28.10.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2017/1938 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Deireadh Fómhair 2017

maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is gné ríthábhachtach go fóill é gás nádúrtha (gás) de sholáthar fuinnimh an Aontais. Is ó thríú tíortha a dhéantar sciar mór den ghás sin a allmhairiú isteach san Aontas.

(2)

Is féidir le mórshuaitheadh an tsoláthair gáis difear a dhéanamh do na Ballstáit go léir, don Aontas agus do na Páirtithe Conarthacha sa Chonradh lena mbunaítear Comhphobal Fuinnimh, a síníodh san Aithin an 25 Deireadh Fómhair 2005. Is féidir leis díobháil mhór a dhéanamh do gheilleagar an Aontais freisin, agus tionchar mór sóisialta a bheith aige, go háirithe ar ghrúpaí leochaileacha custaiméirí.

(3)

Is é is aidhm leis an Rialachán seo a áirithiú go ndéanfar na bearta uile is gá chun soláthar rianúil gáis a choimirciú ar fud an Aontais, go háirithe chuig custaiméirí atá faoi chosaint i gcás ina bhfuil dálaí deacra aeráide ann nó i gcás shuaitheadh an tsoláthair gáis. Ba cheart na cuspóirí sin a bhaint amach trí na bearta is cost-éifeachtaí agus ar dhóigh nach ndéanfar na margaí gáis a shaobhadh.

(4)

Bhí tionchar nach beag cheana ag dlí an Aontais, go háirithe Treoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) ar shlándáil an tsoláthair gáis san Aontas, i dtéarmaí ullmhúcháin agus maolaithe araon. Tá na Ballstáit níos ullmhaithe chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim sholáthair mar go bhfuil ceangal orthu anois pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus pleananna éigeandála a tharraingt suas, agus is fearr an chosaint atá acu ar an ábhar gur gá dóibh líon áirithe oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le toilleadh bonneagair agus soláthar gáis. Mar sin féin, sa tuarascáil ón gCoimisiún ó mhí Dheireadh Fómhair 2014 maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 994/2010, leagadh béim ar réimsí ina bhféadfaí tuilleadh tacaíochta a thabhairt do shlándáil an tsoláthair gáis an Aontais trí fheabhsuithe a dhéanamh ar an Rialachán sin.

(5)

I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2014 maidir le hathléimneacht ghearrthéarmach chóras gáis na hEorpa, rinneadh anailís ar na héifeachtaí a bheadh ann dá mbeadh suaitheadh i bpáirt nó suaitheadh iomlán sa soláthar gáis ón Rúis agus baineadh de thátal aisti gur bheag an éifeacht a bheadh ag cineálacha cur chuige ar bhonn náisiúnta amháin i gcásanna eiseamláireacha ina mbeadh géarshuaitheadh ann, i bhfianaise an raoin feidhme atá acu, atá teoranta de réir sainmhíniú. Léiríodh sa tástáil struis sin an dóigh a bhféadfadh cur chuige níos comhoibrí i measc na mBallstát an tionchar a laghdú i gcásanna eiseamláireacha ina mbeadh suaitheadh an-ghéar ann sna Ballstáit is leochailí dá bhfuil ann.

(6)

Tá an tslándáil fuinnimh ar cheann de na cuspóirí atá le Straitéis an Aontais Fuinnimh, a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2015 maidir le Creat-Straitéis i ndáil le hAontas Fuinnimh Athléimneach a chuireann Beartas Réamhbhreathnaitheach um Athrú Aeráide i bhfeidhm, teachtaireacht a leagadh béim freisin ar an bprionsabal um thosaíocht na héifeachtúlachta fuinnimh agus ar an ngá gníomhartha dlí an Aontais maidir le fuinneamh atá ann cheana a chur chun feidhme ina hiomláine. Cuireadh i bhfáth sa teachtaireacht gur bunchlocha an Aontais Fuinnimh iad dlúthpháirtíocht, a chumhdaítear in Airteagal 194 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus muinín, ar gnéithe riachtanacha de shlándáil fuinnimh iad. Beartaítear leis an Rialachán seo borradh a chur faoi dhlúthpháirtíocht agus faoi mhuinín idir na Ballstáit agus na bearta is gá a chur i bhfeidhm chun na haidhmeanna sin a bhaint amach. Agus measúnú á dhéanamh ar na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus ar na pleananna éigeandála arna dtarraingt suas ag na Ballstáit, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann freisin aird na mBallstát a tharraingt ar chuspóirí an Aontais Fuinnimh.

(7)

Margadh inmheánach gáis a oibríonn go rianúil, sin é an barántas is fearr chun slándáil an tsoláthair fuinnimh a áirithiú ar fud an Aontais agus chun laghdú a dhéanamh ar an méid a bheadh Ballstáit ar leithligh faoi lé na n-éifeachtaí dochracha a bhaineann le suaitheadh an tsoláthair gáis. I gcás ina bhfuil slándáil an tsoláthair gáis i mBallstát amháin faoi bhagairt, tá riosca ann go bhféadfadh na bearta a fhorbraíonn an Ballstát sin go haontaobhach dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh gáis a chur i mbaol, rud a dhéanfadh díobháil don soláthar gáis do chustaiméirí sna Ballstáit eile. Chun ligean don mhargadh inmheánach gáis feidhmiú fiú amháin agus ganntanas soláthair ann, ní mór foráil a dhéanamh maidir le dlúthpháirtíocht agus comhordú mar chuid den fhreagairt ar ghéarchéimeanna soláthair, a mhéid a bhaineann le gníomhaíocht choisctheach agus a mhéid a bhaineann leis an bhfreagairt ar shuaitheadh iarbhír an tsoláthair gáis.

(8)

Ní féidir margadh inmheánach fuinnimh atá fíor-idirnasctha agus lena ngabhann an iliomad pointí iontrála agus sreafaí cúltreo a chruthú ach amháin trí eangacha gáis an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh sin a idirnascadh go hiomlán, trí mhoil gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) a fhorbairt sna réigiúin i nDeisceart agus in Oirthear an Aontais, tríd an gConair Gháis Thuaidh-Theas agus Conair Gháis an Deiscirt a thabhairt i gcrích agus tríd an táirgeadh intíre a fhorbairt tuilleadh. Dá bhrí sin, is gá forbairt luathaithe a dhéanamh ar idirnascairí agus ar thionscadail arb é is aidhm leo foinsí soláthair a éagsúlú, amhail dá ngearrliostaítear cheana sa Straitéis maidir le Slándáil Fuinnimh.

(9)

Go dtí seo, níor baineadh leas iomlán as na bearta a d'fhéadfadh a bheith níos éifeachtúla agus níos tíosaí trí bhíthin comhar réigiúnach. Ní hamháin go bhfuil baint aige sin le comhordú níos fearr ar ghníomhaíochtaí maolúcháin náisiúnta i staideanna éigeandála, ach baineann sé freisin le bearta coisctheacha náisiúnta, amhail stóráil náisiúnta nó beartais a bhaineann le GNL, agus is féidir leo sin a bheith tábhachtach ó thaobh straitéise de i réigiúin áirithe san Aontas.

(10)

I meon na dlúthpháirtíochta, trí údaráis phoiblí agus gnóthais gáis nádúrtha araon a thabhairt le chéile, ba cheart comhar réigiúnach a bheith ina threoirphrionsabal don Rialachán seo chun na rioscaí a shainaithneofar a mhaolú, chun an leas is fearr a bhaint as buntáistí beart comhordaithe agus chun na bearta is cost-éifeachtúla a chur chun feidhme do thomhaltóirí an Aontais. Ba cheart comhar réigiúnach a chomhlánú de réir a chéile le gné an Aontais a bheadh níos láidre, lena bhféadfaí dul ar iontaoibh na soláthairtí agus na n-uirlisí ar fad atá ar fáil sa mhargadh inmheánach gáis trí chéile. Ba cheart measúnú ar leibhéal an Aontais ar na conairí soláthair éigeandála a ionchorprú sa chomhar réigiúnach.

(11)

Is le cur chuige rioscabhunaithe maidir le measúnú a dhéanamh ar shlándáil an tsoláthair gáis agus maidir le bearta coisctheacha agus maolúcháin a bheartú is féidir iarrachtaí a chomhordú agus bíonn tairbhí móra mar thoradh air i dtéarmaí éifeachtacht na mbeart agus barrfheabhas a bhaint as acmhainní. Is fíor don mhéid sin go háirithe i dtaca le bearta atá ceaptha soláthar leantach a ráthú, agus sin faoi dhálaí an-deacair, do chustaiméirí atá faoi chosaint, agus i dtaca le bearta chun tionchar éigeandála a mhaolú. Trí mheasúnú a dhéanamh ar rioscaí comhghaolaithe go comhpháirteach i ngrúpaí riosca, ar cur chuige é atá níos cuimsithí agus níos beaichte araon, áireofar go mbeidh na Ballstáit níos ullmhaithe le haghaidh aon ghéarchéimeanna. Ina theannta sin, i gcás éigeandála, más ann do chur chuige comhordaithe agus comhaontaithe roimh ré i dtaca le slándáil an tsoláthair, áirithítear freagairt chomhsheasmhach agus is lú seans go bhféadfadh éifeachtaí diúltacha iarmharta a bheith ag bearta ar bhonn náisiúnta amháin ar na Ballstáit chomharsanachta dá bharr.

(12)

Chun críche an chur chuige rioscabhunaithe, ba cheart grúpaí riosca a shainiú bunaithe ar na príomhrioscaí trasnáisiúnta a bhaineann le slándáil an tsoláthair gáis san Aontas. Sainaithníodh rioscaí den sórt sin i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2014 maidir le hathléimneacht ghearrthéarmach chóras gáis na hEorpa agus sa mheasúnú a bhí sa Phlean Forbartha Gréasáin Deich mBliana (PFGDB) is déanaí arna fhorbairt ag Gréasán Eorpach Oibreoirí na gCóras Tarchurtha don Ghás (ENTSOG). Chun go bhféadfar measúnú níos beaichte agus níos dírithe a dhéanamh chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart na grúpaí riosca a bheith comhdhéanta ar bhonn na bpríomhfhoinsí soláthair gáis agus na bpríomhbhealaí gáis.

(13)

Chun ionchur a sholáthar do na measúnuithe riosca comhchoiteanna agus náisiúnta, ba cheart do ENTSOG, i gcomhar leis an nGrúpa Comhordaithe Gáis (GCG) agus leis an Líonra Eorpach d'Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (ENTSO-E), ionsamhlúcháin uile-Aontais de chásanna eiseamláireacha suaite soláthair gáis agus bonneagair a dhéanamh. Ba cheart ionsamhlúchán den sórt sin a athdhéanamh gach 2 bhliain ar a laghad. Mar mhodh chun an comhar réigiúnach a neartú trí fhaisnéis a chur ar fáil maidir le sreafaí gáis agus trí shaineolas teicniúil agus oibríochtúil a chur ar fáil, ba cheart don Chóras um Chomhordú Réigiúnach don Ghás (Córas ReCo don Ghás), a bhunaigh ENTSOG agus atá comhdhéanta de bhuanghrúpaí saineolaithe, a bheith páirteach i ndéanamh na n-ionsamhlúchán. Ba cheart do ENTSOG leibhéal iomchuí trédhearcachta agus rochtana ar na toimhdí samhaltaithe a úsáidtear ina chásanna eiseamláireacha a áirithiú.

(14)

Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún comhdhéanamh na ngrúpaí riosca a nuashonrú trí bhíthin gníomh tarmligthe bunaithe ar theacht chun cinn na bpríomhrioscaí trasnáisiúnta do shlándáil an tsoláthair gáis san Aontas agus ar a thionchar ar na Ballstáit, agus toradh an ionsamhlúcháin uile-Aontais agus an plé sa GCG á gcur san áireamh aige.

(15)

Ionas gur indéanta a bheadh an comhar réigiúnach, ba cheart do na Ballstáit teacht ar chomhaontú maidir le sásra comhair laistigh de gach grúpa riosca. Ba cheart sásra den sórt sin a fhorbairt in am trátha le gur féidir an measúnú riosca comhchoiteann a dhéanamh agus bearta iomchuí éifeachtacha trasteorann a phlé agus teacht ar chomhaontú maidir leo, a n-éileofar comhaontú gach Ballstáit lena mbaineann ina leith, ar bearta iad atá le cur san áireamh sna caibidlí réigiúnacha de na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus de na pleananna éigeandála, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Tá saorchead ag na Ballstáit teacht ar chomhaontú maidir le sásra comhair is fearr a d'oirfeadh do ghrúpa riosca ar leith. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann ról éascaitheora a bheith aige sa phróiseas iomlán agus ba cheart dó dea-chleachtais a roinnt maidir le comhar réigiúnach a shocrú amhail ról comhordaithe rothlach laistigh de na grúpaí riosca chun na doiciméid éagsúla a ullmhú nó chun comhlachtaí tiomnaithe a bhunú. In éagmais comhaontú i dtaca leis an sásra comhair, ba cheart don Choimisiún sásra comhair oiriúnach a mholadh le haghaidh grúpa riosca ar leith.

(16)

Agus an measúnú riosca comhchoiteann á dhéanamh, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar na fachtóirí riosca ábhartha uile a bhféadfadh na príomhrioscaí trasnáisiúnta ar ina leith a cruthaíodh an grúpa riosca teacht astu, lena n-áirítear suaitheadh an tsoláthair gáis ón soláthróir is mó. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar na fachtóirí rioscaí sin trí bhearta iomchuí trasteorann arna gcomhaontú ag údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann. Ba cheart na bearta trasteorann a chur san áireamh sna caibidlí réigiúnacha de na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus de na pleananna éigeandála. Ina theannta sin, ba cheart do na húdaráis inniúla measúnú riosca náisiúnta cuimsitheach a dhéanamh agus rioscaí nádúrtha agus rioscaí ó thaobh nateicneolaíochta, na tráchtála, an airgeadais, na sochaí, na polaitíochta agus an mhargaidh de, agus aon rioscaí ábhartha eile, a mheas. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar na rioscaí ar fad trí bhearta éifeachtacha, comhréireacha agus neamh-idirdhealaitheacha a bheidh le forbairt sna pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus sna pleananna éigeandála. Le torthaí na measúnuithe riosca comhchoiteanna agus náisiúnta, ba cheart rannchuidiú leis na measúnuithe riosca ina gcuirtear gach guais san áireamh dá bhforáiltear in Airteagal 6 de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus ba cheart iad a chur san áireamh go hiomlán sna measúnuithe riosca náisiúnta.

(17)

Chun an leibhéal is airde ullmhachta a áirithiú, ionas go ndéantar suaitheadh ar an soláthar gáis a sheachaint agus na héifeachtaí a bheadh aige sin a mhaolú má thagann ann dó mar sin féin, ba cheart do na húdaráis inniúla i ngrúpa riosca ar leith, tar éis dóibh dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara, pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus pleananna éigeandála a bhunú ina mbeidh caibidlí réigiúnacha. Ba cheart iad a cheapadh sa chaoi go dtabharfaí aghaidh ar rioscaí náisiúnta ar shlí a mbainfí tairbhe iomlán as na deiseanna a thugtar le comhar réigiúnach. Ba cheart gur de chineál teicniúil agus oibríochtúil a bheadh na pleananna, ó tharla gurb é an fheidhm a bheidh leo cuidiú le cosc a chur ar éigeandáil nó ar fhorbairt éigeandála nó a héifeachtaí a mhaolú. Ba cheart slándáil na gcóras leictreachais a chur san áireamh sna pleananna agus ba cheart dóibh a bheith i gcomhréir le pleanáil straitéiseach agus uirlisí tuairiscithe an Aontais Fuinnimh.

(18)

Agus na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus na pleananna éigeandála á mbunú agus á gcur chun feidhme acu, ba cheart do na húdaráis inniúla, i gcónaí, oibriú slán an chórais gáis a chur san áireamh ar leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart dóibh aghaidh a thabhairt ar na constaicí teicniúla a dhéanann difear d'oibriú an líonra agus iad a leagan amach sna pleananna sin, lena n-áirítear aon chúiseanna teicniúla nó slándála le sreafaí a laghdú i gcás éigeandála.

(19)

Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus ar na pleananna éigeandála agus aird chuí á tabhairt ar na tuairimí arna nochtadh sa GCG, agus ba cheart dó a mholadh go ndéanfaí athbhreithniú orthu, go háirithe más rud é nach dtabharfaidh siad aghaidh éifeachtach ar na rioscaí a shainaithnítear sa mheasúnú riosca, más rud é go ndéanfaidh siad saobhadh ar iomaíocht nó go gcuirfidh siad isteach ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh, más rud é go gcuirfidh siad slándáil soláthair gáis Ballstát eile i mbaol nó más rud é nach gcomhlíonfaidh siad forálacha an Rialacháin seo nó dlí eile de chuid an Aontais. Ba cheart d'údarás inniúil an Bhallstáit na moltaí ón gCoimisiún a chur san áireamh. I gcás ina mbainfidh an Coimisiún de thátal, i bhfianaise an tseasaimh chríochnaithigh ón údarás inniúil, go ndéanfaí slándáil soláthair gáis Ballstáit eile nó slándáil soláthair gáis an Aontais a chur i mbaol leis an mbeart atá i dtrácht, ba cheart don Choimisiún leanúint den idirphlé leis an mBallstát lena mbaineann le go dtiocfaidh sé ar chomhaontú an beart a leasú nó a tharraingt siar.

(20)

Ba cheart na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus na pleananna éigeandála a fhoilsiú agus a nuashonrú go tráthrialta. Chun a áirithiú go bhfuil na pleananna éigeandála nuashonraithe agus éifeachtach i gcónaí, ba cheart do na Ballstáit tástáil amháin ar a laghad a dhéanamh idir na nuashonraithe ar na pleananna trí chásanna eiseamláireacha mórthionchair agus meántionchair agus freagairtí a ionsamhlú de réir fíor-ama. Ba cheart do na húdaráis inniúla torthaí na dtástálacha a chur i láthair sa GCG.

(21)

Is gá teimpléid chuimsitheacha éigeantacha lena n-áirítear na rioscaí ar fad a chumhdófar sa mheasúnú riosca mar aon le comhpháirteanna uile na bpleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus na bpleananna éigeandála chun an measúnú riosca agus ullmhúchán na bpleananna a éascú, mar aon leis an athbhreithniú a dhéanfaidh an Coimisiún orthu.

(22)

Chun cumarsáid a éascú idir na Ballstáit agus an Coimisiún, ba cheart na measúnuithe riosca, na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach, na pleananna éigeandála agus gach doiciméad agus malartú faisnéise eile dá bhforáiltear sa Rialachán seo a fhógairt trí chóras fógartha leictreonach atá slán caighdeánaithe a úsáid.

(23)

Tá custaiméirí áirithe, lena n-áirítear teaghlaigh agus custaiméirí a sholáthraíonn seirbhísí sóisialta riachtanacha, thar a bheith leochaileach agus d'fhéadfadh sé go mbeidh cosaint de dhíth orthu i gcoinne na n-éifeachtaí diúltacha a bhaineann le suaitheadh an tsoláthair gáis. Níor cheart sainmhíniú ar chustaiméirí atá faoi chosaint den sórt sin a bheith ag teacht salach ar shásraí dlúthpháirtíochta an Aontais.

(24)

Is iomchuí an sainmhíniú ar chustaiméirí a chosnaítear faoin sásra dlúthpháirtíochta a chúngú tuilleadh. Ceanglaítear é sin le hoibleagáid na mBallstát dlúthpháirtíocht a sholáthar in an-imthosca agus le haghaidh bunriachtanas. Dá bhrí sin, ba cheart an sainmhíniú ar chustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht a bheith teoranta do theaghlaigh agus, san am céanna, ba cheart a bheith in ann, faoi choinníollacha sonracha, seirbhísí sóisialta riachtanacha áirithe agus suiteálacha téimh ceantair a áireamh ann. Dá bhrí sin, féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an gcreat sin, caitheamh le cúram sláinte, cúram sóisialta riachtanach, seirbhísí éigeandála agus seirbhísí slándála mar chustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht, lena n-áirítear i gcás inar riarachán poiblí a dhéanann na seirbhísí sin.

(25)

Ba cheart do ghnóthais gáis nádúrtha, do na Ballstáit, ag feidhmiú dóibh trína n-údaráis inniúla, agus don Choimisiún an fhreagracht as slándáil an tsoláthair gáis a roinnt, laistigh den sainordú atá ag gach ceann acu. Le freagracht chomhroinnte den sórt sin, éilítear dlúthchomhar idir na páirtithe sin. Mar sin féin, d'fhéadfadh na custaiméirí a úsáideann gás chun leictreachas a ghiniúint nó chun críoch tionsclaíocha ról tábhachtach a bheith acu i dtaca le slándáil an tsoláthair gáis, mar gur féidir leo freagairt do ghéarchéim trí bhearta a dhéanamh atá dírithe ar an éileamh, amhail conarthaí in-idirbhriste agus malartú breosla, bearta a bhfuil tionchar díreach acu ar an gcothromú ar an éileamh agus ar an soláthar. Ina theannta sin, d'fhéadfaí a mheas gur den riachtanas é slándáil an tsoláthair gáis do chustaiméirí áirithe a úsáideann gás chun leictreachas a ghiniúint i gcásanna áirithe. I gcás éigeandála, ba cheart an deis a bheith ag Ballstát tosaíocht a thabhairt don soláthar gáis do chustaiméirí den sórt sin faoi choinníollacha áirithe fiú amháin ar sholáthar gáis do chustaiméirí atá faoi chosaint. In imthosca eisceachtúla, féadfar leanúint, i mBallstát a sholáthraíonn dlúthpháirtíocht, de ghás a sholáthar do roinnt de na custaiméirí sin dá dtugtar tosaíocht i gcás éigeandála ar chustaiméirí atá faoi chosaint chun díobháil thromchúiseach d'fheidhmiú an chórais leictreachais nó an chórais gáis sa Bhallstát sin a sheachaint. Níor cheart gur dhochar beart sonrach den sórt sin do Threoir 2005/89/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(26)

Ba cheart do na húdaráis inniúla comhoibriú go dlúth le húdaráis náisiúnta ábhartha eile, go háirithe le húdaráis rialála náisiúnta, agus na cúraimí a shonraítear sa Rialachán seo á ndéanamh acu.

(27)

Leis an gcaighdeán bonneagair, ba cheart oibleagáid a bheith ar na Ballstáit leibhéal íosta bonneagair a choimeád lena n-áirithiú go mbeadh iomarcaíocht áirithe sa chóras i gcás ina mbeadh suaitheadh sa bhonneagar gáis is mó. As siocair gur cur chuige bunaithe ar acmhainn amháin í anailís a dhéantar ar bhonn fhoirmle N – 1, ba cheart torthaí fhoirmle N – 1 a chomhlánú le hanailís mhionsonraithe ina léirítear na sreafaí gáis freisin.

(28)

Ceanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 go gcumasóidh oibreoirí córais tarchurtha buanacmhainn dhéthreoch fhisiceach ar na hidirnaisc trasteorann go léir murar tugadh díolúine ón oibleagáid sin. Is é is aidhm leis a áirithiú go gcuirfear na sochair fhéideartha a bhaineann leis an mbuanacmhainn dhéthreoch san áireamh i gcónaí agus idirnasc nua á phleanáil. Mar sin féin, is féidir buanacmhainn dhéthreoch a úsáid chun gás a sholáthar don Bhallstát comharsanachta agus do Bhallstáit eile feadh chonair an tsoláthair gáis. Ní mór dearcadh níos fairsinge a ghlacadh i leith na dtairbhí a bhaineann le buanacmhainn dhéthreoch fhisiceach a chumasú ó thaobh slándáil an tsoláthair gáis de, agus sin de mheon na dlúthpháirtíochta agus an chomhair fheabhsaithe. Ba cheart anailís chuimsitheach costas agus sochar a dhéanamh ina gcuirtear an chonair iomlán iompair san áireamh, agus cinneadh á dhéanamh maidir le hacmhainn dhéthreoch a chur chun feidhme. Ba cheart a cheangal ar na húdaráis inniúla lena mbaineann athscrúdú a dhéanamh ar na díolúintí a tugadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 ar bhonn thorthaí na measúnuithe riosca comhchoiteanna. Is é an cuspóir foriomlán ba cheart a bheith ann acmhainn dhéthreoch mhéadaitheach a bheith ann agus acmhainn aontreoch a choinneáil chomh íseal agus is féidir i dtionscadail trasteorann a bheidh ann amach anseo.

(29)

Féadfaidh acmhainn ag pointe idirnaisc chuig Ballstát a bheith in iomaíocht le hacmhainn ag pointí fágála amach as an eangach gháis isteach i saoráid stórála gáis. Dá thoradh sin, d'fhéadfadh staid teacht chun cinn ina laghdaítear, mar gheall ar áirithiú leanúnach na acmhainne fágála isteach i stóras, ar an acmhainn atá ar fáil go teicniúil agus atá le leithdháileadh ag an bpointe idirnaisc. D'fhonn leibhéal níos airde slándála fuinnimh a áirithiú i gcás éigeandála, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo do riail shoiléir tosaíochta. Ba cheart tosaíocht a thabhairt d'aon acmhainn áirithithe ag pointí idirnaisc ar acmhainn iomaíoch ag pointe fágála isteach i saoráid stórála, rud a d'fhágfadh go bhféadfadh an t-oibreoir córais tarchurtha an uasacmhainn theicniúil a leithdháileadh ag an bpointe idirnaisc d'fhonn sreafaí níos airde gáis a chumasú isteach sa Bhallstát comharsanachta a d'fhógair éigeandáil. Dá thoradh sin, d'fhéadfadh sé nach féidir le hinstealltaí gáis i stóras tarlú nó nach féidir ach líon laghdaithe acu tarlú in ainneoin gur áirithíodh go leanúnach roimh ré iad. Chun an caillteanas airgeadais a thiocfadh dá thoradh a chúiteamh, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo do chúiteamh cóir a bheadh le cur i bhfeidhm go díreach agus go pras i measc na n-úsáideoirí córais a ndearnadh difear dóibh. Ba cheart do na hoibreoirí tarchurtha córais lena mbaineann dul i gcomhar le chéile, i gcomhréir leis na gníomhartha dlí lena mbaineann, d'fhonn an riail tosaíochta sin a chur i bhfeidhm.

(30)

Leagtar síos i dTreoir 2008/114/CE ón gComhairle (11) próiseas arb é is aidhm leis feabhas a chur ar shlándáil na mbonneagar ainmnithe ríthábhachtach Eorpach, lena n-áirítear codanna áirithe den bhonneagar gáis, san Aontas. Cuidíonn Treoir 2008/114/CE agus an Rialachán seo, i dteannta a chéile, le cur chuige cuimsitheach a chruthú i leith slándáil fuinnimh an Aontais.

(31)

Leagtar síos sa Rialachán seo caighdeáin sách comhchuibhithe maidir le slándáil an tsoláthair, caighdeáin a chumhdaíonn an méid a tharla i mí Eanáir 2009 ar a laghad, tráth ar suaitheadh an soláthar gáis ón Rúis. Sna caighdeáin sin, cuirtear an difear idir na Ballstáit, oibleagáidí seirbhíse poiblí agus bearta cosanta custaiméirí san áireamh, dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 2009/73/CE. Maidir le caighdeáin i leith shlándáil an tsoláthair, ba cheart dóibh a bheith cobhsaí chun an slándáil dhlíthiúil riachtanach a sholáthar, ba cheart iad a shainiú go soiléir, agus níor cheart ualach míréasúnach nó díréireach a fhorchur ar ghnóthais gáis nádúrtha dá ndeasca. Ba cheart dóibh a ráthú go mbeidh an rochtain chomhionann ag gnóthais gáis nádúrtha an Aontais ar chustaiméirí náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit bearta a bhunú lena n-áiritheofar, ar mhodh éifeachtach comhréireach, go gcomhlíonann gnóthais gáis nádúrtha caighdeán den sórt sin, lena n-áirítear an fhéidearthacht fíneálacha a ghearradh ar sholáthróirí, i gcás ina measann siad é a bheith iomchuí.

(32)

Ba cheart róil agus freagrachtaí gach gnóthais gáis nádúrtha agus gach údaráis inniúil a shainiú go cruinn chun an margadh inmheánach gáis a choimeád ag feidhmiú mar is ceart, go háirithe i gcás suaitheadh sa soláthar nó géarchéimeanna ann. Ba cheart na róil agus na freagrachtaí sin a bhunú ar shlí ina n-áiritheofaí go n-urramófar cur chuige trí leibhéal, ar cur chuige é a mbeadh baint ag na gnóthais ábhartha gáis nádúrtha agus lucht tionscail leis ar an gcéad dul síos, ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal réigiúnach ar an dara dul síos, agus ag an Aontas ar an tríú dul síos. Leis an Rialachán seo, ba cheart do na gnóthais gáis nádúrtha agus dá gcuid custaiméirí a bheith in ann dul in iontaoibh sásraí margadhbhunaithe a fhad is féidir le linn dóibh a bheith ag déileáil le suaitheadh. Mar sin féin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán freisin maidir le sásraí is féidir a úsáid nuair nach mbeidh na margaí in ann déileáil go hiomchuí a thuilleadh le suaitheadh an tsoláthair gáis ina n-aonar.

(33)

I gcás ina mbeadh suaitheadh an tsoláthair gáis ann, ba cheart deis leordhóthanach a thabhairt do ghníomhaithe margaidh freagairt a thabhairt ar an gcás trí bhearta margadhbhunaithe a úsáid. I gcás nach leor bearta margadhbhunaithe chun an fhadhb a réiteach, ba cheart do na Ballstáit agus dá n-údaráis inniúla bearta a dhéanamh chun éifeachtaí a bhaineann le suaitheadh an tsoláthair gáis a dhíothú nó a mhaolú.

(34)

I gcás ina mbeartaíonn na Ballstáit bearta nach bhfuil margadhbhunaithe a thabhairt isteach, ba cheart tuairisc ar a dtionchar eacnamaíoch a bheith ag gabháil le tabhairt isteach beart den sórt sin. Áirithítear leis sin go mbeidh an fhaisnéis faoi chostais beart den sórt sin a bheidh de dhíth ar chustaiméirí acu agus áirithítear go mbeidh na bearta trédhearcach, go háirithe maidir leis an tionchar atá acu ar phraghas an gháis.

(35)

Ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún chun a áirithiú nach ndéanfar slándáil soláthair gáis Ballstát eile ná slándáil soláthair gáis san Aontas a chur i mbaol leis na bearta coisctheacha nua nach bhfuil margadhbhunaithe. Ós rud é gur féidir le bearta den sórt sin dochar a dhéanamh go háirithe do shlándáil an tsoláthair gáis, is iomchuí nach dtiocfaidh siad i bhfeidhm ach amháin tar éis don Choimisiún iad a fhormheas nó tar éis leasú a bheith déanta orthu i gcomhréir le cinneadh ón gCoimisiún.

(36)

D'fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag bearta atá dírithe ar an éileamh, amhail malartú breosla nó an soláthar gáis a laghdú chuig custaiméirí í móra tionsclaíocha de réir ord éifeachtúil eacnamaíoch, chun slándáil an tsoláthair gáis a áirithiú, más féidir na bearta sin a chur i bhfeidhm go tapa agus má laghdaítear an t-éileamh go suntasach a bhuí leo mar fhreagairt ar shuaitheadh an tsoláthair gáis. Ba cheart tuilleadh a dhéanamh chun úsáid éifeachtúil fuinnimh a chur chun cinn, go háirithe i gcás ina bhfuil bearta atá dírithe ar an éileamh de dhíth. Ba cheart an tionchar comhshaoil a chur san áireamh maidir le haon bhearta a mholtar atá dírithe ar an éileamh agus ar an soláthar, agus tús áite á thabhairt do bhearta a bhfuil an tionchar is lú acu ar an gcomhshaol, chomh fada agus is féidir sin. Ag an am céanna, ba cheart gnéithe a bhaineann le slándáil an tsoláthair gáis agus le hiomaíochas a chur san áireamh.

(37)

Is gá a áirithiú gur féidir an ghníomhaíocht a bheidh le déanamh i gcás éigeandála a thuar, rud a thabharfadh deis leordhóthanach do gach rannpháirtí sa mhargadh freagairt do chúinsí den sórt sin agus ullmhú dóibh. De ghnáth, mar sin, ba cheart do na húdaráis inniúla gníomhú i gcomhréir lena bplean éigeandála. Faoi chúinsí eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, ba cheart dóibh a bheith in ann gníomhaíocht a dhéanamh a chlaonann ó na pleananna sin. Is den tábhacht freisin an dóigh a bhfógraítear éigeandálaí a dhéanamh níos trédhearcaí agus níos fusa a thuar. I dtaca le faisnéis faoi sheasamh cothromaithe an chórais (stádas foriomlán an ghréasáin tarchurtha), a bhfuil an creat a bhaineann leis leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. 312/2014 ón gCoimisiún (12), d'fhéadfadh ról tábhachtach a bheith aici ina leith sin. Ba cheart an fhaisnéis sin a bheith ar fáil do na húdaráis inniúla agus, i gcás nach iad na húdaráis inniúla, do na húdaráis rialála náisiúnta, ar bhonn fíor-ama.

(38)

Mar a léiríodh i gcomhthéacs an chleachtaidh tástála struis a rinneadh i mí Dheireadh Fómhair 2014, tá gá leis an dlúthpháirtíocht chun slándáil an tsoláthair gáis a áirithiú san Aontas. Leis an dlúthpháirtíocht, scaiptear na héifeachtaí ar bhealach níos cothroime agus laghdaítear na héifeachtaí foriomlána a bheadh le suaitheadhsuntasach. Deartar an sásra dlúthpháirtíochta chun aghaidh a thabhairt ar ghéarstaideanna ina bhfuil soláthar do chustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht mar bhunriachtanas agus mar thosaíocht riachtanach i mbaol i mBallstát. Áirithítear leis an dlúthpháirtíocht comhar le Ballstáit atá níos leochailí. Ag an am céanna, beart atá ina rogha dheiridh is ea an dlúthpháirtíocht nach bhfuil feidhm léi ach amháin i gcás éigeandála agus faoi choinníollacha sriantacha amháin. Má dhéantar éigeandáil a fhógairt i mBallstát, ba cheart, dá bhrí sin, cur chuige céim ar chéim, comhréireach a chur i bhfeidhm chun slándáil an tsoláthair gáis a áirithiú. Ba cheart don Bhallstát a d'fhógair an éigeandáil, go háirithe, gach beart éigeandála dá bhforáiltear ina phlean éigeandála a chur chun feidhme ar dtús chun soláthar gáis a áirithiú dá chuid custaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht. Ag an am céanna, ba cheart do gach Ballstát a thug isteach caighdeán soláthair méadaithe é a laghdú go sealadach go dtí an gnáthchaighdeán soláthair chun go mbeidh an margadh gáis níos leachtaí ná mar a bhí, i gcás ina léiríonn an Ballstát a fhógraíonn an éigeandáil go bhfuil gá le gníomhaíocht trasteorann. Mura soláthraítear an soláthar is gá a bhuí leis an dá shraith beart sin, ba cheart do na Ballstáit a bhfuil nasc díreach acu bearta dlúthpháirtíochta a dhéanamh chun soláthar gáis a áirithiú do chustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht sa Bhallstát ina bhfuil an éigeandáil, arna iarraidh sin don Bhallstát sin. Is éard ba cheart a bheith i gceist le bearta dlúthpháirtíochta den sórt sin a áirithiú go laghdaítear an soláthar gáis do chustaiméirí seachas custaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht i gcríoch an Bhallstáit a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht nó a áirithiú nach leantar ar aghaidh leis, d'fhonn toirteanna gáis a fhuascailt a oiread is féidir, agus fad nach gcomhlíontar an soláthar gáis do chustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht sa Bhallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht. Níor cheart a thuiscint le haon rud sa Rialachán seo go gceanglaítear ar Bhallstát údarás poiblí a fheidhmiú i mBallstát eile ná go gcumasaítear do Bhallstát údarás poiblí a fheidhmiú i mBallstát eile.

(39)

Ba cheart bearta dlúthpháirtíochta a dhéanamh freisin mar rogha dheiridh i gcás ina bhfuil Ballstát nasctha le Ballstát eile trí thríú tír ach amháin má tá srian ar shreafaí tríd an tríú tír, agus i gcás ina bhfuil comhaontú idir na Ballstáit ábhartha, ar cheart dóibh páirt a thabhairt, de réir mar is iomchuí, don tríú tír trína bhfuil siad nasctha.

(40)

I gcás ina ndéantar bearta dlúthpháirtíochta mar rogha dheiridh, ba cheart, i gcás inar gá le go gcomhlíonfaidh an Ballstát na hoibleagáidí dlúthpháirtíochta atá aige agus d'fhonn cóir idirdhealaitheach a sheachaint, feidhm a bheith ag laghdú an tsoláthair gáis nó ag scor an tsoláthair gáis sa Bhallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht maidir leis na custaiméirí go léir nach custaiméirí iad atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht, beag beann ar cibé acu an bhfaigheann siad gás go díreach nó trí shuiteálacha téimh ceantair atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht i bhfoirm téimh. Ba cheart an méid céanna a áirithiú, vice versa, maidir le custaiméirí nach custaiméirí iad atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht sa Bhallstát a fhaigheann gás faoin sásra dlúthpháirtíochta.

(41)

I gcás ina ndéantar bearta dlúthpháirtíochta mar rogha dheiridh, is fearr an tomhaltas gáis sa Bhallstát ina bhfuil dlúthpháirtíocht á soláthar a laghdú mar chéad chéim ar bhonn deonach, trí bhíthin bearta margadhbhunaithe, amhail bearta deonacha atá dírithe ar an éileamh nó ceantanna droim ar ais, ina léireodh custaiméirí áirithe amhail custaiméirí tionsclaíocha an praghas ar a laghdóidís nó ar a gcuirfidís stad lena dtomhaltas gáis don oibreoir córais tarchurtha nó d'údarás eile atá freagrach. Má chinntear nach leor bearta margadhbhunaithe chun aghaidh a thabhairt ar an easnamh sa soláthar gáis is gá, agus i bhfianaise a thábhachtaí atá bearta dlúthpháirtíochta mar rogha dheiridh, ba cheart don Bhallstát a sholáthraíonn dlúthpháirtíocht mar dhara céim a bheith in ann bearta nach bhfuil margadhbhunaithe a úsáid, lena n-áirítear grúpaí custaiméirí áirithe a chiorrú, chun a oibleagáidí dlúthpháirtíochta a chomhlíonadh.

(42)

Ba cheart bearta dlúthpháirtíochta a dhéanfaí mar rogha dheiridh a sholáthar ar bhonn cúitimh. Ba cheart don Bhallstát a fhaigheann an dlúthpháirtíocht cúiteamh cóir a íoc go pras leis an mBallstát a sholáthraíonn dlúthpháirtíocht, lena n-áirítear don ghás a sheachadtar isteach ina chríoch agus do na costais ábhartha réasúnacha eile go léir a thabhaítear agus dlúthpháirtíocht á soláthar. Dá bhrí sin, ba cheart bearta dlúthpháirtíochta a dhéanfaí mar rogha dheiridh a bheith faoi réir an choinníll go dtugann an Ballstát a iarrann dlúthpháirtíocht gealltanas an cúiteamh cóir, pras sin a íoc. Ní dhéantar gach gné de chúiteamh cóir a chomhchuibhiú leis an Rialachán seo. Ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann na bearta is gá a ghlacadh, go háirithe socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais, chun na forálacha maidir le cúiteamh pras, cóir eatarthu féin a chur chun feidhme.

(43)

Agus bearta dlúthpháirtíochta á ndéanamh acu de bhun fhorálacha an Rialacháin seo, tá dlí an Aontais á chur chun feidhme ag na Ballstáit agus, dá bhrí sin, tá siad faoi cheangal na cearta bunúsacha a ráthaítear le dlí an Aontais a urramú. Dá bhrí sin, d'fhéadfadh na bearta sin a bheith ina gcúis le hoibleagáid a bheith ar Bhallstát cúiteamh a íoc leo siúd a ndéanann na bearta dá chuid difear dóibh. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rialacha maidir le cúiteamh náisiúnta i bhfeidhm, ar rialacha iad atá i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe le cearta bunúsacha. Ina theannta sin, ba cheart a áirithiú go seasann an Ballstát a fhaigheann dlúthpháirtíocht na costais réasúnacha go léir a thabhaítear ón oibleagáid réamhráite ar an mBallstát a sholáthraíonn dlúthpháirtíocht cúiteamh agus costais réasúnacha bhreise a thabhaítear ó íoc cúitimh a íoc de bhun na rialacha réamhráite maidir le cúiteamh náisiúnta.

(44)

Ós rud é go bhféadfaidh sé go mbeidh níos mó ná Ballstát amháin ann a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht do Bhallstát iarrthach, ba cheart sásra comhroinnte ualaigh a bheith ann. Faoin sásra sin, ba cheart don Bhallstát a d'iarr an dlúthpháirtíocht an tairscint is buntáistí a lorg ar bhonn chostais, luas seachadta, iontaofacht, agus éagsúlú na soláthairtí gáis ó Bhallstáit éagsúla, tar éis dó dul i gcomhairle le gach Ballstát lena mbaineann. Ba cheart do na Ballstáit tairiscintí den sórt sin a dhéanamh ar bhonn bearta deonacha atá dírithe ar an éileamh, a mhéid agus a fhad agus is féidir, roimh dhul i muinín bearta nach bhfuil margadhbhunaithe.

(45)

Den chéad uair, tugtar isteach leis an Rialachán seo sásra dlúthpháirtíochta den sórt sin idir na Ballstáit mar ionstraim chun na héifeachtaí a ghabhfadh le móréigeandáil laistigh den Aontas a mhaolú, lena n-áirítear sásra comhroinnte ualaigh. Ba cheart don Choimisiún dá bhrí sin athbhreithniú a dhéanamh ar an sásra comhroinnte ualaigh agus ar an sásra dlúthpháirtíochta i gcoitinne i bhfianaise na taithí a gheofar amach anseo ar fheidhmiú na sásraí sin, agus ba cheart dó modhnuithe orthu a mholadh, i gcás inarb iomchuí.

(46)

Ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh chun na forálacha a bhaineann leis an sásra dlúthpháirtíochta a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí na Ballstáit lena mbaineann do theacht ar chomhaontú faoi shocruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais. Ba cheart do na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar mhionsonraí na socruithe sin ina gcuid pleananna éigeandála. Ba cheart don Choimisiún treoir nach bhfuil ceangailteach ó thaobh dlí a ullmhú maidir leis na príomheilimintí ar cheart iad a áireamh i socruithe den sórt sin.

(47)

Fad is féidir le Ballstát tomhaltas gáis a chuid custaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht a chumhdach óna tháirgeacht féin agus nach gá dó, dá bhrí sin, an dlúthpháirtíocht a iarraidh, ba cheart dó a bheith díolmhaithe ón oibleagáid socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais a thabhairt i gcrích le Ballstáit eile chun go bhfaighidh sé an dlúthpháirtíocht. Níor cheart don mhéid sin difear a dhéanamh d'oibleagáid an Bhallstáit ábhartha an dlúthpháirtíocht a sholáthar do Bhallstáit eile.

(48)

Ba cheart coimirce a bheith ann i gcás ina bhféadfadh sé go dtabhódh an tAontas costais de bhua dliteanais, seachas i gcás gníomhartha neamhdhleathacha nó iompar neamhdhleathach de bhun an dara mír d'Airteagal 340 CFAE, i ndáil le bearta a gceanglaítear ar na Ballstáit iad a dhéanamh de bhun fhorálacha an Rialacháin seo maidir leis an sásra dlúthpháirtíochta. Maidir le cásanna den sórt sin, is iomchuí go ndéanfadh an Ballstát a fhaigheann an dlúthpháirtíocht costais an Aontais a aisíoc.

(49)

Maidir le dlúthpháirtíocht, ba cheart, i gcás inar gá sin, í a bheith i bhfoirm cúnaimh cosanta sibhialta arna sholáthar ag an Aontas agus ag Ballstáit an Aontais. Ba cheart don Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta arna bhunú le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE cúnamh den sórt sin a éascú agus a chomhordú, agus é mar aidhm leis an comhar idir an tAontas agus na Ballstáit a neartú agus comhordú a éascú i réimse na cosanta sibhialta chun éifeachtacht na gcóras a fheabhsú chun tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéantús an duine a chosc, ullmhúchán a dhéanamh dóibh agus freagairt a thabhairt orthu.

(50)

Chun measúnú a dhéanamh ar shlándáil an tsoláthair gáis i mBallstát nó i gcuid den Aontas nó san Aontas trí chéile, is den tábhacht rochtain a bheith ar fáil ar an bhfaisnéis ábhartha. Go háirithe, tá rochtain rialta ar fhaisnéis ó ghnóthais gáis nádúrtha de dhíth ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún i dtaca leis na príomhpharaiméadair a bhaineann leis an soláthar gáis, lena n-áirítear tomhais chruinne ar na stoic stóráilte atá ar fáil, ós rud é gur ionchur bunriachtanach an fhaisnéis sin chun beartais maidir le slándáil an tsoláthair gáis a cheapadh. Ar fhorais réasúnacha, beag beann ar éigeandáil a fhógairt, ba cheart freisin an fhéidearthacht a bheith ann teacht ar fhaisnéis bhreise is gá chun measúnú a dhéanamh ar staid iomlán an tsoláthair gáis. Faisnéis maidir le seachadadh gáis nach mbaineann le praghsanna a bheadh san fhaisnéis bhreise sin, de ghnáth, amhail toirteanna íosta agus uasta gáis, pointí seachadta nó coinníollacha maidir le seachadtaí gáis a chur ar fionraí.

(51)

Le sásra éifeachtúil, spriocdhírithe le haghaidh rochtain a bheith ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún ar chonarthaí ríthábhachtacha soláthair gáis, ba cheart a áirithiú tríd sin go ndéanfaí measúnú cuimsitheach ar rioscaí ábhartha a bhféadfadh suaitheadh an tsoláthair gáis nó cur isteach ar na bearta maolúcháin is gá a bheith mar thoradh air sin, dá mbeadh géarchéim ann dá ainneoin sin. Faoin sásra sin, ba cheart fógra uathoibríoch a thabhairt d'údarás inniúil na mBallstát is mó a ndéantar difear dóibh maidir le conarthaí ríthábhachtacha soláthair gáis áirithe, beag beann ar thionscnamh an gháis, bíodh sé laistigh den Aontas nó lasmuigh de. Ba cheart fógra a thabhairt faoi chonarthaí nua nó faoi mhodhnaithe nua díreach tar éis iad a thabhairt i gcrích. D'fhonn trédhearcacht agus iontaofacht a áirithiú, ba cheart fógra a thabhairt faoi chonarthaí atá ann cheana freisin. Leis an oibleagáid maidir le fógra a thabhairt, ba cheart comhaontuithe tráchtála a chumhdach freisin, ar comhaontuithe iad atá ábhartha chun an conradh soláthair gáis a chur i gcrích, lena n-áirítear comhaontuithe ábhartha a d'fhéadfadh a bheith bainteach le bonneagar, le stóráil agus le gné eile ar bith atá tábhachtach le haghaidh slándáil an tsoláthair gáis.

(52)

Aon oibleagáid maidir le conradh a fhógairt go huathoibríoch don údarás inniúil, is gá dó a bheith comhréireach. Tríd an oibleagáid sin a chur i bhfeidhm ar chonarthaí idir soláthróir agus ceannaitheoir lena gcumhdaítear méid is ionann agus 28 % nó níos mó den tomhaltas bliantúil de ghás sa mhargadh náisiúnta, tugtar ceart don dá thaobh i dtéarmaí éifeachtúlacht agus trédhearcacht riaracháin agus leagtar síos oibleagáidí soiléire do rannpháirtithe sa mhargadh. Ba cheart don údarás inniúil an conradh a mheasúnú chun críocha slándáil antsoláthair gáis agus ba cheart dó torthaí an mheasúnaithe a thíolacadh don Choimisiún. I gcás ina bhfuil amhras ar an údarás inniúil i dtaobh an gcuirtear nó nach gcuirtear, le conradh, slándáil an tsoláthair gáis i mBallstát nó i réigiún i mbaol, ba cheart dó fógra faoin gconradh a thabhairt don Choimisiún chun go bhféadfaidh an Coimisiún measúnú a dhéanamh. Ní fhágann sin nach mbaineann conarthaí soláthair gáis eile le hábhar i dtaca le slándáil an tsoláthair gáis. Dá réir sin, i gcás ina measann údarás inniúil an Bhallstáit is mó a ndéantar difear dó nó an Coimisiún go bhféadfaí slándáil an tsoláthair gáis de chuid Ballstáit, de réigiún nó den Aontas a chur i mbaol de dheasca conradh soláthair gáis nach bhfuil faoi réir fógra uathoibríoch faoin Rialachán seo, mar gheall ar a shonraíocht, ar an ngrúpa custaiméirí a bhfreastalaítear air, nó ar a ábharthacht do slándáil an tsoláthair gáis, ba cheart don údarás inniúil nó don Choimisiún a bheith in ann an conradh sin a iarraidh chun an tionchar a bheadh aige ar shlándáil an tsoláthair gáis a mheasúnú. Mar shampla, d'fhéadfaí an méid sin a iarraidh i gcás ina mbeadh athruithe i bpatrún an tsoláthair gáis do cheannaitheoir nó do cheannaitheoirí ar leith i mBallstát, rud nach mbeifí ag súil leis dá mbeadh na margaí ag feidhmiú go normálta agus a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do sholáthar gáis an Aontais nó do chodanna de. Le sásra den sórt sin, áiritheofar go ráthaítear an rochtain ar chonarthaí ríthábhachtacha soláthair gáis eile is ábhartha maidir le slándáil an tsoláthair. Ba cheart hiarraidh den sórt sin a bheith réasúnaithe, agus an gá atá ann ualach riaracháin an bhirt sin a laghdú a mhéid is féidir.

(53)

Féadfaidh an Coimisiún a mholadh go ndéanfaidh na Ballstáit na measúnuithe riosca agus na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus na pleananna éigeandála a leasú chun an fhaisnéis a fhaightear ó na conarthaí a chur san áireamh. Ba cheart rúndacht aon fhaisnéise íogaire tráchtála a áirithiú. Níor cheart gur dhochar forálacha an Rialacháin seo do cheart an Choimisiúin imeachtaí um shárú a thionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 258 CFAE agus rialacha iomaíochas, lena n-áirítear rialacha maidir leis an státchabhair a fhorfheidhmiú.

(54)

Gach conradh nó faisnéis chonarthach a fhaightear sa chreat sin, lena n-áirítear na measúnuithe a dhéanfaidh an t-údarás inniúil nó an Coimisiún, ba cheart iad a choimeád faoi rún, go háirithe chun faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus sláine agus feidhmiú cuí chóras an mhalartaithe faisnéise a chosaint. Is féidir leis an rúndacht sin a bheith ábhartha freisin maidir leis an tslándáil phoiblí i bhfianaise a thábhachtaí a d'fhéadfadh tráchtearra bunriachtanach, amhail gás, a bheith do na Ballstáit. Ina theannta sin, cuimseofar, i measúnuithe fónta, cuimsitheacha a dhéanfaidh na húdaráis inniúla nó an Coimisiún, go háirithe, faisnéis a bhaineann leis an tslándáil phoiblí, faisnéis tráchtála nó tagairt don mhéid sin. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, rúndacht na measúnuithe a áirithiú. Tá sé chomh tábhachtach céanna go mbeidh siad siúd a fhaigheann faisnéis rúnda i gcomhréir leis an Rialachán seo, faoi cheangal ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla. Ba cheart don Choimisiún, do na húdaráis inniúla agus do na húdaráis rialála náisiúnta, do chomhlachtaí nó do dhaoine a fhaigheann faisnéis rúnda de bhun an Rialacháin seo, rúndacht na faisnéise a fhaigheann siad a áirithiú.

(55)

Ba cheart córas comhréireach maidir le bainistiú géarchéime agus malartú faisnéise a bheith ann, bunaithe ar 3 cinn de leibhéil ghéarchéime: an luathrabhadh, an foláireamh agus an éigeandáil. I gcás ina bhfógraíonn an t-údarás inniúil de chuid Ballstáit gur gá ceann de na leibhéil ghéarchéime, ba cheart dó an Coimisiún mar aon le húdaráis inniúla na mBallstát lena bhfuil nasc díreach ag Ballstát an údaráis inniúil sin a chur ar an eolas faoi sin láithreach. I gcás ina bhfógrófaí éigeandáil, ba cheart na Ballstáit atá sa ghrúpa riosca a chur ar an eolas chomh maith. Ba cheart don Choimisiún éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais a fhógairt arna iarraidh sin do 2 údarás inniúla ar a laghad a mbeidh éigeandáil fógartha acu. Chun leibhéal iomchuí malartaithe faisnéise agus leibhéal iomchuí comhair a áirithiú i gcás éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais, ba cheart don Choimisiún gníomhaíocht na n-údarás inniúil a chomhordú, agus aird iomlán á tabhairt ar an bhfaisnéis ábhartha a éireoidh as an gcomhairliúchán le GCG agus ar thorthaí na gcomhairliúchán sin. Ba cheart don Choimisiún a fhógairt go bhfuil deireadh leis an éigeandáil réigiúnach nó leis an éigeandáil Aontais más rud é go gcinnfidh sé, tar éis dó an staid a mheasúnú, nach bhfuil bonn cirt a thuilleadh le héigeandáil a fhógairt.

(56)

Ba cheart do GCG gníomhú mar chomhairleoir don Choimisiún chun cuidiú leis na bearta i leith shlándáil an tsoláthair gáis a chomhordú i gcás éigeandáil Aontais. Ba cheart dó faireachán a dhéanamh freisin féachaint an bhfuil na bearta a dhéantar faoin Rialachán seo leordhóthanach agus iomchuí, lena n-áirítear féachaint an bhfuil na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus na pleananna éigeandála a tarraingíodh suas ag na grúpaí riosca éagsúla comhsheasmhach.

(57)

D'fhéadfadh géarchéim gáis leathadh thar theorainneacha an Aontais lena gcuimseofaí Páirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh freisin. Mar Pháirtí sa Chonradh um Chomhphobal Fuinnimh, ba cheart don Aontas leasuithe ar an gConradh sin a chur chun cinn agus é mar aidhm margadh comhtháite agus spás aonair rialála amháin a chruthú trí chreat rialála iomchuí, cobhsaí a sholáthar. Chun a áirithiú gurb ann do bhainistiú géarchéime éifeachtúil ar theorainneacha idir na Ballstáit agus na Páirtithe Conarthacha idir an dá linn, iarrtar orthu comhoibriú go dlúth le linn dóibh géarchéim gáis a chosc, ullmhúchán a dhéanamh di agus dul i ngleic léi.

(58)

Ó tharla go bhfuil soláthairtí gáis ó thríú tíortha ríthábhachtach do shlándáil an tsoláthair gáis san Aontas, ba cheart don Choimisiún gníomhaíocht a chomhordú maidir le tríú tíortha, ba cheart dó oibriú leis na tíortha is soláthróirí agus na tíortha idirthurais maidir le socruithe chun dul i ngleic le géarchéimeanna agus ba cheart dósreabhadh cobhsaí gáis chuig an Aontas a áirithiú. Ba cheart an Coimisiún a bheith i dteideal tascfhórsa a úsáid chun faireachán a dhéanamh, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis na tríú tíortha lena mbaineann, ar shreafaí gáis isteach san Aontas le linn géarchéimeanna agus, i gcás ina dtagann do ghéarchéim de dheasca deacrachtaí i dtríú tír, ba cheart dó a bheith i dteideal ról mar idirghabhálaí agus mar éascaitheoir a ghlacadh chuige féin. Ba cheart don Choimisiún tuairisciú go tráthrialta do GCG.

(59)

I gcás ina bhfuil faisnéis iontaofa ann faoi staid lasmuigh den Aontas a chuireann slándáil an tsoláthair gáis i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát i mbaol agus go bhféadfaí sásra luathrabhaidh a bhfuil baint ag an Aontas agus tríú tír leis a ghníomhachtú dá dheasca sin, ba cheart don Choimisiún an méid sin a chur in iúl do GCG gan mhoill agus ba cheart don Aontas bearta iomchuí a dhéanamh chun féachaint leis an staid a chur ina ceart.

(60)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit, ag gníomhú dóibh ina n-aonar, cuspóir an Rialacháin seo, eadhon soláthar slán gáis a choimirciú laistigh den Aontas, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fairsinge agus éifeachtaí an chuspóra sin, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(61)

Ar mhaithe le freagairt thapa ón Aontas ar chúinsí athraitheacha maidir le slándáil an tsoláthair gáis, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le comhdhéanamh na ngrúpaí riosca mar aon le teimpléid le haghaidh na measúnuithe riosca agus na bpleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus na bpleananna éigeandála. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (13). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(62)

Leis an Rialachán seo, ní dhéantar difear don cheart atá ag na Ballstáit na coinníollacha a chinneadh maidir lena n-acmhainní fuinnimh a shaothrú i gcomhréir le hAirteagal 194(2) CFAE.

(63)

Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 a aisghairm. Chun nach mbeidh éiginnteacht dhlíthiúil ann, áfach, ba cheart do na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus do na pleananna éigeandála arna dtarraingt suas de bhun an Rialacháin sin leanúint d'fheidhm a bheith acu go dtí go nglacfar na pleananna nua um ghníomhaíocht choisctheach agus na pleananna nua éigeandála arna dtarraingt suas de bhun an Rialacháin seo den chéad uair,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear forálacha a bhfuil sé mar aidhm acu slándáil an tsoláthair gáis san Aontas a choimirciú trí dhea-fheidhmiú leanúnach an mhargaidh inmheánaigh i ngás nádúrtha (“gás”) a áirithiú, trína cheadú gur féidir bearta eisceachtúla a chur chun feidhme nuair nach féidir leis an margadh na soláthairtí gáis a bhfuil gá leo a sholáthar a thuilleadh, lena n-áirítear beart dlúthpháirtíochta a dhéanfar mar rogha dheiridh, agus trí fhoráil a dhéanamh maidir le freagrachtaí maidir le gníomhaíocht choisctheach agus maidir le freagairt a thabhairt ar shuaitheadh nithiúil soláthair gáis araon a shainiú go soiléir agus iad a leithdháileadh orthu go soiléir i measc gnóthas gáis nádúrtha, na mBallstát agus an Aontais. Leis an Rialachán seo, bunaítear freisin sásraí trédhearcacha, de mheon dlúthpháirtíochta, i dtaca le comhordú a dhéanamh ar an bpleanáil le haghaidh éigeandálaí ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais, agus i dtaca le comhordú a dhéanamh ar an bhfreagairt a thugtar orthu sin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “slándáil” slándáil mar a shainmhínítear i bpointe 32 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

(2)

ciallaíonn “custaiméir” custaiméir mar a shainmhínítear i bpointe 24 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

(3)

“custaiméir teaghlaigh” custaiméir teaghlaigh mar a shainmhínítear i bpointe 25 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

(4)

ciallaíonn “seirbhís shóisialta riachtanach” seirbhís a bhaineann le cúram sláinte, cúram sóisialta riachtanach, riarachán éigeandála, slándála, oideachais nó poiblí;

(5)

ciallaíonn “custaiméir atá faoi chosaint” custaiméir teaghlaigh atá nasctha le gréasán dáileacháin gáis agus, ina theannta sin, i gcás ina gcinneann an Ballstát lena mbaineann amhlaidh, ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas, ar choinníoll nach ionann na fiontair nó na seirbhísí sin dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b), i gcomhpháirt, agus níos mó ná 20 % den tomhaltas gáis bliantúil deiridh iomlán sa Bhallstát sin:

(a)

gnóthas beag nó meánmhéide, ar choinníoll go bhfuil sé nasctha le gréasán dáileacháin gáis;

(b)

seirbhís shóisialta riachtanach, ar choinníoll go bhfuil sé nasctha le gréasán dáileacháin gáis nó le gréasán tarchurtha gáis;

(c)

suiteáil téimh ceantair sa mhéid go soláthraíonn sé téamh do chustaiméirí teaghlaigh, do ghnóthais bheaga nó mheánmhéide, nó do sheirbhísí sóisialta riachtanacha, ar choinníoll nach bhfuil suiteáil den sórt sin in ann athrú go breoslaí eile seachas gás;

(6)

ciallaíonn “custaiméir atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht” custaiméir teaghlaigh atá nasctha le gréasán dáileacháin gáis, agus, ina theannta sin, féadfaidh sé ceann amháin díobh seo a leanas nó an dá cheann a áireamh:

(a)

suiteáil téimh ceantair más custaiméir atá faoi chosaint é sa Bhallstát ábhartha agus a mhéid go soláthraíonn sí teas do theaghlaigh nó do sheirbhísí sóisialta riachtanacha seachas seirbhísí oideachais agus seirbhísí riaracháin phoiblí, agus a mhéid sin amháin;

(b)

seirbhís shóisialta riachtanach más custaiméir atá faoi chosaint é sa Bhallstát ábhartha, seachas seirbhísí oideachais agus seirbhísí riaracháin phoiblí;

(7)

ciallaíonn “údarás inniúil” údarás rialtasach náisiúnta nó údarás rialála náisiúnta arna ainmniú ag Ballstát chun cur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo a áirithiú;

(8)

ciallaíonn “údarás rialála náisiúnta” údarás rialála náisiúnta arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 39(1) de Threoir 2009/73/CE;

(9)

ciallaíonn “gnóthas gáis nádúrtha” gnóthas gáis nádúrtha mar a shainmhínítear i bpointe 1 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

(10)

ciallaíonn “conradh soláthair gáis” conradh soláthair gáis mar a shainmhínítear i bpointe 34 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

(11)

ciallaíonn “tarchur” tarchur mar a shainmhínítear i bpointe 3 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

(12)

ciallaíonn “oibreoir córais tarchurtha” oibreoir córais tarchurtha mar a shainmhínítear i bpointe 4 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

(13)

ciallaíonn “dáiliúchán” dáiliúchán mar a shainmhínítear i bpointe 5 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

(14)

ciallaíonn “oibreoir córais dáileacháin” oibreoir córais dáileacháin mar a shainmhínítear i bpointe 6 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

(15)

ciallaíonn “idirnascaire” idirnascaire mar a shainmhínítear i bpointe 17 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

(16)

ciallaíonn “conairí soláthair éigeandála” bealaí soláthair gáis an Aontais lena gcabhraítear leis na Ballstáit maolú níos fearr a dhéanamh ar na héifeachtaí a bheadh ar aon suaitheadh soláthair nó bonneagair a d'fhéadfadh tarlú;

(17)

ciallaíonn acmhainn stórála acmhainn stórála mar a shainmhínítear i bpointe 28 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009;

(18)

ciallaíonn “acmhainn theicniúil” acmhainn theicniúil mar a shainmhínítear i bpointe 18 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009;

(19)

ciallaíonn “acmhainn dhocht” acmhainn dhocht mar a shainmhínítear i bpointe 16 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009;

(20)

ciallaíonn “acmhainn in-idirbhriste” acmhainn in-idirbhriste mar a shainmhínítear i bpointe 13 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009;

(21)

ciallaíonn “acmhainn saoráide GNL” acmhainn saoráide GNL mar a shainmhínítear i bpointe 24 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009;

(22)

ciallaíonn “saoráid GNL” saoráid GNL mar a shainmhínítear i bpointe 11 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

(23)

ciallaíonn “saoráid stórála” saoráid stórála mar a shainmhínítear i bpointe 9 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

(24)

ciallaíonn “córas” córas mar a shainmhínítear i bpointe 13 d'Airteagal2 de Threoir 2009/73/CE;

(25)

ciallaíonn “úsáideoir córais” úsáideoir córais mar a shainmhínítear i bpointe 23 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

(26)

ciallaíonn “seirbhísí coimhdeacha” seirbhísí coimhdeacha mar a shainmhínítear i bpointe 14 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE.

Airteagal 3

Freagracht as slándáil an tsoláthair gáis

1.   Beidh slándáil an tsoláthair gáis faoi fhreagracht chomhroinnte gnóthas gáis nádúrtha, na mBallstát, go háirithe trína n-údaráis inniúla, agus an Choimisiúin, laistigh dá gcuid réimsí gníomhaíochta agus inniúlachta faoi seach.

2.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil. Comhoibreoidh na húdaráis inniúla le chéile agus an Rialachán seo á chur chun feidhme acu. Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt don údarás inniúil cúraimí sonracha a leagtar amach sa Rialachán seo a tharmligean chuig comhlachtaí eile. I gcás ina dtarmligeann na húdaráis inniúla an cúram aon cheann de na leibhéil éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 11(1) a fhógairt, ní dhéanfaidh siad é a tharmligean ach chuig údarás poiblí, chuig oibreoir córais tarchurtha nó chuig oibreoir córais dáileacháin. Déanfar cúraimí tarmligthe faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil agus déanfar iad a shonrú sa phlean um ghníomhaíocht choisctheach agus sa phlean éigeandála.

3.   Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún, gan mhoill, faoi ainm a údaráis inniúil agus faoi aon athruithe air, agus cuirfidh sé an méid sin in iúl don phobal freisin.

4.   Agus na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo á gcur chun feidhme aige, déanfaidh an t-údarás inniúil róil agus freagrachtaí na ngníomhaithe éagsúla lena mbaineann a bhunú ar shlí ina n-áiritheofar cur chuige 3 leibhéal, ar cur chuige é a mbeidh baint ag na gnóthais ábhartha gáis nádúrtha, gnóthais leictreachais i gcás inarb iomchuí, agus lucht tionscail, ar an gcéad dul síos, ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal réigiúnach, ar an dara dul síos, agus ag an Aontas, ar an tríú dul síos.

5.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhaíocht na n-údarás inniúil a chomhordú ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais, de bhun an Rialacháin seo, inter alia, trí GCG nó, go háirithe, i gcás éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais de bhun Airteagal 12(1), tríd an ngrúpa bainistithe géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 12(4).

6.   I gcás éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais, rachaidh na hoibreoirí córais tarchurtha i gcomhar le chéile agus malartóidh siad faisnéis agus úsáid á baint acu as an gCóras ReCo don Ghás arna bhunú ag ENTSOG. Cuirfidh ENTSOG an Coimisiún agus údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann ar an eolas dá réir.

7.   I gcomhréir le hAirteagal 7(2), beidh príomhrioscaí trasnáisiúnta do shlándáil an tsoláthair gáis san Aontas le sainiú agus beidh grúpaí riosca le bunú ar an mbonn sin. Fónfaidh na grúpaí riosca sin mar an bonn le haghaidh comhar réigiúnach feabhsaithe chun slándáil an tsoláthair gáis a mhéadú agus féadfar, leis na grúpaí riosca sin, teacht ar chomhaontú maidir le bearta iomchuí, éifeachtacha trasteorann de chuid na mBallstát uile lena mbaineann laistigh de na grúpaí riosca nó lasmuigh de na grúpaí riosca feadh na gconairí soláthair éigeandála.

Leagtar amach in Iarscríbhinn I an liosta de na grúpaí riosca sin agus a gcomhdhéanamh. Ní chuirfidh comhdhéanamh na ngrúpaí riosca sin cosc ar fhoirm ar bith eile de chomhar réigiúnach a théann chun tairbhe shlándáil an tsoláthair.

8.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 seo d'fhonn comhdhéanamh na ngrúpaí riosca a leagtar amach in Iarscríbhinn I tríd an Iarscríbhinn sin a leasú, chun go léireofaí teacht chun cinn na bpríomhrioscaí trasnáisiúnta do shlándáil an tsoláthair gáis san Aontas agus a thionchar ar na Ballstáit, agus toradh ionsamhlúcháin uile-Aontais de chásanna eiseamláireacha suaite soláthair gáis agus bonneagair á gcur san áireamh arna ndéanamh ag an ENTSOG i gcomhréir le hAirteagal 7(1). Sula dtosófar ar an nuashonrú, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le GCG san fhoirm dá bhforáiltear in Airteagal 4(4) maidir leis an dréacht-nuashonrú.

Airteagal 4

An Grúpa Comhordaithe Gáis

1.   Bunófar Grúpa Comhordaithe Gáis (GCG) chun comhordú na mbeart a bhaineann le slándáil an tsoláthair gáis a éascú. Beidh GCG comhdhéanta d'ionadaithe ó na Ballstáit, go háirithe ionadaithe óna gcuid údarás inniúil, agus ón nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh, (“an Ghníomhaireacht”), ó ENTSOG agus ó chomhlachtaí ionadaíochta an tionscail lena mbaineann agus ionadaithe de chuid custaiméirí ábhartha chomh maith. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis na Ballstáit, comhdhéanamh an Ghrúpa a chinneadh, agus áiritheofar go bhfuil sé ionadaíoch ina iomláine. Beidh an Coimisiún ina chathaoirleach ar GCG. Glacfaidh GCG a rialacha nós imeachta.

2.   Rachfar i gcomhairle leis GCG agus tabharfaidh sé cúnamh don Choimisiún go háirithe maidir leis na saincheisteanna seo a leanas:

(a)

slándáil an tsoláthair gáis, aon tráth agus, go sonrach, i gcás éigeandála;

(b)

an fhaisnéis uile a bhaineann le slándáil an tsoláthair gáis ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais;

(c)

na dea-chleachtais agus na treoirlínte a d'fhéadfadh a bheith ann do na páirtithe go léir lena mbaineann;

(d)

leibhéal shlándáil an tsoláthair gáis, tagarmharcálacha agus modheolaíochtaí don mheasúnú;

(e)

cásanna eiseamláireacha ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais agus tástáil ar na leibhéil ullmhachta;

(f)

an measúnú ar na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus na pleananna éigeandála, comhleanúnachas i measc na bpleananna éagsúla, agus cur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear iontu;

(g)

comhordú na mbeart le déileáil le héigeandáil Aontais, le Páirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh agus le tríú tíortha eile;

(h)

an cúnamh a bhfuil gá ag na Ballstáit is mó a ndéantar difear dóibh leis.

3.   Tionólfaidh an Coimisiún GCG ar bhonn rialta agus comhroinnfidh sé an fhaisnéis a gheofar ó na húdaráis inniúla agus, ag an am céanna, rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de á caomhnú.

4.   Féadfaidh an Coimisiún GCG a thionól i bhfoirm a bheidh teoranta d'ionadaithe na mBallstát agus go háirithe ionadaithe a gcuid údarás inniúil, agus dóibh siúd amháin. Tionólfaidh an Coimisiún GCG san fhoirm theoranta sin má iarrann ionadaí amháin nó níos mó de na Ballstáit agus, go háirithe, dá gcuid údarás inniúil, amhlaidh. Sa chás sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 16(2).

Airteagal 5

An caighdeán bonneagair

1.   Áiritheoidh gach Ballstát nó, i gcás ina bhforálfaidh Ballstát amhlaidh, a údarás inniúil go ndéanfar na bearta is gá ionas go mbeidh, i gcás suaitheadh sa bhonneagar aonair gáis is mó, an acmhainn theicniúil a chuid eile den bhonneagar, arna chinneadh i gcomhréir le foirmle N – 1 a leagtar amach i bpointe 2 d'Iarscríbhinn II, in ann, gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, an t-éileamh iomlán ar ghás sa limistéar arna ríomh a shásamh lá atá éileamh ard urghnách ar ghás ann a bhíonn ann uair sa 20 bliain de réir dochúlacht staitistiúil. Déanfar é sin trí threochtaí tomhaltais gáis, an tionchar fadtéarmach ar bhearta éifeachtúlachta fuinnimh agus rátaí úsáide an bhonneagair atá ann faoi láthair a chur san áireamh.

Ní dochar an oibleagáid a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo d'fhreagracht na n-oibreoirí córas tarchurtha na hinfheistíochtaí comhfhreagracha a dhéanamh agus d'oibleagáidí na n-oibreoirí córais tarchurtha de réir mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 agus i dTreoir 2009/73/CE.

2.   Maidir leis an oibleagáid a áirithiú go bhfuil an acmhainn theicniúil ag an gcuid eile den bhonneagar an t-éileamh iomlán ar ghás a shásamh, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, measfar an oibleagáid sin a bheith comhlíonta freisin i gcás ina léireoidh an t-údarás inniúil, sa phlean um ghníomhaíocht choisctheach, go bhféadfar suaitheadh soláthair gáis a chúiteamh go leordhóthanach, go tráthúil, trí bhíthin bearta iomchuí margadhbhunaithe atá dírithe ar an éileamh. Chun na críche sin, déanfar foirmle N – 1 a ríomh mar a leagtar amach i bpointe 4 d'Iarscríbhinn II.

3.   I gcás inarb iomchuí, i gcomhréir leis na measúnuithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 7, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát comharsanachta teacht ar chomhaontú an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh, go comhpháirteach. I gcás den sórt sin, cuirfidh na húdaráis inniúla ríomh fhoirmle N – 1 ar fáil sa mheasúnú riosca mar aon le míniú sna caibidlí réigiúnacha de na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach maidir leis an gcaoi a gcomhlíonann na socruithe comhaontaithe an oibleagáid sin. Beidh feidhm ag pointe 5 d'Iarscríbhinn II.

4.   Cuirfidh oibreoirí córais tarchurtha faoi deara go mbeidh buanacmhainn fhisiceach ann chun gás a iompar sa dá threo (“acmhainn dhéthreoch”) ar na hidirnaisc go léir idir na Ballstáit, ach amháin:

(a)

i gcás nasc le saoráidí táirgthe, le saoráidí GNL agus le gréasáin dáiliúcháin; nó

(b)

i gcás inar tugadh díolúine ón oibleagáid sin, tar éis measúnú mionsonraithe a dhéanamh agus tar éis dul i gcomhairle le Ballstáit eile agus leis an gCoimisiún i gcomhréir le hIarscríbhinn III.

Chun go ndéanfaidh an nós imeachta acmhainn dhéthreoch a chumasú nó a fheabhsú ar idirnasc nó chun díolúine a fháil ón oibleagáid sin nó a fhadú, beidh feidhm ag Iarscríbhinn III maidir leis. Déanfaidh an Coimisiún liosta na ndíolúintí a chur ar fáil don phobal agus a choimeád á nuashonrú.

5.   Beidh san áireamh i dtogra maidir le hacmhainn dhéthreoch a chumasú nó a fheabhsú nó in iarraidh ar dhíolúine a thabhairt nó a fhadú anailís costas agus sochar arna hullmhú ar bhonn na modheolaíochta de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus bunófar é ar na heilimintí seo a leanas:

(a)

measúnú ar éileamh margaidh;

(b)

ionchais le haghaidh éilimh agus soláthair;

(c)

an tionchar eacnamaíoch a d'fhéadfadh a bheith ar an mbonneagar atá ann faoi láthair;

(d)

staidéar féidearthachta;

(e)

na costais a bhaineann leis an acmhainn dhéthreoch, lena n-áirítear an t-athneartú is gá a dhéanamh ar an gcóras tarchurtha; agus

(f)

na sochair do shlándáil an tsoláthair gáis, agus an méid a d'fhéadfadh acmhainn dhéthreoch a bheith ina cuidiú agus an caighdeán bonneagair a leagtar amach san Airteagal seo á chomhlíonadh á gcur san áireamh.

6.   Cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta na costais a thabhaítear go héifeachtúil san áireamh, costais a bhaineann le comhlíonadh na hoibleagáide a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo agus na costais a bhaineann le hacmhainn dhéthreoch a chumasú ionas go ndeonófar dreasachtaí iomchuí agus na taraifí nó na modheolaíochtaí á socrú nó á bhformheas, ar shlí thrédhearcach mhionsonraithe, i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 agus le hAirteagal 41(8) de Threoir 2009/73/CE.

7.   A mhéid nach mbeidh infheistíocht de dhíth ón margadh chun acmhainn dhéthreoch a chumasú nó a fheabhsú ach a mheasfar go bhfuil sí riachtanach chun críocha shlándáil an tsoláthair gáis agus i gcás ina dtabhófar costais leis an infheistíocht sin i níos mó ná Ballstát amháin nó i mBallstát amháin chun tairbhe do Bhallstát eile, déanfaidh údaráis rialála náisiúnta na mBallstát go léir lena mbaineann cinneadh comhordaithe maidir le leithdháileadh na gcostas sula ndéanfar aon chinneadh infheistíochta. Le leithdháileadh na gcostas, cuirfear san áireamh na prionsabail a thuairiscítear agus na heilimintí atá in Airteagal 12(4) de Rialachán (AE) Uimh. 347/2013, go háirithe an cion de thairbhí ó na hinfheistíochtaí bonneagair chun slándáil an tsoláthair gáis a mhéadú do na Ballstáit lena mbaineann, chomh maith le hinfheistíochtaí a rinneadh céanna sa bhonneagar atá i gceist. Le leithdháileadh na gcostas, ní dhéanfar saobhadh míchuí ar iomaíocht ná ar fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh agus féachfar le haon éifeacht saofa mhíchuí ar an margadh a sheachaint.

8.   Áiritheoidh an t-údarás inniúil go gcuideoidh aon bhonneagar tarchurtha nua le slándáil an tsoláthair gáis trí ghréasán dea-nasctha a fhorbairt, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí bhíthin líon leordhóthanach pointí iontrála agus pointí fágála trasteorann a bheith ann i gcoibhneas le héileamh an mhargaidh agus na rioscaí a shainaithneofar.

Mar chuid den mheasúnú riosca, déanfaidh an t-údarás inniúil a mheas, agus idirnascadh na gcóras gáis agus leictreachais á gcur san áireamh acu, an bhfuil tranglaim inmheánacha ann agus an mbeidh an acmhainn iontrála náisiúnta agus na bonneagair, go háirithe gréasáin tarchurtha, in ann na sreafaí gáis náisiúnta agus trasteorann a oiriúnú don chás eiseamláireacha ina dtarlódh suaitheadh sa bhonneagar gáis is mó ar an leibhéal náisiúnta agus sa bhonneagar gáis comhleasa is mó don ghrúpa riosca, de réir mar a shainaithneofar sa mheasúnú riosca iad.

9.   Mar eisceacht ar mhír 1 den Airteagal seo, agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa mhír seo, ní bheidh Lucsamburg, an tSlóivéin ná an tSualainn faoi cheangal ag an oibleagáid a leagtar amach sa mhír sin ach féachfaidh siad leis an oibleagáid sin a chomhlíonadh, agus na soláthairtí gáis do chustaiméi í atá faoi chosaint á n-áirithiú ag an am céanna i gcomhréir le hAirteagal 6.

Beidh feidhm ag an eisceacht maidir le Lucsamburg ar choinníoll:

(a)

go bhfuil dhá idirnascaire ar a laghad aige le Ballstáit eile;

(b)

go bhfuil dhá fhoinse éagsúla soláthair gáis ar a laghad aige; agus

(c)

nach bhfuil aon saoráidí stórála gáis ar a chríoch aige.

Beidh feidhm ag an eisceacht maidir leis an tSlóivéin ar choinníoll:

(a)

go bhfuil idirnascaire ar a laghad aici le Ballstáit eile;

(b)

go bhfuil dhá fhoinse éagsúla soláthair gáis ar a laghad aici; agus

(c)

nach bhfuil aon saoráidí stórála gáis ná saoráid GNL ar a críoch aici.

Beidh feidhm ag an eisceacht maidir leis an tSualainn ar choinníoll:

(a)

nach bhfuil aon idirthuras gáis chuig Ballstáit eile ar a críoch aici;

(b)

go bhfuil olltomhaltas gáis intíre bliantúil aici atá níos lú ná 2 Mtoe; agus

(c)

go dtagann níos lú ná 5 % den tomhaltas fuinnimh phríomha iomlán ó ghás.

Cuirfidh Lucsamburg, an tSlóivéin agus an tSualainn an Coimisiún ar an eolas faoi aon athrú a dhéanfaidh difear do na coinníollacha a leagtar síos sa mhír seo. Scoirfidh an eisceacht a leagtar síos sa mhír seo d'fheidhm a bheidh aici i gcás nach gcomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha sin a thuilleadh.

Mar chuid den mheasúnú riosca náisiúnta a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 7(3), déanfaidh Lucsamburg, an tSlóivéin agus an tSualainn cur síos ar an staid i ndáil leis na coinníollacha faoi seach a leagtar síos sa mhír seo agus ar chomhlíonadh ionchasach na hoibleagáide i mír 1 den Airteagal seo, agus aird á tabhairt ar an tionchar eacnamaíoch a ghabhann leis an gcaighdeán bonneagair a chomhall, ar fhorbairt an mhargaidh gáis agus ar thionscadail bonneagar gáis sa ghrúpa riosca. Ar bhonn na faisnéise a sholáthraítear sa mheasúnú riosca náisiúnta agus i gcás ina mbeidh na coinníollacha a leagtar síos sa mhír seo á gcomhlíonadh fós, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh gur féidir leis an eisceacht leanúint d'fheidhm a bheith aige ar feadh 4 bliana eile. I gcás ina ndéantar cinneadh dearfach, déanfar an nós imeachta a leagtar amach san fhomhír seo a chur i gcrích arís tar éis 4 bliana.

Airteagal 6

An caighdeán soláthair gáis

1.   Ceanglóidh an t-údarás inniúil ar na gnóthais gáis nádúrtha a shainaithneoidh sé bearta a dhéanamh chun an soláthar gáis a áirithiú do chustaiméirí atá faoi chosaint an Bhallstáit i ngach ceann de na cásanna seo a leanas:

(a)

teochtaí foircneacha ar feadh buaicthréimhse 7 lá a bhíonn ann uair sa 20 bliain de réir dochúlacht staitistiúil;

(b)

aon tréimhse 30 lá ina bhfuil éileamh ard urghnách ar ghás agus a bhíonn ann uair sa 20 bliain de réir dochúlacht staitistiúil;

(c)

ar feadh tréimhse 30 lá i gcás suaitheadh sa bhonneagar gáis is mó faoi ghnáthdhálaí geimhridh.

Faoin 2 Feabhra 2018, tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoina shainmhíniú ar chustaiméirí atá faoi chosaint, toirteanna bliantúla tomhaltais gáis na gcustaiméirí atá faoi chosaint agus an céatadán den tomhaltas gáis bliantúil deiridh iomlán atá i gceist leis na toirteanna tomhaltais sin sa Bhallstát sin. I gcás ina gcuimsíonn Ballstát na catagóirí dá dtagraítear i bpointe 5(a) nó (b) d'Airteagal 2 ina shainmhíniú ar chustaiméirí atá faoi chosaint, déanfaidh sé na toirteanna tomhaltais gáis a chomhfhreagraíonn do chustaiméirí atá sna catagóirí sin a shonrú maille leis an gcéatadán den tomhaltas gáis bliantúil deiridh iomlán a ghabhann le gach ceann de na grúpaí custaiméirí sin.

Déanfaidh an t-údarás inniúil na gnóthais gáis nádúrtha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a shainaithint agus iad a shonrú sa phlean um ghníomhaíocht choisctheach.

Aon bhearta nua nach bhfuil margadhbhunaithe a bheidh beartaithe chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an caighdeán soláthair gáis an nós imeachta arna bhunú in Airteagal 9(4) go (9).

Féadfaidh na Ballstáit an oibleagáid a leagtar síos sa chéad mhír a chomhlíonadh trí bhearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme nó trí fhoinse eile fuinnimh, inter alia foinsí fuinnimh in-athnuaite, a chur in ionad an gháis a mhéid a bhainfear amach an leibhéal céanna cosanta.

2.   Maidir le haon mhéadú ar an gcaighdeán soláthair gáis a leanfaidh ar feadh tréimhse níos faide ná an tréimhse 30 lá dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 1 nó maidir le haon oibleagáid bhreise a fhorchuirfear ar chúiseanna a bhaineann le slándáil an tsoláthair gáis, beidh siad bunaithe ar an measúnú riosca, déanfar iad a léiriú sa phlean um ghníomhaíocht choisctheach agus:

(a)

comhlíonfaidh siad Airteagal 8(1);

(b)

ní bheidh tionchar diúltach acu ar chumas aon Bhallstáit eile gás a sholáthar dá chuid custaiméirí atá faoi chosaint i gcomhréir leis an Airteagal seo i gcás éigeandáil náisiúnta, éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais; agus

(c)

comhlíonfaidh siad Airteagal 12(5) i gcás éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais.

Féadfaidh an Coimisiún údar a iarraidh lena léirítear go gcomhlíonann aon bheart dá dtagraítear sa chéad fhomhír na coinníollacha a leagtar síos inti. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit a thugann an beart isteach údar den sórt sin a chur ar fáil don phobal.

Ina theannta sin, aon bheart nach bhfuil margadhbhunaithe de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo, a ghlacfar an 1 Samhain 2017 nó ina dhiaidh sin, comhlíonfaidh sé an nós imeachta a bhunaítear in Airteagal 9(4) go (9).

3.   Tar éis dhul in éag na dtréimhsí arna leagan síos ag an údarás inniúil i gcomhréir le mír1 agus le mír 2, nó faoi dhálaí níos déine ná iad siúd a leagtar síos i mír 1, féachfaidh an t-údarás inniúil agus na gnóthais gáis nádúrtha leis an soláthar gáis a choimeád ar bun a mhéid is féidir, go háirithe do chustaiméirí atá faoi chosaint.

4.   Maidir leis na hoibleagáidí a fhorchuirfear ar na gnóthais gáis nádúrtha chun na caighdeáin soláthair a leagtar síos san Airteagal seo a chomhlíonadh, ní bheidh siad idirdhealaitheach agus ní chuirfidh siad ualach míchuí ar na gnóthais sin.

5.   Ceadófar do na gnóthais gáis nádúrtha a gcuid oibleagáidí atá bunaithe ar an Airteagal seo a chomhlíonadh ar leibhéal réigiúnach nó ar leibhéal an Aontais i gcás inarb iomchuí. Ní éileoidh na húdaráis inniúla go mbeidh na caighdeáin soláthair gáis a leagtar síos san Airteagal seo le comhall bunaithe ar bhonneagar a bheidh lonnaithe laistigh dá gcríoch amháin.

6.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla go mbunófar coinníollacha a bhainfidh le soláthairtí do chustaiméirí atá faoi chosaint gan dochar do dhea-fheidhmiú an mhargaidh fuinnimh inmheánaigh agus ar phraghas a urramóidh margadhluach na soláthairtí.

Airteagal 7

Measúnú riosca

1.   Faoin 1 Samhain 2017, déanfaidh ENTSOG ionsamhlúchán uile-Aontais de chásanna eiseamláireacha suaite soláthair gáis agus bonneagair. Áiritheofar san ionsamhlúchán conairí soláthair gáis éigeandála a shainaithint agus a mheasúnú agus sainaithneofar leis freisin na Ballstáit is féidir leo réiteach a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sainaitheanta, lena n-áirítear i ndáil le GNL. Is é ENTSOG i gcomhar le GCG a dhéanfaidh na cásanna eiseamláireacha suaite soláthair gáis agus bonneagair agus an mhodheolaíocht don ionsamhlúchán a shainiú. Áiritheoidh ENTSOG leibhéal iomchuí trédhearcachta agus rochtana ar na toimhdí samhaltaithe a úsáidtear ina chásanna eiseamláireacha. Déanfar ionsamhlúchán uile-Aontais de chásanna eiseamláireacha suaite soláthair gáis agus bonneagair a athdhéanamh gach 4 bliana mura rud é, de bharr na n-imthosca, gur gá é a dhéanamh ar bhonn is minice.

2.   Na húdaráis inniúla laistigh de gach grúpa riosca a liostaítear in Iarscríbhinn I, déanfaidh siad measúnú comhchoiteann ar leibhéal an ghrúpa riosca (“measúnú riosca comhchoiteann”) ar na fachtóirí riosca ábhartha uile, amhail tubaistí nádúrtha agus rioscaí teicneolaíochta, tráchtala, sóisialta, polaitiúla nó eile a bhféadfadh an príomhriosca trasnáisiúnta do shlándáil an tsoláthair gáis ar ina leith a cruthaíodh an grúpa riosca teacht astu. Déanfaidh na húdaráis inniúla torthaí an ionsamhlúcháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur san áireamh chun na measúnuithe rioscaí, pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus pleananna éigeandála a ullmhú.

Déanfaidh na húdaráis inniúla laistigh de gach grúpa riosca sásra comhair a chomhaontú chun an measúnú riosca comhchoiteann a dhéanamh agus déanfaidh siad é a thuairisciú do GCG 11 mhí roimh an spriocdháta le haghaidh fógra a thabhairt faoin measúnú riosca comhchoiteann agus faoi na nuashonruithe air. Arna iarraidh sin d'údarás inniúil, féadfaidh ról éascaitheora a bheith ag an gCoimisiún go ginearálta in ullmhúchán an mheasúnaithe riosca chomhchoitinn, go háirithe i dtaobh an sásra comhair a bhunú. Mura dtiocfaidh údaráis inniúla laistigh de ghrúpa riosca ar chomhaontú maidir le sásra comhair, molfaidh an Coimisiún sásra comhair don ghrúpa riosca sin, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla lena mbaineann. Tiocfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann ar chomhaontú maidir le sásra comhair don ghrúpa riosca sin agus aird iomlán á tabhairt acu ar an togra ón gCoimisiún.

Deich mí roimh an spriocdháta le haghaidh fógra a thabhairt faoin measúnú riosca comhchoiteann nó faoi nuashonruithe air, déanfaidh gach údarás inniúil na sonraí náisiúnta uile is gá chun an measúnú riosca comhchoiteann a ullmhú a roinnt agus iad a nuashonrú, faoi chuimsiú an tsásra comhair chomhaontaithe, go háirithe le haghaidh na cásanna eiseamláireacha éagsúla dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 4 a rith.

3.   Déanfaidh údarás inniúil gach Ballstáit measúnú riosca náisiúnta (“measúnú riosca náisiúnta”) ar na rioscaí ábhartha uile a dhéanann difear do shlándáil an tsoláthair gáis. Beidh measúnú den sórt sin ag teacht go hiomlán le toimhdí agus le torthaí an mheasúnaithe riosca chomhchoitinn/na measúnuithe riosca comhchoiteanna.

4.   Déanfar na measúnuithe riosca dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo, de réir mar is ábhartha, tríd an méid seo a leanas:

(a)

na caighdeáin a shonraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 a úsáid. Tabharfar tuairisc sa mheasúnú riosca ar ríomh fhoirmle N – 1 ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé ríomh fhoirmle N – 1 ar leibhéal réigiúnach san áireamh freisin. Cuirfidh an measúnú riosca na toimhdí a úsáidfear san áireamh freisin, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na toimhdí a úsáidfear chun foirmle N – 1 a ríomh ar leibhéal réigiúnach, mar aon leis na sonraí is gá le haghaidh ríomh den sórt sin. Beidh ag gabháil le ríomh fhoirmle N – 1 ar an leibhéal náisiúnta ionsamhlúchán ina léireofar an dóigh a gcuirfeadh suaitheadh isteach ar an mbonneagar gáis is mó trí shamhaltú hiodrálach a úsáid don chríoch náisiúnta agus freisin trí fhoirmle N – 1 a ríomh agusr leibhéal an gháis atá á stóráil, ar leibhéal 30 % agus 100 % den toirt uasta oibre á bhreithniú;

(b)

na himthosca ábhartha náisiúnta agus trasnáisiúnta ar fad a chur san áireamh, go háirithe méid an mhargaidh, cumraíocht an ghréasáin, na sreafaí iarbhír, lena n-áirítear an t-eis-sreabhadh ó na Ballstáit lena mbaineann, an fhéidearthacht go mbeidh sreafaí fisiceacha gáis sa dá threo ann, lena n-áirítear an gá a d'fhéadfadh a bheith ann an córas tarchurtha a athneartú dá bharr, acmhainní táirgthe agus stórála a bheith ann agus ról an gháis i measc na bhfoinsí éagsúla fuinnimh, go háirithe i ndáil le téamh ceantair agus giniúint leictreachais agus ar mhaithe le hoibriú na dtionscal, agus gnéithe a bhaineann le sábháilteacht agus le cáilíocht an gháis;

(c)

cásanna eiseamláireacha éagsúla a rith i leith éileamh urghnách ar ghás agus suaitheadh an tsoláthair gáis, lena gcuirfear san áireamh stair, dóchúlacht, séasúr, minicíocht agus fad na gcásanna sin, agus measúnú a dhéanamh ar na hiarmhairtí is dóigh a bheidh acu, amhail:

(i)

suaitheadh an bhonneagair is ábhartha i dtaca le slándáil an tsoláthair gáis, go háirithe an bonneagar tarchurtha, stórtha nó críochfoirt GNL, lena n-áirítear an bonneagar gáis is mó arna shainaithint chun foirmle N – 1 a ríomh; agus

(ii)

suaitheadh soláthairtí ó sholáthróirí tríú tíortha, chomh maith le rioscaí geopholaitiúla, i gcás inarb iomchuí;

(d)

idirghníomhú agus comhghaolú na rioscaí i measc na mBallstát sa ghrúpa riosca agus le Ballstáit eile nó grúpaí riosca eile a shainaithint, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear, a mhéid a bhaineann le hidirnaisc, soláthairtí trasteorann, rochtain trasteorann ar shaoráidí stórála agus acmhainn dhéthreoch;

(e)

rioscaí a chur san áireamh a bhaineann le ceannas ag gnóthais gáis nádúrtha ar bhonneagar is ábhartha i dtaca le slándáil an tsoláthair gáis a mhéid a bhféadfadh, inter alia, rioscaí tearcinfheistíochta, lagú an éagsúlaithe, mí-úsáid an bhonneagair atá ann faoi láthair nó sárú ar dhlí an Aontais a bheith i gceist leo;

(f)

uasacmhainn idirnaisc gach pointe iontrála agus fágála trasteorann agus leibhéil éagsúla líonta na stórála a chur san áireamh.

5.   Déanfar na measúnuithe riosca comhchoiteanna agus na measúnuithe riosca náisiúnta a ullmhú i gcomhréir leis an teimpléad ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV nó in Iarscríbhinn V. Más gá, féadfaidh na Ballstáit faisnéis bhreise a áireamh. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 chun na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn IV agus in Iarscríbhinn V a leasú, tar éis dó dul i gcomhairle le GCG, d'fhonn an taithí a fuarthas agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm a léiriú, agus d'fhonn an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit a laghdú.

6.   Na gnóthais gáis nádúrtha, na custaiméirí gáis tionsclaíoch, na heagraíochtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht ar chustaiméirí teaghlaigh gáis agus ar chustaiméirí gáis tionsclaíoch, chomh maith leis na Ballstáit agus, i gcás nach iad na húdaráis inniúla iad, na húdaráis rialála náisiúnta, comhoibreoidh siad leis na húdaráis inniúla agus déanfaidh siad an fhaisnéis uile is gá do na measúnuithe riosca comhchoiteanna agus do na measúnuithe riosca náisiúnta a sholáthar dóibh arna iarraidh sin dóibh.

7.   Faoin 1 Deireadh Fómhair 2018, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin gcéad mheasúnú riosca comhchoiteann, tar éis do gach Ballstát sa ghrúpa riosca é a chomhaontú, agus faoi na measúnuithe riosca náisiúnta. Déanfar na measúnuithe riosca a nuashonrú gach 4 bliana uaidh sin ar aghaidh mura rud é, de bharr na n-imthosca, gur gá é a dhéanamh níos minice. Cuirfear san áireamh sna measúnuithe riosca an dul chun cinn atá déanta sna hinfheistíochtaí is gá chun déileáil leis an gcaighdeán bonneagair a shainítear in Airteagal 5 agus na deacrachtaí tír-shonracha a tháinig chun cinn agus réitigh mhalartacha nua á gcur chun feidhme. Déanfaidh siad forbairt freisin ar an taithí a fuarthas trí ionsamhlúchán na bpleananna éigeandála atá in Airteagal 10(3).

Airteagal 8

Pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus pleananna éigeandála a bhunú

1.   Déanfar na bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a áirithiú atá i bplean um ghníomhaíocht choisctheach agus i bplean éigeandála a shainiú go soiléir agus beidh siad trédhearcach, comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus infhíoraithe, ní dhéanfar saobhadh míchuí ar iomaíocht ná ar fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh sa ghás leo ná ní chuirfear slándáil sholáthar gáis Ballstát eile ná an Aontais i gcontúirt mar gheall orthu.

2.   Déanfaidh údarás inniúil gach Ballstáit, tar éis dó dul i gcomhairle leis na gnóthais gáis nádúrtha, leis na heagraíochtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht thar ceann leasanna custaiméirí teaghlaigh gáis agus custaiméirí gáis tionsclaíoch, lena n-áirítear táirgeoirí leictreachais, le hoibreoirí córais tarchurtha leictreachais, agus, i gcás nach é an t-údarás inniúil é, leis an údarás rialála náisiúnta, na nithe seo a leanas a bhunú:

(a)

plean um ghníomhaíocht choisctheach ina mbeidh na bearta is gá chun na rioscaí a shainaithneofar sna measúnuithe riosca comhchoiteanna agus sna measúnuithe riosca náisiúnta agus i gcomhréir le hAirteagal 9 a dhíothú nó a mhaolú, rioscaí ar a n-áirítear éifeachtaí na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh agus na mbeart atá dírithe ar an éileamh;

(b)

plean éigeandála ina mbeidh na bearta a bheidh le déanamh chun an tionchar a bheadh ag suaitheadh soláthair gáis a dhíothú nó a mhaolú i gcomhréir le hAirteagal 10.

3.   Beidh sa phlean um ghníomhaíocht choisctheach agus sa phlean éigeandála freisin caibidil réigiúnach, nó roinnt caibidlí réigiúnacha, i gcás ina bhfuil Ballstát ina chomhalta de ghrúpaí riosca éagsúla mar a shainítear in Iarscríbhinn I iad.

Déanfaidh gach Ballstát sa ghrúpa riosca na caibidlí réigiúnacha a fhorbairt go comhpháirteach sula gcuirfear isteach sna pleananna náisiúnta faoi seach iad. Gníomhóidh an Coimisiún mar éascaitheoir chun go mbeidh na caibidlí réigiúnacha, le chéile, in ann slándáil an tsoláthair gáis a fheabhsú san Aontas, agus nach n-eascróidh aon chontrárthacht astu, agus chun aon bhac ar an gcomhar a shárú.

Beidh sna caibidlí réigiúnacha bearta iomchuí agus éifeachtacha trasteorann, lena n-áirítear i ndáil le GNL, faoi réir comhaontú idir na Ballstáit sin a dhéanfaidh na bearta ón ngrúpa riosca céanna nó ó na grúpaí riosca céanna a ndéanann an beart difear dóibh a chur chun feidhme ar bhonn an ionsamhlúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(1) agus ar bhonn an mheasúnaithe riosca chomhchoitinn.

4.   Tuairisceoidh na húdaráis inniúla go tráthrialta do GCG faoin dul chun cinn a dhéanfar maidir leis na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus na pleananna éigeandála a ullmhú agus a ghlacadh, go háirithe na caibidlí réigiúnacha. Go háirithe, tiocfaidh na húdaráis inniúla ar chomhaontú maidir le sásra comhair chun an plean um ghníomhaíocht choisctheach agus an plean éigeandála a ullmhú, lena n-áirítear dréachtphleananna a mhalartú. Tuairisceoidh siad do GCG faoi shásra comhair comhaontaithe den sórt sin 16 mhí roimh an spriocdháta le haghaidh an chomhaontaithe maidir leis na pleananna sin agus na nuashonruithe ar na pleananna sin.

Féadfaidh ról éascaitheora a bheith ag an gCoimisiún go ginearálta in ullmhú an phlean um ghníomhaíocht choisctheach agus an phlean éigeandála, go háirithe chun an sásra comhair a bhunú. Mura dtiocfaidh údaráis inniúla laistigh de ghrúpa riosca ar chomhaontú maidir le sásra comhair, molfaidh an Coimisiún sásra comhair don ghrúpa riosca sin. Tiocfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann ar chomhaontú maidir leis an sásra comhair don ghrúpa riosca sin agus aird á tabhairt acu ar an togra ón gCoimisiún. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfar faireachán tráthrialta ar chur chun feidhme an phlean um ghníomhaíocht choisctheach agus an phlean éigeandála.

5.   Déanfar an plean um ghníomhaíocht choisctheach agus an plean éigeandála a fhorbairt i gcomhréir leis na teimpléid atá in Iarscríbhinn VI agus in Iarscríbhinn VII. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 chun na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn VI agus in Iarscríbhinn VII a leasú, tar éis dó dul i gcomhairle le GCG, d'fhonn an taithí a fuarthas agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm a léiriú, agus d'fhonn an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit a laghdú.

6.   Rachaidh na húdaráis inniúla de chuid Ballstát comharsanachta i gcomhairle le chéile, in am trátha, d'fhonn comhsheasmhacht a áirithiú idir a bpleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus a bpleananna éigeandála laistigh de gach grúpa riosca lena mbaineann.

Cúig mhí ar a dhéanaí roimh an spriocdháta chun na dréachtphleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus na dréachtphleananna éigeandála a thíolacadh, malartóidh údaráis inniúla gach grúpa riosca na dréachtphleananna sin ina mbeidh tograí le haghaidh comhair.

Comhaontóidh na Ballstáit uile sa ghrúpa riosca na leaganacha críochnaitheacha de na caibidlí réigiúnacha dá dtagraítear i mír 3. Beidh sna pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus sna pleananna éigeandála freisin na bearta náisiúnta is gá chun na bearta trasteorann a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú sna caibidlí réigiúnacha.

7.   Déanfar na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus na pleananna éigeandála a chur ar fáil don phobal agus tabharfar fógra don Choimisiún ina leith faoin 1 Márta 2019. Cuirfidh an Coimisiún GCG ar an eolas go bhfuil fógra tugtha i leith na bpleananna agus foilseofar iad ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

Laistigh de cheithre mhí ón am a dtabharfaidh na húdaráis inniúla an fógra, déanfaidh an Coimisiún na pleananna a mheasúnú, agus aird á tabhairt aige ar na tuairimí arna gcur in iúl sa GCG.

8.   Tabharfaidh an Coimisiún tuairim uaidh don údarás inniúil ina mbeidh moladh plean um ghníomhaíocht choisctheach nó plean éigeandála a athbhreithniú má tá feidhm ag ceann amháin nó níos mó den mhéid seo a leanas:

(a)

níl sé éifeachtach i dtaca leis na rioscaí arna sainaithint sa mheasúnú riosca a mhaolú;

(b)

níl sé i gcomhréir leis na cásanna eiseamláireacha riosca a measúnaíodh nó le pleananna de chuid Ballstáit eile nó de chuid grúpa riosca;

(c)

ní chomhlíonann sé an ceanglas a leagtar síos i mír 1 gan saobhadh míchuí a dheanamh ar iomaíocht ná ar fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh;

(d)

ní chomhlíonann sé forálacha an Rialacháin seo nó forálacha eile dhlí an Aontais.

9.   Laistigh de 3 mhí tar éis fógra a fháil faoin tuairim ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 8, déanfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann fógra a thabhairt don Choimisiún faoin bplean leasaithe um ghníomhaíocht choisctheach nó faoin bplean éigeandála leasaithe, nó cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi na fáthanna nach n-aontaíonn sé leis na moltaí.

I gcás easaontas a bhaineann le gnéithe dá dtagraítear i mír 8, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de cheithre mhí tar éis don údarás inniúil freagra a thabhairt, a iarraidh a tharraingt siar nó féadfaidh sé an t-údarás inniúil agus, i gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil gá leis, GCG, a thionól, d'fhonn an tsaincheist a bhreithniú. Leagfaidh an Coimisiún amach na fáthanna mionsonraithe atá aige maidir le haon leasú a iarraidh ar an bplean um ghníomhaíocht choisctheach nó ar an bplean éigeandála. Tabharfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann aird iomlán ar fháthanna mionsonraithe an Choimisiúin.

I gcás inarb infheidhme, déanfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann, gan mhoill, an plean leasaithe um ghníomhaíocht choisctheach nó an plean éigeandála leasaithe a leasú agus a chur ar fáil don phobal.

I gcás ina gclaonfaidh seasamh críochnaitheach an údaráis inniúil lena mbaineann ó fháthanna mionsonraithe an Choimisiúin, déanfaidh an t-údarás inniúil sin an t-údar is bunús lena sheasamh a sholáthar agus a chur ar fáil don phobal, mar aon lena sheasamh agus le fáthanna mionsonraithe an Choimisiúin, laistigh de 2 mhí tar éis fáthanna mionsonraithe an Choimisiúin a fháil.

10.   I gcás bearta nach bhfuil margadhbhunaithe agus a ghlacfar an 1 Samhain 2017 nó ina dhiaidh sin, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 9(4), (6), (8) agus (9).

11.   Caomhnófar rúndacht aon fhaisnéise íogaire tráchtála.

12.   Leanfaidh pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus pleananna éigeandála a forbraíodh faoi Rialachán (AE) Uimh. 994/2010, arna nuashonrú i gcomhréir leis an Rialachán sin, d'fheidhm a bheith acu go dtí go mbunófar na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus na pleananna éigeandála dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo den chéad uair.

Airteagal 9

Inneachar na bpleananna um ghníomhaíocht choisctheach

1.   Beidh sa phlean um ghníomhaíocht choisctheach:

(a)

torthaí an mheasúnaithe riosca mar aon le hachoimre ar na cásanna eiseamláireacha a breithníodh faoi mar a thagraítear dóibh i bpointe (c) d'Airteagal 7(4).

(b)

an sainmhíniú ar chustaiméirí atá faoi chosaint agus an fhaisnéis a bhfuil tuairisc uirthi sa dara fomhír d'Airteagal 6(1);

(c)

na bearta, toirteanna agus acmhainní is gá chun na caighdeáin bonneagair agus soláthair gáis a chomhlíonadh, mar a leagtar síos in Airteagal 5 agus in Airteagal 6, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, a mhéid is féidir le bearta atá dírithe ar an éileamh cúiteamh leordhóthanach a thabhairt, go tráthúil, as suaitheadh an tsoláthair gáis dá dtagraítear in Airteagal 5(2), an bonneagar gáis comhleasa is mó a shainaithint i gcás ina gcuirfear Airteagal 5(3) i bhfeidhm, na toirteanna gáis is gá in aghaidh an chatagóire de chustaiméirí atá faoi chosaint agus in aghaidh an cháis eiseamláirigh dá dtagraítear in Airteagal 6(1), agus aon chaighdeán soláthair gáis méadaithe faoi Airteagal 6(2), lena n-áirítear aon údar a léiríonn go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 6(2) agus tuairisc ar shásra lena laghdaítear go sealadach aon chaighdeán soláthair gáis méadaithe nó aon oibleagáid bhreise i gcomhréir le hAirteagal 11(3);

(d)

oibleagáidí arna bhforchur ar ghnóthais gáis nádúrtha, ar ghnóthais leictreachais, i gcás inarb iomchuí, agus ar chomhlachtaí ábhartha eile ar dócha tionchar a bheith acu ar shlándáil an tsoláthair gáis, amhail oibleagáidí maidir le hoibriú sábháilte an chórais gáis;

(e)

bearta coisctheacha eile a dhearfar chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí arna sainaithint sa mheasúnú riosca, amhail na cinn a bhaineann leis an ngá feabhas a chur ar na hidirnaisc idir Ballstáit chomharsanachta, chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú tuilleadh, agus chun an t-éileamh ar ghás a laghdú agus an cumas bealaí gáis agus foinsí soláthair gáis a éagsúlú, mar aon le húsáid réigiúnach na n-acmhainní stórála agus GNL atá ann cheana, más iomchuí, chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bheidh sainaitheanta ionas go ndéanfar an soláthar gáis a choimeád ar bun do gach custaiméir a mhéid is féidir;

(f)

faisnéis faoi thionchar eacnamaíoch, éifeachtacht agus éifeachtúlacht na mbeart a bheidh sa phlean, lena n-áirítear na hoibleagáidí dá dtagraítear i bpointe (k);

(g)

tuairisc ar éifeachtaí na mbeart sa phlean maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh agus margaí náisiúnta, lena n-áirítear na hoibleagáidí dá dtagraítear i bpointe (k);

(h)

tuairisc ar thionchar na mbeart ar an gcomhshaol agus ar chustaiméirí;

(i)

na sásraí a úsáidfear le haghaidh comhar le Ballstáit eile, lena n-áirítear na sásraí chun pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus pleananna éigeandála a ullmhú agus a chur chun feidhme;

(j)

faisnéis faoi na hidirnaisc agus an bonneagar atá ann cheana agus faoi na hidirnaisc agus an bonneagar a bheidh ann amach anseo, lena n-áirítear na hidirnaisc agus an bonneagar sin a sholáthraíonn rochtain ar an margadh inmheánach, ar shreafaí trasteorann, ar rochtain trasteorann ar shaoráidí stórála agus ar shaoráidí GNL agus ar an acmhainn dhéthreoch, go háirithe i gcás éigeandála;

(k)

faisnéis faoi na hoibleagáidí seirbhíse poiblí go léir a bhaineann le slándáil an tsoláthair gáis.

Faisnéis ríthábhachtach a bhaineann le pointe (a), le pointe (c) agus le pointe (d) den chéad fhomhír, ar faisnéis í a d'fhéadfadh slándáil an tsoláthair gáis a chur i gcontúirt dá nochtfaí í, féadfar í a eisiamh.

2.   Maidir leis an bplean um ghníomhaíocht choisctheach, go háirithe na gníomhaíochtaí chun an caighdeán bonneagair a leagtar síos in Airteagal 5 a shásamh, cuirfear san áireamh iontu PFGDB uile-Aontais a bheidh le tarraingt suas ag ENTSOG de bhun Airteagal 8(10) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009.

3.   Is ar bhearta margadhbhunaithe go príomha a bheidh an plean um ghníomhaíocht choisctheach bunaithe agus ní chuirfidh sé ualach míchuí ar ghnóthais gáis nádúrtha, nó ní bheidh tionchar diúltach aige ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh gáis.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit, agus go háirithe a n-údaráis inniúla, go ndéanfaidh na bearta coisctheacha nua ar fad nach bhfuil margadhbhunaithe, amhail iad siúd dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII, a ghlacfar an 1 Samhain 2017 nó ina dhiaidh sin, is cuma cé acu atá siad mar chuid den phlean nó a ghlacfar ina dhiaidh sin iad, na critéir a leagtar síos sa chéad fhomhír d'Airteagal 6(2) a chomhlíonadh.

5.   Cuirfidh an t-údarás inniúil ar fáil don phobal aon bheart dá dtagraítear i mír 4 nár cuireadh san áireamh go fóill sa phlean um ghníomhaíocht choisctheach, agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoin tuairisc ar aon bheart den sórt sin agus ar an tionchar a bheidh aige ar an margadh náisiúnta gáis agus, a mhéid is féidir, ar mhargaí gáis Ballstát eile.

6.   I gcás ina bhfuil amhras ar an gCoimisiún an gcomhlíonann beart dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo na critéir a leagtar síos sa chéad fhomhír d'Airteagal 6(2), iarrfaidh sé ar an mBallstát lena mbaineann fógra a thabhairt faoi mheasúnú tionchair.

7.   Cuimseofar an méid seo a leanas ar a laghad i measúnú tionchair de bhun mhír 6:

(a)

an tionchar féideartha ar fhorbairt an mhargaidh náisiúnta gáis agus ar an iomaíocht ar an leibhéal náisiúnta;

(b)

an tionchar féideartha ar an margadh inmheánach gáis;

(c)

an tionchar féideartha ar shlándáil sholáthar gáis na mBallstát comharsanachta, go háirithe i gcás na mbeart sin a d'fhéadfadh an leachtacht sna margaí réigiúnacha a laghdú nó bac a chur ar shreafaí i dtreo na mBallstát comharsanachta;

(d)

na costais agus na sochair, a dhéantar a mheasúnú i gcomparáid le bearta margadhbhunaithe malartacha;

(e)

measúnú ar riachtanas agus ar chomhréireacht i gcomparáid le bearta margadhbhunaithe féideartha;

(f)

tuiscint ar an amhlaidh an ndéanann an beart comhdheiseanna a áirithiú do gach rannpháirtí sa mhargadh;

(g)

straitéis i gcomhair céimniú amach, an t-achar ama chun an beart atá beartaithe a dhéanamh agus amscála iomchuí le haghaidh athbhreithniú.

Is é an t-údarás rialála náisiúnta a dhéanfaidh an anailís dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b). Déanfaidh an t-údarás inniúil an measúnú tionchair a chur ar fáil don phobal agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún ina leith.

8.   I gcás ina measann an Coimisiún, bunaithe ar an measúnú tionchair, gur dócha go gcuirfidh an beart slándáil soláthair gáis Ballstát eile nó slándáil sholáthar gáis an Aontais i mbaol, déanfaidh sé cinneadh laistigh de cheithre mhí tar éis fógra faoin measúnú tionchair a fháil lena n-éilítear, a mhéid is gá, an beart a leasú nó a tharraingt siar.

Ní thiocfaidh an beart arna ghlacadh i bhfeidhm ach amháin nuair a dhéanfaidh an Coimisiún é a fhormheas nó go dtí go ndéanfar é a leasú i gcomhréir leis an gcinneadh ón gCoimisiún.

Is ar an lá tar éis an dáta a bhfaighfear fógra críochnaitheach a thosóidh an tréimhse 4 mhí. Féadfaidh an tréimhse 4 mhí a fhadú le toiliú an Choimisiúin agus an údaráis inniúil araon.

9.   I gcás ina measann an Coimisiún, bunaithe ar an measúnú tionchair, nach gcomhlíonann an beart na critéir a leagtar síos sa chéad fhomhír d'Airteagal 6(2), féadfaidh sé tuairim a thabhairt uaidh laistigh de cheithre mhí tar éis fógra faoin measúnú tionchair a fháil. Beidh feidhm ag nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 8(8) agus (9).

Is ar an lá tar éis an dáta a gheofar fógra críochnaitheach a thosóidh an tréimhse 4 mhí. Féadfaidh an tréimhse4 mhí a fhadú le toiliú an Choimisiúin agus an údaráis inniúil araon.

10.   Beidh feidhm ag Airteagal 8(9) freisin maidir le haon bheart atá faoi réir mhír 6 go mír 9 den Airteagal seo.

11.   Déanfar an plean um ghníomhaíocht choisctheach a nuashonrú gach 4 bliana tar éis an 1 Márta 2019 nó níos minice más gá sin a dhéanamh de bharr na n-imthosca nó arna iarraidh sin don Choimisiún. Léireofar sa phlean nuashonraithe an measúnú riosca nuashonraithe agus torthaí na dtastálacha a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 10(3). Beidh feidhm ag Airteagal 8 maidir leis an bplean nuashonraithe.

Airteagal 10

Inneachar na bpleananna éigeandála

1.   Déanfaidh an plean éigeandála:

(a)

forbairt ar na leibhéil ghéarchéime dá dtagraítear in Airteagal 11(1);

(b)

ról agus freagrachtaí na ngnóthas gáis nádúrtha, na n-oibreoirí córais tarchurtha don leictreachas, más ábhartha, agus na gcustaiméirí gáis tionsclaíoch, lena n-áirítear táirgeoirí leictreachais ábhartha, a shainiú agus a mhéid a chuireann suaitheadh an tsoláthair gáis isteach orthu á chur san áireamh, mar aon leis an idirghníomhú leis na húdaráis inniúla agus, i gcás inarb iomchuí, leis na húdaráis rialála náisiúnta ag gach ceann de na leibhéil ghéarchéime dá dtagraítear in Airteagal 11(1);

(c)

ról agus freagrachtaí na n-údarás inniúil agus na gcomhlachtaí eile a ndearnadh cúraimí a tharmligean chucu, dá dtagraítear in Airteagal 3(2), a shainiú ar gach ceann de na leibhéil ghéarchéime dá dtagraítear in Airteagal 11(1);

(d)

a áirithiú go dtabharfar deis leordhóthanach do ghnóthais gáis nádúrtha agus do chustaiméirí gáis tionsclaíoch, lena n-áirítear táirgeoirí ábhartha leictreachais, freagairt a thabhairt ar na leibhéil ghéarchéime dá dtagraítear in Airteagal 11(1);

(e)

i gcás inarb iomchuí, na bearta agus na gníomhaíochtaí a shainaithint a bheidh le déanamh chun maolú a dhéanamh ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag suaitheadh an tsoláthair gáis ar théamh ceantair agus ar an soláthar gáis leictreachais a ghintear ó ghás, lena n-airítear trí bhreathnú ar bhealach comhtháite ar oibríochtaí na gcóras fuinnimh, idir leictreachas agus ghás, más ábhartha;

(f)

nósanna imeachta mionsonraithe agus bearta mionsonraithe a bhunú a bheidh le leanúint i gcás na leibhéal géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 11(1), lena n-áirítear na scéimeanna comhfhreagracha maidir le sreafaí faisnéise;

(g)

bainisteoir géarchéime a ainmniú agus a ról a shainiú;

(h)

rannchuidiú na mbeart margadhbhunaithe a shainaithint chun déileáil leis an staid ar an leibhéal foláirimh agus chun an staid a mhaolú ar an leibhéal éigeandála;

(i)

rannchuidiú na mbeart nach bhfuil margadhbhunaithe agus atá beartaithe le bheith curtha chun feidhme nó a chuirfear chun feidhme ar an leibhéal éigeandála a shainaithint, agus measúnú a dhéanamh ar an méid is gá na bearta nach bhfuil margadhbhunaithe sin a úsáid chun dul i ngleic le géarchéim. Déanfar measúnú ar éifeachtaí na mbeart nach bhfuil margadhbhunaithe agus déanfar nósanna imeachta lena gcur chun feidhme a shainiú. Ní úsáidfear bearta nach bhfuil margadhbhunaithe ach amháin nuair nach féidir le sásraí margadhbhunaithe amháin soláthairtí a áirithiú a thuilleadh, go háirithe soláthairtí do chustaiméirí faoi chosaint, nó chun Airteagal 13 a chur i bhfeidhm;

(j)

tuairisc a thabhairt ar na sásraí a úsáidtear le haghaidh comhar le Ballstáit eile le haghaidh na leibhéal géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 11(1) agus ar shocruithe maidir le malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla;

(k)

na hoibleagáidí tuairiscithe a fhorchuirtear ar na gnóthais gáis nádúrtha agus, i gcás inarb iomchuí, ar na gnóthais leictreachais ar an leibhéal foláirimh agus ar an leibhéal éigeandála a mhionsonrú;

(l)

tuairisc a thabhairt ar na socruithe teicniúla nó dlíthiúla atá i bhfeidhm chun tomhaltas míchuí gáis na gcustaiméirí atá nasctha le gréasán dáileacháin nó tarchurtha gáis ach nach custaiméirí atá faoi chosaint iad a chosc;

(m)

tuairisc a thabhairt ar na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais atá i bhfeidhm chun na hoibleagáidí dlúpháirtíochta a leagtar síos in Airteagal 13 a chur i bhfeidhm;

(n)

meastachán a thabhairt ar na toirteanna gáis a d'fhéadfadh custaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht a thomhailt a chumhdóidh ar a laghad na cásanna a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 6(1);

(o)

liosta a bhunú de ghníomhaíochtaí réamhshainithe chun go mbeidh gás ar fáil i gcás éigeandála, lena n-áirítear comhaontuithe tráchtála idir na páirtithe a mbeidh baint acu le gníomhaíochtaí den sórt sin agus na sásraí cúitimh do ghnóthais gáis nádúrtha i gcás inarb iomchuí sin, agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht faisnéise íogaire. D'fhéadfadh comhaontuithe trasteorann idir Ballstáit agus/nó gnóthais gáis nádúrtha a bheith i gceist le gníomhaíochtaí den sórt sin.

D'fhonn tomhaltas míchuí gáis a sheachaint le linn éigeandála, dá dtagraítear i bpointe (l) den chéad fhomhír, nó le linn chur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 11(3) agus in Airteagal 13, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann in iúl do na custaiméirí sin nach bhfuil faoi chosaint iad go gceanglaítear orthu cor dá dtomhaltas gáis nó é a laghdú gan staideanna a bheadh neamhshábháilte go teicniúil a chruthú.

2.   Déanfar an plean éigeandála a nuashonrú gach 4 bliana tar éis an 1 Márta 2019 nó níos minice más gá sin a dhéanamh de bharr na n-imthosca nó arna iarraidh sin don Choimisiún. Léireofar sa phlean nuashonraithe an measúnú riosca nuashonraithe agus torthaí na dtastálacha a rinneadh i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo. Beidh feidhm ag Airteagal 8(4) go (11) den Airteagal seo maidir leis an bplean nuashonraithe.

3.   Na bearta, na gníomhaíochtaí agus na nósanna imeachta a bheidh sa phlean éigeandála, déanfar iad a thástáil uair amháin ar a laghad idir na nuashonruithe a dhéanfar gach 4 bliana dá dtagraítear i mír 2. Chun an plean éigeandála a thástáil, déanfaidh an t-údarás inniúil cásanna eiseamláireacha mórthionchair agus meántionchair agus freagairtí a ionsamhlú de réir fíor-ama i gcomhréir leis an bplean éigeandála sin. Cuirfidh an t-údarás inniúil torthaí na dtástálacha faoi bhráid GCG.

4.   Áiritheoidh an plean éigeandála go ndéanfar an rochtain trasteorann ar bhonneagar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 a choimeád ar bun a mhéid is féidir go teicniúil agus go sábháilte i gcás éigeandála agus ní chuirfidh sé aon bheart i bhfeidhm a chuirfeadh bac míchuí ar an sreabhadh gáis trasna teorainneacha.

Airteagal 11

Géarchéim a fhógairt

1.   Seo a leanas na 3 leibhéal géarchéime a bheidh ann:

(a)

leibhéal luathrabhaidh (“luathrabhadh”): i gcás ina mbeidh faisnéis nithiúil, dháiríre agus iontaofa ann go bhféadfadh teagmhas tarlú ar dóigh dó a bheith ina chúis le meath suntasach ar staid an tsoláthair gáis agus ar dóigh gurb é a leanfadh as an leibhéal foláirimh nó an leibhéal éigeandála a ghníomhachtú; féadfar an leibhéal luathrabhaidh a ghníomhachtú le sásra luathrabhaidh;

(b)

leibhéal foláirimh (“foláireamh”): i gcás ina mbeidh suaitheadh sa soláthar gáis nó éileamh ard urghnách ar ghás ann, a bheidh ina chúis le meath suntasach ar staid an tsoláthair gáis, ach an margadh a bheith fós in ann an suaitheadh sin nó an t-éileamh sin a bhainistiú gan gá dul i muinín beart nach bhfuil margadhbhunaithe;

(c)

leibhéal éigeandála (“éigeandáil”): i gcás éileamh ard urghnách ar ghás, nó suaitheadh suntasach sa soláthar gáis nó meath suntasach eile i staid an tsoláthair gáis agus i gcás ina mbeifear tar éis na bearta margadhbhunaithe uile a chur chun feidhme ach nach leordhóthanach an soláthar gáis chun freastal ar an éileamh gáis a bheidh fágtha sa chaoi nach mór bearta breise nach bhfuil margadhbhunaithe a thabhairt isteach, go háirithe d'fhonn soláthairtí gáis do chustaiméirí atá faoi chosaint a choimirciú i gcomhréir le Airteagal 6.

2.   Nuair a dhéanfaidh an t-údarás inniúil aon cheann de na leibhéil ghéarchéime dá dtagraítear i mír 1 a fhógairt, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas láithreach mar aon le húdaráis inniúla na mBallstát lena bhfuil nasc díreach ag Ballstát an údaráis inniúil sin agus tabharfaidh sé an fhaisnéis uile is gá dóibh, go háirithe an fhaisnéis maidir leis na gníomhaíochtaí a bheidh sé ar intinn aige a dhéanamh. I gcás éigeandáil a bhféadfaidh iarraidh ar chúnamh ón Aontas agus óna Ballstáit leanúint aisti, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann fógra a thabhairt gan mhoill do Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha an Choimisiúin (ERCC).

3.   I gcás ina mbeidh éigeandáil fógartha ag Ballstát agus ina mbeidh fios tugtha aige go dteastaíonn gníomhaíocht trasteorann, déanfar aon chaighdeán soláthair gáis méadaithe nó aon oibleagáid bhreise faoi Airteagal 6(2) a fhorchuirfear ar ghnóthais gáis nádúrtha i mBallstáit eile sa ghrúpa riosca céanna a laghdú go sealadach go dtí an leibhéal arna bhunú in Airteagal 6(1).

Scoirfidh na hoibleagáidí a leagtar síos sa mhír seo d'fheidhm a bheith acu a luaithe a chuirfidh an t-údarás inniúil deireadh leis an bhfógra éigeandála, nó a luaithe a chinneann an Coimisiún, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír de mhír 8, nach bhfuil údar leis an bhfógra éigeandála, nó nach bhfuil údar leis a thuilleadh.

4.   Nuair a dhéanfaidh an t-údarás inniúil éigeandáil a fhógairt, déanfaidh sé an ghníomhaíocht réamhshainithe mar a leagtar amach í ina phlean éigeandála agus cuirfidh sé an Coimisiún agus na húdaráis inniúla sa ghrúpa riosca mar aon le húdaráis inniúla na mBallstát lena bhfuil nasc díreach ag Ballstát an údaráis inniúil sin ar an eolas láithreach go háirithe faoin ngníomhaíocht a bhfuil sé beartaithe aige a dhéanamh. In imthosca eisceachtúla a mbeidh údar cuí leo, féadfaidh an t-údarás inniúil gníomhaíocht a dhéanamh a chlaonann ón bplean éigeandála. Déanfaidh an t-údarás inniúil an Coimisiún agus na húdaráis inniúla ina ghrúpa riosca mar a leagtar amach iad in Iarscríbhinn I, mar aon le húdaráis inniúla na mBallstát lena bhfuil nasc díreach ag Ballstát an údaráis inniúil sin, ar an eolas láithreach faoi aon ghníomhaíocht den sórt sin agus tabharfaidh sé údar leis an gclaonadh sin.

5.   Áiritheoidh an t-oibreoir córais tarchurtha, i gcás ina ndéanfar éigeandáil a fhógairt i mBallstát comharsanachta, go dtabharfar tús áite don acmhainn ag na pointí idirnaisc leis an mBallstát sin, is cuma an acmhainn dhocht nó an acmhainn in-idirbhriste í, agus is cuma ar cuireadh in áirithe roimh an éigeandáil nó lena linn í, agus tabharfar an tús áite sin thar acmhainn atá san iomaíocht ag pointí fágála isteach i saoráidí stórála. Déanfaidh úsáideoir córais na hacmhainne ar tugadh tús áite di cúiteamh réasúnach a íoc, gan mhoill, chuig úsáideoir córais na hacmhainne doichte as an gcaillteanas airgeadais a thabhófar mar thoradh ar an tús áite sin a bheith tugtha, lena n-áirítear aisíoc atá i gcomhréir leis an méid a chosain idirbhriseadh na hacmhainne doichte. Ní dhéanfaidh an próiseas lena gcinnfear agus lena n-íocfar an cúiteamh difear do chur chun feidhme riail na tosaíochta.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit agus, go háirithe, na húdaráis inniúla:

(a)

nach dtabharfar isteach aon bhearta a chuirfidh srian míchuí ar an sreabhadh gáis laistigh den mhargadh inmheánach aon tráth;

(b)

nach dtabharfar isteach aon bhearta ar dóigh dóibh staid an tsoláthair gáis i mBallstát eile a chur i mbaol mór; agus

(c)

go ndéanfar an rochtain trasteorann ar bhonneagar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 a choimeád ar bun a mhéid is féidir go teicniúil agus go sábháilte, i gcomhréir leis an bplean éigeandála.

7.   Le linn éigeandála agus ar fhorais réasúnacha, arna iarraidh sin don oibreoir ábhartha córais tarchurtha leictreachais nó gáis, féadfaidh Ballstát a chinneadh tosaíocht a thabhairt don soláthar gáis do ghléasraí ríthábhachtacha áirithe cumhachta gásadhainte seachas don soláthar gáis do chatagóirí áirithe de chustaiméirí atá faoi chosaint más amhlaidh, mar thoradh ar an easpa soláthair gáis do na gléasraí ríthábhachtacha cumhachta gásadhainte sin:

(a)

go bhféadfaí damáiste tromchúiseach a dhéanamh d'fheidhmiú an chórais leictreachais; nó

(b)

go gcuirfí bac ar tháirgeadh gáis agus/nó ar iompar gáis.

Déanfaidh na Ballstáit aon bheart den sórt sin a bhunú ar an measúnú riosca.

Déanfar na gléasraí ríthábhachtacha cumhachta gásadhainte dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shainaithint go soiléir mar aon leis na toirteanna gáis féideartha a bheadh faoi réir beart den sórt sin agus a chuirfí san áireamh i gcaibidlí réigiúnacha na bpleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus na bpleananna éigeandála. Déanfar iad a shainaithint i ndlúthchomhar le hoibreoirí córais tarchurtha chóras leictreachais agus chóras gáis an Bhallstáit lena mbaineann.

8.   Fíoróidh an Coimisiún, a luaithe is féidir, ach i gcás ar bith laistigh de 5 lá tar éis dó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a fháil ón údarás inniúil, an mbeidh údar cuí leis an bhfógra éigeandála i gcomhréir le pointe (c) de mhír 1 agus an leanann na bearta a rinneadh, a dhlúithe is féidir, na gníomhaíochtaí a liostaítear sa phlean éigeandála agus fíoróidh sé nach gcuirfidh siad ualach míchuí ar na gnóthais gáis nádúrtha agus go mbeidh siad i gcomhréir le mír 6. Féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin d'údarás inniúil eile, do ghnóthais gáis nádúrtha nó ar a thionscnamh féin, a iarraidh ar an údarás inniúil na bearta a mhodhnú i gcás ina bhfuil siad contrártha do na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad abairt den mhír seo. Féadfaidh an Coimisiún freisin a iarraidh ar an údarás inniúil deireadh na héigeandála a fhógairt i gcás ina gcinnfidh sé nach bhfuil údar cuí leis an bhfógra éigeandála a thuilleadh i gcomhréir le pointe (c) de mhír 1.

Laistigh de 3 lá tar éis fógra a thabhairt faoi iarraidh an Choimisiúin, modhnóidh an t-údarás inniúil na bearta agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún ina leith nó cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi na fáthanna a n-easaontaíonn sé leis an iarraidh. Sa chás deireanach sin, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de 3 lá tar éis dó bheith curtha ar an eolas, a iarraidh a leasú nó a tharraingt siar nó, d'fhonn an tsaincheist a bhreithniú, féadfaidh sé an t-údarás inniúil lena mbaineann nó, más iomchuí, na húdaráis inniúla lena mbaineann, agus, más é tuairim an Choimisiúin go bhfuil gá leis, GCG a thionól. Leagfaidh an Coimisiún amach na fáthanna mionsonraithe a bheidh aige maidir le haon mhodhnú ar an ngníomhaíocht a iarraidh. Tabharfaidh an t-údarás inniúil aird iomlán ar sheasamh an Choimisiúin. I gcás ina gclaonfaidh cinneadh críochnaitheach an údaráis inniúil ó sheasamh an Choimisiúin, soláthróidh an t-údarás inniúil na fáthanna is bonn leis an gcinneadh sin.

9.   I gcás ina ndéanfaidh an t-údarás inniúil deireadh aon chinn de na leibhéil ghéarchéime dá dtagraítear i mír 1 a fhógairt, cuirfidh sé é sin in iúl don Choimisiún agus d'údaráis inniúla na mBallstát lena bhfuil nasc díreach ag Ballstát an údaráis inniúil sin.

Airteagal 12

Freagairtí éigeandála réigiúnacha agus Aontais

1.   Féadfaidh an Coimisiún éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais a fhógairt arna iarraidh sin d'údarás inniúil a mbeidh éigeandáil fógartha aige agus tar éis fíorú a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 11(8).

Fógróidh an Coimisiún éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais, de réir mar is iomchuí, arna iarraidh sin do 2 údarás inniúla ar a laghad a mbeidh éigeandáil fógartha acu agus tar éis fíorú a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 11(8), agus i gcás ina mbeidh nasc idir cúiseanna na n-éigeandálaí sin.

I ngach cás, nuair a fhógróidh sé éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais, déanfaidh an Coimisiún, trí úsáid a bhaint as an modh cumarsáide is oiriúnaí don staid, tuairimí na n-údarás inniúil eile a bhailiú agus tabharfaidh sé dá aire go cuí an fhaisnéis ábhartha uile arna soláthar ag na húdaráis inniúla eile. Nuair a chinneann an Coimisiún, tar éis measúnaithe, nach bhfuil údar ann a thuilleadh leis an éigeandáil réigiúnach nó leis an éigeandáil Aontais a fhógairt, fógróidh sé go bhfuil deireadh leis an éigeandáil réigiúnach nó leis an éigeandáil Aontais agus tabharfaidh sé cúiseanna lena chinneadh agus cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas faoina chinneadh.

2.   Tionólfaidh an Coimisiún GCG a luaithe a fhógróidh sé éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais.

3.   I gcás éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais, déanfaidh an Coimisiún gníomhaíocht na n-údarás inniúil a chomhordú, agus aird iomlán á tabhairt ar an bhfaisnéis ábhartha ón gcomhairliúchán leis GCG agus ar na torthaí a éireoidh as. Go háirithe, déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas:

(a)

malartú faisnéise a áirithiú;

(b)

comhsheasmhacht agus éifeachtacht a áirithiú i dtaca leis an ngníomhaíocht ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal réigiúnach i gcoibhneas le leibhéal an Aontais;

(c)

na gníomhaíochtaí a chomhordú maidir le tríú tíortha.

4.   Féadfaidh an Coimisiún grúpa bainistithe géarchéime a thionól ina mbeidh na bainisteoirí géarchéime dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 10(1) ó na Ballstáit a mbaineann an éigeandáil leo. Féadfaidh an Coimisiún, le comhaontú ó na bainisteoirí géarchéime, a iarraidh ar pháirtithe leasmhara ábhartha eile a bheith rannpháirteach. Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear GCG ar an eolas go tráthrialta faoin obair a bheidh ar bun ag an ngrúpa bainistithe géarchéime.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit agus, go háirithe, na húdaráis inniúla, an méid seo a leanas:

(a)

nach dtabharfar isteach aon bhearta a chuirfidh srian míchuí ar an sreabhadh gáis laistigh den mhargadh inmheánach aon tráth, go háirithe an sreabhadh gáis go dtí na margaí a mbeidh difear á ndéanamh dóibh;

(b)

nach dtabharfar isteach aon bhearta ar dóigh dóibh staid an tsoláthair gáis i mBallstát eile a chur i mbaol mór; agus

(c)

go ndéanfar an rochtain trasteorann ar bhonneagar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 a choimeád ar bun a mhéid is féidir go teicniúil agus go sábháilte, i gcomhréir leis an bplean éigeandála.

6.   Más rud é, arna iarraidh sin d'údarás inniúil, do ghnóthais gáis nádúrtha nó ar a thionscnamh féin, go measann an Coimisiún go bhfuil gníomhaíocht atá déanta ag Ballstát nó ag údarás inniúil nó iompraíocht gnóthais gáis nádúrtha, le linn éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais, contrártha do mhír 5, iarrfaidh an Coimisiún ar an mBallstát sin nó ar an údarás inniúil sin a ghníomhaíocht a mhodhnú nó gníomhaíocht a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar mír 5, agus cuirfidh sé na fáthanna atá leis sin in iúl dó. Tabharfar aird chuí ar an ngá leis an gcóras gáis a oibriú go sábháilte gach tráth.

Laistigh de 3 lá tar éis fógra a thabhairt faoi iarraidh an Choimisiúin, modhnóidh an Ballstáit nó an t-údarás inniúil a ghníomhaíocht agus cuirfidh sé fógra don Choimisiún ina leith sin nó cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi na fáthanna a n-easaontaíonn sé leis an iarraidh. Sa dara cás, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de 3 lá tar éis dó bheith curtha ar an eolas, a iarraidh a leasú nó a tharraingt siar nó féadfaidh sé an Ballstát nó an t-údarás inniúil agus, i gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil gá leis, GCG a thionól chun an tsaincheist a bhreithniú. Leagfaidh an Coimisiún amach na fáthanna mionsonraithe a bheidh aige maidir le haon mhodhnuithe ar an ngníomhaíocht a iarraidh. Tabharfaidh an Ballstát nó an t-údarás inniúil aird iomlán ar sheasamh an Choimisiúin. I gcás ina gclaonfaidh cinneadh críochnaitheach an údaráis inniúil nó an Bhallstáit ó sheasamh an Choimisiúin, soláthróidh an t-údarás inniúil nó an Ballstát na fáthanna is bonn leis an gcinneadh sin.

7.   Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le GCG, buanliosta ionadaithe a tharraingt suas do thascfhórsa faireacháin ar a mbeidh saineolaithe tionscail agus ionadaithe ón gCoimisiún. Féadfar an tascfhórsa faireacháin a imscaradh lasmuigh den Aontas nuair is gá sin agus déanfaidh sé faireachán agus tuairisciú ar na sreafaí gáis isteach san Aontas, i gcomhar leis na tríú tíortha soláthair agus idirthurais.

8.   Déanfaidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis a bhaineann le haon chúnamh is gá a sholáthar d'ERCC an Choimisiúin. Déanfaidh ERCC an staid fhoriomlán a mheasúnú agus tabharfaidh sé comhairle faoin gcúnamh ba cheart a sholáthar do na Ballstáit is mó a ndéantar difear dóibh, agus do thríú tíortha nuair is iomchuí sin.

Airteagal 13

Dlúthpháirtíocht

1.   Má iarrann Ballstát cur chun feidhme an bhirt dlúthpháirtíochta de bhun an Airteagail seo, déanfaidh Ballstát a bhfuil nasc díreach aige leis an mBallstát iarrthach nó, i gcás ina bhforálfaidh an Ballstát amhlaidh, a údarás inniúil nó oibreoir a chórais tarchurtha nó a chórais dáileacháin, a mhéid is féidir, gan staideanna neamhshábháilte a chruthú, na bearta is gá d'fhonn a áirithiú go laghdófar an soláthar gáis do chustaiméirí ar a chríoch nach custaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht iad nó nach leanfar leis, a mhéid is gá agus fad nach sásaítear an soláthar gáis do na custaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht sa Bhallstát iarrthach. Áiritheoidh an Ballstát iarrthach go ndéanfar an toirt ábhartha gáis a sheachadadh go héifeachtach chuig custaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht ina chríoch.

In imthosca eisceachtúla agus ar iarraidh cuí-réasúnaithe ón oibreoir ábhartha córais tarchurtha leictreachais nó gáis ar a údarás inniúil, féadfar leanúint freisin de ghás a sholáthar do ghléasraí áirithe ríthábhachtacha cumhachta gásadhainte mar a shainítear de bhun Airteagal 11(7) iad sa Bhallstát a bhfuil an dlúthpháirtíocht á soláthar, más rud é go ndéanfaí damáiste tromchúiseach d'fheidhmiú an chórais leictreachais nó go gcuirfí bac ar tháirgeadh gáis agus/nó ar iompar gáis mura ndéanfaí gás a sholáthar do na gléasraí sin.

2.   Lena chois sin, déanfaidh Ballstát an beart dlúthpháirtíochta a sholáthar do Bhallstát eile lena bhfuil nasc aige trí thríú tír mura rud é go mbeidh srian ar shreafaí tríd an tríú tír. Beidh síneadh den sórt sin ar an mbeart faoi réir chomhaontú na mBallstát ábhartha agus déanfaidh na Ballstáit sin, de réir mar is iomchuí, a thabhairt ar an tríú tír trína bhfuil nasc acu a bheith rannpháirteach.

3.   Déanfar beart dlúthpháirtíochta mar rogha dheiridh agus ní bheidh feidhm aige ach amháin más fíor an méid seo a leanas i leith an Bhallstáit iarrthaigh:

(a)

ní raibh sé in ann an t-easnamh sa soláthar gáis dá gcustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht in ainneoin chur i bhfeidhm an bhirt dá dtagraítear in Airteagal 11(3);

(b)

rinne sé na bearta margadhbhunaithe uile agus gach beart dá bhforáiltear ina phlean éigeandála;

(c)

thug sé fógra faoi iarraidh shainráite don Choimisiún agus d'údaráis inniúla na mBallstát go léir lena mbaineann lena bhfuil nasc aige go díreach nó, de bhun mhír 2, trí thríú tír, agus tuairisc ar na bearta a cuireadh chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo in éineacht leis an iarraidh;

(d)

gheall sé don Bhallstát a sholáthraíonn dlúthpháirtíocht aige cúiteamh cothrom, pras a íoc i gcomhréir le mír 8.

4.   Má tá níos mó ná Ballstát amháin ann a d'fhéadfadh an dlúthpháirtíocht a sholáthar do Bhallstát iarrthach, déanfaidh an Ballstát iarrthach an tairiscint is buntáistí a lorg ar bhonn chostais, luas seachadta, iontaofacht, agus éagsúlú na soláthairtí gáis, tar éis dó dul i gcomhairle le gach Ballstát a gceanglaítear air an dlúthpháirtíocht a sholáthar. Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann tairiscintí den sórt sin ar bhonn bearta deonacha atá dírithe ar an éileamh, a mhéid agus a fhad is féidir, roimh dhul i muinín bearta nach bhfuil margadhbhunaithe.

5.   I gcás nach leor na bearta margadhbhunaithe don Bhallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht chun aghaidh a thabhairt ar an easnamh sa soláthar gáis do chustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht sa Bhallstát iarrthach, féadfaidh an Ballstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht bearta nach bhfuil margadhbhunaithe a thabhairt isteach d'fhonn na hoibleagáidí a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 a chomhlíonadh.

6.   Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit iarrthaigh an Coimisiún agus údaráis inniúla na mBallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht ar an eolas láithreach nuair a shásaítear an soláthar gáis do na custaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht ina chríoch nó i gcás ina ndéantar na hoibleagáidí faoi mhír 1 agus faoi mhír 2, atá bunaithe ar a riachtanais, a laghdú, nó i gcás ina ndéantar iad a chur ar fionraí arna iarraidh sin don Bhallstát a fhaigheann an dlúthpháirtíocht.

7.   Beidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar síos i mír 1 agus mír 2 faoi réir oibriú teicniúil sábháilte agus iontaofa chóras gáis Ballstáit a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht agus faoi réir theorainn uaschumas onnmhairiúcháin idirnaisc bhonneagar an Bhallstáit ábhartha i dtreo an Bhallstáit iarrthaigh. Féadfar imthosca den sórt sin a léiriú i socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais, go háirithe na himthosca sin faoina ndéanfaidh an margadh suas go dtí an acmhainn uasta idirnaisc a sheachadadh.

8.   Soláthrófar an dlúthpháirtíocht faoin Rialachán seo ar bhonn cúitimh. Íocfaidh an Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht go pras, nó áiritheoidh sé go n-íocfar go pras, cúiteamh cóir leis an mBallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht. Cumhdófar le cúiteamh cóir den sórt sin an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

an gás a sheachadtar chuig críoch an Bhallstáit iarrthaigh;

(b)

gach costas ábhartha agus réasúnta eile a thabhaítear agus an dlúthpháirtíocht á soláthar, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, costais na mbeart sin, a d'fhéadfadh a bheith bunaithe roimh ré;

(c)

aisíocaíocht ar aon chúiteamh a eascraíonn as imeachtaí breithiúnacha, imeachtaí eadrána, nó imeachtaí agus socraíochtaí comhchosúla agus costais ghaolmhara —imeachtaí den sórt sin lena bhfuil baint ag an mBallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht i leith eintitis a bhfuil baint acu le soláthar dlúthpháirtíocht den sórt sin.

San áireamh leis an gcúiteamh cóir de bhun na chéad fhomhíre, beidh, inter alia, na costais réasúnta uile a thabhaíonn an Ballstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht ón oibleagáid chun cúiteamh a íoc de bhua na gceart bunúsach a ráthaítear le dlí an Aontais agus de bhua na n-oibleagáidí idirnáisiúnta infheidhme agus an tAirteagal seo á chur chun feidhme, mar aon le costais bhreise réasúnta a thabhaítear agus cúiteamh á íoc de bhun na rialacha náisiúnta cúitimh.

Faoin 1 Nollaig 2018, glacfaidh údaráis inniúla na mBallstát na bearta is gá, go háirithe na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais de bhun mhír 10, chun an chéad agus an dara fomhír den mhír seo a chur chun feidhme. Le bearta den sórt sin, féadfar foráil a dhéanamh do na modúlachtaí praiticiúla maidir le híocaíocht phras.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirtear forálacha an Airteagail seo chun feidhme i gcomhréir leis na Conarthaí, le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus leis na hoibleagáidí idirnáisiúnta infheidhme. Déanfaidh siad na bearta is gá chuige sin.

10.   Faoin 1 Nollaig 2018, glacfaidh na húdaráis inniúla na bearta is gá, lena n-áirítear na cinn a comhaontaíodh i socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais, chun a áirithiú go soláthraítear gás do na custaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht sa Bhallstát iarrthach i gcomhréir le mír 1 agus mír 2. Déanfar na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais a chomhaontú idir na Ballstáit a bhfuil nasc díreach acu lena chéile nó, i gcomhréir le mír 2, a bhfuil nasc eatarthu trí thríú tír, agus tuairisceofar iad sna pleananna éigeandála faoi seach a bheidh acu. Féadfar na heilimintí seo a leanas, i measc nithe eile, a chuimsiú sna socruithe sin:

(a)

sábháilteacht oibríochtúil na líonraí;

(b)

cur i bhfeidhm praghsanna gáis agus/nó an mhodheolaíocht chun iad a shocrú, agus aird á tabhairt ar an tionchar ar fheidhmiú an mhargaidh;

(c)

idirnaisc a úsáid, lena n-áirítear acmhainn dhéthreoch agus gás a stóráil faoi thalamh;

(d)

na toirteanna gáis nó an mhodheolaíocht chun iad a shocrú;

(e)

catagóirí na gcostas a chaithfear a chumhdach trí chúiteamh cothrom, pras, a bhféadfaí damáistí do thionsclaíocht chiorraithe a bheith ar áireamh ann;

(f)

léiriú ar conas a d'fhéadfaí an cúiteamh cóir a ríomh.

Beidh ar áireamh sa socrú airgeadais a chomhaontaítear idir na Ballstáit sula n-iarrtar an dlúthpháirtíocht forálacha lenar féidir an cúiteamh cóir a ríomh i leith na gcostas ábhartha réasúnta uile, ar a laghad, a thabhaítear agus dlúthpháirtíocht á soláthar agus gealltanas go n-íocfar an cúiteamh sin.

Soláthrófar, le sásra cúitimh ar bith, dreasachtaí chun páirt a ghlacadh i réitigh mhargadhbhunaithe amhail ceantanna agus sásraí maidir le freagairt ar éileamh. Ní chruthófar dreasachtaí saobha leis, lena n-áirítear i dtéarmaí airgeadais, do ghníomhaithe an mhargaidh chun a gcuid gníomhaíochta a chur siar go dtí go gcuirtear bearta nach bhfuil margadhbhunaithe i bhfeidhm. Déanfar gach sásra cúitimh, nó achoimre orthu ar a laghad, a áireamh sna pleananna éigeandála.

11.   Fad a fhéadfaidh Ballstát tomhaltas gáis a chuid custaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht a chumhdach óna tháirgeacht féin, díolmhófar é, dá réir sin, ón oibleagáid socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais a thabhairt i gcrích le Ballstáit lena bhfuil nasc díreach aige nó, i gcomhréir le mír 2, trí thríú tír, ar mhaithe leis an dlúthpháirtíocht a fháil. Ní dhéanfaidh díolúine den sórt sin difear d'oibleagáid an Bhallstáit ábhartha an dlúthpháirtíocht a sholáthar do Bhallstáit eile de bhun an Airteagail seo.

12.   Faoin 1 Nollaig 2017 agus tar éis dó dul i gcomhairle le GCG, déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le treoir, nach mbeidh ceangailteach ó thaobh dlí, le haghaidh phríomheilimintí na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais, go háirithe maidir leis an gcaoi a bhféadfar na heilimintí a bhfuil tuairisc orthu i mír 8 agus i mír 10 a chur i bhfeidhm sa chleachtas.

13.   I gcás nach dtiocfaidh na Ballstáit ar chomhaontú faoi na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais is gá faoin 1 Deireadh Fómhair 2018, féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla lena mbaineann, creat a mholadh le haghaidh na mbeart sin ina leagfar amach na prionsabail is gá chun go mbeidh siad oibríochtúil, ar prionsabail iad a dhéanfaidh forbairt ar threoir an Choimisiúin a leagtar amach i mír 12. Cuirfidh na Ballstáit bailchríoch ar a gcuid socruithe faoin 1 Nollaig 2018 agus aird iomlán á tabhairt acu ar an togra ón gCoimisiún.

14.   Ní dhéanfar difear d'infheidhmeacht an Airteagail seo má mhainníonn na Ballstáit teacht ar chomhaontú faoina gcuid socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais nó má mhainníonn siad bailchríoch a chur ar na socruithe sin. I staid den sórt sin, tiocfaidh na Ballstáit lena mbaineann ar chomhaontú maidir leis na bearta ad hoc is gá agus déanfaidh an Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht gealltanas a thabhairt i gcomhréir le pointe (d) de mhír 3.

15.   Scoirfidh na hoibleagáidí a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo d'fheidhm a bheith acu díreach tar éis deireadh na héigeandála a fhógairt nó díreach tar éis don Choimisiún a chinneadh, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 11(8), nach bhfuil údar leis an bhfógra éigeandála, nó nach bhfuil údar leis a thuilleadh.

16.   I gcás ina dtabhóidh an tAontas costais de bhua aon dliteanas, seachas le haghaidh gníomhartha neamhdhleathacha nó iompar neamhdhleathach de bhun an dara mír d'Airteagal 340 CFAE, i ndáil le bearta a gceanglaítear ar na Ballstáit iad a ghlacadh de bhun an Airteagail seo, déanfaidh an Ballstát a fhaigheann an dlúthpháirtíocht na costais sin a aisíoc leis.

Airteagal 14

Malartú faisnéise

1.   I gcás inar fhógair Ballstát aon cheann de na leibhéil ghéarchéime dá dtagraítear in Airteagal 11(1), déanfaidh na gnóthais gáis nádúrtha lena mbaineann an fhaisnéis seo a leanas go háirithe a chur ar fáil d'údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann ar bhonn laethúil:

(a)

réamhaisnéisí do na 3 lá ina dhiaidh sin faoin soláthar laethúil gáis agus faoin éileamh laethúil gáis i milliún méadair chiúbacha in aghaidh an lae (mmc/d);

(b)

an sreabhadh laethúil gáis ag na pointí iontrála agus fágála trasteorann go léir agus, chomh maith leis sin, ag na pointí go léir a nascann saoráid táirgthe, saoráid stórála nó críochfort GNL leis an ngréasán, i milliún méadair chiúbacha in aghaidh an lae (mmc/d);

(c)

an tréimhse, arna sloinneadh i laethanta, ar lena linn atáthar ag súil gur féidir an soláthar gáis sin a áirithiú do na custaiméirí atá faoi chosaint.

2.   I gcás éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas ar a laghad a sholáthar dó gan mhoill:

(a)

an fhaisnéis a leagtar amach i mír 1;

(b)

faisnéis faoi na bearta a bheartaítear a dhéanamh agus faoi na bearta sin atá curtha chun feidhme cheana féin ag an údarás inniúil chun an éigeandáil a mhaolú, agus faisnéis faoi éifeachtacht na mbeart sin;

(c)

na hiarrataí atá déanta ar bhearta breise a bheidh le déanamh ag údaráis inniúla eile;

(d)

na bearta atá curtha chun feidhme arna iarraidh sin d'údaráis inniúla eile.

3.   Tar éis éigeandála, déanfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1, a luaithe is féidir agus, ar a dhéanaí, 6 seachtaine tar éis deireadh a bheith curtha leis an éigeandáil, measúnú mionsonraithe a sholáthar don Choimisiún gan mhoill ar an éigeandáil agus ar éifeachtacht na mbeart a cuireadh chun feidhme, lena n-áirítear measúnú ar an tionchar eacnamaíoch a bhí ag an éigeandáil, ar an tionchar ar earnáil an leictreachais agus ar an gcúnamh a soláthraíodh don Aontas agus dá Bhallstát nó a fuarthas uathu. Cuirfear an measúnú sin ar fáil do GCG agus léireofar é sna nuashonruithe ar na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus ar na pleananna éigeandála.

Déanfaidh an Coimisiún anailís ar mheasúnuithe na n-údarás inniúla agus cuirfidh sé na Ballstáit, Parlaimint na hEorpa agus GCG ar an eolas maidir le torthaí a anailíse i bhfoirm chomhiomlán.

4.   I gcúinsí a mbeidh údar cuí leo d'ainneoin éigeandáil a bheith fógartha, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit is mó a ndéantar difear dó ceangal a chur ar ghnóthais gáis nadúrtha an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil nó an fhaisnéis bhreise is gá chun measúnú a dhéanamh ar staid ghinearálta an tsoláthair gáis sa Bhallstát nó i mBallstáit eile, lena n-áirítear faisnéis chonarthach, seachas faisnéis faoi na praghsanna. Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a sholáthraíonn gnóthais gáis nádúrtha faoin mír seo a iarraidh ó na húdaráis inniúla, ar choinníoll nár tarchuireadh an fhaisnéis chéanna chuig an gCoimisiún cheana.

5.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil an soláthar gáis san Aontas ina iomláine nó i gcuid den Aontas i mbaol nó gur dócha go mbeidh an soláthar sin i mbaol sa chaoi is go bhféadfadh sé, mar thoradh ar an mbaol sin, go bhfógrófaí ceann amháin de na leibhéil ghéarchéime dá dtagraítear in Airteagal 11(1), féadfaidh sé ceangal a chur ar na húdaráis inniúla lena mbaineann an fhaisnéis is gá a bhailiú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun measúnú a dhéanamh ar staid an tsoláthair gáis. Déanfaidh an Coimisiún an measúnú sin a roinnt le GCG.

6.   Le gur féidir leis na húdaráis inniúla agus an Coimisiún measúnú a dhéanamh ar shlándáil staid an tsoláthair gáis ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais, déanfaidh gach gnóthas gáis nádúrtha fógra a thabhairt:

(a)

don údarás inniúil lena mbaineann faoi na sonraíochtaí seo a leanas maidir le conarthaí soláthair gáis a bhfuil gné trasteorann acu agus a mhaireann níos faide ná bliain amháin, ar conarthaí iad a thug sé i gcrích chun gás a fháil:

(i)

fad an chonartha;

(ii)

toirteanna bliantúla conarthaithe;

(iii)

toirteanna conraithe laethúla uasta i gcás práinne nó éigeandála;

(iv)

pointí seachadta conraithe;

(v)

toirteanna íosta laethúla agus míosúla gáis;

(vi)

coinníollacha is gá chun seachadtaí gáis a chur ar fionraí;

(vii)

léiriú i dtaobh an ionann an conradh, ar bhonn aonair nó i dteannta a chuid conarthaí leis an soláthróir céanna nó lena chleamhnaithe, agus an tairseach de 28 % dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 6 sa Bhallstát is mó a ndéantar difear dó, nó an níos mó ná an tairseach sin é;

(b)

d'údarás inniúil an Bhallstáit is mó a ndéantar difear dó, go díreach tar éis iad a thabhairt i gcrích nó a mhodhnú, faoina chonarthaí soláthair gáis ar faide a ré ná aon bhliain, arna dtabhairt i gcrích nó arna modhnú an 1 Samhain 2017 nó ina dhiaidh sin, arb ionann iad, ar bhonn aonair nó i dteannta a gcuid conarthaí leis an soláthróir céanna nó lena chleamhnaithe, agus 28 % nó níos mó den tomhaltas bliantúil gáis sa Bhallstát sin, a ríomhfar ar bhonn na sonraí is déanaí a bheidh ar fáil. Lena chois sin, faoin 2 Samhain 2018, tabharfaidh gnóthais gáis nádúrtha fógra don údarás inniúil faoi gach conradh atá ann cheana lena bhfuil na coinníollacha céanna á gcomhlíonadh. Ní chumhdófar faisnéis faoi na praghsanna leis an oibleagáid fógra a thabhairt agus ní bheidh feidhm aici maidir leis na modhnuithe a mbeidh baint acu le praghas an gháis amháin. Ina theannta sin, beidh feidhm ag an oibleagáid fógra a thabhairt maidir le gach comhaontú tráchtála atá ábhartha chun an conradh soláthair gáis a chur i gcrích seachas faisnéis faoi na praghsanna.

Déanfaidh an t-údarás inniúil na sonraí a liostaítear i bpointe (a) den chéad fhomhír a chur in iúl don Choimisiún i bhfoirm anaithnid. I gcás ina dtabharfar conarthaí nua i gcrích nó ina ndéanfar athruithe ar chonarthaí atá ann cheana, déanfar an tsraith iomlán sonraí a chur in iúl don Choimisiún faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair na bliana ábhartha. I gcás ina mbeidh amhras ar an údarás inniúil i dtaobh an gcuireann conradh ar leith a fuarthas faoi phointe (b) den chéad fhomhír slándáil an tsoláthair gáis i mBallstát nó i réigiún i mbaol, tabharfaidh sé fógra faoin gconradh don Choimisiún.

7.   In imthosca a mbeidh údar cuí leo de réir an ghá trédhearcacht príomhchonarthaí soláthair gáis a ráthú, ar conarthaí iad a bheidh ábhartha do shlándáil an tsoláthair gáis, agus i gcás ina measfaidh údarás inniúil an Bhallstáit is mó a ndéantar difear dó nó an Coimisiún go bhféadfar, le conradh soláthair gáis, slándáil soláthair gáis Ballstáit, réigiúin nó an Aontais a chur i mbaol, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit nó an Coimisiún a iarraidh ar an ngnóthas gáis nádúrtha an conradh a chur ar fáil, seachas faisnéis faoi na praghsanna, le gur féidir measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh aige ar shlándáil an tsoláthair gáis. Beidh an iarraidh réasúnaithe agus féadfar a chumhdach leis an iarraidh freisin mionsonraí faoi aon chomhaontuithe tráchtála eile atá ábhartha chun an conradh soláthair gáis a chur i gcrích, seachas faisnéis faoi na praghsanna. San údar a thabharfar, áireofar comhréireacht an ualaigh riaracháin lena mbaineann.

8.   Na húdaráis inniúla a gheobhaidh faisnéis ar bhonn phointe (b) de mhír 6 nó ar bhonn mhír 7 den Airteagal seo, déanfaidh siad measúnú, laistigh de 3 mhí, ar an bhfaisnéis a gheobhaidh siad chun críocha shlándáil an tsoláthair gáis agus tarchuirfidh siad torthaí a measúnaithe chuig an gCoimisiún.

9.   Déanfaidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis a gheofar faoin Airteagal seo a chur san áireamh agus an measúnú riosca, an plean um ghníomhaíocht choisctheach agus an plean éigeandála nó na nuashonruithe a ghabhfaidh leo á n-ullmhú. Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena molfar don údarás inniúil na measúnuithe riosca nó na pleananna a leasú ar bhonn na faisnéise a gheofar faoin Airteagal seo. Déanfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann athbhreithniú ar an measúnú riosca agus ar na pleananna a bhaineann leis an iarraidh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 8(9).

10.   Faoin 2 Bealtaine 2019, déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe a dhéanann gnóthais gáis nádúrtha ar mhír 6 nó mír 7 den Airteagal seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

11.   Chun críocha an Airteagail seo, ciallóidh “an Ballstát is mó a ndéantar difear dó” an Ballstát a bhfuil an chuid is mó de dhíolacháin gháis nó de chustaiméirí de chuid páirtí conarthach de chonradh fadtéarmach áirithe suite ann.

12.   Conarthaí nó faisnéis chonarthach a fhaightear ar bhonn mhír 6 agus mhír 7, mar aon leis na measúnuithe faoi seach a dhéanann na húdaráis inniúla nó an Coimisiún, fanfaidh siad uile faoi rún. Déanfaidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún rúndacht iomlán a áirithiú.

Airteagal 15

Rúndacht ghairmiúil

1.   Aon fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus a gheofar, a mhalartófar nó a tharchuirfear de bhun Airteagal 14(4), (5), (6), (7) agus (8), agus Airteagal18, seachas torthaí na measúnuithe dá dtagraítear in Airteagal 14(3) agus (5), beidh sí faoi rún agus beidh sí faoi réir choinníollacha na rúndachta gairmiúla a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Beidh feidhm ag an oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil maidir leis na daoine seo a leanas a fhaigheann faisnéis rúnda i gcomhréir leis an Rialachán seo:

(a)

daoine atá ag obair nó a d'oibrigh don Choimisiún;

(b)

iniúchóirí agus saineolaithe a fhaigheann treoracha ón gCoimisiún;

(c)

daoine atá ag obair nó a d'oibrigh do na húdaráis inniúla agus do na húdaráis rialála náisiúnta nó d'údaráis ábhartha eile;

(d)

iniúchóirí agus saineolaithe a fhaigheann treoracha ó údaráis inniúla agus ó údaráis rialála náisiúnta nó ó údaráis ábhartha eile a fhaigheann faisnéis rúnda i gcomhréir leis an Rialachán seo.

3.   Gan dochar do chásanna a chumhdaítear leis an dlí coiriúil, le forálacha eile an Rialacháin seo nó le dlí ábhartha eile an Aontais, ní fhéadfar faisnéis rúnda a fhaigheann na daoine dá dtagraítear i mír 2 i gcúrsa a gcuid dualgas a nochtadh d'aon duine eile nó d'aon údarás eile, seachas i bhfoirm achomair nó i bhfoirm chomhiomlán ionas nach féidir rannpháirtí aonair margaidh nó ionad margaidh aonair a shainaithint.

4.   Gan dochar do chásanna a chumhdaítear leis an dlí coiriúil, ní fhéadfaidh an Coimisiún, na húdaráis inniúla agus na húdaráis rialála náisiúnta, comhlachtaí nó daoine a fhaigheann faisnéis rúnda de bhun an Rialacháin seo faisnéis rúnda a úsáid ach amháin i gcomhlíonadh a ndualgas agus i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna. Féadfaidh údaráis, comhlachtaí nó daoine eile an fhaisnéis sin a úsáid chun na críche ar soláthraíodh an fhaisnéis sin dóibh nó i gcomhthéacs imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a bhaineann go sonrach le feidhmiú a bhfeidhmeanna.

Airteagal 16

Comhar le Páirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh

1.   I gcás ina rachaidh na Ballstáit agus Páirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh i gcomhar lena chéile sa phróiseas maidir le measúnuithe riosca agus pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus pleananna éigeandála a bhunú, féadfar a áireamh sa chomhar sin, go háirithe, idirghníomhú agus comhghaolú na rioscaí agus an chomhairliúcháin a shainaithint d'fhonn comhsheasmhacht trasteorann na bpleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus na bpleananna éigeandála a áirithiú.

2.   I ndáil le mír 1, féadfaidh Páirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh páirt a ghlacadh sa GCG arna iarraidh sin orthu ag an gCoimisiún maidir leis na hábhair leasa fhrithpháirtigh uile.

Airteagal 17

Faireachán an Choimisiúin

Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar bhearta i dtaca le slándáil an tsoláthair gáis agus tuairisceoidh sé go tráthrialta do GCG.

Ar bhonn na measúnuithe dá dtagraítear in Airteagal 8(7), tiocfaidh an Coimisiún ar a thuairimí féin, faoin 1 Meán Fómhair 2023, maidir leis an gcur chuige a fhéadfar a úsáid chun slándáil an tsoláthair gáis a fheabhsú ar leibhéal an Aontais agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ina mbeidh, más gá, tograí reachtacha chun an Rialachán seo a leasú.

Airteagal 18

Fógra a thabhairt

Tabharfar fógra don Choimisiún faoin measúnú riosca, faoi na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach, faoi na pleananna éigeandála agus faoi gach doiciméad eile go leictreonach ar an ardán CIRCABC.

Déanfar gach comhfhreagras a mbeidh baint aige le fógra a thabhairt a chur go leictreonach.

Airteagal 19

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(8), in Airteagal 7(5) agus in Airteagal 8(5) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 1 Samhain 2017. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana sin, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(8), in Airteagal 7(5) agus in Airteagal 8(5) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(8), Airteagal 7(5) agus Airteagal 8(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 20

Maolú

1.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le Málta ná maidir leis an gCipir fad nach mbeidh aon ghás á sholáthar ar a gcríocha faoi seach. Maidir le Málta agus leis an gCipir, déanfar na hoibleagáidí a leagtar síos sna forálacha seo a leanas, agus na roghanna a mbeidh sé de cheart ag na Ballstáit sin a dhéanamh de bhun na bhforálacha sin, a chomhlíonadh agus déanfar sin laistigh den am a shonraítear arna ríomh ón dáta ar a sholáthrófar gás den chéad uair ar a gcríocha sin faoi seach:

(a)

i gcás phointe 5 d'Airteagal 2, Airteagal 3(2), Airteagal 7(5) agus phointe (a) d'Airteagal 14(6): 12 mhí;

(b)

i gcás Airteagal 6(1): 18 mí;

(c)

i gcás Airteagal 8(7): 24 mhí;

(d)

i gcás Airteagal 5(4): 36 mhí;

(e)

i gcás Airteagal 5(1): 48 mí.

D'fhonn an oibleagáid atá in Airteagal 5(1) a chomhlíonadh, féadfaidh Málta agus an Chipir na forálacha atá in Airteagal 5(2) a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as bearta nach bhfuil margadhbhunaithe atá dírithe ar an éileamh.

2.   Na hoibleagáidí a bhaineann le hobair na ngrúpaí riosca dá bhforáiltear in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 maidir le grúpaí riosca Chonair Gáis an Deiscirt agus an Mheánmhuir Thoir, beidh feidhm ag na hoibleagáidí sin amhail ón dáta a gcuirfear tús le céim thástála an mhórbhonneagair/na píblíne.

3.   Fad go mbeidh rochtain ag an tSualainn ar ghás trí idirnaisc gáis ón Danmhairg go heisiach agus gurb é sin an t-aon fhoinse gáis atá aici agus gurb é an Danmhairg an t-aon soláthróir ionchasach dlúthpháirtíochta atá aici, beidh an Danmhairg agus an tSualainn díolmhaithe ón oibleagáid atá in Airteagal 13(10) socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais a chur i gcrích chun go soláthródh an tSualainn an dlúthpháirtíocht don Danmhairg. Ní dhéanfaidh sé sin difear don oibleagáid atá ar an Danmhairg an dlúthpháirtíocht a sholáthar agus na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais is gá a thabhairt i gcrích chun na críche sin de bhun Airteagal 13.

Airteagal 21

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn IX.

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an ceathrú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón 1 Samhain 2017.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 13(1) go (6), ag an gcéad mhír agus ag an dara mír d'Airteagal 13(8), agus ag Airteagal 13(14) agus (15) ón 1 Nollaig 2018.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 25 Deireadh Fómhair 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)   IO C 487, 28.12.2016, lch. 70.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Meán Fómhair 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2017.

(3)  Treoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/54/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 55).

(4)  Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 211, 14.8.2009, lch. 1)

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha rochtana ar an ngréasán um malartuithe trasteorann sa leictreachas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 (IO L 211, 14.8.2009, lch. 15)

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 (IO L 211, 14.8.2009, lch. 36).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/67/CE ón gComhairle (IO L 295, 12.11.2010, lch. 1).

(9)  Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).

(10)  Treoir 2005/89/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair leictreachais agus infheistíocht i mbonneagar a choimirciú (IO L 33, 4.2.2006, lch. 22).

(11)  Treoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair ríthábhachtacha Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú (IO L 345, 23.12.2008, lch. 75).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 312/2014 ón gCoimisiún an 26 Márta 2014 lena mbunaítear Cód Líonra maidir le Cothromú Gáis de Líonraí Tarchuir (IO L 91, 27.3.2014, lch. 15).

(13)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L 115, 25.4.2013, lch. 39).


IARSCRÍBHINN I

An comhar réigiúnach

Is iad seo a leanas grúpaí riosca na mBallstát atá mar bhonn don chomhar a mhéid a bhaineann le rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 3(7):

1.

Grúpaí riosca maidir le soláthar gáis ón Oirthear:

(a)

An Úcráin: An Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Ghearmáin, an Ghréig, an Chróit, an Iodáil, Lucsamburg, an Ungáir, an Ostair, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic;

(b)

An Bhealarúis: An Bheilg, Poblacht na Seice, an Ghearmáin, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ísiltír, an Pholainn, an tSlóvaic;

(c)

Muir Bhailt: An Bheilg, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Fhrainc, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ostair, an tSlóvaic, an tSualainn;

(d)

Oirthuaisceart: An Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Fhionlainn;

(e)

Tras-Bhalcánach: An Bhulgáir, an Ghréig, an Rómáin.

2.

Grúpaí riosca maidir le soláthar gáis ón Mhuir Thuaidh:

(a)

An Iorua: An Bheilg, an Danmhairg, an Ghearmáin, Éire, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír, an Phortaingéil, an tSualainn, an Ríocht Aontaithe;

(b)

Gás calrach íseal: An Bheilg, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Ísiltír;

(c)

An Danmhairg: An Danmhairg, an Ghearmáin, Lucsamburg, an Ísiltír, an tSualainn;

(d)

An Ríocht Aontaithe: An Bheilg, an Ghearmáin, Éire, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ríocht Aontaithe.

3.

Grúpaí riosca maidir le soláthar gáis ón Afraic Thuaidh:

(a)

an Ailgéir: An Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, Málta, an Ostair, an Phortaingéil, an tSlóivéin;

(b)

An Libia: An Ostair, an Chróit, an Iodáil, Málta, an tSlóivéin.

4.

Grúpaí riosca maidir le soláthar gáis ón Oirdheisceart:

(a)

Conair Gháis an Deiscirt — Muir Chaisp: An Bhulgáir, an Ghréig, an Chróit, an Iodáil, an Ungáir, Málta, an Ostair, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin;

(b)

An Mheánmhuir Thoir: An Ghréig, an Iodáil, an Chipir, Málta.


IARSCRÍBHINN II

Foirmle N – 1 a ríomh

1.   Sainmhíniú ar fhoirmle N – 1

Tuairisc is ea foirmle N – 1 ar an méid is féidir le hacmhainn theicniúil an bhonneagair gáis an t-éileamh iomlán ar ghás sa limistéar arna ríomh a shásamh i gcás shuaitheadh an bhonneagair gáis is mó lá atá éileamh ard urghnách ar ghás ann a bhíonn ann uair sa 20 bliain de réir dóchúlacht staitistiúil.

Is cuid den bhonneagar gáis é an gréasán tarchurtha gáis lena n-áirítear idirnascairí, chomh maith le saoráidí táirgthe, saoráidí GNL agus saoráidí stórála atá nasctha leis an limistéar arna ríomh.

Acmhainn theicniúil na mbonneagar gáis eile uile a mbeidh fáil orthu i gcás shuaitheadh an bhonneagair gáis is mó, beidh sí comhionann, ar a laghad, le suim an éilimh laethúil iomláin ar ghás sa limistéar arna ríomh lá atá éileamh ard urghnách ar ghás ann a bhíonn ann uair sa 20 bliain de réir dóchúlacht staitistiúil.

Beidh torthaí fhoirmle N – 1, mar atá ríofa thíos, comhionann, ar a laghad, le 100 %.

2.   Modh ríofa fhoirmle N – 1

Formula
, N – 1 ≥ 100 %

Na paraiméadair a úsáidfear don ríomh, tabharfar tuairisc shoiléir orthu agus údar soiléir leo.

Chun EPm a ríomh, déanfar liosta mionsonraithe de na pointí iontrála agus dá n-acmhainn aonair a sholáthar.

3.   Sainmhínithe ar pharaiméadair fhoirmle N – 1

Ciallaíonn “limistéar arna ríomh” limistéar geografach a ríomhtar foirmle N – 1 ina leith, de réir mar a chinnfidh an t-údarás inniúil é.

Sainmhíniú maidir leis an éileamh

Ciallaíonn “Dmax ” éileamh laethúil iomlán (in mcm/d) an limistéir arna ríomh lá atá éileamh ard urghnách ar ghás ann a bhíonn ann uair sa 20 bliain de réir dóchúlacht staitistiúil.

Sainmhínithe maidir leis an soláthar

 

“EPm ”: ciallaíonn acmhainn theicniúil na bpointí iontrála (in mcm/d), cé is moite de shaoráidí táirgthe, saoráidí GNL agus saoráidí stórála atá cumhdaithe ag Pm GNLm agus Sm, suim acmhainn theicniúil gach pointe iontrála teorann a bhfuil sé d'acmhainn aige gás a sholáthar don limistéar arna ríomh.

 

“Pm ”: ciallaíonn acmhainn táirgeachta theicniúil uasta (in mcm/d) suim na n-acmhainní táirgeachta teicniúla uasta laethúla atá ag na saoráidí táirgthe gáis uile agus is féidir a sheachadadh ar na pointí iontrála sa limistéar arna ríomh.

 

“Sm ”: ciallaíonn inseachadtacht stórála theicniúil uasta (in mcm/d) suim na n-acmhainní aistarraingthe teicniúla uasta laethúla atá ag na saoráidí stórála uile agus is féidir a sheachadadh ar phointí iontrála an limistéir arna ríomh, agus na saintréithe fisiceacha atá acu á gcur san áireamh.

 

“GNLm ”: ciallaíonn acmhainn theicniúil uasta saoráidí GNL (in mcm/d) suim acmhainní astaithe teicniúla uasta laethúla na saoráidí GNL uile sa limistéar arna ríomh, agus eilimintí criticiúla á gcur san áireamh amhail dí-ualú, seirbhísí coimhdeacha, stóráil shealadach agus athghású GNL chomh maith leis an acmhainn astaithe theicniúil chuig an gcóras.

 

Ciallaíonn “Im ” acmhainn theicniúil an bhonneagair gáis is mó (in mcm/d) ag a bhfuil an acmhainn is mó gás a sholáthar don limistéar arna ríomh. Nuair atá roinnt bonneagar gáis nasctha le bonneagar gáis réamhtheachtach nó iartheachtach comhchoiteann agus nach féidir iad a oibriú ar leithligh ó chéile, measfar gur aon bhonneagar gáis amháin iad.

4.   Foirmle N – 1 a ríomh trí úsáid a bhaint as bearta atá dírithe ar an éileamh

Formula
, N – 1 ≥ 100 %

Sainmhíniú maidir leis an éileamh

Ciallaíonn “Deff ”an chuid sin (in mcm/d) de Dmax is féidir a chumhdach go leordhóthanach agus go tráthúil i gcás suaitheadh an tsoláthair gáis le bearta margadhbhunaithe atá dírithe ar an éileamh i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 9(1) agus le hAirteagal 5(2).

5.   Foirmle N – 1 a ríomh ar leibhéal réigiúnach

Déanfar an limistéar ríofa dá dtagraítear i bpointe 3 a leathnú go dtí an leibhéal réigiúnach iomchuí, i gcás inarb infheidhme é, de réir mar a chinnfidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann. Is féidir an ríomh a leathnú go dtí leibhéal réigiúnach an ghrúpa riosca freisin, má thagtar ar chomhaontú ina leith sin le húdaráis inniúla an ghrúpa riosca. Chun foirmle N – 1 a ríomh ar leibhéal réigiúnach, is é an bonneagar gáis comhleasa is mó a úsáidfear. Is é atá sa bhonneagar gáis comhleasa is mó i réigiún an bonneagar gáis is mó sa réigiún sin a chuireann go díreach nó go hindíreach leis an soláthar gáis chuig Ballstáit an réigiúin sin agus déanfar é a shainiú sa mheasúnú riosca.

Féadfar ríomh fhoirmle N – 1 ar leibhéal réigiúnach a úsáid in ionad ríomh fhoirmle N – 1 ar an leibhéal náisiúnta i gcás ina mbeidh an bonneagar gáis comhleasa is mó ríthábhachtach do gach Ballstát lena mbaineann, i gcomhréir leis an measúnú riosca comhchoiteann, agus sa chás sin amháin.

Ar leibhéal an ghrúpa riosca, i gcás na ríomhanna dá dtagraítear in Airteagal 7(4), is é an bonneagar gáis comhleasa is mó sna grúpaí riosca atá liostaithe in Iarscríbhinn I a úsáidfear.


IARSCRÍBHINN III

Buanacmhainn dhéthreoch

1.

Chun na forálacha a leagtar amach san Iarscríbhinn seo a chur i gcrích, féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta gníomhú mar údarás inniúil má chinneann an Ballstát sin.

2.

Chun acmhainn dhéthreoch a chumasú nó a fheabhsú ar idirnascaire nó chun díolúine ón oibleagáid sin a fháil nó a shíneadh, déanfaidh oibreoirí córais tarchurtha ar an dá thaobh den idirnascaire an méid seo a leanas a chur faoi bhráid a n-údarás inniúil (“na húdaráis inniúla lena mbaineann”) agus a n-údarás rialála (“na húdaráis rialála lena mbaineann”) tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na hoibreoirí córais tarchurtha uile a d'fhéadfadh go mbainfeadh sé leo:

(a)

togra lena gcumasófaí buanacmhainn fhisiceach chun gás a iompar sa dá threo le haghaidh buanacmhainn dhéthreoch i dtaca leis an gcúltreo (“acmhainn fhisiciúil sreafa cúltreo”); nó

(b)

iarraidh ar dhíolúine ón oibleagáid acmhainn dhéthreoch a chumasú.

Féachfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha le togra comhpháirteach nó iarraidh ar dhíolúine a thíolacadh. I gcás togra chun acmhainn dhéthreoch a chumasú, féadfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha togra a bhfuil bunús maith leis a dhéanamh le haghaidh leithdháileadh costas trasteorann. Déanfar an méid sin a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil an 1 Nollaig 2018 ar a dhéanaí i gcás na n-idirnasc uile atá ann an 1 Samhain 2017 agus tar éis an staidéar féidearthachta a chríochnú ach roimh thús a chur le céim an deartha theicniúil mhionsonraithe i gcás idirnascairí nua.

3.

Tar éis dóibh an togra nó an iarraidh ar dhíolúine a fháil, rachaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann i gcomhairle, gan mhoill, le húdaráis inniúla an Bhallstáit sin a d'fhéadfadh, i gcomhréir leis an measúnú riosca, tairbhe a bhaint as an acmhainn sreafa cúltreo agus, i gcás nach iad na húdaráis inniúla iad, le húdaráis rialála náisiúnta na mBallstát sin, leis an nGníomhaireacht agus leis an gCoimisiún maidir leis an togra nó an iarraidh ar dhíolúine. Féadfaidh na húdaráis a ndeachthas i gcomhairle leo tuairim a eisiúint faoi cheann 4 mhí ón iarraidh ar chomhairliúchán a fháil.

4.

Laistigh de 6 mhí tar éis dóibh an togra comhpháirteach a fháil, de bhun Airteagal 5(6) agus (7) agus tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na tionscnóirí tionscadail lena mbaineann, glacfaidh na húdaráis rialála lena mbaineann cinntí comhordaithe maidir le leithdháileadh trasteorann na gcostas infheistíochta atá le híoc ag gach oibreoir córais tarchurtha de chuid an tionscadail. I gcás nach mbeidh na húdaráis rialála náisiúnta lena mbaineann tar éis teacht ar chomhaontú laistigh den spriocdháta sin, cuirfidh siad sin iúl do na húdaráis inniúla lena mbaineann gan mhoill.

5.

Glacfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann cinneadh comhordaithe ar bhonn an mheasúnaithe riosca, na faisnéise a liostaítear in Airteagal 5(5) den Rialachán seo agus na dtuairimí a fuarthas tar éis dul i mbun comhairliúchán i gcomhréir le pointe 3 den Iarscríbhinn seo agus slándáil an tsoláthair gáis agus a mhéid a chuireann sé leis an margadh inmheánach gáis á gcur san áireamh acu. Déanfar an cinneadh comhordaithe sin laistigh de 2 mhí. Tosóidh an tréimhse 2 mhí tar éis na tréimhse 4 mhí a cheadaítear do na tuairimí dá dtagraítear faoi phointe 3 den Iarscríbhinn seo, mura rud é go bhfuarthas na tuairimí uile roimh, nó tar éis na tréimhse 6 mhí dá dtagraítear i bpointe 4 den Iarscríbhinn seo a thugtar d'údaráis rialála lena mbaineann chun cinneadh comhordaithe a ghlacadh. Leis an gcinneadh comhordaithe:

(a)

glacfar leis an togra maidir le hacmhainn dhéthreoch. Sa chinneadh sin beidh anailís costas agus sochar, amlíne le haghaidh cur chun feidhme agus na socruithe le haghaidh a úsáide ina dhiaidh sin agus beidh an cinneadh comhordaithe maidir leis an leithdháileadh costas trasteorann dá dtagraítear i bpointe 4 agus arna ullmhú ag na húdaráis rialála lena mbaineann ag gabháil leis; nó;

(b)

díolúine shealadach a thabhairt nó a shíneadh ar feadh uastréimhse 4 bliana, más rud é go léiríonn an anailís costas agus sochar a ghabhann leis an gcinneadh nach gcuirfeadh an acmhainn sreafa cúltreo le slándáil soláthair gáis aon Bhallstát ábhartha nó más rud é gur mhó go mór a bheadh na costais infheistíochta ná na sochair a d'fhéadfadh a bheith ann do shlándáil an tsoláthair gáis; nó

(c)

éileamh ar na hoibreoirí córais tarchurtha a dtogra nó a n-iarraidh ar dhíolúine a leasú agus a chur isteach arís laistigh d'uastréimhse 4 mhí.

6.

Déanfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an cinneadh comhordaithe a chur, gan mhoill, faoi bhráid na n-údarás inniúil agus na n-údarás rialála náisiúnta a thíolaic tuairim i gcomhréir le pointe 3, na n-údarás rialála náisiúnta lena mbaineann, na Gníomhaireachta agus an Choimisiúin lena n-áirítear na tuairimí a fuarthas tar éis an chomhairliúcháin i gcomhréir le pointe 3.

7.

Laistigh de 2 mhí tar éis dóibh an cinneadh comhordaithe a fháil, féadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann dá dtagraítear i bpointe 6 a n-agóidí i gcoinne an chinnidh chomhordaithe a chur in iúl agus iad a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil lena mbaineann a ghlac an cinneadh sin, agus faoi bhráid na Gníomhaireachta agus an Choimisiúin. Ní bheidh sna hagóidí ach fíricí agus measúnú, go háirithe leithdháileadh trasteorann costais nach raibh faoi réir comhairliúcháin i gcomhréir le pointe 3.

8.

Laistigh de 3 mhí tar éis dóibh an cinneadh comhordaithe a fháil i gcomhréir le pointe 6, déanfaidh an Ghníomhaireacht tuairim a thabhairt uaithi maidir le gnéithe an chinnidh chomhordaithe, ag cur san áireamh aon agóid a d'fhéadfaí a dhéanamh, agus cuirfidh sí an tuairim faoi bhráid na n-údarás inniúil uile lena mbaineann agus na n-údarás inniúil dá dtagraítear i bpointe 6 agus faoi bhráid an Choimisiúin.

9.

Laistigh de 4 mhí tar éis dóibh an tuairim a thugann an Ghníomhaireacht uaithi de bhun phointe 8 a fháil, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh ina n-iarrtar modhnuithe ar an gcinneadh comhordaithe. Aon chinneadh dá leithéid ón gCoimisiún, glacfar é ar bhonn an méid a leanas: na critéir a leagtar amach i bpointe 5, na cúiseanna leis an gcinneadh ó na húdaráis lena mbaineann agus tuairim na Gníomhaireachta. Comhlíonfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an iarraidh ón gCoimisiún trína gcinneadh a leasú laistigh de thréimhse 4 seachtaine.

I gcás nach ngníomhóidh an Coimisiún laistigh den tréimhse 4 mhí sin a luaitear thuas, measfar nach ndearna sé aon agóid i gcoinne chinneadh na n-údarás inniúil lena mbaineann.

10.

Mura raibh na húdaráis inniúla lena mbaineann in ann cinneadh comhpháirteach a ghlacadh faoin sprioc a leagtar amach i bpointe 5 nó mura raibh na húdaráis rialála náisiúnta in ann teacht ar chomhaontú maidir leis an leithdháileadh costas faoin sprioc a leagtar amach i bpointe 4, cuirfidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an Ghníomhaireacht agus an Coimisiún ar an eolas an lá a rachaidh an sprioc in éag, ar a dhéanaí. Laistigh de 4 mhí tar éis dó an fhaisnéis sin a fháil, glacfaidh an Coimisiún cinneadh, tar éis comhairliúchán a d'fhéadfadh a bheith aige leis an nGníomhaireacht, lena gcumhdófar gach gné de chinneadh comhordaithe a liostaítear i bpointe 5, cé is moite de leithdháileadh costas trasteorann agus cuirfidh sé an cinneadh sin faoi bhráid na n-údarás inniúil lena mbaineann agus faoi bhráid na Gníomhaireachta.

11.

Má cheanglaítear acmhainn dhéthreoch faoin gcinneadh ón gCoimisiún de bhun phointe 10 den Iarscríbhinn seo, glacfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh lena gcumhdaítear leithdháileadh costas trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 5(7) den Rialachán seo laistigh de 3 mhí tar éis di an cinneadh ón gCoimisiún a fháil. Sula ndéanfar cinneadh den sórt sin, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis na húdaráis rialála náisiúnta lena mbaineann agus leis na hoibreoirí córais tarchurtha. Féadfar síneadh 2 mhí eile a chur leis an tréimhse 3 mhí sin i gcás go gcaithfidh an Ghníomhaireacht tuilleadh faisnéise a iarraidh. Tosóidh an tréimhse bhreise ar an lá tar éis an fhaisnéis iomlán a fháil.

12.

Caomhnóidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht, na húdaráis inniúla, na húdaráis rialála náisiúnta agus na hoibreoirí córais tarchurtha rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de.

13.

Beidh díolúintí ón oibleagáid chun acmhainn dhéthreoch a chumasú, arna tabhairt faoi Rialachán (AE) Uimh. 994/2010, fós bailí seachas i gcás go n-iarrann an Coimisiún nó an Ballstát eile lena mbaineann athbhreithniú nó go dtéann fad ama na ndíolúintí in éag.

IARSCRÍBHINN IV

Teimpléad don mheasúnú riosca comhchoiteann

Líonfar an teimpléad a leanas i dteanga arna comhaontú laistigh den ghrúpa riosca.

Eolas ginearálta

Ballstáit sa ghrúpa riosca

Ainm na n-údarás inniúil atá freagrach as an measúnú riosca a ullmhú (1)

1.   Tuairisc ar an gcóras

Tabhair tuairisc ghairid ar chóras gáis an ghrúpa riosca, ina gcumhdaítear:

(a)

na príomhfhigiúirí tomhaltais gáis (2): tomhaltas gáis bliantúil deiridh (bcm) agus an miondealú in aghaidh an chineáil custaiméara (3), buaicéileamh (an t-iomlán agus an miondealú in aghaidh na catagóire tomhaltóra in mcm/d);

(b)

tuairisc ar fheidhmiú an chórais gáis sa ghrúpa riosca: príomhshreafaí (isteach/amach/idirthurais), acmhainn an bhonneagair ag pointí iontrála isteach sa réigiún agus ag pointí fágála amach as an réigiún i gcás gach Ballstáit, lena n-áirítear ráta úsáide, saoráidí GNL (acmhainn laethúil uasta, ráta úsáide agus córas rochtana), etc.;

(c)

miondealú, a mhéid is féidir, ar fhoinsí allmhairiúcháin gáis, in aghaidh na tíre tionscnaimh (4);

(d)

tuairisc ar ról na saoráidí stórála is ábhartha don ghrúpa riosca, lena n-áirítear rochtain trasteorann:

(i)

an acmhainn stórála (acmhainn iomlán agus acmhainn oibre) i gcomparáid leis an éileamh i séasúr an téimh;

(ii)

an acmhainn aistarraingthe uasta laethúil ar leibhéil éagsúla líonta (go hidéalach an leibhéal nuair a bhíonn sé lán agus an leibhéal ag deireadh an tséasúir);

(e)

tuairisc ar ról an táirgthe baile sa ghrúpa riosca:

(i)

méid na táirgeachta i dtaca leis an tomhaltas gáis bliantúil deiridh;

(ii)

an acmhainn táirgeachta uasta laethúil;

(f)

tuairisc ar ról an gháis i dtáirgeadh leictreachais (e.g. a thábhachtaí atá sé, a ról mar chúltaca ag na foinsí in-athnuaite), lena n-áirítear acmhainn giniúna gásadhainte (an t-iomlán (MWe) agus mar chéatadán den acmhainn giniúna iomlán) agus comhghiniúint (an t-iomlán (MWe) agus mar chéatadán den acmhainn giniúna iomlán).

2.   An caighdeán bonneagair (Airteagal 5)

Tabhair tuairisc ar ríomh na foirmle (foirmlí) N – 1 ar leibhéal réigiúnach don ghrúpa riosca, má thagtar ar chomhaontú ina leith sin le húdaráis inniúla an ghrúpa riosca, agus ar na hacmhainní déthreocha atá ann cheana, mar seo a leanas:

(a)

foirmle N – 1

(i)

an bonneagar gáis comhleasa is mó sna grúpaí riosca a shainaithint;

(ii)

foirmle N – 1 a ríomh ar leibhéal réigiúnach;

(iii)

tuairisc ar na luachanna arna n-úsáid i gcás gach eilimint d'fhoirmle N – 1, lena n-áirítear na figiúirí idirmheánacha arna n-úsáid chun í a ríomh (e.g. i gcás EPm, tabhair acmhainn na bpointí iontrála ar fad arna mbreithniú faoin bparaiméadar seo);

(iv)

má úsáideadh modheolaíochtaí agus toimhdí chun na paraiméadair i bhfoirmle N – 1 a ríomh (e.g. Dmax), sonraigh iad (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt);

(b)

acmhainn dhéthreoch

(i)

Tabhair na pointí idirnaisc a bhfuil acmhainn dhéthreoch acu agus acmhainn uasta na sreafaí déthreocha;

(ii)

Tabhair na socruithe lena rialaítear úsáid na hacmhainne sreafa cúltreo (e.g. acmhainn in-idirbhriste);

(iii)

Tabhair na pointí idirnaisc ar tugadh díolúine ina gcás i gcomhréir le hAirteagal 5(4), fad na díolúine agus an foras ar ar tugadh í.

3.   Rioscaí a shainaithint

Tabhair tuairisc ar an bpríomhriosca trasnáisiúnta ar cruthaíodh an grúpa ina leith agus ar na fachtóirí riosca a d'fhéadfadh, i roinnt mhaith cásanna, a bheith ina gcúis leis an riosca teacht as, ar an dóchúlacht a bhaineann leo, agus ar na hiarmhairtí.

Liosta, nach bhfuil uileghabhálach, de na fachtóirí riosca nach mór a chur san áireamh sa mheasúnú, i gcás inarb infheidhme de réir an údaráis inniúil ábhartha agus sa chás sin amháin:

(a)

rioscaí polaitiúla

suaitheadh an tsoláthair gáis ó thríú tíortha ar chúiseanna éagsúla,

corraíl pholaitiúil (sa tír tionscnaimh nó i dtír idirthurais),

cogadh/cogadh cathartha (sa tír tionscnaimh nó i dtír idirthurais),

sceimhlitheoireacht;

(b)

rioscaí teicneolaíocha

pléascadh/dóiteáin,

dóiteáin (laistigh de shaoráid ar leith),

sceitheadh,

easpa cothabhála cuí,

mífheidhmiú trealaimh (cliseadh trealaimh tosú, cliseadh trealaimh le linn oibriú, etc.),

easpa leictreachais (nó foinse fuinnimh eile),

cliseadh na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (cliseadh na mbogearraí nó na gcrua-earraí, fadhbanna leis an idirlíon, fadhbanna le córais um maoirseacht agus fáil sonraí (SCADA) etc.),

cibear-ionsaí,

tionchar ó oibreacha tochailte (tochailt, píleáil), oibreacha talún, etc.;

(c)

rioscaí tráchtála/margaidh/airgeadais

comhaontuithe le soláthróirí tríú tír,

díospóid tráchtála,

ceannas ag eintitis tríú tír ar bhonneagar is ábhartha le haghaidh shlándáil an tsoláthair gáis, cor as a bhféadfadh sé go dtiocfadh, i measc rudaí eile, rioscaí tearcinfheistíochta, lagú na héagsúlachta nó neamh-chomhlíonadh dhlí an Aontais,

luaineacht praghsanna,

tearcinfheistíocht,

buaicéileamh tobann gan choinne,

rioscaí eile a bhféadfadh tearcfheidhmíocht struchtúrach a bheith mar thoradh orthu;

(d)

rioscaí sóisialta

stailceanna (in earnálacha eile gaolmhara, amhail earnáil an gháis, calafoirt, iompar, etc.),

sabaitéireacht,

loitiméireacht,

gadaíocht;

(e)

rioscaí nádúrtha

creathanna talún,

sciorrthaí talún,

tuilte (báisteach throm, tuilte abhann),

stoirmeacha (farraige),

maidhmeanna sléibhe,

dálaí adhaimsire,

dóiteáin (lasmuigh den tsaoráid, e.g. i bhforaoisí, féaraigh mórthimpeall, etc.).

Anailís

(a)

tabhair tuairisc ar an bpríomhriosca trasnáisiúnta nó ar aon fhachtóir riosca ábhartha eile don ghrúpa riosca, lena n-áirítear an dóchúlacht a bhaineann leo agus an tionchar a d'fhéadfadh a bheith acu mar aon le hidirghníomhú agus comhghaolú rioscaí i measc na mBallstát, de réir mar is iomchuí;

(b)

tabhair tuairisc ar na critéir a úsáidtear chun a chinneadh an bhfuil córas neamhchosanta ar rioscaí arda/neamh-inghlactha;

(c)

leag síos liosta de chásanna eiseamláireacha riosca ábhartha i gcomhréir le foinsí na rioscaí agus tabhair tuairisc ar an gcaoi ar roghnaíodh iad;

(d)

luaigh a mhéid a breithníodh na cásanna eiseamláireacha a d'ullmhaigh ENTSOG.

4.   Anailís riosca agus measúnú ar riosca

Déan anailís ar an tacar cásanna eiseamláireacha riosca ábhartha a sainaithníodh faoi phointe 3. Cuir san áireamh in ionsamhlúchán na rioscaí féideartha na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair i dtaca le slándáil an tsoláthair gáis, amhail an caighdeán bonneagair arna ríomh trí úsáid a bhaint as foirmle N – 1 mar a leagtar amach i bpointe 2 d'Iarscríbhinn II, más iomchuí agus an caighdeán soláthair gáis. I gcás gach cás eiseamláireach riosca ar leith:

(a)

Tabhair tuairisc mhionsonraithe ar an cás eiseamláireach riosca, lena n-áirítear na toimhdí uile agus, más infheidhme, na modheolaíochtaí is bunús lena ríomh;

(b)

Tabhair tuairisc mhionsonraithe ar thorthaí na n-ionsamhlúchán arna ndéanamh, lena n-áirítear cainníochtú ar an tionchar (e.g. na toirteanna gáis nár seachadadh, an tionchar socheacnamaíoch, tionchar ar théamh ceantair, tionchar ar ghiniúint leictreachais).

5.   Conclúidí

Tabhair tuairisc ar phríomhthorthaí an mheasúnaithe riosca chomhchoitinn, áirítear leis sin na cásanna eiseamláireacha riosca féideartha ar gá tuilleadh a dhéanamh ina leith a lua.


(1)  I gcás inar tharmlig aon údarás inniúil an tasc seo, tabhair ainm an chomhlachta/na gcomhlachtaí atá freagrach as an measúnú riosca seo thar ceann an údaráis sin.

(2)  I gcás an chéad mheasúnaithe, tabhair sonraí ón 2 bhliain dheireanacha. I gcás nuashonruithe, tabhair sonraí ón 4 bliana deireanacha.

(3)  Áirítear leis seo custaimeirí tionsclaíocha, giniúint leictreachais, téamh ceantair, custaiméirí baile agus seirbhísí agus eile (sonraigh le do thoil an cineál custaiméara sa chás seo). Sonraigh freisin an méid a thomhlaíonn na custaiméirí atá faoi chosaint.

(4)  Tabhair tuairisc ar an modheolaíocht arna cur i bhfeidhm.


IARSCRÍBHINN V

Teimpléad don mheasúnú riosca náisiúnta

Eolas ginearálta

Ainm an údaráis inniúil atá freagrach as an measúnú riosca seo a ullmhú (1).

1.   Tuairisc ar an gcóras

1.1.   Cuir tuairisc chomhdhlúite ghairid ar fáil ar an gcóras gáis réigiúnach do gach grúpa riosca (2) ina bhfuil an Ballstát rannpháirteach, lena gcumhdaítear an méid a leanas:

(a)

na príomhfhigiúirí tomhaltais gáis (3): tomhaltas gáis bliantúil deiridh (bcm) agus an miondealú in aghaidh an chineáil custaiméara (4), buaicéileamh (an t-iomlán agus an miondealú in aghaidh na catagóire tomhaltóra mcm/d);

(b)

tuairisc ar fheidhmiú an chórais gáis nó na gcóras gáis sna grúpaí riosca ábhartha: príomhshreafaí (isteach/amach/idirthurais), acmhainn an bhonneagair ag pointí iontrála isteach i réigiún nó réigiúin na ngrúpaí riosca agus ag pointí fágála amach as réigiún nó réigiúin na ngrúpaí riosca agus i gcás gach Ballstáit, lena n-áirítear ráta úsáide, saoráidí GNL (acmhainn laethúil uasta, ráta úsáide agus córas rochtana), etc.;

(c)

miondealú, a mhéid is féidir, ar an gcéatadán d'fhoinsí allmhairiúcháin gáis, in aghaidh na tíre tionscnaimh (5);

(d)

tuairisc ar ról na saoráidí stórála is ábhartha don ghrúpa riosca, lena n-áirítear rochtain trasteorann:

(i)

an acmhainn stórála (acmhainn iomlán agus acmhainn oibre) i gcomparáid leis an éileamh i séasúr an téimh;

(ii)

an acmhainn aistarraingthe uasta laethúil ar leibhéil éagsúla líonta (go hidéalach na leibhéil nuair a bhíonn sé lán agus éilimh ag deireadh an tséasúir);

(e)

tuairisc ar ról an táirgthe baile sa ghrúpa nó sna grúpaí riosca:

(i)

méid na táirgeachta i dtaca leis an tomhaltas gáis bliantúil deiridh;

(ii)

an acmhainn táirgeachta uasta laethúil agus tuairisc ar an gcaoi ar féidir léi an tomhaltas laethúil uasta a chumhdach;

(f)

tuairisc ar ról an gháis i dtáirgeadh leictreachais (e.g. a thábhachtaí atá sé, a ról mar chúltaca ag na foinsí in-athnuaite), lena n-áirítear acmhainn giniúna gásadhainte (an t-iomlán (MWe) agus mar chéatadán den acmhainn giniúna iomlán) agus comhghiniúint (an t-iomlán (MWe) agus mar chéatadán den acmhainn giniúna iomlán).

1.2.   Tabhair tuairisc ghairid ar chóras gáis an Bhallstáit, ina gcumhdaítear:

(a)

na príomhfhigiúirí tomhaltais gáis: tomhaltas gáis bliantúil deiridh (bcm) agus an miondealú in aghaidh an chineáil custaiméara, buaicéileamh (mcm/d);

(b)

tuairisc ar fheidhmiú an chórais gás ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear bonneagair (sa mhéid is nach bhfuil seo cumhdaithe faoi phointe 1.1.(b)). Más infheidhme, trácht ar an gcóras L-gás freisin;

(c)

an bonneagar is tábhachtaí ó thaobh shlándáil an tsoláthair gáis de a shainaithint;

(d)

miondealú, a mhéid is féidir, ar fhoinsí allmhairiúcháin gáis ar an leibhéal náisiúnta, in aghaidh na tíre tionscnaimh;

(e)

tuairisc ar ról na stórála agus cuir an méid seo a leanas san áireamh:

(i)

an acmhainn stórála (acmhainn iomlán agus acmhainn oibre) i gcomparáid leis an éileamh i séasúr an téimh;

(ii)

an acmhainn aistarraingthe uasta laethúil ar leibhéil éagsúla líonta (go hidéalach an leibhéal nuair a bhíonn sé lán agus an leibhéal ag deireadh an tséasúir);

(f)

tuairisc ar ról an táirgthe baile agus tabhair freisin:

(i)

méid na táirgeachta i dtaca leis an tomhaltas gáis bliantúil deiridh;

(ii)

an acmhainn táirgeachta uasta laethúil;

(g)

tuairisc ar ról an gháis i dtáirgeadh leictreachais (e.g. a thábhachtaí atá sé, a ról mar chúltaca ag na foinsí in-athnuaite), lena n-áirítear acmhainn giniúna gásadhainte (an t-iomlán (MWe) agus mar chéatadán den acmhainn giniúna iomlán) agus comhghiniúint (an t-iomlán (MWe) agus mar chéatadán den acmhainn giniúna iomlán).

2.   An caighdeán bonneagair (Airteagal 5)

Tabhair tuairisc ar an gcaoi a gcomhlíontar an caighdeán bonneagair, lena n-áirítear na príomhluachanna a úsáidtear d'fhoirmle N – 1 agus roghanna malartacha chun é a chomhlíonadh (i gcomhar le Ballstáit a bhfuil nasc díreach acu, trí bhíthin bearta atá dírithe ar an éileamh) agus na hacmhainní déthreocha atá ann cheana, mar seo a leanas:

(a)

foirmle N – 1

(i)

an bonneagar gáis is mó a shainaithint;

(ii)

foirmle N – 1 a ríomh ar an leibhéal náisiúnta;

(iii)

tuairisc ar na luachanna arna n-úsáid i gcás gach eilimint d'fhoirmle N – 1, lena n-áirítear luachanna idirmheánacha arna n-úsáid chun iad a ríomh (e.g. i gcás EPm, tabhair acmhainn na bpointí iontrála ar fad arna breithniú faoin bparaiméadar seo);

(iv)

má úsáideadh modheolaíochtaí agus chun na paraiméadair bhhoirmle N – 1 a ríomh (e.g. Dmax), sonraigh iad (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt);

(v)

míniú ar thorthaí ríomh fhoirmle N – 1 i bhfianaise na leibhéal stórála ag 30 % agus 100 % den uastoirt oibre;

(vi)

míniú ar phríomhthorthaí ionsamhlúchán chás fhéideartha fhoirmle N – 1 trí shamhail hiodrálach a úsáid;

(vii)

má chinneann an Ballstát amhlaidh, déan foirmle N – 1 a ríomh trí úsáid a bhaint as bearta atá dírithe ar an éileamh:

foirmle N – 1 a ríomh i gcomhréir le pointe 2 d'Iarscríbhinn II;

tuairisc ar na luachanna arna n-úsáid i gcás gach eilimint d'fhoirmle N – 1, lena n-áirítear na figiúirí idirmheánacha arna n-úsáid chun iad a ríomh (má tá siad éagsúil leis na figiúirí a bhfuil tuairisc orthu faoi phointe 2(a)(iii) thuas);

má úsáideadh modheolaíochtaí chun na paraiméadair i bhfoirmle N – 1 a ríomh (e.g. Dmax), sonraigh iad (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt);

mínigh na bearta margadhbhunaithe atá dírithe ar an éileamh a glacadh/atá le glacadh chun suaitheadh an tsoláthair gáis agus an tionchar a mheastar a bheidh aige (Deff) a chúiteamh;

(viii)

ríomh comhpháirteach nó ríomhanna comhpháirteacha fhoirmle N – 1, má thagtar ar chomhaontú ina leith sin le húdaráis inniúla an ghrúpa riosca nó na ngrúpaí riosca ábhartha nó le Ballstáit a bhfuil nasc díreach acu:

foirmle N – 1 a ríomh i gcomhréir le pointe 5 d'Iarscríbhinn II;

tuairisc ar na luachanna arna n-úsáid i gcás gach eilimint d'fhoirmle N – 1, lena n-áirítear luachanna idirmheánacha arna n-úsáid chun í a ríomh (má tá siad éagsúil leis na figiúirí a bhfuil tuairisc orthu faoi phointe 2(a)(iii);

má úsáideadh modheolaíochtaí agus toimhdí chun na paraiméadair i bhfoirmle N – 1 a ríomh (e.g. Dmax), sonraigh iad (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt);

mínigh na socruithe arna gcomhaontú chun comhlíonadh oibleagáid N – 1 a áirithiú;

(b)

acmhainn dhéthreoch:

(i)

tabhair na pointí idirnaisc a bhfuil acmhainn dhéthreoch acu agus acmhainn uasta na sreafaí déthreocha;

(ii)

tabhair na socruithe lena rialaítear úsáid na hacmhainne sreafa cúltreo (e.g. acmhainn in-idirbhriste);

(iii)

tabhair na pointí idirnaisc ar tugadh díolúine ina gcás i gcomhréir le hAirteagal 5(4), fad na díolúine agus an foras ar ar tugadh í.

3.   Rioscaí a shainaithint

Tabhair tuairisc ar na fachtóirí riosca a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar shlándáil an tsoláthair gáis sa Bhallstát, ar an dóchúlacht a bhaineann leo, agus ar na hiarmhairtí.

Liosta, nach bhfuil uileghabhálach, de na cineálacha fachtóirí riosca is gá a chur san áireamh sa mheasúnú, i gcás inarb infheidhme agus sa chás sin amháin de réir an údaráis inniúil:

(a)

rioscaí polaitiúla

suaitheadh an tsoláthair gáis ó thríú tíortha ar chúiseanna éagsúla,

corraíl pholaitiúil (sa tír tionscnaimh nó i dtír idirthurais),

cogadh/cogadh cathartha (sa tír tionscnaimh nó i dtír idirthurais),

sceimhlitheoireacht;

(b)

rioscaí teicneolaíocha

pléascadh/dóiteáin,

dóiteáin (laistigh de shaoráid ar leith),

sceitheadh,

easpa cothabhála cuí,

mífheidhmiú trealaimh (cliseadh trealaimh tosú, cliseadh trealaimh le linn oibriú, etc.),

easpa leictreachais (nó foinse fuinnimh eile),

cliseadh na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (cliseadh na mbogearraí nó na gcrua-earraí, fadhbanna leis an idirlíon, fadhbanna le córais um maoirseacht agus fáil sonraí (SCADA) etc.),

cibear-ionsaí,

tionchar ó oibreacha tochailte (tochailt, píleáil), oibreacha talún, etc.;

(c)

rioscaí tráchtála/margaidh/airgeadais

comhaontuithe le soláthróirí tríú tír,

díospóid tráchtála,

ceannas ag eintitis tríú tír ar bhonneagar is ábhartha le haghaidh shlándáil an tsoláthair, cor as a bhféadfadh sé go dtiocfadh, i measc rudaí eile, rioscaí tearcinfheistíochta, lagú na héagsúlachta nó neamh-chomhlíonadh dhlí an Aontais,

luaineacht praghsanna,

tearcinfheistíocht,

buaicéileamh tobann gan choinne,

rioscaí eile a bhféadfadh tearcfheidhmíocht struchtúrach a bheith mar thoradh orthu;

(d)

rioscaí sóisialta

stailceanna (in earnálacha eile gaolmhara, amhail earnáil an gháis, calafoirt, iompar, etc.),

sabaitéireacht,

loitiméireacht,

gadaíocht;

(e)

rioscaí nádúrtha

creathanna talún,

sciorrthaí talún,

tuilte (báisteach throm, tuilte abhann),

stoirmeacha (farraige),

maidhmeanna sléibhe,

dálaí adhaimsire,

dóiteáin (lasmuigh den tsaoráid, e.g. i bhforaoisí, féaraigh mórthimpeall, etc.).

Anailís:

(a)

sainaithin na fachtóirí riosca ábhartha i gcás an Bhallstáit, lena n-áirítear an dóchúlacht a bhaineann leo agus an tionchar a d'fhéadfadh a bheith acu;

(b)

tabhair tuairisc ar na critéir a úsáidtear chun a chinneadh an bhfuil córas neamhchosanta ar rioscaí arda/neamh-inghlactha;

(c)

leag síos liosta de rioscaí féideartha ábhartha i gcomhréir leis na fachtóirí riosca agus an dóchúlacht a bhaineann leo agus tabhair tuairisc ar an gcaoi ar roghnaíodh iad.

4.   Anailís riosca agus measúnú ar riosca:

Déan anailís ar an tacar cás eiseamláireach rioscaí féideartha ábhartha a tugadh faoi phointe 3. Cuir san áireamh in ionsamhlúchán na cásanna eiseamláireacha riosca féideartha na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair i dtaca le slándáil an tsoláthair gáis, amhail an caighdeán bonneagair arna ríomh trí úsáid a bhaint as foirmle N – 1 mar a leagtar amach i bpointe 2 d'Iarscríbhinn II, agus an caighdeán soláthair gáis. In aghaidh an cháis eiseamláirigh gach riosca féideartha ar leith:

(a)

tabhair tuairisc mhionsonraithe ar an gcás eiseamláireach riosca, lena n-áirítear na toimhdí uile agus, más infheidhme, na modheolaíochtaí is bunús lena ríomh;

(b)

tabhair tuairisc mhionsonraithe ar thorthaí na n-ionsamhlúchán arna ndéanamh, lena n-áirítear cainníochtú ar an tionchar (e.g. na toirteanna gáis nár seachadadh, an tionchar socheacnamaíoch, tionchar ar théamh ceantair, tionchar ar ghiniúint leictreachais).

5.   Conclúidí

Tabhair tuairisc ar phríomhthorthaí an mheasúnaithe riosca chomhchoitinn ina raibh na Ballstáit páirteach, áirítear leis sin na cásanna eiseamláireacha riosca ar gá tuilleadh a dhéanamh ina leith a lua.


(1)  I gcás inar tharmlig an t-údarás inniúil an tasc seo, tabhair ainm an chomhlachta/na gcomhlachtaí atá freagrach as an measúnú riosca seo a ullmhú thar ceann an údaráis sin.

(2)  Ar mhaithe le simplíocht, cuir an fhaisnéis i láthair ar an leibhéal is airde de na grúpaí riosca más féidir agus déan na mionsonraí a chumasc de réir mar is gá.

(3)  I gcás an chéad mheasúnaithe, tabhair sonraí ón 2 bhliain dheireanacha. I gcás nuashonruithe, tabhair sonraí ón 4 bliana deireanacha.

(4)  Áirítear leis seo custaiméirí tionsclaíocha, giniúint leictreachais, téamh ceantair, custaiméirí baile agus seirbhísí agus eile (sonraigh an cineál custaiméara sa chás seo). Sonraigh freisin an méid a thomhlaíonn na custaiméirí atá faoi chosaint.

(5)  Tabhair tuairisc ar an modheolaíocht arna cur i bhfeidhm.


IARSCRÍBHINN VI

Teimpléad don phlean um ghníomhaíocht choisctheach

Eolas ginearálta

Ballstáit sa ghrúpa riosca

Ainmneacha an údaráis inniúil atá freagrach as an bplean a ullmhú (1)

1.   Tuairisc ar an gcóras

1.1.   Cuir tuairisc chomhdhlúite ghairid ar fáil ar na córais gáis réigiúnacha do gach grúpa (2) ina bhfuil an Ballstát rannpháirteach, lena gcumhdaítear an méid a leanas:

(a)

na príomhfhigiúirí tomhaltais gáis (3): tomhaltas gáis bliantúil deiridh (bcm) agus an miondealú in aghaidh an chineáil custaiméara (4), buaicéileamh (an t-iomlán agus an miondealú in aghaidh na catagóire tomhaltóra in mcm/d);

(b)

tuairisc ar fheidhmiú an chórais gáis sna grúpaí riosca ábhartha: príomhshreafaí (isteach/amach/idirthurais), acmhainn an bhonneagair ag pointí iontrála isteach i réigiún nó réigiúin an ghrúpa riosca agus ag pointí fágála amach as réigiún nó réigiúin an ghrúpa riosca agus i gcás gach Ballstáit, lena n-áirítear ráta úsáide, saoráidí GNL (acmhainn laethúil uasta, ráta úsáide agus córas rochtana), etc.;

(c)

miondealú, a mhéid is féidir, ar fhoinsí allmhairiúcháin gáis, in aghaidh na tíre tionscnaimh (5);

(d)

tuairisc ar ról na saoráidí stórála is ábhartha don réigiún, lena n-áirítear rochtain trasteorann:

(i)

an acmhainn stórála (acmhainn iomlán agus acmhainn oibre) i gcomparáid leis an éileamh i séasúr an téimh;

(ii)

an acmhainn aistarraingthe uasta laethúil ar leibhéil éagsúla líonta (go hidéalach an leibhéal nuair a bhíonn sé lán agus an leibhéal ag deireadh an tséasúir);

(e)

tuairisc ar ról an táirgthe baile sa réigiún:

(i)

méid na táirgeachta i dtaca leis an tomhaltas gáis bliantúil deiridh;

(ii)

an acmhainn táirgeachta uasta laethúil;

(f)

tuairisc ar ról an gháis i dtáirgeadh leictreachais (e.g. a thábhachtaí atá sé, a ról mar chúltaca ag na foinsí in-athnuaite), lena n-áirítear acmhainn giniúna gásadhainte (an t-iomlán (MWe) agus mar chéatadán den acmhainn giniúna iomlán) agus comhghiniúint (an t-iomlán (MWe) agus mar chéatadán den acmhainn giniúna iomlán);

(g)

tuairisc ar ról na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh agus a n-éifeacht ar an tomhaltas gáis bliantúil deiridh.

1.2.   Tabhair tuairisc ghairid ar an gcóras gáis i ngach Ballstáit, ina gcumhdaítear:

(a)

na príomhfhigiúirí tomhaltais gáis: tomhaltas gáis bliantúil deiridh (bcm) agus an miondealú in aghaidh an chineáil custaiméara, buaicéileamh (mcm/d);

(b)

tuairisc ar fheidhmiú an chórais gás ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear bonneagair (sa mhéid is nach bhfuil seo cumhdaithe faoi phointe 1.1.(b));

(c)

an bonneagar is tábhachtaí ó thaobh shlándáil an tsoláthair de a shainaithint;

(d)

miondealú, a mhéid is féidir, ar fhoinsí allmhairiúcháin gáis ar an leibhéal náisiúnta, in aghaidh na tíre tionscnaimh;

(e)

tuairisc ar ról na stórála sa Bhallstát agus cuir san áireamh:

(i)

an acmhainn stórála (acmhainn iomlán agus acmhainn oibre) i gcomparáid leis an éileamh i séasúr an téimh;

(ii)

an acmhainn aistarraingthe uasta laethúil ar leibhéil éagsúla líonta (go hidéalach an leibhéal nuair a bhíonn sé lán agus an leibhéal ag deireadh an tséasúir);

(f)

tuairisc ar ról an táirgthe baile agus tabhair freisin:

(i)

méid na táirgeachta i dtaca leis an tomhaltas gáis bliantúil deiridh;

(ii)

an acmhainn táirgeachta uasta laethúil;

(g)

tuairisc ar ról an gháis i dtáirgeadh leictreachais (e.g. a thábhachtaí atá sé, a ról mar chúltaca ag na foinsí in-athnuaite), lena n-áirítear acmhainn giniúna gásadhainte (an t-iomlán (MWe) agus mar chéatadán den acmhainn giniúna iomlán) agus comhghiniúint (an t-iomlán (MWe) agus mar chéatadán den acmhainn giniúna iomlán);

(h)

tuairisc ar ról na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh agus a n-éifeacht ar an tomhaltas gáis bliantúil deiridh.

2.   Achoimre ar an measúnú tionchair

Tabhair tuairisc ghairid ar thorthaí an mheasúnaithe riosca chomhchoitinn agus náisiúnta is ábhartha a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 7, agus an méid a leanas san áireamh:

(a)

liosta de na cásanna eiseamláireacha a ndearnadh measúnú orthu agus tuairisc ghairid ar na toimhdí a úsáideadh maidir le gach ceann acu mar aon leis na rioscaí/na heasnaimh a sainaithníodh;

(b)

príomhchonclúidí an mheasúnaithe riosca.

3.   An caighdeán bonneagair (Airteagal 5)

Tabhair tuairisc ar an gcaoi a gcomhlíontar an caighdeán bonneagair, lena n-áirítear na príomhluachanna a úsáidtear d'fhoirmle N – 1 agus roghanna malartacha chun é a chomhlíonadh (i gcomhar le Ballstáit chomharsanachta, trí bhíthin bearta atá dírithe ar an éileamh) agus na hacmhainní déthreocha atá ann cheana, mar seo a leanas:

3.1.   Foirmle N – 1

(i)

an bonneagar gáis comhleasa is mó sa réigiún a shainaithint;

(ii)

foirmle N – 1 a ríomh ar leibhéal réigiúnach;

(iii)

tuairisc ar na luachanna arna n-úsáid i gcás gach eilimint d'fhoirmle N – 1, lena n-áirítear na figiúirí idirmheánacha arna n-úsáid chun í a ríomh (e.g. i gcás Epm, tabhair acmhainn na bpointí iontrála ar fad arna breithniú faoin bparaiméadar seo);

(iv)

má úsáideadh modheolaíochtaí agus toimhdí chun na paraiméadair i bhfoirmle N – 1 a ríomh (e.g. Dmax), sonraigh iad (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt).

3.2.   Leibhéal náisiúnta

(a)

foirmle N – 1

(i)

an bonneagar gáis is mó a shainaithint;

(ii)

foirmle N – 1 a ríomh ar an leibhéal náisiúnta;

(iii)

tuairisc ar na luachanna arna n-úsáid i gcás gach eilimint d'fhoirmle N – 1, lena n-áirítear luachanna idirmheánacha arna n-úsáid chun iad a ríomh (e.g. i gcás EPm, tabhair acmhainn na bpointí iontrála ar fad arna breithniú faoin bparaiméadar seo);

(iv)

na modheolaíochtaí úsáideadh, mas ann dóibh, chun na paraiméadair i bhfoirmle N – 1 a ríomh (e.g. Dmax), sonraigh iad (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt);

(v)

má chinneann an Ballstát amhlaidh, déan foirmle N – 1 a ríomh trí úsáid a bhaint as bearta atá dírithe ar an éileamh:

foirmle N – 1 a ríomh de réir phointe 2 d'Iarscríbhinn II;

tuairisc ar na luachanna arna n-úsáid i gcás gach eilimint d'fhoirmle N – 1, lena n-áirítear na figiúirí idirmheánacha arna n-úsáid chun í a ríomh (má tá siad éagsúil leis na figiúirí a bhfuil tuairisc orthu faoi phointe 3(a)(iii) den Iarscríbhinn seo);

má úsáideadh modheolaíochtaí chun na paraiméadair d'fhoirmle N – 1 a ríomh (e.g. Dmax), sonraigh iad (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt);

mínigh na bearta margadhbhunaithe atá dírithe ar an éileamh a glacadh/atá le glacadh chun suaitheadh an tsoláthair gáis agus an tionchar a mheastar a bheidh aige (Deff) a chúiteamh;

(vi)

ríomh comhpháirteach nó ríomhanna comhpháirteacha chaighdeán N – 1, má thagtar ar chomhaontú ina leith sin le húdaráis inniúla an ghrúpa riosca nó na ngrúpaí riosca ábhartha nó leis na Ballstáit a bhfuil nasc díreach acu:

foirmle N – 1 a ríomh de réir phointe 5 d'Iarscríbhinn II;

tuairisc ar na luachanna arna n-úsáid i gcás gach eilimint d'fhoirmle N – 1, lena n-áirítear luachanna idirmheánacha arna n-úsáid chun í a ríomh (má tá siad éagsúil leis na figiúirí a bhfuil tuairisc orthu faoi phointe 3(a)(iii) den Iarscríbhinn seo);

má úsáideadh modheolaíochtaí agus toimhdí chun na paraiméadair i bhfoirmle N – 1 a ríomh (e.g. Dmax), sonraigh iad (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt);

mínigh na socruithe arna gcomhaontú chun comhlíonadh oibleagáid N – 1 a áirithiú;

(b)

acmhainn dhéthreoch

(i)

tabhair na pointí idirnaisc a bhfuil acmhainn dhéthreoch acu agus acmhainn uasta na sreafaí déthreocha;

(ii)

tabhair na socruithe lena rialaítear úsáid na hacmhainne sreafa cúltreo (e.g. acmhainn in-idirbhriste);

(iii)

tabhair na pointí idirnaisc ar tugadh díolúine ina gcás i gcomhréir le hAirteagal 5(4), fad na díolúine agus an foras ar ar tugadh í.

4.   Comhlíonadh an chaighdeáin soláthair (Airteagal 6)

Tabhair tuairisc ar na bearta a glacadh chun an caighdeán soláthair a chomhlíonadh chomh maith le haon chaighdeán soláthair méadaithe nó oibleagáid bhreise, arna bhforchur ar mhaithe le slándáil an tsoláthair gáis:

(a)

an sainmhíniú ar chustaiméirí atá faoi chosaint a úsáideadh, lena n-áirítear na catagóirí custaiméirí atá cumhdaithe agus a dtomhaltas gáis bliantúil (in aghaidh na catagóire, an glanluach agus céatadán an tomhaltais gáis bhliantúil deiridh náisiúnta);

(b)

na toirteanna gáis is gá chun an caighdeán soláthair a chomhlíonadh i gcomhréir leis na cásanna eiseamláireacha a bhfuil tuairisc orthu sa chéad fhomhír d'Airteagal 6(1);

(c)

an acmhainn is gá chun an caighdeán soláthair a chomhlíonadh i gcomhréir leis na cásanna eiseamláireacha a bhfuil tuairisc orthu sa chéad fhomhír d'Airteagal 6(1);

(d)

an beart nó na bearta atá i bhfeidhm chun an caighdeán soláthair a chomhlíonadh:

(i)

tuairisc ar an mbeart nó ar na bearta;

(ii)

na daoine a bhfuil na bearta dírithe orthu;

(iii)

tabhair tuairisc ar aon chóras faireacháin ex ante, más ann dó, i gcomhar faireachán ar chomhlíonadh an chaighdeáin soláthair;

(iv)

córas smachtbhannaí, más infheidhme;

(v)

tabhair tuairisc, i gcás gach birt, ar an méid seo a leanas:

tionchar eacnamaíoch, éifeachtúlacht agus éifeachtacht an bhirt;

tionchar an bhirt ar an gcomhshaol;

tionchar an bhirt ar an tomhaltóir;

(vi)

i gcás ina gcuirtear bearta nach bhfuil margadhbhunaithe i bhfeidhm (i gcás gach birt):

tabhair údar leis an mbeart (i.e., an fáth nach féidir slándáil an tsoláthair a áirithiú trí bhearta margadhbhunaithe amháin);

léirigh go bhfuil an beart comhréireach (i.e., an fáth gurb é an beart seo nach bhfuil margadhbhunaithe an bealach chun an éifeacht atá beartaithe a bhaint amach lena laghad srianta is féidir);

tabhair anailís ar thionchar an bhirt sin ar an méid seo a leanas:

(1)

slándáil soláthair Ballstát eile;

(2)

an margadh náisiúnta;

(3)

an margadh inmheánach;

(vii)

i gcás beart a tugadh isteach an 1 Samhain 2017 nó ina dhiaidh sin, tabhair achoimre ghearr ar an measúnú tionchair nó nasc chuig an measúnú tionchair poiblí i gcomhair an bhirt/na mbeart arna dhéanamh/arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 9(4);

(e)

más infheidhme, tabhair tuairisc ar aon chaighdeán soláthair méadaithe nó ar aon oibleagáid bhreise arna bhforchur ar mhaithe le slándáil an tsoláthair gáis:

(i)

tuairisc ar an mbeart nó ar na bearta;

(ii)

sásra chun é a laghdú go dtí na gnáthluachanna de mheon na dlúthpháirtíochta agus i gcomhréir le hAirteagal 13;

(iii)

más infheidhme, tabhair tuairisc ar aon chaighdeán soláthair méadaithe nua nó ar aon oibleagáid bhreise arna bhforchur ar mhaithe le slándáil an tsoláthair gáis arna nglacadh an 1 Samhain 2017 nó ina dhiaidh;

(iv)

na daoine a bhfuil na bearta dírithe orthu;

(v)

toirteanna agus acmhainní gáis lena mbaineann;

(vi)

léirigh an chaoi a gcomhlíonann an beart sin na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 6(2).

5.   Bearta coisctheacha

Tabhair tuairisc ar na bearta coisctheacha atá i bhfeidhm nó le glacadh:

(a)

Tabhair tuairisc ar gach ceann de na bearta coisctheacha a glacadh i gcás gach riosca a sonraíodh i gcomhréir leis an measúnú riosca, lena n-áirítear tuairisc ar an méid seo a leanas:

(i)

an ghné náisiúnta nó réigiúnach;

(ii)

an tionchar eacnamaíoch, éifeachtúlacht agus éifeachtacht;

(iii)

an tionchar ar chustaiméirí.

Más iomchuí, tabhair freisin:

bearta chun idirnaisc idir Ballstáit chomharsanachta a fheabhsú;

bearta chun bealaí gáis agus foinsí soláthair a éagsúlú;

bearta chun an príomhbhonneagar is ábhartha le haghaidh shlándáil an tsoláthair a chosaint i ndáil le ceannas ag eintitis tríú tír (lena n-áirítear, más ábhartha, dlíthe um scagadh infheistíochta atá ginearálta nó earnáil-sonrach, cearta speisialta do scairshealbhóirí áirithe, etc.);

(b)

Tabhair tuairisc ar bhearta eile a glacadh ar chúiseanna eile seachas an measúnú riosca, ach a bhfuil tionchar dearfach acu ar shlándáil an tsoláthair do Bhallstát an ghrúpa riosca nó na ngrúpaí riosca ábhartha.

(c)

I gcás ina gcuirtear bearta nach bhfuil margadhbhunaithe i bhfeidhm (i gcás gach birt):

(i)

tabhair údar leis an mbeart (i.e. an fáth nach féidir slándáil an tsoláthair a áirithiú trí bhearta margadhbhunaithe amháin);

(ii)

léirigh go bhfuil an beart comhréireach (i.e. an fáth gurb é an beart seo nach bhfuil margadhbhunaithe an bealach chun an éifeacht atá beartaithe a bhaint amach lena laghad srianta is féidir);

(iii)

tabhair anailís ar thionchar an bhirt sin ar an méid seo a leanas:

tabhair údar leis an mbeart (i.e. an fáth nach féidir slándáil an tsoláthair a áirithiú trí bhearta margadhbhunaithe amháin);

léirigh go bhfuil an beart comhréireach (i.e. an fáth gurb é an beart seo nach bhfuil margadhbhunaithe an bealach chun an éifeacht atá beartaithe a bhaint amach lena laghad srianta is féidir);

tabhair anailís ar thionchar an bhirt sin ar an méid seo a leanas:

(1)

slándáil soláthair Ballstát eile;

(2)

an margadh náisiúnta;

(3)

an margadh inmheánach;

(4)

mínigh a mhéid a measadh gur mhéadaigh bearta éifeachtúlachta, lena n-áirítear bearta a bhí dírithe ar an éileamh, slándáil an tsoláthair;

(5)

mínigh a mhéid a measadh gur mhéadaigh foinsí in-athnuaite fuinnimh slándáil an tsoláthair;

6.   Bearta agus oibleagáidí eile (e.g. feidhmiú slán an chórais)

Tabhair tuairisc ar bhearta agus ar oibleagáidí eile a forchuireadh ar ghnóthais gáis nádúrtha agus ar chomhlachtaí ábhartha eile a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar shlándáil an tsoláthair gáis, amhail oibleagáidí maidir le feidhmiú slán an chórais, agus tabhair freisin na páirtithe a ndéanfadh an oibleagáid sin difear dóibh agus na toirteanna gáis lena mbaineann. Mínigh go beacht cathain a bheadh feidhm ag na bearta sin agus cén chaoi.

7.   Tionscadail bhonneagair

(a)

tabhair tuairisc ar thionscadail bhonneagair a dhéanfar amach anseo, lena n-áirítear Tionscadail Leas Coiteann sna grúpaí riosca ábhartha, agus luaigh an t-am a mheastar a thógfaidh sé chun iad a chur ag obair, a n-acmhainn agus an tionchar a mheastar a mbeidh acu ar shlándáil an tsoláthair gáis sa ghrúpa riosca;

(b)

léirigh an chaoi a gcuirtear san áireamh sna tionscadail bonneagair PFGDB uile-Aontas, plean a d'fhorbair ENTSOG de bhun Airteagal 8(10) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009.

8.   Oibleagáidí seirbhíse poiblí i dtaca le slándáil an tsoláthair

Luaigh na hoibleagáidí seirbhíse poiblí atá ann cheana i dtaca le slándáil an tsoláthair agus tabhair tuairisc ghairid orthu (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt). Mínigh go soiléir cé air a bhfuil sé na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh agus cén chaoi. Más infheidhme, tabhair tuairisc ar an gcaoi a ndéanfaí na hoibleagáidí seirbhíse poiblí sin a thionscnamh agus cathain a dhéanfaí sin.

9.   Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

I gcomhréir le hAirteagal 8(2) den Rialachán seo, tabhair tuairisc ar an sásra arna úsáid chun an plean agus an plean éigeandála a fhorbairt, agus torthaí na gcomhairliúchán i gcás:

(a)

gnóthais gháis;

(b)

eagraíochtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht ar theaghlaigh;

(c)

eagraíochtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht ar chustaiméirí tionsclaíocha gáis, lena n-áirítear táirgeoirí leictreachais;

(d)

údarás rialála náisiúnta.

10.   Gné réigiúnach

Luaigh aon chúinsí náisiúnta agus bearta náisiúnta is ábhartha maidir le slándáil an tsoláthair nár cumhdaíodh sna ranna thuas den phlean.

Luaigh an bealach ar measadh na barúlacha a d'fhéadfadh go bhfuarthas tar éis an chomhairliúcháin a thugtar tuairisc air in Airteagal 8(2).

11.1.   N – 1 a ríomh ar leibhéal an ghrúpa riosca má thagann údaráis inniúla an ghrúpa riosca ar chomhaontú ina leith sin

Foirmle N – 1

(a)

an bonneagar gáis comhleasa is mó sna grúpaí riosca a shainaithint;

(b)

foirmle N – 1 a ríomh ar leibhéal an ghrúpa riosca;

(c)

tuairisc ar na luachanna arna n-úsáid i gcás gach eilimint d'fhoirmle N – 1, lena n-áirítear na figiúirí idirmheánacha arna n-úsáid chun í a ríomh (e.g. i gcás EPm, tabhair acmhainn na bpointí iontrála ar fad arna meas faoin bparaiméadar seo);

(d)

má úsáideadh modheolaíochtaí agus toimhdí chun na paraiméadair i bhfhoirmle N – 1 a ríomh (e.g. Dmax), sonraigh iad (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt).

11.2.   Sásraí arna bhforbairt ar mhaithe leis an gcomhar

Tabhair tuairisc ar na sásraí arna n-úsáid don chomhar idir na Ballstáit sna grúpaí riosca ábhartha, lena n-áirítear chun bearta trasteorann a fhorbairt sa phlean um ghníomhaíocht choisctheach agus sa phlean éigeandála.

Tabhair tuairisc ar na sásraí arna n-úsáid don chomhar le Ballstáit eile chun na forálacha a cheapadh agus a ghlacadh a bhfuil gá leo chun Airteagal 13 a chur i bhfeidhm.

11.3.   Bearta coisctheacha

Tabhair tuairisc ar na bearta coisctheacha atá i bhfeidhm nó atá le glacadh sa ghrúpa riosca nó mar thoradh ar chomhaontuithe réigiúnacha:

(a)

Tabhair tuairisc ar gach ceann de na bearta coisctheacha a glacadh i gcás gach riosca a sainaithníodh i gcomhréir leis an measúnú riosca, lena n-áirítear tuairisc ar an méid seo a leanas:

(i)

a dtionchar ar Bhaill an ghrúpa riosca;

(ii)

a dtionchar eacnamaíoch, éifeachtúlacht agus éifeachtacht;

(iii)

a dtionchar ar an gcomhshaol;

(iv)

a dtionchar ar chustaiméirí.

Más iomchuí, tabhair freisin:

bearta chun idirnaisc idir Ballstáit chomharsanachta a fheabhsú;

bearta chun bealaí gáis agus foinsí soláthair a éagsúlú;

bearta chun an príomhbhonneagar is ábhartha le haghaidh shlándáil an tsoláthair a chosaint i ndáil le ceannas ag eintitis tríú tír (lena n-áirítear, más ábhartha, dlíthe um scagadh infheistíochta atá ginearálta nó earnáil-sonrach, cearta speisialta do scairshealbhóirí áirithe, etc.);

(b)

tabhair tuairisc ar bhearta eile a glacadh ar chúiseanna eile seachas an measúnú riosca, ach a bhfuil tionchar dearfach acu ar shlándáil an tsoláthair don ghrúpa riosca;

(c)

i gcás ina gcuirtear bearta nach bhfuil margadhbhunaithe i bhfeidhm (i gcás gach birt):

(i)

tabhair údar maidir le cén fáth go bhfuil gá leis an mbeart (i.e. an fáth nach féidir slándáil an tsoláthair a áirithiú trí bhearta margadhbhunaithe amháin);

(ii)

tabhair údar maidir le cén fáth go bhfuil an beart comhréireach (i.e. an fáth gurb é an beart seo nach bhfuil margadhbhunaithe an bealach chun an éifeacht atá beartaithe a bhaint amach lena laghad srianta is féidir);

(iii)

tabhair anailís ar thionchar an bhirt sin ar an méid seo a leanas:

tabhair údar leis an mbeart (i.e. an fáth nach féidir slándáil an tsoláthair a áirithiú trí bhearta margadhbhunaithe amháin),

léirigh go bhfuil an beart comhréireach (i.e. an fáth gurb é an beart seo nach bhfuil margadhbhunaithe an bealach chun an éifeacht atá beartaithe a bhaint amach lena laghad srianta is féidir),

tabhair anailís ar thionchar an bhirt sin ar an méid seo a leanas:

(1)

slándáil soláthair Ballstát eile;

(2)

an margadh náisiúnta;

(3)

an margadh inmheánach;

(d)

mínigh a mhéid a measadh gur mhéadaigh bearta éifeachtúlachta, lena n-áirítear bearta a bhí dírithe ar an éileamh, slándáil an tsoláthair;

(e)

mínigh a mhéid a measadh gur mhéadaigh foinsí in-athnuaite fuinnimh slándáil an tsoláthair.


(1)  I gcás inar tharmlig an t-údarás inniúil an tasc seo, tabhair ainm an chomhlachta/na gcomhlachtaí atá freagrach as an measúnú riosca seo a ullmhú thar ceann an údaráis sin.

(2)  Ar mhaithe le simplíocht, cuir an fhaisnéis i láthair ar an leibhéal is airde de na grúpaí riosca más féidir agus déan na mionsonraí a chumasc de réir mar is gá.

(3)  I gcás an chéad mheasúnaithe, tabhair sonraí ón 2 bhliain dheireanacha. I gcás nuashonruithe, tabhair sonraí ón 4 bliana deireanacha.

(4)  Áirítear leis seo custaiméirí tionsclaíocha, giniúint leictreachais, téamh ceantair, custaiméirí baile agus seirbhísí agus eile (sonraigh an cineál custaiméara sa chás seo). Sonraigh freisin an méid a thomhlaíonn na custaiméirí atá faoi chosaint.

(5)  Tabhair tuairisc ar an modheolaíocht arna cur i bhfeidhm.


IARSCRÍBHINN VII

Teimpléad don phlean éigeandála

Eolas ginearálta

Ainm an údaráis inniúil atá freagrach as an bplean reatha a ullmhú (1)

1.   Na leibhéil éigeandála a shainiú

(a)

tabhair an comhlacht atá freagrach as gach leibhéal éigeandála a fhógairt agus na nósanna imeachta atá le leanúint i ngach cás nuair a dhéantar na fógraí sin;

(b)

más ann dóibh, tabhair anseo na táscairí nó na paraiméadair a úsáidtear chun a mheas an mbeidh meath suntasach ar shlándáil an tsoláthair de dheasca teagmhais, agus lena chinneadh cén leibhéal éigeandála a fhógrófar.

2.   Bearta atá le glacadh de réir an leibhéil éigeandála (2)

2.1.   Luathrabhadh

Tabhair tuairisc ar na bearta atá le cur i bhfeidhm ag an gcéim seo agus déan an méid seo a leanas, i gcás gach birt:

(i)

tuairisc ghairid ar an mbeart agus ar na príomhghníomhaithe lena mbaineann;

(ii)

tabhair tuairisc ar an nós imeachta atá le leanúint, más infheidhme;

(iii)

luaigh a mhéid a mheastar a chuideodh an beart seo chun dul i ngleic le tionchar aon teagmhais nó leis an ullmhúchán roimh an teagmhas;

(iv)

tabhair tuairisc ar na sreafaí faisnéise idir na gníomhaithe lena mbaineann.

2.2.   Leibhéal Foláirimh

(a)

tabhair tuairisc ar na bearta atá le cur i bhfeidhm ag an gcéim seo agus déan an méid seo a leanas, i gcás gach birt:

(i)

tuairisc ghairid ar an mbeart agus ar na príomhghníomhaithe lena mbaineann;

(ii)

tabhair tuairisc ar an nós imeachta atá le leanúint, más infheidhme;

(iii)

luaigh a mhéid a mheastar a chuideodh an beart seo chun dul i ngleic leis an leibhéal foláirimh;

(iv)

tabhair tuairisc ar na sreafaí faisnéise idir na gníomhaithe lena mbaineann;

(b)

tabhair tuairisc ar na hoibleagáidí tuairiscithe a fhorchuirtear ar na gnóthais gáis nádúrtha nuair atá an leibhéal foláirimh ann.

2.3.   Leibhéal Éigeandála

(a)

leag síos liosta gníomhaíochtaí réamhshainithe ó thaobh soláthair agus éilimh de chun gás a chur ar fáil i gcás éigeandála, lena n-áirítear comhaontuithe tráchtála idir na páirtithe a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí den sórt sin agus sásraí cúitimh do ghnóthais gáis nádúrtha i gcás inarb iomchuí;

(b)

tabhair tuairisc ar na bearta margadhbhunaithe atá le cur i bhfeidhm ag an gcéim seo agus déan an méid seo a leanas, i gcás gach birt:

(i)

tuairisc ghairid ar an mbeart agus ar na príomhghníomhaithe lena mbaineann;

(ii)

tabhair tuairisc ar an nós imeachta atá le leanúint;

(iii)

luaigh a mhéid a mheastar a chuideodh an beart seo chun an staid ar leibhéal éigeandála a mhaolú;

(iv)

tabhair tuairisc ar na sreafaí faisnéise idir na gníomhaithe lena mbaineann;

(c)

tabhair tuairisc ar na bearta nach bhfuil margadhbhunaithe atá beartaithe nó atá le cur chun feidhme nuair atá an leibhéal éigeandála ann, lena n-áirítear, i gcás gach birt:

(i)

tuairisc ghairid ar an mbeart agus ar na príomhghníomhaithe lena mbaineann;

(ii)

measúnú ar an ngá atá le beart den chineál sin chun dul i ngleic le géarchéim, lena n-áirítear an méid úsáide a bhainfear as;

(iii)

tabhair tuairisc mhionsonraithe ar an nós imeachta leis an mbeart a chur chun feidhme (e.g. cad é a dhéanfadh an beart seo a thionscain, cé a dhéanfadh an cinneadh);

(iv)

luaigh a mhéid a mheastar a chuideodh an beart seo chun an staid ar leibhéal éigeandála a mhaolú mar chomhlánú ar bhearta margadhbhunaithe;

(v)

déan éifeachtaí eile an bhirt a mheasúnú;

(vi)

léirigh go gcomhlíonann an beart na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 11(6);

(vii)

tabhair tuairisc ar na sreafaí faisnéise idir na gníomhaithe lena mbaineann;

(d)

tabhair tuairisc ar na hoibleagáidí tuairiscithe arna bhforchur ar ghnóthais gáis nádúrtha.

3.   Bearta sonracha maidir le leictreachas agus téamh ceantair

(a)

téamh ceantair

(i)

tabhair go hachomair an tionchar is dealraitheach a bheadh ag suaitheadh an tsoláthair gáis in earnáil an téimh ceantair;

(ii)

tabhair na bearta agus na gníomhaíochtaí atá le déanamh chun an tionchar a mhaolú a bheadh ag suaitheadh an tsoláthair gáis ar théamh cheantair. De rogha air sin, mínigh cén fáth nach iomchuí bearta ar leith a ghlacadh;

(b)

soláthar leictreachais arna ghiniúint ó ghás

(i)

tabhair go hachomair an tionchar is dealraitheach a bheadh ag suaitheadh an tsoláthair gáis in earnáil an leictreachais;

(ii)

tabhair na bearta agus na gníomhaíochtaí atá le déanamh chun an tionchar mhaolú a bheadh ag suaitheadh an tsoláthair gáis ar earnáil an leictreachais a mhaolú. De rogha air sin, mínigh cén fáth nach iomchuí bearta ar leith a ghlacadh;

(iii)

tabhair na sásraí/na forálacha atá ann cheana chun comhordú iomchuí a áirithiú, lena n-áirítear malartú faisnéise, idir na príomhghníomhaithe in earnálacha an gháis agus an leictreachais, go háirithe oibreoirí córais tarchurtha nuair atá leibhéil éagsúla géarchéime ann.

4.   Bainisteoir géarchéime nó foireann ghéarchéime

Sonraítear cé hé an bainisteoir géarchéime agus sainítear a ról.

5.   Róil agus freagrachtaí gníomhaithe éagsúla

(a)

i gcás gach leibhéil géarchéime, sainigh na róil agus na freagrachtaí, lena n-áirítear idirghníomhaíochtaí leis na húdaráis inniúla agus, nuair is iomchuí, leis an údarás rialála náisiúnta, atá ag:

(i)

gnóthais gáis nádúrtha;

(ii)

custaiméirí tionsclaíocha;

(iii)

táirgeoirí leictreachais ábhartha;

(b)

i gcás gach leibhéil géarchéime, sainigh róil agus freagrachtaí na n-údarás inniúil agus na gcomhlachtaí ar tarmligeadh na cúraimí chucu.

6.   Bearta maidir le tomhaltas míchuí ag custaiméirí nach custaiméirí atá faoi chosaint iad

Tabhair tuairisc ar na bearta atá i bhfeidhm chun cosc a chur le custaiméirí nach custaiméirí atá faoi chosaint iad an soláthar gáis atá beartaithe do chustaiméirí atá faoi chosaint a thomhailt le linn éigeandála, a mhéid is féidir agus gan oibriú sábháilte agus iontaofa an chórais gáis a chur i mbaol nó staideanna neamhshábháilte a chruthú. Sonraigh an cineál birt atá ann (beart riaracháin, teicniúil, etc.), na príomhghníomhaithe agus na nósanna imeachta a thiocfaidh ina dhiaidh.

7.   Tástálacha éigeandála

(a)

tabhair an t-amchlár le haghaidh ionsamhlúcháin freagartha fíor-ama na staideanna éigeandála;

(b)

tabhair na gníomhaithe a bhí páirteach ann, na nósanna imeachta a ionsamhlaíodh agus na cásanna eiseamláireacha mórthionchair agus meántionchair a ionsamhlaíodh.

Do na nuashonruithe ar an bplean éigeandála: tabhair tuairisc ghairid ar na tástálacha a rinneadh ón uair a cuireadh an plean éigeandála deireanach isteach, agus príomhthorthaí na dtástálacha sin. Sonraigh na bearta a glacadh mar thoradh ar na tástálacha sin.

8.   Gné Réigiúnach

8.1.   Bearta atá le glacadh de réir an leibhéil éigeandála:

8.1.1.   Luathrabhadh

Tabhair tuairisc ar na bearta atá le cur i bhfeidhm ag an gcéim seo agus déan an méid seo a leanas, i gcás gach birt:

(i)

tabhair tuairisc ghairid ar an mbeart agus ar na príomhghníomhaithe lena mbaineann;

(ii)

tabhair tuairisc ar an nós imeachta atá le leanúint, más infheidhme;

(iii)

luaigh a mhéid a mheastar a chuideodh an beart seo chun dul i ngleic le tionchar aon teagmhais nó leis an ullmhúchán roimh an teagmhas;

(iv)

tabhair tuairisc ar na sreafaí faisnéise idir na gníomhaithe lena mbaineann.

8.1.2.   Leibhéal Foláirimh

(a)

tabhair tuairisc ar na bearta atá le cur i bhfeidhm ag an gcéim seo agus déan an méid seo a leanas, i gcás gach birt:

(i)

tuairisc ghairid ar an mbeart agus ar na príomhghníomhaithe lena mbaineann;

(ii)

tabhair tuairisc ar an nós imeachta atá le leanúint, más infheidhme;

(iii)

luaigh a mhéid a mheastar a chuideodh an beart seo chun dul i ngleic le tionchar aon teagmhais nó leis an ullmhúchán roimh an teagmhas;

(iv)

tabhair tuairisc ar na sreafaí faisnéise idir na gníomhaithe lena mbaineann;

(b)

tabhair tuairisc ar na hoibleagáidí tuairiscithe a fhorchuirtear ar na gnóthais gáis nádúrtha nuair atá an leibhéal foláirimh ann.

8.1.3.   Leibhéal Éigeandála

(a)

leag síos liosta gníomhaíochtaí réamhshainithe ó thaobh soláthair agus éilimh de chun gás a chur ar fáil i gcás éigeandála, lena n-áirítear comhaontuithe tráchtála idir na páirtithe a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí den sórt sin agus sásraí cúitimh do ghnóthais gáis nádúrtha i gcás inarb iomchuí;

(b)

tabhair tuairisc ar na bearta margadhbhunaithe atá le cur i bhfeidhm ag an gcéim seo agus déan an méid seo a leanas, i gcás gach birt:

(i)

tuairisc ghairid ar an mbeart agus ar na príomhghníomhaithe lena mbaineann;

(ii)

tabhair tuairisc ar an nós imeachta atá le leanúint;

(iii)

luaigh a mhéid a mheastar a chuideodh an beart seo chun an staid ar leibhéal éigeandála a mhaolú;

(iv)

tabhair tuairisc ar na sreafaí faisnéise idir na gníomhaithe lena mbaineann;

(c)

tabhair tuairisc ar na bearta nach bhfuil margadhbhunaithe atá beartaithe nó atá le cur chun feidhme nuair atá an leibhéal éigeandála ann, lena n-áirítear, i gcás gach birt:

(i)

tuairisc ghairid ar an mbeart agus ar na príomhghníomhaithe lena mbaineann;

(ii)

measúnú ar an ngá atá le beart den chineál sin chun dul i ngleic le géarchéim, lena n-áirítear an méid úsáide a bhainfear as;

(iii)

tabhair tuairisc mhionsonraithe ar an nós imeachta leis an mbeart a chur chun feidhme (e.g. cad é a dhéanfadh an beart a thionscain, cé a dhéanfadh an cinneadh);

(iv)

luaigh a mhéid a mheastar a chuideodh an beart seo chun an staid ar leibhéal éigeandála a mhaolú mar chomhlánú ar bhearta margadhbhunaithe;

(v)

déan éifeachtaí eile an bhirt a mheasúnú;

(vi)

léirigh go gcomhlíonann an beart na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 11(6);

(vii)

tabhair tuairisc ar na sreafaí faisnéise idir na gníomhaithe lena mbaineann;

(d)

tabhair tuairisc ar na hoibleagáidí tuairiscithe arna bhforchur ar ghnóthais gáis nádúrtha.

8.2.   Sásraí comhair

(a)

tabhair tuairisc ar na sásraí atá i bhfeidhm le haghaidh comhar i ngach ceann de na grúpaí riosca ábhartha agus chun comhordú iomchuí a áirithiú i gcás gach leibhéil géarchéime. Más ann do nósanna imeachta cinnteoireachta atá ceaptha gníomhú iomchuí ar leibhéal réigiúnach a áirithiú i gcás gach leibhéil géarchéime, ach nár cumhdaíodh i bpointe 2 iad, tabhair tuairisc orthu;

(b)

tabhair tuairisc ar na sásraí atá i bhfeidhm chun dul i gcomhar le Ballstáit eile lasmuigh den ghrúpa riosca agus chun gníomhaíochtaí a chomhordú i gcás gach leibhéil géarchéime.

8.3.   Dlúthpháirtíocht i measc na mBallstát

(a)

tabhair tuairisc ar na socruithe a comhaontaíodh idir na Ballstáit atá nasctha go díreach chun a áirithiú go gcuirfí i bhfeidhm prionsabal na dlúthpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 13;

(b)

más infheidhme, tabhair tuairisc ar na socruithe a comhaontaíodh idir na Ballstáit atá nasctha le chéile trí thríú tír chun a áirithiú go gcuirfí i bhfeidhm prionsabal na dlúthpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 13.


(1)  I gcás inar tharmlig aon údarás inniúil an cúram seo, tabhair ainm an chomhlachta/na gcomhlachtaí atá freagrach as an bplean seo a ullmhú thar ceann an údaráis sin.

(2)  Tabhair bearta réigiúnacha agus náisiúnta.


IARSCRÍBHINN VIII

Liosta de bhearta nach bhfuil margadhbhunaithe i dtaca le slándáil an tsoláthair gáis

Le linn don údarás inniúil an plean um ghníomhaíocht choisctheach agus an plean éigeandála a fhorbairt, ní dhéanfaidh sé an méid a chuirfeadh an liosta táscach agus neamhchuimsitheach seo a leanas de bhearta leis na pleananna sin a bhreithniú ach amháin i gcás éigeandála:

(a)

bearta atá dírithe ar an soláthar:

úsáid stórála straitéisí gáis,

úsáid éigeantach stoc breoslaí malartacha (e.g. i gcomhréir le Treoir 2009/119/CE ón gComhairle (1)),

úsáid éigeantach leictreachais a ghintear ó fhoinsí cé is moite de ghás,

méadú éigeantach ar na leibhéil táirgthe gáis,

aistarraingt éigeantach stórála;

(b)

bearta atá dírithe ar an éileamh:

céimeanna éagsúla de laghdú éigeantach ar an éileamh lena n-áirítear:

malartú éigeantach breosla,

úsáid éigeantach conarthaí in-idirbhriste, i gcás nach bhfuil siad go hiomlán in úsáid mar chuid de bhearta margadhbhunaithe,

sceitheadh éigeantach ualaigh dhocht.


(1)  Treoir 2009/119/CE ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2009 lena bhforchuirtear oibleagáid ar na Ballstáit stoic íosta amhola agus/nó táirgí peitriliam a choimeád (IO L 265, 9.10.2009, lch. 9).


IARSCRÍBHINN IX

Tábla comhghaoil

Rialachán (AE) Uimh. 994/2010

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 6

Airteagal 5

Airteagal 8

Airteagal 6

Airteagal 9

Airteagal 7

Airteagal 4

Airteagal 8

Airteagal 5

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 10

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 12

Airteagal 4

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 14

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 19

Airteagal 16

Airteagal 20

Airteagal 15

Airteagal 21

Airteagal 17

Airteagal 22

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Airteagal 7

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn VII

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn VIII

Iarscríbhinn IX