19.5.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

17


RIALACHÁN (AE) 2017/826 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Bealtaine 2017

maidir le clár de chuid an Aontais a bhunú chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha lena gcuirfear feabhas ar rannpháirtíocht tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais don tréimhse 2017–2020

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (b) d'Airteagal 169(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Bíonn an tAontas ag rannchuidiú le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú, agus le tomhaltóirí a chur i gcroílár an mhargaidh inmheánaigh trí thacú le beartais na mBallstát agus trí na bearta sin a chomhlánú trí bhíthin deimhin a dhéanamh de gur féidir le saoránaigh lántairbhe a bhaint as an margadh inmheánach agus, ar an dóigh sin, go dtugtar aird ar a leasanna dlíthiúla agus eacnamaíocha agus go gcosnaítear na leasanna sin mar is ceart. Cuid thábhachtach den mhargadh inmheánach agus a chumais trasteorann is ea earnáil seirbhísí airgeadais a fheidhmíonn go maith agus atá iontaofa. Is gá, chuige sin, creat stóinseach rialála agus maoirseachta a áirithíonn cobhsaíocht airgeadais, thacaíonn le geilleagar inbhuanaithe san am céanna. Ina theannta sin, ba cheart d'earnáil seirbhísí airgeadais a fheidhmíonn go maith agus atá iontaofa ardleibhéal cosanta a sholáthar do thomhaltóirí agus d'úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais, lena n-áirítear infheisteoirí miondíola, coigilteoirí, sealbhóirí polasaí árachais, comhaltaí agus tairbhithe cistí pinsin, scairshealbhóirí aonair, iasachtaithe agus FBManna.

(2)

Ó bhí 2007 ann, tá buille buailte ag an ngéarchéim airgeadais agus eacnamaíoch ar mhuinín úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais, go háirithe muinín tomhaltóirí. Chun a gcuid muiníne i bhfóntacht na hearnála airgeadais a athbhunú agus chun rannchuidiú lena dea-chleachtais, tá sé tábhachtach, mar sin cur le leibhéal rannpháirteachas agus rannpháirtíocht ghníomhach tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais, lena n-áirítear infheisteoirí miondíola, coigilteoirí, sealbhóirí polasaí árachais, comhaltaí agus tairbhithe ciste pinsin, scairshealbhóirí aonair, iasachtaithe agus FBManna chomh maith le geallsealbhóirí a ionadaíonn a leasanna, i gceapadh beartas an Aontais agus i gceapadh beartas iltaobhach ábhartha eile i réimse an airgeadais.

(3)

Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, tar éis tionscnamh traspháirtí ó Pharlaimint na hEorpa, thionscain an Coimisiún treoirthionscadal ag deireadh 2011 a raibh sé mar aidhm leis deontais a sholáthar chun tacú le lárionad saineolais airgeadais a fhorbairt a rachadh chun sochair do thomhaltóirí, d'úsáideoirí deiridh eile agus do gheallsealbhóirí a dhéanann ionadaíocht ar a leasanna siúd, chun feabhas a chur ar a gcumas sin bheith rannpáirteach i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais agus chun forbairt córas baincéireachta athléimneach a chothú. Ba iad na príomhchuspóirí beartais a bhí ann a áirithiú go bhfaigheadh lucht ceaptha beartas an Aontais, agus dlí nua an Aontais á thionscnamh acu, tuairimí seachas tuairimí gairmithe de chuid na hearnála airgeadais, a áirithiú go ndéanfaí leasanna tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile na seirbhísí airgeadais a léiriú i ndlí nua an Aontais, gurbh fhearr a dhéanfaí an pobal trí chéile a chur ar an eolas faoi na saincheisteanna a bhíonn i dtreis i rialáil airgeadais, as a leanann feabhsú ar litearthacht airgeadais, agus a áirithiú go bhfeabhsófaí rannpháirteachas gníomhach tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh seirbhísí airgeadais eile i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais, as a leanann dlí Aontais dea-chothromaithe.

(4)

Dá bharr sin, idir 2012 agus 2015, agus tar éis glao oscailte ar thograí, dhámh an Coimisiún deontais oibriúcháin do dhá einiteas neamhbhrabúis, mar atá Finance Watch agus Better Finance. Dámhadh na deontais sin in 2012 agus 2013 faoi threoirthionscadal a mhair dhá bhliain, agus, ó 2014, i bhfoirm gníomhaíocht ullmhúcháin. Anuas air sin, in 2016, cinneadh deontais ghníomhaíochta a sholáthar in ionad deontas oibriúcháin, toisc go n-áirítear le deontais gníomhaíochta go ndéantar rialú níos fearr ar chaiteachas bhuiséad an Aontais. Ós rud é gur féidir gníomhaíocht ullmhúcháin a úsáid go ceann suas le trí bliana as a chéile faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tá gá le gníomh reachtach chun bunús dlí sholáthar do chistiú gníomhachtaí den sórt sin ó 2017 ar aghaidh.

(5)

Cuireadh Finance Watch ar bun le deontais ón Aontas in 2011 mar chomhlachas idirnáisiúnta neamhbhrabúis faoi dhlí na Beilge. Is é an misean atá aige leasanna na sochaí sibhialta a chosaint i réimse an airgeadais. Mar thoradh ar dheontais ón Aontas, d'éirigh le Finance Watch foireann de shaineolaithe cáilithe a chur le chéile laistigh de ghearrthréimhse, a bhí in ann staidéir, anailís ar bheartais agus gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéanamh i réimse na seirbhísí airgeadais.

(6)

D'eascair Better Finance as cónaidhmeanna Eorpacha infheisteoirí agus scairshealbhóirí a bhí ann cheana agus a atheagraíodh agus a athbhrandáladh roinnt uaireanta ó bhí 2009 ann. A bhuí le deontais ón Aontas, rinne Better Finance lárionad saineolais airgeadais a chur ar bun arb é a phríomhfhócas leasanna tomhaltóirí, infheisteoirí aonair, scairshealbhóirí aonair, coigilteoirí agus úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais, rud atá ag luí lena cineál a mball agus a acmhainní.

(7)

Ba é an chonclúid a baineadh as an meastóireacht a rinneadh in 2015 ar an treoirthionscadal agus ar an ngníomhaíocht ullmhúcháin ina dhiaidh sin gur gnóthaíodh na cuspóirí beartais, a bheag nó a mhór. Tá obair déanta ag Finance Watch agus Better Finance ar réimsí comhlántacha beartais agus tá siad tar éis díriú ar phobail éagsúla. Chlúdaigh a ngníomhaíochtaí,le chéile, an chuid is mó de chlár oibre polaitiúil airgeadais an Aontais ó 2012 agus, a mhéid a lamháil a n-acmhainní, rinne Finance Watch agus Better Finance iarrachtaí a ngníomhaíocht a leathnú chun go mbeadh clúdach geografach leathan acu laistigh den Aontas.

(8)

Chuir an dá eagraíocht luach breise ar fáil d'iomlán ghníomhaíochtaí a mball náisiúnta agus do thomhaltóirí an Aontais. Is minic nach mbíonn an saineolas teicniúil a bhaineann go sonrach le seirbhísí airgeadais agus próiseas ceaptha beartas gaolmhar an Aontais ag eagraíochtaí náisiúnta atá ag déileáil le raon leathan saincheisteanna tomhaltóirí. Ina theannta sin, níor sainaithníodh aon eagraíochtaí comhchosúla eile ar leibhéal an Aontais go dtí seo. Cé gur thaispeáin an mheastóireacht nár fhreagair aon iarratasóir eile do na glaonna bliantúla comhleanúnacha don togra ó 2012, ba cheart don Chlár a bheith ar oscailt do thairbhithe féideartha eile tar éis dheireadh na tréimhse 2017-2020 má chomhlíonann siad ceanglais an Chláir.

(9)

In ainneoin iarrachtaí rialta, níor éirigh le Finance Watch and Better Finance mórchistiú cobhsaí a mhealladh ó dheontóirí nach cuid den tionscal airgeadais iad, agus, dá bhrí sin, tá an dá eagraíocht fós ag brath go mór ar chistiú ón Aontas chun a bheith inbhuanaithe ó thaobh airgeadais. Dá bhrí sin, tá gá le comhchistiúchán ón Aontas faoi láthair chun a áirithiú go bhfaighidh siad na hacmhainní is gá chun na cuspóirí beartais inmhianaithe a bhaint amach sna blianta atá amach romhainn, trí chobhsaíocht airgeadais a sholáthar do na heagraíochtaí sin agus dá saineolaithe agus dá bhfoireann riaracháin ar éirigh leo go dtí seo a ngníomhaíochtaí ábhartha a thosú laistigh de ghearrthréimhse. Dá bhrí sin, is gá clár Aontais a bhunú don tréimhse 2017–2020 chun tacú le gníomhaíochta Finance Watch agus Better Finance (an “Clár”), rud a fhorlíonfaidh beartais dá samhail a shaothraíonn na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta. Tá an chobhsaíocht airgeadais ríthábhachtach i gcaomhnú an tsaineolais, agus i gcás pleanáil tionscadail don dá eagraíocht. Ba cheart go mbeadh sé d'aidhm ag na heagraíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin gClár, mar sin féin, ar chion an mhaoinithe ó fhoinsí eile a mhéadú.

(10)

Dá leanfaí de bheith ag cistiú Finance Watch agus Better Finance le linn na tréimhse 2017–2020, a bheag nó a mhór mar a rinneadh faoin ngníomhaíocht ullmhúcháin, d'áiritheofaí go mairfeadh an dea-thionchar a bhí ag an dá eagraíocht go dtí seo. Ba cheart an clúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir a bheith bunaithe ar na meánchostais iarbhír arna dtabhú ag gach eagraíocht idir 2012 agus 2015. Níor cheart go n-athródh an ráta cómhaoinithe uasta 60 % de mhaoiniú Aontais. Má leathnaítear an Clár agus an maoiniú comhfhreagrach níos faide ná2020 agus má thagann tairbhithe féideartha eile chun cinn, ba cheart an glao ar iarratasóirí a oscailt do gach eagraíocht eile a chomhlíonann critéir chuspóirí an Chláir, agus a chuireann leo.

(11)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do thréimhse iomlán an Chláir, arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (4), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nóis imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(12)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i leith na cláir oibre bhliantúla a bhunú.

(13)

Gach bliain, roimh an 30 Samhain, ba cheart do gach tairbhí tuairisc a thíolacadh ar na gníomhaíochtaí chun cuspóirí beartais an Chláir a bhaint amach atá beartaithe don bhliain dár gcionn. Ba cheart tuairisc mhionsonraithe a thabhairt ar na gníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear na cuspóirí atá acu, na torthaí a bhfuil coinne leo, na costais agus an creat ama a mheastar a bheidh i gceist, agus táscairí ábhartha ar tríothu a dhéantar iad a mheasúnú.

(14)

Ba cheart tacaíocht airgeadais a dheonú i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún (5).

(15)

Ba cheart don Choimisiún tuarascáil mheastóireachta ar na torthaí a fuarthas faoin gClár a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tráth nach déanaí ná 12 mhí roimh dheireadh an Chláir. Ba cheart don tuarascáil mheastóireachta a mheasúnú an bhfuil nó nach bhfuil an Clár le saothrú i ndiaidh na tréimhse 2017-2020. Ba cheart aon síneadh, modhnú nó athnuachan a dhéantar ar an gClár tar éis na tréimhse 2017-2020 a bheith faoi réir nós imeachta glao oscailte chun na tairbhithe a roghnú.

(16)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú, agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh.

(17)

Ba cheart go ndéanfadh tairbhithe gach iarracht chun go mbeidh a ngníomhaíochtaí infheicthe i ngach Ballstát. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart go ndéanfadh tairbhithe iarracht teagmhálacha le heagraíochtaí neamhbhrabúis tomhaltóirí ábhartha ar fud an Aontais a bhunú, agus, aon uair is féidir, faisnéis a bhaineann lena n-eagraíocht, lena mballraíocht agus lena ngníomhaíochtaí a aistriú, agus an fhaisnéis sin a thaispeáint ar a suíomhanna gréasáin.

(18)

Chun leanúnachas na ngníomhaíochtaí lena dtacaítear trí mhaoiniú an Aontais a dhéanann na tairbhithe, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe agus ba cheart go mbeadh feidhm aige amhail ón 1 Bealtaine 2017.

(19)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon clár Aontais a bhunú lena tacaítear le gníomhaíochta sonracha a chuireann feabhas ar rannpháirtíocht tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis seo bunaítear clár Aontais (an “Clár”) don tréimhse ón 1 Bealtaine 2017 go dtí an 31 Nollaig 2020 chun tacú le gníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1). Rannchuidíonn na gníomhaíochtaí sin le cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach i ndáil le feabhas a chur ar rannpháirtíocht tomhaltóirí agus úsáideoirí eile seirbhísí airgeadais, agus rannpháirtíocht geallsealbhóirí a dhéanann ionadaíocht ar a leasanna siúd, i gceapadh beartas an Aontais agus i gceapadh beartas iltaobhach ábhartha eile i réimse na seirbhísí airgeadais.

2.   Chun a chuspóirí a bhaint amach, déanfar na gníomhaíochtaí seo a leanas a chómhaoiniú leis an gClár:

(a)

gníomhaíochtaí taighde, lena n-áirítear taighde dílis agus sonraí dílse a tháirgeadh, agus forbairt saineolais;

(b)

plé le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais trí idirchaidreamh le líonraí tomhaltóirí agus línte cabhrach láithreacha sna Ballstáit chun ceisteanna a shainaithint atá ábhartha do cheapadh beartais Aontais chun leasanna na dtomhaltóirí a chosaint i réimse na seirbhísí airgeadais;

(c)

gníomhaíochtaí chun feasacht a mhúscailt, gníomhaíochtaí scaipthe agus oideachas agus oiliúint airgeadais a chur ar fáil, go díreach nó trína gcomhaltaí náisiúnta, lena n-áirítear pobal leathan tomhaltóirí, úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais, agus neamh-saineolaithe eile;

(d)

gníomhaíochtaí a neartaíonn na hidirghníomhaíochtaí idir baill na n-eagraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3 chomh maith le gníomhaíochtaí comhairle beartas agus abhcóideachta a threisíonn seasamh na mball sin ar leibhéal an Aontais agus leas an phobail agus leas ginearálta a chothú i rialachán airgeadais agus Aontais.

Airteagal 2

Cuspóirí an Chláir

1.   Beidh na cuspóirí seo a leanas ag an gClár:

(a)

tuilleadh feabhais a chur ar rannpháirteachas ghníomhach tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais agus ar rannpháirtíocht ghníomhach tomhaltóirí agus úsáideoirí eile seirbhísí airgeadais, chomh maith le rannpháirteachas agus rannpháirtíocht ghníomhach geallsealbhóirí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais, i gceapadh beartas an Aontais agus i gceapadh beartas iltaobhach ábhartha eile i réimse na seirbhísí airgeadais;

(b)

tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais, chomh maith le geallsealbhóirí a dhéanann ionadaíocht ar a leasanna, a chur ar an eolas i dtaobh saincheisteanna a bhíonn i dtreis i rialáil réimse an airgeadais.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar measúnú rialta ar an gClár de réir na gcuspóirí a leagtar amach i mír 1 go háirithe trína cur de cheangal ar gach tairbhí an méid seo a leanas a sholáthar:

(a)

tuairisc bhliantúil ar na gníomhaíochtaí a rinne an tairbhí faoin gClár;

(b)

tuarascáil bhliantúil gníomhaíochta ina mbeidh táscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla i leith gach gníomhaíocht a bheartaigh agus a rinne an tairbhí;

(c)

tuarascáil airgeadais.

Áireofar i measúnú den sórt sin tarraingt suas na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 9(1).

Airteagal 3

Tairbhithe an Chláir

1.   Beidh Finance Watch agus Better Finance ina dtairbhithe den Chlár (“tairbhithe”)

2.   Chun tairbhiú den chlár, leanfaidh tairbhí de bheith ina eintiteas dlíthiúil neamhrialtasach, neamhbhrabúis, atá neamhspleách ar leasanna tionsclaíochta, tráchtála agus gnó. Ní bheidh aon leasanna coinbhleachta aige agus déanfaidh sé ionadaíocht, trína bhaill, ar leasanna thomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais.

Chun leasanna na dtomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais a chumhdach in oiread Ballstát agus is féidir, féachfaidh tairbhí le líonra a bhall gníomhach a leathnú laistigh de na Ballstáit, agus le cumhdach geografach cuimsitheach a áirithiú.

Cabhróidh an Coimisiún leis na tairbhithe le linn baill fhéideartha a shainaithint sna Ballstáit. Áiritheoidh an Coimisiún freisin go leanfaidh gach tairbhí de na critéir a leagtar amach sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo a chomhlíonadh, ar feadh ré an Chláir, trí na critéir sin a áireamh sna cláir oibre bhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 7 agus trí mheasúnú a dhéanamh go bliantúil ar cé acu atá na critéir sin á gcomhlíonadh ag na tairbhithe nó nach bhfuil, sula ndéanfar na deontais gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 4 a dhámhachtain.

3.   I gcás go ndéanfar na tairbhithe a chónascadh, is é an t-eintiteas dlíthiúil a thiocfadh as an gcumasc a bheidh mar thairbhí aonair an Chláir.

Airteagal 4

Deontais a dhámhachtain

Déanfar an maoiniú faoin gClár a sholáthar i bhfoirm deontais gníomhaíochta arna ndámhachtain ar bhonn bliantúil, agus bunófar an maoiniú sin ar an Togra a chuirfidh tairbhí isteach i gcomhréir le hAirteagal 7(2).

Airteagal 5

Trédhearcacht

1.   I ngach cumarsáid nó foilseachán a bhaineann le gníomhaíocht a rinne tairbhí agus a cistíodh faoin gClár, déarfar go mbeidh an tairbhí tar éis cistiú a fháil ó bhuiséad an Aontais.

2.   Cuirfidh gach tairbhií, laistigh de dhá mhí tar éis na cláir oibre bhliantúla ón gCoimisiúin a ghlacadh, an t-eolas seo a leanas ar fáil ag an am céanna don phobal agus d'eagraíochtaí tomhaltóirí neamhbhrabúis ábhartha:

(a)

eagrú, agus raon feidhme, na hoibre;

(b)

an deis a bheith mar bhall, na coinníollacha ballraíochta agus struchtúr an tairbhí;

(c)

cé acu dá ghníomhaíochtaí atá cumhdaithe faoi Airteagal 1(2).

Airteagal 6

Forálacha airgeadais

1.   Is suas go huasmhéid EUR 6 000 000 i bpraghsanna reatha an t-imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse ón 1 Bealtaine 2017 go dtí an 31 Nollaig 2020.

2.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla a údarú faoi theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Airteagal 7

An Clár a chur chun feidhme

1.   Is é an Coimisiún a chuirfidh an Clár chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

2.   Chun tairbhiú den Chlár, déanfaidh gach tairbhí, gach bliain, roimh an 30 Samhain, moladh a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina mbeidh tuairisc ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(2) atá beartaithe don chéad bhliain eile lena ndéantar cuspóirí beartais an Chláir (an “Togra”) a shaothrú. Tabharfar tuairisc mhionsonraithe ar na gníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear na cuspóirí atá acu, na torthaí a bhfuil coinne leo, na costais agus an creat ama a mheastar a bheidh i gceist, agus táscairí ábhartha chun measúnú a dhéanamh orthu.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an Clár chun feidhme trí chláir oibre bhliantúla i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Sna cláir oibre bliantúla leagfar amach na cuspóirí atá le saothrú, na torthaí a bhfuil coinne leo bheith ar na gníomhaíochtaí atá le déanamh ag na tairbhithe, modh cur chun feidhme na mbeart sin agus an méid iomlán maoinithe is gá leis na beart sin a dhéanamh. Beidh iontu freisin tuairisc ar na bearta atá le maoiniú, meastachán ar an méid maoinithe arna leithdháileadh ar gach gníomhaíocht agus tráthchlár cur chun feidhme táscach.

I gcás na ndeontas gníomhaíochta, bunófar leis na cláir oibre bliantúla na tosaíochtaí, na critéir riachtanacha mheastóireachta agus an t-uasráta cómhaoinithe. Is é an ráta uasta cómhaoinithe dhírigh a bheidh ann 60 % de na costais incháilithe. I gcás go bhfaighidh tairbhí maoiniú ó bhaill is faighteoirí maoinithe iad féin faoi chláir maoinithe ón Aontas, teorannóidh an Coimisiún a ranníocaíocht bhliantúil chun a áirithiú nach mó maoiniú iomlán an Aontais díreach agus indíreach i gcás gníomhaíochtaí faoin gClár chun an tairbhí sin ná 70 % de na costais incháilithe iomlána.

4.   Glacfaidh an Coimisiún na cláir oibre bhliantúla trí chinneadh maoinithe.

Airteagal 8

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena áirithiú, nuair a chuirfear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Beidh cumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus cigireachtaí ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, conraitheoir agus fochonraitheoir a bheidh tar éis cistí ón Aontas a fháil faoin gclár.

3.   Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (7), d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach ar bith eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i dtaca le comhaontú deontais nó cinneadh faoi dheontas nó conradh a cistíodh faoin gClár.

4.   Gan dochar do mhír 1, mhír 2 agus mhír 3, le comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, conarthaí, comhaontuithe deontais agus cinntí deontais a thig ón Rialachán seo a chur chun feidhme, beidh forálacha iontu lena dtabharfar cumhacht shainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF na hiniúchtaí agus na himscrúduithe sin a dhéanamh i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach.

Airteagal 9

Meastóireacht ar an gClár

1.   Tráth nach déanaí ná 12 mhí roimh dheireadh an Chláir, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le baint amach chuspóirí an Chláir, agus déanfaidh sé faisnéis a chur ar fáil dóibh arna iarraidh sin, ar faisnéis í a úsáidtear i gcomhair na hoibre meastóireachta atá ar fáil don Choimisiún, agus rialacha infheidhme um chosaint sonraí agus oibleagáidí rúndachta á n-urramú.

Sa tuarascáil mheastóireachta, déanfar measúnú ar ábharthacht fhoriomlán agus breisluach foriomlán an Chláir, ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht a cur chun feidhme agus ar éifeachtacht fheidhmíocht fhroriomlán agus aonair na dtairbhithe, i dtéarmaí na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2(1).

2.   Cuirfear an tuarascáil mheastóireachta dá dtagraítear i mír 1 ar aghaidh chun Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa mar eolas dó.

Airteagal 10

Foráil idirthréimhseach

Cuirfidh tairbhithe an Togra le haghaidh chéad bhliain an Chláir faoin 3 Meitheamh 2017 faoi bhráid an Choimisiúin.

Airteagal 11

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Bealtaine 2017 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 17 Bealtaine 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. ABELA


(1)   IO C 34, 2.2.2017, lch. 117.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Aibreán 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 11 Bealtaine 2017

(3)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298 26.10.2012, lch. 1).

(4)   IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(7)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ar chalaois agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).