17.11.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2016/1952 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Deireadh Fómhair 2016

maidir le staidreamh Eorpach i ndáil le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/92/CE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is iad an t-iomaíochas, an inbhuanaitheacht agus slándáil fuinnimh na spriocanna uileghabhálacha atá ag teastáil le haghaidh aontas fuinnimh athléimneach a chuireann beartas réamhbhreathnaitheach um athrú aeráide i bhfeidhm.

(2)

Is gá na sonraí i dtaobh praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais a ghearrtar ar chustaiméirí deiridh a bheith ar ardcháilíocht, inchomparáide, cothrom le dáta, iontaofa agus comhchuibhithe chun beartas an aontais fuinnimh a dhréachtú agus chun faireachán a dhéanamh ar mhargaí fuinnimh na mBallstát.

(3)

Is é is aidhm don Rialachán seo foráil a dhéanamh maidir le creat coiteann do staidreamh Eorpach chun tacú le beartais fuinnimh, go háirithe ar mhaithe le margadh fuinnimh a bheidh lánpháirtithe ina iomláine a chruthú do chustaiméirí. Ba cheart níos mó trédhearcachta i dtaobh costais agus praghsanna fuinnimh, agus i dtaobh leibhéal na tacaíochta poiblí, a chur ar fáil chun lánpháirtiú an mhargaidh a fheabhsú. Sa Rialachán seo, níl aon chomhchuibhiú ar struchtúr na bpraghsanna nó na muirear ar fud na mBallstát i gceist.

(4)

Go dtí seo, bhí creat coiteann ann faoi Threoir 2008/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) chun staidreamh inchomparáide i ndáil le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais a ghearrtar ar chustaiméirí tionsclaíocha san Aontas a tháirgeadh, a tharchur agus a scaipeadh.

(5)

Go dtí seo, bailíodh na sonraí i dtaobh praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais a ghearrtar ar chustaiméirí deiridh san earnáil teaghlaigh ar bhonn comhaontú deonach.

(6)

I ngeall ar chastacht an mhargaidh fuinnimh inmheánaigh, castacht atá ag dul i méid, tá sé ag éirí níos deacra sonraí iontaofa agus cothrom le dáta i dtaobh praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais a fháil in éagmais oibleagáidí atá ceangailteach ó thaobh dlí a bheith i bhfeidhm chun sonraí den sórt sin a sholáthar, go háirithe i dtaobh na hearnála teaghlaigh.

(7)

Chun tuairisciú sonraí ardcháilíochta i dtaobh praghsanna a áirithiú don earnáil teaghlaigh agus don earnáil neamhtheaghlaigh, ba cheart bailiú an dá chineál sonraí sin a chumhdach faoi ghníomh reachtach.

(8)

I bhformhór na mBallstát, tá sonraí i dtaobh córais tarchuir ar fáil ó rialtóirí fuinnimh. Mar sin féin, tá líon i bhfad níos mó tiomsaitheoirí sonraí páirteach i gcostais dáileacháin agus meastar go bhfuil an tuairisciú sonraí níos deacra i mBallstáit áirithe. I bhfianaise a shuntasaí agus atá costais dáileacháin agus an gá atá le trédhearcacht sa chás seo, le bailiú sonraí i dtaobh praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais, ba cheart na cleachtais sheanbhunaithe laistigh den Chóras Staidrimh Eorpach a leanúint.

(9)

Ba cheart an margadh a bheith trédhearcach agus sonraí neamhrúnda i dtaobh praghsanna a bheith á scaipeadh go forleathan de bharr an chórais um bandaí tomhaltais atá in úsáid ag an gCoimisiún (Eurostat) ina bhfoilseacháin maidir le praghsanna, agus ba cheart bheith in ann comhiomláin Eorpacha a ríomh ar an gcaoi sin freisin.

(10)

Is é Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) an creat tagartha maidir le staidreamh Eorpach. Foráiltear leis an Rialachán sin go ndéanfar staidreamh a bhailiú i gcomhréir le prionsabail na neamhchlaontachta, na trédhearcachta, na hiontaofachta, na hoibiachtúlachta, an neamhspleáchais ghairmiúil agus na héifeachtúlachta costais, agus go ndéanfar rúndacht an staidrimh a chosaint ag an am céanna.

(11)

Ba cheart do na Ballstáit na sonraí i dtaobh praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais a thiomsú trí úsáid a bhaint as na foinsí agus na modhanna is iomchuí chun an fhaisnéis is gá a sholáthar.

(12)

Leis na sonraí i dtaobh praghsanna a ghearrtar ar chustaiméirí deiridh gáis nádúrtha agus leictreachais, ba cheart bheith in ann comparáidí a dhéanamh le praghsanna tráchtearraí fuinnimh eile.

(13)

Ba cheart faisnéis faoi bhailiú sonraí i dtaobh praghsanna agus faoi cháilíocht na sonraí a chur ar fáil mar chuid de nós imeachta tuairiscithe caighdeánach.

(14)

Is cuid riachtanach de staidreamh i ndáil le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais iad sonraí mionsonraithe i dtaobh miondealú bandaí tomhaltais agus a sciaranna faoi seach den mhargadh.

(15)

Ní féidir anailís a dhéanamh ar phraghsanna ach amháin má tá staidreamh oifigiúil ar ardcháilíocht ar fáil ó na Ballstáit i dtaca leis na comhpháirteanna agus na fo-chomhpháirteanna éagsúla de phraghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais. Beifear in ann anailís a dhéanamh ar thionchar na ngnéithe éagsúla ar na praghsanna deiridh a bhuíochas le modheolaíocht athbhreithnithe lena ndéantar miondealú mionsonraithe ar chomhpháirteanna agus fo-chomhpháirteanna éagsúla praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais a ghearrtar ar chustaiméirí deiridh.

(16)

Sna sonraí a chuirtear ar fáil don Choimisiún (Eurostat) i dtaobh praghsanna agus coinníollacha díola le custaiméirí deiridh, agus sa mhiondealú a dhéantar ar an líon custaiméirí deiridh de réir tomhaltais i ngach banda tomhaltais, ba cheart an fhaisnéis go léir a bheith iontu chun a chur ar chumas an Choimisiúin bearta nó tograí iomchuí a chinneadh i dtaca le beartas fuinnimh.

(17)

Is gá tuiscint mhaith ar na cánacha, ar na táillí, ar na tobhaigh agus ar na muirir i ngach Ballstát chun trédhearcacht praghsanna a áirithiú. Táthar tar éis a shainaithint a thábhachtaí atá sé sonraí a mhiondealú de réir costais ghréasáin, cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir.

(18)

Ba cheart na Ballstáit ina bhfuil tomhaltas gáis nádúrtha ina chion íseal de thomhaltas fuinnimh deiridh na dteaghlach a dhíolmhú ón oibleagáid sonraí i dtaobh praghsanna gáis nádúrtha do chustaiméirí teaghlaigh deiridh a sholáthar.

(19)

Chun iontaofacht sonraí a fheabhsú, ba cheart don Choimisiún (Eurostat), in éineacht leis na Ballstáit, measúnú a dhéanamh agus, más gá sin, feabhas a chur ar an modheolaíocht chun sonraí a bhailiú agus a phróiseáil ar bhealach beacht, agus é a thabhairt i gcomhréir leis an gcreat rialachais maidir le staidreamh. Ba cheart, dá bhrí sin, tuarascálacha cáilíochta a ullmhú go rialta agus measúnuithe ar cháilíocht na sonraí i dtaobh praghsanna a dhéanamh go rialta.

(20)

Ar bhonn iarraidh réasúnaithe ó Bhallstát, ba cheart an Coimisiún bheith i dteideal maoluithe a dheonú don Bhallstát sin i ndáil le hoibleagáidí sonracha i gcás ina dteastódh coigeartuithe móra ar chóras staidrimh náisiúnta an Bhallstáit sin chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm nó nuair is dócha go mbeadh ualach suntasach breise ar fhreagróirí dá bhrí sin.

(21)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis an bhformáid agus na socruithe i dtaca leis na sonraí a tharchur, i ndáil leis na ceanglais theicniúla um dhearbhú cáilíochta maidir le hinneachar na dtuarascálacha cáilíochta caighdeánacha, agus i ndáil le maoluithe a dheonú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(22)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon creat coiteann dlí a bhunú chun staidreamh Eorpach maidir le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais a thiomsú go córasach, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(23)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2008/92/CE a aisghairm.

(24)

Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo creat coiteann chun staidreamh inchomparáide Eorpach i ndáil le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais do chustaiméirí teaghlaigh agus do chustaiméirí neamhtheaghlaigh deiridh san Aontas a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

tá an bhrí chéanna le “uath-tháirgeoirí”, “tomhaltas deiridh fuinnimh” agus “teaghlach” agus an bhrí a shanntar do na téarmaí sin in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5);

(2)

tá an bhrí chéanna le “tarchur”, “dáileadh”, “custaiméir”, “custaiméir deiridh”, “custaiméir teaghlaigh”, “custaiméir neamhtheaghlaigh” agus “soláthar” agus an bhrí a shanntar do na téarmaí sin in Airteagal 2 de Threoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), nuair a úsáidtear i gcomhthéacs an leictreachais iad;

(3)

tá an bhrí chéanna le “tarchur”, “dáileadh”, “soláthar”, “custaiméir”, “custaiméir teaghlaigh”, “custaiméir neamhtheaghlaigh” agus “custaiméir deiridh” agus an bhrí a shanntar do na téarmaí sin in Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), nuair a úsáidtear i gcomhthéacs an gháis nádúrtha iad;

(4)

ciallaíonn “comhpháirt an ghréasáin” costais an ghréasáin tarchuir agus costais an ghréasáin dáileacháin arna gcomhcheangal, mar a leagtar amach i bpointe 6 d’Iarscríbhinn I agus i bpointe 5 d’Iarscríbhinn II.

Airteagal 3

Foinsí sonraí

Tiomsóidh na Ballstáit sonraí i dtaobh praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais, agus a gcomhpháirteanna agus a bhfo-chomhpháirteanna a bhaineann le costais gréasáin, cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir, agus i dtaobh méideanna tomhaltais, i gcomhréir le hIarscríbhinn I agus le hIarscríbhinn II. Úsáidfear ceann amháin nó níos mó de na foinsí seo a leanas, tar éis an prionsabal maidir leis an ualach ar fhreagróirí a laghdú agus prionsabal an tsimplithe riaracháin a chur san áireamh:

(a)

suirbhéanna staidrimh;

(b)

foinsí riaracháin;

(c)

foinsí eile a chuireann i bhfeidhm modhanna meastacháin staidrimh.

Airteagal 4

Cumhdach

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar leis an mbailiú sonraí agus leis an tiomsú sonraí, i gcomhréir le hIarscríbhinn I agus le hIarscríbhinn II, sonraí intuigthe agus inchomparáide ar ardcháilíocht atá ionadaíoch ar a bpraghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais agus ar a dtomhaltas gáis nádúrtha agus leictreachais faoi seach.

2.   Ní bheidh d’oibleagáid ar na Ballstáit sonraí i dtaobh praghsanna gáis nádúrtha le haghaidh custaiméirí teaghlaigh a tharchur má tá tomhaltas gáis nádúrtha san earnáil teaghlaigh níos lú ná 1,5 % den tomhaltas deiridh náisiúnta fuinnimh san earnáil teaghlaigh.

3.   Gach trí bliana ar a laghad, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) athbhreithniú ar cé acu na Ballstáit nach bhfuil d’oibleagáid orthu sonraí a tharchur de bhun mhír 2.

Airteagal 5

Sonraí a tharchur

1.   Soláthróidh na Ballstáit na sonraí mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II don Choimisiún (Eurostat).

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar an fhormáid agus na socruithe chun na sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a tharchur. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

3.   Soláthróidh na Ballstáit staidreamh don Choimisiún (Eurostat) laistigh de thrí mhí ó dheireadh na tréimhse tagartha ábhartha.

Airteagal 6

Tréimhsí tagartha agus minicíocht tarchuir

1.   Maidir leis na tréimhsí tagartha do na sonraí a shonraítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II, beidh siad bliantúil (Eanáir go Nollaig) nó leathbhliantúil (Eanáir go Meitheamh agus Iúil go Nollaig). Tosóidh na chéad tréimhsí tagartha in 2017.

2.   Beidh minicíocht an tarchuir mar a leanas:

(a)

bliantúil (don tréimhse ó Eanáir go Nollaig) i gcás na sonraí dá dtagraítear i bpointe 6(a) agus i bpointe 7 d’Iarscríbhinn I agus i bpointe 5(a) agus i bpointe 6 d’Iarscríbhinn II;

(b)

leathbhliantúil (do na tréimhsí ó Eanáir go Meitheamh agus ó Iúil go Nollaig) i gcás na sonraí dá dtagraítear i bpointe 6(b) d’Iarscríbhinn I agus i bpointe 5(b) d’Iarscríbhinn II.

Airteagal 7

Dearbhú cáilíochta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit cáilíocht na sonraí a sholáthraítear i gcomhréir leis an Rialachán seo. Chun na críche sin, tá feidhm ag na critéir cháilíochta chaighdeánacha a leagtar síos in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

2.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas, gan mhoill, faoi aon athruithe sa mhodheolaíocht nó faoi aon athruithe eile a d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar staidreamh i ndáil le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais, agus in aon chás tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an t-athrú sin a dhéanamh.

3.   Gach trí bliana, soláthróidh na Ballstáit tuarascáil cháilíochta chaighdeánach don Choimisiún (Eurostat) faoi na sonraí i gcomhréir leis na critéir cháilíochta a leagtar síos in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Áireofar sna tuarascálacha sin faisnéis faoi raon agus bailiú na sonraí, na critéir ríomha, an mhodheolaíocht agus na foinsí sonraí a úsáideadh, agus aon athruithe ar an méid sin.

4.   Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú ar cháilíocht na sonraí a sholáthraítear, agus úsáidfidh sé an measúnú sin agus anailís ar na tuarascálacha cáilíochta dá dtagraítear i mír 3 chun tuarascáil maidir le cáilíocht an staidrimh Eorpaigh a chumhdaítear leis an Rialachán seo a ullmhú agus a fhoilsiú.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar na ceanglais um dhearbhú cáilíochta teicniúil maidir le hinneachar na dtuarascálacha cáilíochta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

Airteagal 8

Scaipeadh

Scaipfidh an Coimisiún (Eurostat) staidreamh i ndáil le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais tráth nach déanaí ná cúig mhí tar éis dheireadh gach tréimhse tagartha.

Airteagal 9

Maoluithe

1.   Féadfaidh an Coimisiún maoluithe a dheonú, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, maidir le hoibleagáidí sonracha ar gá móroiriúnaithe a dhéanamh ina leith de bharr chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar chóras náisiúnta staidrimh náisiúnta de chuid Ballstáit nó inar dóigh go mbeadh ualach suntasach breise ar fhreagróirí mar thoradh air sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

2.   Chun críocha mhír 1, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh chuí-réasúnaithe faoi bhráid an Choimisiúin faoin 8 Lúnasa 2017.

3.   Beidh maoluithe a thugtar de bhun mhír 1 i bhfeidhm ar feadh na tréimhse is giorra is féidir agus in aon chás ar feadh tréimhse nach faide ná trí bliana.

4.   Ballstát ar tugadh maolú dó de bhun mhír 1, cuirfidh sé forálacha ábhartha Threoir 2008/92/CE i bhfeidhm ar feadh ré an mhaolaithe.

Airteagal 10

An nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 11

Treoir 2008/92/CE a aisghairm

1.   Déantar Treoir 2008/92/CE a aisghairm le héifeacht ón 1 Márta 2017.

2.   D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, leanfaidh Treoir 2008/92/CE d’fheidhm a bheith aici faoi na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 9 den Rialachán seo.

3.   Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 26 Deireadh Fómhair 2016.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

I. LESAY


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2016.

(2)  Treoir 2008/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le nós imeachta Comhphobail chun trédhearcacht praghsanna gáis agus leictreachais a ghearrtar ar úsáideoirí deiridh tionsclaíocha a fheabhsú (IO L 298, 7.11.2008, lch. 9).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí chur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le staidreamh i dtaca le fuinneamh (IO L 304, 14.11.2008, lch.1).

(6)  Treoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/54/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 55).

(7)  Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94).


IARSCRÍBHINN I

PRAGHSANNA GÁIS NÁDÚRTHA

Leagtar amach san Iarscríbhinn seo an mhodheolaíocht chun sonraí staidrimh i dtaobh praghsanna gáis nádúrtha do chustaiméirí teaghlaigh agus do chustaiméirí neamhtheaghlaigh deiridh a bhailiú agus a thiomsú.

1.   Praghsanna

Is é a bheidh sna praghsanna iad sin a ghearrtar ar chustaiméirí teaghlaigh agus ar chustaiméirí neamhtheaghlaigh deiridh a cheannaíonn gás nádúrtha chun a n-úsáide féin, ar gás é a scaiptear trí na príomhghréasáin.

2.   Gás nádúrtha

Áireofar i ngás nádúrtha gás nádúrtha agus breoslaí gásacha eile, amhail bithghás, a mheasctar le gás nádúrtha sa ghréasán tarchuir agus dáileacháin. Eisiafar breoslaí gásacha eile a scaiptear trí ghréasáin atá tiomnaithe dó sin gan iad a mheascadh le gás nádúrtha (e.g. gás oibreacha gáis, gás soirn cóic, gás foirnéis soinneáin agus bithghás).

3.   Aonaid tuairiscithe

Áireofar sna sonraí gach uile chustaiméir teaghlaigh agus chustaiméir neamhtheaghlaigh deiridh a úsáideann gás nádúrtha, ach eisiafar custaiméirí nach n-úsáideann gás nádúrtha ach chun na gcríoch seo a leanas:

giniúint leictreachais i stáisiúin chumhachta nó i stáisiúin chumhachta agus teasa in éineacht (CTÉ); nó

chun críoch neamhfhuinnimh (e.g. lena úsáid i dtionscal na gceimiceán).

4.   Aonaid tomhais

Is é a bheidh sna praghsanna na meánphraghsanna náisiúnta a ghearrtar ar chustaiméirí teaghlaigh agus ar chustaimeirí neamhtheaghlaigh deiridh.

Sloinnfear praghsanna san airgeadra náisiúnta in aghaidh an ghigigiúil (GJ). Tomhaisfear an t-aonad fuinnimh atá le húsáid ar bhonn an oll-luacha chalraigh (GCV).

Déanfar praghsanna a ualú de réir an sciar den mhargadh atá ag gnóthais soláthair gáis nádúrtha i ngach banda tomhaltais. Mura bhfuil sé indéanta na meánphraghsanna ualaithe a ríomh, is féidir meánphraghsanna uimhríochtúla a sholáthar. I gceachtar cás, déanfar sciar ionadaíoch den mhargadh náisiúnta a chumhdach sna sonraí.

5.   Bandaí tomhaltais

Bunófar praghsanna ar chóras de bhandaí tomhaltais de ghás nádúrtha bliantúil caighdeánach.

(a)

I gcás custaiméirí teaghlaigh, cuirfear na bandaí seo a leanas i bhfeidhm:

Banda tomhaltais

Tomhaltas bliantúil gáis nádúrtha (GJ)

 

Íosmhéid

Uasmhéid

Banda D1

 

< 20

Banda D2

≥ 20

< 200

Banda D3

≥ 200

 

(b)

I gcás custaiméirí neamhtheaghlaigh deiridh, cuirfear na bandaí seo a leanas i bhfeidhm:

Banda tomhaltais

Tomhaltas bliantúil gáis nádúrtha (GJ)

 

Íosmhéid

Uasmhéid

Banda I1

 

< 1 000

Banda I2

≥ 1 000

< 10 000

Banda I3

≥ 10 000

< 100 000

Banda I4

≥ 100 000

< 1 000 000

Banda I5

≥ 1 000 000

< 4 000 000

Banda I6

≥ 4 000 000

 

6.   Leibhéal an mhionsonraithe

Áireofar sna praghsanna na muirir go léir a bheidh le híoc: muirir ghréasáin móide an fuinneamh a ídítear, lúide aon lacáistí nó préimheanna, móide aon mhuirir eile (e.g. cíosanna le haghaidh méadar, muirir sheasta). Eisiafar muirir ceangail tosaigh.

Tarchuirfear sonraí mionsonraithe mar a shonraítear thíos.

(a)   Leibhéal an mhionsonraithe is gá do chomhpháirteanna agus fo-chomhpháirteanna

Déanfar na praghsanna a fhoroinnt i dtrí phríomh-chomhpháirt agus i bhfo-chomhpháirteanna ar leithligh.

Is é an praghas don chustaiméir deiridh le haghaidh gás nádúrtha, de réir an bhanda tomhaltais, suim na dtrí phríomh-chomhpháirt: comhpháirt an fhuinnimh agus an tsoláthair, comhpháirt an ghréasáin (tarchur agus dáileadh) agus an chomhpháirt ina bhfuil cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir.

Comhpháirt agus Fo-chomhpháirt

Tuairisc

Fuinneamh agus soláthar

Áireofar sa chomhpháirt seo an praghas tráchtearraí a íocann an soláthróir ar ghás nádúrtha nó praghas gáis nádúrtha ag an bpointe a thagann sé isteach sa chóras tarchuir, lena n-áirítear, más infheidhme, na costais seo a leanas a bhaineann leis an úsáideoir deiridh: costais stórais móide costais a bhaineann le gás nádúrtha a dhíol le custaiméirí deiridh.

Gréasán

Áireofar sa phraghas gréasáin na costais seo a leanas a bhaineann leis an úsáideoir deiridh: taraifí tarchuir agus dáileacháin, caillteanais tarchuir agus dáileacháin, costais gréasán, costais seirbhíse iardhíola, costais seirbhíse córas agus costais cíosa le haghaidh méadar agus méadrú.

Fo-chomhpháirt

Déanfar comhpháirt an ghréasáin a fhoroinnt i gcostais tarchuir agus costais an ghréasáin dáileacháin a bhaineann leis an úsáideoir deiridh, mar a leanas:

1.

Meánsciar coibhneasta na gcostas tarchuir do chustaiméirí teaghlaigh deiridh agus meánsciar coibhneasta na gcostas tarchuir do chustaiméirí neamhtheaghlaigh deiridh, arna sloinneadh mar chéatadán de na costais iomlána gréasáin.

2.

Meánsciar coibhneasta na gcostas dáileacháin do chustaiméirí teaghlaigh agus meánsciar coibhneasta na gcostas tarchuir do chustaiméirí neamhtheaghlaigh, arna sloinneadh mar chéatadán de na costais iomlána gréasáin.

Cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir

Is ionann an chomhpháirt seo agus suim na bhfo-chomhpháirteanna uile (cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir) atá liostaithe thíos.

Fo-chomhpháirt

Déanfar na fo-chomhpháirteanna seo a leanas a tharchur mar ítimí aonair i gcás gach banda tomhaltais atá sainithe i bpointe 5.

1.

Cáin bhreisluacha faoi mar a shainmhínítear í i dTreoir 2006/112/CE ón gComhairle (1);

2.

Cánacha, táillí, tobhaigh nó muirir a bhaineann le foinsí in-athnuaite fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh agus giniúint CTÉ a chur chun cinn.

 

3.

Cánacha, táillí, tobhaigh nó muirir a bhaineann le stoc-chairn straitéiseacha, íocaíochtaí acmhainne agus slándáil fuinnimh; cánacha ar dháileadh gáis nádúrtha; costais tréigthe agus tobhaigh chun údaráis rialála fuinnimh nó oibreoirí margaidh agus oibreoirí córas a mhaoiniú.

4.

Cánacha, táillí, tobhaigh nó muirir a bhaineann le cáilíocht aeir agus le críocha comhshaoil eile; cánacha ar astaíochtaí CO2 nó gáis cheaptha teasa eile.

5.

Na cánacha, táillí, tobhaigh nó muirir uile eile nach gcumhdaítear faoi aon cheann de na ceithre chatagóir a luadh roimhe seo: tacaíocht do théamh ceantair; táillí fioscacha áitiúla nó réigiúnacha; cúiteamh oileáin; táillí lamháltais a bhaineann le ceadúnais agus táillí i gcás gréasán nó gléasraí eile a chur isteach ar thalamh nó ar mhaoin phoiblí nó phríobháideach.

(b)   Leibhéal an mhionsonraithe ar bhonn cánachais

Déanfar praghsanna a mhiondealú sna trí leibhéal seo a leanas:

Leibhéal

Tuairisc

Praghsanna gan cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir a áireamh

Ar an leibhéal praghsanna seo, ní áireofar ach comhpháirt an fhuinnimh agus an tsoláthair agus comhpháirt an ghréasáin.

Praghsanna gan cáin bhreisluacha (CBL) agus cánacha eile in-aisghabhála a áireamh

Ar an leibhéal praghsanna seo, áireofar comhpháirt an fhuinnimh agus an tsoláthair, comhpháirt an ghréasáin agus na cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir a mheastar nach bhfuil in-aisghabhála i gcás custaiméirí deiridh neamhtheaghlaigh. I gcás custaiméirí teaghlaigh, ar an leibhéal praghsanna seo, áireofar comhpháirteanna an fhuinnimh agus an ghréasáin, agus cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir, ach eisiatar CBL.

Praghsanna agus gach cineál cánach san áireamh

Ar an leibhéal praghsanna seo, áireofar comhpháirt an fhuinnimh agus an tsoláthair, comhpháirt an ghréasáin, agus na cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir uile atá in-aisghabhála agus nach bhfuil in-aisghabhála, lena n-áirítear CBL.

7.   Méideanna tomhaltais

Déanfaidh na Ballstáit faisnéis a tharchur faoin sciar coibhneasta de ghás nádúrtha atá i ngach banda tomhaltais ar bhonn na méide iomláine dá dtagraíonn na praghsanna.

Déanfar na méideanna tomhaltais bliantúla do gach banda tomhaltais a tharchur uair amháin in aghaidh na bliana, i dteannta shonraí na bpraghsanna don dara seimeastar.

Ní bheidh na sonraí níos sine ná dhá bhliain.


(1)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN II

PRAGHSANNA LEICTREACHAIS

Leagtar amach san Iarscríbhinn seo an mhodheolaíocht chun sonraí staidrimh i dtaobh praghsanna leictreachais do chustaiméirí teaghlaigh agus do chustaiméirí neamhtheaghlaigh deiridh a bhailiú agus a thiomsú.

1.   Praghsanna

Is é a bheidh sna praghsanna iad sin a ghearrtar ar chustaiméirí teaghlaigh agus ar chustaiméirí neamhtheaghlaigh deiridh a cheannaíonn leictreachas chun a n-úsáide féin.

2.   Aonaid tuairiscithe

Áireofar sna sonraí gach uile chustaiméir teaghlaigh agus custaiméir neamhtheaghlaigh deiridh a úsáideann leictreachas, ach eisiafar leictreachas a ghineann agus a ídíonn uath-tháirgeoirí ina dhiaidh sin as an gceanglas tuairiscithe.

3.   Aonaid tomhais

Is é a bheidh sna praghsanna na meánphraghsanna náisiúnta a ghearrtar ar chustaiméirí teaghlaigh agus ar chustaiméirí neamhtheaghlaigh deiridh.

Déanfar praghsanna a shloinneadh san airgeadra náisiúnta in aghaidh na cileavatuaire (kWh).

Déanfar praghsanna a ualú de réir an sciar den mhargadh atá ag ghnóthais soláthair leictreachais i ngach banda tomhaltais. Mura bhfuil sé indéanta na meánphraghsanna ualaithe a ríomh, féadfar meánphraghsanna uimhríochtúla a sholáthar. I gceachtar cás, déanfar sciar ionadaíoch den mhargadh náisiúnta a chumhdach sna sonraí.

4.   Bandaí tomhaltais

Bunófar praghsanna ar chóras de bhandaí tomhaltais leictreachais bliantúil caighdeánach.

(a)

I gcás custaiméirí teaghlaigh, cuirfear na bandaí seo a leanas i bhfeidhm:

Banda tomhaltais

Tomhaltas bliantúil leictreachais (kWh)

Íosmhéid

Uasmhéid

Banda DA

 

< 1 000

Banda DB

≥ 1 000

< 2 500

Banda DC

≥ 2 500

< 5 000

Banda DD

≥ 5 000

< 15 000

Banda DE

≥ 15 000

 

(b)

I gcás custaiméirí deiridh neamhtheaghlaigh, cuirfear na bandaí seo a leanas i bhfeidhm:

Banda tomhaltais

Tomhaltas bliantúil leictreachais (MWh)

Íosmhéid

Uasmhéid

Banda IA

 

< 20

Banda IB

≥ 20

< 500

Banda IC

≥ 500

< 2 000

Banda ID

≥ 2 000

< 20 000

Banda IE

≥ 20 000

< 70 000

Banda IF

≥ 70 000

< 150 000

Banda IG

≥ 150 000

 

5.   Leibhéal an mhionsonraithe

Áireofar sna praghsanna na muirir go léir a bheidh le híoc: muirir ghréasáin móide an fuinneamh a ídítear, lúide aon lacáistí nó préimheanna, móide aon mhuirir eile (e.g. cíosanna le haghaidh méadar, muirir sheasta). Eisiafar táillí ceangail tosaigh.

Tarchuirfear sonraí mionsonraithe mar a shonraítear thíos.

(a)   Leibhéal an mhionsonraithe is gá do chomhpháirteanna agus fo-chomhpháirteanna

Déanfar na praghsanna a fhoroinnt i dtrí phríomh-chomhpháirt agus i bhfo-chomhpháirteanna ar leithligh.

Is é an praghas don chustaiméir deiridh le haghaidh leictreachais, de réir an bhanda tomhaltais, ná suim na dtrí phríomh-chomhpháirt: comhpháirt an fhuinnimh agus an tsoláthair, comhpháirt an ghréasáin (tarchur agus dáileadh) agus an chomhpháirt ina bhfuil cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir.

Comhpháirt agus

Fo-chomhpháirt

Tuairisc

Fuinneamh agus soláthar

Áireofar sa chomhpháirt seo na costais seo a leanas a bhaineann leis an úsáideoir deiridh: giniúint, comhiomlánú, fuinneamh cothromaithe, costais fuinnimh arna soláthar, seirbhísí custaiméara, bainistiú iardhíola agus costais soláthair eile.

Gréasán

Áireofar sa phraghas gréasáin na costais seo a leanas a bhaineann leis an úsáideoir deiridh: taraifí tarchuir agus dáileacháin, caillteanais tarchuir agus dáileacháin, costais gréasán, costais seirbhísí iardhíola, costais seirbhíse córas agus costais cíosa le haghaidh méadar agus méadrú.

Fo-chomhpháirt

Déanfar comhpháirt an ghréasáin a fhoroinnt i gcostais tarchuir agus costais an ghréasáin dáileacháin a bhaineann leis an úsáideoir deiridh, mar a leanas:

 

1.

Meánsciar coibhneasta na gcostas tarchuir do chustaiméirí teaghlaigh agus meánsciar coibhneasta na gcostas tarchuir do chustaiméirí neamhtheaghlaigh, arna sloinneadh mar chéatadán de na costais iomlána gréasáin.

2.

Meánsciar coibhneasta na gcostas dáileacháin do chustaiméirí teaghlaigh agus meánsciar coibhneasta na gcostas tarchuir do chustaiméirí neamhtheaghlaigh, arna sloinneadh mar chéatadán de na costais iomlána gréasáin.

Cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir

Is ionann an chomhpháirt seo agus suim na bhfo-chomhpháirteanna uile (cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir) atá liostaithe thíos.

Fo-chomhpháirt

Déanfar na fo-chomhpháirteanna seo a leanas a tharchur mar ítimí aonair i gcás gach banda tomhaltais atá sainithe i bpointe 4.

 

1.

Cáin bhreisluacha mar a shainmhínítear í i dTreoir 2006/112/CE.

2.

Cánacha, táillí, tobhaigh nó muirir a bhaineann le foinsí in-athnuaite fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh agus giniúint CTÉ a chur chun cinn.

3.

Cánacha, táillí, tobhaigh nó muirir a bhaineann le híocaíochtaí acmhainne, slándáil fuinnimh agus leordhóthanacht giniúna; cánacha ar athstruchtúrú thionscal an ghuail; cánacha ar dháileadh leictreachais; costais tréigthe agus tobhaigh chun údaráis rialála fuinnimh nó oibreoirí margaidh agus oibreoirí córas a mhaoiniú.

4.

Cánacha, táillí, tobhaigh nó muirir a bhaineann le cáilíocht aeir agus le críocha comhshaoil eile; cánacha ar astaíochtaí CO2 nó gáis cheaptha teasa eile.

5.

Cánacha, táillí, tobhaigh nó muirir a bhaineann leis an earnáil núicléach, lena n-áirítear díchoimisiúnú núicléach, cigireachtaí agus táillí ar shuiteálacha núicléacha.

6.

Na cánacha, táillí, tobhaigh nó muirir uile eile nach gcumhdaítear faoi aon cheann de na cúig chatagóir a luadh roimhe seo: tacaíocht do théamh ceantair; táillí fioscacha áitiúla nó réigiúnacha; cúiteamh oileáin; táillí lamháltais a bhaineann le ceadúnais agus táillí i gcás gréasán nó gléasraí eile a chur isteach ar thalamh nó ar mhaoin phoiblí nó phríobháideach.

(b)   Leibhéal an mhionsonraithe ar bhonn cánachais

Déanfar praghsanna a mhiondealú sna trí leibhéal seo a leanas:

Leibhéal

Tuairisc

Praghsanna gan cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir a áireamh

Ar an leibhéal praghsanna seo, ní áireofar ach comhpháirt an fhuinnimh agus an tsoláthair agus comhpháirt an ghréasáin.

Praghsanna gan cáin bhreisluacha (CBL) agus cánacha eile in-aisghabhála a áireamh

Ar an leibhéal praghsanna seo, áireofar comhpháirt an fhuinnimh agus an tsoláthair, comhpháirt an ghréasáin agus na cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir a mheastar nach bhfuil in-aisghabhála i gcás custaiméirí deiridh neamhtheaghlaigh. I gcás custaiméirí teaghlaigh, ar an leibhéal praghsanna seo, áireofar comhpháirteanna an fhuinnimh agus an ghréasáin, agus na cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir san áireamh, ach eisiatar CBL.

Praghsanna agus gach cineál cánach san áireamh

Ar an leibhéal praghsanna seo, áireofar comhpháirt an fhuinnimh agus an tsoláthair, comhpháirt an ghréasáin, agus na cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir uile atá in-aisghabhála agus nach bhfuil in-aisghabhála, lena n-áirítear CBL.

6.   Méideanna tomhaltais

Déanfaidh na Ballstáit faisnéis a tharchur faoin sciar coibhneasta de leictreachas atá i ngach banda tomhaltais ar bhonn na méide iomláine dá dtagraíonn na praghsanna.

Déanfar na méideanna tomhaltais bliantúla do gach banda tomhaltais a tharchur uair amháin in aghaidh na bliana, i dteannta shonraí na bpraghsanna don dara seimeastar.

Ní bheidh na sonraí níos sine ná dhá bhliain.