13.5.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 124/1


RÁITEAS Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOIMISIÚN AR THRÁTH GLACTHA AN CHOMHAONTAITHE IDIRINSTITIÚIDIGH MAIDIR LE REACHTÓIREACHT NÍOS FEARR AN 13 AIBREÁN 2016

Measann Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún gur léiriú é an Comhaontú (1) seo ar an gcothromaíocht idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún mar a leagtar amach sna Conarthaí í agus gur léiriú é freisin ar inniúlachtaí faoi seach na n-institiúidí sin.

Tá sé gan dochar do Chreat-Chomhaontú an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach (2).


(1)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(2)  IO L 304, 20.11.2010, lch. 47.