|
1.11.2017 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
9 |
RIALACHÁN (AE) 2017/1954 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Deireadh Fómhair 2017
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach do cheadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 79(2)(a) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle (2) formáid aonfhoirmeach do cheadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír. |
|
(2) |
I bhfianaise eachtraí tromchúiseacha góchumtha agus calaoise, is léir go bhfuil amhras tarraingthe ar an bhformáid aonfhoirmeach do cheadanna cónaithe atá ann faoi láthair agus atá in úsáid le 20 bliain anuas. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, dearadh comhchoiteann nua do cheadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír a cheapadh ina mbeidh gnéithe slándála níos nua-aimseartha chun go mbeidh ceadanna cónaithe den sórt sin níos sláine agus d'fhonn calaois a chosc. |
|
(4) |
Tá sé de cheart ag náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cead cónaithe bailí acu a dréachtaíodh san fhormáid aonfhoirmeach agus a d'eisigh ceann de na Ballstáit a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine gluaiseacht faoi shaoirse ar feadh tréimhse 90 lá ar a mhéid laistigh de limistéar Schengen ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha maidir le dul isteach dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) (Cód Teorainneacha Schengen). |
|
(5) |
Le reachtaíocht an Aontais maidir le dul isteach agus cónaí ag náisiúnaigh tríú tír, leagtar amach scéimeanna lena ndeonaítear cearta breise sogluaiseachta agus coinníollacha sonracha maidir le dul isteach agus fanacht sna Ballstáit atá faoi cheangal ag an acquis sin. Úsáidtear an fhormáid aonfhoirmeach a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 i gcás ceadanna cónaithe a eisítear i gcomhréir leis an reachtaíocht sin. Mar sin, chun go mbeidh na húdaráis inniúla in ann náisiúnaigh tríú tír a d'fhéadfadh leas a bhaint as na cearta sogluaiseachta áirithe sin a shainaithint, tá sé tábhachtach go ndéanfaí na hiontrálacha ábhartha, amhail “taighdeoir”, “mac léinn” nó “aistrí ionchorparáideach (ICT)” a thaispeáint go soiléir ar an gcead cónaithe i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais. |
|
(6) |
I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle an Rialachán seo cinneadh a dhéanamh, an gcuirfidh sí an Rialachán seo chun feidhme ina dlí náisiúnta. |
|
(7) |
I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an dá Bhallstát sin rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl siad faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(8) |
Is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d'Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(1) d'Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(1) d'Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach. |
|
(9) |
Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis (4) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle. (5) |
|
(10) |
Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (6), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle. (7) |
|
(11) |
Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (8) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (9). |
|
(12) |
Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse nuair a bheidh na Ballstáit in ann seancheadanna cónaithe a úsáid go fóill ionas go mbeidh na Ballstáit in ann an stoc atá ann cheana a ídiú. |
|
(13) |
Ba cheart, mar sin, Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear na híomhánna agus an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002.
Airteagal 2
Na ceadanna cónaithe a chomhlíonann na sonraíochtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 is infheidhme go dtí an dáta dá dtagraítear sa dara mír d'Airteagal 3 den Rialachán seo, féadfar iad a eisiúint mar cheadanna cónaithe go dtí 6 mhí tar éis an dáta sin.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Cuirfidh na Ballstáit an Rialachán seo i bhfeidhm 15 mhí ar a dhéanaí tar éis na sonraíochtaí teicniúla breise dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 a ghlacadh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Deireadh Fómhair 2017.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. MAASIKAS
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2017.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tíortha (IO L 157, 15.6.2002, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).
(4) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(5) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(6) IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(7) Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).
(8) IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(9) Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN
AGHAIDH AGUS CÚL AN CHÁRTA
(a) Cur síos
Is mar dhoiciméad ar leith i bhformáid ID — 1 a bheidh an cead cónaithe, lena n-áireofar sonraí bithmhéadracha. Chuige sin tarraingeofar ar na sonraíochtaí a leagtar amach sa doiciméad de chuid ICAO maidir le doiciméid taistil mheaisín-inléite (Doiciméad 9303, an seachtú eagrán, 2015). Beidh na nithe seo a leanas ann (1):
|
Aghaidh an chárta:
Beidh ceannteidil iontrálacha 6 go 12 i dteanga(cha) an Bhallstáit eisiúna. Féadfaidh an Ballstát eisiúna teanga oifigiúil eile de chuid institiúidí an Aontais a chur ar an líne chéanna, ach gan níos mó ná dhá theanga san iomlán a bheith inti.
|
|
Ar chúl an chárta:
Gnéithe slándála náisiúnta sofheicthe (gan dochar do na sonraíochtaí teicniúla a bhunaítear faoi Airteagal 2(1)(f) den Rialachán seo):
|
(b) Dathúchán, próiseas priontála
Socróidh na Ballstáit an dath agus an próiseas priontála i gcomhréir leis an bhformáid aonfhoirmeach a leagtar síos san Iarscríbhinn seo agus leis na sonraíochtaí teicniúla breise a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 2 den Rialachán seo.
(c) Ábhar
Beidh an cárta déanta go hiomlán de pholacarbónáit nó de pholaiméir shintéiseach dá samhail (ábhar a fhanfaidh bailí ar feadh 10 mbliana ar a laghad).
(d) Teicnící priontála
Bainfear úsáid as na teicnící priontála seo a leanas:
|
— |
seachphriontáil chúlra ar ardchaighdeán slándála; |
|
— |
priontáil UV-fhluaraiseach; |
|
— |
priontáil stua ceatha. |
Beifear in ann an dearadh slándála ar aghaidh an chárta a idirdhealú ar an dearadh slándála ar a chúl.
(e) Uimhriú
Beidh uimhir an doiciméid le feiceáil i mbreis agus aon ionad amháin ar an doiciméad (gan an chuid meaisín-inléite a chur san áireamh).
(f) Cosaint ar chóipeáil
Úsáidfear ar aghaidh an cheada cónaithe leagan uasghrádaithe de DOVID lena gcuirfear ar fáil caighdeán aitheantais agus leibhéal slándála nach lú éifeacht ná an gaireas a úsáidtear san fhormáid aonfhoirmeach do víosaí atá ann faoi láthair, agus beidh dearadh agus gnéithe ardleibhéil sa leagan seo, lena n-áireofar eilimint dhíraonta fheabhsaithe le haghaidh meaisínfhíorú ardleibhéil.
(g) Teicníc phearsantaithe
D'fhonn a áirithiú go bhfuil cosaint cheart ar na hiarrachtaí góchumtha agus falsaithe á déanamh i dtaca leis na sonraí maidir le cead cónaithe, déanfar sonraí beatha, lena n-áireofar an grianghraf, síniú an tsealbhóra agus sonraí tábhachtachta eile, déanfar iad a chomhtháthú in ábhar bunúsach an doiciméid. Chun pearsantú a dhéanamh, úsáidfear teicneolaíocht léasarghreanta nó teicneolaíocht shlán eile dá samhail.
(h) Féadfaidh na Ballstáit gnéithe breise slándála náisiúnta a chur leis freisin, ar choinníoll go mbeidh na gnéithe sin áirithe sa liosta arna bhunú faoi Airteagal 2(1)(f) den Rialachán seo, go gcloífidh siad le cuma chomhchuibhithe na samhlacha thuas agus nach laghdófar éifeachtúlacht na ngnéithe slándála aonfhoirmeacha.
(1) Tá na ceannteidil atá le priontáil sonraithe sna sonraíochtaí teicniúla atá le glacadh faoi Airteagal 6 den Rialachán seo.
(2) Aon réimse amháin atá ann do na sloinnte agus do na céadainmneacha. Tabharfar na sloinnte sa chás uachtair; cuirfear na céadainmneacha sa chás íochtair ach sa chás uachtair don chéadlitir. Ní ceadmhach deighilteoirí a chur idir sloinnte agus céadainmneacha. Is féidir, áfach, an carachtar ‘,’a chur isteach mar dheighilteoir idir an chéad sloinne agus an dara sloinne, nó na céadainmneacha (mar shample: TOLEDO, BURGOS Ana, Maria). Más gá, is féidir an chéad sloinne agus an dara sloinne, nó na sloinnte agus céadainmneacha, a chur le chéile ar aon líne ar mhaithe le níos lú spáis a úsáid.
(3) Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh an Aontais agus ag daoine dá dteaghlaigh chun gluaiseacht agus cónaí a dhéanamh faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/EEC, 72/194/ CEE, 73/148/ CEE, 75/34/ CEE, 75/35/ CEE, 90/364/ CEE, 90/365/ CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).
(4) Déanfar an iontráil i bhformáid dáta (ll/mm/bbbb), agus san fhormáid sin amháin; ná cuirtear focail amhail ‘sealadach’ nó ‘gan teorainn’ inti, toisc go mbaineann an dáta éaga leis an doiciméad fisiciúil agus ní leis an gceart cónaithe.
(5) Is féidir barúlacha breise a chur isteach i réimse 16 (‘Barúlacha’) ar chúl an chárta.
(6) A bhfuil de spás ar fáil ar chúl an chárta (seachas an chuid mheaisín-inléite), fágfar bán é don réimse dar teideal ‘Barúlacha’. Is éard a bheidh ann na barúlacha iarbhír agus, ina dhiaidh sin, na réimsí éigeantacha (dáta eisiúna, áit eisiúna/údarás eisiúna, áit bhreithe), agus, ina dhiaidh sin arís, na réimsí roghnacha a bheidh de dhíth ar gach Ballstát.
(7) Ní mór fo-cheannteidil a chur roimh iontrálacha roghnacha.