|
21.11.2017 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
12 |
TREOIR (AE) 2017/2103 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Samhain 2017
lena leasaítear Cinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle chun substaintí sícighníomhacha nua a áireamh sa sainmhíniú ar “dhruga” agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/387/CGB ón gComhairle
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 83(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle (3), foráiltear do chur chuige coiteann chun dul i ngleic leis an ngáinneáil aindleathach ar dhrugaí, ar rud é atá ina bhagairt do shláinte, sábháilteacht agus cáilíocht beatha shaoránaigh an Aontais, don gheilleagar dleathach agus do chobhsaíocht agus slándáil na mBallstát. Leagtar síos i gCinneadh Réime 2004/757/CGB na rialacha íosta coiteanna maidir leis an sainmhíniú ar chionta agus smachtbhannaí i leith na gáinneála ar dhrugaí d'fhonn deacrachtaí a sheachaint i ndáil leis an gcomhar idir údaráis bhreithiúnacha agus gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí na mBallstát, ar deacrachtaí iad a thiocfadh chun cinn dá mba rud é nach mbeadh an cion nó na cionta i dtrácht inphionóis faoi dhlí an Bhallstáit iarrthaigh agus faoi dhlí an Bhallstáit iarrtha araon. |
|
(2) |
Tá feidhm ag Cinneadh Réime 2004/757/CGB maidir leis na substaintí a chumhdaítear faoi Choinbhinsiún Aonair na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí Támhshuanacha, 1961, arna leasú le Prótacal 1972, agus maidir leis na substaintí a chumhdaítear faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Substaintí Síceatrópacha, 1971 (“Coinbhinsiúin na NA”), agus maidir leis na drugaí sintéiseacha atá faoi réir bearta rialaithe ar fud an Aontais de bhun Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 97/396/CGB ón gComhairle (4), lena ngabhann rioscaí don tsláinte phoiblí atá inchomparáide leis na rioscaí a ghabhann leis na substaintí a sceidealaítear faoi Choinbhinsiúin na NA. |
|
(3) |
Ba cheart feidhm a bheith freisin ag Cinneadh Réime 2004/757/CGB maidir leis na substaintí atá faoi réir bearta rialaithe agus pionóis choiriúla de bhun Chinneadh 2005/387/CGB ón gComhairle (5), lena ngabhann rioscaí don tsláinte phoiblí atá inchomparáide leis na rioscaí a ghabhann leis na substaintí a sceidealaítear faoi Choinbhinsiúin na NA. |
|
(4) |
Tá substaintí sícighníomhacha nua, ar substaintí iad a dhéanann aithris ar éifeachtaí na substaintí a sceidealaítear faoi Choinbhinsiúin na NA, ag teacht chun cinn de shíor agus ag leathadh go mear ar fud an Aontais. Gabhann rioscaí tromchúiseacha don tsláinte phoiblí agus rioscaí tromchúiseacha sóisialta le substaintí áirithe sícighníomhacha nua. Le Rialachán (AE) 2017/2101 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), foráiltear do chreat faoina bhféadfar faisnéis a mhalartú maidir le substaintí sícighníomhacha nua agus foráiltear do nós imeachta measúnaithe riosca bunaithe ar thuarascáil tosaigh agus ar thuarascáil ar an measúnú riosca arna ndréachtú lena mheas an ngabhann rioscaí tromchúiseacha don tsláinte phoiblí agus rioscaí tromchúiseacha sóisialta le substaint shícighníomhach nua. Chun an fháil atá ar shubstaintí sícighníomhacha nua lena ngabhann rioscaí tromchúiseacha don tsláinte phoiblí agus, i gcás inarb infheidhme, lena ngabhann rioscaí tromchúiseacha sóisialta, a laghdú ar bhealach éifeachtach, agus chun an gháinneáil ar na substaintí sin ar fud an Aontais a dhíspreagadh, agus chun eagraíochtaí coiriúla a chur ó bheith rannpháirteach sa gháinneáil sin, ba cheart na substaintí sin a áireamh sa sainmhíniú ar “druga” i gcomhréir le forálacha na Treorach seo, agus forálacha comhréireacha an dlí choiriúil mar thaca leo. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, na substaintí sícighníomhacha nua a áirítear sa sainmhíniú ar “druga” a chumhdach faoi fhorálacha dhlí coiriúil an Aontais maidir le gáinneáil aindleathach ar dhrugaí. Chuideodh sin le creat dlíthiúil an Aontais a shruthlíniú agus a shoiléiriú toisc go mbeadh feidhm ag na forálacha céanna den dlí coiriúil maidir leis na substaintí a chumhdaítear faoi Choinbhinsiúin na NA agus maidir leis na substaintí sícighníomhacha nua is mó díobháil. Ba cheart, dá bhrí sin, an sainmhíniú ar “druga” i gCinneadh Réime 2004/757/CGB a leasú. |
|
(6) |
Leis an Treoir seo, ba cheart na gnéithe riachtanacha den sainmhíniú ar “druga” a shuíomh, mar aon leis an nós imeachta agus na critéir maidir le substaintí sícighníomhacha nua a áireamh sa sainmhíniú sin. Thairis sin, d'fhonn substaintí sícighníomhacha atá faoi réir bearta rialaithe cheana ag cinntí ón gComhairle arna nglacadh i gcomhréir le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 97/396/CGB agus le Cinneadh 2005/387/CGB a áireamh sa sainmhíniú ar “druga”, ba cheart Iarscríbhinn ina bhfuil liosta de na substaintí sícighníomhacha sin a chur le Cinneadh Réime 2004/757/CGB. |
|
(7) |
Chun aghaidh a thabhairt go gasta ar theacht chun cinn agus ar leathadh substaintí sícighníomhacha nua díobhálacha san Aontas, áfach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Iarscríbhinn sin a leasú chun substaintí sícighníomhacha nua a áireamh sa sainmhíniú ar “druga”. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (7). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(8) |
Chun aghaidh a thabhairt go gasta ar theacht chun cinn agus ar leathadh substaintí sícighníomhacha nua díobhálacha san Aontas, ba cheart do na Ballstáit forálacha Chinneadh Réime 2004/757/CGB a chur i bhfeidhm maidir leis na substaintí sícighníomhacha nua lena ngabhann rioscaí tromchúiseacha don tsláinte phoiblí agus, i gcás inarb infheidhme, lena ngabhann rioscaí tromchúiseacha sóisialta, a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná 6 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm gnímh tarmligthe lena leasaítear an Iarscríbhinn chun iad a áireamh sa sainmhíniú ar “druga”. Ba cheart do na Ballstáit gach iarracht a dhéanamh an spriocdháta sin a ghiorrú a mhéid is féidir. |
|
(9) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit ag gníomhú dóibh ina n-aonar cuspóir na Treorach seo, eadhon cur i bhfeidhm fhorálacha dhlí coiriúil an Aontais a bhfuil feidhm leo maidir le gáinneáil aindleathach ar dhrugaí a leathnú le go gcumhdófaí freisin substaintí sícighníomhacha nua lena ngabhann rioscaí tromchúiseacha don tsláinte phoiblí agus, i gcás inarb infheidhme, lena ngabhann rioscaí tromchúiseacha sóisialta, a ghnóthú go leordhóthanach, agus gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
|
(10) |
Urramaítear leis an Treoir seo na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, toimhde na neamhchiontachta agus ceart chun cosaint a fháil, an ceart chun nach ndéanfar duine a thriail ná a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla i ngeall ar an gcion coiriúil céanna agus prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis. |
|
(11) |
Ós rud é gur ceapadh an Treoir seo mar aon le Rialachán (AE) 2017/2101 le cur in ionad an tsásra a bunaíodh le Cinneadh 2005/387/CGB, ba cheart an Cinneadh sin a aisghairm. |
|
(12) |
I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an CAE agus leis an CFAE, tá fógra tugtha ag Éirinn gur mian léi bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm na Treorach seo. |
|
(13) |
I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an CAE agus leis an CFAE, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm. |
|
(14) |
I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an CAE agus leis an CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm. |
|
(15) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Réime 2004/757/CGB a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Chinneadh Réime 2004/757/CGB
Leasaítear Cinneadh Réime 2004/757/CGB mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:
|
|
(2) |
cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach: “Airteagal 1a An nós imeachta chun substaintí sícighníomhacha nua a áireamh sa sainmhíniú ar ‘dhruga’ 1. Bunaithe ar mheasúnú riosca nó ar mheasúnú comhcheangailte riosca a rinneadh de bhun Airteagal 5c de Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), agus i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí, gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 8a lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Réime seo d'fhonn an tsubstaint shícighníomhach nua nó na substaintí sícighníomhacha nua a chur léi agus lena bhforáiltear go ngabhann rioscaí tromchúiseacha don tsláinte phoiblí agus, i gcás inarb infheidhme, rioscaí tromchúiseacha sóisialta ar leibhéal an Aontais, leis an tsubstaint shícighníomhach nua nó leis na substaintí sícighníomhacha nua agus go bhfuil sí nó siad san áireamh sa sainmhíniú ar ‘dhruga’. 2. Agus breithniú á dhéanamh aige an nglacfaidh sé gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an suntasach méid agus patrúin úsáide na substainte sícighníomhaí nua agus an fháil atá uirthi agus an fhéidearthacht go scaipfear í laistigh den Aontas, agus an gcuirfeadh an bheatha i mbaol i ngeall ar an dochar sláinte a leanann as tomhailt na substainte sícighníomhaí nua, a bhaineann lena géarthocsaineacht nó lena tocsaineacht ainsealach nó leis an dóchúlacht go mbainfí mí-úsáid aisti nó go n-éireodh duine spleách uirthi. Meastar go gcuirtear an bheatha i mbaol más dócha go mbeadh an tsubstaint shícighníomhach nua ina cúis le bás nó gortú marfach, le dianghalar, le dianmhallachar fisiceach nó meabhrach nó le mórleathadh galar, lena n-áirítear tarchur víreas fuil-iompartha. Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an díobháil thromchúiseach í an díobháil shóisialta a dhéanann an tsubstaint shícighníomhach nua do dhaoine aonair agus don tsochaí, agus, go háirithe, an dtagann míshocracht san ord poiblí nó iompar foréigneach nó frithshóisialta as tionchar na substainte sícighníomhaí nua ar fheidhmiú sóisialta agus ar an ord poiblí, rud a dhéanann díobháil don úsáideoir nó do dhaoine eile nó a dhéanann dochar do mhaoin, nó an córasach gníomhaíochtaí coiriúla a bhaineann leis an tsubstaint shícighníomhach nua, lena n-áirítear an choireacht eagraithe, nó an ngnóthaíonn siad brabús suntasach aindleathach nó an bhfuil costais shuntasacha ar an ngeilleagar ag baint leo. 3. Más rud é, laistigh de 6 seachtaine ón dáta a bhfaightear an tuarascáil ar an measúnú riosca nó an tuarascáil ar an measúnú comhcheangailte riosca i gcomhréir le hAirteagal 5c(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006, go meastar don Choimisiún nach gá gníomh tarmligthe a ghlacadh chun an tsubstaint shícighníomhach nua nó na substaintí sícighníomhacha nua a áireamh sa sainmhíniú ar ‘dhruga’, cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina míneofar na cúiseanna atá leis sin. 4. I dtaca leis na substaintí sícighníomhacha nua a chuirtear leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Réimse seo, na Ballstáit sin nach bhfuil sé déanta acu go fóill, tabharfaidh siad i bhfeidhm na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun forálacha an Chinnidh Réime seo a chur i bhfeidhm maidir leis na substaintí sícighníomhacha nua sin a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tarmligthe lena leasaítear an Iarscríbhinn. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach. Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Chinneadh Réime seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin. Airteagal 1b Bearta rialaithe náisiúnta Gan dochar do na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar na Ballstáit faoin gCinneadh Réime seo, féadfaidh na Ballstáit aon bhearta rialaithe náisiúnta maidir le substaintí sícighníomhacha nua a mheasann siad a bheadh iomchuí a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach ina gcríocha. (*1) Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí (IO L 376, 27.12.2006, lch. 1).”;" |
|
(3) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 8a An tarmligean a fheidhmiú 1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. 2. Déanfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 1a a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 22 Samhain 2017. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1a a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*2). 5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi. 6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 1a i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. (*2) IO L 123, 12.5.2016, lch 1.”;" |
|
(4) |
déantar Iarscríbhinn, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo, a chur léi. |
Airteagal 2
Trasuí na Treorach seo
Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 23 Samhain 2018. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.
Airteagal 3
Cinneadh 2005/387/CGB a aisghairm
1. Déantar Cinneadh 2005/387/CGB a aisghairm le héifeacht ón 23 Samhain 2018.
2. D'aineoinn mhír 1, leanfaidh Cinneadh 2005/387/CGB d'fheidhm a bheith aige maidir le substaintí sícighníomhacha nua ar tíolacadh comhthuarascáil, dá dtagraítear in Airteagal 5 den Chinneadh sin, ina leith roimh an 23 Samhain 2018.
3. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le mír 4 go mír 8 den Airteagal seo lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Réime 2004/757/CGB d'fhonn substaintí sícighníomhacha nua dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a chur leis.
4. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 2 bhliain ón 22 Samhain 2017.
5. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear i mír 3 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
6. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
7. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
8. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun mhír 3 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 5
Seolaithe
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna déanamh in Strasbourg, 15 Samhain 2017.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. MAASIKAS
(1) IO C 177, 11.6.2014, lch. 52.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 25 Meán Fómhair 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Deireadh Fómhair 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(3) Cinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2004 lena leagtar síos forálacha íosta maidir leis na heilimintí a chomhdhéanann gníomhartha coiriúla agus maidir le pionóis i réimse na gáinneála neamhdhleathaí ar dhrugaí (IO L 335, 11.11.2004, lch. 8).
(4) Gníomhaíocht Chomhpháirteach 97/396/CGB an 16 Meitheamh 1997 a ghlac an Chomhairle ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le malartú faisnéise, measúnú riosca agus rialú drugaí sintéiseacha nua (IO L 167, 25.6.1997, lch. 1).
(5) Cinneadh 2005/387/CGB ón gComhairle an 10 Bealtaine 2005 maidir le malartú faisnéise, measúnú riosca agus rialú substaintí sícighníomhacha nua (IO L 127, 20.5.2005, lch. 32).
(6) Rialachán (AE) 2017/2101 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 a mhéid a bhaineann le malartú faisnéise maidir le substaintí sícighníomhacha nua, agus le córas luathrabhaidh agus nós imeachta measúnaithe riosca maidir leo (féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN
Liosta substaintí dá dtagraítear i bpointe (b) de phointe 1 d'Airteagal 1
|
1. |
P-Meitiltia-amfataimín nó 4-Meitiltia-amfataimín, dá dtagraítear i gCinneadh 1999/615/CGB ón gComhairle (1). |
|
2. |
Parameatocsaimeitiolamfataimín nó N-meitil-1-(4-meatocsaifeinil)-2-aimíneaprópán, dá dtagraítear i gCinneadh 2002/188/CGB ón gComhairle (2). |
|
3. |
2,5-démheatocsa-4-iadaifeineitiolaimín, 2,5-démheatocsa-4-eitiltiaifeineitiolaimín, 2,5-démheatocsa-4-(n)-próipiltiaifeineitiolaimín agus 2,4,5-trimeatocsa-amfataimín, dá dtagraítear i gCinneadh 2003/847/CGB ón gComhairle (3). |
|
4. |
1-beinsilpipioraisín nó 1-beinsil-1,4-diasóicioglaiheacsán nó N-beinsilpipioraisín nó beinsilpipioraisín, dá dtagraítear i gCinneadh 2008/206/CGB ón gComhairle (4). |
|
5. |
4-meitilmeatcátíonón, dá dtagraítear i gCinneadh 2010/759/AE ón gComhairle (5). |
|
6. |
4-meitil-5-(4-meitilfeinil)-4,5-dé-hiodrocsasóil-2-aimín (4,4′-DMAR) agus 1-cioglaiheicsil-4-(1,2-défeinileitil)pipioraisín (MT-45), dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1873 ón gComhairle (6). |
|
7. |
4-meitiolamfataimín, dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1874 ón gComhairle (7). |
|
8. |
4-iada-2,5-dé-mheatocsa-N-(2-meatocsaibeinsil)feineitiolaimín (25I-NBOMe), 3,4-déchlóra-N-[[1- (démheitiolaimín)cioglaiheicsil]meitil]beansaimíd (AH-7921), 3,4-meitiléindé-ocsaipireavaléarón (MDPV) agus 2-(3-meatocsaifeinil)-2-(eitilaimíni)cioglaiheacsanón (meatocsataimín), dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1875 ón gComhairle (8). |
|
9. |
5-(2-aimíneapróipil)iondóil, dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1876 ón gComhairle (9). |
|
10 |
1-feinil-2-(pioróilidéin-1-il) peantán-1-ón (α-pioróilidéinovalerifeanón, α-PVP), dá dtagraítear i gCinneadh (AE) 2016/1070 ón gComhairle (10). |
|
11. |
Meithil2-[[1-(cioglaiheicilmeitil)-1H-iondóil-3-carbóinil]aimíni] 3,3-démheitiolbútánóáit(MDM CHMICA), dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/369 ón gComhairle (11). |
|
12. |
N-(1-feineitilpipiridin-4-il)-N-feinilaicriolaimíd (aicrilílfeantáinil), dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE)2017/1774 (12). |
(1) Cinneadh 1999/615/CGB ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 1999 lena sainmhínítear 4-MTA mar dhruga sintéiseach nua atá le cur faoi réir bearta rialaithe agus pionóis choiriúla (IO L 244, 16.9.1999, lch. 1).
(2) Cinneadh 2002/188/CGB ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir le bearta rialaithe agus smachtbhannaí coiriúla i ndáil le PMMA, an druga sintéiseach nua (IO L 63, 6.3.2002, lch. 14).
(3) Cinneadh 2003/847/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2003 maidir le bearta rialaithe agus smachtbhannaí coiriúla i ndáil le 2C-I, 2C-T-2, 2C-T-7 agus TMA-2, drugaí sintéiseacha nua (IO L 321, 6.12.2003, lch. 64).
(4) Cinneadh 2008/206/CGB ón gComhairle an 3 Márta 2008 maidir le 1-beinsilpipioraisín (BZP) a shainiú mar shubstaint shícighníomhach nua atá le cur faoi réir bearta rialaithe agus forálacha coiriúla (IO L 63, 7.3.2008, lch. 45).
(5) Cinneadh 2010/759/AE ón gComhairle an 2 Nollaig 2010 maidir le 4-meitilmeatcátíonón (meifeadrón) a chur faoi réir bearta rialaithe (IO L 322, 8.12.2010, lch. 44).
(6) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1873 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2015 maidir le 4-meitil-5-(4-meitilfeinil)-4,5-dé-hiodrocsasóil-2-aimín (4,4′-DMAR) agus 1-cioglaiheicsil-4-(1,2-défeinileitil)pipioraisín (MT-45) a chur faoi réir bearta rialaithe (IO L 275, 20.10.2015, lch. 32).
(7) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1874 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2015 maidir le 4-meitiolamfataimín a chur faoi réir bearta rialaithe (IO L 275, 20.10.2015, lch. 35).
(8) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1875 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2015 maidir le 4-iada-2,5-dé-mheatocsa-N-(2-meatocsaibeinsil)feineitiolaimín (25I-NBOMe), 3,4-déchlóra-N-[[1-(démheitiolaimín)cioglaiheicsil]meitil]beansaimíd (AH-7921), 3,4-meitileindé-ocsaipireavaléarón (MDPV) agus 2-(3-meatocsaifeinil)-2-(eitilaimíni)cioglaiheacsanón (meatocsataimín) a chur faoi réir bearta rialaithe (IO L 275, 20.10.2015, lch. 38).
(9) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1876 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2015 maidir le 5-(2-aimíneapróipil) iondóil a chur faoi réir bearta rialaithe (IO L 275, 20.10.2015, lch. 43).
(10) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1070 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2016 maidir le 1-feinil-2-(pioróilidéin-1-il) peantán-1-ón (α-pioróilidéinovalerifeanón, α-PVP) a chur faoi réir bearta rialaithe (IO L 178, 2.7. 2016, lch. 18).
(11) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/369 ón gComhairle an 27 Feabhra 2017 maidir le meitil 2-[[1-(cioglaiheicsilmeitil)-1H-iondóil-3-carbóinil]aimíni]-3,3-démheitiolbútánóáit (MDMB-CHMICA) a chur faoi réir bearta rialaithe (IO L 56, 3.3.2017, lch. 210).
(12) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1774 ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2017 maidir le N-(1-feineitilpipiridin-4-il)-N-feinilaicriolaimíd (aicrilílfeantáinil) a chur faoi réir bearta rialaithe (IO L 251, 29.9.2017, Ich.21).