15.12.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

6


RIALACHÁN (AE) 2017/2306 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 12 Nollaig 2017

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 230/2014 lena mbunaítear ionstraim lena gcuirtear le cobhsaíocht agus le síocháin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209(1) agus Airteagal 212(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sa Ráiteas comhpháirteach maidir le Beartas Forbartha an Aontais Eorpaigh dar teideal “An Comhdhearcadh Eorpach” (2), agus sa Ráiteas comhpháirteach maidir leis “An Comhdhearcadh Eorpach Nua maidir le Forbairt” (3), thug an Chomhairle agus ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún aitheantas don nasc idir an tslándáil agus an fhorbairt.

(2)

I gClár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, clár oibre a glacadh le Rún ó Chomhthionól na Náisiún Aontaithe an 25 Meán Fómhair 2015, cuireadh béim ar an tábhacht a bhaineann le sochaithe síochánta cuimsitheacha a chur chun cinn mar Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SFI) 16 agus chun torthaí eile ar bheartas forbartha a bhaint amach. I SFI 16.a iarrtar go sonrach “Go ndéanfaí institiúidí ábhartha náisiúnta a neartú, lena n-áirítear trí bhíthin comhar idirnáisiúnta, d'fhonn acmhainní a fhothú ar gach leibhéal, go háirithe i dtíortha i mbéal forbartha, chun an foréigean a chosc agus chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht a chomhrac”.

(3)

Is é is cuspóir príomhúil do bheartas forbartha an Aontais an bhochtaineacht a laghdú agus, san fhadtéarma, deireadh a chur léi ar fad.

(4)

I Ráiteas an 19 Feabhra 2016 ón gCruinniú Ardleibhéil, rinne Coiste Cúnaimh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD) na treoracha tuairiscithe i ndáil le Cúnamh Oifigiúil um Fhorbairt i réimse na síochána agus na slándála a nuashonrú. Is Cúnamh Oifigiúil um Fhorbairt é an maoiniú a dhéantar ar na gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhréir leis an Rialachán seo nuair a chomhlíonann sé na critéir a leagtar amach sna treoracha tuairiscithe sin nó in aon treoracha tuairiscithe ina dhiaidh sin a mbeidh an Coiste Cúnaimh Forbartha in ann teacht ar chomhaontú ina leith.

(5)

Is den riachtanas tacaíocht a thabhairt do ghníomhaithe san earnáil slándála i dtríú tíortha, lena n-áirítear, in imthosca eisceachtúla, an t-arm, i gcomhthéacs coinbhleachtaí a chosc, géarchéimeanna a bhainistiú nó an chobhsaíocht a chothú chun a áirithiú go mbeidh na coinníollacha iomchuí ann chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht ar fad agus chun an fhorbairt a spreagadh. Saintréithe riachtanacha de chuid Stáit dhea-fheidhmiúil, gan beann ar an gcomhthéacs, is ea an dea-rialachas, an rialú daonlathach éifeachtach agus an fhormhaoirseacht shibhialtach ar an gcóras slándála, lena n-áirítear ar an arm, mar aon le comhlíonadh chearta an duine agus phrionsabail an smachta reachta, agus ba cheart na saintréithe sin a chur chun cinn trí thacú le tríú tíortha maidir le hathchóiriú níos leithne ar an earnáil slándála.

(6)

Sna conclúidí uaithi an 19-20 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC), chuir an Chomhairle Eorpach béim ar a thábhachtaí atá sé tacú le tíortha comhpháirtíochta agus eagraíochtaí réigiúnacha, trí oiliúint, comhairle, trealamh agus acmhainní a chur ar fáil i gcás inarb iomchuí, ionas gur fearrde de réir a chéile a gcumas géarchéimeanna a chosc nó a bhainistiú ar a gconlán féin.

(7)

I dTeachtaireacht Chomhpháirteach uathu an 28 Aibreán 2015 dar teideal “Capacity building in support of security and development — Enabling partners to prevent and manage crisis” (Fothú acmhainní chun tacú le slándáil agus forbairt — Comhpháirtithe a chumasú chun géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú), d'athdheimhnigh an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an gá atá le sochaithe atá cobhsaí agus slán a bheith ann d'fhonn cuspóirí forbartha a bhaint amach.

(8)

I gcomhréir le Cur chuige Cuimsitheach an AE agus d'fhonn tionchar, éifeachtúlacht agus comhsheasmhacht na tacaíochta ón AE a uasmhéadú, d'iarr an Chomhairle, sna conclúidí uaithi an 18 Bealtaine 2015 maidir leis an CBSC, ar an gCoimisiún agus ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála creat straitéiseach uile-Aontais a fhorbairt, i gcomhairle leis na Ballstáit, chun tacú le hathchóiriú na hearnála slándála. Leis an gcoincheap beartais sin, tugtar CBSC agus uirlisí ábhartha eile an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála (CBES) go léir le chéile, chomh maith le hionstraimí comhair um fhorbairt, agus urramaítear ag an am céanna na bunúis dlí, na cuspóirí bunúsacha agus na nósanna imeachta cinnteoireachta atá acu faoi seach.

(9)

Ba cheart fothú acmhainní gníomhaithe míleata i dtríú tíortha a dhéanamh mar chuid de bheartas an Aontais maidir le comhar um fhorbairt nuair a shaothraíonn sé den chuid is mó cuspóirí i réimse na forbartha agus mar chuid de CBSC an Aontais nuair a shaothraíonn sé den chuid is mó cuspóirí i réimse na síochána agus na slándála, i gcomhréir le hAirteagal 40 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Urramaítear leis an Rialachán seo cur i bhfeidhm nósanna imeachta agus méid chumhachtaí na n-institiúidí faoi bheartas an Aontais maidir le comhar um fhorbairt agus faoi CBES an Aontais.

(10)

Maidir le cúnamh an Aontais faoin Rialachán seo, d'fhéadfaí soláthar clár maidir le fothú acmhainní chun tacú leis an bhforbairt agus leis an tslándáil don fhorbairt a chumhdach leis, lena n-áirítear oiliúint, meantóireacht agus comhairle i ndáil, mar shampla, le cearta an duine, le rialachas agus leis an smacht reachta, le cosaint na mban agus na leanaí, leis an bhfreagairt shibhialtach ar ghéarchéimeanna, le bainistiú acmhainní daonna agus le comhar teicniúil.

(11)

Tá an Coimisiún chun dlúthfhaireachán a dhéanamh ar bhearta a dhéantar faoin Rialachán seo. Tá an Coimisiún chun Parlaimint na hEorpa a choinneáil ar an eolas, mar is cuí agus go tráthúil, faoi chur chun feidhme chúnamh an Aontais de bhun an Rialacháin seo. Tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2020, tá an Coimisiún chun meastóireacht a dhéanamh ar thionchar agus ar éifeachtacht na mbeart a dhéantar de bhun an Rialacháin seo agus ar a gcomhleanúnachas le SFI 16. Chuige sin, tá an Coimisiún chun na geallsealbhóirí ábhartha go léir, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla, a chomhlachú sa chéim mheastóireachta, agus é á áirithiú go mbeidh ról fiúntach acu sa phróiseas. I gcás inarb iomchuí, tá an Coimisiún chun meastóireachtaí comhpháirteacha a dhéanamh leis na Ballstáit. Tá na torthaí chun bheith mar bhonn do cheapadh agus do leithdháileadh acmhainní na gclár, agus chun comhsheasmhacht agus comhlántacht ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a fheabhsú tuilleadh.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 230/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 230/2014 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“I gcás ina gcuirtear cúnamh an Aontais ar fáil do ghníomhaithe san earnáil slándála, féadfar gníomhaithe míleata a chur san áireamh chomh maith in imthosca eisceachtúla faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 3a, i gcomhthéacs próiseas níos leithne athchóirithe na hearnála slándála nó i gcomhthéacs fothú acmhainní chun tacú leis an bhforbairt agus leis an tslándáil don fhorbairt i dtríú tíortha, i gcomhréir leis an gcuspóir uileghabhálach, mar atá forbairt inbhuanaithe a bhaint amach.”;

(2)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 3a

Fothú acmhainní na ngníomhaithe míleata chun tacú leis an bhforbairt agus leis an tslándáil don fhorbairt

1.   D'fhonn rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe a bhfuil sochaithe cobhsaí síochánta cuimsitheacha a bhaint amach ag teastáil lena haghaidh, féadfar cúnamh an Aontais faoin Rialachán seo a úsáid chun acmhainn na ngníomhaithe míleata i dtíortha comhpháirtíochta a fhothú, sna himthosca eisceachtúla faoi mar a leagtar amach i mír 3 iad, chun gníomhaíochtaí forbartha agus slándáil do ghníomhaíochtaí forbartha a sholáthar.

2.   Maidir leis an gcúnamh de bhun an Airteagail seo, féadfar a chumhdach leis, go háirithe, soláthar clár maidir le fothú acmhainní chun tacú leis an bhforbairt agus leis an tslándáil don fhorbairt, lena n-áirítear oiliúint, meantóireacht agus comhairle, mar aon le soláthar trealaimh, feabhsuithe ar an mbonneagar agus seirbhísí a bhaineann go díreach leis an gcúnamh sin.

3.   Ní chuirfear cúnamh ar fáil de bhun an Airteagail seo ach amháin más rud é:

(a)

nach féidir ceanglais a chomhlíonadh trí dhul ar iontaoibh gníomhaithe neamh-mhíleata chun cuspóirí an Aontais faoin Rialachán seo a bhaint amach go leordhóthanach agus go bhfuil institiúidí feidhmiúla Stáit a bheith ann faoi bhagairt nó go bhfuil cosaint chearta an duine agus saoirsí bunúsacha faoi bhagairt agus nach féidir leis na hinstitiúidí stáit déileáil leis an mbagairt sin; agus

(b)

go bhfuil comhdhearcadh ann idir an tír chomhpháirtíochta lena mbaineann agus an tAontas go bhfuil an-tábhacht ag baint le gníomhaithe míleata chun na coinníollacha atá ríthábhachtach don fhorbairt inbhuanaithe a chaomhnú, a bhunú nó a athbhunú, lena n-áirítear i ngéarchéimeanna nó i gcomhthéacsanna agus cásanna leochaileacha nó díchobhsaithe.

4.   Ní úsáidfear cúnamh an Aontais de bhun an Airteagail seo chun fothú acmhainní do ghníomhaithe míleata a mhaoiniú chun críocha seachas gníomhaíochtaí forbartha agus slándáil do ghníomhaíochtaí forbartha a sholáthar. Go háirithe, ní úsáidfear cúnamh an Aontais chun an méid seo a leanas a mhaoiniú:

(a)

caiteachas míleata a thagann chun cinn go tráthrialta;

(b)

soláthar arm agus armlón, ná aon trealamh eile a cheaptar chun fórsa marfach a thabhairt;

(c)

oiliúint atá ceaptha go sonrach chun cur le hacmhainn troda na bhfórsaí armtha.

5.   Nuair atá bearta á gceapadh agus á gcur chun feidhme de bhun an Airteagail seo, déanfaidh an Coimisiún úinéireacht na tíre comhpháirtíochta ar na bearta sin a chur chun cinn. Chomh maith leis sin, forbróidh sé na heilimintí riachtanacha agus na dea-chleachtais is gá chun inbhuanaitheacht sa mheántéarma agus san fhadtéarma a áirithiú agus cuirfidh sé an smacht reachta agus prionsabail sheanbhunaithe an dlí idirnáisiúnta chun cinn.

6.   Cuirfidh an Coimisiún ar bun nósanna imeachta iomchuí maidir le measúnú riosca, faireachán agus meastóireacht i dtaca le bearta a dhéanfar de bhun an Airteagail seo.”;

(3)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Déanfar cúnamh an Aontais de bhun Airteagal 3, agus de bhun Airteagal 3a de réir mar is iomchuí, a sholáthar trí bhíthin bearta eisceachtúla um chúnamh agus cláir um fhreagairt eatramhach.”;

(4)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Is é a bheidh i bpáipéir straitéise téamaí an bunús ginearálta lena gcuirfear chun feidhme cúnamh de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 5, agus de bhun Airteagal 3a de réir mar is iomchuí. Soláthrófar leis na páipéir straitéise téamaí creat le haghaidh comhar idir an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta nó na réigiúin chomhpháirtíochta lena mbaineann.”;

(5)

in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear chun feidhme na bearta a ghlactar faoin Rialachán seo maidir leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus na coireachta eagraithe, mar aon leis na bearta a chumhdaítear faoi Airteagal 3a, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an dlí um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta.”;

(6)

in Airteagal 13, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4.   Cuirfear méid breise is ionann agus EUR 100 000 000 leis an imchlúdach airgeadais dá dtagraítear i mír 1 agus is ar bhearta a thagann faoi Airteagal 3a a leithdháilfear é.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 12 Nollaig 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Samhain 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 7 Nollaig 2017.

(2)  IO C 46, 24.2.2006, lch. 1.

(3)  IO C 210, 30.6.2017, lch. 1.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 230/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim lena gcuirtear le cobhsaíocht agus le síocháin (IO L 77, 15.3.2014, lch. 1).


Dearbhú maidir le foinsí cistiúcháin i dtaca le bearta cúnaimh faoi Airteagal 3a de Rialachán (AE) Uimh. 230/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim lena gcuirtear le cobhsaíocht agus leis an tsíocháin

Comhaontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún gur cheart fothú acmhainní chun tacú leis an bhforbairt agus leis an tslándáil don fhorbairt a mhaoiniú faoi Cheannteideal IV den chreat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020, trí ath-iomlonnuithe, go príomha, agus chomhardú airgeadais i measc na n-ionstraimí ar fad a chaomhnú a mhéid is mó is féidir. Ina theannta sin, gan dochar do shainchumais an údaráis bhuiséadaigh sa nós imeachta buiséadach bliantúil, níor cheart go n-áireofaí in ath-imlonnuithe den sórt sin úsáid a bhaint as leithreasuithe a leithdháiltear ar bhearta faoi Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 óPharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim airgeadais maidir le comhar um fhorbairt don tréimhse 2014-2020.