17.11.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

13


RIALACHÁN (AE) 2016/1953 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Deireadh Fómhair 2016

maidir le doiciméad taistil Eorpach a bhunú i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh, agus lena n-aisghairtear Moladh ón gComhairle an 30 Samhain 1994

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 79(2)(c) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is cuid ríthábhachtach de na hiarrachtaí atá á ndéanamh inchreidteacht agus feidhmiú cuí éifeachtach bheartas imirce an Aontais a áirithiú agus an imirce neamhrialta a laghdú agus a chosc é náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí sna Ballstáit a fhilleadh, agus sin a dhéanamh agus a gcearta bunúsacha, go háirithe prionsabal an non-refoulement, á n-urramú ina n-iomláine, agus i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(2)

Bíonn deacrachtaí ag údaráis náisiúnta na mBallstát náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil doiciméid taistil bhailí ina seilbh acu agus atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh.

(3)

Tá sé sár-riachtanach an comhar le príomhthíortha tionscnaimh agus idirthurais na náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fheabhsú i dtaca le filleadh agus le hathligean isteach d’fhonn na rátaí um fhilleadh, atá míshásúil, a mhéadú. I dtaca leis sin, tá sé ábhartha doiciméad taistil Eorpach feabhsaithe a bhunú i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh.

(4)

Ní ghlacann údaráis tríú tír go forleathan leis an doiciméad taistil caighdeánach reatha i ndáil le náisiúnaigh tríú tír a fhilleadh, doiciméad arna bhunú le Moladh ón gComhairle an 30 Samhain 1994 (3), i ngeall nach bhfuil caighdeáin slándála an doiciméid sin leordhóthanach, i measc rudaí eile.

(5)

Is gá, dá bhrí sin, tríú tíortha a spreagadh le go nglacfaidh siad le doiciméad taistil Eorpach feabhsaithe agus aonfhoirmeach i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh mar dhoiciméad tagartha chun críocha an fhillidh.

(6)

Ba cheart doiciméad taistil Eorpach a bheadh níos sláine agus a bheadh aonfhoirmeach a bhunú i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh) chun filleadh agus athligean isteach náisiúnach tríú tír a bheadh ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch na mBallstát a éascú. Le gnéithe feabhsaithe slándála agus le sonraíochtaí feabhsaithe teicniúla an doiciméid taistil Eorpaigh um fhilleadh, ba cheart aitheantas ó thríú tíortha don doiciméad a éascú. Leis an doiciméad sin, ba cheart cur i gcrích an phróisis um fhilleadh a éascú i gcomhthéacs comhaontuithe um athligean isteach nó socruithe eile arna gcur i gcrích ag an Aontas nó ag na Ballstáit le tríú tíortha, agus i gcomhthéacs an chomhair le tríú tíortha a bhaineann le filleadh nach gcuimsítear faoi chomhaontuithe foirmiúla.

(7)

Dualgas faoi dhlí idirnáisiúnta an ghnáis, a cheanglaítear ar gach Stát a chomhlíonadh, is ea athligean isteach a náisiúnach féin. Ba cheart sainaithint náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach agus eisiúint doiciméad, lena n-áirítear an doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh, a bheith faoi réir comhar le hionadaíochtaí taidhleoireachta agus caibidlíocht le tríú tíortha atá ag cur comhaontuithe um athligean isteach i gcrích, leis an Aontas nó leis na Ballstáit.

(8)

Comhaontuithe um athligean isteach arna gcur i gcrích ag an Aontas le tríú tíortha, ba cheart dóibh aitheantas a lorg don doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh. Ba cheart do na Ballstáit aitheantas a lorg don doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh i gcomhaontuithe déthaobhacha agus i socruithe eile agus i gcomhthéacs an chomhair le tríú tíortha a bhaineann le filleadh nach gcuimsítear faoi chomhaontuithe foirmiúla. Ba cheart do na Ballstáit iarrachtaí a dhéanamh úsáid éifeachtach an doiciméid taistil Eorpaigh um fhilleadh a áirithiú.

(9)

Ba cheart don doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh cur leis an ualach riaracháin agus maorlathaigh atá ar ranna riaracháin na mBallstát agus na dtríú tíortha a laghdú, lena n-áirítear seirbhísí consalacha, agus le fad na nósanna imeachta riaracháin is gá chun filleadh agus athligean isteach náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a áirithiú a laghdú.

(10)

Níor cheart don Rialachán seo ach formáid, gnéithe slándála agus sonraíochtaí teicniúla an doiciméid taistil Eorpaigh um fhilleadh a chomhchuibhiú agus níor cheart dó na rialacha maidir lena eisiúint a chomhchuibhiú.

(11)

Ba cheart ábhar agus sonraíochtaí teicniúla an doiciméid taistil Eorpaigh um fhilleadh a chomhchuibhiú d’fhonn ardchaighdeáin theicniúla agus slándála a áirithiú, go háirithe ó thaobh cosaintí i gcoinne an ghóchumtha agus an fhalsaithe. Ba cheart gnéithe slándála inaitheanta comhchuibhithe a bheith ag gabháil leis an doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh. Ba cheart, dá bhrí sin, na gnéithe slándála agus sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 333/2002 ón gComhairle (4) a chur i bhfeidhm maidir leis an doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh.

(12)

Chun gnéithe áirithe neamhriachtanacha den mhúnla le haghaidh an doiciméid taistil Eorpaigh um fhilleadh a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (5). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(13)

Maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil faoi chuimsiú an Rialacháin seo, rachaidh na húdaráis inniúla i mbun a gcúraimí chun críocha an Rialacháin seo i gcomhréir leis na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin náisiúnta lena dtrasuítear Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(14)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo, a mhéid atá feidhm aige maidir le náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha maidir le dul isteach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(15)

A mhéid atá feidhm aige maidir le náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha maidir le dul isteach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle (8); dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(16)

A mhéid atá feidhm aige maidir le náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha maidir le dul isteach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (9); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(17)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo, a mhéid atá feidhm aige maidir le náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha maidir le dul isteach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399, forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (10), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (11).

(18)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo, a mhéid atá feidhm aige maidir le náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha maidir le dul isteach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399, forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (12), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (13).

(19)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo, a mhéid atá feidhm aige maidir le náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha maidir le dul isteach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399, forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (14), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (15).

(20)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(21)

D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a shuíomh agus soiléireacht na gcoincheap a áirithiú, is iomchuí an gníomh seo a ghlacadh i bhfoirm rialacháin.

(22)

Ba cheart do na Ballstáit a n-oibleagáidí faoi seach faoin dlí idirnáisiúnta agus faoi dhlí an Aontais a urramú, go háirithe Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe cosaint i gcás ina dtarlaíonn aistriú, díbirt nó eiseachadadh dá bhforáiltear in Airteagal 19 agus an dualgas dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

(23)

Ba cheart, dá bhrí sin, Moladh ón gComhairle an 30 Samhain 1994 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo doiciméad taistil Eorpach aonfhoirmeach i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh), go háirithe formáid, gnéithe slándála agus sonraíochtaí teicniúla an doiciméid sin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “náisiúnach tríú tír” náisiúnach tríú tír mar a shainmhínítear i bpointe 1 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE;

(2)

ciallaíonn “filleadh” filleadh mar a shainmhínítear i bpointe 3 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE;

(3)

ciallaíonn “cinneadh um fhilleadh” cinneadh um fhilleadh mar a shainmhínítear i bpointe 4 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE.

Airteagal 3

Doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh

1.   Beidh formáid an doiciméid taistil Eorpaigh um fhilleadh de réir an mhúnla a leagtar amach san Iarscríbhinn. Beidh sa doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

ainm, sloinne, dáta breithe, gnéas, náisiúntacht agus marcanna idirdhealaitheacha an náisiúnaigh tríú tír agus, más eol, seoladh an náisiúnaigh tríú tír sa tríú tír a mbeidh an náisiúnach sin ag filleadh uirthi;

(b)

grianghraf an náisiúnaigh tríú tír;

(c)

an t-údarás eisiúna, an dáta agus an áit eisiúna agus an tréimhse bailíochta;

(d)

faisnéis faoi imeacht agus teacht isteach an náisiúnaigh tríú tír.

2.   Déanfar an doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh a eisiúint i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Bhallstáit a eisíonn an cinneadh um fhilleadh agus, nuair is iomchuí, soláthrófar i mBéarla agus i bhFraincis é freisin.

3.   Beidh an doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh bailí le haghaidh turas singil suas go dtí an tráth a shroichfidh an náisiúnach tríú tír atá faoi réir cinneadh um fhilleadh arna eisiúint ag Ballstát an tríú tír a mbeidh an náisiúnach sin ag filleadh uirthi.

4.   Nuair is infheidhme, féadfar na doiciméid bhreise is gá chun náisiúnaigh tríú tír a fhilleadh a cheangal leis an doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh.

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 6 d’fhonn formáid an doiciméid taistil Eorpaigh um fhilleadh a leasú.

Airteagal 4

Sonraíochtaí teicniúla

1.   Is iad gnéithe slándála agus sonraíochtaí teicniúla an doiciméid taistil Eorpaigh um fhilleadh na gnéithe agus sonraíochtaí sin a leagfar amach in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 333/2002.

2.   Cuirfidh na Ballstáit ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit eile sampla den doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh arna tharraingt suas i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 5

Táillí eisiúna

Eiseofar an doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh saor in aisce don náisiúnach tríú tír.

Airteagal 6

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(5) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 7 Nollaig 2016.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(5) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó mas rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 7

Aisghairm

Aisghairtear Moladh ón gComhairle an 30 Samhain 1994.

Airteagal 8

Athbhreithniú agus tuairisciú

Faoin 8 Nollaig 2018, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus tuairisciú ar chur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo. Déanfar an t-athbhreithniú ar an Rialachán seo a chorprú ina dhiaidh sin sa mheasúnú dá bhforáiltear in Airteagal 19 de Threoir 2008/115/CE.

Airteagal 9

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 8 Aibreán 2017.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 26 Deireadh Fómhair 2016.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

I. LESAY


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2016.

(2)  Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).

(3)  Moladh ón gComhairle an 30 Samhain 1994 maidir le doiciméad taistil caighdeánach a ghlacadh i ndáil le náisiúnaigh tríú tír a dhíbirt (IO C 274, 19.9.1996, lch. 18).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 333/2002 ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 maidir le formáid aonfhoirmeach le haghaidh foirmeacha chun an víosa a ghreamú arna heisiúint ag na Ballstáit chuig daoine a bhfuil doiciméid taistil ina seilbh nach n-aithníonn an Ballstát atá ag tarraingt suas an fhoirm (IO L 53, 23.2.2002, lch. 4).

(5)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(6)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(7)  Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).

(8)  Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).

(9)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(10)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(11)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(12)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(13)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(14)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(15)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).


IARSCRÍBHINN

Image

Téacs an íomhá