhaineann lena thrádáil, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm, nó a iarraidh ar údaráis eile é sin a dhéanamh chun cóipeanna d’fhaisnéis, de shonraí nó de dhoiciméid a scrúdú, a ghabháil, a thógáil nó a fháil, gan beann ar mheán a stórála; an chumhacht chun aon fhaisnéis, sonraí nó doiciméad a ghabháil ar feadh pé tréimhse atá riachtanach agus a mhéid atá sé sin riachtanach chun an chigireacht a dhéanamh; an chumhacht chun a iarraidh ar aon ionadaí nó ball foirne de chuid an trádálaí lena mbaineann an chigireacht mínithe a thabhairt ar fhíricí nó faisnéis a sholáthar, sonraí nó doiciméid a bhaineann le hábhar na cigireachta agus na freagraí a thaifeadadh;

(d)

an chumhacht chun earraí nó seirbhísí a cheannach mar cheannacháin tástála, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil sé sin riachtanach, faoi chéannacht cheilte, d’fhonn sáruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo a bhrath agus fianaise a fháil, lena n-áirítear an chumhacht chun cigireacht a dhéanamh ar earraí nó seirbhísí, iad a ghrinniú nó staidéar a dheanamh orthu, iad a dhíchóimeáil nó a thástáil.

4.   Beidh na cumhachtaí forfheidhmiúcháin seo a leanas ar a laghad ag na húdaráis inniúla:

(a)

an chumhacht chun bearta eatramhacha a ghlacadh chun an baol go ndéanfaí díobháil thromchúiseach do chomhleasanna tomhaltóirí a sheachaint;

(b)

an chumhacht chun féachaint le gealltanais a fháil nó chun glacadh le gealltanais ón trádálaí atá freagrach as an sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo go scoirfidh sé den sárú sin;

(c)

an chumhacht chun a fháil ón trádálaí, ar thionscnamh an trádálaí, gealltanais bhreise feabhais do thomhaltóirí a ndearna an sárú líomhnaithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo difear dóibh, nó i gcás inarb iomchuí, féachaint le gealltanais iarraidh ar an trádálaí leigheasanna dóthanacha a thairiscint do na tomhaltóirí sin a ndearna an sárú sin difear dóibh;

(d)

i gcás inarb infheidhme, trí mheáin iomchuí, an chumhacht chun tomhaltóirí a éilíonn go ndearnadh díobháil dóibh i ngeall ar shárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo a chur ar an eolas faoin modh chun cúiteamh a lorg dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta;

(e)

an chumhacht chun a ordú i scríbhinn go scoirfeadh an trádálaí de na sáruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo;

(f)

an chumhacht chun a chur faoi deara go scoirfí de na sáruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo nó go dtoirmeascfaí iad;

(g)

i gcás nach mbeidh aon mhodh éifeachtach eile ar fáil chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo nó go dtoirmeascfaí é, chun an baol go ndéanfaí díobháil thromchúiseach do chomhleasanna na dtomhaltóirí a sheachaint:

(i)

an chumhacht chun ábhar a bhaint nó rochtain a shrianadh ar chomhéadan ar líne nó a ordú go gcuirfí rabhadh ar taispeáint go sainráite a bheadh le feiceáil ag tomhaltóirí agus iad ag rochtain comhéadain ar líne;

(ii)

an chumhacht chun a ordú do sholáthraí seirbhíse óstála an rochtain ar an gcomhéadan ar líne a bhaint, a chur as feidhm, nó a shrianadh; nó

(iii)

i gcás inarb iomchuí, an chumhacht chun a ordú do chláraitheoirí nó do chlárlanna fearann ainm fearainn láncháilithe a scriosadh go hiomlán agus cead a thabhairt don údarás inniúil lena mbaineann an fearann sin a chlárú iad féin;

lena n-áirítear trína iarraidh ar thríú páirtí nó údarás poiblí eile bearta den sórt sin a chur chun feidhme;

(h)

an chumhacht chun pionóis a fhorchur, amhail fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis, as sáruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus as mainneachtain aon chinneadh, ordú, beart eatramhach, gealltanas de chuid trádálaí nó beart eile, arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, a chomhlíonadh.

Beidh na pionóis dá dtagraítear i bpointe (h) éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, i gcomhréir le ceanglais dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí. Go háirithe, tabharfar aird chuí, de réir mar is iomchuí, ar chineál, thromchúis agus fad an tsáraithe atá i gceist.

5.   Maidir leis an gcumhacht chun pionóis, mar shampla fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, a fhorchur le haghaidh sáruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo, baineann sí le haon sárú ar dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí, i gcás ina bhforáiltear do phionóis i ngníomh ábhartha an Aontais atá liostaithe san Iarscríbhinn. Ní dochar é sin don chumhacht atá ag na húdaráis náisiúnta faoin dlí náisiúnta chun pionóis a fhorchur, mar shampla fíneálacha riaracháin nó fíneálacha eile nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, i gcásanna nach bhforáiltear do phionóis i ngníomhartha an Aontais atá liostaithe san Iarscríbhinn.

6.   Beidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla ar a dtionscnamh féin tús a chur le himscrúduithe nó le nósanna imeachta chun a chur faoi deara go scoirfí de sháruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo nó go dtoirmeascfaí iad.

7.   Féadfaidh údaráis inniúla aon chinneadh deiridh, gealltanais ó thrádálaí nó orduithe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo a fhoilsiú, lena n-áirítear céannacht an trádálaí atá freagrach as sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo a fhoilsiú.

8.   Féadfaidh údaráis inniúla dul i gcomhairle, i gcás inarb infheidhme, le heagraíochtaí tomhaltóirí, comhlachais trádálaithe, comhlachtaí ainmnithe nó aon duine eile lena mbaineann faoi éifeachtúlacht na ngealltanas arna dtogrú chun deireadh a chur leis an sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

Airteagal 10

Na híoshcumhachtaí a fheidhmiú

1.   Déanfar na cumhachtaí a leagtar amach in Airteagal 9 a fheidhmiú, cibé:

(a)

ag údaráis inniúla go díreach faoina n-údarás féin;

(b)

más iomchuí, trí dhul ar iontaoibh údaráis inniúla eile nó údaráis phoiblí eile;

(c)

trí threoir a thabhairt do chomhlachtaí ainmnithe, más infheidhme; nó

(d)

trí iarratas a dhéanamh chuig cúirteanna atá inniúil chun an cinneadh atá riachtanach a dheonú, lena n-áirítear, i gcás inar iomchuí, trí achomharc a dhéanamh mura n-éiríonn leis an iarratas go ndeonófar an cinneadh atá riachtanach.

2.   Beidh cur chun feidhme agus feidhmiú na gcumhachtaí a leagtar amach in Airteagal 9 i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo comhréireach agus comhlíonfaidh sé dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, lena n-áirítear coimircí nós imeachta infheidhme agus prionsabail Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Beidh na bearta imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin arna nglacadh i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo iomchuí do chineál agus do dhíobháil fhoriomlán iarbhír nó fhéideartha an tsáraithe ar dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí.

CAIBIDIL III

SÁSRA UM CHÚNAMH FRITHPHÁIRTEACH

Airteagal 11

Iarrataí ar fhaisnéis

1.   Ar iarraidh a fháil ó údarás is iarratasóir, déanfaidh údarás faighte iarrata, gan mhoill, agus ar aon chaoi laistigh de 30 lá, mura gcomhaontaítear a mhalairt, aon fhaisnéis ábhartha a thabhairt don údarás is iarratasóir atá riachtanach chun a shuíomh an ndearnadh sárú laistigh den Aontas nó an bhfuil sárú den sórt sin á dhéanamh, agus chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú sin.

2.   Déanfaidh an t-údarás faighte iarrata na himscrúduithe is iomchuí agus atá riachtanach nó glacfaidh sé aon bhearta eile atá riachtanach nó is iomchuí d’fhonn an fhaisnéis a cheanglaítear a fháil. Más gá, déanfar na himscrúduithe sin i gcomhar le húdaráis phoiblí eile nó le comhlachtaí ainmnithe eile.

3.   Ar iarratas a fháil ón údarás is iarratasóir, féadfaidh an t-údarás faighte iarrata cead a thabhairt d’oifigigh de chuid an údaráis is iarratasóir a bheith in éineacht le hoifigigh an údaráis faighte iarrata i gcúrsa a n-imscrúduithe.

Airteagal 12

Iarrataí ar bhearta forfheidhmiúcháin

1.   Ar iarraidh a fháil ó údarás is iarratasóir, déanfaidh údarás faighte iarrata gach beart forfheidhmiúcháin atá riachtanach agus comhréireach chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú laistigh den Aontas nó go dtoirmeascfaí é trí chumhachtaí a leagtar amach in Airteagal 9 agus aon chumhachtaí breise arna ndeonú dó faoin dlí náisiúnta a fheidhmiú. Cinnfidh an t-údarás faighte iarrata na bearta iomchuí forfheidhmiúcháin is gá chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú laistigh den Aontas nó go dtoirmeascfaí é agus déanfaidh sé iad gan mhoill ach tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an iarraidh a fháil, mura dtugann sé cúiseanna sonracha leis an tréimhse sin a fhadú. I gcás inar iomchuí, forchuirfidh an t-údarás faighte iarrata pionóis, amhail fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, ar an trádálaí atá freagrach as an sárú laistigh den Aontas. Féadfaidh an t-údarás faighte iarrata, ar thionscnamh an trádálaí, gealltanais bhreise feabhais a fháil ón trádálaí do thomhaltóirí a ndearna an sárú líomhnaithe laistigh den Aontas difear dóibh, nó i gcás inarb iomchuí, féadfaidh sé féachaint le gealltanais a fháil ón trádálaí go dtairgfidh sé leigheasanna dóthanacha do thomhaltóirí a ndearna an sárú sin difear dóibh.

2.   Cuirfidh an t-údarás faighte iarrata an t-údarás is iarratasóir ar an eolas go rialta faoi na céimeanna agus na bearta atá glactha agus faoi na céimeanna agus na bearta a bhfuil sé i gceist aige a ghlacadh. Trí bhíthin an bhunachair sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 35, tabharfaidh an t-údarás faighte iarrata fógra gan mhoill don údarás is iarratasóir, d’údaráis inniúla Ballstát eile agus don Choimisiún faoi na bearta a rinneadh agus an tionchar a bhí ag na bearta sin ar an sárú laistigh den Aontas, agus luafar na nithe seo a leanas:

(a)

cé acu ar forchuireadh bearta eatramhacha nó nár forchuireadh;

(b)

cé acu ar scoireadh den sárú nó nár scoireadh;

(c)

cé na bearta a glacadh, agus cé acu a cuireadh na bearta sin chun feidhme nó nár cuireadh;

(d)

a mhéid a tairgeadh gealltanais feabhais do thomhaltóirí a ndearna an sárú líomhnaithe difear dóibh.

Airteagal 13

Nós imeachta um iarrataí ar chúnamh frithpháirteach

1.   Le linn aon iarratas ar chúnamh frithpháirteach a dhéanamh, tabharfaidh an t-údarás is iarratasóir an fhaisnéis atá riachtanach chun é a chur ar chumas údarás faighte iarrata an iarraidh sin a chomhlíonadh, lena n-áirítear aon fhianaise atá riachtanach agus nach féidir a fháil ach i mBallstát an údaráis is iarratasóir.

2.   Déanfaidh an t_údarás is iarratasóir iarrataí ar chúnamh frithpháirteach a sheoladh chuig an oifig idirchaidrimh aonair atá ag Ballstát an údaráis faighte iarrata agus chuig an oifig idirchaidrimh aonair atá ag Ballstát an údaráis is iarratasóir, mar eolas dóibh. Déanfaidh an oifig idirchaidrimh aonair atá ag Ballstát an údaráis faighte iarrata na hiarrataí a chur ar aghaidh chuig an údarás inniúil iomchuí gan mhoill.

3.   Maidir le hiarrataí ar chúnamh frithpháirteach agus leis na cumarsáidí uile atá nasctha leo, is i scríbhinn a dhéanfar iad, ag úsáid na bhfoirmeacha caighdeánacha, agus seolfar go leictreonach iad tríd an mbunachar sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 35.

4.   Tiocfaidh na húdaráis lena mbaineann ar chomhaontú faoi na teangacha a bheidh le húsáid sna hiarrataí ar chúnamh frithpháirteach agus sna cumarsáidí uile atá nasctha leo.

5.   Mura féidir teacht ar shocrú faoi theangacha, is i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla Bhallstát an údaráis is iarratasóir a bheidh na hiarrataí agus is i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla Bhallstát an údaráis faighte iarrata a bheidh na freagraí. Sa chás sin, beidh gach údarás inniúil freagrach as na haistriúcháin atá riachtaanach ar na hiarrataí, ar na freagraí agus ar na doiciméid eile a gheobhaidh sé ó údarás inniúil eile.

6.   Tabharfaidh an t-údarás faighte iarrata freagra go díreach don údarás is iarratasóir agus d’oifigí idirchaidrimh aonair Ballstát an údaráis is iarratasóir agus d’oifig idirchaidrimh aonair Bhallstát an údaráis faighte iarrata.

Airteagal 14

Diúltú iarraidh ar chúnamh frithpháirteach a chomhlíonadh

1.   Féadfaidh údarás faighte iarrata diúltú iarraidh ar fhaisnéis arna déanamh faoi Airteagal 11 a chomhlíonadh, más ann do cheann amháin nó níos mó de na cásanna seo:

(a)

i ndiaidh dó dul i gcomhairle leis an údarás is iarratasóir, go ndealraíonn sé nach bhfuil aon ghá ag an údarás is iarratasóir leis an bhfaisnéis chun a shuíomh an ndearnadh sárú nó an bhfuil sárú á dheanamh laistigh den Aontas nó an bhfuil drochamhras réasúnach ann go bhféadfaí sárú a dhéanamh;

(b)

ní mheasann an t-údarás is iarratasóir go bhfuil an fhaisnéis faoi réir na bhforálacha maidir le rúndacht agus maidir le sicréideacht ghairmiúil agus tráchtála a leagtar amach in Airteagal 33;

(c)

tionscnaíodh imscrúduithe coiriúla nó imeachtaí breithiúnacha cheana i gcoinne an trádálaí chéanna i dtaobh an tsáraithe chéanna laistigh den Aontas os comhair údaráis bhreithiúnacha Bhallstát an údaráis faighte iarrata nó Bhallstát an údaráis is iarratasóir.

2.   Féadfaidh údarás faighte iarrata diúltú iarraidh ar bhearta forfheidhmiúcháin a chuirtear isteach faoi Airteagal 12 a chomhlíonadh, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás is iarratasóir, má tá feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na cásanna seo a leanas:

(a)

tionscnaíodh imscrúduithe coiriúla nó imeachtaí breithiúnacha cheana, nó tá breithiúnas, socraíocht chúirte nó ordú breithiúnach ann i gcoinne an trádálaí chéanna i dtaobh an tsáraithe chéanna laistigh den Aontas os comhair údaráis bhreithiúnacha i mBallstát an údaráis iarrtha;

(b)

tionscnaíodh feidhmiú na gcumhachtaí forfheidhmiúcháin atá riachtanach, nó glacadh cinneadh riaracháin cheana i gcoinne an trádálaí chéanna, i dtaobh an tsáraithe chéanna laistigh den Aontas cheana i mBallstát an údaráis iarrtha chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú laistigh den Aontas nó go dtoirmeascfaí é go gasta éifeachtach;

(c)

i ndiaidh imscrúdú iomchuí a dhéanamh, tagann an t-údarás iarrtha ar an tátal nach ndearnadh aon sárú laistigh den Aontas;

(d)

tagann an t-údarás iarrtha ar an tátal nár thug an túdarás is iarratasóir an fhaisnéis atá riachtanach i gcomhréir le hAirteagal 13(1);

(e)

ghlac an t-údarás faighte iarrata le gealltanais a thograigh an trádálaí chun scor den sárú laistigh den Aontas laistigh de theorainn ama shocraithe agus níl an teorainn ama sin caite fós.

Mar sin féin, comhlíonfaidh an t-údarás faighte iarrata an iarraidh ar bhearta forfheidhmiúcháin faoi Airteagal 12 má mhainníonn an trádálaí gealltanais ar glacadh leo a chur chun feidhme laistigh den teorainn ama dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír.

3.   Cuirfidh an t-údarás faighte iarrata an t-údarás is iarratasóir agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon diúltú iarraidh ar chúnamh frithpháirteach a chomhlíonadh mar aon leis na forais atá leis an diúltú sin.

4.   I gcás easaontas idir an t-údarás is iarratasóir agus an t-údarás faighte iarrata, féadfaidh an t-údarás is iarratasóir nó an túdarás faighte iarrata an t-ábhar a tharchur chuig an gCoimisiún, agus is é an Coimisiún a eiseoidh tuairim ar an ábhar gan mhoill. I gcás nach gcuirfear an t-ábhar faoina bhráid, féadfaidh an Coimisiún, mar sin féin, tuairim a eisiúint ar a thionscnamh féin. D’fhonn an tuairim sin a eisiúint, féadfaidh an Coimisiún faisnéis agus doiciméid ábhartha a iarraidh a malartaíodh idir an t-údarás is iarratasóir agus an t-údarás faighte iarrata.

5.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fheidhmiú an tsásra um chúnamh frithpháirteach agus ar a mhéid atá na húdaráis inniúla ag comhlíonadh na nósanna imeachta agus ar na teorainneacha ama d’iarrataí ar chúnamh frithpháirteach a phróiseáil. Beidh rochtain ag an gCoimisiún ar na hiarrataí ar chúnamh frithpháirteach agus ar an bhfaisnéis agus na doiciméid a chuir an t-údarás iarratasóir agus an t-údarás faighte iarrata chuig a chéile.

6.   Nuair is iomchuí, féadfaidh an Coimisiún treoir a eisiúint do na Ballstáit agus comhairle a chur orthu chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an sásra um chúnamh frithpháirteach go héifeachtach agus go héifeachtúil.

CAIBIDIL IV

SÁSRAÍ IMSCRÚDÚCHÁIN AGUS FORFHEIDHMIÚCHÁIN CHOMHORDAITHE LE hAGHAIDH SÁRUITHE FORLEATHANA AGUS LE hAGHAIDH SÁRUITHE FORLEATHANA LENA mBAINEANN GNÉ AONTAIS

Airteagal 15

Nós imeachta maidir le cinntí idir na Ballstáit

I gcás ábhar a chumhdaítear sa Chaibidil seo, gníomhóidh na húdaráis inniúla de chomhthoil.

Airteagal 16

Prionsabail ghinearálta chomhair agus chomhordúcháin

1.   I gcás ina bhfuil drochamhras réasúnach ann go bhfuil sárú forleathan nó sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais á dhéanamh, cuirfidh údaráis inniúla a mbaineann an sárú sin leo agus an Coimisiún a chéile agus na hoifigí idirchaidrimh aonair lena mbaineann an sárú sin ar an eolas gan mhoill faoi sin, trí fholáirimh a eisiúint de bhun Airteagal 26.

2.   Comhordóidh na húdaráis inniúla a bhfuil baint acu leis an sárú forleathan nó leis an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais na bearta imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin a ghlacfaidh siad chun aghaidh a thabhairt ar na sáruithe sin. Malartóidh siad an fhianaise agus an fhaisnéis uile atá riachtanach agus tabharfaidh siad cibé cúnamh atá riachtanach dá chéile agus don Choimisiún gan mhoill.

3.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an sárú forleathan nóan sáru forleathan lena mbaineann gné Aontais go mbaileofar an fhianaise uile agus an fhaisnéis uile atá riachtanach agus go nglacfar gach beart forfheidhmiúcháin atá riachtanach chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú sin nó go dtoirmeascfaí é.

4.   Gan dochar do mhír 2, ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do ghníomhaíochtaí náisiúnta imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin lena mbaineann arna ndéanamh ag na húdarais inniúla lena mbaineann i dtaobh an tsáraithe forleathain chéanna a rinne an trádálaí chéanna.

5.   Más iomchuí, féadfaidh na húdaráis inniúla cuireadh a thabhairt d’oifigigh de chuid an Choimisiúin agus do dhaoine tionlacain eile, atá údaraithe ag an gCoimisiún, a bheith rannpháirteach sna himscrúduithe comhordaithe, sna gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin agus sna bearta eile a chumhdaítear leis an gCaibidil seo.

Airteagal 17

Gníomhaíocht chomhordaithe a sheoladh agus an comhordaitheoir a ainmniú

1.   I gcás ina bhfuil drochamhras réasúnach ann go bhfuil sárú forleathan ann, seolfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an sárú sin gníomhaíocht chomhordaithe a bheidh bunaithe ar chomhaontú eatarthu. Tabharfar fógra do na hoifigí idirchaidrimh aonair lena mbaineann an sárú sin agus don Choimisiún faoi sheoladh na gníomhaíochta comhordaithe.

2.   Ainmneoidh na húdaráis inniúla a bhfuil baint ag an sárú forleathan drochamhrasta leo údarás inniúil amháin lena mbaineann an sárú forleathan drochamhrasta sin eatarthu chun ról an chomhordaitheora a ghlacadh. Mura bhfuil na húdaráis inniúla in ann teacht ar aon chomhaontú faoin ainmniúchán sin, glacfaidh an Coimisiún ról an chomhordaitheora.

3.   Má tá drochamhras réasúnach ar an gCoimisiún go ndearnadh sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais, tabharfaidh sé fógra gan mhoill de bhun Airteagal 26 do na húdaráis inniúla agus do na hoifigí idirchaidrimh aonair lena mbaineann an sárú líomhnaithe. Luafaidh an Coimisiún san fhógra na forais lena dtugtar bonn cirt don ghníomhaíocht chomhordaithe a d’fhéadfaí a dhéanamh. Déanfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais imscrúduithe iomchuí bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil dóibh nó a bhfuil teacht éasca acu uirthi. Tabharfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais fógra faoi thorthaí na n-imscrúduithe sin do na húdaráis inniúla eile, do na hoifigí idirchaidrimh aonair lena mbaineann an sárú sin agus don Choimisiún de bhun Airteagal 26, laistigh de 1 mhí amháin tar éis dháta fhógra an Choimisiúin. I gcás inar léir ó na himscrúduithe sin go bhféadfadh sé go bhfuil sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais á dhéanamh, cuirfidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an sárú sin tús leis an ngníomhaíocht chomhordaithe agus déanfaidh siad na bearta a leagtar amach in Airteagal 19 agus, i gcás inarb iomchuí, in Airteagal 20 agus Airteagal 21.

4.   Na gníomhaíochtaí comhordaithe dá dtagraítear i mír 3, comhordóidh an Coimisiún í.

5.   Beidh údarás inniúil rannpháirteach sa ghníomhaíocht chomhordaithe, más rud é, le linn na gníomhaíochta comhordaithe gur dealraitheach go bhfuil baint aige leis an sárú forleathan nó an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais.

Airteagal 18

Cúiseanna le diúltú páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht chomhordaithe

1.   Féadfaidh údarás inniúil diúltú páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht chomhordaithe ar aon cheann de na cúiseanna seo a leanas:

(a)

i gcoinne an trádálaí chéanna, tionscnaíodh imscrúdú coiriúil nó imeachtaí breithiúnacha cheana, tugadh breithiúnas, nó thángthas ar shocraíocht chúirte, maidir leis an sárú céanna i mBallstát an údaráis inniúil;

(b)

tionscnaíodh feidhmiú na gcumhachtaí forfheidhmiúcháin atá riachtanach sular eisíodh foláireamh dá dtagraítear in Airteagal 17(3), nó glacadh cinneadh riaracháin i gcoinne an trádálaí chéanna maidir leis an sárú céanna i mBallstát an údaráis inniúil sin chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú forleathan nó den sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais nó go dtoirmeascfaí é go gasta éifeachtach;

(c)

tar éis imscrúdú iomchuí a dhéanamh, is dealraitheach gur diomaibhseach é tionchar iarbhír nó féideartha an tsáraithe forleathain nó an tsáraithe fhorleathain lena mbaineann gné Aontais líomhnaithe i mBallstát an údaráis inniúil agus nach gá don údarás inniúil sin aon bhearta forfheidhmiúcháin a ghlacadh dá bhrí sin;

(d)

níor tharla an sárú forleathan nó an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais i mBallstát an údaráis inniúil agus ní gá don údarás inniúil aon bhearta forfheidhmiúcháin a ghlacadh dá bhrí sin;

(e)

ghlac an t-údarás inniúil le gealltanais a thograigh an trádálaí atá freagrach as an sárú forleathan nó an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais scor den sárú sin i mBallstát an údaráis inniúil sin agus cuireadh na gealltanais sin chun feidhme, agus ní gá don údarás inniúil sin aon bhearta forfheidhmiúcháin a ghlacadh dá bhri sin.

2.   I gcás ina ndiúltaíonn údarás inniúil páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht chomhordaithe, cuirfidh sé an Coimisiún, agus na húdaráis inniúla eile agus na hoifigí idirchaidrimh aonair lena mbaineann an sárú forleathan nó leis an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais ar an eolas faoina chinneadh gan mhoill, agus na cúiseanna atá lena chinneadh á lua aige agus aon doiciméid tacaíochta atá riachtanach á soláthar aige.

Airteagal 19

Bearta imscrúdúcháin i ngníomhaíochtaí comhordaithe

1.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an ghníomhaíocht chomhordaithe go ndéanfar imscrúduithe agus cigireachtaí ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil agus comhordaithe. Féachfaidh siad le himscrúduithe agus le cigireachtaí a dhéanamh i gcomththráth le chéile agus, a mhéid a cheadaítear amhlaidh faoin dlí nós imeachta náisiúnta, le bearta eatramhacha a chur i bhfeidhm.

2.   Féadfar úsáid a bhaint as an sásra um chúnamh frithpháirteach de bhun Chaibidil III, má tá gá leis, go háirithe chun an fhianaise atá riachtanach agus faisnéis eile a bhailiú ó Bhallstáit seachas na Ballstáit a bhfuil baint ag an ngníomhaíocht chomhordaithe leo nó chun a áirithiú nach rachaidh an trádálaí lena mbaineann timpeall ar na bearta forfheidhmiúcháin.

3.   Más iomchuí, déanfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an ghníomhaíocht chomhordaithe toradh an imscrúdaithe agus an mheasúnaithe ar an sárú forleathan nó, i gcás inarb iomchuí, ar an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais, a leagan amach i gcomhsheasamh ar chomhaontaigh siad air.

4.   Mura gcomhaontaítear a mhalairt idir na húdaráis inniúla lena mbaineann an ghníomhaíocht chomhordaithe, cuirfidh an comhordaitheoir an comhsheasamh in iúl don trádálaí atá freagrach as an sárú forleathan nó as an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais. Tabharfar an deis don trádálaí atá freagrach as an sárú forleathan nó as an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais éisteacht a fháil faoi na hábhair ar cuid den chomhsheasamh iad.

5.   4. Más iomchuí agus gan díobháil d’Airteagal 15 nó do na rialacha maidir le rúndacht agus maidir le sicréideacht ghairmiúil agus tráchtála atá leagtha amach in Airteagal 33, cinnfidh na húdaráis inniúla lena mbaineann go bhfoilseoidh siad an comhsheasamh nó codanna de ar a suíomhanna gréasáin agus féadfaidh siad tuairimí eagraíochtaí tomhaltóirí, chomhlachais trádálaithe agus páirtithe eile lena mbaineann a lorg. Foilseoidh an Coimisiún an comhsheasamh nó codanna de ar a shuíomh gréasáin, le comhaontú na n-údarás inniúil lena mbaineann.

Airteagal 20

Gealltanais i ngníomhaíochtaí comhordaithe

1.   Ar bhonn comhsheasamh a ghlacfar de bhun Airteagal 19(3), féadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an ghníomhaíocht chomhordaithe iarraidh ar an trádálaí atá freagrach as an sárú forleathan nó as an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais„ gealltanais a thogrú chun scor den sárú sin laistigh de theorainn ama shocraithe. Lena chois sin, féadfaidh an trádálaí, ar a thionscnamh féin, gealltanais a thairiscint chun scor den sárú sin nó féadfaidh sé gealltanais feabhais a thairiscint do thomhaltóirí a ndearna an sárú sin difear dóibh.

2.   Más iomchuí agus gan dochar do na rialacha maidir le rúndacht agus sicréideacht ghairmiúil agus tráchtála a leagtar amach in Airteagal 33, féadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an ghníomhaíocht chomhordaithe na gealltanais a thograigh an trádálaí atá freagrach as an sárú forleathan nó as an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin nó, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún na gealltanais arna dtogrú a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin má iarrann na húdaráis inniúla lena mbaineann air déanamh amhlaidh. Féadfaidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún tuairimí eagraíochtaí tomhaltóirí agus chomhlachais trádálaithe agus páirtithe eile lena mbaineann a lorg.

3.   Measúnóidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an ghníomhaíocht chomhordaithe na gealltanais arna dtogrú agus cuirfidh siad toradh an mheasúnaithe in iúl don trádálaí atá freagrach as an sárú forleathan nó an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais, agus, i gcás inarb infheidhme, más rud é gur thairg an trádálaí gealltanais feabhais, déanfaidh siad tomhaltóirí a eilíonn go ndearnadh díobháil dóibh mar thoradh ar an sárú sin a chur ar an eolas faoi. I gcás gur comhréireach agus leordhóthanach gealltanais chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú forleathan nó den sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais nó go dtoirmeascfaí é, glacfaidh na húdaráis inniúla leis na gealltanais agus socróidh siad teorainn ama ar gá na gealltanais a chur chun feidhme lena linn.

4.   Déanfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an ghníomhaíocht chomhordaithe faireachán ar chur chun feidhme na ngealltanas. Áiritheoidh siad, go háirithe, go dtabharfaidh an trádálaí lena mbaineann sárú forleathan nó leis an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais tuairisc go tráthrialta don chomhordaitheoir faoin dul chun cinn i leith chur chun feidhme na ngealltanas. Féadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an ghníomhaíocht chomhordaithe, más iomchuí, tuairimí eagraíochtaí tomhaltóirí agus saineolaithe a lorg le fíorú an bhfuil na céimeanna a ghlac an trádálaí ar aon dul leis na gealltanais.

Airteagal 21

Bearta forfheidhmiúcháin i ngníomhaíochtaí comhordaithe

1.   Glacfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann, laistigh dá ndlínse, gach beart forfheidhmiúcháin atá riachtanach in aghaidh an trádálaí atá freagrach as an sárú forleathan nóas an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú sin nó go dtoirmeascfaí é.

Más iomchuí, forchuirfidh siad pionóis, amhail fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, ar an trádálaí atá freagrach as an sárú forleathan nó as an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais. Féadfaidh na húdaráis iomchuí, ar a dtionscnamh féin, gealltanais bhreise feabhais a fháil ón trádálaí chun leasanna tomhaltóirí a ndearna an sárú forleathan nó an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais líomhnaithe, difear dó nó i gcás inarb iomchuí, féadfaidh sé féachaint le gealltanais a fháil ón trádálaí go dtairgfidh sé leigheasanna leordhóthanacha do na tomhaltóirí lena mbaineann an sárú sin.

Is iomchuí bearta forfheidhmiúcháin go háirithe sna cásanna seo a leanas:

(a)

tá gníomhaíocht fhorfheidhmiúcháin láithreach riachtanach chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú laistigh den Aontas nó go dtoirmeascfaí é go gasta éifeachtach;

(b)

ní dóigh go scoirfear den sárú de bharr na ngealltanas a thograigh an trádálaí atá freagrach as an sárú;

(c)

níor mhol an trádálaí atá freagrach as an sárú gealltanais roimh dhul in éag don teorainn ama a shocraíonn na húdaráis inniúla lena mbaineann;

(d)

níl na gealltanais a thograigh an trádálaí atá freagrach as an sárú leordhóthanach chun a áirithiú go scoirfí den sárú, nó, i gcás inarb iomchuí, chun leigheas a chur ar fáil do thomhaltóirí a ndearna an sárú díóbháil dóibh; nó

(e)

mhainnigh an trádálaí atá freagrach as an sárú na gealltanais chun scor den sárú a chur chun feidhme nó, i gcás inarb iomchuí, chun leigheas a chur ar fáil do thomhaltóirí a ndearna an sárú díobháil dóibh, roimh dhul in éag don teorainn ama dá tagraítear in Airteagal 20(3).

2.   Glacfar bearta forfheidhmiúcháin de bhun mhír 1 ar mhodh éifeachtach, éifeachtúil agus comhordaithe chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú forleathan nó den sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais nó go dtoirmeascfaí é. Féachfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an ghníomhaíocht chomhordaithe le bearta forfheidhmiúcháin a ghlacadh go comhuaineach sna Ballstáit a bhfuil baint ag an sárú sin leo.

Airteagal 22

Na gníomhaíochtaí comhordaithe a dhúnadh

1.   Cuirfear clabhsúr ar an ngníomhaíocht chomhordaithe má thagann na húdaráis inniúla lena mbaineann an ghníomhaíocht chomhordaithe ar an tátal gur scoireadh den sárú forleathan nó den sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais nó gur toirmeascadh é i ngach Ballstát lena mbaineann nó nach ndearnadh aon sárú den sórt sin.

2.   Tabharfaidh an comhordaitheoir fógra don Choimisiún agus, i gcás inarb infheidhme, do na húdaráis inniúla agus d’oifigí idirchaidrimh aonair na mBallstát lena mbaineann an ghníomhaíocht chomhordaithe gan mhoill faoin gclabhsúr a cuireadh ar an ngníomhaíocht chomhordaithe.

Airteagal 23

Ról an chomhordaitheora

1.   Déanfaidh an comhordaitheoir a cheapfar i gcomhréir le hAirteagal 17 nó Airteagal 29 na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

áiritheoidh sé go gcuirfear na húdaráis inniúla uile lena mbaineann agus an Coimisiún ar an eolas go cuí agus go tráthúil faoi dhul chun cinn na gníomhaíochta forfheidhmiúcháin, na chéad chéimeanna eile a bhfuiltear ag súil leo agus faoi na bearta atá le glacadh;

(b)

comhordóidh sé bearta imscrúdúcháin a dhéanfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann i gcomhréir leis an Rialachán seo agus déanfaidh sé faireachán orthu;

(c)

comhordóidh sé ullmhú agus comhroinnt na ndoiciméad uile atá riachtanach idir na húdaráis inniúla lena mbaineann agus an Coimisiún;

(d)

coinneoidh sé i dteagmháil leis an trádálaí agus le páirtithe eile a bhfuil baint acu leis na, bearta imscrúdúcháin nó forfheidhmiúcháin, murar chomhaontaigh na húdaráis inniúla lena mbaineann agus an comhordaitheoir a mhalairt;

(e)

i gcás inarb infheidhme comhordóidh sé an measúnú, na comhairliúcháin agus faireachán a dhéanann na húdaráis inniúla lena mbaineann maille le céimeanna eile is gá chun gealltanais a thograigh na trádálaithe lena mbaineann a phróiseáil agus a chur chun feidhme;

(f)

i gcás inarb infheidhme, comhordú a dhéanamh ar na bearta forfheidhmiúcháin a ghlac na húdaráis inniúla lena mbaineann;

(g)

comhordú a dhéanamh ar iarrataí ar chúnamh frithpháirteach a chuir na húdaráis inniúla lena mbaineann isteach de bhun Chaibidil III.

2.   Ní mheasfar go bhfuil an comhordaitheoir freagrach as gníomhaíochtaí ná as neamhghníomhaíochtaí na n-údarás inniúil lena mbaineann agus iad ag úsáid na gcumhachtaí atá leagtha amach in Airteagal 9.

3.   I gcás ina mbaineann na gníomhaíochtaí comhordaithe le sáruithe forleathana nó sáraithe forleathana lena mbaineann gné Aontais ar ghníomhartha dlí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 2(10), iarrfaidh an comhordaitheoir ar an Údarás Baincéireachta Eorpach gníomhú i ról breathnóra.

Airteagal 24

Socruithe teanga

1.   Tiocfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann ar chomhaontú faoi na teangacha a úsáidfidh siad chun fógra a thabhairt agus sna cumarsáidí uile eile atá nasctha leis na gníomhaíochtaí comhordaithe agus leis na scuab-imscrúduithe a chumhdaítear leis an gCaibidil seo.

2.   Mura féidir leis na húdaráis inniúla lena mbaineann teacht ar chomhaontú faoin méid sin, is i dteanga oifigiúil an Bhallstáit a bheidh ag déanamh an fhógra nó a bheidh i mbun gach cumarsáide eile a sheolfar na fógraí agus gach cumarsáid eile. Sa chás sin, más gá, beidh gach údarás inniúil lena mbaineann freagrach as cibé aistriúcháin is gá ar na fógraí, ar an gcumarsáid agus ar na doiciméid uile a gheobhaidh sé ó údaráis inniúla eile.

Airteagal 25

Socruithe teanga chun cumarsáid a dhéanamh le trádálaithe

Chun críocha na nósanna imeachta a leagtar amach sa Chaibidil seo, beidh an trádálaí i dteideal cumarsáid a dhéanamh sa teanga oifigiúil nó i gceann de na teangacha oifigiúla a úsáidtear chun críocha oifigiúla sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe nó ina bhfuil cónaí air.

CAIBIDIL V

GNÍOMHAÍOCHTAÍ UILE-AONTAIS

Airteagal 26

Foláirimh

1.   Tabharfaidh údarás inniúil fógra gan mhoill don Choimisiún, d’údaráis inniúla eile agus d’oifigí idirchaidreamh aonair maidir le haon drochamhras réasúnach go bhfuil sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo a dhéanfadh difear do leasanna tomhaltóirí i mBallstáit eile á dhéanamh ina chríoch féin.

2.   Tabharfaidh an Coimisiún fógra gan mhoill do na húdaráis inniúla agus na hoifigí idirchaidrimh aonair lena mbaineann maidir le haon drochamhras réasúnach gur tharla sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

3.   Le linn don údarás inniúil nó don Choimisiún fógra a thabhairt, is é sin foláireamh a eisiúint, faoi mhír 1 agus mhír 2, faoin sárú drochamhrasta a chumhdaítear leis an Rialachán seo go háirithe, agus, má tá sí ar fáil, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

tuairisc ar an ngníomh nó ar an neamhghníomh arb é an sárú é;

(b)

mionsonraí an táirge nó an tseirbhís lena mbaineann an sárú;

(c)

ainmneacha na mBallstát lena mbaineann an sárú nó na mBallstát a bhféadfadh baint a bheith acu leis an sárú;

(d)

céannacht an trádálaí nó na dtrádálaithe atá freagrach as an sárú nó a bhfuil drochamhras ann go bhfuil sé nó siad freagrach as;

(e)

an bunús dlí atá le gníomhaíochtaí féideartha trí thagairt a dhéanamh don dlí náisiúnta agus d’fhorálacha comhfhreagracha ghníomhartha dlí an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn;

(f)

tuairisc ar aon imeachtaí dlíthiúla, aon bhearta forfheidhmiúcháin nó aon bhearta eile a rinneadh agus a bhaineann leis an sárú, na dátaí agus an t-achar ama a bhaineann leo mar aon leis an stádas díobh;

(g)

céannacht na n-údarás inniúil a bhfuil na himeachtaí dlíthiúla agus bearta eile á dtabhairt acu.

4.   Le linn dó foláireamh a eisiúint, féadfaidh an t-údarás inniúil a iarraidh ar údaráis inniúla eile agus ar na hoifigí idirchaidrimh aonair ábhartha sna Ballstáit eile agus ar an gCoimisiún, nó féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na húdaráis inniúla eile nó ar na hoifigí idirchaidrimh aonair ábhartha, bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil nó a bhfuil rochtain fhurasta uirthi ag na húdaráis inniúla eile nó ag an gCoimisiún, faoi seach, a fhíorú an bhfuil sáruithe comhchosúla drochamhrasta á ndéanamh i gcríocha na mBallstát eile sin nó an ndearnadh aon bhearta forfheidhmiúcháin cheana i gcoinne sáruithe den sórt sin sna Ballstáit sin. Tabharfaidh údaráis inniúla na mBallstát eile agus an Coimisiún freagra gan mhoill ar an iarraidh.

Airteagal 27

Foláirimh sheachtracha

1.   Déanfaidh gach Ballstát, mura rud nach mbeadh bonn cirt dá mhalairt, ceart a thabhairt do chomhlachtaí ainmnithe, Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí, eagraíochtaí agus comhlachais tomhaltóirí, agus, i gcás inarb iomchuí, comhlachais trádálaithe, a bhfuil an saineolas is gá acu an chumhacht foláireamh a eisiúint d’údaráis inniúla na mBallstát ábhartha agus don Choimisiún faoi sháruithe drochamhrasta a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus chun faisnéis atá ar fáil dóibh a sholáthar mar a leagtar síos in Airteagal 26(3) (“foláireamh seachtrach”). Tabharfaidh gach Ballstáit fógra don Choimisiún faoi liosta na n-eintiteas sin agus faoi aon athruithe a dhéantar air gan mhoill.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit, an chumhacht a thabhairt do chomhlachais a ionadaíonn leasanna tomhaltóirí agus, i gcás inarb iomchuí, leasanna trádálaithe, ar leibhéal an Aontais an chumhacht chun foláireamh seachtrach a eisiúint.

3.   Ní bheidh de cheangal ar na húdaráis inniúla nós imeachta a thionscnamh ná aon ghníomhaíocht eile a dhéanamh mar fhreagairt ar fholáireamh seachtrach. Na heintitis a eisíonn foláirimh sheachtracha, áiritheoidh siad go bhfuil an fhaisnéis a chuirtear ar fáil ceart, cothrom le dáta agus cruinn agus déanfaidh siad an fhaisnéis ar tugadh fógra fúithi a cheartú gan mhoill nó í a aistarraingt de réir mar is iomchuí.

Airteagal 28

Faisnéis ábhartha eile a mhalartú chun sáruithe a bhrath

A mhéid atá sé sin riachtanach chun cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú, déanfaidh údaráis inniúla, tríd an mbunachar sonraí leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 35, fógra a thabhairt don Choimisiún agus d’údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann gan mhoill maidir le haon bheart atá déanta acu chun aghaidh a thabhairt ar shárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo laistigh dá ndlínse má tá drochamhras orthu go bhféadfadh an sárú sin difear a dhéanamh do leasanna tomhaltóirí i mBallstáit eile.

Airteagal 29

Scuab-imscrúduithe

1.   Féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh scuab-imscrúduithe a dhéanamh chun a sheiceáil go bhfuil dlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí á gcomhlíonadh nó chun sáruithe ar dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí a bhrath. Murar chomhaontaigh na húdaráis inniúla lena mbaineann a mhalairt, is é an Coimisiún a chomhordóidh na scuab-imscrúduithe.

2.   Agus scuab-imscrúduithe ar siúl acu, féadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann úsáid éifeachtach a bhaint as na cumhachtaí imscrúdúcháin a leagtar amach in Airteagal 9(3) agus as aon chumhachtaí eile a thugtar dóibh faoin dlí náisiúnta.

3.   Féadfaidh na húdaráis inniúla cuireadh a thabhairt do chomhlachtaí ainmnithe, d’oifigigh de chuid an Choimisiúin agus do dhaoine tionlacain eile atá údaraithe ag an Coimisiún, páirt a ghlacadh i scuab-imscrúduithe.

Airteagal 30

Gníomhaíochtaí eile a chomhordú a rannchuidíonn le himscrúdú agus le forfheidhmiú

1.   A mhéid atá sé sin riachtanach chun cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú, cuirfidh na Ballstáit a chéile agus an Coimisiún ar an eolas faoina ngníomhaíochtaí sna réimsí seo a leanas:

(a)

an oiliúint a chuirtear ar na hoifigigh acu a bhfuil baint acu le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(b)

sonraí maidir le gearáin tomhaltóirí a bhailiú, a rangú agus a mhalartú;

(c)

gréasáin d’oifigigh inniúla a fhorbairt atá sonrach ó thaobh earnála de;

(d)

uirlisí faisnéise agus cumarsáide a fhorbairt; agus

(e)

i gcás inarb infheidhme, caighdeán, modhanna agus treoirlínte a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a fhorbairt.

2.   A mhéid atá sé sin riachtanach chun cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú, féadfaidh na Ballstáit gníomhaíochtaí sna réimsí dá tagraítear i mír 1 a chomhordú agus a eagrú go comhpháirteach.

Airteagal 31

Oifigigh a mhalartú idir údaráis inniúla

1.   Féadfaidh na húdaráis inniúla a bheith rannpháirteach i scéimeanna malartaithe oifigeach as Ballstáit eile chun comhar a fheabhsú. Déanfaidh na húdaráis inniúla na bearta atá riachtanach chun go mbeidh oifigigh as Ballstáit eile in ann ról éifeachtach a imirt i ngníomhaíochtaí an údaráis inniúil. Chuige sin, údarófar na hoifigigh sin chun na cúraimí a thabharfaidh an t-údarás inniúil sa tír óstach dóibh i gcomhréir le dlíthe a Bhallstáit, a dhéanamh.

2.   Le linn an mhalartaithe, caithfear le dliteanas sibhialta agus coiriúil an oifigigh ar an dóigh chéanna le dliteanas sibhialta agus coiriúil oifigigh an údaráis óstaigh. Comhlíonfaidh na hoifigigh as Ballstáit eile caighdeáin ghairmiúla agus na rialacha inmheánacha iomchuí de chuid an údaráis inniúil maidir le hiompar. Áiritheoidh na rialacha iompair sin, go háirithe, cosaint daoine aonair maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil, cothroime nós imeachta agus urramú ceart na rialacha maidir le rúndacht agus sicréideacht ghairmiúil agus tráchtála a leagtar síos in Airteagal 33.

Airteagal 32

Comhar idirnáisiúnta

1.   A mhéid atá sé sin riachtanach chun cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú, comhoibreoidh an tAontas le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí inniúla idirnáisiúnta sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo chun leasanna tomhaltóirí a chosaint. Féadfaidh an tAontas agus na tríú tíortha lena mbaineann na socruithe le haghaidh comhair, lena n-áirítear socruithe cúnaimh fhrithpháirtigh, faisnéis faoi rún a mhalartú agus cláir le haghaidh malartú ball foirne a thabhairt i gcrích.

2.   Na comhaontuithe a thabharfar i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha maidir le comhar agus cúnamh frithpháirteach chun leasanna tomhaltóirí a fheabhsú agus a chosaint, urramóidh siad na rialacha ábhartha ar chosaint sonraí is infheidhme maidir le haistriú sonraí pearsanta chuig tríú tíortha.

3.   Nuair a gheobhaidh údarás inniúil faisnéis ó údarás tríú tír a bhfuil an fhéidearthacht ann go bhfuil sí ábhartha d’údaráis inniúla na mBallstát eile, cuirfidh sé na húdaráis inniúla sin ar an eolas faoin bhfaisnéis a mhéid is ceadmhach déanamh amhlaidh faoi aon chomhaontuithe cúnaimh dhéthaobhaigh leis an tríú tír sin agus a mhéid atá an fhaisnéis sin i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a phróiseáil.

4.   An fhaisnéis a chuirtear in iúl leis an Rialachán seo, féadfaidh údarás inniúil údarás tríú tír a chur ar an eolas fúithi freisin faoi chomhaontú cúnaimh dhéthaobhaigh leis an tríú tír sin, ar choinníoll go bhfuarthas formheas ón údarás inniúil a chéadchuir an fhaisnéis in iúl agus ar an gcoinníoll go bhfuil sí i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a phróiseáil.

CAIBIDIL VI

SOCRUITHE COMHCHOITEANNA

Airteagal 33

Faisnéis a úsáid agus sicréideacht ghairmiúil agus tráchtála

1.   Ní bhainfear úsáid as faisnéis a bhailigh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún, nó faoinar cuireadh ar an eolas iad le linn an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, ach chun a áirithiú go gcomhlíonfar dlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí.

2.   Déileálfar leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 mar eolas atá faoi rún agus ní úsáidfear ná ní nochtfar í ach i gcomhréir le leasanna tráchtála duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh, lena n-áirítear, rúin trádála agus maoin intleachtúil.

3.   Mar sin féin, féadfaidh na húdaráis inniúla, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an údarás inniúil a sholáthair an fhaisnéis, cibé faisnéis a nochtadh atá riachtanach:

(a)

chun sáruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo a chruthú; nó

(b)

chun a chur faoi deara go scoirfí de sháruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo nó go dtoirmeascfaí iad.

Airteagal 34

Fianaise agus torthaí imscrúdaithe a úsáid

Féadfaidh údaráis inniúla aon fhaisnéis, aon doiciméid, aon torthaí, aon ráitis, aon fhíorchóipeanna deimhnithe nó aon eolas a cuireadh in iúl a úsáid mar fhianaise, ar an mbonn céanna le doiciméid chomhchosúla a fuarthas ina mBallstát féin, beag beann ar a meán stórála.

Airteagal 35

Córas leictreonach

1.   Déanfaidh an Coimisiún bunachar sonraí leictreonach a bhunú agus a choimeád ar bun le haghaidh gach cumarsáide idir údaráis inniúla, oifigí idirchaidrimh aonair agus an Coimisiún faoin Rialachán seo. An fhaisnéis ar fad a sheoltar trí bhíthin an bhunachair sonraí leictreonaigh, stórálfar agus próiseálfar sa bhunachar sonraí leictreonach sin í. Tabharfar rochtain dhíreach ar an mbunachar sonraí sin do na húdaráis inniúla, do na hoifigí idirchaidrimh aonair agus don Choimisiún.

2.   An fhaisnéis a thugann eintitis atá i dteideal foláireamh seachtrach a thabhairt de bhun Airteagal 27(1) nó (2), stórálfar agus próiseálfar sa bhunachar sonraí leictreonach í. Ní bheidh rochtain ag na heintitis sin ar an mbunachar sonraí sin, áfach.

3.   I gcás ina suíonn an t-údarás inniúil, comhlacht ainmnithe nó eintiteas a eisíonn foláireamh seachtrach de bhun Airteagal 27(1) nó (2) go ndearna sé foláireamh maidir le sárú a eisiúint faoi shárú de bhun Airteagal 26 nó Airteagal 27 a léiríodh ina dhiaidh sin a bheith gan bhunús, déanfaidh sé an foláireamh sin a tharraingt siar. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis ábhartha a bhaint den bhunachar sonraí gan mhoill, agus cuirfidh sé na páirtithe ar an eolas faoi na cúiseanna atá leis an mbaint sin.

Na sonraí stóráilte a bhaineann le sárú, stórálfar sa bhunachar sonraí leictreonach iad ar feadh tréimhse nach faide ná mar atá riachtanach chun na gcríoch ar chucu a bailíodh agus a próiseáladh iad ach ní faide ná 5 bliana a stórálfar iad tar éis an dáta:

(a)

a gcuireann údarás faighte iarrata fógra chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 12(2) ina gcuirtear in iúl go bhfuil deireadh tagtha le sárú laistigh den Aontas;

(b)

a dtugann an comhordaitheoir fógra maidir le clabhsúr a chur ar an ngníomhaíocht chomhordaithe de bhun Airteagal 22(1); nó

(c)

a gcuirtear an fhaisnéis isteach sa bhunachar sonraí i ngach cás eile.

4.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na socruithe praiticiúla agus na socruithe oibríochtúla maidir le feidhmiú an bhunachair leictreonaí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38(2).

Airteagal 36

Aisíocaíocht costas a tharscaoileadh

1.   Déanfaidh na Ballstáit gach éileamh ar aisíocaíocht a tharscaoileadh maidir le costais a tabhaíodh mar chuid de chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   D’ainneoin mhír 1, maidir le hiarrataí ar bhearta forfheidhmiúcháin faoi Airteagal 12, beidh Ballstát an údaráis is iarratasóir faoi dhliteanas ag Ballstát an údaráis faighte iarrata i leith aon chostais agus aon chaillteanais a tabhaíodh de dheasca bearta a rinneadh a dhíbhe agus ar chinn cúirt iad a bheith gan bhunús a mhéid a bhaineann sé le substaint an tsáraithe i gceist.

Airteagal 37

Tosaíochtaí forfheidhmiúcháin

1.   Faoin 17 Eanáir 2020 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit faisnéis faoina dtosaíochtaí forfheidhmiúcháin chun an Rialachán seo a chur feidhme a mhalartú lena chéile agus leis an gCoimisiún.

Aireofar ar an bhfaisnéis sin:

(a)

faisnéis maidir le claontaí margaidh a bhféadfadh sé go ndéanfaidís difear a dhéanamh do leasanna tomhaltóirí sa Bhallstát lena mbaineann agus sna Ballstáit eile;

(b)

forléargas ar ghníomhaíochtaí a cuireadh i gcrích faoin Rialachán seo, sa 2 bhliain roimhe sin, agus bearta imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin a bhaineann le sáruithe forleathana go háirithe;

(c)

staidreamh a mhalartaítear trí bhíthin foláireamh dá dtagraítear in Airteagal 26;

(d)

na réimsí tosaíochta sealadacha don chéad 2 bhliain eile le haghaidh fhorfheidhmiú dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí sa Bhallstát lena mbaineann; agus

(e)

na réimsí tosaíochta don chéad dá bhliain eile arna dtogrú le haghaidh fhorfheidhmiú dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí ar leibhéal an Aontais.

2.   Gan dochar d’Airteagal 33, déanfaidh an Coimisiún, gach 2 bhliain, forléargas a thabhairt ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) de mhír 1 agus cuirfidh sé an forleárgas sin ar fáil don phobal. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi sin.

3.   I gcásanna a bhaineann le hathrú mór ar na dálaí nó ar dhálaí margaidh le linn an dá bhliain tar éis thíolacadh a dtosaíochtaí forfheidhmiúcháin deiridh, déanfaidh na Ballstáit a dtosaíochtaí forfheidhmiúcháin a nuashonrú agus cuirfidh siad na Ballstáit agus an Coimisiún ar an eolas dá réir.

4.   Déanfaidh an Coimisiún achoimre ar thosaíochtaí forfheidhmiúcháin arna dtíolacadh ag na Ballstáit faoi mhír 1 den Airteagal seo, agus gach bliain, cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 38 (1) chun ord tosaíochta gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo a éascú. Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit dea-chleachtais agus tagarmharcáil a mhalartú, go háirithe d’fhonn na gníomhaíochtaí fothaithe acmhainne a fhorbairt.

CAIBIDL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 38

Coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 39

Fógraí a thabhairt

Cuirfidh na Ballstáit téacs aon fhorálacha den dlí náisiúnta maidir le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo a ghlactar in iúl don Choimisiún gan mhoill, chomh maith le téacs aon chomhaontaithe a dhéanfaidh siad, seachas comhaontuithe ina ndeileáiltear le cásanna aonair a thugann siad i gcrích.

Airteagal 40

Tuairisciú

1.   Faoin 17 Eanáir 2023, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   Sa tuarascáil sin, beidh meastóireacht ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear measúnú ar éifeachtacht fhorfheidhmiú dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí faoin Rialachán seo, go háirithe maidir le cumhachtaí na n-údarás inniúil a leagtar amach in Airteagal 9, maille le scrúdú ar an gcaoi a gcomhlíonann trádálaithe dlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí agus an fhorbairt a tháinig air sin i margaí tomhaltóra ríthábhachtacha a bhfuil baint acu le trádáil trasteorann, go háirithe.

Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás ina bhfuil sé sin riachtanach.

Airteagal 41

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 le héifeacht ón 17 Eanáir 2020.

Airteagal 42

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 17 Eanáir 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 12 Nollaig 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  IO C 34, 2.2.2017, lch. 100.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa 14 Samhain 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 30 Samhain 2017.

(3)  Rialachán (CE) Uimh 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú (an Rialachán maidir le comhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí) (IO L 364, 9.12.2004, lch. 1).

(4)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (“an Treoir maidir le trádáil leictreonach”) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2. 2011, lch. 13).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(8)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(9)  Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34).

(10)  Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu (IO L 257, 28.8.2014, lch. 214).

(11)  Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle lena gcinntear na teangacha a úsáidfear i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385).

(12)  Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hurghairí chun leasanna tomhaltóirí a chosaint (IO L 110, 1.5.2009, lch. 30).


IARSCRÍBHINN

Treoracha agus Rialacháin dá dtagraítear i bpointe (1) d’Airteagal 3

1.

Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).

2.

Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí ó thaobh praghsanna táirgí a thairgtear do thomhaltóirí a chur in iúl (IO L 80, 18.3.1998, lch. 27).

3.

Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le gnéithe áirithe de dhíolachán earraí tomhaltóra agus na ráthaíochtaí gaolmhara (IO L 171, 7.7.1999, lch. 12).

4.

Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (an Treoir maidir le trádáil leictreonach) (IO L 178, 17.7.2000 lch. 1).

5.

Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67): Airteagail 86 go 100.

6.

Treoir 2002/58/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37): Airteagal 13.

7.

Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2002 maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí agus lena leasaítear Treoir 90/619/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE agus Treoir 98/27/CE (IO L 271, 9.10.2002, lch. 16).

8.

Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO L 46, 17.2.2004, lch. 1).

9.

Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“An Treoir maidir le cleachtais tráchtála éagothroma”) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

10.

Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir leis na cearta atá ag daoine faoi mhíchumas agus daoine faoi mhíchumas luaineachta agus iad ag taisteal d’aer (IO L 204, 26.07.2006, lch. 1).

11.

Treoir 2006/114/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le fógraíocht mhíthreorach agus chomparáideach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 21): Airteagal 1, pointe (c) d’Airteagal 2 agus Airteagal 4 go hAirteagal 8.

12.

Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12. 2006, lch. 36): Airteagal 20.

13.

Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (IO L 315, 3.12. 2007, lch. 14).

14.

Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).

15.

Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3): Airteagal 22, Airteagal 23 agus Airteagal 24.

16.

Treoir 2008/122/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Eanáir 2009 maidir le tomhaltóirí a chosaint i ndáil le gnéithe áirithe de chonarthaí amroinnte, de chonarthaí um tháirgí saoire fadtéarmacha, de chonarthaí athdhíola agus de chonarthaí malairte (IO L 33, 3.2.2009, lch. 10).

17.

Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe atá leagtha síos leis an dlí, le Rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1): Airteagal 9, Airteagal 10, Airteagal 11 agus Airteagal 19 go hAirteagal 26.

18.

Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 334, 17.12.2010, lch. 1).

19.

Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 55, 28.2.2011, lch. 1).

20.

Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

21.

Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóide le haghaidh díospóidí tomhaltais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Treoir maidir le ADR le haghaidh tomhaltóirí) (IO L 165, 18.06.2013, lch. 63): Airteagal 13.

22.

Rialachán (AE) Uimh. 534/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach díospóide ar-líne le haghaidh díospóidí tomhaltais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Rialachán maidir le ODR le haghaidh tomhaltóirí) (IO L 165, 18.6.2013, lch. 1): Airteagal 14.

23.

Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34): Airteagail 10, 11, 13, 14, 15, 16, 17, 18, 21, 22, 23, Caibidil 10 agus Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II.

24.

Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu (IO L 257, 28.8.2014, lch. 214): Airteagal 3 go hAirteagal 18 agus Airteagal 20(2).

25.

Treoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (IO L 326, 11.12.2015, lch. 1).

26.

Rialachán (AE) Uimh. 2017/1128 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le hinaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne sa mhargadh inmheánach (IO L 168, 30.6.2017, lch. 1).