3.5.2019 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
9 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 117 Eagrán Speisialta Gaeilge an 5 Bealtaine 2017 )
1. |
Ar leathanach 25, Airteagal 10(15): |
in ionad:
“15. I gcás nach iad na monaróirí ach duine dlítheanach nó nádúrtha eile a dhearann nó a dhéanann feistí do na monaróirí, beidh an fhaisnéis faoi chéannacht an duine sin mar chuid den fhaisnéis atá le tíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 30(1).”,
léitear:
“15. I gcás nach iad na monaróirí ach duine dlítheanach nó nádúrtha eile a dhearann nó a dhéanann feistí do na monaróirí, beidh an fhaisnéis faoi chéannacht an duine sin mar chuid den fhaisnéis atá le tíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 29(4).”.
2. |
Ar leathanach 66, Airteagal 74(1): |
in ionad:
“… d'Airteagal 62(4), Airteagal 75, Airteagal 76, Airteagal 77, Airteagal 80(5) agus forálacha ábhartha …”,
léitear:
“… d'Airteagal 62(4), Airteagal 75, Airteagal 76, Airteagal 77, Airteagal 80(5) agus (6), agus forálacha ábhartha ….”.
3. |
Ar leathanach 69, Airteagal 78(14): |
in ionad:
“14. Beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo, go dtí an 27 Bealtaine 2027, maidir leis na Ballstáit sin lena mbaineann a d'aontaigh go gcuirfeadh siad é i bhfeidhm agus maidir leo siúd amháin. I ndiaidh an 27 Bealtaine 2027, ceanglófar ar na Ballstáit go léir an nós imeachta sin a chur i bhfeidhm”,
léitear:
“14. Beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo, go dtí an 25 Bealtaine 2027, maidir leis na Ballstáit sin lena mbaineann a d'aontaigh go gcuirfeadh siad é i bhfeidhm agus maidir leo siúd amháin. Ón 26 Bealtaine 2027, ceanglófar ar na Ballstáit go léir an nós imeachta sin a chur i bhfeidhm”.
4. |
Ar leathanach 90, Airteagal 120(10): |
in ionad:
“10. Maidir le feistí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo i gcomhréir le pointe (f) agus le pointe (g) d'Airteagal 1(6) agus a cuireadh …”,
léitear:
“10. Maidir le feistí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo i gcomhréir le pointe (g) d'Airteagal 1(6) agus a cuireadh …”.
5. |
Ar leathanach 132, Iarscríbhinn VII, Roinn 4.5.2, Pointe (a), an ceathrú fleasc: |
in ionad:
“… Leis an bplean sin, áiritheofar go ndéanfar gach ceann de na feistí a chumhdaítear leis an deimhniú a shampláil thar thréimhse bhailíochta an deimhnithe, agus”,
léitear:
“… Leis an bplean sin, áiritheofar go ndéanfar raon uile na bhfeistí a chumhdaítear leis an deimhniú a shampláil thar thréimhse bhailíochta an deimhnithe, agus”.
6. |
Ar leathanach 140, Iarscríbhinn VIII, Roinn 3.2: |
in ionad:
“Aicmeofar gabhálais i gcomhair feiste leighis agus i gcomhair tairge a liostaítear in Iarscríbhinn XVI ina gceart féin ar leithligh ón bhfeiste lena n-úsáidtear iad.”,
léitear:
“Aicmeofar gabhálais i gcomhair feiste leighis ina gceart féin ar leithligh ón bhfeiste lena n-úsáidtear iad.”.
7. |
Ar leathanach 148, Iarscríbhinn IX, Roinn 2.3, an tríú mír, an chéad abairt: |
in ionad:
“Ina theannta sin, i gcás feistí in aicme IIa agus in aicme IIb, beidh an measúnú ar an gcóras bainistithe cáilíochta ag gabháil leis an measúnú ar an doiciméadacht theicniúil d'fheistí a roghnaítear ar bhonn ionadaíoch, i gcomhréir le Roinn 4.4 go Roinn 4.8. Agus samplaí ionadaíocha á roghnú ag …”,
léitear:
“Ina theannta sin, i gcás feistí in aicme IIa agus in aicme IIb, beidh an measúnú ar an gcóras bainistithe cáilíochta ag gabháil leis an measúnú ar an doiciméadacht theicniúil d'fheistí a roghnaítear ar bhonn ionadaíoch mar a shonraítear i Roinn 4. Agus samplaí ionadaíocha á roghnú ag …”.
8. |
Ar leathanach 148, Iarscríbhinn IX, Roinn 3: |
in ionad:
“3. |
Measúnú faireachais is infheidhme maidir le feistí in aicme IIa, aicme IIb agus aicme III”, |
léitear:
“3. |
Measúnú faireachais”. |
9. |
Ar leathanach 149, Iarscríbhinn IX, Roinn 3.5, an chéad mhír: |
in ionad:
“I gcás na bhfeistí in aicme IIa nó in aicme IIb, áireofar sa mheasúnú faireachais freisin measúnú ar an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i Roinn 4.4 go Roinn 4.8 le haghaidh na feiste nó na bhfeistí lena mbaineann ar bhonn samplaí ionadaíocha breise arna roghnú i gcomhréir leis an réasúnaíocht arna doiciméadú ag an gcomhlacht dá dtugtar fógra i gcomhréir leis an dara fhomhír i Roinn 2.3.”,
léitear:
“I gcás na bhfeistí in aicme IIa nó in aicme IIb, áireofar sa mheasúnú faireachais freisin measúnú ar an doiciméadacht theicniúil mar a shonraítear i Roinn 4 le haghaidh na feiste nó na bhfeistí lena mbaineann ar bhonn samplaí ionadaíocha breise arna roghnú i gcomhréir leis an réasúnaíocht arna doiciméadú ag an gcomhlacht dá dtugtar fógra i gcomhréir leis an tríú mír de Roinn 2.3.”.
10. |
Ar leathanach 149, Iarscríbhinn IX, Roinn 4.3: |
in ionad:
“Scrúdóidh an comhlacht dá dtugtar fógra an t-iarratas trí bhaill foirne a úsáid, arna bhfostú aige, ar féidir leo a chruthú go bhfuil an t-eolas agus …”,
léitear:
“Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra measúnú ar an doiciméadacht theicniúil trí bhaill foirne a úsáid ar féidir leo a chruthú go bhfuil an t-eolas agus …”.
11. |
Ar leathanach 169, Iarscríbhinn XV, Caibidil II, Roinn 2.5: |
in ionad:
“2.5. |
Achoimre ar an anailís tairbhe-riosca agus an bhainistiú riosca, lena n-áirítear faisnéis maidir le rioscaí aitheanta nó rioscaí intuartha, aon éifeachtaí neamh-inmhianaithe, fritásca agus rabhaidh.”, |
léitear:
“2.5. |
Achoimre ar an anailís tairbhe-riosca agus an bhainistiú riosca, lena n-áirítear faisnéis maidir le rioscaí aitheanta nó rioscaí intuartha, aon fho-éifeachtaí neamh-inmhianaithe, fritásca agus rabhaidh.”. |