31.3.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2017/540 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Márta 2017

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 19/2013 lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach agus sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 20/2013 lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach agus sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir ar an taobh eile

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

In Airteagal 329 den Chomhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile (2) ( an “Comhaontú”) a síníodh an 26 Meitheamh 2012, déantar foráil maidir le haontachas Balltíortha eile Chomhphobal na nAindéas. Tá Eacuadór ina Bhalltír de chuid Chomhphobal na nAindéas ó bunaíodh é in 1969.

(2)

Thug an tAontas agus Eacuadór caibidlíocht i gcrích an 17 Iúil 2014 maidir le haontachas Eacuadór leis an gComhaontú. An 11 Samhain 2016, síníodh an Prótacal Aontachais leis an gComhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile, le haontachas Eacuadór a chur san áireamh (3) (an “Prótacal Aontachais”) agus cuirfear i bhfeidhm é go sealadach i gcomhréir le hAirteagal 27(4) de ón 1 Eanáir 2017.

(3)

Tar éis shíniú an Phrótacail Aontachais, is gá a ráthú, maidir le hEacuadór, cur i bhfeidhmiú éifeachtach an chlásail coimirce dhéthaobhaigh agus an sásra cobhsaíochta do bhananaí, amhail dá bhforáiltear sa Chomhaontú.

(4)

Lena chois sin, tagraíonn an cód Ainmníochta Comhcheangailte (AC) le haghaidh bananaí a úsáidtear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú (Sceidil um Dhíchur Taraife) do chód AC 2007. Is ionann an cód a úsáidtear i Rialachán (AE) Uimh. 19/2013 (4) agus Rialachán (AE) Uimh. 20/2013 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle araon. Athraíodh, áfach, an cód ábhartha do bhananaí ón 1 Eanáir 2012 ó 0803 00 19 go 0803 90 10 chun leasuithe ar an gCóras Comhchuibhithe (CC) éigeantach a léiriú. Ar mhaithe le soiléire, ba cheart an t-athrú sin a thabhairt isteach i Rialachán (AE) Uimh. 19/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 20/2013 araon sa chuid ábhartha maidir leis an sásra cobhsaíochta do bhananaí.

(5)

Ceann de na príomhtháirgeoirí agus de na príomhsholáthróirí bananaí chuig an Aontas is ea Eacuadór, mar aon leis an gColóim. Ba cheart, dá bhrí sin, an sásra cobhsaíochta reatha do bhananaí a leathnú amach chuig Eacuadór.

(6)

Tá an sásra cobhsaíochta ann ó 2013 agus is dealraitheach, bunaithe ar an taithí roimhe seo, gur cheart an sreabh faisnéise idir an Coimisiún, na Ballstáit agus Parlaimint na hEorpa a fheabhsú, go háirithe trí luathrabhadh a áireamh sa chás go sroichfidh na méideanna allmhairí 80 % de na méideanna allmhairí truiceartha.

(7)

Mar gheall ar an idirchaidreamh dlúth atá ag an Rialachán seo leis an gComhaontú, is iomchuí an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ó dháta chur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail Aontachais.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 19/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 20/2013 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 19/2013 mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Rialachán (AE) Uimh. 19/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach agus sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim, Peiriú agus Eacuadór, den pháirt eile”.

2.

I bpointe (a) d’Airteagal 1, in Airteagal 2(1), in Airteagal 4(4), in Airteagal 5(6) agus (11), in Airteagal 6(1), in Airteagal 7(1), in Airteagal 9(1), agus in Airteagal 11, cuirtear na focail “an Cholóim, Eacuadór nó Peiriú” in ionad na bhfocal “an Cholóim nó Peiriú”.

3.

In Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

“(h)

ciallaíonn ‘idirthréimhse’ 10 mbliana ón dáta faoi seach ar a cuireadh an Comhaontú i bhfeidhm i gcás táirgí dá ndéanann na sceidil um dhíchur taraife d’earraí de thionscnamh na Colóime, Pheiriú nó Eacuadór, arna leagan amach i bhForoinn 1, Foroinn 2 agus Foroinn 3 de Roinn B d’Fhoscríbhinn 1 (Dleachtanna Custaim a Dhíchur) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú (Sceidil um Dhíchur Taraife) foráil maidir le tréimhse níos lú ná 10 mbliana le haghaidh dhíchur na taraife, nó an tréimhse le haghaidh dhíchur na taraife móide trí bliana i gcás táirge dá ndéanann an Sceideal um Dhíchur Taraife foráil do thréimhse 10 mbliana nó níos mó le haghaidh dhíchur na taraife. Beidh an idirthréimhse infheidhme maidir le hEacuadór ó dháta chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe.”.

4.

In Airteagal 3(1), (3) agus (4) agus in Airteagal 13(4), cuirtear na focail “an Cholóim, Eacuadór agus Peiriú” in ionad na bhfocal “an Cholóim agus Peiriú”.

5.

In Airteagal 15 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

“1.   I gcás bananaí de thionscnamh na Colóime, Eacuadór nó Pheiriú a thagann faoi cheannteideal 0803 90 10 den Ainmníocht Chomhcheangailte (bananaí úra, gan plantáin a áireamh) agus a liostaítear faoi chatagóir céimnithe ‘BA’ sa Sceideal um Dhíchur Taraife i gcás na Colóime agus Pheiriú agus faoi chatagóir céimnithe ‘SP1’ sa Sceideal um Dhíchur Taraife i gcás Eacuadór faoin cheannteideal 0803 00 19, beidh feidhm ag sásra cobhsaíochta go dtí an 31 Nollaig 2019.

2.   Socraítear méid allmhairí truiceartha bliantúil ar leith le haghaidh allmhairí táirgí dá dtagraítear i mír 1, mar a léirítear sa dara, sa tríú agus sa cheathrú colún den tábla san Iarscríbhinn. Chomh luath agus a shroichtear an trucairmhéid i gcás na Colóime, Eacuadór nó Pheiriú le linn na bliana féilire comhfhreagraí, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 14(4), gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena ndéanfaidh sé an dleacht chustaim fhabhrach is infheidhme maidir le táirgí den tionscnamh comhfhreagrach a fhionraí go sealadach le linn na bliana céanna go ceann tréimhse nach mó ná trí mhí, agus nach dtéann thar dheireadh na bliana féilire nó lena gcinnfidh sé nach bhfuil an fhionraí sin iomchuí.

2a.   Nuair a shroichfidh na méideanna allmhairí 80 % den mhéid allmhairí truiceartha, mar a léirítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcás ceann amháin nó níos mó de na páirtithe sa Chomhaontú, déanfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an airdeall go foirmiúil i scríbhinn. Ag an am céanna, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis ábhartha maidir leis na treochtaí i mbananaí agus staidreamh allmhairithe maidir leis na hallmhairí ó na tíortha atá faoi réir an tsásra cobhsaithe, mar aon lena dtairseacha ábhartha, a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle chun go bhféadfar na treochtaí allmhairithe don chuid eile den bhliain féilire a réamh-mheas.”.

6.

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne.

Airteagal 2

In Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 20/2013, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

‘1.   I gcás bananaí de thionscnamh Mheiriceá Láir a thagann faoi cheannteideal 0803 90 10 den Ainmníocht Chomhcheangailte (bananaí úra, gan plantáin a áireamh) agus atá liostaithe faoi chatagóir “ST” sa Sceideal um Dhíchur Taraife faoi cheannteideal 0803 00 19, beidh feidhm ag sásra cobhsaíochta go dtí an 31 Nollaig 2019.

2.   Socraítear méid allmhairí truiceartha bliantúil ar leith le haghaidh allmhairí táirgí dá dtagraítear i mír 1, mar a léirítear sa tábla san Iarscríbhinn. Maidir le hallmhairiú na dtáirgí dá dtagraítear i mír 1 ag an ráta dleachta custaim fabhrach, sa bhreis ar an gcruthúnas tionscnaimh arna bhunú faoi Iarscríbhinn II (Maidir le sainmhíniú an choincheapa “táirgí tionscnaimh” agus modhanna comhair riaracháin) a ghabhann leis an gComhaontú, beidh siad faoi réir deimhniú onnmhairiúcháin a thíolacadh, ar deimhniú é arna eisiúint ag údarás inniúil de chuid Mheiriceá Láir óna n-onnmhairítear na táirgí. Chomh luath agus a shroichtear an trucairmhéid i gcás tír de chuid Mheiriceá Láir le linn na bliana féilire comhfhreagraí, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 14(4), gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena ndéanfaidh sé an dleacht chustaim fhabhrach is infheidhme maidir le táirgí den tionscnamh comhfhreagrach a fhionraí go sealadach le linn na bliana céanna go ceann tréimhse nach mó ná trí mhí, agus nach dtéann thar dheireadh na bliana féilire nó lena cinnfidh sé nach bhfuil an fhionraí sin iomchuí.

2a.   Nuair a shroichfidh na méideanna allmhairí 80 % den mhéid allmhairí truiceartha, mar a léirítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcás ceann amháin nó níos mó de na páirtithe sa Chomhaontú, déanfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an airdeall go foirmiúil i scríbhinn. Ag an am céanna, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis ábhartha maidir leis na treochtaí i mbananaí agus i staidreamh allmhairithe maidir le hallmhairí ó na tíortha atá faoi réir an tsásra cobhsaithe, mar aon lena dtairseacha ábhartha, a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle chun go bhféadfar na treochtaí allmhairithe don chuid eile den bhliain féilire a réamh-mheas.’.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2017.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 15 Márta 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

I. BORG


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Feabhra 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Feabhra 2017.

(2)  IO L 354, 21.12.2012, lch. 3.

(3)  IO L 356, 24.12.2016, lch. 3.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 19/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach agus sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile (IO L 17, 19.1.2013, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 20/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach agus sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir ar an taobh eile (IO L 17, 19.1.2013, lch. 13).


IARSCRÍBHINN

Tábla maidir le méideanna allmhairí truiceartha le haghaidh chur i bhfeidhm an tsásra cobhsaíochta do bhananaí dá bhforáiltear i Roinn B d’Fhoscríbhinn 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú: don Cholóim, Foroinn 1; do Pheiriú, Foroinn 2; agus d’Eacuadór, Foroinn 3

Bliain

Méid allmhairí truiceartha don Cholóim, i dtonaí méadracha

Méid allmhairí truiceartha do Pheiriú, i dtonaí méadracha

Méid allmhairí truiceartha d’Eacuadór, i dtonaí méadracha

Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2017

1 822 500

93 750

1 801 788

Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2018

1 890 000

97 500

1 880 127

Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2019

1 957 500

101 250

1 957 500

Amhail ón 1 Eanáir 2020

Neamhbhainteach

Neamhbhainteach

Neamhbhainteach


Dearbhú comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún

Comhaontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir lena thábhachtaí atá dlúthchomhar i bhfaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile (1), arna leasú leis an bPrótacal Aontachais leis an gComhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile, chun aontachas Eacuadór a chur san áireamh (2), Rialachán (AE) Uimh. 19/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach agus sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile (3), agus Rialachán (AE) Uimh. 20/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach agus sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir ar an taobh eile (4). Chuige sin, aontaíonn siad maidir leis an méid seo a leanas:

Arna iarraidh sin do choiste freagrach Pharlaimint na hEorpa, déanfaidh an Coimisiún aon ábhair shonracha imní a thuairisciú dó maidir le cur chun feidhme a ngealltanas ag an gColóim, Eacuadór nó Peiriú i leith trádáil agus forbairt inbhuanaithe.

I gcás ina nglacfaidh Parlaimint na hEorpa moladh chun imscrúdú coimirce a thionscnamh, déanfaidh an Coimisiún scrúdú cúramach i dtaobh an bhfuil na coinníollacha faoi Rialachán (AE) Uimh. 19/2013 nó faoi Rialachán (AE) Uimh. 20/2013 maidir le tionscnamh ex-officio á gcomhlíonadh. Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil na coinníollacha á gcomhlíonadh, déanfaidh sé tuarascáil a thíolacadh do choiste freagrach Pharlaimint na hEorpa ina mbeidh míniú ar na tosca go léir atá ábhartha maidir le tionscnamh an imscrúdaithe sin.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú, faoin 1 Eanáir 2019, ar an staid maidir le táirgeoirí bananaí chuig an Aontas. Má fhaightear go ndearnadh meath tromchúiseach ar staid an mhargaidh nó ar an staid maidir le tairgeoirí bananaí chuig an Aontas, féadfar féachaint ar shíneadh a chur le tréimhse bailíochta an tsásra le toiliú na bpáirtithe leis an gComhaontú.

Leanfaidh an Coimisiún d’anailís a dhéanamh go tráthrialta ar staid an mhargaidh agus ar an staid maidir le táirgeoirí bananaí chuig an Aontas tar éis don sásra cobhsaíochta dul in éag. Má fhaightear go ndearnadh meath tromchúiseach ar staid an mhargaidh nó ar an staid maidir le tairgeoirí bananaí chuig an Aontas, i bhfianaise a thábhachtaí atá earnáil na mbananaí do na réigiúin is forimeallaí, déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar an staid, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí, agus cinnfidh sé ar cheart bearta iomchuí a mheas. D’fhéadfadh an Coimisiún cruinnithe faireacháin a chomóradh go tráthrialta freisin leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí.

D’fhorbair an Coimisiún uirlisí staidrimh le go bhféadfar faireachán agus measúnú a dhéanamh ar na treochtaí in allmhairiú bananaí agus ar staid mhargadh na mbananaí san Aontas. Beidh aird speisialta ag an gCoimisiún ar athbhreithniú a dhéanamh ar fhormáid na sonraí faireachais allmhairí chun go gcuirfear faisnéis nuashonraithe ar fáil go tráthrialta ar mhodh a bheidh níos fusa don úsáideoir.


(1)  IO L 354, 24.12.2012, lch. 3.

(2)  IO L 356, 24.12.2016, lch. 3.

(3)  IO L 17, 19.1.2013, lch. 1.

(4)  IO L 17, 19.1.2013, lch. 13.